This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52013PC0480
Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL on the monitoring, reporting and verification of carbon dioxide emissions from maritime transport and amending Regulation (EU) No 525/2013
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013
/* COM/2013/0480 final - 2013/0224 (COD) */
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 /* COM/2013/0480 final - 2013/0224 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA An gá atá ann gníomhú ar athrú aeráide agus
astaíochtaí gáis cheaptha teasa ó longa I mí na Nollag 2010, d’aithin Páirtithe Chreat‑Choinbhinsiún
na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) nár cheart go rachadh téamh
domhanda níos mó ná 2˚ C thar na teochtaí a bhí ann roimh an réabhlóid
thionsclaíoch[1].
Tá sé sin ríthábhachtach má táthar chun iarmhairtí diúltacha an méid a
chuireann daoine isteach ar an gcóras aeráide a shrianadh. Éilítear leis an
sprioc fhadtéarmach sin go ndéanfaí astaíochtaí gáis cheaptha teasa domhanda a
laghdú 50 % ar a laghad faoi bhun leibhéil 1990 faoin mbliain 2050[2]. Ba cheart do thíortha forbartha a gcuid
astaíochtaí a laghdú 80 % go 95 % faoin mbliain 2050 i gcomparáid le
leibhéil 1990[3].
Go meántéarmach, tá an AE tiomanta dá chuid astaíochtaí gáis cheaptha teasa a
laghdú 20 % faoi bhun leibhéil 1990 faoin mbliain 2020, agus 30 % más
iomchuí na dálaí. Tá an tiomantas sin ina chuid de chúig phríomhsprioc an AE sa
Straitéis Eoraip 2020.[4]
Sa bhreis air sin, d’aontaigh an Chomhairle Eorpach agus Parlaimint na hEorpa
gur cheart d’earnálacha uile an gheilleagair rannchuidiú le hastaíochtaí a
laghdú[5].
D’fhonn rannchuidiú leis an Straitéis 2020 AE, luaitear sa Pháipéar Bán
ar Iompar[6] a d'eisigh an Coimisiún in 2011, gur cheart astaíochtaí CO2 an AE ó mhuiriompar
a laghdú 40 % (nó 50 % más féidir) ó leibhéil 2005 faoin mbliain
2050. In 2010, measadh gurb ionann thart ar 180 Mt CO2
agus iomlán na n‑astaíochtaí CO2 a bhain le gníomhaíochtaí muiriompair
san Eoraip (lena n‑áirítear gníomhaíochtaí ar bhealaí laistigh den AE,
muiraistir isteach san AE agus muiraistir amach ón AE). D’ainneoin gur thug an
Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) isteach íoschaighdeáin éifeachtúlachta
fuinnimh le haghaidh catagóirí áirithe long ("an Innéacs Dearaidh um Éifeachtúlacht
Fuinnimh", EEDI) in 2011[7],
meastar go dtiocfaidh méadú ar líon na n‑astaíochtaí. Is í an
phríomhchúis leis sin ná go meastar fós go mbeidh éileamh méadaithe ar mhuiriompar
arna spreagadh ag fás ar thrádáil dhomhanda. Meastar go dtarlóidh an fás tuartha sin
d’ainneoin bearta oibriúcháin agus teicneolaíochtaí reatha a bheith ar fáil
chun ídiú fuinnimh agus astaíochtaí CO2 arb iad longa go sainiúil is
cúis leo a laghdú suas le 75 % (de réir fhigiúirí IMO). Is féidir glacadh
leis go bhfuil cuid shuntasach de na bearta sin cost‑éifeachtúil mar áirithítear
go gcúiteofaí aon chostais oibriúcháin nó infheistíochta leis an gcostas
laghdaithe i leith breosla. Is ann don neamhréiteach sin de bharr bhacainní
margaidh a bheith ann ar ghlacadh teicneolaíochtaí agus beart oibriúcháin,
bacainní amhail easpa faisnéise iontaofa ar éifeachtúlacht breosla long nó
teicneolaíochtaí chun longa a athfheistiú, easpa rochtana ar airgead le
haghaidh infheistíochtaí in éifeachtúlacht loinge agus dreasachtaí scoilte mar
nach mbainfeadh úinéirí long tairbhe as a gcuid infheistíochtaí in
éifeachtúlacht loinge toisc gurb na hoibreoirí a íocann as na billí breosla. Sainordú le haghaidh gnímh ar leibhéal an AE Níl an méadú réamh‑mheasta ar
astaíochtaí CO2 ó loingseoireacht i gcomhréir le cuspóirí an AE,
agus beidh tionchar diúltach ar an athrú aeráide mar thoradh air sin. Sa bhreis
air sin, ar leibhéal an AE, is é muiriompar idirnáisiúnta an t‑aon mhodh
iompair nach gcuirtear san áireamh i dtiomantas an AE maidir le hastaíochtaí
gáis cheaptha teasa a laghdú lena gceanglaítear iarrachtaí breise ó gach
earnáil eile. Mheabhraigh an Chomhairle agus an Pharlaimint
tiomantas a rinneadh níos luaithe beart a dhéanamh sa Phacáiste um Fhuinneamh
agus Athrú Aeráide a glacadh an 23 Aibreán 2009: i gcás nach bhfuil
aon chomhaontú idirnáisiúnta ina n‑áirítear astaíochtaí muirí
idirnáisiúnta cumhdaithe ina spriocanna um laghdú tríd an Eagraíocht Mhuirí
Idirnáisiúnta formheasta ag na Ballstáit, nó mura bhfuil aon chomhaontú den sórt
sin trí Chreat‑Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide
formheasta ag an gComhphobal faoin 31 Nollaig 2011, ba cheart don
Choimisiún togra a dhéanamh astaíochtaí muirí idirnáisiúnta a áireamh i
dtiomantas an Chomhphobail maidir le laghdú astaíochtaí agus é mar aidhm go
dtiocfaidh an togra atá beartaithe i bhfeidhm faoi 2013. Ba cheart aon tionchar
diúltach ar iomaíochas an Chomhphobail a íoslaghdú le togra den sórt sin agus
na tairbhí ionchasacha don chomhshaol á gcur san áireamh ag an am céanna.[8] Tá an spriocdháta sin imithe thart gan beart
leordhóthanach ar an leibhéal idirnáisiúnta mar níltear ag súil go ndéanfaidh
an EEDI, d'ainneoin a fhóntais, dearbhlaghduithe astaíochtaí a bhaint amach
leis féin i gcomparáid le bonnbhlianta má tharlaíonn an fás ar thrácht atá
tuartha. Dá bhrí sin, sheol an Coimisiún gníomhaíochtaí ullmhúcháin d’fhonn
aghaidh a thabhairt ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa ó mhuiriompar
idirnáisiúnta. An gá atá le cur chuige oiriúnaithe chun
astaíochtaí gáis cheaptha teasa ó mhuiriompar a laghdú Inniu, ní fios go beacht cé mhéid CO2
agus astaíochtaí gáis cheaptha teasa eile a thagann ó mhuiriompar a bhaineann
leis an AE, de bharr easpa faireacháin agus tuairiscithe ar na hastaíochtaí
sin. Aithníodh sa mheasúnú tionchair agus sa chomhairliúchán le geallsealbhóirí
(féach roinn 2) go bhfuil córas láidir um fhaireachán, tuairisciú agus
fíorú(MRV) astaíochtaí gáis cheaptha teasa ó mhuiriompar ina réamhriachtanas
maidir le beart ar bith atá margadhbhunaithe nó caighdeán éifeachtúlachta, cibé
a gcuirtear i bhfeidhm ar leibhéal an AE nó ar leibhéal domhanda é. Sa bhreis air sin, ba cheart go mbeadh córas
láidir MRV ina chabhair chun bacainní margaidh a bhaint, go háirithe na cinn a
bhaineann leis an easpa faisnéise ar éifeachtúlacht loinge. Bunaithe ar
thorthaí an mheasúnaithe tionchair, meastar dá dtabharfaí isteach MRV, go
bhféadfaí laghduithe suas le 2 % ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa a
bhaint amach i gcomparáid le gnó mar is gnáth, agus go bhféadfaí glanchostais
chomhiomlána a laghdú faoi suas le € 1.2 billiún faoi 2030. Trí MRV a thabhairt isteach mar chéad chéim,
is féidir níos mó ama a chaitheamh ar spriocanna laghdaithe astaíochtaí a phlé
agus cinntí a dhéanamh ina leith, mar aon le bearta bunaithe ar an margadh agus
caighdeáin éifeachtúlachta chun na laghduithe sin a bhaint amach ar an gcostas
is lú is féidir. Tá sé seo ábhartha ach go háirithe i gcás pléití ar leibhéal
domhanda san IMO. Toisc gur léir go dtugann an Coimisiún
tosaíocht do bhearta arna nglacadh ar leibhéal domhanda, ba cheart go mbeadh
MRV an AE ina shampla le haghaidh chur chun feidhme MRV domhanda agus é mar
aidhm na pléití idirnáisiúnta a luathú. Sa chomhthéacs seo, déanfar
aighneachtaí ábhartha chuig an IMO nuair is iomchuí. Chomh luath is a chinntear
córas domhanda, ba cheart an Rialachán molta a leasú chun MRV an AE a chur i
gcomhréir leis an gcóras domhanda. 2. TORTHAÍ AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA
PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR Comhairliúchán le páirtithe leasmhara D’fhonn athbhreithniú a dhéanamh ar na
roghanna beartais a luadh i ndara staidéar an IMO ar ghás ceaptha teasa in 2009[9] agus i staidéar CE Delft 2009[10], bunaíodh grúpa oibre (WG6)
faoin gClár Eorpach um Athrú Aeráide II (ECCP). Cheadaigh an grúpa sin
comhairliúcháin theicniúla foirmiúla le geallsealbhóirí agus sholáthair sé
ionchur don tacaíocht sheachtrach, e.g. trí na roghanna beartais a chúngú. In
2011, eagraíodh trí chruinniú dhá lá ina raibh níos mó ná 100 rannpháirtí ó
riaracháin náisiúnta, ó chomhlachtaí loingseoireachta san AE agus ó
chomhlachtaí loingseoireachta idirnáisiúnta agus ó chomhlachtaí eile agus
eagraíochtaí neamhrialtasacha. Tá na miontuairiscí, an páipéar cúlra agus cur i
láthair na gcruinnithe sin le fáil ar láithreán gréasáin an Choimisiúin mar
fhaisnéis phoiblí[11]. Sa bhreis air sin, chuir an Coimisiún ardán ardleibhéil
ar bun, ina dtugtar le chéile saineolaithe ardleibhéil in earnáil an mhuiriompair,
chun plé straitéiseach a chumasú go díreach leis an Leas‑Uachtarán Kallas
agus leis an gCoimisinéir Hedegaard. Reáchtáladh na cruinnithe seo an 3 Feabhra 2011,
an 28 Meitheamh 2011 agus an 7 Samhain 2011. Tionóladh comhairliúchán poiblí ar líne ón 19 Eanáir
go dtí an 12 Aibreán 2012, i.e. 12 seachtaine. Fógraíodh seoladh
an chomhairliúcháin phoiblí seo i bpreasráiteas. Rinneadh an comhairliúchán
poiblí de réir “Prionsabail ghinearálta agus íoschaighdeáin le haghaidh
comhairliúchán le páirtithe leasmhara ag an gCoimisiún”. Deimhnítear leis an gcomhairliúchán sin go
meastar gurb é comhaontú domhanda san IMO an rogha fhadtéarmach is fearr chun
laghduithe ar astaíochtaí gáis cheapa teasa a bhaint amach san earnáil
loingseoireachta. I gcás birt Eorpaigh, tá comhaontú ginearálta ann gur cheart
go mbeadh cothrom iomaíocht ann do gach long a úsáideann calafoirt na hEorpa.
Creidtear go forleathan freisin nach mór faireachán trédhearcach agus láidir ar
astaíochtaí a bheith ag gabháil le haon bheart atá margadhbhunaithe nó le caighdeán
um éifeachtúlacht. Ba cheart go mbunófaí an faireachán sin d’fhonn ualaigh
riaracháin mhíchuí a sheachaint agus torthaí tuairiscithe cruinne a áirithiú.
Tá tuilleadh torthaí foilsithe ar láithreán gréasáin an Choimisiúin[12]. Ar deireadh, bhí cruinniú páirtithe leasmhara
eile ina raibh 120 rannpháirtí ón tionscal, ó eagraíochtaí neamhrialtasacha, ó na
Ballstáit agus ó thríú tíortha ar siúl an 5 Nollaig 2012 inar díríodh
ar chóras MRV a dhearadh san AE. Dhearbhaíodh ag an gcruinniú sin an gá atá le
MRV toisc nach bhfuil aon sonraí láidre ar astaíochtaí CO2 ar fáil
sa lá atá inniu ann. Tá roinnt tionscnamh chun faireachán agus tuairisciú a
dhéanamh ar ídiú breosla, astaíochtaí CO2 agus éifeachtúlacht
fuinnimh i bhfeidhm san earnáil loingseoireachta cheana féin. D’aontaigh na
rannpháirtithe go forleathan gur cheart go mbeadh MRV bunaithe ar fhaisnéis
arna ceangal ag Coinbhinsiúin idirnáisiúnta agus atá ar fáil ar bord lorg
cheana féin chun an t‑ualach riaracháin a laghdú. Tá na cur i láthair agus
na conclúidí foilsithe ar láithreán gréasáin an Choimisiúin[13]. Measúnú tionchair Sa Mheasúnú Tionchair déantar anailís ar
roinnt roghanna beartais, agus cuirtear i gcomparáid iad, maidir le bearta margadhbhunaithe
agus rogha MRV-amháin. Seo a leanas na príomhthorthaí: –
Is iad na príomhbhacainní ar chur chun feidhme beart
lacáiste cost‑éifeachtúil: (i) easpa faisnéise iontaofa ar éifeachtúlacht
breosla long nó easpa teicneolaíochtaí chun longa a athfheistiú, (ii) easpa rochtana ar airgeadas le haghaidh
infheistíochtaí in éifeachtúlacht long (iii) dreasachtaí scoilte mar nach mbainfeadh
úinéirí long tairbhe as a gcuid infheistíochtaí in éifeachtúlacht long mar, de
bharr struchtúr na n‑oibríochtaí loinge, is iad na hoibreoirí a íocann na
billí breosla go minic. Má bhaintear na bacainní margaidh beidh rath ar
aon cheann de na bearta sin. –
Tá an fhéidearthacht ann astaíochtaí a laghdú go
suntasach i loingseoireacht trí bhíthin raoin beart teicniúil agus oibriúcháin,
a bhfuil sé d’aidhm leo go príomha éifeachtúlacht fuinnimh long a fheabhsú. Tá
na coigiltis bhreosla a bhaineann leis an gcuid is mó de na bearta teicniúla nó
oibriúcháin níos mó ná na costais atá measta. –
Tá glantairbhí leis na roghanna beartais uile ó
thaobh tionchair chomhshaoil (laghdú CO2 agus astaíochtaí eile),
eacnamaíoch (coigiltis ghlanchostais don earnáil muiriompair) agus sóisialta de
(níos lú fadhbanna sláinte de bharr astaíochtaí cáithníní agus SOX
laghdaithe, cruthú post). –
D’fhéadfadh dhá chineál ciste cúitimh – ciste
bunaithe ar ranníocaíochtaí le praghas socraithe carbóin agus ciste
spriocbhunaithe a bhfuil sprioc laghdaithe sainithe aige agus praghas indíreach
socraithe – agus córas trádála astaíochtaí muirí (ETS) na tairbhí is mó a
thabhairt ó thaobh laghduithe astaíochtaí agus coigilteas costas de. Táthar ag súil gurb iad is fearr chun aghaidh a
thabhairt ar na bacainní margaidh agus chun laghduithe astaíochtaí thart ar 10 %
a bhaint amach faoi 2030 i gcomparáid le 2005. D’fhéadfaí coigiltis
ghlanchostais shuntasacha a bhaint amach don earnáil loingseoireachta agus i
gcás ina bhféadfaí na bacainní margaidh a bhaint go hiomlán (agus d’fhéadfadh
suas le EUR 12 bhilliún a bheith i gceist in 2030 agus suas le EUR 5 bhilliún
in aghaidh na bliana ar an meán). Go háirithe tá féidearthachtaí suntasacha
coigiltis ann, trí theicneolaíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh atá ann cheana
féin a chur chun feidhme ar chostais dhiúltacha san earnáil sin, agus bearta
oibriúcháin a chur chun feidhme, laghdófar astaíochtaí CO2
tuilleadh dá dtoradh. –
Bheadh laghduithe astaíochtaí níos teoranta i
gceist leis an rogha MRV-amháin, a mheastar a bheith suas le 2 % in 2030
(i gcomparáid leis an gcás bunlíne) lena mbainfí amach laghduithe costais suas
le thart ar EUR 1.2 billiún in 2030 (thart ar EUR 900 milliún in
aghaidh na bliana ar an meán). Díreofar leis sin ar bhacainní margaidh a bhaint
a bhaineann leis an easpa faisnéise mar ghinfear faisnéis maidir leis an ídiú
breosla agus ardófar feasacht ar an leibhéal bainistíochta ar choigiltis
fhéideartha ar chostais bhreosla. Meastar costais an chur chun feidhme a bheith
thart ar EUR 26 milliún in aghaidh na bliana (gan longa níos lú ná 5000 GT a
áireamh sa raon feidhme). Ar an iomlán, tá cóimheas tairbhe/costais coibhneasta
na rogha seo an‑ard. Cuirtear na torthaí iomlána i láthair sa
mheasúnú tionchair a ghabhann leis an togra. Achoimre ar an mbeart atá beartaithe Is é príomhchuspóir an Rialacháin seo córas
MRV Eorpach a chur ar bun maidir le hastaíochtaí CO2 ó longa mar
chéad chéim de chur chuige céimnithe chun an hastaíochtaí sin a laghdú. D’fhonn
na costais riaracháin ghaolmhara a laghdú agus torthaí láidre a áirithiú, moltar
ceanglais MRV shimplí agus bharainneacha. Dá bhrí sin, tá an cur chuige ceaptha
chun an úsáid is mó is féidir a bhaint as na sonraí atá ar bord long cheana
féin. Dá réir sin, seo mar a bheadh gnéithe
oibríochtúla an chórais MRV atá beartaithe: –
Fócas ar CO2 mar an GCT is mó a astaíonn
longa agus ar fhaisnéis eile is ábhartha maidir leis an aeráid, amhail faisnéis
éifeachtúlachta chun dul i ngleic le bacainní margaidh maidir le beart
maolúcháin cost‑éifeachtúil a ghlacadh agus chun an MRV a ailíniú le plé
IMO ar chaighdeáin éifeachtúlachta do longa atá ann cheana féin –
Déan astaíochtaí bliantúla CO2 a áireamh
bunaithe ar ídiú breosla agus ar an gcineál breosla agus ar éifeachtúlacht
fuinnimh ag baint úsáideas na sonraí atá ar fáil ó logleabhair, tuairiscí nóna
agus nótaí seachadta um breosla umair –
Struchtúir agus comhlachtaí atá ann cheana san earnáil
mhuirí a úsáid, go háirithe eagraíochtaí aitheanta chun tuarascálacha
astaíochtaí a fhíorú agus chun doiciméid a eisiúint i leith comhlíontachta –
Astaírí beaga (longa níos lú ná 5000 GT) a eisiamh,
arb ionann iad agus thart ar 40 % den chabhlach, ach nach n-astaíonn ach
10 % de na hastaíochtaí iomlána I bprionsabal, ba
cheart go gcumhdódh an córas MRV astaíochtaí de gháis cheaptha teasa eile,
nithe lena gcuirtear brú ar an aeráid agus truailleáin aeir amhail SOX
agus NOX. D’fhéadfaí raon leathan faisnéise comhshaoil ábhartha a
sholáthar le cur chuige comhtháite dá leithéid, fad is a mbainfí úsáid as
éifeachtaí sineirgíochta chun tairbhe na hearnála
loingseoireachta agus na n‑údarás poiblí. Ní fhéadfaí an cur chuige
barainneach arna mholadh maidir le MRV atá bunaithe ar dhoiciméid agus trealamh
atá ar bord lorg cheana féin a úsáid chun astaíochtaí eile seachas CO2 a
thomhas, áfach. Sa bhreis air sin, ní féidir a mheas go bhfuil an trealamh
tomhais atá riachtanach le haghaidh astaíochtaí eile seachas CO2 a
thomhas iontaofa go leor agus go bhfuil sé ar fáil lena n‑úsáid tráchtála
ar muir. Dá bhrí sin, ag an gcéim seo ba cheart an córas MRV atá beartaithe a
chur chun feidhme le haghaidh astaíochtaí CO2 amháin. Bheadh sé
iomchuí athbhreithniú a dhéanamh ar an raon feidhme seo tráth níos déanaí. Maidir leis an raon
feidhme geografach le haghaidh faireacháin, cumhdófar na bealaí seo a leanas i
bprionsabal ar mhodh neamh‑idirdhealaitheach maidir le gach long, beag
beann ar an mbratach atá ar foluain acu: –
muiraistir laistigh den AE –
muiraistir ón gcalafort deireanach nach bhfuil san AE
go dtí an chéad chalafort cuarda AE (muiraistir isteach) –
muiraistir ó chalafort san AE go dtí an chéad
chalafort cuarda eile nach bhfuil san AE (muiraistir amach) Beidh
an timthriall comhlíontachta bunaithe ar chur chuige caighdeánach. Moltar cur
chuige barainneach a úsáid, mar aon le líon teoranta cúraimí a shannadh don
Choimisiún a gheobhaidh cúnamh ón nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht
Mhuirí (EMSA). Dhéanfadh fíoraitheoirí tríú páirtí creidiúnaithe cúraimí a
bhaineann le pleananna faireacháin agus tuarascálacha astaíochtaí a sheiceáil,
cumarsáid le húinéirí agus oibreoirí long agus eisiúint doiciméad
comhlíontachta a áirithiú. Tá taithí fhairsing ag comhlachtaí dá leithéid, lena
bhféadfaí comhlachtaí aitheanta a chuimsiú, cheana féin agus tá ról tábhachtach
acu i sábháilteacht mhuirí. Bheadh ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfaí oibleagáidí
an MRV a fhorfheidhmiú, go háirithe na hÚdaráis Stáit Chalafoirt atá ag baint
úsáide as sásraí rialaithe bratstáit agus Stát an chalafoirt agus as sonraí
arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún. D’fhéadfaí an córas MRV atá beartaithe a
aistriú ina chóras domhanda gan ach líon beag coigeartuithe a dhéanamh mar úsáideann
sé doiciméid a cheanglaítear go hidirnáisiúnta agus struchtúir atá ann cheana amhail
cumainn rangúcháin agus údaráis bratstáit agus Stát an chalafoirt. D’fhonn cur chun feidhme an chórais MRV atá
beartaithe a éascú, tá gá le rialacha níos sainiúla maidir le fíorú agus
creidiúnú fíoraitheoirí. Chomh maith leis sin, ba cheart an cur síos ar na
ceithre mhodh faireacháin agus socrú faisnéise eile is ábhartha maidir leis an
aeráid amhail na táscairí éifeachtúlachta dá bhforáiltear in Iarscríbhinn I
agus II den Rialachán atá beartaithe a athbhreithniú bunaithe ar an bhfianaise
eolaíochta agus ar fhorbairt caighdeán idirnáisiúnta. Chun na críocha sin, ba
cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe ábhartha
a ghlacadh. Chun ullmhú pleananna faireacháin, tuairisciú
agus fíorú ar astaíochtaí agus faisnéis eile is ábhartha leis an aeráid a
shimpliú, úsáidfear teimpléid leictreonacha. Beidh na teimpléid seo á soláthar
agus á nglacadh ag an gCoimisiún bunaithe ar ghníomhartha cur chun feidhme. Léirítear céimeanna an phróisis MRV san fhíor
seo a leanas. 3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA Bunús dlí Is é Airteagal 192(1) den Chonradh ar Fheidhmiú
an Aontais Eorpaigh (CFAE) bunús dlí an togra reachtaigh. Is é atá mar bhonn
leis an togra reachtach tabhairt faoi chuspóir dlisteanach laistigh de raon
feidhme Airteagal 191(1) den CFAE, eadhon, athrú aeráide a chomhrac. Is é
cuspóir an togra reachtaigh seo a áirithiú go ndéantar faireachán agus tuairisciú
ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa ó longa, agus dá bhrí sin, go bhfeabhsaítear
infhaighteacht faisnéise do cheapadh beartas agus cinnteoireacht i gcomhthéacs
thiomantais an Aontais maidir le hathrú aeráide agus go gcuirtear dreasachtaí
ar fáil le haghaidh iarrachtaí maolúcháin. Ní féidir an cuspóir sin a bhaint
amach ar bhealach nach bhfuil chomh sriantach leis an togra reachtach. Prionsabal na coimhdeachta D'fhonn údar a thabhairt do bheart ón AE, ní
mór go mbeadh meas ar phrionsabal na coimhdeachta. (a)
Gnéithe trasnáisiúnta na faidhbe (tástáil
riachtanais) Is eilimintí tábhachtacha iad gnéithe trasnáisiúnta
an athraithe aeráide agus an mhuiriompair i ndáil le cinneadh a dhéanamh
an bhfuil beart ón Aontas riachtanach. Ní leor beart ar an leibhéal náisiúnta amháin
chun freastal ar na cuspóirí atá leagtha amach sa Pháipéar Bán ar Iompar. Tá sé
riachtanach don Aontas dá bhrí sin creat cumasúcháin a chruthú d’fhonn ceanglais
idirnáisiúnta agus ceanglais an Aontais a chomhlíonadh, le faireachán,
tuairisciú agus fíorú comhchuibhithe na n‑astaíochtaí gáis cheaptha teasa
a áirithiú (b)
Tástáil éifeachtachta (breisluach) De bharr a éifeachtachta, bhainfí tairbhí
soiléire as beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais i gcomparáid le beart a
dhéanamh ar leibhéal an Bhallstáit. Toisc go ndéantar na tiomantais
uileghabhálacha um athrú aeráide ar leibhéal an Aontais, lena n‑áirítear
an sprioc maidir le hastaíochtaí a laghdú in earnáil an mhuiriompair faoi 2050
mar a leagadh amach é sa Pháipéar Bán ar Iompar, tá sé éifeachtach na rialacha atá
riachtanach le haghaidh an MRV a fhorbairt ar an leibhéal seo freisin. Sa
bhreis air sin, áiritheoidh an gcreat dlí sin éifeachtacht trí MRV
comhchuibhithe a fheidhmiú le haghaidh muiraistear loinge idir calafoirt i
mBallstáit éagsúla, arb ionann iad agus 90 % de na haistir chuig calafoirt
i mBallstáit an AE. Sa bhreis air sin, dá ndéanfaí beart ar leibhéal an AE,
dhéanfaí saobhadh iomaíochta sa mhargadh inmheánach
a sheachaint trí shrianta comhshaoil comhionanna a áirithiú do na longa uile a thagann
isteach i gcalafoirt an AE. Prionsabal na comhréireachta Comhlíonann an togra prionsabal na
comhréireachta ar na cúiseanna seo a leanas: Ní théann sé thar a bhfuil riachtanach chun an
cuspóir a bhaint amach maidir le sonraí iontaofa a bhailiú ar astaíochtaí gáis
cheaptha teasa ó longa. Sa bhreis air sin, tá an mhodheolaíocht le haghaidh MRV
sa Rialachán atá beartaithe bunaithe ar fhaisnéis atá ar fáil inniu ar bord
lorg cheana féin. Ní bheidh aon trealamh breise de dhíth. Áirithítear comhréireacht an bhirt atá
beartaithe freisin trí dhíriú ar astaíochtaí CO2, arb ionann iad
agus 98 % d’astaíochtaí gáis cheaptha teasa na hearnála loingseoireachta
agus ar longa móra os cionn olltonnáiste (GT) 5000. Fágtar as an áireamh leis
sin beagnach leath den 19000 long atá os cionn olltonnáiste (GT) 300 a tháinig
isteach i gcalafoirt an AE in 2010[14]
ach cumhdaítear fós thart ar 90 % de na hastaíochtaí iomlána ó longa. 4. IMPLEACHT BHUISÉADACH Mar atá sonraithe
sa ráiteas airgeadais a ghabhann leis an Rialachán seo, cuirfear an Rialachán
chun feidhme ag baint úsáide as an mbuiséad atá ann cheana agus ní bheidh
tionchar aige ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil. Meastar go mbeidh costais
TF teoranta de thart ar EUR 0.5 M i gceist chun an coigeartú atá de dhith a
dhéanamh ar uirlis atá ann cheana agus arna hóstáil agus arna feidhmiú ag EMSA.
Braitheann rannpháirtíocht EMSA ar chúram coimhdeach ábhartha na
gníomhaireachta a dhéanfaidh Bord EMSA a ghníomhachtú agus a fhormheas. 5. GNÉITHE ROGHNACHA Clásal um athbhreithniú/leasú San áireamh sa
togra tá foráil lena gceadaítear don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an
Rialachán seo i gcomhthéacs forbairtí idirnáisiúnta amach anseo, go háirithe i
gcás ina dtabharfaí córas MRV domhanda isteach tríd an IMO. I gcás dá leithéid,
ba cheart an Rialachán atá beartaithe a athbhreithniú agus é a leasú más iomchuí
d'fhonn forálacha an MRV a chur i gcomhréir leis an gcóras idirnáisiúnta. 2013/0224 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a
dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar agus lena leasaítear
Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) TÁ PARLAIMINT NA HEORPA AGUS COMHAIRLE AN
AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur
faoi bhráid na bparlaimintí náisiúnta, Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta na hEorpa[15],
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[16], Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós
imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1) Soláthraítear sainordú
soiléir sa Phacáiste um Fhuinneamh agus Athrú Aeráide[17] ina n‑éilítear rannchuidiú ó
earnálacha uile an gheilleagair, lena n‑áirítear loingseoireacht mhuirí
idirnáisiúnta, d’fhonn na laghduithe ar astaíochtaí a bhaint amach: i gcás nach
bhfuil aon chomhaontú idirnáisiúnta ina n‑áirítear astaíochtaí muirí
idirnáisiúnta cumhdaithe ina spriocanna um laghdú tríd an Eagraíocht Mhuirí
Idirnáisiúnta formheasta ag na Ballstáit, nó mura bhfuil aon chomhaontú den
sórt sin trí Chreat‑Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú
Aeráide formheasta ag an gComhphobal faoin 31 Nollaig 2011, ba cheart
don Choimisiún togra a dhéanamh astaíochtaí muirí idirnáisiúnta a áireamh i dtiomantas
an Chomhphobail maidir le laghdú astaíochtaí agus é mar aidhm go dtiocfaidh an
togra atá beartaithe i bhfeidhm faoi 2013. Ba cheart aon tionchar diúltach ar
iomaíochas an Chomhphobail a íoslaghdú le togra den sórt sin agus na tairbhí
ionchasacha don chomhshaol á gcur san áireamh ag an am céanna. (2) In Iúil 2011, ghlac an
Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) bearta teicniúla agus oibriúcháin, go
háirithe an Innéacs Dearaidh um Éifeachtúlacht Fuinnimh (EEDI) le haghaidh long
nua agus an Plean Bainistíochta um Éifeachtúlacht i bhFuinneamh Long (SEEMP), a
fheabhsóidh cúrsaí i dtéarmaí an méadú ionchasach ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa
a laghdú, ach ní féidir leis na bearta sin amháin na laghduithe i
ndearbhastaíochtaí gáis cheaptha teasa ó loingseoireacht idirnáisiúnta is gá a
bhaint amach chun coinneáil leis an sprioc domhanda méaduithe ar theocht
dhomhanda a theorannú do 2°C. (3) De réir sonraí arna soláthar
ag an IMO, féadfar tomhaltas sonrach fuinnimh agus astaíochtaí CO2
long a laghdú suas le 75 % trí bheartais oibriúcháin a chur i bhfeidhm
agus trí theicneolaíochtaí reatha a chur chun feidhme; is féidir cuid
shuntasach de na bearta sin a mheas mar bhearta cost‑éifeachtúla toisc
gur féidir cúiteamh aon chostas oibriúcháin nó infheistíochta a áirithiú leis
an laghdú ar chostais breosla. (4) D’fhonn astaíochtaí dé-ocsaíde
carbóin ó loingseoireacht a laghdú ar leibhéal an Aontais is é an rogha is
fearr i gcónaí córas a chur ar bun chun faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí CO2
agus chun iad a thuairisciú agus a fhíorú (córas MRV) bunaithe ar ídiú breosla na
long mar chéim thosaigh i gcur chuige céimnithe chun astaíochtaí ó mhuiriompar a
áireamh i dtiomantas an Aontais maidir le gás ceaptha teasa a laghdú. (5) Is deacair bearta a ghlacadh
chun astaíochtaí gáis cheaptha teasa agus ídiú breosla a laghdú de dheasca bacainní
margaidh amhail easpa faisnéise iontaofa maidir le héifeachtúlacht fuinnimh na
long nó maidir leis na teicneolaíochtaí atá ar fáil chun longa a iarfheistiú,
easpa rochtana ar mhaoiniú le haghaidh infheistíochtaí in éifeachtúlacht long
agus dreasachtaí scoilte toisc nach mbainfidh úinéirí long leas as a n‑infheistíochtaí
in éifeachtúlacht long nuair is iad oibreoirí a íocann as billí breosla. (6) Léirítear leis na torthaí ón
gcomhairliúchán le páirtithe leasmhara agus ó phléití le comhpháirtithe
idirnáisiúnta gur cheart cur chuige céimnithe a chur i bhfeidhm maidir le hastaíochtaí
ó mhuiriompar a áireamh i dtiomantas an Aontais maidir le gás ceaptha teasa a
laghdú agus córas láidir MRV a chur chun feidhme i leith astaíochtaí CO2
ó mhuiriompar mar chéim thosaigh agus praghsáil na n‑astaíochtaí a
dhéanamh ag céim níos deireanaí. Éascófar dul chun cinn suntasach ar leibhéal
idirnáisiúnta leis an gcur chuige sin maidir le spriocanna i ndáil le
laghduithe ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa agus maidir le bearta breise chun
na laghduithe sin a bhaint amach ar an gcostas is ísle. (7) Táthar ag súil le laghduithe
suas le 2 % ar astaíochtaí mar thoradh ar thabhairt isteach chóras MRV an
Aontais i gcomparáid le gnó-mar-is‑gnách agus le laghduithe
comhiomlánaithe ar ghlanchostais suas le 1.2 billiún EUR faoi 2030 toisc go
bhféadfadh sé cuidiú le bacainní margaidh a bhaint, go háirithe iad siúd a
bhaineann le heaspa faisnéise maidir le héifeachtúlacht long. Ba cheart trádáil
idirnáisiúnta a éascú leis an laghdú sin ar chostais iompair. Ina theannta sin,
is réamhriachtanas é córas MRV láidir maidir le haon bheartas atá bunaithe ar
an margadh nó aon chaighdeán éifeachtúlachta, cibé a bhfuil siad á gcur i
bhfeidhm ar leibhéal an Aontais nó ar leibhéal domhanda. Soláthraíonn sé
freisin sonraí iontaofa chun spriocanna beachta i ndáil le laghdú ar
astaíochtaí a leagan síos agus chun measúnú a dhéanamh ar dhul chun cinn iarrachtaí
earnáil an mhuiriompair i ndáil le geilleagar ísealcharbóin a bhaint amach. (8) Maidir leis na muiraistir
uile laistigh den Aontas, na muiraistir uile isteach ón gcalafort deireanach nach
bhfuil san Aontas go dtí an chéad calafort cuarda san Aontas, agus na
muiraistir uile amach ó chalafort san Aontas go dtí an chéad chalafort eile
nach bhfuil san Aontas, ba cheart iad a mheas mar aistir ábhartha chun críche faireacháin.
Ba cheart astaíochtaí CO2 i gcalafoirt san Aontas lena n‑airítear
cásanna ina bhfuil longa i mbeart nó ina mbogann siad laistigh de chalafort a
chumhdach freisin, go háirithe toisc go bhfuil bearta sonracha ar fáil maidir
leis na hastaíochtaí sin a laghdú nó a sheachaint. Ba cheart na rialacha seo a
chur i bhfeidhm ar bhonn neamh‑idirdhealaitheach i ndáil le gach long
beag beann ar an mbratach atá ar foluain aige. (9) Ba cheart an córas MRV atá beartaithe
a bheith i bhfoirm Rialacháin de bharr a chasta agus a theicniúla is atá na
forálacha arna dtabhairt isteach, an ghá atá le rialacha comhionanna is
infheidhme ar fud an Aontais chun gné idirnáisiúnta an mhuiriompair a léiriú, rud
a chiallaíonn go mbítear ag súil le go leor long a bheith ag teacht isteach chuig
calafoirt i mBallstáit éagsúla, agus chun cur chun feidhme ar fud an Aontais a
éascú. (10) Ba cheart córas láidir MRV an
Aontais atá sainiúil maidir le longa a bheith bunaithe ar ríomh na n-astaíochtaí
ó bhreosla a ídítear le linn muiraistear ó chalafoirt an Aontais agus chucu
toisc nach féidir meastacháin chruinne iomchuí laistigh den raon feidhme
sonrach seo a sholáthar ó shonraí maidir le díolacháin breosla de bharr
toilleadh mór umair na long. (11) Ba cheart do chóras MRV an
Aontais faisnéis eile is ábhartha maidir leis an aeráid a chumhdach chun
éifeachtúlacht long a chinneadh agus chun anailís bhreise a dhéanamh ar na
nithe a spreagann méadú ar astaíochtaí. Cuireann an raon feidhme sin córas MRV
an Aontais i gcomhréir freisin le tionscnaimh idirnáisiúnta lena dtugtar
isteach caighdeáin éifeachtúlachta do longa atá ann cheana, agus lena
gcumhdaítear bearta oibriúcháin, agus cuidíonn sé le bacainní margaidh a
bhaineann le heaspa faisnéise a bhaint. (12) D'fhonn an t‑ualach
riaracháin a íoslaghdú d'úinéirí agus d'oibreoirí long, go háirithe d'fhiontair
bheaga agus mheánmhéide, agus d'fhonn cóimheas costais is tairbhe an chórais
MRV a bharrfheabhsú gan an cuspóir a chur i gcontúirt, eadhon an chuid is mó
d’astaíochtaí gáis cheaptha teasa ó mhuiriompar a chumhdach, níor cheart go
mbeadh feidhm ag rialacha an chórais MRV ach i gcás astaírí móra. Roghnaíodh
tairseach olltonnáiste 5000 (GT) tar éis anailís mhionsonraithe oibiachtúil a
dhéanamh ar mhéideanna agus ar astaíochtaí long atá ag teacht isteach agus ag
imeacht ó chalafoirt an Aontais. Is iad longa atá os cionn 5000 GT, agus arb
ionann iad agus thart ar 55 % de líon na long a thagann isteach i
gcalafoirt an Aontais, is cúis le thart ar 90 % de na hastaíochtaí lena
mbaineann. D'áiritheodh an tairseach neamh-idirdhealaitheach sin go gcumhdófaí
na hastaírí ba thábhachtaí. Bheadh ualach riaracháin níos airde mar thoradh ar
thairseach níos ísle, agus chuirfeadh tairseach níos airde srian le cumhdach na
n-astaíochtaí agus, dá bhrí sin, le héifeachtúlacht an chórais ó thaobh an
chomhshaoil de. (13) D’fhonn na hiarrachtaí
riaracháin a íoslaghdú a thuilleadh d'úinéirí agus d'oibreoirí long, ba cheart go
ndíreodh na rialacha faireacháin ar CO2 mar is é sin an gás ceaptha
teasa is ábhartha a astaíonn muiriompar agus is é is cúis le suas le 98 %
d’astaíochtaí gáis cheaptha teasa iomlána na hearnála sin. (14) Ba cheart a chur san áireamh
leis na rialacha na ceanglais reatha agus na sonraí atá ar fáil cheana ar bord
long; mar sin ba cheart an deis a thabhairt d’úinéirí long ceann de na ceithre
mhodh faireacháin a leanas a roghnú: úsáid Nótaí Seachadta um Breosla Umair, faireachán
ar bhreosla umair, sreabhmhéadair le haghaidh próisis dócháin is infheidhme nó
astaíochtaí díreacha a thomhas. Ba cheart an rogha a dhéanfar a dhoiciméadú sa phlean
faireacháin a bhaineann le longa go sainiúil agus sonraí breise a sholáthar
leis ar chur i bhfeidhm an mhodha roghnaithe. (15) Ba cheart a mheas go bhfuil
aon chuideachta atá freagrach as tréimhse tuairiscithe iomlán maidir le long
atá ag tabhairt faoi ghníomhaíochtaí loingseoireachta freagrach as na
riachtanais faireacháin agus tuairiscithe uile a thagann chun cinn maidir leis
an tréimhse tuairiscithe sin, lena n‑áirítear tuarascáil ar astaíochtaí
atá fíoraithe go sásúil a chur faoi isteach. I gcás athrú úinéireachta, ní
bheidh an t‑úinéir nua freagrach ach as na hoibleagáidí faireacháin agus
tuairiscithe a bhaineann leis an tréimhse tuairiscithe inar tharla an t‑athrú
úinéireachta. D’fhonn comhlíonadh na n‑oibleagáidí sin a éascú, ba cheart
cóip den phlean faireacháin is déanaí a thabhairt don úinéir nua, agus
doiciméad comhlíontachta más infheidhme. Ba cheart modhnú ar an bplean faireacháin
a bheith ina thoradh ar athrú úinéireachta d’fhonn cur ar chumas an úinéara nua
a roghanna féin a dhéanamh maidir leis an modheolaíocht faireacháin. (16) Níor cheart gáis cheaptha
teasa eile, ná nithe lena gcuirtear brú ar an aeráid ná truailleáin aeir a
chumhdach le córas MRV an Aontais ag an gcéim seo d'fhonn ceanglais a
sheachaint maidir le trealamh tomhais nach bhfuil iontaofa go leor ná nach
bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála a shuiteáil; d'fhéadfadh sin cur isteach ar
chur chun feidhme chóras MRV an Aontais. (17) D’fhonn an t‑ualach
riaracháin a íoslaghdú d’úinéirí agus d’oibreoirí, ba cheart tuairisciú agus
foilsiú na faisnéise tuairiscithe a eagrú ar bhonn bliantúil. Ba cheart dul i
ngleic le saincheisteanna rúndachta trí fhoilsiú faisnéise faoi astaíochtaí,
ídiú breosla agus faisnéise a bhaineann le héifeachtúlacht a theorannú do
mheáin bhliantúla agus figiúirí comhiomlánaithe. Ba cheart na sonraí arna
dtuairisciú don Choimisiún a chomhtháthú le staitisticí sa mhéad is go bhfuil
na sonraí sin ábhartha d’fhorbairt, do tháirgeadh agus do scaipeadh staitisticí
Eorpacha i gcomhréir le Cinneadh 2012/504/AE ón gCoimisiún an 17 Meán
Fómhair 2012 maidir le Eurostat[18]. (18) Ba cheart a áirithiú le fíorú arna
dhéanamh ag fíoraitheoirí creidiúnaithe go bhfuil pleananna faireacháin agus
tuarascálacha astaíochtaí cruinn agus go gcomhlíonann siad na ceanglais arna
sainiú sa Rialachán seo. Mar ghné thábhachtach chun fíorú a shimpliú, ba cheart
d’fhíoraitheoirí creidiúnacht sonraí a sheiceáil trí shonraí tuairiscithe a
chur i gcomparáid le sonraí measta bunaithe ar shonraí rianaithe agus
saintréithe long. D’fhéadfadh an Coimisiún meastacháin den sórt sin a
sholáthar. Ba cheart go mbeadh fíoraitheoirí ina n‑eintitis dlí nó ina
ndaoine neamhspleácha agus inniúla agus ba cheart go mbeadh siad creidiúnaithe
ag comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta arna mbunú de bhun Rialachán (CE) Uimh
765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008
lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas
margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú agus lena n‑aisghairtear
Rialachán (CEE) Uimh 339/93[19]. (19) Ba cheart doiciméad comhlíontachta
arna eisiúint ag fíoraitheoir a choinneáil ar bord long chun comhlíonadh na n-oibleagáidí
faireacháin, tuairiscithe agus fíorúcháin a léiriú. Ba cheart go gcuirfeadh
fíoraitheoirí an Coimisiún ar an eolas nuair a eisítear doiciméid dá leithéid. (20) Bunaithe ar thaithí ó chúraimí
cosúla a bhaineann le sábháilteacht mhuirí, ba cheart don Ghníomhaireacht
Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA) tacú leis an gCoimisiún trí chúraimí áirithe
a chur i gcrích. (21) Ba cheart smachtbhannaí a
bheith ina thoradh ar neamhchomhlíonadh fhorálacha an Rialacháin seo. Ba cheart
forfheidhmiú na n‑oibleagáidí a bhaineann leis an gcóras MRV a bheith
bunaithe ar ionstraimí atá i bhfeidhm cheana féin, eadhon na hionstraimí sin
arna dtionscnamh i gcur i bhfeidhm Threoir 2009/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle maidir le comhlíonadh ceanglas bratstát[20] agus Treoir 2009/16/CE ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le
rialú Stát calafoirt[21],
agus maidir le faisnéis i leith doiciméid chomhlíontachta a eisiúint. Ba cheart
don Choimisiún an doiciméad lena ndeimhnítear comhlíonadh na loinge leis na
hoibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe a chur leis an liosta de na
deimhnithe agus na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 13(1) de Threoir
2009/16/CE. (22) Déantar foráil i dTreoir 2009/16/CE
maidir le longa a choinneáil in éagmais deimhnithe nach mór a iompar ar bord. I
gcás mainneachtain long in oibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe a
chomhlíonadh le haghaidh níos mó ná tréimhse tuairiscithe amháin, is iomchuí,
mar sin féin, foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht iad a dhíbirt.
Ba cheart go gcuirfí é sin i bhfeidhm ar bhealach trínar féidir an cás a
réiteach laistigh de thréimhse ama réasúnta. (23) Ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 525/2013
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le sásra
chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa
agus maidir le faisnéis eile a thuairisciú ar leibhéal náisiúnta agus ar
leibhéal an Aontais atá ábhartha don athrú aeráide[22] a leasú d’fhonn ceanglais a
shuíomh maidir le faireachán agus tuairisciú Ballstáit ar astaíochtaí CO2
ó mhuiriompar de bhun an Rialacháin seo. (24) Ba cheart a bheith in ann
córas MRV an Aontais a úsáid mar shamhail do chur chun feidhme chóras MRV
domhanda. Is fearr córas domhanda MRV, mar d'fhéadfaí a mheas go mbeadh sé níos
éifeachtaí de bharr raon feidhme níos leithne a bheith ag gabháil leis. Sa
chomhthéacs sin, ba cheart don Choimisiún faisnéis ábhartha maidir le cur chun
feidhme an Rialacháin seo a roinnt leis an IMO agus le comhlachtaí
idirnáisiúnta eile ar bhonn rialta, agus ba cheart aighneachtaí ábhartha a chur
faoi bhráid an IMO. I gcás comhaontaithe ar chóras MRV domhanda, ba cheart don
Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar chóras MRV an Aontais d’fhonn é a chur i
gcomhréir leis an gcóras domhanda. (25) D’fhonn an úsáid is fearr is
féidir a bhaint as na dea-chleachtais agus an fhianaise eolaíoch is fearr atá
ar fáil, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290
den Chonradh a tharmligean don Choimisiún maidir le gnéithe teicniúla áirithe
den fhaireachán agus den tuairisciú ar astaíochtaí CO2 ó longa agus athbhreithniú
agus rialacha níos sonraithe maidir le tuarascálacha astaíochtaí agus creidiúnú
fíoraitheoirí a fhíorú. Is den tábhacht é go gcuirfidh an Coimisiún na
comhairliúcháin chuí i gcrích agus an obair ullmhúcháin ar bun, comhairliúchán
le saineolaithe san áireamh. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus
gníomhartha tarmligthe á n‑ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go
ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus go
hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. (26) D’fhonn dálaí comhionanna a
áirithiú maidir le córais uathoibríocha agus teimpléid leictreonacha
chaighdeánacha a úsáid chun tuairisciú comhtháite a dhéanamh ar astaíochtaí
agus ar fhaisnéis ábhartha eile a bhaineann leis an aeráid don Choimisiún agus do
na Stáit lena mbaineann, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don
Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí cur chun feidhme sin a fheidhmiú i
gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na
prionsabail ghinearálta a bhaineann le sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit
ar fheidhmiú chumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin[23]. (27) Ní féidir cuspóir an bhirt atá
beartaithe, eadhon faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí
CO2 ó longa mar chéad chéim de chur chuige céimnithe chun na
hastaíochtaí sin a laghdú, ní féidir leis na Ballstáit é sin a bhaint amach ag
feidhmiú ina n‑aonar de bharr gnéithe idirnáisiúnta an mhuiriompair, agus
mar sin bainfear amach níos fearr é, de bharr scála agus tionchar an bhirt, ar
leibhéal an Aontais. Féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le
prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den
Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha amach
san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar an méid atá riachtanach
d’fhonn na cuspóirí sin a bhaint amach. (28) Ba cheart go gcomhlíonfadh na
rialacha lena gcuirtear an córas MRV ar bun forálacha Threoir 95/46/CE ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995
maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus
maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin[24]
agus Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i
dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den
sórt sin[25]. (29) Ba cheart go dtiocfaidh an
Rialachán seo i bhfeidhm an 1 Iúil 2015 d’fhonn a áirithiú go bhfuil
dóthain ama ag na Ballstáit agus ag na páirtithe leasmhara ábhartha na bearta
is gá a ghlacadh ar mhaithe le cur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin seo
sula dtosaíonn an chéad tréimhse tuairiscithe an 1 Eanáir 2018. TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: CAIBIDIL I FORÁLACHA
GINEARÁLTA Airteagal 1 Ábhar Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha
maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú beacht a dhéanamh ar astaíochtaí
dé-ocsaíde carbóin (CO2) agus maidir le faisnéis eile is ábhartha
maidir leis an aeráid ó longa a thagann isteach i gcalafoirt atá faoi dhlínse
Ballstáit, atá laistigh díobh nó a imíonn uathu d'fhonn laghdú na n‑astaíochtaí
CO2 ó mhuiriompar a chur chun cinn ar bhealach costéifeachtúil. Airteagal 2 Raon
feidhme 1. Baineann an Rialachán seo le
longa atá os cionn olltonnáiste 5000 i ndáil le hastaíochtaí a sceitear le linn
a muiraistear ón gcalafort cuarda deireanach go dtí calafort atá faoi dhlínse
Ballstáit agus ó chalafort atá faoi dhlínse Ballstáit go dtí a gcéad chalafort
cuarda eile, chomh maith le muiraistir laistigh de chalafoirt atá faoi dhlínse
Ballstáit. 2. Ní bhaineann an Rialachán seo
le longa cogaidh, cúntaigh chabhlaigh, longa gabhála éisc ná longa próiseála,
longa adhmaid de thógáil phrimitíbheach, longa nach dtiomáintear le fearas meicniúil
ná longa rialtais arna n‑úsáid chun críocha neamhthráchtála. Airteagal 3 Sainmhínithe Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na
sainmhínithe seo a leanas: (a)
ciallaíonn 'astaíochtaí' scaoileadh CO2
isteach san atmaisféar ag longa dá bhforáiltear in Airteagal 2; (b)
ciallaíonn 'calafort cuarda' an calafort ina
stopann long chun lastas a luchtú nó a dhíluchtú nó chun paisinéirí a bhordáil
nó a dhíbhordáil, cé is moite de stopanna chun críche athbhreoslaithe,
soláthairtí úra a fháil, agus/nó chun críche faoiseamh a thabhairt don chriú; (c)
ciallaíonn 'cuideachta' úinéir loinge dá
bhforáiltear in Airteagal 2 nó aon duine eile, amhail an bainisteoir nó an
cairtfhostóir forléasta, a ghlac freagracht ó úinéir na loinge maidir lena
hoibriúcháin; (d)
ciallaíonn 'olltonnáiste' (GT) an t‑olltonnáiste
méadrach arna ríomh i gcomhréir leis na rialacha maidir le tonnáiste a thomhais
atá in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le
Tonnáiste Long a Thomhas, 1969; (e)
ciallaíonn 'fíoraitheoir' eintiteas dlíthiúil a
dhéanann gníomhaíochtaí fíorúcháin agus atá creidiúnaithe ag comhlacht
creidiúnaithe náisiúnta de bhun Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[26] agus de bhun an Rialacháin seo; (f)
ciallaíonn ‘fíorú’ na gníomhaíochtaí a chuireann
fíoraitheoir i gcrích d’fhonn comhlíonadh na ndoiciméad arna dtarchur ag an
gcuideachta leis na ceanglais faoin Rialachán seo a mheas; (g)
ciallaíonn 'faisnéis eile is ábhartha maidir leis
an aeráid' faisnéis a bhaineann le hídiú breosla, obair iompair agus
éifeachtúlacht fuinnimh long lena féidir anailís a dhéanamh ar threochtaí
astaíochtaí agus measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht long; (h)
ciallaíonn 'fachtóir astaíochta' meánráta
astaíochta gáis cheaptha teasa i gcóimheas le sonraí gníomhaíochtaí maidir le
sreabhadh foinse ag glacadh le hocsaidiú iomlán i gcás dócháin agus tiontú
iomlán i leith na n‑imoibriúcháin cheimiceacha eile uile; (i)
ciallaíonn 'neamhchinnteacht' paraiméadar,
bainteach le toradh ar chainníocht a chinneadh arb é a phríomhthréith luachanna
a scaipeadh a d'fhéadfaí a shannadh go réasúnach don chainníocht áirithe, lena n‑áirítear
éifeachtaí fachtóirí córasacha chomh maith le fachtóirí randamacha, á chur in
iúl mar chéatadán, agus léirítear leis eatramh muiníne timpeall an mheánluacha
lena gcuimsítear 95 % de luachanna bunaithe ar thátal ag cur aon
neamhshiméadrachta i scaipeadh na luachanna san áireamh; (j)
ciallaíonn 'coimeádach' go bhfuil tacar toimhdí
sainithe d’fhonn a áirithiú nach dtarlaíonn aon ghanmheastachán ar astaíochtaí
bliantúla ná aon rómheastachán ar achair nó ar mhéideanna lastais; (k)
ciallaíonn 'tonaí CO2' tonaí méadracha
CO2; (l)
ciallaíonn 'tréimhse tuairiscithe' bliain féilire
amháin nach mór faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí lena linn.
CAIBIDIL II FAIREACHÁN AGUS TUAIRISCIÚ Roinn 1 Prionsabail agus modhanna faireacháin agus
tuairiscithe Airteagal 4 Prionsabail
chomhpháirteacha faireacháin agus tuairiscithe 1. Déanfaidh cuideachtaí faireachán
agus tuairisciú i leith an mhéid agus an chineáil breosla a ídíonn gach long le
linn bliain féilire laistigh de gach calafort atá faoi dhlínse Ballstáit agus i
leith gach muiraistir a thagann isteach i gcalafort atá faoi dhlínse Ballstáit
agus a imíonn uaidh i gcomhréir le míreanna 2 go 6. 2. Beidh an faireachán agus an tuairisciú
iomlán agus cumhdófar leo na hastaíochtaí uile a eascraíonn as dóchán breosla.
Cuirfidh cuideachtaí bearta iomchuí i bhfeidhm chun aon bhearnaí sna sonraí a
sheachaint laistigh den tréimhse tuairiscithe. 3. Beidh faireachán agus
tuairisciú comhsheasmhach agus inchomparáide thar am. Bainfidh cuideachtaí
úsáid as na modheolaíochtaí faireacháin céanna agus as na tacair shonraí
chéanna faoi réir ag athruithe agus maoluithe arna bhformheas ag an
bhfíoraitheoir. 4. Gheobhaidh cuideachtaí sonraí
faireacháin, lena n‑áirítear toimhdí, tagairtí, fachtóirí astaíochta agus
sonraí gníomhaíochtaí, agus déanfaidh siad iad a thaifeadadh, a thiomsú, a
anailísiú agus a dhoiciméadú ar bhealach trédhearcach a chuidíonn leis an bhfíoraitheoir
cinneadh na n‑astaíochtaí a dhéanamh athuair. 5. Áiritheoidh cuideachtaí nach ndéanfar
cinneadh míchruinn faoi astaíochtaí go córasach ná go feasach. Aithneoidh siad
agus laghdóidh siad aon fhoinse míchruinnis. 6. Cumasóidh cuideachtaí sláine
réasúnach na sonraí astaíochta a mbeidh faireachán agus tuairisciú le déanamh
orthu. Airteagal 5 Modhanna chun faireachán agus
tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí ó mhuiriompar Chun críocha Airteagal 4(1), (2) agus
(3), cinnfidh cuideachtaí a n‑astaíochtaí agus faisnéis eile is ábhartha
maidir leis an aeráid maidir le gach long dá gcuid atá os cionn 5000 GT i
gcomhréir le ceann ar bith de na modhanna atá leagtha amach in Iarscríbhinn I. ROINN 2 PLEAN FAIREACHÁIN Airteagal 6 Ábhar agus cur isteach an phlean faireacháin 1. Faoin 31 Lúnasa 2017,
cuirfidh cuideachtaí plean faireacháin faoi bhráid na bhfíoraitheoirí, plean
ina sonrófar an modh arna roghnú chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar
astaíochtaí agus faisnéis eile is ábhartha maidir leis an aeráid do gach ceann
dá longa atá os cionn 5000 GT. 2. De mhaolú ar mhír 1, i ndáil
le longa a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo den chéad uair i ndiaidh
an 1 Eanáir 2018, cuirfidh an chuideachta plean faireacháin faoi
bhráid an fhíoraitheora gan aon mhoill mhíchuí tráth nach déanaí ná dhá mhí i
ndiaidh a gcéad chuairt ar chalafort atá faoi dhlínse Ballstáit. 3. San áireamh sa phlean faireacháin
dá dtagraítear i mír 1 beidh doiciméadacht iomlán agus thrédhearcach maidir le
modheolaíocht faireacháin loinge ar leith agus beidh na nithe seo a leanas, ar
a laghad, san áireamh freisin: (a)
sainaithint agus cineál na loinge lena n‑áirítear
ainm na loinge, uimhir chlárúcháin Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) na
loinge, calafort cláraithe nó calafort baile agus ainm úinéir na loinge; (b)
ainm agus seoladh na cuideachta, sonraí teileafóin,
facs agus ríomhphoist teagmhálaí; (c)
tuairisc ar na foinsí astaíochtaí ar bord na loinge
amhail na príomhinill, innill chúnta, coirí agus gineadóirí triathgháis agus na
cineálacha breosla atá in úsáid; (d)
tuairisc ar na nósanna imeachta, córais agus
freagrachtaí arna n-úsáid chun iomláine an liosta d’fhoinsí astaíochtaí a
nuashonrú i rith na bliana faireacháin chun críche iomláine fhaireachán agus
thuairisciú astaíochtaí na loinge a áirithiú; (e)
tuairisc ar na nósanna imeachta arna n‑úsáid
chun faireachán a dhéanamh ar iomláine an liosta muiraistear; (f)
tuairisc ar na nósanna imeachta chun faireachán a
dhéanamh ar ídiú breosla na loinge, lena n‑áirítear: (i) an modh roghnaithe mar atá sonraithe in
Iarscríbhinn I chun ídiú breosla gach foinse astaíochta a ríomh lena n‑áirítear
tuairisc ar an trealamh tomhais arna úsáid, de réir mar is infheidhme; (ii) nósanna imeachta maidir leis an méid
breosla a chuirtear ar bord agus an bhreosla i dtancanna a thomhas, tuairisc ar
na huirlisí tomhais i gceist agus na nósanna imeachta maidir le taifeadadh,
aisghabháil, aistriú agus stóráil faisnéise a bhaineann le tomhais, de réir mar
is infheidhme; (iii) an modh roghnaithe chun dlús a
chinneadh, nuair is infheidhme; (iv) nós imeachta d’fhonn a áirithiú go
bhfuil neamhchinnteacht na dtomhas breosla comhsheasmhach le ceanglais an
rialacháin seo agus, más féidir, ba cheart tagairt a dhéanamh do dhlíthe
náisiúnta, clásail i gconarthaí custaiméirí nó caighdeáin bheachtais
soláthraithe breosla; (g)
fachtóirí aonair astaíochtaí arna n-úsáid le
haghaidh gach cineál breosla, nó i gcás breoslaí ionadúla, na modheolaíochtaí
chun na fachtóirí astaíochtaí a chinneadh, lena n‑áirítear an
mhodheolaíocht do shampláil, modhanna anailíse, tuairisc ar na saotharlanna arna
n‑úsáid (agus creidiúnú dearbhaithe ISO 17025 nuair is iomchuí); (h)
tuairisc ar na nósanna imeachta arna n‑úsáid
chun sonraí gníomhaíochta in aghaidh an mhuiraistir a chinneadh, lena n‑áirítear: (i) na nósanna imeachta, freagrachtaí agus
foinsí sonraí chun an fad a taistealaíodh in aghaidh an mhuiraistir a chinneadh
agus a thaifeadadh; (ii) na nósanna imeachta, freagrachtaí,
foirmlí agus foinsí sonraí arna n‑úsáid chun an lastas arna iompar agus
an líon paisinéirí a chinneadh agus a thaifeadadh de réir mar is infheidhme; (iii) na nósanna imeachta, freagrachtaí,
foirmlí agus foinsí sonraí arna n‑úsáid chun an méid ama a caitheadh ar
muir idir imeacht ó chalafort agus teacht isteach i gcalafort a chinneadh agus
a thaifeadadh; (i)
tuairisc ar an modh atá le húsáid chun sonraí
ionadacha a chinneadh chun bearnaí sna sonraí a líonadh; (j)
dáta an mhodhnaithe is déanaí ar an bplean faireacháin. 4. Bainfidh cuideachtaí úsáid as
pleananna faireacháin caighdeánaithe bunaithe ar theimpléid. Cinnfear rialacha teicniúla lena mbunaítear
teimpléid na bpleananna faireacháin dá dtagraítear i mír 1 trí bhíthin gníomhartha
cur chun feidhme. Glacfaidh an Coimisiúin na
gníomhartha cur chun feidhme sin de réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 25(2)
den Rialachán seo. Airteagal 7 Modhnuithe ar an bplean faireacháin Seiceálfaidh cuideachtaí
go rialta an bhfuil léargas le fáil i bplean faireacháin na loinge ar chineál agus
ar fheidhmiú na loinge agus an féidir an mhodheolaíocht faireacháin a fheabhsú. Déanfaidh cuideachta an plean faireacháin a
mhodhnú i gcás aon cheann de na cúinsí seo a leanas: (a)
i gcás ina dtarlaíonn athrú ar úinéireacht long; (b)
i gcás inarb ann d’astaíochtaí nua mar gheall ar
fhoinsí nua astaíochtaí nó mar gheall ar úsáid a bheith á baint as breoslaí nua
nach bhfuil luaite sa phlean faireacháin go fóill; (c)
i gcás ina bhfuil athrú ar infhaighteacht sonraí,
mar gheall ar chineálacha nua uirlisí tomhais, modhanna samplála nó modhanna
anailíse a úsáid, nó ar chúiseanna eile, agus beachtas níos airde ann i ndáil
le cinneadh astaíochtaí dá bhrí sin; (d)
i gcás ina n-aimsítear go bhfuil na sonraí a
tháinig as modheolaíocht faireacháin a cuireadh i bhfeidhm roimhe sin mícheart; (e)
i gcás nach bhfuil an plean faireacháin i gcomhréir
le ceanglais an Rialacháin seo agus ina n‑iarrann na fíoraitheoirí ar an
gcuideachta an plean faireacháin sin a mhodhnú. Cuirfidh cuideachtaí aon tograí maidir le
modhnú an phlean faireacháin in iúl do na fíoraitheoirí gan aon mhoill mhíchuí. Beidh aon mhodhnú suntasach ar an bplean faireacháin
faoi réir measúnaithe an fhíoraitheora. Roinn 3 FAIREACHÁN AR ASTAÍOCHTAÍ AGUS
FAISNÉIS ÁBHARTHA EILE Airteagal 8 Faireachán ar ghníomhaíochtaí laistigh
de thréimhse tuairiscithe Ón 1 Eanáir 2018, déanfaidh
cuideachtaí, bunaithe ar an bplean faireacháin arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 13(1), faireachán ar astaíochtaí le haghaidh
gach loinge in aghaidh an mhuiraistir agus ar bhonn bliantúil tríd an modh iomchuí
a chur i bhfeidhm as measc a bhfuil leagtha amach i gcuid B
d’Iarscríbhinn I agus trí astaíochtaí a ríomh i gcomhréir le cuid A
d’Iarscríbhinn I Airteagal 9 Faireachán in aghaidh an mhuiraistir Bunaithe ar an bplean faireacháin
arna fhormheas i gcomhréir le Airteagal 13(1), le haghaidh gach loinge
agus gach muiraistir a thagann isteach i gcalafort agus a imíonn ó chalafort
atá faoi dhlínse Ballstáit,
déanfaidh cuideachtaí faireachán i gcomhréir le cuid A d’Iarscríbhinn I agus
Iarscríbhinn II, ar an bhfaisnéis seo a leanas: (a)
an calafort óna n-imítear agus an calafort a
dtagtar isteach ann lena n‑áirítear dáta agus uair na himeachta agus an
teachta isteach; (b)
méid agus fachtóir astaíochtaí do gach cineál
breosla arna ídiú ar an iomlán agus arna idirdhealú idir breosla a úsáidtear
laistigh agus lasmuigh de na réimsí rialaithe astaíochtaí; (c)
méid an CO2 a astaítear; (d)
an fad a thaistealaítear; (e)
an t‑am a chaitear ar muir; (f)
an lastas a iompraítear; (g)
an obair iompair. Airteagal 10 Faireachán ar bhonn bliantúil Bunaithe ar an bplean faireacháin arna
fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 13(1), le haghaidh gach loinge agus
gach bliana féilire, déanfaidh an chuideachta faireachán, i gcomhréir le cuid A
d’Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II, ar na paraiméadair seo a leanas: (a)
méid agus fachtóir astaíochtaí do gach cineál
breosla arna ídiú ar an iomlán agus arna idirdhealú idir breosla a úsáidtear laistigh
agus lasmuigh de na réimsí rialaithe astaíochtaí; (b)
méid iomlán an CO2 a astaítear; (c)
astaíochtaí comhiomlána CO2 ó gach
muiraistear idir calafoirt atá faoi dhlínse Ballstáit; (d)
astaíochtaí comhiomlána CO2 ó gach
muiraistear a d’imigh ó chalafoirt atá faoi dhlínse Ballstáit; (e)
astaíochtaí comhiomlána CO2 ó gach
muiraistear chuig calafoirt atá faoi dhlínse Ballstáit; (f)
astaíochtaí CO2 a tharlaíonn laistigh de
chalafoirt atá faoi dhlínse Ballstáit nuair atá an long i mbeart; (g)
an fad iomlán a thaistealaítear; (h)
an méid iomlán ama a chaitear ar muir; (i)
an obair iompair iomlán; (j)
an mheán‑éifeachtúlacht fuinnimh. Roinn 4 TUAIRISCIÚ
Airteagal 11 Ábhar na tuarascála astaíochtaí 1. Ó 2019 amach, faoi 30 Aibreán
gach bliain, cuirfidh cuideachtaí tuarascáil astaíochtaí i ndáil leis na
hastaíochtaí agus faisnéis eile is ábhartha maidir leis an aeráid i rith na
tréimhse tuairiscithe ar fad le haghaidh gach loinge atá faoina bhfreagracht
faoi bhráid an Choimisiúin agus údaráis na mbratstát lena mbaineann, tuarascáil
a bheidh fíoraithe chun sástachta ag fíoraitheoir de réir na gceanglas dá
dtagraítear in Airteagal 14. 2. I gcás ina dtarlaíonn
athrú ar úinéireacht long, áiritheoidh an chuideachta nua go gcomhlíonfaidh
gach long faoina freagracht ceanglais an Rialacháin seo i gcomhthéacs na
tréimhse tuairiscithe iomláin a mbíonn sé freagrach as an long ábhartha lena
linn. 3. Áireoidh cuideachtaí an
fhaisnéis seo a leanas sa tuarascáil astaíochtaí dá dtagraítear i mír 1: (a)
sonraí chun an long agus an chuideachta a shainaithint,
lena n‑áirítear: (i) ainm na loinge, (ii) uimhir chlárúcháin IMO, (iii) calafort cláraithe nó calafort baile, (iv) éifeachtúlacht theicniúil na loinge (Innéacs
Dearaidh um Éifeachtúlacht Fuinnimh (EEDI) nó an Treoirluach Measta (EIV) i
gcomhréir le Rún IMO MEPC.215 (63), nuair is infheidhme) (v) ainm úinéir na loinge, (vi) seoladh úinéir na loinge agus a
phríomháit ghnó, (vii) ainm na cuideachta (murab ionann í agus
úinéir na loinge), (viii) seoladh na cuideachta (murab ionann í
agus úinéir na loinge) agus a príomháit ghnó, (ix) seoladh, sonraí teileafóin, facs agus ríomhphoist
le haghaidh teagmhálaí; (b)
faisnéis maidir leis an modh faireachán arna úsáid
agus an leibhéal gaolmhar neamhchinnteachta; (c)
torthaí ó fhaireachán bliantúil na bparaiméadar i
gcomhréir le hAirteagal 10. Airteagal 12 Formáid na tuarascála astaíochtaí 1. Déanfar an tuarascáil
astaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 11 a chur isteach ag baint úsáide
as córais uathoibríocha agus as formáidí iomlána malartaithe sonraí, teimpléid
leictreonacha san áireamh. 2. Déanfar rialacha teicniúla lena
mbunófar an fhormáid malartaithe sonraí, lena n‑áirítear na teimpléid
leictreonacha dá dtagraítear i mír 1, a chinneadh trí mheán gníomhartha cur
chun feidhme. Glacfaidh an Coimisiúin na gníomhartha cur chun feidhme sin i
gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 25(2) den
Rialachán seo. CAIBIDIL III FÍORÚ AGUS CREIDIÚNÚ Airteagal 13 Raon
feidhme na ngníomhaíochtaí fíoraithe agus an tuarascáil fíorúcháin 3. Déanfaidh an fíoraitheoir comhlíonadh
an phlean faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 6 leis na ceanglais atá
sonraithe in Airteagal 6 agus 7 a mheas. I gcás ina ndéantar moltaí nach
mór iad a áireamh laistigh de phlean faireacháin i measúnú, déanfaidh an
chuideachta ábhartha athbhreithniú ar a plean faireacháin sula dtosóidh an
tréimhse tuairiscithe. 4. Déanfaidh an fíoraitheoir comhlíonadh
na tuarascála astaíochtaí leis na ceanglais atá sonraithe in Airteagal 8
go 11 agus Iarscríbhinn I agus II a mheas. 5. Áiritheoidh an fíoraitheoir
go háirithe gur cinneadh na hastaíochtaí agus an fhaisnéis eile is
ábhartha maidir leis an aeráid atá san áireamh sa tuarascáil astaíochtaí i
gcomhréir le Airteagail 8, 9 agus 10 agus leis an bplean faireacháin dá
dtagraítear in Airteagal 6. Chomh maith leis sin, áiritheoidh an
fíoraitheoir go bhfuil na hastaíochtaí agus an fhaisnéis eile is ábhartha
maidir leis an aeráid atá fógartha sna tuarascálacha eile comhsheasmhach leis
na sonraí arna ríomh ó fhoinsí eile i gcomhréir le hIarscríbhinn I agus Iarscríbhinn
II. 6. Nuair is é conclúid an
mheasúnaithe, chomh fada agus is eol don fhíoraitheoir, go bhfuil an tuarascáil
astaíochtaí saor ó mhíshonruithe ábhartha agus earráidí, eiseoidh an
fíoraitheoir tuarascáil fíorúcháin. Sonrófar sa tuarascáil fíorúcháin na
saincheisteanna ar fad a bhaineann leis an obair atá ar bun ag an
bhfíoraitheoir. 7. Nuair is é conclúid na
measúnuithe go bhfuil míshonruithe ábhartha, earráidí, nó neamh‑chomhsheasmhachtaí
sa tuarascáil astaíochtaí nó nach gcomhlíonann sí ceanglais Airteagal 11
agus Airteagal 14 ná Iarscríbhinn I, cuirfidh an fíoraitheoir an méid sin in
iúl don chuideachta go tráthúil agus iarrfar ar an gcuideachta tuarascáil astaíochtaí
athbhreithnithe a chur faoina bhráid an athuair. Réiteoidh an chuideachta aon
neamh‑chomhlíonadh nó neamh‑chomhsheasmhacht a chuirtear in iúl di d’fhonn
deis a thabhairt an próiseas fíorúcháin a chur i gcrích go tráthúil.
Tuairisceoidh an fíoraitheoir sa tuarascáil fíorúcháin ar réitigh an
chuideachta an neamh‑chomhlíonadh le linn an phróisis fíorúcháin. Airteagal 14 Oibleagáidí ginearálta agus
prionsabail ghinearálta do na fíoraitheoirí 1. Beidh an fíoraitheoir
neamhspleách ó chuideachta nó oibreoir na loinge lena mbaineann agus cuirfear
na gníomhaíochtaí a theastaíonn faoin rialachán seo i gcrích chun leas an
phobail. Chun na críche sin, ní cuideachta ná oibreoir loinge a bheidh san
fhíoraitheoir agus aon chuid den eintiteas dlí céanna, ná úinéir cuideachta ná
ní bheidh siad faoina úinéireacht ná ní bheidh caidreamh ag an bhfíoraitheoir
leis an gcuideachta a d'fhéadfadh neamhspleáchas agus neamhchlaontacht an
fhíoraitheora a chur i mbaol. 2. Nuair a bheidh fíorú na
tuarascála astaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 11 á mheas agus na
nósanna imeachta faireacháin curtha i bhfeidhm ag an gcuideachta, déanfaidh an
fíoraitheoir measúnú ar iontaofacht, inchreidteacht agus beachtas na gcóras faireacháin
agus na sonraí agus na faisnéise tuairiscithe a bhaineann le hastaíochtaí, go
háirithe: (a)
sannadh ídiú breosla do mhuiraistir laistigh de raon
feidhme an Rialacháin seo; (b)
na sonraí tuairiscithe maidir le breosla ídithe
agus na tomhais ghaolmhara agus na ríomhanna gaolmhara; (c)
rogha agus úsáid na bhfachtóirí astaíochta; (d)
na ríomhanna atá mar bhonn le cinneadh na n‑astaíochtaí
foriomlána; (e)
na ríomhanna atá mar bhonn le cinneadh na
héifeachtúlachta fuinnimh. 3. Ní áireoidh an fíoraitheoir
ach tuarascálacha a chuirtear isteach i gcomhréir le hAirteagal 11 má
chiallaíonn sonraí agus faisnéis iontaofa agus inchreidte gur féidir na
hastaíochtaí a chinneadh le cinnteacht agus ar an gcoinníoll go n-áirithítear na
nithe seo a leanas: (a)
go bhfuil na sonraí tuairiscithe comhtháite i
bhfianaise na sonraí measta bunaithe ar shonraí rianaithe long agus saintréithe
dála cumhacht an innill suiteáilte; (b)
nach bhfuil aon neamh‑chomhsheasmhachtaí sna
sonraí tuairiscithe, go háirithe nuair a bhíonn toirt iomlán an bhreosla a
cheannaíonn long gach bliain á cur i gcomparáid leis an ídiú comhiomlán breosla
le linn muiraistear a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo; (c)
go mbailítear na sonraí i gcomhréir leis na
rialacha is infheidhme; (d)
go bhfuil taifid ábhartha na loinge iomlán agus
comhsheasmhach. Airteagal 15 Nósanna
imeachta fíorúcháin 1. Aithneoidh an fíoraitheoir
rioscaí ionchasacha i ndáil leis an bpróiseas faireacháin agus tuairiscithe trí
chomparáid a dhéanamh idir na hastaíochtaí tuairiscithe agus sonraí measta
bunaithe ar shonraí rianaithe agus saintréithe long dála cumhacht an innill shuiteáilte.
I gcás ina n‑aimsítear claontaí suntasacha, déanfaidh an fíoraitheoir tuilleadh
anailísí. 2. Aithneoidh an fíoraitheoir
rioscaí ionchasacha i ndáil leis na céimeanna difriúla ríomha trí athbhreithniú
a dhéanamh ar fhoinsí na sonraí agus ar na modheolaíochtaí ar fad atá in úsáid. 3. Cuirfidh an fíoraitheoir san
áireamh aon mhodh éifeachtach rialaithe riosca arna gcur i bhfeidhm ag an gcuideachta
chun leibhéil neamhchinnteachta a laghdú, ag féachaint do bheachtas na modhanna
faireacháin atá in úsáid. 4. Soláthróidh an chuideachta
aon fhaisnéis bhreise don fhíoraitheoir a chuirfidh ar a chumas na nósanna
imeachta fíorúcháin a dhéanamh Féadfaidh an fíoraitheoir spotsheiceálacha a
dhéanamh le linn an phróisis fíorúcháin d’fhonn cinneadh a dhéanamh maidir
le hiontaofacht na sonraí agus na faisnéise tuairiscithe. 5. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 24 d’fhonn na
rialacha a shonrú tuilleadh do na gníomhaíochtaí fíorúcháin dá dtagraítear sa
Rialachán seo agus modhanna creidiúnaithe na bhfíoraitheoirí. Beidh na gníomhartha
tarmligthe sin bunaithe ar na prionsabail d’fhíorú dá bhforáiltear in Airteagal 14
agus ar chaighdeáin ábhartha a bhfuil glactha leo go hidirnáisiúnta. Airteagal 16 Creidiúnú na bhfíoraitheoirí 1. Beidh fíoraitheoir atá i mbun
pleananna faireacháin agus tuarascálacha astaíochtaí a mheasúnú agus doiciméid
chomhlíontachta dá dtagraítear in Airteagal 13 agus in Airteagal 17 a
eisiúint, creidiúnaithe i ndáil le gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme
an Rialacháin atá ann faoi láthair ag comhlacht náisiúnta creidiúnaithe de bhun
Rialachán (CE) Uimh 765/2008. 2. I gcás nach bhfuil aon
fhorálacha sonracha maidir le creidiúnú fíoraitheoirí leagtha amach sa
Rialachán seo, beidh feidhm ag forálacha ábhartha Rialacháin Uimh. CE 765/2008. 3. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 24 d’fhonn
modhanna creidiúnaithe na bhfíoraitheoirí a shonrú tuilleadh. CAIBIDIL IV COMHLÍONTACHT
AGUS FOILSIÚ FAISNÉISE Airteagal 17 Doiciméad
comhlíontachta a eisiúint 1. I gcás ina gcomhlíonann an
tuarascáil astaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 11 ceanglais Airteagail 11
go 15 agus na ceanglais sin atá sonraithe in Iarscríbhinn I agus II, ar bhonn
tuarascála fíorúcháin, seachadfaidh an fíoraitheoir doiciméad comhlíontachta ar
an long lena mbaineann. 2. Beidh an fhaisnéis seo a
leanas san áireamh sa doiciméad comhlíontachta dá dtagraítear i mír 1: (a)
sainaithint na loinge (ainm, uimhir chlárúcháin IMO
agus calafort cláraithe nó calafort baile); (b)
ainm agus seoladh agus príomháit ghnó úinéir na
loinge; (c)
céannacht an fhíoraitheora; (d)
dáta eisiúna an doiciméid comhlíontachta (an
tréimhse tuairiscithe dá dtagraíonn sé agus a thréimhse bailíochta). 3. Glacfar le doiciméid comhlíontachta
mar dhoiciméid bhailí ar feadh tréimhse 18 mí i ndiaidh dheireadh na
tréimhse tuairiscithe. 4. Cuirfidh an fíoraitheoir an
Coimisiún agus údarás an bhratstáit ar an eolas gan mhoill maidir le heisiúint
aon doiciméid chomhlíontachta agus déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2
a tharchur trí bhíthin córais uathoibríoch agus formáidí iomlána malartaithe
sonraí, lena n‑áirítear teimpléid leictreonacha, arna mbunú ag an
gCoimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta arna bhunú sa Rialachán seo. 5. Déanfar rialacha teicniúla a
bhunóidh an fhormáid malartaithe sonraí lena n‑áirítear na teimpléid
leictreonacha dá dtagraítear i mír 4 a chinneadh trí bhíthin gníomhartha cur
chun feidhme. Glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme sin i
gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 25(2) den
Rialachán seo. Airteagal 18 Oibleagáid doiciméad comhlíontachta bailí
a thabhairt ar bord Ón 30 Meitheamh 2019
amach ní mór do longa a thagann isteach i gcalafort, nó atá laistigh de chalafort
nó a imíonn ó chalafort atá faoi dhlínse Ballstáit doiciméad bailí a bheith ar
bord a dheimhníonn comhlíontacht na loinge leis na hoibleagáidí tuairiscithe
agus faireacháin don tréimhse tuairiscithe i gceist, arna eisiúint i gcomhréir
le hAirteagal 17. Airteagal 19 Iniúchtaí agus oibleagáidí faireacháin
agus tuairiscithe a chomhlíonadh 1. Bunaithe ar an bhfaisnéis arna
foilsiú i gcomhréir le hAirteagal 21(1), áiritheoidh gach Ballstát go
gcomhlíonann na longa a bhfuil brat an Bhallstáit sin ar foluain acu na ceanglais
faireacháin agus tuairiscithe atá leagtha amach in Airteagail 8 go 12. 2. Áiritheoidh gach Ballstát go n‑áireofar
in aon iniúchadh a dhéanfar ar long atá i gcalafort faoina dhlínse fíorú go
bhfuil an doiciméad comhlíontachta dá dtagraítear in Airteagal 18 ar bord. 3. Gan dochar do mhír 2 den Airteagal
seo agus bunaithe ar an bhfaisnéis arna foilsiú i gcomhréir le hAirteagal 21,
i gcás gach loinge nach gcomhlíonann Airteagal 21(2) (j) agus (k), a théann
isteach i gcalafort atá faoi dhlínse Ballstáit, fíoróidh an Ballstát go bhfuil
an doiciméad comhlíontachta dá dtagraítear in Airteagal 18 ar bord. Airteagal 20 Pionóis, malartú faisnéise agus ordú díbeartha 1. Leagfaidh na Ballstáit córas
pionós síos i gcás nach gcomhlíontar na ceanglais faireacháin agus tuairiscithe
atá sonraithe in Airteagail 8 go 12 agus déanfar gach beart is gá d’fhonn
a áirithiú go gcuirtear na pionóis sin i bhfeidhm. Beidh na pionóis dá
bhforáiltear chomh dian céanna leis na pionóis dá bhforáiltear faoin
reachtaíocht náisiúnta maidir le hastaíochtaí gáis cheaptha teasa i gcás nach
gcomhlíonann oibreoirí na hoibleagáidí tuairiscithe agus beidh siad
éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Cuirfidh Ballstáit na
forálacha sin in iúl don Choimisiún faoin 1 Iúil 2017, agus cuirfidh
siad aon leasuithe ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear do na forálacha sin in
iúl don Choimisiún gan mhoill. 2. Bunóidh na Ballstáit malartú
faisnéise éifeachtach agus comhar éifeachtach idir a n‑údaráis náisiúnta
d’fhonn comhlíonadh na gceanglas faireacháin agus tuairiscithe a áirithiú nó,
más infheidhme, a n‑údarás a bhfuil na nósanna imeachta um smachtbhannaí
ar a n‑iontaoibh. Cuirfear nósanna imeachta um smachtbhannaí náisiúnta a bhunóidh
Ballstát ar bith in iúl don Choimisiún, don Ghníomhaireacht Eorpach um
Shábháilteacht Mhuirí (EMSA), do na Ballstáit eile agus don bhratstát lena
mbaineann. 3. I gcás long a dteipeann orthu
na ceanglais faireacháin agus tuairiscithe a chomhlíonadh do thréimhse
tuairiscithe amháin nó níos mó, féadfaidh údarás chalafort náisiúnta an Stáit
ordú díbeartha a eisiúint a chuirfear in iúl don Choimisiún, EMSA, na Ballstáit
eile agus don bhratstát lena mbaineann. De thoradh an t-ordú díbeartha sin a
eisiúint, diúltóidh gach Ballstát cead isteach in aon cheann dá chalafoirt don
long sin go dtí go gcomhlíonfaidh an chuideachta a ceanglais faireacháin agus
tuairiscithe i gcomhréir le hAirteagail 8 go 12, arna dheimhniú le fógra faoi
dhoiciméad comhlíontachta bailí a thabhairt d’údarás Stáit an chalafoirt
náisiúnta a d'eisigh an t‑ordú díbeartha. Airteagal 21 Faisnéis a fhoilsiú 1. Faoin 30 Meitheamh gach
bliain, cuirfidh an Coimisiún na hastaíochtaí arna dtuairisciú i gcomhréir le
hAirteagal 11 ar fáil don phobal agus faisnéis maidir le comhlíonadh na gceanglas
faireacháin agus tuairiscithe atá leagtha amach in Airteagal 11 agus in
Airteagal 17 ag an gcuideachta. 2. Áireofar an fhaisnéis seo a
leanas san fhoilseachán dá dtagraítear i mír 1: (a)
sainaithint na loinge (ainm, uimhir chlárúcháin IMO
agus calafort cláraithe nó calafort baile); (b)
céannacht úinéir na loinge (ainm agus seoladh an
úinéara agus a phríomháit ghnó); (c)
éifeachtúlacht theicniúil na loinge (EEDI nó EIV nuair
is infheidhme); (d)
astaíochtaí bliantúla CO2; (e)
ídiú breosla bliantúil iomlán do mhuiraistir a
thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo; (f)
meán‑ídiú breosla bliantúil agus astaíochtaí
gáis cheaptha teasa don fhad a thaistealaítear i gcás muiraistear a thagann
faoi raon feidhme an Rialacháin seo; (g)
meán‑ídiú breosla bliantúil agus astaíochtaí
gáis cheaptha teasa don fhad a thaistealaítear agus lastas iompartha ar
mhuiraistir a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo; (h)
méid ama iomlán bliantúil a chaitear ar muir ar
mhuiraistir a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo; (i)
modheolaíocht an fhaireacháin a chuirtear i
bhfeidhm; (j)
dáta eisiúna agus dáta éaga an doiciméid comhlíontachta;
(k)
céannacht an fhíoraitheora a d’fhormheas an
tuarascáil astaíochtaí. 3. Foilseoidh an Coimisiún
tuarascáil bhliantúil ar astaíochtaí agus ar fhaisnéis eile is ábhartha maidir
leis an aeráid i ndáil le muiriompar. 4. Beidh EMSA de chúnamh ag an
gCoimisiún ina chuid oibre i ndáil le hAirteagail 11, 12, 17 agus 21 den
Rialachán seo a chomhlíonadh, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[27]. CAIBIDIL V COMHAR IDIRNÁISIÚNTA Airteagal 22 Comhar idirnáisiúnta 1. Cuirfidh an Coimisiún an IMO
agus comhlachtaí ábhartha idirnáisiúnta eile ar an eolas ar bhonn rialta maidir
le cur chun feidhme an Rialacháin seo d'fhonn forbairt rialacha idirnáisiúnta
laistigh den IMO a éascú d'fhonn faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh
ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa ó mhuiriompar. 2. Cothóidh an Coimisiún malartú
teicniúil le tríú tíortha maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, go
háirithe i ndáil le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar mhodhanna faireacháin,
eagrú an tuairiscithe agus fíorú na dtuarascálacha astaíochtaí. 3. I gcás ina ndéantar comhaontú
idirnáisiúnta ar bhearta domhanda chun astaíochtaí gáis cheaptha teasa ó mhuiriompar
a laghdú, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán seo agus
féadfaidh sé, más iomchuí, leasuithe ar an Rialachán seo a mholadh. CAIBIDIL VI CUMHACHTAÍ TARMLIGTHE AGUS CUR CHUN
FEIDHME AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA Airteagal 23 Cumhachtaí a tharmligean Tugtar an chumhacht gníomhartha tarmligthe a
ghlacadh d’fhonn fhorálacha Iarscríbhinn I agus II a fhorlíonadh agus a leasú
chun aon fhianaise eolaíochta cothrom le dáta atá ar fáil a chur sa chuntas,
mar aon leis na sonraí ábhartha atá ar fáil ar bord long agus na rialacha
ábhartha idirnáisiúnta agus caighdeáin a bhfuil glactha go hidirnáisiúnta leo,
d'fhonn na modhanna is beaichte agus is éifeachtaí chun faireachán a dhéanamh
ar astaíochtaí a aithint, agus d’fhonn feabhas a chur ar bheachtas na faisnéise
a iarrtar i ndáil le faireachán agus le tuairisciú astaíochtaí, tugtar an
chumhacht sin don Choimisiún faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 24
sa mhéad is go mbaineann sé le gnéithe neamhriachtanacha den Rialachán seo. Airteagal 24 Tarmligean a fheidhmiú 1. Tabharfar an chumhacht na
gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in AirteagaIl 15, 16 agus 23 a
ghlacadh don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón 1 Iúil 2015 . 2. Féadfaidh Parlaimint na
hEorpa nó an Chomhairle an tarmligean cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 23
a chúlghairm am ar bith. Cuirfidh cinneadh cúlghairme deireadh le
tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm
an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontas Eorpaigh
nó ar dháta níos déanaí arna shonrú ann. Ní chuirfidh sé isteach ar bhailíocht
aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. 3. A luaithe agus a ghlacfaidh sé
le gníomh tarmligthe, cuirfidh an Coimisiún an méid sin in iúl go comhuaineach
do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. 4. Ní thiocfaidh gníomh
tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 23 i bhfeidhm ach amháin mura
mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle
laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do
Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoin ngníomh sin nó, más rud é, roimh
dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle
araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Déanfar
an tréimhse sin a leathnú le dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na
Comhairle. Airteagal 25 Gníomhartha cur chun feidhme 1. Beidh Coiste arna bhunú le hAirteagal 8
de Chinneadh 93/389/CE de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an Coiste sin ina
choiste de réir bhrí Rialacháin (AE) Uimh 182/2011. 2. I gcás ina dtagraítear don
mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh 182/2011. Airteagal 26 Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh 525/2013 Leasaítear Rialachán (AE) 525/2013 mar
seo a leanas: 1. In Airteagal 1 de
Rialachán 525/2013[28],
cuirfear isteach pointe (h) seo a leanas: "(i) faireachán agus tuairisciú ar astaíochtaí
gáis cheaptha teasa ó longa muirí de bhun Airteagal 9 agus Airteagal 10 de
Rialachán (AE) Uimh XXXX/XXXX." 2. Cuirfear isteach 'Airteagal 21a’
seo a leanas: Airteagal 21a Astaíochtaí ó mhuiriompar a thuairisciú (1)
Tabharfaidh na Ballstáit tuairisc don Choimisiún
faoin 15 Eanáir gach bliain ('bliain X') don bhliain X-2, faoi na
hastaíochtaí CO2 ó mhuiriompar de bhun Airteagal 9, agus Airteagal 10
de Rialachán (AE) Uimh XXXX/XXXX. (2)
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le [hAirteagal 25 den Rialachán seo]
chun na ceanglais i ndáil le faireachán agus tuairisciú astaíochtaí CO2
ó mhuiriompar a shonrú de bhun Airteagal 9 agus Airteagal 10 de Rialachán (AE)
Uimh XXXX/XXXX agus ag cur san áireamh, nuair is infheidhme, cinntí ábhartha
arna nglacadh ag comhlachtaí an UNFCCC agus Phrótacal Kyoto nó comhaontuithe ag
eascairt astu nó a thagann ina n‑áit nó cinntí arna nglacadh i
gcomhthéacs na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta. (3)
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme
chun struchtúr, formáid agus próiseas a leagan amach i ndáil le tuairisc faoi astaíochtaí
CO2 ó mhuiriompar a chur isteach ag na Ballstáit de bhun Airteagal 9
agus Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh XXXX/XXXX. Glacfar na gníomhartha
cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá
dtagraítear in [Airteagal 26(2)].' 3. In Airteagal 25 (2), (3)
agus (5), cuirfear isteach an tagairt seo a leanas: "21a" Airteagal 27 Teacht i bhfeidhm Tiocfaidh an
Rialachán seo i bhfeidhm an 1 Iúil 2015. Beidh an Rialachán seo ina cheangal
go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán IARSCRÍBHINN I Modhanna chun faireachán agus
tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa agus faisnéis eile is
ábhartha maidir leis an aeráid A. Ídiú
Breosla a Ríomh (Airteagal 9) Chun críocha ídiú breosla a ríomh, urramóidh
cuideachtaí an fhoirmle seo a leanas: Ídiú breosla x Fachtóir astaíochtaí Áireofar san ídiú breosla breosla arna ídiú ag
príomhinnill, innill chúnta, coirí agus gineadóirí triathgháis. Déanfar ídiú breosla laistigh de chalafoirt a
bhfuil longa i mbeart iontu a ríomh leo féin. I bprionsabal, úsáidfear luachanna
réamhshocraithe d’fhachtóirí astaíochtaí breoslaí mura gcinneann an chuideachta
úsáid a bhaint as sonraí maidir le caighdeán breosla atá sonraithe sna Nótaí
Seachadta um Breosla Umair agus a úsáidtear chun comhlíonadh na rialachán is
infheidhme maidir le hastaíochtaí sulfair a léiriú. Bunófar fachtóirí astaíochtaí réamhshocraithe
ar na luachanna IPCC is déanaí atá ar fáil. Tá na luachanna seo le fáil in
Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 601/2012 ón gCoimisiún
maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gáis cheaptha
teasa de bhun Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[29]. Cuirfear fachtóirí iomchuí astaíochtaí i
bhfeidhm i ndáil le bithbhreoslaí agus breoslaí ionadúla neamh‑iontaise. B. MODHANNA CHUN ASTAÍOCHTAÍ A
CHINNEADH Saineoidh an chuideachta sa phlean faireacháin
cén mhodheolaíocht faireacháin atá in úsáid chun an t‑ídiú breosla do
gach cineál loinge a bhfuil sí freagrach aisti a ríomh agus áiritheoidh an
chuideachta nuair a bheidh an mhodheolaíocht roghnaithe, go gcuirfear i
bhfeidhm ar bhonn comhsheasmhach í. Agus modheolaíocht faireacháin á roghnú,
tabharfar aird ar chothromaíocht idir an feabhas a eascraíonn as beachtas níos
fearr agus na costais bhreise. Úsáidfear an t-ídiú iarbhír breosla do gach
muiraistear agus déanfar é a ríomh ag baint úsáide as ceann de na modhanna seo
a leanas: (a)
Nóta Seachadta Breosla Umair (BDN) agus stocáirimh
thréimhsiúla ar thancanna breosla; (b)
Faireachán ar thanc breosla umair ar bord; (c)
Sreabhmhéadair do phróisis infheidhme dócháin; (d)
Tomhais dhíreacha astaíochtaí. 1. Modh A:BDN (Nótaí Seachadta um
Breosla Umair) agus stocáirimh thréimhsiúla ar thancanna breosla Tá an modh seo bunaithe ar an gcainníocht agus ar an
gcineál breosla mar atá sainmhínithe sna BDN i dteannta le stocáirimh
thréimhsiúla ar thancanna breosla bunaithe ar léamha tanc. Is éard atá i gceist
leis an mbreosla ídithe i rith na tréimhse an breosla a bhí ann ag tús na
tréimhse, móide seachadtaí, lúide an breosla a bhí ar fáil ag deireadh na
tréimhse agus breosla dí-lastáilte umair idir tús na tréimhse agus deireadh na
tréimhse. San áireamh sa tréimhse seo freisin tá an t-am a
chaitear ar muir idir dhá chalafort nó an t-am a chaitear laistigh de
chalafort. I ndáil leis an mbreosla a úsáidtear i rith tréimhse áirithe, ní mór
an cineál breosla agus an méid sulfair a shonrú. Ní úsáidfear an cur chuige sin nuair nach bhfuil
BDN ar fáil ar bord long, go háirithe nuair a bhíonn lastas in úsáid mar
bhreosla, mar shampla ábhar bruite um ghás nádúrtha leachtaithe (LNG). Tá an BDN údaraithe faoi Rialacháin reatha MARPOL
Iarscríbhinn VI agus coinnítear taifid ábhartha ar bord ar feadh 3 bliana i
ndiaidh sheachadadh an bhreosla umair agus bíonn fáil orthu go héasca. Tá an
stocáireamh tréimhsiúil ar thancanna breosla ar bord bunaithe ar léamha
tancanna breosla. Úsáidtear táblaí tanc atá ábhartha do gach tanc breosla chun cinneadh a
dhéanamh maidir le toirt tráth léamh an tanc breosla. Sonrófar an
neamhchinnteacht a bhaineann leis an BDN sa phlean faireacháin dá dtagraítear
in Airteagal 6. Déanfar léamha tancanna breosla bunaithe ar mhodhanna
oiriúnacha amhail córais uathoibríocha, sondáil agus tum-théipeanna. Sonrófar
an modh do shondáil tanc agus an neamhchinnteacht a bhaineann leis sa phlean
faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 6. I gcás ina bhfuil méid an bhreosla a chuirtear ar
bord nó méid an bhreosla atá fágtha sna tancanna á chinneadh in aonaid toirte, á
sloinneadh i lítir, tiontóidh an chuideachta an méid ó thoirt go dtí mais trí
úsáid a bhaint as na luachanna iarbhír dlúis. Cinnfidh an chuideachta an dlús
iarbhír trí cheann amháin de na modhanna seo a leanas a úsáid: (a)
córais tomhais ar bord; (b)
an dlús arna thomhas ag an soláthróir breosla tráth
a chuirtear an breosla ar bord agus taifeadta ar shonrasc an bhreosla nó ar an
nóta seachadta. Léireofar agus cinnfear an dlús iarbhír in
kg/lítear do theocht infheidhme do thomhas sonrach. Sna cásanna sin nach bhfuil
luachanna iarbhír dlúis ar fáil ina leith, cuirfear fachtóir caighdeánach dlúis
ar fáil don chineál breosla ábhartha i ndiaidh cheadú an fhíoraitheora a fháil. 2. Modh B: Faireachán ar thanc
breosla umair ar bord Tá an modh seo bunaithe ar léamha tanc breosla do
gach tanc breosla ar bord. Déanfar na léamha tanc gach lá nuair a bheidh an
long ar muir agus gach uair a bheidh an long ag lastáil nó ag dí-lastáil umair. Is éard atá i gceist leis an mbreosla ídithe i
rith na tréimhse ná éagsúlachtaí carnacha idir leibhéal an tanc breosla idir an
dá léamh. Is éard atá i gceist le tréimhse an méid ama a
chaitear ar muir idir dhá chalafort agus laistigh de chalafort. I ndáil leis an
mbreosla a úsáidtear i rith tréimhse áirithe, ní mór an cineál breosla agus an
méid sulfair a shonrú. Déanfar léamha tancanna breosla bunaithe ar
mhodhanna oiriúnacha amhail córais uathoibríocha, sondáil agus tum-théipeanna.
Sonrófar an modh do shondáil tanc agus an neamhchinnteacht a bhaineann leis sa phlean
faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 6. I gcás go bhfuil méid an bhreosla a chuirtear ar
bord nó méid an bhreosla atá fágtha sna tancanna á chinneadh bunaithe ar aonaid
toirte, á sloinneadh i lítir, tiontóidh an chuideachta an méid ó thoirt go dtí
mais trí úsáid a bhaint as na luachanna iarbhír dlúis. Cinnfidh an chuideachta
an dlús iarbhír trí cheann amháin de na modhanna seo a leanas a úsáid: (a)
córais tomhais ar bord; (b)
an dlús arna thomhas ag an soláthróir breosla tráth
a chuirtear an breosla ar bord agus taifeadta ar shonrasc an bhreosla nó ar an
nóta seachadta. Léireofar agus cinnfear an dlús iarbhír in
kg/lítear do theocht infheidhme do thomhas sonrach. Sna cásanna sin nach bhfuil
luachanna iarbhír dlúis ar fáil ina leith, cuirfear fachtóir caighdeánach dlúis
ar fáil don chineál breosla ábhartha i ndiaidh cheadú an fhíoraitheora a fháil. 3. Modh C: Sreabhmhéadair do
phróisis infheidhme dócháin Tá an modh seo bunaithe ar shreafaí breosla
tomhaiste ar bord. Cuirfear na sonraí ó na sreabhmhéadair ar fad atá nasctha le
foinsí ábhartha astaíochtaí le chéile chun cinneadh a dhéanamh maidir le
hídiú breosla do thréimhse shonrach. Is éard atá i gceist le tréimhse an méid ama a
chaitear ar muir idir dhá chalafort agus laistigh de chalafort. I ndáil leis an
mbreosla a úsáidtear i rith tréimhse áirithe, ní mór faireachán a dhéanamh ar
an gcineál breosla agus an méid sulfair. Sonrófar na modhanna calabraithe atá á gcur i
bhfeidhm agus an neamhchinnteacht a bhaineann le sreabhmhéadair sa phlean
faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 6. I gcás ina bhfuil an méid breosla ídithe á
chinneadh bunaithe ar aonaid toirte, á sloinneadh i lítir, tiontóidh an
chuideachta an méid ó thoirt go dtí mais trí úsáid a bhaint as na luachanna
iarbhír dlúis. Cinnfidh an chuideachta an dlús iarbhír trí cheann amháin de na
modhanna seo a leanas a úsáid: (a)
córais tomhais ar bord; (b)
an dlús arna thomhas ag an soláthróir breosla tráth
a chuirtear an breosla ar bord agus taifeadta ar shonrasc an bhreosla nó ar an
nóta seachadta. Léireofar agus cinnfear an dlús iarbhír in
kg/lítear do theocht infheidhme do thomhas sonrach. Sna cásanna sin nach bhfuil
luachanna iarbhír dlúis ar fáil ina leith, cuirfear fachtóir caighdeánach dlúis
ar fáil don chineál breosla ábhartha i ndiaidh fhaomhadh an fhíoraitheora a
fháil. 4. Modh D: Tomhas astaíochtaí
díreacha Féadfar tomhais na n‑astaíochtaí díreacha a
úsáid do mhuiraistir laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo agus
d’astaíochtaí a tharlaíonn i gcalafoirt atá lonnaithe i ndlínse Ballstáit.
Áireoidh CO2 arna astú CO2 a astaíonn príomhinnill,
innill chúnta, coirí agus gineadóirí triathgháis. I ndáil le longa ar a bhfuil
an tuairisciú bunaithe ar an modh seo, déanfar an t‑ídiú breosla a ríomh
ag baint úsáide as na hastaíochtaí tomhaiste CO2 agus as fachtóir
infheidhme astaíochtaí na mbreoslaí ábhartha. Tá an modh seo bunaithe ar chinneadh sreafaí
astaíochtaí CO2 i múcháin (tonnadóirí) gás sceite trí thiúchan CO2
an gháis sceite a mhéadú faoi shreabhadh an gháis sceite. Sonrófar na modhanna calabraithe atá á gcur i
bhfeidhm agus an neamhchinnteacht a bhaineann leis na gléasanna atá in úsáid sa
phlean faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 6. IARSCRÍBHINN II Faireachán ar fhaisnéis eile is
ábhartha maidir leis an aeráid A.- Faireachán in aghaidh an mhuiraistir (Airteagal 9) Chun críocha faireachán a dhéanamh ar fhaisnéis
eile is ábhartha maidir leis an aeráid in aghaidh an mhuiraistir (Airteagal 9),
tabharfaidh cuideachtaí aird ar na rialacha seo a leanas: Déanfar an dáta agus an uair a imíonn long ó
chalafort agus an uair a thagann sé isteach i gcalafort a mheas de réir mheán‑am
Greenwich (GMT). Déanfar an méid ama a chaitear ar muir a ríomh bunaithe ar
fhaisnéis a bhaineann le faisnéis i ndáil le himeacht ó chalafort agus teacht
isteach i gcalafort agus ní bheidh an t-am a chaitear ar ancaire san áireamh. D’fhéadfadh gurb éard a bheadh i gceist leis
an bhfad a thaistealaítear ná an tslí is dírí idir an calafort óna n-imítear
agus an calafort a dtagtar isteach ann nó an fad iarbhír a thaistealaítear. I gcás
ina n‑úsáidtear fad an tslí is dírí idir an calafort óna n-imítear agus
an calafort a dtagtar isteach ann, ba cheart fachtóir coimeádach ceartúcháin a
chur san áireamh d’fhonn a áirithiú nach bhfuil an fad a taistealaíodh á meas
faoina luach. Sonrófar sa phlean faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 6
cén ríomh faid a úsáidfear agus, más gá, an fachtóir ceartaithe a úsáidfear. Is
i muirmhílte a shloinnfear an fad a thaistealaítear. I ndáil le longa paisinéirí, úsáidfear an líon
paisinéirí chun léargas a thabhairt ar an lastas arna iompar. I gcás gach
catagóra eile long, is i dtonaí méadracha agus méadair chiúbacha lastais a
bheidh an méid lastais á shonrú. Cinnfear obair iompair tríd an bhfad a thaistealaítear
a mhéadú faoi mhéid an lastais arna iompar. B. Faireachán ar bhonn bliantúil (Airteagal 10) Chun críocha faireachán a dhéanamh ar
fhaisnéis eile is ábhartha maidir leis an aeráid ar bhonn bliantúil,
tabharfaidh cuideachtaí aird ar na rialacha seo a leanas: Ba cheart na luachanna a
bhfuil faireachán le déanamh orthu de réir Airteagal 10 a chinneadh trí
chomhiomlánú na sonraí a bhaineann leis an muiraistear faoi seach. Déanfar faireachán ar mheán‑éifeachtúlacht
fuinnimh trí úsáid a bhaint as ceithre tháscaire ar a laghad, ídiú breosla
bunaithe ar an fad a taistealaíodh, ídiú breosla bunaithe ar obair iompair, na
hastaíochtaí CO2 bunaithe ar an fad a taistealaíodh agus na
hastaíochtaí CO2 bunaithe ar obair iompair, a dhéanfar a ríomh mar
seo a leanas: Ídiú breosla bunaithe ar an fad a thaistealaítear
= ídiú iomlán breosla in aghaidh na bliana / fad iomlán a thaistealaítear Ídiú breosla bunaithe ar obair iompair = ídiú
iomlán breosla in aghaidh na bliana / obair iomlán iompair Astaíochtaí CO2 bunaithe ar an fad
a thaistealaítear = astaíochtaí iomlána CO2 in aghaidh na bliana /
fad iomlán a thaistealaítear Astaíochtaí CO2 bunaithe ar obair
iompair = astaíochtaí iomlána CO2 in aghaidh na bliana / obair
iomlán iompair RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH 1. CREATLACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 1.1. Teideal an togra/tionscnaimh 1.2. Réimsí
beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB 1.3. An
cineál togra/tionscnaimh 1.4. Cuspóirí
1.5. Foras
an togra/tionscnamh 1.6. Fad
agus tionchar airgeadais 1.7. Modhanna
bainistíochta atá beartaithe 2. BEARTA BAINISTÍOCHTA 2.1. Rialacha
faireacháin agus tuairiscithe 2.2. Córas
bainistíochta agus rialaithe 2.3. Bearta
chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 3. TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH
AG AN TOGRA/TIONSCNAIMH 3.1. Ceannteidil
an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n-imrítear
tionchar 3.2. An
tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 3.2.1. Achoimre ar an
tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 3.2.2. An tionchar a
mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair
oibríochtaí 3.2.3. An tionchar a
mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál
riaracháin 3.2.4. Comhoiriúnacht don
chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 3.2.5. Ranníocaíochtaí ó
thríú páirtithe 3.3. An tionchar a mheastar a
bheidh ar ioncam RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH 1. LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 1.1. Teideal an togra/tionscnaimh Rialachán
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le faireachán, tuairisciú
agus fíorú na n‑astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar. 1.2. Réimsí beartais lena
mbaineann i gcreat ABM/ABB[30] Réimse
beartais 34 = ‘Gníomhú ar son na haeráide’ 1.3. An cineál togra/tionscnaimh X Baineann an togra/tionscnamh le beart nua ¨ Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart[31] ¨ Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana ¨ Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo birt nua 1.4. Cuspóirí 1.4.1. Cuspóirí straitéiseacha
ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe Astaíochtaí
gáis cheaptha teasa a laghdú faoi 20 %, ar a laghad, i gcomparáid le
leibhéil 1990 nó 30 %, má tá na dálaí ceart; cion na bhfoinsí d’fhuinneamh
in‑athnuaite san ídiú fuinnimh deiridh a mhéadú go 20 % ; agus
éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú 20 % 1.4.2. Cuspóirí sonracha agus na
gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann Cuspóir sonrach Uimh. 1 Cuidiú,
trí bhearta aeráide ar leibhéal an AE, leis an gcuspóir fadtréimhseach a
bhaineann le tiúchan gáis cheaptha teasa san atmaisféar a chobhsú ag leibhéal a
chuirfeadh cosc ar thrasnaíocht chontúirteach antrapaigineach leis an gcóras
aeráide. Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann Cód
ABB 34 02: Gníomhú ar son na haeráide ar leibhéal an AE agus go hidirnáisiúnta Cuspóir sonrach Uimh. 2 Beartais
uaillmhianacha gníomhaíochta aeráide a shaothrú ar leibhéal idirnáisiúnta chun
an cuspóir fadtréimhseach a bhaineann le tiúchan gáis cheaptha teasa san
atmaisféar a chobhsú ag leibhéal a chuirfeadh cosc ar thrasnaíocht
chontúirteach antrapaigineach leis an gcóras aeráide. Gníomhaíochta) ABM/ABB lena mbaineann Cód ABB 34 02: Gníomhú ar son na haeráide ar leibhéal an AE agus go hidirnáisiúnta 1.4.3. An toradh agus an tionchar a
bhfuil súil leis Sonraigh an tionchar a
bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe. Sholáthródh
cur chun feidhme córais chun faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar
astaíochtaí gáis cheaptha teasa ó longa sonraí maidir leis na hastaíochtaí sin
nach bhfuil ach á meas faoi láthair mar gheall ar easpa ceanglas oiriúnach
tuairiscithe. Is féidir a bheith ag súil go dtarraingeodh faireachán agus
tuairisciú ar a leithéid d’astaíochtaí agus táscairí ar ídiú breosla agus ar
éifeachtúlacht long aird laistigh den earnáil muiriompair ar chostais
ghaolmhara breosla agus ar deiseanna feabhais. De
réir an Mheasúnaithe Tionchair, táthar ag súil go mbeidh laghduithe ar astaíochtaí
agus coigiltis bhreosla suas le 2 % i gcomparáid leis na gnáthfhigiúirí.
Is ionann é sin agus glanchoigiltis chostas de suas le EUR 1.2 billiún in
aghaidh na bliana don earnáil in 2030 mar gheall ar bhillí breosla laghdaithe. 1.4.4. Táscairí lena léirítear toradh
agus tionchar Sonraigh na táscairí
lena léirítear an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.. Líon
agus céatadán na long a bhfuil faireachán agus tuairisciú á ndéanamh acu ar a n‑astaíochtaí
i gcomhréir leis an rialachán i gcomparáid leis an líon long atá ag teacht
isteach i gcalafoirt an AE Astaíochtaí
bliantúla CO2 ó mhuiriompar laistigh de raon feidhme an AE, arna
dtomhas ar bord agus bunaithe ar ídiú breosla 1.5. Foras an togra/tionscnamh 1.5.1. Na ceanglais is gá a
chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma Inniu,
ní fios go baileach líon na n-astaíochtaí CO2 agus na ngás ceaptha
teasa eile atá ag teacht ó mhuiriompar AE-gaolmhar mar gheall ar easpa faireacháin
agus tuairiscithe ar a leithéid sin d’astaíochtaí. Aithníodh sa mheasúnú
tionchair agus sa chomhairliúchán leis na páirtithe leasmhara gur
réamhriachtanas do bheart margadhbhunaithe ar bith córas láidir faireacháin,
tuairiscithe agus fíorúcháin (MRV) do gháis cheaptha teasa ó mhuiriompar, bíodh
a leithéid á chur i bhfeidhm ar leibhéal an AE nó ar leibhéal domhanda. Trí
thús a chur le córas MRV mar chéad chéim, is féidir níos mó ama a chaitheamh ar
an bplé agus ar an gcinnteoireacht maidir le spriocanna laghdaithe astaíochtaí
agus bearta margadhbhunaithe chun na laghduithe sin a bhaint amach ag an
gcostas is ísle agus is féidir. Tá sé seo ábhartha go háirithe i gcás pléití ar
leibhéal domhanda san IMO. Os a choinne sin, ba cheart go gcuideodh córas
láidir MRV le deireadh a chur le bacainní margaidh, go háirithe bacainní a
bhaineann le heaspa faisnéise maidir le héifeachtúlacht long. Tá
tuilleadh mínithe le fáil i meabhrán míniúcháin an togra 1.5.2. Luach breise a bhaineann le
rannpháirteachas an AE Ó
tharla go ndéantar na gealltanais uileghabhálacha maidir le hathrú aeráide ar
leibhéal an Aontais, lena n‑áirítear sprioc an laghdaithe ar astaíochtaí
don earnáil muiriompair do 2050 mar atá bunaithe sa Pháipéar Bán ar Iompar,
baineann éifeacht chomh maith céanna leis na rialacha atá riachtanach chun
córas MRV ar an leibhéal seo a fhorbairt. Os a choinne sin, áiritheoidh an
creat dlí seo éifeachtúlacht trí chóras MRV comhchuibhithe a úsáid i gcás muiraistear
long idir calafoirt Ballstát difriúil a dhéanfaidh cuntas do thart ar 90 %
de chuairteanna calafoirt i mBallstáit an AE. Os a choinne sin, trí fheidhmiú ar
leibhéal an AE, d’fhéadfaí saobhadh iomaíochta sa mhargadh inmheánach a
sheachaint trí bhacainní cothroma comhshaoil a áirithiú ar longa atá ag teacht
isteach i gcalafoirt an AE. 1.5.3. Ceachtanna a foghlaimíodh ó
thaithí eile dá leithéid san am a chuaigh thart Léiríonn
bearta chun astaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú in earnálacha eile, go
háirithe an EU-ETS – an córas teorannaithe agus trádála astaíochtaí is mó ar
domhan - an gá atá le rialacha láidre chun faireachán, tuairisciú agus fíorú a
dhéanamh ar astaíochtaí. Is é is aidhm dó comhthuiscint a áirithiú maidir leis
an sainmhíniú ar an rud is tona amháin CO2 arna astú ag suiteáil nó ag
oibreoir. 1.5.4. Comhoiriúnacht d'ionstraimí
iomchuí eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann Ainneoin
go n‑áiríonn na rialacha atá beartaithe do chóras MRV don earnáil muiriompair
na gnéithe sonracha den mhodh iompair seo, tá an cur chuige bunúsach faireacháin
agus tuairiscithe inchomparáide leis an gcóras MRV atá in úsáid laistigh de raon
feidhme EU-ETS. Ba
cheart go n‑éascódh sé sin comparáid idir na hiarrachtaí atá á ndéanamh
astaíochtaí a laghdú in earnálacha difriúla agus i measc modhanna iompair
éagsúla. 1.6. Fad agus tionchar airgeadais ¨ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar
feadh tréimhse teoranta –
¨ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an
[LL/MM]BBBB –
¨ Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB X Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse
neamhtheoranta –
Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh
ó 2016 go 2017, –
cuirfear ag feidhmiú go hiomlán faoi 2018 é. 1.7. Modhanna bainistíochta atá beartaithe[32] X Bainistíocht dhíreach láraithe ag an gCoimisiún ¨ Bainistíocht indíreach láraithe trí na
cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuig: –
¨ gníomhaireachtaí feidhmiúcháin –
¨ comhlachtaí bunaithe ag na Comhphobail[33] –
¨ comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean
de sheirbhís phoiblí acu –
¨ daoine a bhfuil sé de chúram orthu bearta ar leith a chur chun
feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus atá
sainaitheanta sa ghníomh bunaidh ábhartha de réir bhrí de chuid Airteagal 49
den Rialachán Airgeadais ¨ Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit ¨ Bainistíocht dhíláraithe le tríú tíortha ¨ Comhbhainistíocht le
heagraíochtaí idirnáisiúnta (tabhair sonraí) I gcás ina sonraítear níos mó ná modh
bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn"Nótaí" le do thoil. Nótaí Baineann na
bearta a theastaíonn chun an córas MRV atá beartaithe, a mbeidh impleachtaí
buiséadacha aige, a chur chun feidhme le forbairt uirlisí TF, nó, go sonrach,
le síneadh a chur leis na huirlisí reatha atá in úsáid cheana ag an
nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí, costais riaracháin san
áireamh. Is é an Coimisiún a sholáthróidh an buiséad don tionscadal aonuaire
seo, faoi líne bhuiséid 34 02 01 na hArd-Stiúrthóireachta um Ghníomhú
ar son na hAeráide. Braitheann
rannpháirtíocht fhéideartha EMSA le cúram coimhdeach ábhartha na
gníomhaireachta faoi seach, cúram atá le gníomhachtú ag Bord EMSA. Mar gheall ar
a uathoibríoch is atá sé, meastar go bhféadfadh an fhoireann atá ag obair in
EMSA faoi láthair freagracht a ghlacadh as oibriú na huirlise. 2. BEARTA BAINISTÍOCHTA 2.1. Rialacha faireacháin agus
tuairiscithe Tiocfaidh
an Coimisiún le chéile go rialta leis na comhairleoirí atá i mbun an uirlis TF riachtanach
a fhorbairt (síneadh ar an gcóras reatha THETIS atá á oibriú ag EMSA) chun faireachán
a dhéanamh ar dhul chun cinn na hoibre. 2.2. Córas bainistíochta agus
rialaithe 2.2.1. Na rioscaí a aithníodh Ní
bhaineann aon rioscaí buiséid leis an togra a d'éileodh bearta nach bhfuil san
áireamh i gcreat rialaithe buiséid an AE. 2.2.2. Modhanna rialaithe atá beartaithe
Ní
theastaíonn aon mhodhanna sonracha rialaithe, bainfear úsáid as sásraí caighdeánacha
nuair is iomchuí. 2.2.3. Costais agus tairbhí rialuithe
agus ráta dóchúil neamh‑chomhlíontachta Ní
dócha go mbeidh na sásraí caighdeánacha atá beartaithe mar bhonn le costais
bhreise. Ó tharla rialuithe caighdeánacha a bheith i gceist, níltear ag súil le
neamh‑chomhlíontacht. 2.3. Bearta chun calaois agus
neamhrialtachtaí a chosc Sonraigh bearta
coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe. Níl
gá le bearta sonracha. Beidh feidhme leis an ngnáthchreat le haghaidh conarthaí
agus soláthairtí. 3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A
BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAIMH 3.1. Ceannteidil an chreata
airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n-imrítear tionchar · Línte buiséid atá ann cheana In ord línte buiséid
agus cheannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil. Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht Uimhir [Tuairisc…...................................………...……….] || LD/LN ([34]) || ó thíortha CSTE[35] || ó thíortha is iarrthóirí[36] || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagail 18(1) (aa) de chuid an Rialacháin Airgeadais 2 || 34 02 01 [Laghdú ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa an AE] || LD || NÍL || NÍL || NÍL || NÍL · Línte nua buiséid atá á n-iarraidh In ord línte buiséid
agus cheannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil. Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht Uimhir [Ceannteideal……………………………………..] || LD/LN || ó thíortha CSTE || ó thíortha is iarrthóirí || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagail 18(1) (aa) de chuid an Rialacháin Airgeadais || [XX.YY.YY.YY] || || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL 3.2. An tionchar a mheastar a
bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas [Ní mór an chuid seo a
líonadh isteach ar an scarbhileog ar shonraí buiséid de chineál riaracháin (an
dara doiciméad atá san iarscríbhinn a ghabhann leis an ráiteas airgeadais seo)
a bheidh le huaslódáil chuig CISNET chun críocha comhairliúcháin idir-rannaigh. 3.2.1. Achoimre ar an tionchar a mheastar
a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas EUR milliún (go dtí an tríú deachúil) Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || 2 || Acmhainní nádúrtha a chaomhnú agus a bhainistiú DG: CLIMA || || || 2016 || 2017 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáin (féach pointe 1.6) || IOMLÁN Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí || || || || || || || || 34 02 01 || Gealltanais || (1) || 0.500 || || || || || || || 0.500 Íocaíochtaí || (2) || 0.200 || 0.300 || || || || || || 0.500 Uimhir na líne buiséid || Gealltanais || (1a) || || || || || || || || Íocaíochtaí || (2a) || || || || || || || || Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach clár sonrach[37] || || || || || || || || Uimhir na líne buiséid || || (3) || || || || || || || || IOMLÁN na leithreasuithe i gcomhair DG CLIMA || Gealltanais || =1+1a +3 || 0.500 || || || || || || || 0.500 Íocaíochtaí || =2+2a +3 || 0.200 || 0.300 || || || || || || 0.500 IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí || Gealltanais || (4) || 0.500 || || || || || || || 0.500 Íocaíochtaí || (5) || 0.200 || 0.300 || || || || || || 0.500 IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach na gclár sonrach || (6) || || || || || || || || IOMLÁN leithreasuithe do CHEANNTEIDEAL 2 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Gealltanais || =4+ 6 || 0.500 || || || || || || || 0.500 Íocaíochtaí || =5+ 6 || 0.200 || 0.300 || || || || || || 0.500 Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná
ceannteideal amháin: IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí || Gealltanais || (4) || || || || || || || || Íocaíochtaí || (5) || || || || || || || || IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach na gclár sonrach || (6) || || || || || || || || IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 4 den chreat airgeadais ilbhliantúil (Méid tagartha) || Gealltanais || =4+ 6 || || || || || || || || Íocaíochtaí || =5+ 6 || || || || || || || || Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || 5 || ‘Caiteachas riaracháin’ EUR milliún (go dtí an tríú deachúil) || || || Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || IOMLÁN DG: <…….> || Acmhainní daonna || || || || || || || || Caiteachas riaracháin eile || || || || || || || || IOMLÁN DG <…….> || Leithreasuithe || || || || || || || || IOMLÁN leithreasuithe do CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || (Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí) || || || || || || || || EUR milliún (go dtí an tríú deachúil) || || || 2016 || 2017 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || IOMLÁN IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Gealltanais || 0.500 || || || || || || || Íocaíochtaí || 0.200 || 0.300 || || || || || || 3.2.2. An tionchar a mheastar a
bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí –
¨ Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasuithe faoi
chomhair oibríochtaí –
¨ Éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair
oibríochtaí, mar a mhínítear thíos: Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliún
(go dtí an tríú deachúil) Sonraigh cuspóirí agus aschuir ò || || || Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || IOMLÁN ASCHUIR Saghas[38] || Meánchostas || Líon || Costas || Líon || Costas || Líon || Costas || Líon || Costas || Líon || Costas || Líon || Costas || Líon || Costas || Líon Iomlán || Costas iomlán CUSPÓIR SONRACH UIMH 1[39] || || || || || || || || || || || || || || || || - Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || || - Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || || - Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || || Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1 || || || || || || || || || || || || || || || || CUSPÓIR SONRACH Uimh 2... || || || || || || || || || || || || || || || || - Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || || Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2 || || || || || || || || || || || || || || || || COSTAS IOMLÁN || || || || || || || || || || || || || || || || 3.2.3. An tionchar a mheastar a
bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin 3.2.3.1. Achoimre –
X Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear
leithreasuithe de chineál riaracháin –
¨ Éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasuithe de cineál riaracháin,
mar a mhínítear thíos: EUR milliún (go dtí an tríú deachúil) || Bliain N[40] || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || IOMLÁN CEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || || Acmhainní daonna || || || || || || || || Caiteachas riaracháin eile || || || || || || || || Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || || Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5[41] den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || || Acmhainní daonna || || || || || || || || Caiteachas eile de chineál riaracháin || || || || || || || || Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || || IOMLÁN || || || || || || || || Soláthrófar na
hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil
bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe taobh
istigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a
d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta
faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise
na srianta buiséadacha. 3.2.3.2. Na hacmhainní daonna a
mheastar a bheidh riachtanach –
X Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear acmhainní
daonna –
¨ Éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear acmhainní daonna mar a
mhínítear thíos: Sloinnfear an meastachán in aonaid de
choibhéis lánaimseartha || || Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || Poist don phlean bunaithe (oifigigh agus gníomhairí sealadacha) || XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) || || || || || || || || XX 01 01 02 (Toscaireachtaí) || || || || || || || || XX 01 05 01 (Taighde indíreach) || || || || || || || || 10 01 05 01 (Taighde díreach) || || || || || || || Pearsanra seachtrach (in aonaid de Choibhéisí Lánaimseartha: FTE)[42] || XX 01 02 01 (CA, INT, SNE ón “gclúdach iomlánaíoch”) || || || || || || || || XX 01 02 02 (CA, INT, JED, LA agus SNE sna toscaireachtaí) || || || || || || || || XX 01 04 yy[43] || - sa cheanncheathrú || || || || || || || || - i dtoscaireachtaí || || || || || || || || XX 01 05 02 (CA, SNE, INT - Taighde indíreach) || || || || || || || || 10 01 05 02 (CA, SNE, INT - Taighde díreach) || || || || || || || || Línte buiséid eile (sonraigh) || || || || || || || || IOMLÁN || || || || || || || Is é XX é an réimse beartais nó an teideal buiséid
lena mbaineann. Soláthrófar na hacmhainní
daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an
bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe taobh istigh den
Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a
thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós
imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta
buiséadacha. . Cur síos ar na cúraimí
a bheidh le déanamh: Oifigigh agus foireann shealadach || Foireann sheachtrach || 3.2.4. Comhoiriúnacht leis an gcreat
airgeadais ilbhliantúil reatha –
X Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach
leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil reatha. –
¨ Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais
ilbhliantúil i gceist leis an togra/tionscnamh. Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus
sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha. […] –
¨ Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim
sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais
ilbhliantúil.[44] Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na
ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna
comhfhreagracha. […] 3.2.5. Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe –
X Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le
cómhaoiniú le tríú páirtithe. –
Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir leis an
gcómhaoiniú atá réamh‑mheasta thíos: Leithreasuithe in EUR milliún (go dtí an tríú
deachúil) || Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || Iomlán Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe || || || || || || || || IOMLÁN na leithreasuithe cómhaoinithe || || || || || || || || 3.3. An tionchar a mheastar a
bheidh ar ioncam –
X Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag
an togra/tionscnamh ar ioncam. –
¨ Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an
togra/tionscnamh: ¨ ar acmhainní dílse ¨ ar ioncam ilghnéitheach EUR milliún (go dtí an tríú deachúil) Líne ioncaim buiséid: || Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha || Tionchar an togra/tionscnaimh[45] Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) Airteagal …………. || || || || || || || || I gcás ioncaim ilghnéithigh atá ‘sannta’, sonraigh
na línte buiséid a n-imrítear tionchar orthu. […] Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a
ríomh. […] [1] Cinneadh 1/CP.16
ó Chomhdháil na bPáirtithe um an UNFCCC ("Comhaontú Chancún"). [2] Bunaithe
ar an gCeathrú Tuarascáil Measúnaithe ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú
Aeráide (IPCC). [3] Conclúidí na Comhairle Eorpaí an 29/30.10 2009 agus Rún ó Pharlaimint
na hEorpa an 4.2 2009 (2008/215(INI)). [4] COM(2010) 2020 final. [5] Treoir 2003/87/CE agus Cinneadh 406/2009/CE. [6] COM(2011) 144 final. [7] Athbhreithniú ar MARPOL Iarscríbhinn VI [8] Aithris 2 den chinneadh Uimh. 406/2009/CE agus aithris 3 den
Treoir Uimh. 2009/29/CE [9] Dara
staidéar IMO ar gháis cheaptha teasa, 2009. [10] CE
Delft, 2009 (http://ec.europa.eu/clima/policies/transport/shipping/docs/ghg_ships_report_en.pdf). [11] http://ec.europa.eu/clima/policies/transport/shipping/index_en.htmhttp://ec.europa.eu/clima/policies/eccp/second/stakeholder/documentation_en.htm [12] http://ec.europa.eu/clima/consultations/0014/index_en.htm [13] http://ec.europa.eu/clima/events/0064/index_en.htm [14] IHS
Fairplay, 2011 [15] IO
C , , Lch. . [16] IO
C , , Lch. . [17] Cinneadh Uimh. 406/2009/CE
agus Treoir Uimh. 2009/29/CE [18] IO L 251, 18.9.2012, lch. 49 [19] IO L 218, 13.8.2008, lch. 30. [20] IO L131, 28.5.2009 lch. 132. [21] IO L131, 28.05.2009, lch. 57. [22] IO L165,
18.6.2013, lch 13-40. . [23] IO L 251, 18.9.2012, lch. 49 [24] IO L 281, 23.11.1995, lch. 31. [25] IO L 8, 12.1.2001, lch. 1. [26] IO
L 218, 13.8.2008, Lch. 30. [27] IO
L 208, 5.8.2002, Lch. 1. [28] IO L 165,18.6.2013 lch.13-40 [29] IO L 181, 12.7.2012, lch. 30–104 [30] ABM:
Bainistiú de réir gníomhaíochta – ABB: Bunú an bhuiséid de réir gníomhaíochtaí. [31] Mar a thagraítear dó in Airteagal 49(6)(a) nó (b) den
Rialachán Airgeadais. [32] Is
féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán
Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin DG Budg: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html [33] Mar
a thagraítear dóibh in Airteagal 185 den Rialachán Airgeadais. [34] LD
= Leithreasuithe difreáilte / LN. = Leithreasuithe neamhdhifreáilte [35] CSTE:
Comhlachas Saorthrádála na hEorpa. [36] Tíortha
is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh
a bheith ina n‑iarrthóirí. [37] Cúnamh
agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta
AE (seanlínte ‘BA’), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme. [38] Is
ionann aschur agus táirgí/seirbhísí atá le soláthar (e.g.: líon na malartuithe
mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán na gciliméadar de bhóithre a rinneadh,
etc.). [39] Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. ‘Cuspóirí sonracha …’ [40] Is
í bliain N an bhliain ina gcuirtear tús le cur chun feidhme an
togra/tionscnaimh. [41] Cúnamh
agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le clár agus/nó bearta
AE (seanlínte ‘BA’), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme. [42] CA=
Ball foirne ar conradh; LA = Ball foirne Áitiúil; SNE = Saineolaí Náisiúnta ar
Iasacht; INT = Ball foirne gníomhaireachta (‘Intérimaire’); JED= ‘Jeune
Expert en Délégation’ (Saineolaí Sóisearach i dToscaireacht). [43] ABM:
Bainistiú de réir gníomhaíochta – ABB: Bunú an bhuiséid de réir gníomhaíochtaí. [44] Féach
pointí 19 agus 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach. [45] A
fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta,
tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna,
i.e. méideanna comhlána agus 25 % de chostais bhailiúcháin a bheith bainte
astu.