This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52013PC0525
Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL amending Regulation (EU) No 99/2013 on the European statistical programme 2013-17
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 99/2013 maidir leis an gClár Staidrimh Eorpach 2013-17
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 99/2013 maidir leis an gClár Staidrimh Eorpach 2013-17
/* COM/2013/0525 final - 2013/0249 (COD) */
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 99/2013 maidir leis an gClár Staidrimh Eorpach 2013-17 /* COM/2013/0525 final - 2013/0249 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA Tá staidreamh iontaofa inchomparáide maidir le
dálaí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil san AE, agus na comhpháirteanna
difriúla ar an leibhéal naisiúnta agus réigiúnach, de dhíth le beartais an AE a
chur chun feidhme. Lena chois sin, tá staidreamh Eorpach riachtanach lena
áirithiú go dtuigfidh an pobal i gcoitinne an Eoraip agus le go bhféadfaidh
saoránaigh a bheith rannpháirteach sa phróiseas daonlathach agus sa phlé faoin
AE mar atá agus mar a bheidh. I bhfianaise an méid sin, glacadh Rialachán
(AE) Uimh. 99/2013 maidir leis an gclár staidrimh Eorpach 2013-2017 an 15
Eanáir 2013, chun creat foriomlán a sholáthar d’fhorbairt, do tháirgeadh agus
do scaipeadh staidrimh Eorpaigh thar an tréimhse ó 2013 go dtí 2017. Sa togra ón gCoimisiún le haghaidh an
Rialacháin seo, bhí clúdach airgeadais EUR 299.2 milliún ar fáil do chúig
bliana an chláir, clúdach nár cheistigh an Chomhairle ná Parlaimint na hEorpa i
rith an ghnáthnós imeachta reachtaigh. Ina rún maidir leis an gCreat Airgeadais
Ilbhliantúil (CAI) agus acmhainní dílse an 13 Meitheamh 2012, áfach, leag
Parlaimint na hEorpa béim ar go gcuirfí na caibidlíochtaí ar na tograí
reachtacha a bhaineann leis na cláir ilbhliantúla i gcrích a luaithe agus a
thiocfaí ar chomhaontú maidir lena gclúdaigh airgeadais. Sin an chúis nach socraíonn Rialachán (AE)
Uimh. 99/2013 ach an clúdach airgeadais don bhliain 2013, arna chumhdach
ag an gclárthréimhse 2007-2013, agus iarrtar ar an gCoimisiún ann togra
reachtach a dhéanamh a thabharfaidh isteach an leithdháileadh airgeadais don
tréimhse 2014-2017 chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle trí mhí
ar a dhéanaí tar éis an CAI a ghlacadh do na blianta 2014-2020. 2. TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LE PÁIRTITHE
LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR Chuathas i gcomhairle le páirtithe leasmhara
agus rinneadh measúnú tionchair don togra le haghaidh Rialacháin maidir leis an
gClár Staidrimh Eorpach 2013-17, COM(2011) 928 final an 21.12.2011, a
chuimsigh an buiséad le haghaidh 2014-2017. Dá bhrí sin, meastar nach bhfuil gá le
comhairliúchán ná measúnú breise. 3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA Tá foráil sa togra maidir leis an gclúdach
airgeadais don cheithre bliana den chlár staidrimh Eorpach 2013-2017 atá
cumhdaithe ag an gclárthréimhse 2014-2020 (CAI). Chuige sin, tá sé beartaithe
Airteagal 7 maidir le maoiniú a leasú. Níl aon athrú ar fhorálacha eile an Rialacháin
lena mbunaítear an clár staidrimh Eorpach 2013-2017, go háirithe na cuspóirí
agus an iarscríbhinn ina sainítear aschuir staidrimh don chúig bliana a
chumhdaítear. 4. IMPLEACHT BHUISÉADACH Toisc go bhfuil na cuspóirí sonracha agus
aschuir staidrimh don tréimhse cúig bliana socraithe sa Rialachán, is é
EUR 234.8 milliún méid an bhuiséid atá beartaithe don tréimhse ó 2014 go
2017, arna gcumhdach ag an gclárthréimhse 2014-2020. 5. EILIMINTÍ ROGHNACHA An Limistéar Eorpach Eacnamaíoch Baineann an Rialachán atá beartaithe le hábhar
de chuid LEE agus, dá bhrí sin, ba cheart go gcuimseodh sé an Limistéar Eorpach
Eacnamaíoch. 2013/0249 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 99/2013
maidir leis an gClár Staidrimh Eorpach 2013-17 (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE agus
leis an Eilvéis) TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 338(1) de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur
chuig na parlaimintí náisiúnta, Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an
ngnáthnós imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1) I Rialachán (AE)
Uimh. 99/2013 maidir leis an gclár staidrimh Eorpach 2013-2017[1], cuirtear creat ar fáil agus
sainítear na cuspóirí agus na haschuir d’fhorbairt, do tháirgeadh agus do
scaipeadh staidrimh Eorpaigh thar an tréimhse ó 2013 go dtí 2017. (2) Ní shocraítear an clúdach
airgeadais ach don bhliain 2013 i Rialachán (AE) Uimh. 99/2013, arna
chumhdach ag an gclárthréimhse 2007 go 2013, agus iarrtar ar an gCoimisiún
togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina
dtabharfar isteach an leithdháileadh airgeadais don tréimhse 2014 go 2017 tráth
nach déanaí ná trí mhí tar éis an creat airgeadais ilbhliantúil a ghlacadh don
tréimhse 2014-2020. (3) Glacadh Rialachán (AE)
Uimh. …/… ón gComhairle lena leagtar síos an creat airgeadais
ilbhliantúil don chlárthréimhse 2014 go 2020 an … (4) Ba cheart, dá bhrí sin,
Rialachán (AE) Uimh. 99/2013 a leasú dá réir, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: Airteagal 1 Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 99/2013
mar seo a leanas Cuirtear an méid seo a leanas in ionad
Airteagal 7: "Airteagal
7 Maoiniú (1) Socraítear clúdach airgeadais an Aontais
chun an clár seo a chur chun feidhme do 2013 ag EUR 57.3 milliún a
chumhdaítear leis an gclárthréimhse 2007 go 2013. Socraítear clúdach airgeadais
an Aontais chun an clár seo a chur chun feidhme do 2014 go 2017 ag EUR 234.8
milliún a chumhdaítear leis an gclárthréimhse 2014 go 2020. (2) Cuirfidh an Coimisiún tacaíocht airgeadais
an Aontais chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais. (3) Glacfaidh an Coimisiún a chinneadh maidir
leis na leithreasuithe bliantúla i gcomhlíonadh shainchumais an údaráis
bhuiséadaigh." Airteagal 2 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá
tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh an Rialachán seo ina cheangal
go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH 1. LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 1.1. Teideal an togra/tionscnaimh 1.2. Réimsí
beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB 1.3. An
cineál togra/tionscnaimh 1.4. Cuspóirí
1.5. Foras
an togra/tionscnaimh 1.6. Fad
agus tionchar airgeadais 1.7. Modhanna
bainistíochta atá beartaithe 2. BEARTA BAINISTÍOCHTA 2.1. Rialacha
faireacháin agus tuairiscithe 2.2. Córas
bainistíochta agus rialaithe 2.3. Bearta
chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A
BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 3.1. Ceannteidil
an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear
tionchar 3.2. An
tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 3.2.1. Achoimre ar an
tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 3.2.2. An tionchar a
mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair
oibríochtaí 3.2.3. An tionchar a
mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál
riaracháin 3.2.4. Comhoiriúnacht don
chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 3.2.5. Ranníocaíochtaí ó
thríú páirtithe 3.3. An tionchar a mheastar a
bheidh ar ioncam RÁITEAS
AIRGEADAIS REACHTACH 1. LEAGAN AMACH AN
TOGRA/TIONSCNAIMH 1.1. Teideal an
togra/tionscnaimh Togra
le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena
leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 99/2013 maidir leis an gClár Staidrimh
Eorpach 2013-17 1.2. Réimsí beartais lena mbaineann
i gcreat ABM/ABB[2] Staidreamh
(3403 – Faisnéis staidrimh a tháirgeadh, 3480 –Tacaíocht riaracháin do
Eurostat, 3481 – Straitéis beartais agus comhordú Eurostat) 1.3. An cineál
togra/tionscnaimh ¨ Baineann an togra/tionscnamh le beart nua ¨ Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann
treoirthionscadal/réamhbheart[3] X Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar
bheart atá ann cheana ¨ Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo birt nua 1.4. Cuspóirí 1.4.1. Cuspóirí straitéiseacha
ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe Tá
an togra seo ag teacht le tosaíochtaí an Aontais Eorpaigh ó chuirfidh an
staidreamh a fhorbrófar, a tháirgfear agus a scaipfear faoin gclár seo le cur
chun feidhme bheartais tosaíochta an Aontais Eorpaigh, amhail straitéis
Eoraip 2020 maidir le 'fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach' agus
beartais eile a phléitear i dtosaíochtaí straitéiseacha an Choimisiúin don
tréimhse 2010-2014 (i.e. rialachas eacnamaíoch a neartófar agus a
chomhtháthófar, athrú aeráide, fás agus comhtháthú sóisialta, Eoraip an phobail
agus domhandú). 1.4.2. Cuspóir sonrach agus
gníomhaíocht ABM/ABB lena mbaineann Cuspóir sonrach Uimh. 1: Faisnéis
staidrimh a sholáthar go tráthúil chun tacú le forbairt, le faireachán agus le
meastóireacht ar bheartais an Aontais a léiríonn tosaíochtaí i gceart agus
cóimheá a choinneáil idir réimsí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil agus a
bheith ag fónamh ar riachtanais raon leathan úsáideoirí staidrimh Eorpaigh, lena
n-áirítear cinnteoirí eile, taighdeoirí eile, gnóthais eile agus saoránaigh
Eorpacha i gcoitinne, ar dhóigh chost-éifeachtach gan dúbailt iarrachta nach
gá. Gníomhaíocht ABM/ABB lena mbaineann: 3403-
Soláthar faisnéise staidrimh. Cuspóir sonrach Uimh. 2: An modh
táirgeachta nua a chur chun feidhme maidir le staidreamh Eorpach a dhíríonn ar
ghnóthachain éifeachtúlachta agus ar fheabhsúcháin cháilíochta. Gníomhaíochtaí AMB/ABB lena mbaineann 3403
— Faisnéis staidrimh a tháirgeadh, 3480 — tacaíocht riaracháin do Eurostat,
3481 — Straitéis beartais agus comhordú Eurostat) Cuspóir sonrach Uimh. 3: An
chomhpháirtíocht laistigh den chóras staidrimh Eorpach (CSE) agus in áiteanna
eile a neartú chun feabhas breise a chur ar a tháirgiúlacht agus ar a ról ar
thús cadhnaíochta ar fud an domhain maidir le staidreamh oifigiúil; Gníomhaíochtaí
AMB/ABB lena mbaineann 3481
— Straitéis beartais agus comhordú Eurostat Cuspóir sonrach Uimh. 4: Leanúnachas
sholáthar na staidreamh sin le linn ré an chláir a áirithiú, ar choinníoll nach
gcuirfidh sé isteach ar na sásraí CSE chun tosaíochtaí a leagan amach. Gníomhaíochtaí AMB/ABB lena mbaineann 3403-
Soláthar faisnéise staidrimh. 1.4.3. An toradh agus an tionchar
a bhfuil súil leis Sonraigh an tionchar a
bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe. Éifeachtaí ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle; dearfach toisc go bhfuil an Clár Staidrimh Eorpach (ClSE) ag luí leis
na Conarthaí, na peirspictíochtaí airgeadais agus tosaíochtaí polaitiúla an
Aontais Eorpaigh; léirítear sa CISE an gá le faisnéis staidrimh chun tacú le
beartais an AE; áirítear sa ClSE sásra chun socrú tosaíochtaí a fheabhsú agus
chun an t ualach freagartha ar fhiontair agus ar shaoránaigh a laghdú. Tá na
Ballstáit rannpháirteach in ullmhú an ClSE. Urramófar prionsabal na
coimhdeachta agus an ClSE á chur chun feidhme. Éifeachtaí ar Choláiste na gCoimisinéirí agus ar sheirbhísí an
Choimisiúin: dearfach toisc go bhfuil an ClSE ag luí
leis na Conarthaí agus na peirspictíochtaí airgeadais; léirítear sa CISE an gá
le faisnéis staidrimh chun tacú le beartais an AE, agus déanfar córas láidir
bainistíochta cáilíochta a chur chun feidhme mar chuid den ClSE. Beidh an ClSE
faoi réir meastóireachta éifeachtaí agus creata lena gcomhlíontar ABB do
dháileadh acmhainní. Éifeachtaí ar Institiúidí Staidrimh Náisiúnta (lena
n áirítear DGINS, Coiste CSE, Grúpa Comhpháirtíochta, Grúpa Stiúrthóirí) agus
táirgeoirí náisiúnta eile: dearfach toisc go n-áirítear sa CSE sásra chun socrú
tosaíochtaí a fheabhsú agus chun an t‑ualach freagartha ar fhiontair agus
ar shaoránaigh a laghdú. Tá straitéis chomhpháirteach an CSE maidir le cur chun
feidhme na Teachtaireachta léirithe inti. Tá na Ballstáit rannpháirteach in
ullmhú an ClSE. Urramófar prionsabal na coimhdeachta agus an ClSE á chur chun
feidhme. Éifeachtaí ar ESAC (Coiste Comhairleach um Staidreamh Eorpach), ar an
mBanc Ceannais Eorpach, ar an gCoiste um Staidreamh Airgeadaíochta, Airgeadais
agus Chomhardú na n-íocaíochtaí (CSAACÍ) agus ar úsáideoirí neamh-institiúideacha
eile: dearfach toisc go léirítear sa CISE an gá le
faisnéis staidrimh chun tacú le beartais an AE léirithe sa ClSE; dearbhófar do
na húsáideoirí go mbeidh an staidreamh oiriúnach don fheidhm atá leis (in am
agus de réir a riachtanas beartais agus a gceanglas). Éifeachtaí ar Eurostat: dearfach toisc go
léirítear sa ClSE an Teachtaireacht ar an modh táirgthe do staidreamh an AE;
déanfar córas láidir bainistíochta cáilíochta a chur chun feidhme mar chuid den
ClSE; tabharfaidh an ClSE creat cobhsaí do chlárú bliantúil agus dáileadh
acmhainní atá struchtúrtha, comhleanúnach agus radharc soiléir ar threo
fhorbairt Eurostat; beidh an ClSE faoi réir meastóireachta éifeachtaí. 1.4.4. Táscairí lena léirítear
toradh agus tionchar Sonraigh na táscairí
lena léirítear an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh. I
gcás na gcuspóirí uile arna liostú sa ClSE 2013-17, tá na príomhbhearta agus na
príomhtháscairí liostaithe. Tá cuspóirí an ClSE 2013-17 faoi réir pleanála níos
mionsonraithe sna Cláir Oibre Bliantúla agus déanfar faireachán ar na torthaí
ar feadh na clárthréímhse. Déanfar
faireachán ar an gcuspóir ginearálta a bheith mar phríomhsholáthróir staidrimh
ardcháilíochta ar an Eoraip trí bhíthin: -
Suirbhé Eurostat ar Shásamh na nÚsáideoirí, agus go háirithe an céatadán
úsáideoirí atá den tuairim go bhfuil cáilíocht fhoriomlán an staidrimh Eorpaigh
'an‑mhaith' nó 'go maith'. 1.5. Foras an togra/tionscnaimh
1.5.1. Na ceanglais is gá a
chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma Tá
bunú cláir staidrimh Eorpaigh ilbhliantúil bunaithe ar Airteagal 13(1) de
Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
maidir le staidreamh Eorpach[4],
Airteagal ina n ordaítear go gcaithfidh an clár staidrimh Eorpach an creat a
sholáthar d'fhorbairt, do tháirgeadh agus do scaipeadh staidrimh Eorpaigh, agus
beartófar na príomhréimsí agus príomhchuspóirí na ngníomhaíochtaí go ceann
tréimhse nach mó ná cúig bliana. Ba cheart dó tosaíochtaí a leagan síos maidir
le riachtanais faisnéise le haghaidh gníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh a chur
i gcrích. Is iad úsáideoirí agus táirgeoirí staidrimh Eorpaigh
spriocthairbhithe an togra, i.e. Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle,
Ard-Stiúrthóireachtaí an Choimisiúin, an Banc Ceannais Eorpach, na hInstitiúidí
Staidrimh Náisiúnta agus táirgeoirí náisiúnta eile staidrimh Eorpaigh, an ESAC,
an Coiste um Staidrimh Airgeadaíochta, Airgeadais agus Chomhardú na
nÍocaíochtaí (CSAACÍ) agus úsáideoirí neamh-institiúideacha eile, agus, gan
amhras, an pobal i gcoitinne. 1.5.2. Luach breise a bhaineann le
rannpháirteachas an AE: Bíonn
staidreamh ag teastáil de shíor ó lucht déanta beartais agus ó ghníomhaithe sa
mhargadh chun a gcinntí a dhéanamh agus chun faireachán agus meastóireacht a
dhéanamh ar a gcur chun feidhme. Le staidreamh tugtar bonneagar
fíor-riachtanach do dhaonlathais agus do gheilleagair nua-aimseartha chun
feidhmiú i gceart agus go héifeachtúil. Tá seirbhís faisnéise staidrimh
ardcháilíochta ag teastáil ón Aontas Eorpach chun a mhisean a chomhlíonadh. Ní
foláir don staidreamh Eorpach a bheith iontaofa, tráthúil agus beag beann ar
thionchar polaitiúil agus go soláthrófar é i bhfoirm atá áisiúil d'úsáideoirí.
Ina theannta sin, ní ceart don ullmhú ualach iomarcach a chur ar sholáthróirí
sonraí agus ní foláir tabhairt faoina mbailiú i gcomhréir le prionsabail na
coimhdeachta agus na comhréireachta. Mar
aon leis na húdaráis staidrimh náisiúnta agus na húdaráis náisiúnta eile atá
freagrach i ngach Ballstát as forbairt, táirgeadh agus scaipeadh staidrimh Eorpaigh,
chruthaigh Eurostat comhpháirtíocht ar a dtugtar an CSE. Áirítear tíortha LEE
sa chomhpháirtíocht seo freisin. Déanann na Ballstáit sonraí a bhailiú agus a
thiomsú chun críoch náisiúnta agus AE. Feidhmíonn
an CSE mar ghréasán inarb é ról Eurostat treoir a thabhairt maidir le
staidreamh a chomhchuibhiú i ndlúthchomhar leis na hinstitiúidí staidrimh
náisiúnta. Díríonn obair an CSE go príomha ar réimsí beartais AE — agus, le
fairsingiú bheartais an AE, tá an comhchuibhiú leathnaithe go dtí na réimsí staidrimh
uile beagnach. Tríd
an CSE éascaítear comhroinnt eolais agus 'dea-chleachtas' ar fud na mBallstát
agus forbairt teicneolaíochtaí nua, comhuirlisí agus líonraí comhoibríochta
d'fhonn leas a bhaint as sineirgíochtaí féideartha agus dúbláil a sheachaint,
ar an gcaoi sin ag ullmhú do chóras táirgthe nua-aimseartha a bhfuil sé de
chumas aige aghaidh a thabhairt ar dhúshláin sa todhchaí. Is
ar leibhéal an Aontais Eorpaigh is fearr is féidir iarrachtaí ar chomhchuibhiú,
ar chuíchóiriú agus ar rialáil a thionscnamh, áit inar féidir na tionscadail
sin a chur i gcrích le héifeachtúlacht bharrmhaith. 1.5.3. Ceachtanna a foghlaimíodh ó
thaithí eile dá leithéid san am a chuaigh thart Sriantacht
mhór a bhaineann leis an gClár Staidrimh Comhphobail 2008-2012[5] is ea go bhfuil an struchtúr
socraithe go ceann tréimhse cúig bliana agus go bhfuil na cuspóirí
mionsonraithe. Ó ghlacadh an chláir reatha i leith, tá roinnt forbairtí
tábhachtacha déanta. Athraíodh an creat bunúsach dlí maidir le táirgeadh
staidrimh Eorpaigh. Glacadh an Teachtaireacht ar an modh táirgthe staidreamh an
AE, arna leanúint le straitéis chomhpháirteach an CSE; tháinig Conradh Liospóin
i bhfeidhm; chuaigh Coimisiún Eorpach nua i seilbh oifige (amhail ó Eanáir 2010
go Nollaig 2014); lainseáladh roinnt tionscnamh nua (amhail Eoraip 2020) agus
treisíodh struchtúr rialachais an CSE. Níl aon cheann de na forbairtí sin
léirithe sa chlár reatha; tá codanna de as dáta anois agus tá bearna idir
gníomhaíochtaí pleanáilte agus gníomhaíochtaí iarbhír. Laghdaítear, dá bhrí
sin, ábharthacht an tuairiscithe ar chur chun feidhme an chláir mar nach
léirítear roinnt mhaith de na gníomhaíochtaí ábhartha sa chlár cé go bhfuil
orainn tuairisciú ar roinnt gníomhaíochtaí a luaitear ann ach nach ndéantar a
thuilleadh. Maidir
leis an bpróiseas lena n-ullmhaítear an clár staidrimh Eorpach, mhol Tascfhórsa
3 an Ghrúpa Comhpháirtíochta[6]
an clár ilbhliantúil pleanála do 2013‑2017. Moladh go neartófaí ról na
gcomhpháirtithe CSE (Coiste an CSE, DGINS, Grúpaí Stiúrthóirí agus ESAC) sa
phróiseas lena n-ullmhaítear an clár. Ba
cheart a lua freisin gur áiríodh i dtuarascáil an Choimisiúin chuig Parlaimint
na hEorpa agus chuig an gComhairle ar an meastóireacht ex-post ar an
gclár staidrimh comhphobail (CSC) 2003-2007[7]
moltaí maidir le cláir ilbhliantúla sa todhchaí, eadhon: An nasc idir an CSC agus cláir bhliantúla oibre a fheabhsú. Dearadh an CSC mar chreatchlár ina gcruthaítear fís straitéiseach ar
feadh cúig bliana agus lena n-áirítear, mar aon leis na cláir bhliantúla oibre,
solúbthacht agus ábharthacht an CSC thar an tréimhse iomlán. Agus an CSC á
úsáid mar thagairt, ba cheart an CSC ábhartha a lua go sainráite sna cláir
bhliantúla oibre agus na cláir a bheith bunaithe air. Faireachán ar chur chun feidhme an CSC a fheabhsú. Ba cheart an faireachán foriomlán a dhéanamh trí príomhthacar táscairí
a shainiú ina dtugtar dóthain faisnéise faoi bhaint amach cuspóirí oibríochtúla
agus straitéiseacha thar thréimhse an chláir. I
dtuarascáil an Choimisiúin chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle
ar an meastóireacht lárthéarma ar CSC 2008-2012, cuireadh béim ar na pointí seo
a leanas atá le cur san áireamh amach anseo: - Riachtanais
nua don fhaisnéis staidrimh a shainiú. Tá gá le cur chuige níos comhtháite
ina n-úsáidfear ilfhoinsí sonraí agus foinsí comhcheangailte sonraí mar aon le
comhchuibhiú modheolaíochta, coincheap agus sainmhínithe. - Comhpháirtíocht
neartaithe sa CSE. Cuireadh béim ar bhreis samhlacha comhair chomhtháite
atá difriúil a bhunú leis na Ballstáit. -
Measadh gur gá machnamh a dhéanamh ar an gcur chuige coincheapúil maidir le
gníomhaíochtaí a chur in ord tosaíochta in athuair agus infhaighteacht
acmhainní chun an CSC a chur chun feidhme ar mhaithe leis an ualach freagartha
agus costais táirgeoirí a laghdú. Is
fiú a lua go raibh CSC 2008-2012 mar atá ar ceann de na hábhair i dtuarascáil
iniúchóireachta Eurostat maidir le feidhm meastóireachta Struchtúr Iniúchta
Inmheánaigh [8],
inar tugadh faoi deara go raibh meastóireacht ex-ante in easnamh don
chlár reatha agus inar moladh go ndéanfaí an mheastóireacht sin a chur i gcrích
i gcás clár sa todhchaí i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais[9]
(Airteagal 27) agus a Rialacha Cur Chun Feidhme[10] (Airteagal 21). Ar
mhaithe leis na srianta a ghabhfadh le clár ró-mhionsonraithe a sheachaint chun
a bheith ábalta oiriúnú do thosaíochtaí agus d'fhorbairtí nua nó do
thosaíochtaí agus d'fhorbairtí atá ag athrú, tá ClSE 2013-2017 deartha mar
ionstraim phleanála ghinearálta ina dtuairiscítear ar bhealach ginearálta na
cuspóirí atá le comhlíonadh agus na bearta atá le gabháil ar láimh, ar an gcaoi
sin ag soláthar an chreata fhoriomláin chun cláir oibre staidrimh bliantúla a
ullmhú ina bhfuil cuspóirí agus bearta mionsonraithe. I
gcás forbairtí sa CSE agus chur chun feidhme na Teachtaireachta ar mhodh
táirgthe staidreamh an AE, ní foláir go mbeidh béim ar leith sa chlár staidrimh
Eorpach 2013‑2017 ar aghaidh a thabhairt ar dhúshláin sa todhchaí agus ar
chothromaíocht idir éilimh agus acmhainní a bhaint amach. Tá comhpháirtíocht
CSE fíor-riachtanach agus dá bharr sin táthar tar éis comhairliúchán níos
leithne le geallsealbhóirí a chomhtháthú sa treochlár d'ullmhú an chláir seo. I
bhfianaise na taithí a fuarthas, tá sásraí á gcur ar bun chun comhsheasmhacht
sna próisis phleanála agus tuairiscithe a áirithiú trí chuspóirí an chláir a
nascadh níos fearr leis na cláir oibre bhliantúla agus tríd an faireachán agus
an mheastóireacht ar chur chun feidhme an chláir a fheabhsú. Rinneadh
moltaí mheastóireacht lárthéarma CSC 2008-2012 a chur san áireamh agus cuspóirí
agus táscairí ClSE 2013-2017 á leagan amach. Go háirithe, maidir le ceanglais
staidrimh a chur in ord tosaíochta in athuair ar mhaithe leis an ualach
freagartha agus costais táirgeoirí a laghdú, rinneadh foráil maidir leis an
sásra socraithe tosaíochtaí a chur chun feidhme, a cuireadh faoi bhráid Choiste
an CSE an 18 Samhain 2010[11]. Ar
deireadh, ullmhaíodh an mheastóireacht ex-ante i gcomhréir leis an
Rialachán Airgeadais[12]
(Airteagal 27) agus a rialacha cur chun feidhme[13] (Airteagal 21). 1.5.4. Comhoiriúnacht d'ionstraimí
iomchuí eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann Mar
aon leis an CSC 2008-2012 mar atá, tá clár ilbhliantúil eile, eadhon an Clár um
Nuachóiriú ar Staidreamh Eorpach a bhaineann le Fiontraíocht agus Trádáil
(MEETS), á chur chun feidhme ó 2009 go 2013. D'fhonn bainistiú níos fearr a
dhéanamh ar na cláir, chinn Eurostat clár ilbhliantúil amháin seachas dhá chlár
a bheith acu sa todhchaí. Ciallaíonn sé seo go bhfuil na cuspóirí i réimse an
staidrimh a bhaineann le fiontraíocht agus trádáil tar éis 2013 agus bearta a
bhaineann le nuachóiriú staidrimh shóisialta mar chuid de ClSE 2013-2017. Ina
theannta sin, tá ról comhordúcháin ag Eurostat i réimse táirgthe staidrimh
Eorpaigh i gcomhréir le Cinneadh 2012/504/AE ón gCoimisiún an 17 Meán
Fómhair 2012. Beidh Eurostat rannpháirteach le hArd-Stiúrthóireachtaí an
Choimisiúin agus seirbhísí eile ag céim luath i bhforbairt a gclár a bhaineann
le staidreamh. 1.6. Fad agus tionchar
airgeadais þ Togra/tionscnamh a
bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse teoranta –
þ Togra/tionscnamh
in éifeacht ón [01/01]2014 go dtí an [31/12]2017 –
þ Tionchar
Airgeadais ó 2014 go 2017 do leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí agus ó
2014 go 2021 d'íocaíochtaí faoi chomhair íocaíochtaí ¨ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar
feadh tréimhse neamhtheoranta –
Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh
BBBB go BBBB –
- cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin
é. 1.7. Modhanna bainistíochta atá
beartaithe[14] þ Bainistíocht dhíreach láraithe ag an gCoimisiún ¨ Bainistíocht indíreach láraithe trí na cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuig: –
¨ gníomhaireachtaí feidhmiúcháin –
¨ comhlachtaí arna mbunú ag na Comhphobail[15] –
¨ comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean
de sheirbhís phoiblí acu –
¨ daoine a bhfuil sé de chúram orthu bearta ar leith a chur chun
feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus atá
sainaitheanta sa ghníomh bunaidh ábhartha de réir bhrí Airteagal 49 den
Rialachán Airgeadais ¨ Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit ¨ Bainistíocht dhíláraithe le tríú tíortha ¨ Comhbhainistíocht le
heagraíochtaí idirnáisiúnta, go háirithe leis an ECFE, leis na Náisiúin
Aontaithe agus leis an mBanc Domhanda. I gcás ina sonraítear
níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí"
le do thoil. 2. BEARTA BAINISTÍOCHTA 2.1. Rialacha faireacháin agus
tuairiscithe Sonraigh cé chomh
minic, agus na coinníollacha. Rinne
Aonad Pleanála Straitéisí Eurostat an mheastóireacht ex-ante ar ClSE 2013-17
ar bhonn fhorálacha an Rialacháin Airgeadais maidir le cláir chaiteachais idir
Deireadh Fómhair 2010 agus Aibreán 2011 agus fuair siad cúnamh ó na hAonaid um
Ghnóthaí Airgeadais agus Dlí. Chun ClSE 2013-2017 a ullmhú, pléadh an
mheastóireacht le Tascfhórsa Inmheánach Eurostat, tascfhórsa comhdhéanta
d'ionadaithe ar leibhéal Cinn Roinne ó gach Stiúrthóireacht Eurostat, agus
formheasadh í ag cruinniú Stiúrthóirí Eurostat an 12 Aibreán 2011. Rinneadh
príomhthorthaí na meastóireachta ex-ante a chuimsiú sa Ráiteas
Airgeadais Reachtach. Rinneadh ceachtanna a foghlaimíodh ón taithí a fuarthas
agus a cuireadh san áireamh agus an ClSE á bhunú a thíolacadh sa Ráiteas
Airgeadais Reachtach, Cuid 1.5.3 'Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile dá
leithéid san am atá thart'. Tá cuspóirí an ClSE tíolactha sa togra féin. In
Airteagal 2 den togra ordaítear go mbeidh an ClSE faoi réir pleanála bliantúla
trí chláir oibre staidrimh bliantúla an Choimisiúin i gcomhréir le
Rialachán (CE) Uimh. 223/2009. Beidh na cláir seo agus a
mhaoiniú comhfhreagrach faoi réir cinntí ón gCoimisiúin ina mionsonrófar
aschuir agus torthaí (cuspóirí agus táscairí) atá le baint amach le linn na
tréimhse tagartha. Déanfar faireachán a áirithiú trí thuarascálacha rialta ar
ídiú acmhainní agus ar an dul chun cinn arna dhéanamh ar bhaint amach na
gcuspóirí. Maidir
le tuairisciú, táthar ag súil leis, i gcomhréir leis an Rialachán maidir le
staidrimh Eorpach, go n-ullmhófar tuarascáil eatramhach ar dhul chun cinn agus,
tar éis dul i gcomhairle le Coiste an CSE, go gcuirfear faoi bhráid Pharlaimint
na hEorpa agus na Comhairle í tráth nach déanaí ná Meitheamh 2015. Ag
deireadh na tréimhse arna gcumhdach ag an gclár, beidh an ClSE faoi réir
meastóireachta ex-post. Rachfar i gcomhairle le Coiste an CSE maidir
leis an tuarascáil mheastóireachta, a chuirfear faoi bhráid Pharlaimint na
hEorpa agus na Comhairle faoi dheireadh 2018. 2.2. Córas bainistíochta agus
rialaithe 2.2.1. Na rioscaí a aithníodh Is
é modh bainistíochta an chláir bheartaithe bainistíocht dhíreach láraithe arna
déanamh ag an gCoimisiún agus go feadh méid teoranta comhbhainistíochta le
heagraíochtaí idirnáisiúnta. Ó thaobh airgeadais de, cuirfear an clár chun
feidhme trí chonarthaí a bhronnadh, go háirithe ar chuideachtaí a dhéanann
speisialtóireacht sna seirbhísí staidrimh nó faisnéisíochta, agus trí mhaoiniú
deontais arna sholáthar d'údaráis staidrimh náisiúnta go príomha. I Rialachán
(CE) Uimh. 223/2009 maidir le Staidreamh Eorpach ceadaítear deontais
a bhronnadh go díreach ar na húdaráis sin. Tá
na príomhrioscaí a sainaithníodh do chur chun feidhme an chláir go príomha i mbainistiú
na nósanna imeachta deontais. Ba léir i gcur chun feidhme Chlár Staidrimh
Comhphobail 2008-2012 go raibh deacrachtaí ag tairbhithe áirithe maidir leis an
doiciméadacht a éilíodh chun incháilitheacht na gcostas arna dtabhú a chinneadh
a chur isteach. 2.2.2. Modhanna rialaithe atá
beartaithe Is
iad príomheilimintí an chórais rialaithe inmheánaigh: Fíorú ex-ante ar ghnéithe
oibríochtúla agus airgeadais gach idirbhirt airgeadais (dlíthiúlacht,
rialtacht agus bainistíocht fhónta airgeadais) i gcomhréir le hAirteagal 49(3)
de rialacha cur chun feidhme an Rialacháin Airgeadais. Leis na rialuithe ex-ante
cumhdaítear an saolré caiteachais iomlán, ó phleanáil go clárú go
leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí agus faoi chomhair íocaíochtaí. Chuige
sin, i gcás gach idirbhirt airgeadais ní foláir do gach gníomhaí rialuithe a
leanann seicliostaí sonracha a úsáid sna ciorcaid airgeadais. Chomh
maith leis na ciorcaid airgeadais, cuidíonn maoirseoireacht iomchuí, tuairisciú
airgeadais agus tuairisciú bunaithe ar fheidhmíocht, chomh maith le hiniúchadh
agus meastóireacht le cur chun feidhme bhuiséad an chláir i gcomhréir le
prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais agus lena háirithiú go
gcomhlíontar na ceanglais maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht. Áiritheofar
comhlántacht idir na foinsí ráthaíochta thuasluaite, chun dúbláil iarrachta a
sheachaint agus chun gur féidir na rialuithe a bheith cost-éifeachtúil. I
bhfianaise na rialuithe cuimsitheacha agus éigeantacha arna gcur i bhfeidhm
maidir le gach idirbheart airgeadais a údarófar faoin gclár, cuirfear na bearta
rialaithe seo a leanas i bhfeidhm maidir le bainistiú nósanna imeachta
deontais. Sa bhreis ar rialuithe ex-ante a ndéantar cur síos orthu thuas
agus bunaithe ar anailís riosca bhliantúil, déanfar fíorú treisithe ex-ante
agus ex-post. Déanfar fíoruithe treisithe ex-ante ar bhonn
samplach, i.e. grinnrialuithe maidir le doiciméadacht tacaíochta bhreise roimh
na híocaíochtaí deireanacha do bhearta deontais chómhaoinithe. Ina theannta
sin, agus bunaithe ar an taithí a fuarthas ó 2005 i leith, déanfar rialuithe
ex‑post chun a sheiceáil go gcuirtear oibríochtaí arna maoiniú
ag an mbuiséad chun feidhme i gceart agus go háirithe go gcomhlíontar na
critéir atá leagtha amach don fhíorú ex-ante. Cuirfear béim ar leith ar
chastacht riaracháin a laghdú agus dá thoradh sin an dóchúlacht go dtarlódh
earráidí a bhaineann le bainistiú deontas a laghdú chomh maith. Cuirfear an
méid sin i gcrích trí dhíriú ar thionscadail níos mó (agus deontais bheaga a
theorannú), ceanglais maidir le deimhnithe sonracha iniúchóireachta, agus an
meall is mó ar deireadh, trí roghanna malartacha seachas íocaíochtaí bunaithe
ar chostais iarbhír a thabhairt isteach, i.e. deontais bunaithe ar bhunrátaí
agus ar bhunscálaí costas aonaid. Costais agus sochair rialuithe: Leis an
straitéis rialaithe cláir meastar go dteorannaítear an riosca neamhchomhlíonta
go níos lú ná 2 % rud atá ag luí leis an measúnú a rinneadh faoi
Thuarascáil Bhliantúil Gníomhaíochta 2010. I bhfianaise gurb é an cuspóir
rialaithe inmheánaigh don chlár nua gan dul thar ráta earráide iarmharaí de 2 %
don chlárthréimhse iomlán ó 2013 go 2017, meastar go bhfuil an córas rialaithe
inmheánaigh mar aon lena chostais leormhaith chun an cuspóir seo a bhaint
amach. Measann DG ESTAT go bhfanfaidh na costais rialuithe treisithe ex‑ante
agus ex-post ag tuairim is 1 % de bhuiséad an chláir, tuairim is an
cóimheas céanna agus a bhí sa chlár roimhe. I dtéarmaí nádúr agus déine na
rialuithe, beidh 100 % d'idirbhearta airgeadais (agus ar an gcaoi sin 100 %
den bhuiséad) faoi réir rialuithe éigeantacha ex-ante i gcomhréir leis
an Rialachán Airgeadais. Mar atá leagtha amach thuas, tabharfar faoi rialuithe
bunaithe ar ghrinnanailís ar an doiciméadacht taobh thiar dóibh tar éis na
hanailíse riosca bliantúla. Féadfaidh siad 4-6 % den bhuiséad a chumhdach. 2.3. Bearta chun calaois agus
neamhrialtachtaí a chosc Sonraigh bearta
coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe. Sa
bhreis ar shásraí rialaithe rialála a chur i bhfeidhm, dearfar straitéis
frithchalaoise i gcomhréir le straitéis frithchalaoise nua an Choimisiúin
(SFCC) a glacadh an 24 Meitheamh 2011 chun a áirithiú inter alia go
bhfuil rialuithe inmheánacha a bhaineann le frithchalaois ailínithe go hiomlán
le SFCC agus go bhfuil an cur chuige i ndáil le bainistiú riosca calaoise
dírithe ar réimsí riosca calaoise a shainaithint agus ar fhreagairt leormhaith
orthu. Nuair is gá, bunófar grúpaí líonraíochta agus uirlisí TF leormhaithe a
bheidh dírithe ar chásanna calaoise a bhaineann leis an gClár Staidrimh Eorpach
a anailísiú. Shainigh
Eurostat straitéis rialaithe do 2013-2017 a ghabhann le cur chun feidhme an
CSE. Ach castacht a laghdú, nósanna imeachta faireacháin atá cost-éifeachtach a
chur i bhfeidhm mar aon le rialuithe ex-ante agus ex-post
bunaithe ar riosca a sheoladh, laghdófar an dóchúlacht go dtarlódh calaois agus
cuideofar lena cosc. Is cuid den straitéis rialaithe iad bearta sonracha
ardaithe feasachta agus oiliúint ábhartha maidir le calaois a chosc. 3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A
MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 3.1. Ceannteidil an chreata
airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n-imrítear tionchar · Línte buiséid atá ann cheana In ord cheannteidil
agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil. Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht Líon [Tuairisc………………………...……….] || LD/LN ([16]) || ó thíortha CSTE[17] || ó thíortha is iarrthóirí[18] || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais || [XX.YY.YY.YY] || LD/LN || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL · Línte nua buiséid atá á n-iarraidh In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata
airgeadais ilbhliantúil. Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht Líon [Tuairisc……………………………………..] || LD/LN || ó thíortha CSTE || ó thíortha is iarrthóirí || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais 1. || 29.0201. Clár Staidrimh Eorpach 2013-2017 || Difreáilte || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL 1. || 29.0104. Beartas faisnéise staidrimh — Caiteachas ar bhainistíocht riaracháin || Neamhdhifreáilte || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL 3.2. An tionchar a mheastar a
bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 3.2.1. Achoimre ar an tionchar a
mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil) Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Uimhir || Ceannteideal 1 - Fás Cliste agus Uilechuimsitheach (amhail 2014) DG: ESTAT || || || Bliain 2014[19] || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 agus ina diaidh || IOMLÁN Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí || || || || || || 29.0201. || Gealltanais || (1) || 53.391. || 54.922. || 56.443. || 57.960. || || 222.716. Íocaíochtaí || (2) || 32.360. || 33.613. || 46.450. || 52.843. || 92.839. || [20]258.105. Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach clár sonrach[21] || || || || || || 29.0104. || || (3) || 2.900. || 2.983. || 3.065. || 3.148. || || 12.096. IOMLÁN leithreasuithe DG ESTAT || Gealltanais || =1+1a +3 || 56.291. || 57.905. || 59.508. || 61.108. || || 234.812. Íocaíochtaí || =2+2a +3. || 35.260. || 36.596. || 49.515. || 55.991. || 92.839. || 270.201. IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí || Gealltanais || (4) || 53.391. || 54.922. || 56.443. || 57.960. || || || || 222.716. Íocaíochtaí || (5) || 32.360. || 33.613. || 46.450. || 52.843. || 92.839. || || || 258.105. IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach na gclár sonrach || (6) || 2.900. || 2.983. || 3.065. || 3.148. || || || || 12.096. IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 1 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Gealltanais || =4+ 6 || 56.291. || 57.905. || 59.508. || 61.108. || || || || 234.812. Íocaíochtaí || =5+ 6 || 35.260. || 36.596. || 49.515. || 55.991. || 92.839. || || || 270.201. Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || 5. || "Caiteachas riaracháin" EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil) || || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 agus ina diaidh || IOMLÁN DG: ESTAT || Acmhainní daonna || 92.335. || 91.479. || 90.615. || 89.829. || || || || 364.258. Caiteachas riaracháin eile || (1) 3.487 || (2) 3.487 || (3) 3.487 || (4) 3.487 || || || || 13.948 IOMLÁN DG ESTAT || Leithreasuithe || 95.822. || 94.966. || 94.102. || 93.316. || || || || 378.206. IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || (Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí) || 95.822. || 94.966. || 94.102. || 93.316. || || || || 378.206. EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil) || || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 agus ina diaidh || IOMLÁN IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Gealltanais || 152.113. || 152.871. || 153.610. || 154.424. || || || || 613.018. Íocaíochtaí || 131.082. || 131.562. || 143.617. || 149.307. || 92.839. || || || 648.407. 3.2.2. An tionchar a mheastar a
bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí – Ní
éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair
oibríochtaí – X Éilíonn
an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar
a mhínítear thíos: Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR
milliúin (go dtí an 3ú deachúil) || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || IOMLÁN ASCHUIR || Sonraigh cuspóirí agus aschuir || Saghas aschuir[22] || Meán-chostas an aschuir || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon iomlán na n‑aschur || Costas iomlán || CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 agus CUSPÓIR SONRACH Uimh. 4[23] Faisnéis staidrimh ar ardchaighdeán a sholáthar chun tacú leis an bhforbairt, leis an bhfaireachán agus leis an meastóireacht ar bheartais an Aontais Eorpaigh || || Aschur || Tionscadail staidrimh || 0.304. || || || 85. || 23.694. || 67. || 21.480. || 62. || 21.204. || 58. || 22.129. || 272. || 88.507. || Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 1 || || || 85. || 23.694. || 67. || 21.480. || 62. || 21.204. || 58. || 22.129. || 272. || 88.507. || CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2 An modh nua táirgthe staidrimh Eorpaigh a chur chun feidhme || || Aschur || Tionscadail staidrimh || 0.298. || || || 84. || 23.694. || 100. || 30.102. || 94. || 31.555. || 87. || 32.194. || 365. || 117.545. || Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 2 || || || 84. || 23.694. || 100. || 30.102. || 94. || 31.555. || 87. || 32.194. || 365. || 117.545. || CUSPÓIR SONRACH Uimh. 3 An chomhpháirtíocht laistigh den CSE (Córas Staidrimh Eorpach) agus lasmuigh de a neartú || || Aschur || Tionscadail staidrimh || 0.306. || || || 19. || 6.003. || 9. || 3.340. || 8. || 3.684. || 7. || 3.637. || 43. || 16.664. || Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 3 || || || 19. || 6.003. || 9. || 3.340. || 8. || 3.684. || 7. || 3.637. || 43. || 16.664. || COSTAS IOMLÁN || || || 188. || 53.391. || 176. || 54.922. || 164. || 56.443. || 152. || 57.960. || 680. || 222.716. 3.2.3. An tionchar a mheastar a
bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin 3.2.3.1 Achoimre –
¨ Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasuithe
riaracháin –
X Éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear
leithreasuithe riaracháin mar a mhínítear thíos: EUR milliún (go dtí
an 3ú deachúil) || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 agus ina diaidh || IOMLÁN CEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || Acmhainní daonna || 92.335. || 91.479. || 90.615. || 89.829. || || 364.258. Caiteachas riaracháin eile || || || || || || 13.948. Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || 95.822. || 94.966. || 94.102. || 93.316. || || 378.206. Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5[24] den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || Acmhainní daonna || 2.285. || 2.285. || 2.285. || 2.285. || || 9.140. Caiteachas eile de chineál riaracháin (TF; cruinnithe; staidéir; misin; suibscríbhinní) || 0.615. || 0.698. || 0.780. || 0.863. || || 2.956. Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || (1) 2.900. || (2) 2.983. || (3) 3.065. || (4) 3.148. || || (5) 12.096. IOMLÁN || 98.722. || 97.949. || 97.167. || 96.464. || || 390.302. 3.2.3.2 Na hacmhainní daonna a mheastar
a bheidh riachtanach –
¨ Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear acmhainní daonna. –
X Éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear acmhainní
daonna mar a mhínítear thíos: Sloinnfear an meastachán i méideanna iomlána
(nó go dtí an 1ú deachúil ar a mhéad) || Bliain 2014. || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus gníomhairí sealadacha) 29 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) || 651. || 645. || 639. || 633. || || || XX 01 01 02 (Toscaireachtaí) || - || - || - || - || || || XX 01 05 01 (Taighde indíreach) || - || - || - || - || || || 10 01 05 01 (Taighde díreach) || - || - || - || - || || || Pearsanra seachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE)[25] 29 01 02 01 (CA, INT, SNE ón ‘gclúdach iomlánaíoch’) || 94. || 93. || 92. || 92. || || || XX 01 02 02 (CA, INT, JED, LA agus SNE sna toscaireachtaí) || - || - || - || - || || || XX 01 04 yy [26] || - sa cheanncheathrú[27] || || || || || || || - i dtoscaireachtaí || || || || || || || XX 01 05 02 (CA, INT, SNE - Taighde indíreach) || || || || || || || 10 01 05 02 (CA, INT, SNE - Taighde díreach) || || || || || || || Líne buiséid eile 29 01 04 01 || 41. || 41. || 40. || 40. || || || IOMLÁN || 789. || 779. || 771. || 765. || || || Is é 29 an réimse beartais nó an
teideal buiséid lena mbaineann. Soláthrófar na hacmhainní
daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an
bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe taobh istigh den Ard‑Stiúrthóireacht,
mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht
atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh
bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha. Cur síos ar na
cúraimí a bheidh le déanamh: Oifigigh agus gníomhairí sealadacha || Baineann na cúraimí atá le comhlíonadh go príomha le hobair mhodheolaíoch ar thaobh amháin agus le bailiú, bailíochtú, próiseáil agus scaipeadh na faisnéise staidrimh a bhaineann leis na réimsí atá leagtha amach i Rialachán XXX ar an taobh eile. Déantar tagairt iontu freisin don dá ghníomhaíocht ABB chothrománacha Eurostat ('Tacaíocht riaracháin do Eurostat' agus 'Straitéis beartais agus comhordú Eurostat') Pearsanra seachtrach || Tacú leis na hoifigigh agus na gníomhairí sealadacha i gcomhlíonadh na gcúraimí thuasluaite 3.2.4. Comhoiriúnacht don chreat
airgeadais ilbhliantúil reatha –
X Tá an togra/an tionscnamh comhoiriúnach don
chreat airgeadais ilbhliantúil 2014-2020. –
¨ Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais
ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo. Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus
sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha. –
¨ Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i
bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil[28]. Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na
ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna
comhfhreagracha. 3.2.5. Ranníocaíochtaí ó thríú
páirtithe –
Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le
cómhaoiniú le tríú páirtithe –
X Déantar foráil sa togra/tionscnamh don
chómhaoiniú atá réamh-mheasta thíos: Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || || Iomlán Ranníocaíocht na hEilvéise || 4.851. || 4.948. || 5.047. || 5.147. || || || || 19.933. IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe || 4.851. || 4.948. || 5.047. || 5.147. || || || || 19.933. 3.3. An tionchar a mheastar a
bheidh ar ioncam –
X Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an
togra ar ioncam. –
¨ Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh: –
¨ ar acmhainní dílse –
¨ ar ioncam ilghnéitheach EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil) Líne buiséid ioncaim || Leithreasuithe atá ar fáil don tréimhse bhuiséadach leanúnach || Tionchar an togra/tionscnaimh[29] Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || ... iontráil na colúin ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) Airteagal …………. || || || || || || || || I gcás ioncaim
ilghnéithigh shannta, sonraigh na línte buiséid a n-imrítear tionchar orthu. Sonraigh an modh chun an
tionchar ar ioncam a ríomh. [1] IO L 39, 9.2.2009, lch. 12. [2] ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí – ABB: Bunú an
bhuiséid de réir gníomhaíochtaí. [3] Mar a thagraítear dó in Airteagal 49(6)(a) nó (b) den
Rialachán Airgeadais [4] IO L 87, 31.3.2009, lch. 164. [5] Cinneadh Uimh. 1578/2007/CE, IO L 344, 28.12.2007,
lch. 15. [6] Is éard atá sa Ghrúpa Comhpháirtíochta grúpa Stiúrthóirí
Ginearálta de chuid Institiúidí Náisiúnta Staidrimh an CSE arb é a misean
forbairt an CSE a chur chun cinn, den chuid is mó, trí obair Choiste an CSE a
éascú. [7] COM(2009) 1 final. [8] Tuarascáil Iniúchóireachta ar Struchtúr Iniúchta
Inmheánaigh ESTAT-2009-002, 19.2.2010. [9] Leagan comhdhlúite de Rialachán Uimh. 1605/2002 ón
gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais
is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach. [10] Leagan comhdhlúite de Rialachán Uimh. 2342/2002 ón
gCoimisiún an 23 Nollaig 2002 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun
Rialachán Uimh. 1605/2002 ón gComhairle maidir leis an Rialachán
Airgeadais is infheidhme ar bhuiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach a chur
chun feidhme. [11] A tíolacadh ag cruinniú Choiste an CSE an 18 Samhain 2010
(Doic. Uimh. 2010/07/08b). [12] Leagan comhdhlúite de Rialachán Uimh. 1605/2002 ón
gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais
is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach. [13] Leagan comhdhlúite de Rialachán Uimh. 2342/2002 ón
gCoimisiún an 23 Nollaig 2002 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun
Rialachán Uimh. 1605/2002 ón gComhairle maidir leis an Rialachán
Airgeadais is infheidhme ar bhuiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach a chur
chun feidhme. [14] Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus
tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin DG Budg: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html. [15] Dá dtagraítear dóibh in Airteagal 185 den Rialachán
Airgeadais. [16] Difreáilte LD = Leithreasuithe difreáilte / LN =
Leithreasuithe neamhdhifreáilte [17] CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa. [18] Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na
Balcáin Thiar a d'fhéadfadh a bheith ina n-iarrthóirí. [19] Is í bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun
feidhme an togra/tionscnaimh. [20] Meastar leithreasuithe na n-íocaíochtaí a bheith ina
ngealltanas a eascraíonn as tús an Chláir Staidrimh Eorpaigh in 2013. [21] Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar
mhaithe le cláir agus/nó bearta AE (seanlínte 'BA'), taighde indíreach, taighde
díreach a chur chun feidhme. [22] Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí le soláthar
(e.g líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre
a rinneadh). [23] Mar a thuairiscítear i Roinn 1.4.2. 'Cuspóirí sonracha..' [24] Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar
mhaithe le cláir agus/nó bearta AE (seanlínte 'BA'), taighde indíreach, taighde
díreach a chur chun feidhme. [25] CA= Gníomhaire ar conradh; INT= Foireann ghníomhaireachta;
JED = Saineolaí óg i dToscaireacht; LA= Gníomhaire áitiúil; SNE= Saineolaí
náisiúnta ar iasacht; . [26] Faoin uasteorainn do phearsanra seachtrach ó
leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte 'BA'). [27] Le haghaidh na gCistí Struchtúracha, an Chiste Eorpaigh
Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an Chiste Eorpaigh Iascaigh
(CEI) go bunúsach. [28] Féach pointe 19 agus pointe 24 den Chomhaontú
Idirinstitiúideach. [29] A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta
(dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a
bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25 % de chostais
bhailiúcháin a bheith bainte astu.