This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52013PC0250
Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL amending Council Regulation (EC) No 302/2009 concerning a multiannual recovery plan for Bluefin tuna in the eastern Atlantic and Mediterranean
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 ón gComhairle maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil do thuinníní gorma san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 ón gComhairle maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil do thuinníní gorma san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir
/* COM/2013/0250 final - 2013/0133 (COD) */
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 ón gComhairle maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil do thuinníní gorma san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir /* COM/2013/0250 final - 2013/0133 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA Is Páirtí Conarthach é an tAontas sa
Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú ("an
Coinbhinsiún" anseo feasta). Is é an tuinnín gorm an speiceas is
tábhachtaí ag an gCoimisiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú
("ICCAT" anseo feasta) agus is é an t-aon speiceas faoi láthair atá
faoi réir plean téarnaimh ilbhliantúil. Baineann an trasuí seo le forálacha
criticiúla sa phlean téarnaimh a pléadh go forleathan agus a glacadh ag Cruinniú
Bliantúil ICCAT i Samhain 2012 faoi Mholadh 12 ‑ 03. Ag a 16ú Cruinniú Speisialta in 2008, ghlac
ICCAT, arna bhunú ag an gCoinbhinsiún, Moladh 08-05 chun plean téarnaimh
nua do thuinníní gorma san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir a bhunú, a chuirfí
in ionad an iarphlean téarnaimh a glacadh in 2006. In oirchill theacht in
éifeacht Mholadh 08-05, glacadh Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 ón
gComhairle[1].
Ag a 17ú Cruinniú Speisialta in 2010, ghlac
ICCAT Moladh 10-04 lena leasaítear an plean téarnaimh ilbhliantúil do
thuinníní gorma. Chun an stoc a athbhunú, foráiltear le Moladh 10‑04 go
ndéanfaí an ghabháil iomlán is incheadaithe a laghdú tuilleadh, go neartófaí na
bearta chun an cumas iascaireachta a laghdú agus go dtreiseofaí na bearta
rialaithe, go háirithe maidir leis na hoibríochtaí aistrithe agus maidir le cur
i gcaighean tuinníní, agus foráiltear go dtabharfadh an Buanchoiste um Thaighde
agus um Staidreamh (SCRS) comhairle bhreise in 2012 maidir le láithreacha
sceite a aithint agus tearmainn a chruthú. Ag a Chruinniú Speisialta in 2012, ghlac ICCAT
Moladh 12-03 lena leasaítear an plean téarnaimh ilbhliantúil do thuinníní
gorma. D'fhonn na séasúir iascaireachta a chur in oiriúint ar bhonn níos fearr
do ghníomhaíochtaí an chabhlaigh, le Moladh 12‑03 déantar foráil maidir le
modhnú ar na séasúir iascaireachta ''oscailte'' atá éagsúil leis na séasúir
iascaireachta ''dhúnta'' a leagtar amach in Airteagal 7 de
Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 ón gComhairle arna leasú ag Airteagal 1(6)
de Rialachán (AE) Uimh. 500/2012[2].
Ina theannta sin, tá modhnú déanta ar na dátaí is féidir le soithí
peas-saighneoireachta, báid bhaoite agus báid trálála iascaireacht a dhéanamh.
Ar deireadh, ionas nach mbeadh aon neamhchinnteacht ann i leith na dtrealamh
nach bhfuil faoi réir aon rialacha sonracha maidir leis an séasúr
iascaireachta, ba ghá foráil a áireamh a thabharfadh cead go sainráiteach do
gach trealamh eile iascaireacht a dhéanamh ó cheann ceann na bliana. Bhí roinnt agóidí ó Pháirtithe Conarthacha in
ICCAT, áfach, i gcoinne an mholta sin, rud a chuir moill lena theacht i
bhfeidhm, nach dtarlóidh anois go Lúnasa 2013 de réir cosúlachta. Bhain na
hagóidí sin le leithdháileadh na TACanna, áfach, agus ní leis na séasúir
iascaireachta. Ina theannta sin, ag cruinniú idirsheisiúnach a reáchtáladh le
déanaí in Sevilla (18-20 Feabhra 2013), chuir roinnt Páirtithe
Conarthacha in ICCAT in iúl go raibh sé ar intinn acu forálacha Mholadh 12-03 a
chur chun feidhme, lena n‑áirítear an séasúr nua iascaireachta i gcomhair
soithí peas-saighneoireachta (an 26 Bealtaine go dtí an 24 Meitheamh), mar
atá leagtha síos i mír 22 den Mholadh. Maidir le séasúr iascaireachta 2013, le
Rialachán (AE) Uimh. 40/2013 ón gComhairle[3]
lena socraítear do 2013 na deiseanna iascaireachta a bheidh ar fáil in uiscí an
AE agus, do shoithí an AE, in uiscí nach bhfuil san AE maidir le stoic áirithe
éisc agus grúpaí stoic éisc atá faoi réir caibidlíochta agus comhaontuithe
idirnáisiúnta, tá sé socraithe cheana féin ag an gComhairle go mairfidh an
séasúr do shoithí peas-saighneoireachta ón 26 Bealtaine 2013 go dtí
an 24 Meitheamh 2013, chun go leor ama le haghaidh pleanála a
thabhairt do Bhallstáit. Sa Rialachán sin díríodh ar shéasúr iascaireachta do
na soithí peas-saighneoireachta amháin mar gheall ar thráth na bliana i gceist
agus mar gheall ar a thábhachtaí atá an trealamh sin de dheasca a chumais níos
mó gabhála agus mar gheall ar iarchásanna neamh-chomhlíonta. Chun caomhnú éifeachtach stoc na dtuinníní
gorma a áirithiú trína áirithiú go gcloítear leis na séasúir iascaireachta nua
sin agus trí ghníomhaíochtaí forghníomhaithe a éascú, agus chun deimhneacht
dhlíthiúil a sholáthar i leith na séasúr iascaireachta i gceist, ní foláir an
fhoráil maidir le séasúir iascaireachta a mhodhnú i Rialachán (CE) Uimh. 302/2009
ón gComhairle go dtí go gcuirfear Moladh 12‑03 chun feidhme ar bhonn
cuimsitheach agus go dtiocfaidh sé i bhfeidhm. Mar gheall ar na cúiseanna sin agus chun deis
a thabhairt do Bhallstáit a bpleananna iascaireachta, cumais agus iniúchta atá
ceangailte leis na séasúir iascaireachta a shainiú mar aon lena n-oibleagáidí
tuairiscithe a chomhlíonadh, ní foláir an fhoráil sin a mhodhnú a luaithe agus
is féidir agus na modhnuithe sin a chur i bhfeidhm le héifeacht chúlghabhálach
ón 1 Eanáir 2013. Ba chóir mar sin Rialachán (CE) Uimh. 302/2009
a leasú dá réir. 2. TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN
LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR Chuathas i gcomhairle le Ballstáit lena
mbaineann an cineál iascaireachta seo (CY, ES, FR, EL, IT, MT agus PT) ag an
nGrúpa Stiúrtha don Chomhphlean Imscartha maidir le tuinníní gorma a
reáchtáladh i gCeannáras na Gníomhaireachta Eorpaí um Rialú ar Iascach in Vigo
an 11 Nollaig 2012, áit ar pléadh an gá a bhí le dátaí an tséasúir
iascaireachta a shoiléiriú. D'aontaigh siad uile na dátaí a shocrú mar a
leagadh síos i míreanna 21 go 26 de Mholadh 12‑03 ó ICCAT lena leasaítear
an moladh ó ICCAT chun plean téarnaimh ilbhliantúil do thuinníní gorma san
Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir a chur ar bun. 3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA Tá sé mar aidhm ag an Togra moladh a thrasuí
isteach i ndlí an AE ar moladh é a glacadh faoi chuimsiú ICCAT trí leasú ar
Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 ón gComhairle maidir leis na séasúir
iascaireachta do threalaimh ar thóir tuinníní gorma. Is gá sin toisc raon feidhme
teoranta an togra d'fhonn a áirithiú go nglacfar go mear an Rialachán sula
dtosaíonn séasúr iascaireachta 2013. 2013/0133 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 302/2009
ón gComhairle maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil do thuinníní gorma san
Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43 (2) de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a
chur chuig na parlaimintí náisiúnta, Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta na hEorpa[4], Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós
imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1) Is Páirtí é an tAontas sa
Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú ("an
Coinbhinsiún" anseo feasta). (2) Ag a 16ú Cruinniú Speisialta
in 2008, ghlac an Coimisiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú
("ICCAT" anseo feasta), arna bhunú ag an gCoinbhinsiún, Moladh 08-05
chun plean téarnaimh nua do thuinníní gorma san Atlantach Thoir agus sa
Mheánmhuir a bhunú, a chuirfí in ionad an iarphlean téarnaimh a glacadh in 2006.
Glacadh Rialachán (CE) Uimh. 302/2009[5]
chun na bearta idirnáisiúnta caomhnaithe sin a chur chun feidhme ar leibhéal an
Aontais. (3) Ag a 17ú Cruinniú Speisialta
in 2010, ghlac ICCAT Moladh 10-04 lena leasaítear an plean téarnaimh
ilbhliantúil do thuinníní gorma. Leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 302/2009
le Rialachán (AE) Uimh. 500/2012[6]
chun na bearta idirnáisiúnta caomhnaithe leasaithe sin a chur chun feidhme ar
leibhéal an Aontais. (4) Ag a 18ú Cruinniú Speisialta
in 2012, ghlac ICCAT Moladh 12-03 lena leasaítear tuilleadh an plean
téarnaimh ilbhliantúil do thuinníní gorma. Chun na séasúir iascaireachta a chur
in oiriúint níos fearr do ghníomhaíochtaí na gcabhlach, foráiltear do mhodhnú
ar na séasúir iascaireachta i Moladh 12-03, agus sainítear anois iad mar
shéasúir oscailte, seachas séasúir dhúnta mar a sainíodh iad sna Moltaí roimhe
sin ó ICCAT. Ina theannta sin, tá modhnú déanta ar na dátaí is féidir le soithí
peas‑saighneoireachta, báid bhaoite agus báid trálála iascaireacht a dhéanamh.
Ar deireadh, ionas nach mbeadh aon neamhchinnteacht ann i leith na dtrealamh
nach bhfuil faoi réir aon rialacha sonracha maidir le séasúir iascaireachta, ba
ghá foráil a áireamh a thabharfadh cead go sainráiteach do gach trealamh eile
iascaireacht a dhéanamh ó cheann ceann na bliana. (5) Chun caomhnú éifeachtach stoc
na dtuinníní gorma a áirithiú, chun deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar i leith
na séasúr iascaireachta i gceist, agus ar deireadh chun deis a thabhairt do
Bhallstáit a bpleananna iascaireachta, cumais agus iniúchta a shainiú mar aon
lena n-oibleagáidí tuairiscithe a chomhlíonadh, ní foláir na forálacha maidir
le séasúir iascaireachta a mhodhnú i Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 ón
gComhairle a luaithe agus is féidir agus na modhnuithe sin a chur chun feidhme
ó thús 2013 amach go dtí go dtiocfaidh Moladh 12‑03 ó ICCAT i bhfeidhm
agus go dtí go gcuirfear chun feidhme é ar bhonn cuimsitheach. TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A
GHLACADH: Airteagal 1 Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7
de Rialachán (CE) Uimh. 302/2009: "Airteagal 7 Séasúir iascaireachta 1. Tabharfar cead do shoithí
gábhála spiléireachta peiligeacha mórscála atá níos faide ná 24 m tuinníní
gorma a iascach san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir le linn na tréimhse ón 1
Eanáir go dtí an 31 Bealtaine, cé is moite den limistéar siar ó 10°I
agus ó thuaidh ó 42°T, áit ina gceadófar iascaireacht den sórt sin ón 1 Lúnasa
go dtí an 31 Eanáir. 2. Ceadófar peas-saighneoireacht
tuinníní gorma san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir le linn na tréimhse ón
26 Bealtaine go dtí an 24 Meitheamh. 3. Ceadófar do bháid bhaoite
agus do bháid trálála tuinníní gorma a iascach san Atlantach Thoir agus sa
Mheánmhuir le linn na tréimhse ón 1 Iúil go dtí an 31 Deireadh Fómhair. 4. Ceadófar do thrálaeir
pheiligeacha tuinníní gorma a iascach san Atlantach Thoir le linn na tréimhse
ón 16 Meitheamh go dtí an 14 Deireadh Fómhair. 5. Ceadófar iascaireacht
tuinníní gorma san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir mar chaitheamh aimsire nó
mar spórt le linn na tréimhse ón 16 Meitheamh go dtí an 14 Deireadh
Fómhair. 6. Ceadófar do threalaimh eile,
seachas iadsan atá luaite cheana i míreanna 1 go 5, peas‑saighneoireacht
tuinníní gorma a dhéanamh ó cheann ceann na bliana.'' Airteagal 2 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an
tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an
Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2013. Beidh an Rialachán seo ina cheangal
go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa An
tUachtarán An tUachtarán An
tUachtarán [1] IO L 96, 15.04.2009. [2] IO L 157, 16.06.2012. [3] IO L 23, 25.01.2013. [4] IO C , […], Lch. […]. [5] IO L 96, 15.04.2009. [6] IO L 157, 16.06.2012.