EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52013PC0130
Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL amending Regulation (EC) No 261/2004 establishing common rules on compensation and assistance to passengers in the event of denied boarding and of cancellation or long delay of flights and Regulation (EC) No 2027/97 on air carrier liability in respect of the carriage of passengers and their baggage by air
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 lena mbunaítear comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí sa chás nach gceadaítear dóibh bordáil agus sa chás ina gcuirtear eitiltí ar ceal nó go gcuirtear moill fhada orthu, agus Rialachán (CE) Uimh. 2027/97 maidir le dliteanas aeriompróirí i ndáil le hiompar paisinéirí agus a gcuid bagáiste d’aer
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 lena mbunaítear comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí sa chás nach gceadaítear dóibh bordáil agus sa chás ina gcuirtear eitiltí ar ceal nó go gcuirtear moill fhada orthu, agus Rialachán (CE) Uimh. 2027/97 maidir le dliteanas aeriompróirí i ndáil le hiompar paisinéirí agus a gcuid bagáiste d’aer
/* COM/2013/0130 final - 2013/0072 (COD) */
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 lena mbunaítear comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí sa chás nach gceadaítear dóibh bordáil agus sa chás ina gcuirtear eitiltí ar ceal nó go gcuirtear moill fhada orthu, agus Rialachán (CE) Uimh. 2027/97 maidir le dliteanas aeriompróirí i ndáil le hiompar paisinéirí agus a gcuid bagáiste d’aer /* COM/2013/0130 final - 2013/0072 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA 1.1. An creat dlíthiúil reatha Le Rialachán (CE) Uimh. 261/2004[1], ag brath ar na cúinsí faoina
gcuirtear isteach ar an taisteal, ceanglaítear ar aeriompróirí na nithe a
leanas a dhéanamh: –
cúnamh a chur ar fáil do phaisinéirí, cosúil le
béilí, sólaistí, glaonna teileafóin agus cóiríocht óstáin; –
athródú agus aisíoc a thairiscint; –
cúiteamh ar ráta comhréidh suas le EUR 600 a
íoc le gach paisinéir, ag brath ar fhad na heitilte; agus –
paisinéirí a chur ar an eolas go réamhghníomhach i
dtaobh a gceart. Níl d'oibleagáid ar an aerlíne cúiteamh
airgeadais a íoc má tá sí in ann a chruthú gur tharla an cealú nó an mhoill de
dheasca imthosca urghnácha . Leantar, áfach, d’fheidhm a bheith ag na
hoibleagáidí cúraim agus cúnaimh, fiú i gcásanna den sórt sin. Cuirtear ceangal leis an Rialachán ar na
Ballstáit freisin Comhlachtaí Náisiúnta Forfheidhmithe (CNFanna) a bhunú chun
cur i bhfeidhm cuí an Rialacháin a áirithiú. Níor chóir na cearta atá ag paisinéirí faoin
Rialachán a mheascadh leis na cearta atá acu faoi Choinbhinsiún Montreal:
cé go ndéantar foráil sa Choinbhinsiún maidir le damáiste aonair a íoc le
taistealaithe, arna mheasúnú de réir gach cáis ar leith ag brath ar chúinsí
aonair an phaisinéara, bunaítear le Rialachán (CE) Uimh. 261/2004
teidlíochtaí caighdeánaithe (maidir le cúnamh agus cúram) is infheidhme don
uile phaisinéir, beag beann ar a gcúinsí aonair féin. Faoi Choinbhinsiún Montreal (a trasuíodh i
reachtaíocht an AE le Rialachán (CE) Uimh. 2027/97[2]), féadfaidh paisinéir a bheith
i dteideal cúitimh má míláimhseáladh a bhagáiste (ach teorainn de thart
ar EUR 1 200 a chur leis an gcúiteamh sin), ach amháin más féidir leis an
aerlíne a léiriú go ndearna sí gach beart réasúnta chun an damáiste a
sheachaint nó má bhí sé dodhéanta bearta den sórt sin a dhéanamh. Murab ionann
agus Rialachán (CE) Uimh. 261/2004, ní éilítear le Rialachán (CE) Uimh. 2027/97
ná le Coinbhinsiún Montreal go mbunófaí comhlachtaí forfheidhmithe chun a gcur
chun feidhme cuí a áirithiú. 1.2. Na forbairtí is déanaí Is minic a theipeann ar aerlínte na cearta a
thabhairt do phaisinéirí atá siad i dteideal a fháil i gcás nach gceadaítear
dóibh bordáil, nó i gcás moilleanna fada, cealúchán nó bagáiste a
míláimhseáladh, go háirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ("An
Rialachán") agus Rialachán (CE) Uimh. 2027/97. Sa Tuarascáil ón gCoimisiún ar Shaoránacht an
AE, Deireadh Fómhair 2010, dar teideal Dismantling the obstacles to EU
citizens’ rights (Na bacainní ar chearta shaoránaigh an AE a dhíchur)[3]
fógraíodh bearta chun sraith de chomhchearta a áirithiú do
phaisinéirí agus iad ag taisteal ar aon mhodh iompair agus chun forfheidhmiú
leordhóthanach na gceart sin a áirithiú. I measc na dtionscnamh a luaitear sa Pháipéar
Bán ón gCoimisiún ar Iompar, a glacadh an 28 Márta 2011, luaitear
an gá atá le tionscnaimh chun léirmhíniú aonfhoirmeach ar dhlí an AE maidir le
cearta paisinéirí a fhorbairt mar aon le forfheidhmiú comhchuibhithe agus
éifeachtach, d’fhonn cothroime iomaíochta agus caighdeán Eorpach i ndáil le
cosaint saoránach a áirithiú.[4] I dTeachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Aibreán 2011,
tuairiscíodh ar na bealaí éagsúla a bhfuil forálacha Rialachán (CE)
Uimh 261/2004 á léirmhíniú, de thoradh limistéir liatha agus bearnaí a bheith
sa téacs reatha, agus de thoradh nach bhfuil an Rialachán á fhorfheidhmiú ar
bhealach aonfhoirmeach ar fud na mBallstát. Ina theannta sin, is deacair do
phaisinéirí a gcearta aonair a fhorfheidhmiú. Ghlac Parlaimint na hEorpa (PE) rún, an
29 Márta 2012, mar fhreagairt ar an Teachtaireacht ón gCoimisiún
thuasluaite. Creideann PE gur cheart do Bhallstáit agus aeriompróirí na
rialacha atá ann cheana a chur i bhfeidhm i gceart, modhanna sásaimh atá
leordhóthanach agus simplí a fhorfheidhmiú, chomh maith le faisnéis chruinn a
chur ar fáil do phaisinéirí maidir lena gcearta, agus an méid sin a
bheith mar bhunchloch le hiontaoibh paisinéirí a fháil ar ais. Is cúis bhuartha
í do PE nach n‑áirithíonn na comhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe cosaint
éifeachtach do chearta paisinéirí i gcónaí. Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 261/2004,
iarrann PE ar an gCoimisiún soiléiriú ar chearta paisinéirí a mholadh, go
háirithe maidir le coincheap na n‑imthosca urghnácha. Ní foláir do reachtaíocht an AE a bheith go
hiomlán i gcomhréir leis an gCairt um Chearta Bunúsacha[5]. Go sonrach, leanann sé
ó Airteagal 38 gur cheart go mbainfí ardleibhéal cosanta tomhaltóra amach
i ngach beartas de chuid an Aontais. Áirítear i measc na bhforálacha ábhartha
eile an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint (Airteagal 8),
toirmeasc ar aon idirdhealú agus daoine faoi mhíchumas a lánpháirtiú
(Airteagail 21 & 26) agus an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail
chóir a fháil (Airteagal 47). Bhí tionchar cinntitheach ag cásdlí ar
léirmhíniú an Rialacháin. Dhearbhaigh an Chúirt Bhreithiúnais Eorpach i gcás C‑344/04
(IATA) go bhfuil an Rialachán go hiomlán i gcomhréir le Coinbhinsiún Montreal
agus go bhfuil comhlántachtaí idir an dá ionstraim dlí. I gcás C-549/07,
Wallentin‑Herrman, rinne an Chúirt soiléiriú maidir leis na cásanna nár
cheart fadhb theicniúil in aerárthach a mheas mar 'imthoisc urghnách'. I gcás
cúirte Sturgeon (Cásanna Uamtha C-402/07 agus C-432/07), chinn an Chúirt
Bhreithiúnais Eorpach go mbeadh paisinéirí ar cuireadh moill fhada de ar a
laghad trí uair an chloig orthu i dteideal cúitimh. Dírítear leis an togra seo ar leas
aerphaisinéirí a chur chun cinn trína áirithiú go gcomhlíonann aeriompróirí
ardleibhéal cosanta d'aerphaisinéirí nuair a chuirtear isteach ar a dtaisteal,
ag cur san áireamh na n‑impleachtaí airgeadais don earnáil aeriompair
agus ag áirithiú go bhfeidhmíonn aeriompróirí faoi choinníollacha
comhchuibhithe i margadh léirscaoilte. 2. TORTHAÍ NA gCOMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA
PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNÚ TIONCHAIR 2.1. Próiseas comhairliúcháin Rinneadh comhairliúchán poiblí idir an 19 Nollaig 2011
agus an 11 Márta 2012; fuarthas 410 aighneacht. Tá na torthaí ar fáil
ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin[6].
De bhreis air sin, rinne comhairleoir obair agallaimh aonair níos mionsonraithe
agus comhairliúcháin le 98 páirtí leasmhar ó na grúpaí de pháirtithe leasmhara
go léir. Ar deireadh, an 30 Bealtaine 2012,
chomheagraigh an Coimisiún agus Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
comhdháil a thug an deis do pháirtithe leasmhara freagairt a thabhairt ar
thorthaí na gcomhairliúchán. Tá gach cur i láthair agus na miontuairiscí ón
gcomhdháil ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.[7] Dhírigh na hionadaithe do phaisinéirí agus
do thomhaltóirí go príomha ar chomhlíonadh lag agus ar fhorfheidhmiú
neamhleor, go háirithe maidir le cúiteamh airgeadais i gcás moille. Mheas aerlínte
agus a gcumainn go príomha go raibh costas airgeadais an Rialacháin
iomarcach, go háirithe agus dliteanas gan teorainn ar aerlínte as teagmhais
nach bhfuil siad freagrach astu (e.g. géarchéim scamall an luaithrigh
bholcánaigh in Aibreán 2010). Rinne na haerlínte géarghearán faoi impleachtaí
chás Sturgeon agus faoi na costais iomarcacha a tháinig as. Ba chosúil na
tuairimí a bhí ag cumainn na ngníomhairí taistil agus na dtionscnóirí turas
leo siúd a léirigh na haerlínte, ach le roinnt eisceachtaí tábhachtacha ar nós
a dtuairimí maidir leis an gceart chun athródaithe nó an ceart chun páirt
aonair de thicéad eitilte a úsáid (beartas "neamhláithreachta").
Léirigh aerfoirt go raibh siad go mór in aghaidh freagrachtaí a
thabhairt dóibh faoin Rialachán leasaithe. Léirigh na húdaráis náisiúnta agus na
húdaráis fo-náisiúnta a rinne aighneacht sa chomhairliúchán poiblí go raibh
a dtuairimí ar fhormhór na gceisteanna cosúil leis na tuairimí a bhí ag cumainn
na dtomhaltóirí/na bpaisinéirí, cé go raibh siad níos imníche faoi
shriantachtaí dlíthiúla, buiséideacha agus eacnamaíocha. 2.2. Measúnú tionchair Rinne an Coimisiún measúnú ar cheithre rogha
beartais chun cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú ceart aerphaisinéirí a fheabhsú.
Tá difear eatarthu ó thaobh na comhbhabhtála arna roghnú idir forfheidhmiú níos
láidre agus dreasachtaí eacnamaíocha coigeartaithe d'aerlínte: is ionann
costais níos airde agus dreasacht d'aerlínte chun na costais comhlíonta a íoslaghdú
agus chun iarracht a dhéanamh a gcearta a cheilt ar phaisinéirí. spreagadh chun
comhlíonta, áfach, is ea beartas smachtbhannaí níos láidre. Dá bhrí sin, i gcás
ina bhfuil na costais níos airde de thoradh oibleagáidí an Rialacháin, is gá
beartas forfheidhmithe níos doichte a bheith ann agus comhordú níos fearr a
dhéanamh air, agus a mhalairt. Rinneadh rogha mar seo a mheas mar dá gcuirfí
béim iomlán ar fhorfheidhmiú gan aghaidh a thabhairt ar na dídhreasachtaí
eacnamaíocha maidir le comhlíonadh, bheadh an‑chuid acmhainní poiblí ag
teastáil ó na comhlachtaí forfheidhmithe. Rogha 1: díriú ar dhreasachtaí
eacnamaíocha (athrú measartha ar fhorfheidhmiú): faoi Rogha 1,
déantar comhordú níos fearr ar fhorfheidhmiú, go príomha trí shruthú níos fearr
faisnéise a bheith idir CNFanna agus an Coimisiún. Leis an rogha seo dírítear
go príomha ar chostais a laghdú trí árachas roghnach a thairiscint do
phaisinéirí in áit cuid de na hoibleagáidí maidir le cúram (i.e. lónadóireacht,
cóiríocht). Rogha 2: cothromaíocht a dhéanamh idir
beartas forfheidhmithe níos láidre agus dreasachtaí eacnamaíocha: treisítear an beartas forfheidhmithe trí chomhordú níos láidre ar na
CNFanna. Cheanglófaí ar CNFanna an fhaisnéis a sholáthraíonn siad don
Choimisiún i dtaobh a ngníomhaíochtaí a fheabhsú agus féadfaidh an Coimisiún
imscrúduithe a iarraidh, go háirithe i gcásanna a bhaineann le roinnt Ballstát.
Déantar na costais bhreise a éiríonn as an gcúram agus cúnamh feabhsaithe a
chúiteamh le coigeartuithe ar an gcúiteamh airgeadais foriomlán. D'fhéadfaí é
seo a bhaint amach trí mhinicíocht na n‑íocaíochtaí cúitimh a laghdú ar
dhá bhealach: ·
Rogha Mhalartach 2a: an
tairseach ama thar a mbeidh ceart chun cúitimh ag an bpaisinéir i gcás
moilleanna a mhéadú ó thrí uair an chloig go ar a laghad cúig uair an chloig; ·
Rogha Mhalartach 2b:
raon feidhme "imthosca urghnácha" a fhairsingiú ionas go gcuimseofaí
formhór fabhtanna teicniúla. I gcásanna roghanna malartacha 2a agus 2b,
déantar anailísiú sa tuarascáil ar an measúnú tionchair féachaint an mbeadh
coigeartú eile ar na cnapshuimeanna cúitimh úsáideach. Faoi Rogha 2, bheadh teorainn de thrí nó
de cheithre lá leis an oibleagáid cóiríocht a chur ar fáil i gcás imeachtaí
urghnácha a mhairfidh ar feadh tréimhse fada. Chun an tionchar ar phaisinéirí a
mhaolú, tugtar isteach pleanáil theagmhasach agus athródú níos tapúla. Rogha 3: díriú ar fhorfheidhmiú: díríonn an rogha seo go hiomlán ar fhorfheidhmiú níos láidre ag na
comhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe agus déantar soiléiriú ar na cearta atá ag
paisinéirí cheana chun iad a chur chun feidhme ar bhealach níos éifeachtaí. Rogha 4: forfheidhmiú lárnaithe: díríonn rogha 4 go hiomlán ar bheartas forfheidhmithe atá go
hiomlán lárnaithe agus a chaithfidh frithghníomhú in aghaidh dreasachtaí
diúltacha a bhaineann le costas an chomhlíonta: dá bhrí sin, tá comhlacht
forfheidhmithe lárnach AE mar chuid den rogha seo. I roghanna 3 agus 4 d’áiritheodh ciste
tionscail – á mhaoiniú ag tobhach ar gach ticéad aerlíne – go dtabharfaí cúram
leanúnach i gcás imeachtaí urghnácha a mhairfidh ar feadh tréimhse fada trí
chuid de na costais arna dtabhú ag aerlínte a aisíoc ar a laghad. Tá roinnt tréithe comhchoiteanna ag na
roghanna beartais go léir: ·
soiléiriú ar roinnt saincheisteanna ( e.g. imthosca
urghnácha mar atá thuasluaite, oibleagáidí athródaithe, cúram le linn
moilleanna ar an tarmac, cearta i gcás nasceitiltí a cailleadh, etc.); ·
deighilt fheidhmiúil idir forfheidhmiú ginearálta
agus láimhseáil gearán aonair nuair a fhéadfaidh an cúram maidir le gearáin
aonair a láimhseáil a thabhairt do chomhlachtaí maidir le réiteach malartach
díospóidí. Bheadh aeriompróirí agus na comhlachtaí atá i gceannas ar ghearáin
aonair faoi réir nósanna imeachta soiléire maidir le láimhseáil gearán (lena n‑áireofaí
uas‑agaí freagartha); ·
rannpháirtíocht imreoirí eile margaidh: deiseanna
feabhsaithe d'aerlínte dul ar iontaoibh tríú páirtithe atá freagrach as cur
isteach ar thaisteal; pleananna teagmhasacha a ullmhú i measc úsáideoirí
aerfoirt. Baintear de thátal sa mheasúnú tionchair go
bhfuil tosaíocht ag Rogha 2 thar na roghanna eile toisc gurb í an rogha is
éifeachtaí agus is éifeachtúla chun cearta paisinéirí a fheabhsú agus an
tionchar airgeadais ar earnáil an aeriompair á chur san áireamh. Tugtar
tosaíocht bheag do rogha mhalartach 2a thar 2b toisc an bhaoil go dtarlódh níos
mó cealaithe dá gcoimeádfaí an tairseach i gcás moilleanna ró‑íseal
(amhail 2b) agus toisc go ndéantar comhsheasmhacht níos fearr a áirithiú idir
an ceart chun cúitimh agus an ceart chun aisíocaíochta le Rogha 2a (tagann
an dá cheann i gceist ar a luaithe tar éis 5 uair an chloig). Ní léirítear
tosaíocht sa mheasúnú tionchair maidir le tuilleadh roghanna malartacha ar Rogha 2a
(i.e. leibhéil chúitimh coigeartaithe agus/nó tairseacha iolracha ama do
chúiteamh i gcás moilleanna). Bheadh na costais chomhlíonta ar aeriompróirí
faoi Rogha 2 cosúil leo siúd faoi Rialachán an lae inniu, cé gur lú an
baol go rachadh na costais in airde sa chás go mbeadh cúiteamh á éileamh ag
cion níos mó paisinéirí nó i gcás imeachta urghnách a mhairfidh ar feadh
tréimhse fada; Chinn an Coimisiún togra a chur i láthair atá
i gcomhréir le conclúid an mheasúnaithe tionchair, i.e. ag comhfhreagairt dá Rogha 2a,
lena n‑áirítear tairseach aonfhoirmeach 5 uair an chloig do
chúiteamh i gcás moilleanna ar gach turas laistigh den AE. Maidir leis na
foroghanna, ní choigeartaítear na leibhéil chúitimh leis an togra ach tugtar
tairseach níos faide isteach ó thaobh cúitimh i gcás moilleanna ar thurais
lasmuigh den AE atá níos faide ná 3 500 km, ag cur na fadhbanna ar leith
san áireamh a tharlaíonn ar thurais chianaistir chun déileáil le bunchúiseanna
na moilleanna i bhfad ó bhunáit na n‑aeriompróirí (9 uair an chloig do
thurais lasmuigh den AE idir 3 500 km agus 6 000 km agus 12 uair an
chloig do thurais lasmuigh den AE de 6 000 km ar a laghad). 3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA 3.1. Bunús dlí Tá an togra bunaithe ar Airteagal 100(2)
den CFAE. 3.2. Coimhdeacht agus
comhréireacht Ar an gcéad dul síos, tá raon feidhme na
mBallstát an‑teoranta i ndáil le gníomhú leo féin chun tomhaltóirí a
chosaint, toisc nach gceadaítear le Rialachán 1008/2008 maidir le hAerseirbhísí[8] do Bhallstáit ceanglais bhreise
a chur ar aeriompróirí a oibríonn seirbhísí laistigh den AE. Ar an dara dul síos, tagraíonn formhór na
bhfadhbanna do na héagsúlachtaí i gcur i bhfeidhm/i bhforfheidhmiú Rialachán
(CE) Uimh. 261/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 2027/97 ar fud na
mBallstát agus as sin déantar lagú ar chearta paisinéirí agus tá tionchar aige
sin ar chothroime iomaíochta idir aeriompróirí. Is le hidirghabháil an AE
amháin a thabharfar aghaidh ar na fadhbanna sin. Ina theannta sin, comhlíonann an togra
prionsabal na comhréireachta. Tá aon chostas breise d'oibrithe eacnamaíocha
agus d'údaráis náisiúnta teoranta do chostais atá riachtanach chun cur i bhfeidhm
agus forfheidhmiú cearta paisinéirí a fheabhsú. Déantar na harduithe costais a
bhaineann le cúram agus cúnamh agus le cúiteamh i gcás moilleanna fada a
fhritháireamh le coigeartuithe ar na tairseacha ama a mbíonn feidhm ag an
gceart chun cúitimh tharstu. 3.3. Míniú mionsonraithe ar an
togra 3.3.1. Forfheidhmiú éifeachtach agus
comhsheasmhach ar chearta paisinéirí a áirithiú Tá sé d’aidhm ag an togra forfheidhmiú a
fheabhsú trí shoiléiriú a dheanamh ar na príomhphrionsabail agus ar chearta
intuigthe paisinéirí ba shiocair go minic le díospóidí idir aerlínte agus
paisinéirí san am atá caite; agus le feabhas agus comhordú níos fearr ar na
beartais forfheidhmithe a dhéantar ag an leibhéal náisiúnta. 3.3.1.1. Soiléirú ar phríomhphrionsabail ·
Sainmhíniú ar "imthosca urghnácha": sainmhínítear an téarma go soiléir sa togra i gcomhréir le cinneadh
na Cúirte Eorpaí i gcás C-549/07 (Wallentin‑Herman), i.e. imthosca nach
dtarlaíonn de ghnáth, de bharr a gcineáil nó a dtionscnaimh, le linn fheidhmiú
ghníomhaíocht an aeriompróra lena mbaineann agus nach bhfuil neart iarbhír ag
an aeriompróir orthu. Ina theannta sin, ar mhaithe le breis deimhneachta
dlíthiúla, tugtar isteach leis an togra liosta neamhchuimsitheach d'imthosca ar
féidir glacadh leo mar imthosca urghnácha agus d'imthosca ar féidir glacadh leo
mar imthosca neamh‑urghnácha (Airteagal 1(1e) den togra – Airteagal 2(m)
de Rialachán Uimh. 261/2004 arna leasú – agus Iarscríbhinn 1). ·
Ceart chun cúitimh i gcás moilleanna fada: leis an togra tugtar isteach go sainráite i dtéacs Rialachán (CE) Uimh. 261/2004
an ceart chun cúitimh i gcás moilleanna fada – mar a d’fhógair an Chúirt
Bhreithiúnais Eorpach sna cásanna uamtha C-407/07 agus C‑432/07
(Sturgeon). Chun méadú i líon na gcealúchán a sheachaint, áfach, (a bhíonn níos
míchaoithiúla do phaisinéirí go ginearálta), moltar an tairseach ama a mbíonn
ceart chun cúitimh i bhfeidhm thairis a mhéadú ó thrí uair an chloig go cúig
uair an chloig do gach turas laistigh den AE. Aon tairseach amháin a mholtar
don AE, ach do thurais go tríú tíortha nó uathu beidh an tairseach ag brath ar
fhad an turais chun na fadhbanna praiticiúla a bhíonn ag aeriompróirí agus iad
ag tabhairt aghaidhe ar na cúiseanna a bhíonn le moilleanna in aerfoirt
iargúlta a chur san áireamh (féach thíos; mír 3.3.2) (Airteagal 1(5) den
togra – Airteagal 6(2) de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 arna leasú). ·
Ceart chun athródaithe:
soiléirítear leis an togra, más amhlaidh nach bhfuil ar chumas an aeriompróra
an paisinéir a athródú ar a sheirbhísí féin laistigh de 12 uair an chloig, go
mbeidh air breithniú a dhéanamh ar iompróirí eile nó modhanna iompair eile a
úsáid, faoi réir suíocháin a bheith ar fáil (Airteagal 1(8) den togra – Airteagal 8(5)
de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 arna leasú). ·
Ceart chun cúraim: faoi
láthair braitheann an tairseach ama maidir le cúram ar fhad na heitilte (2, 3
nó 4 uair an chloig), ach simplítear sin sa togra trí aon tairseach ama amháin
de 2 uair an chloig a thabhairt isteach d'eitiltí de gach fad (Airteagal 1(5)
den togra – Airteagal 6(1)(i) de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 arna
leasú). ·
Nasceitiltí a cailleadh:
daingnítear leis an togra an ceart chun cúraim ag paisinéirí a chailleann
nasceitilt de thoradh moille ar an eitilt roimhe sin (cúram atá le cur ar fáil
ag aeriompróir oibríochta na heitilte a cailleadh agus is é is fearr is féidir
an cúram sin a sholáthar) agus, i gcúinsí áirithe, an ceart chun cúitimh (le
cur ar fáil ag aeriompróir oibríochta na heitilte a raibh moill uirthi toisc
gurb é a bhí freagrach as foinse na moille iomláine). Ní bheadh feidhm, áfach,
leis an gceart sin ach nuair ba chuid den aon chonradh iompair amháin na
nasceitiltí toisc, i gcásanna mar sin, tá na haeriompróirí lena mbaineann tar
éis dul faoi cheangal agus tá siad ar an eolas faoin nasc beartaithe idir na
heitiltí. Forchoimeádann na haeriompróirí an ceart teacht ar chomhaontú maidir
leis na costais a dháileadh eatarthu féin (Airteagal 1(6) den togra – Airteagal 6a
de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 arna leasú). ·
Athsceidealú:
daingnítear leis an togra go bhfuil na cearta atá ag paisinéirí eitiltí
athsceidealaithe dár tugadh fógra níos lú ná dhá sheachtain roimh an am a bhí
sceidealaithe ar dtús, tá siad cosúil leis na cearta atá ag paisinéirí ar
cuireadh moill orthu (Airteagal 1(5) den togra – Airteagal 6 de
Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 arna leasú). ·
Moilleanna ar an tarmac:
leagtar amach go soiléir sa togra na cearta atá ag paisinéirí nuair a bhíonn
moill ar an aerárthach ar an tarmac, go háirithe an ceart chun díbhordála tar
éis cúig uair an chloig (i gcomhréir leis an gceart chun aisíocaíochta) (Airteagal 1(5)
den togra – Airteagal 6(5) de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 arna
leasú). ·
Páirt‑thoirmeasc ar an mbeartas
"neamhláithreachta": daingnítear leis an
togra nach bhféadfar bordáil a dhiúltú do phaisinéirí ar thuras fillte ar an
údar nár úsáid siad an ticéad don turas amach. Ní dhéanfaidh an toirmeasc sin
difear don cheart atá ag aerlínte rialacha áirithe a fhorchur maidir le húsáid
sheicheamhach eitiltí a bhaineann leis an turas céanna. Chinn an Coimisiún gan
toirmeasc iomlán a chur leis an mbeartas "neamhláithreachta" toisc go
lagódh sé cumas aerlínte eitiltí indíreacha a thairiscint ar phraghsanna níos
ísle ná eitiltí díreacha agus dá bhrí sin bheadh sé díobhálach don iomaíochas (Airteagal 1(3(b))
den togra – Airteagal 4(4) de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 arna
leasú). ·
Ceart chun faisnéise:
ba chóir ceart chun faisnéise a bheith ag paisinéirí má chuirtear isteach ar a n‑eitilt,
a luaithe agus a bhíonn fáil ar an bhfaisnéis sin (Airteagal 1(13) den
togra – Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 arna leasú). 3.3.1.2. Beartas smachtbhannaí atá éifeachtach
agus comhsheasmhach a áirithiú; Soiléirítear leis an togra an ról atá ag na
Comhlachtaí Náisiúnta Forfheidhmithe (CNFanna) tríd an ról forfheidhmithe ginearálta
a leithdháileadh ar na CNFanna agus láimhseáil gearán aonair lasmuigh den
chúirt a thabhairt mar ról do chomhlachtaí láimhseála gearán a d'fhéadfaí a
iompú ina gComhlachtaí maidir le Réiteach Malartach Díospóidí faoin Treoir nua
maidir le réiteach malartach díopóidí[9].
Beidh dlúthchomhar idir an dá chineál comhlachta (Airteagal 1(15) den
togra – Airteagal 16 agus Airteagal 16a de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004
arna leasú). Glacfaidh na CNFanna beartas faireacháin
níos réamhghníomhaí ná mar atá i réim inniu agus déanfar a ról a leathnú le
faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh forálacha bagáiste Rialachán (CE) Uimh. 2027/97
(agus forálacha bagáiste Choinbhinsiún Montreal) (Airteagal 2(4) den togra
– Airteagal 6b de Rialachán (CE) Uimh. 2027/97 arna leasú). Feabhsófar an malartú faisnéise agus an
comhordú idir na CNFanna, agus idir na CNFanna agus an Coimisiún, trí
bhíthin oibleagáidí tuairiscithe agus nósanna imeachta foirmeálta comhordúcháin
(Airteagal 1(15) den togra – Airteagal 16b de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004
arna leasú). 3.3.1.3. Láimhseáil éifeachtach éileamh aonair
agus gearán aonair a áirithiú. Faoi réir an togra, ba cheart d'aeriompróirí a
nósanna imeachta maidir le láimhseáil éileamh agus gearán a chur in iúl do
phaisinéirí, tráth a dhéantar an áirithint, ba cheart dóibh modh leictreonach
chun gearán a dhéanamh a chur ar fáil agus faisnéis a thabhairt faoi
chomhlachtaí inniúla láimhseála gearán. Beidh ceangal ar aerlínte freagra a
thabhairt do phaisinéirí laistigh de dhá mhí (Airteagal 1(15) den togra – Airteagal 16a
de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 arna leasú). 3.3.2. Acmhainn airgeadais na n‑aeriompróirí
a chur san áireamh ar bhealach níos fearr Tá líon teoranta beart dírithe ar na gnéithe
is costasaí de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 a laghdú: ·
Tiocfaidh an ceart chun cúitimh i bhfeidhm tar éis
cúig uair an chloig i gcás gach eitilt laistigh den AE. I gcás turas go tríú
tíortha nó uathu, chun na fadhbanna ar leith a chur san áireamh a bhíonn le
réiteach ag aeriompróirí agus iad ag láimhseáil moilleanna in aerfoirt
iargúlta, beidh na tairseacha seo ag brath ar fhad an turais: 5 uair an chloig
do thurais lasmuigh den AE de 3 500 km ar a mhéad, 9 uair an chloig do
thurais idir 3 500 km agus 6 000 km, agus 12 uair an chloig do thurais
6 000 km nó níos faide (Airteagal 1(5) den togra – Airteagal 6(2)
de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 arna leasú). ·
I gcás moilleanna agus cealuithe a tharlaíonn mar
gheall ar imthosca urghnácha, féadfaidh an t‑aeriompróir teorainn 3 oíche
a chur ar an gceart chun cóiríochta le huasmhéid EUR 100 do gach paisinéir
in aghaidh na hoíche (Airteagal 1(9) den togra – Airteagal 9(4) de
Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 arna leasú). Déantar an tionchar ar
phaisinéirí a mhaolú, áfach, le dhá bheart bhreise: i dtosach, ba cheart
d’athródú níos tapúla an baol go mbeadh fuireach ar phaisinéirí ar feadh i
bhfad a laghdú (féach thuas); sa dara háit, beidh ceangal ar aerfoirt, ar
aeriompróirí agus ar ghníomhaithe eile i slabhra an aeriompair pleananna
teagmhasacha a leagan síos chun an cúram agus cúnamh is fearr a chur ar fáil do
phaisinéirí a bhfuil fuireach orthu (Airteagal 1(4) den togra – Airteagal 5(5)
de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 arna leasú). Ina theannta sin, níl feidhm
ag an teorainn maidir le soláthar cóiríochta i gcás paisinéirí faoi mhíchumas
luaineachta, iad siúd atá ag taisteal leis na daoine sin, mná torracha, daoine
a bhfuil cúram liachta ar leith de dhíth orthu ná leanaí neamhthionlactha – ar
choinníoll go mbíonn réamhfhógra tugtha acu don aeriompróir 48 uair an chloig
roimh an am imeachta sceidealaithe (Airteagal 1(11) den togra – Airteagal 11(3)
agus 11(4) de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 arna leasú). ·
I bhfianaise sainiúlachtaí oibríochtaí ar
mhionscála (oibríochtaí réigiúnacha), níl dualgas ar aeriompróirí cóiríocht a
chur ar fáil do phaisinéirí ar eitiltí atá níos giorra ná 250 km ar
aerárthaí le huasmhéid 80 suíochán (seachas ar nasceitiltí). Arís, níl feidhm
ag an maolú seo i gcás paisinéirí faoi mhíchumas luaineachta, iad siúd atá ag
taisteal leis na daoine sin, mná torracha, daoine a bhfuil cúram sonrach
liachta de dhíth orthu ná leanaí neamhthionlactha (Airteagal 1(9) agus
1(11) den togra – Airteagal 9(5), 11(3) agus 11(4) de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004
arna leasú). ·
Sonraítear leis an togra nach bhféadfaidh dlí náisiúnta
bacainn a chur ar cheart na n‑aeriompróirí cúiteamh a éileamh ó thríú
páirtithe atá freagrach as moilleanna nó cealuithe (Airteagal 1(12) den
togra – Airteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 arna leasú). 3.3.3. A áirithiú go ndéantar cearta
paisinéirí a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr i ndáil le bagáiste a
míláimhseáladh Ag féachaint do Choinbhinsiún na NA ar chearta
daoine faoi mhíchumas agus an Chairt um Chearta Bunúsacha (Airteagal 21
agus Airteagal 26), ba cheart na cearta céanna chun saorghluaiseachta,
chun saoirse rogha agus chun neamh‑idirdhealaithe a bheith ag paisinéirí
faoi mhíchumas luaineachta is atá ag saoránaigh eile. Méadófar ar dhliteanas aeriompróirí maidir le trealamh
soghluaisteachta suas go luach iarbhír an trealaimh. Baintear é seo amach,
i gcomhréir le Coinbhinsiún Montreal, trí dhualgas a chur ar aeriompróirí an
rogha a thairiscint go huathoibríoch leas speisialta a dhearbhú mar atá leagtha
síos sa Choinbhinsiún, gan chostas breise (Airteagal 2(4) den togra – Airteagal 6a
de Rialachán (CE) Uimh. 2027/97 arna leasú). Feabhsaítear trédhearcacht leis an togra
maidir leis an méid bagáiste atá ceadaithe. Cuirtear ceangal ann
go sainráite ar aeriompróirí an méid bagáiste is féidir le paisinéirí a iompar
leo isteach sa chábán agus a chur i mbolg an aerárthaigh a léiriú go soiléir,
nuair atá an áirithint á déanamh agus ag an aerfort (Airteagal 2(4) den
togra – Airteagal 6d de Rialachán (CE) Uimh. 2027/97 arna leasú). Cuimsítear leis an togra bearta maidir le huirlisí
ceoil. Cuirtear dualgas ar aeriompróirí glacadh le huirlisí ceoil beaga
laistigh de chábán na bpaisinéirí, faoi réir coinníollacha áirithe, agus a
rialacha a shoiléiriú maidir le hiompar uirlisí níos mó i mbolg lasta an
aerárthaigh (Airteagal 2(4) den togra – Airteagal 6e de Rialachán
(CE) Uimh. 2027/97 arna leasú). Ag cur san áireamh na dteorainneacha ama
dochta atá i gCoinbhinsiún Montreal agus faoina bhfuil ar phaisinéirí éilimh
maidir le bagáiste a míláimhseáladh a sheoladh isteach go haeriompróirí, moltar
go gcuirfeadh aeriompróirí foirm éilimh ar fáil san aerfort lenar féidir le
paisinéirí gearán a dhéanamh faoi bhagáiste ar cuireadh moill air, a ndearnadh
damáiste dó nó a cailleadh (ar nós na tuarascála ar neamhrialtacht maoine
(PIR)) agus go nglacfaidís leis an bhfoirm sin mar éileamh chun críocha
Rialachán (CE) Uimh. 2027/97 agus Choinbhinsiún Montreal (Airteagal 2(1)
den togra – Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 2027/97 arna
leasú). Faoin togra, beidh na Comhlachtaí Náisiúnta
Forfheidhmithe arna n‑ainmniú faoi Rialachán (CE) Uimh. 261/2004
freagrach chomh maith as forfheidhmiú fhorálacha Rialachán 2027/97 a
bhaineann le cearta paisinéirí maidir le bagáiste ar cuireadh moill air, a
ndearnadh damáiste dó nó a cailleadh (Airteagal 2(4) den togra – Airteagal 6b
de Rialachán (CE) Uimh. 2027/97 arna leasú). 3.3.4. Teorainneacha dliteanais a
oiriúnú do bhoilsciú ginearálta praghasanna Le Rialachán (CE) Uimh. 2027/97, arna
leasú le Rialachán (CE) Uimh. 889/2002, tugtar Coinbhinsiún Montreal
isteach i ndlí an AE agus cuirtear lena raon feidhme chun eitiltí intíre a
chuimsiú (i dteannta eitiltí idirnáisiúnta). Socraítear teorainneacha
dliteanais leis an gCoinbhinsiún maidir le paisinéirí, bagáiste agus lastas a
iompar, agus ardaíodh na teorainneacha sin 13.1 % le héifeacht ón 30 Nollaig 2009.
Déantar uasdátú leis an togra ar na teorainneacha sa Rialachán AE chun na
suimeanna leasaithe sin a chur san áireamh sa Choinbhinsiún (Airteagal 2(2)
agus 2(3) agus Iarscríbhinn 2 den togra – Airteagal 5(2) agus Airteagal 6(1)
agus an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2027/97 arna
leasú). 4. Impleacht bhuiséadach Níl aon impleachtaí ag an togra do bhuiséad
an AE. 2013/0072 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 261/2004
lena mbunaítear comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí sa
chás nach gceadaítear dóibh bordáil agus sa chás ina gcuirtear eitiltí ar ceal
nó go gcuirtear moill fhada orthu, agus Rialachán (CE) Uimh. 2027/97 maidir
le dliteanas aeriompróirí i ndáil le hiompar paisinéirí agus a gcuid bagáiste
d’aer (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur
chuig na parlaimintí náisiúnta, Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta na hEorpa[10],
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[11], Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós
imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1) Le Rialachán (CE) Uimh. 261/2004
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena
mbunaítear comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí sa chás
nach gceadaítear dóibh bordáil agus sa chás ina gcuirtear eitiltí ar ceal nó go
gcuirtear moill fhada orthu, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91[12], agus le Rialachán (CE) Uimh. 2027/97
ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 1997 maidir le dliteanas
aeriompróirí i ndáil le hiompar paisinéirí agus a gcuid bagáiste d'aer[13], cuidíodh go mór le cearta
aerphaisinéirí a chosaint nuair a chuirtear isteach ar a bpleananna taistil
toisc nach gceadaítear dóibh bordáil, go gcuirtear moill fhada ar eitiltí nó go
gcuirtear iad ar ceal nó i ngeall ar bhagáiste a mhíláimhseáil. (2) De dheasca roinnt easnamh a
tháinig chun solais agus na cearta á gcur chun feidhme faoi na Rialacháin, níor
éirigh leis na Rialacháin an lánacmhainneacht a ghabhann leo ó thaobh cosanta
do phaisinéirí a bhaint amach. Chun cur i bhfeidhm níos éifeachtaí, níos
éifeachtúla agus níos comhsheasmhaí de chearta aerphaisinéirí ar fud an Aontais
a áirithiú, ní mór roinnt leasuithe a dhéanamh ar an gcreat dlíthiúil reatha.
Leagadh béim air sin i dTuarascáil 2010 ón gCoimisiún ar Shaoránacht an AE dar
teideal Dismantling the obstacles to EU citizens’ rights (Na bacainní ar
chearta shaoránaigh an AE a dhíchur)[14],
inar fógraíodh bearta chun sraith de chomhchearta a áirithiú go háirithe
d'aerphaisinéirí agus chun forfheidhmiú leordhóthanach na gceart sin a
áirithiú. (3) Chun deimhneacht dhlíthiúil a
mhéadú d’aeriompróirí agus d’aerphaisinéirí, is gá sainmhíniú níos cruinne a
thabhairt ar an gcoincheap “imthosca urghnácha”, a chuirfidh san áireamh
breithiúnas na Cúirte Breithiúnais Eorpaí sa chás C‑549/07 (Wallentin‑Hermann).
Ba cheart an sainmhíniú sin a shoiléiriú tuilleadh trí liosta
neamhchuimsitheach d'imthosca atá sainaitheanta go sóiléir mar imthosca urghnácha
nó eile. (4) Sa chás C-173/07 (Emirates),
chinn an Chúirt Bhreithiúnais Eorpach nach mór a léirmhíniú gurb é go bunúsach
atá sa choincheap ‘eitilt’ laistigh de bhrí Rialachán Uimh. 261/2004 ná
oibríocht aeriompair, mar ‘aonad’ den chineál iompair sin, arna déanamh ag
aeriompróir a shocraíonn cúrsa taistil na hoibríochta sin. Chun
neamhdheimhneacht a sheachaint, ba cheart sainmhíniú soiléir ar an rud is
“eitilt” ann a sholáthar, mar aon le sainmhínithe soiléire ar na coincheapa
gaolmhara "nasceitilt" agus "turas". (5) Sa chás C-22/11 (Finnair),
chinn an Chúirt Eorpach nach mór an coincheap ‘cead bordála a dhiúltú' a
léirmhíniú mar choincheap nach mbaineann le cásanna nach gceadaítear bordáil i
ngeall ar ró‑áirithint amháin ach le cásanna nach gceadaítear bordáil ar
fhorais eile freisin, amhail ar chúiseanna oibríochtúla. I bhfianaise an
deimhnithe sin, ní gá an sainmhíniú atá ann cheana ar “cead bordála a dhiúltú”
a mhodhnú. (6) Tá feidhm freisin ag
Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 maidir le paisinéirí a bhfuil an t‑aeriompar
curtha in áirithe acu mar chuid de thaisteal láneagraithe. Mar sin féin, ba
cheart a shoiléiriú nach féidir le paisinéirí cearta comhfhreagracha a
charnadh, go háirithe faoin Rialachán seo agus faoi Threoir 90/314/CEE ón
gComhairle an 13 Meitheamh 1990 maidir le taisteal láneagraithe,
saoire láneagraithe agus turais láneagraithe[15].
Ba cheart paisinéirí a bheith in ann an dlí faoina ndéanfaidh siad éileamh a
roghnú, ach níor cheart an ceart a bheith acu cúiteamh a charnadh don fhadhb
chéanna faoin dá ionstraim dhlíthiúla. Níor cheart baint a bheith ag paisinéirí
leis an dóigh a ndéanann aeriompróirí agus tionscnóirí turas éilimh den sórt
sin a leithdháileadh eatarthu. (7) Chun leibhéil chosanta a
fheabhsú, níor cheart cead bordála a dhiúltú do phaisinéirí atá ar an mbealach
ar ais mar chuid de thicéad dhá bhealach (ticéad fillte) toisc nár úsáid siad
an ticéad don turas amach. (8) I láthair na huaire, déantar
paisinéirí a phionósú uaireanta as botúin litrithe ina n‑ainmneacha trí
tháillí riaracháin pionósacha a ghearradh. Ba cheart ceartuithe réasúnta ar
bhotúin áirithinte a cheadú saor in aisce ar choinníoll nach mbaineann na
ceartuithe sin le hamanna, dáta, cúrsa taistil nó an paisinéir féin a athrú. (9) I gcás ina gcuirtear eitiltí
ar ceal, ba cheart a shoiléiriú gur faoin bpaisinéir seachas faoin aeriompróir
atá sé an rogha a dhéanamh idir aisíocaíocht a fháil, leanúint den turas trí
athródú nó an turas a dhéanamh ar dháta níos déanaí. (10) Ba cheart dlúthchomhar a
bheith idir aerfoirt agus úsáideoirí aerfoirt, amhail aeriompróirí agus
cuideachtaí seirbhísí ar an talamh, chun uaslaghdú a dhéanamh ar an tionchar ar
phaisinéirí a bheadh ag eitiltí a gcuirtear isteach orthu roinnt mhaith
uaireanta, trína áirithiú go dtugtar aire dóibh agus go ndéantar athródú.
Chuige sin, ba cheart dóibh pleananna teagmhasacha a ullmhú do chásanna den
sórt sin agus ba cheart dóibh oibriú i gcomhar lena chéile agus pleananna den
sórt sin á bhforbairt. (11) Ba cheart a áireamh go
sainráite i Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 go bhfuil an ceart ag paisinéirí
atá thíos le moilleanna fada cúiteamh a fháil, i gcomhréir le breithiúnas na
Cúirte Breithiúnais Eorpaí sna cásanna uamtha C‑402/07 agus C-432/07
(Sturgeon). Ag an am céanna, ba cheart na tairseacha, a bhfuil ceart chun
cúitimh ag paisinéirí os a gcionn i gcás moilleanna, a ardú chun an tionchar
airgeadais ar an earnáil a chur san áireamh agus chun aon mhéadú a d’fhéadfadh
teacht ar mhinicíocht cealuithe dá bharr a sheachaint. Lena áirithiú go mbeidh
na coinníollacha chun cúiteamh a fháil aonchineálach do shaoránaigh atá ag
taisteal laistigh den AE, ba cheart an tairseach a bheith mar an gcéanna do
gach taisteal a dhéantar laistigh den Aontas, ach ba cheart an tairseach sin a
bheith ag brath ar fhad an turais i gcás taistil chuig tríú tíortha agus ó
thríú tíortha chun na deacrachtaí oibríochta a bhíonn ag aeriompróirí agus iad
ag déileáil le moilleanna ag aerfoirt iargúlta a chur san áireamh. (12) Chun deimhneacht dhlíthiúil a
áirithiú, ba cheart a dhearbhú go sainráite i Rialachán (CE) Uimh. 261/2004
go bhfuil tionchar comhchosúil ar phaisinéirí ag athruithe ar sceidil eitiltí
agus atá ag moilleanna fada agus, dá bhrí sin, ba cheart cearta comhchosúla a
bheith i gceist sa dá chás. (13) Ba cheart aire cheart a thabhairt
do phaisinéirí a chailleann nasceitilt fad agus atá siad ag fanacht ar athródú.
I gcomhréir le prionsabal na córa comhionainne, ba cheart go mbeadh paisinéirí
den sórt sin in ann éileamh ar chúiteamh a dhéanamh mar a dhéanfadh paisinéirí
a gcuirtear moill ar a n‑eitilití nó a gcuirtear a n‑eitiltí ar
ceal, i bhfianaise an mhoillithe ar cheann scríbe a dturas a bhaint amach
dóibh. (14) Chun cosaint do phaisinéirí a
fheabhsú, ba cheart a shoiléiriú go bhfuil cearta chun cúraim agus chun cúitimh
ag paisinéirí ar cuireadh moill orthu is cuma má tá siad ag fanacht i
gcríochfort an aerfoirt nó má tá siad suite ar bord an aerárthaigh cheana. Ós
rud é nach mbeadh rochtain ag na daoine deireanacha sin ar na seirbhísí atá ar
fáil sa chríochfort, áfach, ba cheart a gcearta a athneartú maidir le
riachtanais bhunúsacha agus maidir leis an gceart tuirlingt ón aerárthaigh. (15) I gcás ina roghnaíonn an
paisinéir go ndéanfar athródú a luaithe is féidir, is minic a chuireann an t‑aeriompróir
de choinníoll leis go mbeadh an t‑athródú ag brath ar shuíocháin a bheith
ar fáil ar a sheirbhísí féin, agus sa dóigh sin coinnítear ó na paisinéirí an
rogha go ndéanfar athródú níos gaiste trí bhíthin seirbhísí eile. Ba cheart a
dheimhniú, tar éis tréimhse áirithe ama, gur cheart don aeriompróir athródú a
thairiscint ar sheirbhísí aeriompróra eile nó ar mhodhanna iompair eile i gcás
inar féidir leis sin luas a chur leis an athródú. Ba cheart athródú malartach a
bheith ag brath ar shuíocháin a bheith ar fáil. (16) I láthair na huaire tá
aeriompróirí faoi dhliteanas neamhtheoranta as cóiríocht a chur ar fáil dá
bpaisinéirí i gcás imthosca urghnácha a mhairfidh tréimhse fhada. D’fhéadfadh
an éiginnteacht sin mar aon leis an dóigh nach bhfuil aon teorainn intuartha
ama i gceist cobhsaíocht airgeadais an iompróra a chur i mbaol. Dá bhrí sin, ba
cheart don aeriompróir a bheith in ann soláthar an chúraim a theorannú tar éis
tréimhse áirithe ama. Ina theannta sin, ba cheart do phleanáil theagmhasach
agus luath‑athródú an baol go mbeadh fuireach ar phaisinéirí ar feadh i
bhfad a laghdú. (17) Léiríodh go bhfuil cur chun
feidhme roinnt ceart paisinéirí, go háirithe an ceart chun cóiríochta,
díréireach le hioncam aeriompróirí i gcás oibríochtaí áirithe ar mhionscála. Dá
bhrí sin, ba cheart eitiltí arna ndéanamh ag aerárthach beag thar achar gairid
a dhíolmhú ón oibleagáid cóiríocht a íoc, cé gur cheart don iompróir cuidiú
leis an bpaisinéir cóiríocht a aimsiú go fóill féin. (18) I gcás daoine faoi mhíchumas,
daoine faoi mhíchumas luaineachta agus daoine eile a bhfuil riachtanais
speisialta acu amhail leanaí neamhthionlactha, mná torracha agus daoine a
bhfuil cúram liachta de dhíth orthu, d’fhéadfadh sé a bheith níos deacra
cóiríocht a shocrú nuair a chuirtear isteach ar eitiltí. Dá bhrí sin, maidir leis
na cineálacha sin daoine níor cheart feidhm a bheith ag aon teorannacha ar an
gceart chun cóiríochta i gcás imthosca urghnácha nó i gcás oibríochtaí
réigiúnacha. (19) Níl na cúiseanna le leibhéal
reatha na moilleanna fada agus na n‑eitiltí a chuirtear ar ceal san AE
inchurtha go hiomlán i leith aeriompróirí. Chun gach gníomhaí i slabhra na
heitlíochta a spreagadh chun réitigh éifeachtúla agus tráthúla a lorg d’fhonn
an ciotaí a dhéanann moilleanna fada agus cealuithe do phaisinéirí a íoslagdú,
ba cheart go mbeadh sé de cheart ag aeriompróirí cúiteamh a iarraidh ó aon tríú
páirtí a bhí ina chuid den chúis ar gá cúiteamh a íoc nó oibleagáidí eile a
chomhlíonadh. (20) Ní amháin gur cheart
paisinéirí a chur ar an eolas go cuí faoina gcearta i gcás ina gcuirtear
isteach ar eitilt, ach ba cheart faisnéis dhóthanach a thabhairt dóibh freisin
faoin bhfáth ar cuireadh isteach ar an eitilt, a luaithe a bheidh an fhaisnéis
sin ar fáil. Ba cheart an fhaisnéis sin a sholáthar freisin i gcás ina
bhfaigheann an paisinéir an ticéad trí idirghabhálaí atá bunaithe san Aontas. (21) Lena áirithiú go ndéantar
cearta paisinéirí a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr, ba cheart ról na
gComhlachtaí Náisiúnta Forfheidhmithe a shainmhíniú ar bhealach níos cruinne
agus ba cheart idirdhealú soiléir a bheith idir an ról sin agus deileáil le
gearáin paisinéirí aonair. (22) Ba cheart faisnéis dhóthanach
a thabhairt do phaisinéirí faoi na nósanna imeachta ábhartha a bhaineann le
héilimh agus gearáin a chur isteach chuig aeriompróirí agus ba cheart go
bhfaighidís freagra laistigh de thréimhse réasúnta ama. Ba cheart an rogha a
bheith ag paisinéirí freisin gearán a dhéanamh faoi aeriompróirí trí bhíthin
beart lasmuigh den chúirt. Mar sin féin, ós rud é gur ceart bunúsach é an ceart
chun leigheas éifeachtach a fháil os comhair binse atá aitheanta faoi Airteagal 47
den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, níor cheart do na bearta
sin rochtain paisinéirí ar an gcúirt a chosc ná bac a chur léi. (23) Sa chás C‑139/11 (Moré
vs KLM), shoiléirigh an Chúirt Bhreithiúnais Eorpach go socraítear na
teorainneacha ama a bhaineann le caingean a thabhairt le haghaidh cúitimh i
gcomhréir le rialacha náisiúnta gach Ballstáit. (24) Ach sreabhadh rialta faisnéise
a bheith idir an Coimisiún agus comhlachtaí forfheidhmithe, chuirfí ar chumas
an Choimisiúin an fheidhm atá aige maidir le faireachán agus comhordú a
dhéanamh ar na comhlachtaí náisiúnta agus tacaíocht a thabhairt dóibh an ról a
chomhlíonadh ar bhealach níos fearr. (25) Chun coinníollacha aonfhoirmeacha
a áirithiú do chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 261/2004, ba cheart
cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí
sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011
ina leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis
na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun
feidhme ag an gCoimisiún[16]. (26) Ba cheart an nós imeachta
comhairleach a úsáid chun cinntí cur chun feidhme a ghlacadh maidir le hábhar
na dtuarascálacha ar ghníomhaíochtaí arna gcur ar fáil ag na Ballstáit don
Choimisiún. (27) Lena áirithiú go ndéantar
damáiste do threalamh soghluaisteachta nó caillteanas trealaimh den sórt sin a
chúiteamh go hiomlán, ba cheart d'aeriompróirí an deis a thabhairt do dhaoine
faoi mhíchumas luaineachta leas speisialta a dhearbhú saor in aisce, a
fhágfaidh, de bhun Choinbhinsiún Montreal, go bhféadfaidís lánchúiteamh a
iarraidh ar chaillteanas nó ar dhamáiste. (28) Uaireanta bíonn mearbhall ar
phaisinéirí faoin mbagáiste is cead dóibh a thabhairt ar bord, ó thaobh toisí,
meáchain nó líon na míreanna a cheadaítear. Lena áirithiú go mbeidh eolas
iomlán ag paisinéirí ar a bhfuil ceadaithe lena dticéad ó thaobh bagáiste de,
maidir le bagáiste láimhe agus bagáiste boilg araon, ba cheart d'aeriompróirí
an méid atá ceadaithe do phaisinéirí ó thaobh bagáiste de a chur in iúl go
soiléir tráth a dhéantar an áirithint agus ag an aerfort. (29) Ba cheart glacadh le huirlisí
ceoil a mhéad is féidir mar bhagáiste i gcábán na bpaisinéirí agus, nuair nach
féidir sin a dhéanamh, ba cheart iad a iompar, más féidir, faoi na
coinníollacha iomchuí i mbolg lasta an aerárthaigh. Ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 2027/97
a leasú dá réir. (30) Chun cur i bhfeidhm cuí agus
comhsheasmhach na gceart a thugtar do phaisinéirí le Rialachán (CE) Uimh. 2027/97
a áirithiú, ba cheart do na Comhlachtaí Náisiúnta Forfheidhmithe arna n‑ainmniú
faoi Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 faireachán a dhéanamh ar na cearta faoi
Rialachán (CE) Uimh. 2027/97 agus na rialacha sin a fhorfheidhmiú. (31) I bhfianaise na spriocanna
gairide atá ann le gearán a dhéanamh faoi bhagáiste a cailleadh, a rinneadh
damáiste dó nó ar cuireadh moill leis, ba cheart d'aeriompróirí an deis a
thabhairt do phaisinéirí gearán a dhéanamh trí fhoirm ghearáin a chur ar fáil
ag an aerfort. Nó d’fhéadfaí sin a dhéanamh trí bhíthin tuarascála coitinne ar
neamhrialtacht maoine (PIR). (32) Tá Airteagal 3(2) de
Rialachán (CE) Uimh. 2027/97[17]
as feidhm anois toisc gur le Rialachán (CE) Uimh. 785/2004 a rialaítear
ábhair árachais anois. Ba cheart é a scriosadh dá réir. (33) Is gá na teorainneacha airgid
a thugtar i Rialachán (CE) Uimh. 2027/97 a leasú chun forbairtí
eacnamaíocha a chur san áireamh, de réir an athbhreithnithe a rinne an
Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) in 2009 de bhun Airteagal 24(2)
de Choinbhinsiún Montreal. (34) Lena áirithiú go leanfaidh
Rialachán (CE) Uimh. 2027/97 de bheith i gcomhréir le Coinbhinsiún
Montreal, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290
den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an
gCoimisiún. Fágfaidh an chumhacht sin go bhféadfaidh an Coimisiún na
teorainneacha airgid a thugtar i Rialachán (CE) Uimh. 2027/97 a leasú i
gcás ina ndéanann an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) iad a
oiriúnú de bhun Airteagal 24(2) de Choinbhinsiún Montreal. (35) Ba cheart don Rialachán seo
cearta bunúsacha a urramú agus cloí leis na prionsabail atá aitheanta go
háirithe sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go sonrach maidir
le cosaint tomhaltóirí, an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint,
toirmeasc ar aon idirdhealú, daoine faoi mhíchumas a lánpháirtiú, agus maidir
leis an gceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: Airteagal 1 Leasaítear Rialachán (CE) 261/2004 mar
seo a leanas: 1. Leasaítear Airteagal 2
mar seo a leanas: (a)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an
tsainmhínithe i bpointe (c): ‘ciallaíonn "aeriompróir Comhphobail"
aeriompróir a bhfuil ceadúnas bailí oibríochta aige arna thabhairt dó ag
Ballstát i gcomhréir le forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 an
24 Meán Fómhair 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh
oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal[18].’ (b)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an
tsainmhínithe i bpointe (d): ‘ciallaíonn “eagraí” duine laistigh de bhrí Airteagal 2(2)
de Threoir 90/314/CEE ón gComhairle an 13 Meitheamh 1990 maidir
le taisteal láneagraithe, saoire láneagraithe agus turais láneagraithe[19]; (c)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an
tsainmhínithe i bpointe (i): ‘ciallaíonn “duine faoi mhíchumas luaineachta” aon
duine mar a shainmhínítear in Airteagal 2(a) de Rialachán (EC) Uimh. 1107/2006
maidir leis na cearta atá ag daoine faoi mhíchumas agus daoine faoi mhíchumas
luaineachta agus iad ag taisteal d’aer[20].’
(d)
Cuirtear an abairt seo a leanas leis an sainmhíniú
ar "cealú" i bpointe (l): ‘Measfar gur eiltilt atá curtha ar ceal í eitilt
ina n‑éiríonn an t‑aerárthach den talamh ach, ar chúis éigin, go
bhfuil air teacht chun talún ag aerfort eile nach é an t‑aerfort a bhí
beartaithe mar cheann scríbe nó go bhfuil air filleadh ar an aerfort ónar fhág
sé ar an gcéad dul síos.’ (e)
Cuirtear isteach na sainmhínithe seo a leanas: '(m) ciallaíonn “imthosca urghnácha” imthosca
nach dtarlaíonn de ghnáth, de bharr a gcineáil nó a dtionscnaimh, le linn
fheidhmiú ghníomhaíocht an aeriompróra lena mbaineann agus nach bhfuil neart
iarbhír ag an aeriompróir orthu. Chun críocha an Rialacháin seo, áireofar faoi
imthosca urghnácha na himthosca atá leagtha amach san Iarscríbhinn; (n) ciallaíonn "eitilt" oibríocht
aeriompair idir dhá aerfort; ní chuirfear san áireamh cásanna ina stoptar ar an
mbealach eatarthu chun críocha teicniúla agus oibríochtúla amháin; (o) ciallaíonn “nasceitilt” eitilt atá
beartaithe, faoi aon chonradh iompair amháin, a chur ar chumas an phaisinéara
pointe aistrithe a bhaint amach chun imeacht ansin ar eitilt eile, nó, más iomchuí
sa chomhthéacs, ciallaíonn sé an eitilt eile sin a imíonn ón bpointe aistrithe.
(p) ciallaíonn “turas” eitilt nó sraith
leanúnach nasceitiltí a iompraíonn an paisinéir ón aerfort a n‑imeoidh an
paisinéir uaidh chuig a cheann scríbe i gcomhréir leis an gconradh iompair; (q) ciallaíonn “aerfort” aon limistéar atá
curtha in oiriúint go speisialta do thuirlingt, d'éirí de thalamh, agus
d'ainliú aerárthaí, lena n‑áirítear na suiteálacha coimhdeacha a
d'fhéadfadh a bheith ag baint leis na hoibríochtaí sin ar mhaithe le trácht
agus seirbhísí aerárthaí, lena n‑áirítear na suiteálacha a theastaíonn
chun cúnamh a thabhairt d'aersheirbhísí tráchtála; (r) ciallaíonn “comhlacht bainistíochta
aerfoirt” comhlacht a bhfuil sé mar chuspóir aige faoi dhlíthe, rialacháin nó
conarthaí náisiúnta, i gcomhcheangal le gníomhaíochtaí eile nó gan sin, de réir
mar a bheidh, riarachán agus bainistíocht a dhéanamh ar an aerfort nó ar
bhonneagair líonra aerfoirt, agus comhordú agus rialú a dhéanamh ar
ghníomhaíochtaí na n‑oibreoirí éagsúla atá i láthair sna haerfoirt nó sa
líonra aerfoirt lena mbaineann; (s) ciallaíonn “praghas ticéid” an praghas ar
fad a íocadh as ticéad, lena n‑áirítear an táille aeir agus na cánacha go
léir is infheidhme, na muirir, na fomhuirir agus na táillí a íocadh do gach
seirbhís roghnach agus neamhroghnach a áirítear leis an ticéad; (t) ciallaíonn “praghas na heitilte" an
luach a fhaightear trí phraghas an ticéid a mhéadú faoin gcóimheas idir fad na
heitilte agus fad iomlán an turais/na dturas atá cumhdaithe faoin ticéad; (u) ciallaíonn “am imeachta” an t‑am a
fhágann an t‑aerárthach an seastán imeachta, trína bhrú siar nó dá
chumhacht féin (am a fhágann an t‑aerárthach na bloic); (v) ciallaíonn “am sroichte” an t‑am a
shroicheann an t‑aerárthach an seastán sroicthe agus a chuirtear síos na
coscáin páirceála (am ar na bloic); (w) ciallaíonn "moill ar an tarmac",
i gcás imeacht an aerárthaigh, an méid ama a chaitheann an t‑aerárthach
ar an talamh idir tús a chur le bordáil na bpaisinéirí agus an t‑am a
éiríonn an t‑aerárthach den talamh, nó, i gcás eitilte isteach, an méid
ama idir teacht chun talún an aerárthaigh agus tús a chur leis na paisinéirí a
chur ó bhord; (x) ciallaíonn “oíche” an tréimhse idir
meánoíche agus a 6 a.m., (y) ciallaíonn "leanbh neamhthionlactha”
leanbh atá ag taisteal gan tuismitheoir ná caomhnóir in éineacht leis agus go
bhfuil freagracht glactha ag an aeriompróir as aire a thabhairt dó i gcomhréir
lena rialacha foilsithe.' 2. Leasaítear Airteagal 3
mar seo a leanas: (a)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: ‘Beidh feidhm ag mír 1 maidir leis na
coinníollacha seo a leanas: (a) go bhfuil áirithint dhearbhaithe ag na
paisinéirí ar an eitilt lena mbaineann agus, seachas i gcás cealaithe faoi mar
a thagraítear in Airteagal 5 agus i gcás athraithe ar an sceideal faoi mar
a thagraítear in Airteagal 6, go gcuireann siad iad féin i láthair chun
bordála, - mar atá leagtha síos agus ag an am atá sonraithe
roimh ré agus i scríbhinn (lena n‑áirítear trí mhodh leictreonach) ag an
aeriompróir, ag an eagraí nó ag gníomhaire údaraithe taistil, nó, mura bhfuil am sonraithe, - tráth nach déanaí ná 45 bomaite roimh an am atá
sceidealaithe don imeacht; nó (b) go ndearna aeriompróir nó eagraí na paisinéirí
a aistriú ón eitilt atá curtha in áirithe acu go heitilt eile, is cuma cén
chúis atá leis.' (b)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4: '4. Gan dochar d’Airteagal 8(6), ní bheidh
feidhm ag an Rialachán seo ach maidir le paisinéirí arna n‑iompar in
aerárthach mótarthrealmhaithe sciatháin dhobhogtha. I gcás ina ndéantar cuid
den turas ar mhodh iompair eile nó i héileacaptar, áfach, i gcomhréir le
conradh iompair, beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an turas iomlán
agus measfar gur nasceitilt í an chuid den turas a dhéantar ar mhodh iompair
eile chun críocha an Rialacháin seo.’ (c)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6: '6. Beidh feidhm ag an Rialachán seo freisin
maidir le paisinéirí arna n‑iompar de réir conarthaí taistil láneagraithe
ach ní dhéanfaidh sé dochar do chearta paisinéirí faoi Threoir 90/314/CEE
ón gComhairle. Beidh an paisinéir i dteideal éilimh a dhéanamh faoin Rialachán
seo agus faoi Threoir 90/314/CEE ón gComhairle, ach ní féidir leis, i
ndáil leis na fíricí céanna, cearta a charnadh faoin dá ghníomh dhlíthiúla má chosnaíonn
na cearta an leas céanna nó má tá an cuspóir céanna acu. Ní bheidh feidhm ag an
Rialachán seo i gcásanna ina gcuirtear turais láneagraithe ar ceal nó ina
gcuirtear moill orthu ar chúiseanna seachas an eitilt a bheith curtha ar ceal
nó moill a bheith uirthi.’ 3. Leasaítear Airteagal 4
mar seo a leanas: (a)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: '3. Mura gceadaítear do phaisinéirí bordáil i
gcoinne a dtola, tabharfaidh an t‑aeriompróir oibríocha cúiteamh dóibh
láithreach i gcomhréir le hAirteagal 7 agus tabharfaidh sé cúnamh dóibh i
gcomhréir le hAirteagal 8. I gcás ina roghnaíonn an paisinéir athródú a
luaithe is féidir de bhun Airteagal 8(1)(b) agus go bhfuil an t‑am a
imeoidh an eitilt athródaithe ar a laghad dhá uair tar éis an ama a bhí an
paisinéir in ainm is imeacht, tabharfaidh an t‑iompróir oibríochta cúnamh
don phaisinéir i gcomhréir le hAirteagal 9.’ (b)
Cuirtear isteach an dá mhír seo a leanas: '4. Beidh feidhm freisin ag mír 1, mír 2
agus ag mír 3 maidir le ticéid fillte i gcás nach gceadaítear don phaisinéir
bordáil ar an mbealach ar ais ar na forais nár úsáid sé an turas amach nó nár
íoc sé muirear breise chun na críche sin. 5. I gcás ina dtuairiscíonn an paisinéir, nó
idirghabhálaí atá ag gníomhú thar ceann an phaisinéara, go bhfuil dearmad
litrithe in ainm duine nó roinnt daoine de na paisinéirí atá ar áireamh sa
chonradh céanna iompair, agus ar dearmad é a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le
bordáil a dhiúltú don duine nó do na daoine sin, ceartóidh an t‑aeriompróir
an dearmad ar a laghad uair amháin go dtí 48 uair roimh imeacht gan aon
mhuirear breise ar an bpaisinéir nó ar an idirghabhálaí, seachas i gcás ina
bhfuil cosc ar an aeriompróir sin a dhéanamh faoin dlí náisiúnta nó faoi dhlí
idirnáisiúnta.’ 4. Leasaítear Airteagal 5
mar seo a leanas: (a)
I mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad
phointí (a) agus (b): ‘(a) tabharfaidh an t‑aeriompróir oibríochta
rogha do na paisinéirí idir aisíocaíocht a fháil, leanúint den turas trí
athródú nó an turas a dhéanamh ar dháta níos déanaí, i gcomhréir le hAirteagal 8;
agus ‘(b) tabharfaidh an t‑aeriompróir oibríochta
an cúram a shainítear in Airteagal 9 do na paisinéirí i gcás ina ndéantar
athródú agus ina bhfuil an t‑am a bheifí ag súil go réasúnta le himeacht
ar a laghad dhá uair tar éis an imeachta a bhí beartaithe don eitilt a cuireadh
ar ceal; agus’ (b)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: '3. Ní bheidh d’oibleagáid ar aeriompróir
oibríochta cúiteamh a íoc i gcomhréir le hAirteagal 7 más féidir leis a
chruthú gur cuireadh an eitilt ar ceal mar gheall ar imthosca urghnácha agus
nárbh fhéidir an cealú sin a sheachaint fiú dá ndéanfaí gach beart réasúnta. Ní
féidir imthosca urghnácha den sórt sin a agairt ach amháin sa mhéad is go
bhfuil tionchar acu ar an eitilt lena mbaineann nó ar an eitilt díreach roimhe
a bhain leis an aerárthach céanna. ' (c)
Cuirtear isteach mír 5 mar seo a leanas: '5. I gcás aerfort nár lú an trácht bhliantúil
iontu ná trí mhilliún paisinéir ar feadh na dtrí bliana roimhe sin ar a
laghad, áiritheoidh an comhlacht bainistíochta aerfoirt go gcomhordaítear
oibríochtaí an aerfoirt agus oibríochtaí úsáideoirí an aerfoirt, go háirithe
oibríochtaí na n‑aeriompróirí agus oibríochtaí sholáthróirí na seirbhísí
ar an talamh, trí bhíthin plean chuí theagmhasaigh i bhfianaise go bhféadfadh
roinnt mhaith cealuithe tarlú agus/nó go bhféadfadh roinnt mhaith moilleanna a
bheith ar eitiltí a d’fhágfadh go mbeadh fuireach ar líon mór paisinéirí san
aerfort, lena n‑áirítear i gcás dócmhainneachta aerlíne nó má
chúlghairtear ceadúnais oibríochta. Cuirfear an plean teagmhasach ar bun lena
áirithiú go dtugtar faisnéis agus cúram leordhóthanach do phaisinéirí a bhfuil
fuireach orthu. Cuirfidh comhlacht bainistíochta an aerfoirt an plean
teagmhasach in iúl don Chomhlacht Náisiúnta Forfheidhmithe arna ainmniú de bhun
Airteagal 16, mar aon le haon leasuithe a dhéantar ar an bplean sin. Ag aerfoirt a bhfuil an trácht iontu faoi bhun na tairsí thuasluaite,
déanfaidh an comhlacht bainistíochta aerfoirt gach iarracht réasúnta úsáideoirí
an aerfoirt a chomhordú agus cúnamh agus faisnéis a thabhairt do phaisinéirí a
bhfuil fuireach orthu i gcásanna den sórt sin. 5. Cuirtear an méid seo a leanas
in ionad Airteagal 6: ‘Airteagal 6 Moill
fhada 1. I gcás ina mbeidh aeriompróir oibríochta
ag súil go réasúnach go gcuirfear moill ar eitilt thar an am imeachta a bhí
sceidealaithe di i dtús báire, nó má chuireann aeriompróir oibríochta eitilt
siar go tar éis an ama sin, tabharfaidh an t‑aeriompróir oibríochta an
méid seo a leanas do phaisinéirí: (i) nuair is moill dhá uair an chloig ar a
laghad atá i gceist, an cúnamh dá sonraítear in Airteagal 9(1)(a) agus
9(2); agus (ii) nuair is moill cúig uair an chloig ar a
laghad atá i gceist agus ar a laghad oíche amháin san áireamh, an cúnamh dá
sonraítear in Airteagal 9(1)(b) agus 9(1)(c); agus (iii) nuair is moill cúig uair an chloig ar a
laghad atá i gceist, an cúnamh dá sonraítear in Airteagal 8(1)(a). 2. Beidh ceart chun cúitimh ón aeriompróir
oibríochta ag paisinéirí i gcomhréir le hAirteagal 7 i gcás ina sroicheann
an paisinéir a cheann scríbe: (a) cúig uair an chloig nó níos mó tar éis an ama
sroicthe a bhí sceidealaithe i gcás gach turas laistigh den Chomhphobal agus i
gcás turas chuig tríú tíortha nó uathu ar turais iad de 3500 ciliméadar ar a
mhéad; (b) naoi uair an chloig nó níos mó tar éis an ama
sroicthe a bhí sceidealaithe i gcás turas chuig tríú tíortha nó uathu ar turais
iad d’idir 3500 agus 6000 ciliméadar; (c) dhá uair an chloig déag nó níos mó tar éis an
ama sroicthe a bhí sceidealaithe i gcás turas chuig tríú tíortha nó uathu ar
turais iad de 6000 ciliméadar ar a laghad. 3. Beidh feidhm ag mír 2 freisin i gcás ina
modhnaíonn an t‑aeriompróir oibríochta na hamanna atá sceidealaithe chun
imeacht agus chun an ceann scríbe a bhaint amach má fhágann sin go bhfuil moill
i gceist i gcomparáid leis an am sroicthe a bhí sa bhunsceideal, ach amháin má
cuireadh an paisinéir ar an eolas faoin athrú ar an sceideal níos mó ná 15 lá
roimh an am imeachta a bhí sceidealaithe i dtús báire. 4. Ní bheidh d’oibleagáid ar aeriompróir
oibríochta cúiteamh a íoc i gcomhréir le hAirteagal 7 más féidir leis a
chruthú gur cuireadh an eitilt ar ceal nó gur athraíodh an sceideal mar gheall
ar imthosca urghnácha agus nárbh fhéidir an cealú nó an t‑athrú sin a
sheachaint fiú dá ndéanfaí gach beart réasúnta. Ní féidir imthosca urghnácha
den sórt sin a agairt ach amháin sa mhéad is go bhfuil tionchar acu ar an
eitilt lena mbaineann nó ar an eitilt díreach roimhe a bhain leis an aerárthach
céanna. 5. Faoi réir srianta sábháilteachta, i gcás
ina sáraíonn moill ar an tarmac uair an chloig, soláthróidh an t‑aeriompróir
oibríochta saor in aisce rochtain ar áiseanna leithris agus ar uisce óil,
áiritheoidh sé go bhfuil teas nó fuarú leordhóthanach i gcábán na bpaisinéirí
agus áiritheoidh sé go bhfuil cúram liachta leordhóthanach ar fáil más gá. I
gcás ina bhfuil moill ar an tarmac de chúig uair a chloig ar a mhéad, fillfidh
an t‑aerárthach ar an ngeata nó ar phointe oiriúnach díbhordála eile ag
ar féidir le páisinéirí díbhordáil agus leas a bhaint as an gcúram céanna dá
sonraítear i mír 1, ach amháin má tá cúiseanna a bhaineann le
sábháilteacht nó slándáil a fhágann nach féidir leis an aerárthach bogadh ón
áit a bhfuil sé ar an tarmac.' 6. Cuirtear isteach an tAirteagal
seo a leanas: ‘Airteagal 6a Nasceitilt
a cailleadh 1. I gcás ina gcailleann paisinéir
nasceitilt mar gheall ar mhoill nó athrú ar sceideal na heitilte roimpi,
tairgfidh an t‑aeriompróir Comhphobail a oibríonn an nasceitilt ar
aghaidh an méid seo a leanas don phaisinéir: (i) an cúnamh dá sonraítear in Airteagal 9(1)(a)
agus 9(2) má chuirtear dhá uair an chloig ar a laghad le ham feithimh an
phaisinéara; agus (ii) athródú mar a shonraítear in Airteagal 8(1)(b);
agus (iii) an cúnamh dá sonraítear in Airteagal 9(1)(b)
agus 9(1)(c) i gcás ina bhfuil an t‑am imeachta sceidealaithe ar an
eitilt malartach nó ar an modh iompair eile arna thairgeadh faoi Airteagal 8
ar a laghad 5 uair an chloig tar éis am imeachta sceidealaithe na heitilte
a cailleadh agus go maireann an mhoill thar oíche amháin ar a laghad. 2. I gcás ina gcailleann paisinéir
nasceitilt mar gheall ar mhoill ar nasceitilt díreach roimhe, beidh ceart chun
cúitimh ag an bpaisinéir ón aeriompróir Comhphobail a bhí ag oibriú na
nasceitilte roimhe sin i gcomhréir le hAirteagal 6(2). Chun na gcríoch
sin, déanfar an mhoill a ríomh de réir an ama a bhí sceidealaithe an ceann
scríbe a bhaint amach. 3. Beidh mír 2 gan dochar d’aon socruithe
slánaíochta arna ndéanamh idir aeriompróirí lena mbaineann.4. Beidh feidhm ag
mír 1 agus ag mír 2 freisin maidir le haeriompróirí tríú tíortha a
oibríonn nasceitilt chuig aerfort san AE nó ó aerfort den sórt sin.’ 7. Leasaítear Airteagal 7
mar seo a leanas: (d)
I mír 1, cuirtear an focal “turais” in ionad
“eitiltí”. (e)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2,
3 agus 4: 2. I gcás ina roghnaíonn an paisinéir leanúint dá
thuras de bhun Airteagal 8(1)(b), ní féidir an ceart chun cúitimh a bheith
aige ach uair amháin le linn a chuid taistil chuig an gceann scríbe, fiú má
thagann cealú eile chun cinn nó má chailltear nasceitilt eile le linn an
athródaithe. 3. Íocfar an cúiteamh dá dtagraítear i mír 1
in airgead tirim, trí aistriú bainc leictreonach, orduithe bainc nó seiceanna
bainc. 4. Déanfar na hachair a thugtar i mír 1 a
thomhas trí mhodh an bhealaigh mhórchiorclaigh. 5. Féadfaidh an t‑aeriompróir teacht ar
chomhaontú deonach leis an bpaisinéir a ghabhfaidh ionad na bhforálacha atá
leagtha amach i mír 1, ar an gcoinníoll go ndearbhaítear an comhaontú sin
le doiciméad a shíneoidh an paisinéir agus a chuirfidh cearta an phaisinéara
chun cúitimh faoin Rialachán seo i gcuimhne dó.' 8. Cuirtear an méid seo a leanas
in ionad Airteagal 8: ‘Airteagal 8 An ceart
chun aisíocaíochta nó chun athródaithe 1. I gcás ina ndéantar tagairt don Airteagal seo,
beidh paisinéirí ábalta roghnú, saor in aisce, idir na trí rogha seo a leanas: (a) - aisíocaíocht a fháil ar phraghas na
heitilte laistigh de sheacht lá ó iarraidh an phaisinéara, trí bhíthin na
modhanna dá bhforáiltear in Airteagal 7(3), don chuid nó do na codanna den
turas nach ndearnadh, agus don chuid nó do na codanna a rinneadh cheana mura
bhfónann an eitilt a thuilleadh don phlean taistil tosaigh a bhí ag an
bpaisinéir, mar aon leis seo a leanas, nuair is ábhartha, - eitilt fillte chuig an gcéad phointe imeachta, a
luaithe agus is féidir; (b) leanúint de phleananna taistil na
bpaisinéirí trína n‑athródú, faoi choinníollacha iompair inchomparáide,
chuig an gceann scríbe a luaithe agus is féidir; nó (c) athródú a dhéanamh, faoi choinníollacha
iompair inchomparáide, chuig an gceann scríbe ar dháta níos déanaí ar
chaoithiúlacht an phaisinéara, faoi réir suíocháin a bheith ar fáil. 2. Beidh feidhm ag mír 1(a) freisin maidir le
paisinéirí a bhfuil a n‑eitiltí mar chuid de phacáiste, ach amháin i
ndáil leis an gceart chun aisíocaíochta i gcás ina dtagann ceart den sórt sin
chun cinn faoi Threoir 90/314/CEE. 3. Má thairgeann aeriompróir oibríochta eitilt do
phaisinéir chuig aerfort eile nó ó aerfort eile mar mhalairt ar an aerfort
lenar bhain an áirithint, is ar an aeriompróir oibríochta sin a bheidh an
costas an paisinéir a aistriú ón aerfort malartach sin chuig an aerfort lenar
bhain an áirithint, nó, i ndáil leis an aerfort cinn scríbe, chuig ceann scríbe
comharsanachta arna gcomhaontú leis an bpaisinéir. 4. Má aontaíonn an paisinéir, féadfaidh an eitilt
fillte nó na heitiltí dá dtagraítear i mír 1(a) nó an t‑athródú dá
dtagraítear i mír 1(b) nó 1(c) seirbhísí a úsáid atá oibrithe ag
aeriompróir eile, féadfaidh ródú éagsúil a bheith i gceist, nó féadfaidh siad
modh iompair eile a úsáid. 5. I gcás ina roghnaíonn paisinéirí an rogha dá
dtagraítear i mír 1(b), beidh an ceart chun athródaithe ag na paisinéirí
le haeriompróir eile nó le modh iompair eile, má tá a leithéid ar fáil, nuair
nach féidir leis an aeriompróir oibríochta na paisinéirí a iompar ar a
sheirbhísí féin agus an ceann scríbe a bhaint amach laistigh de 12 uair ón am
sceidealaithe. D’ainneoin Airteagal 22(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008[21], ní ghearrfaidh an t‑aeriompróir
eile nó an t‑oibreoir iompair eile praghas ar an aeriompróir conarthach a
rachaidh thar an meánphraghas atá á íoc ag a phaisinéirí féin ar sheirbhísí
comhchosúla sna trí mhí go dtí sin. 6. Aon uair a thairgtear athródú iomlán nó páirt‑athródú
le modh iompair eile do phaisinéirí, de bhun mhír 1, beidh feidhm ag an
Rialachán seo maidir leis an iompar a dhéantar leis an modh iompair eile sin
amhail is dá mba aeriompróir sciatháin dhobhogtha a bheadh i mbun an iompair.’ 9. Leasaítear Airteagal 9
mar seo a leanas: (a)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad
phointe (c) de mhír 1: ‘(c) iompar idir an t‑aerfort agus áit na
cóiríochta (an t‑óstán, áit a bhfuil an paisinéir ina chónaí nó áit
eile)’ (b)
Cuirtear isteach na míreanna seo a leanas: '4. Más féidir leis an
aeriompróir oibríochta a chruthú gur tharla an cealú, an mhoill nó an t‑athrú
ar an sceideal mar gheall ar imthosca urghnácha agus nárbh fhéidir an cealú, an
mhoill nó an t‑athrú ar an sceideal a sheachaint fiú dá ndéanfaí gach
beart réasúnta, féadfaidh sé costas iomlán an lóistín arna sholáthar de réir
mhír 1(b) a theorannú do EUR 100 in aghaidh na hoíche agus in aghaidh
an phaisinéara agus é sin a theorannú do thrí oíche ar a mhéad. Má roghnaíonn an t‑aeriompróir oibríochta
feidhm a bheith ag an teorannú sin, soláthróidh sé, mar sin féin, faisnéis do
na paisinéirí faoi lóistín atá ar fáil tar éis na trí oíche sin, i dteannta na n‑oibleagáidí
leantacha maidir le faisnéis a shonraítear in Airteagal 14. 5. Ní bheidh feidhm ag an
oibleagáid lóistín a thairiscint faoi mhír 1(b) i gcás inar eitilt
250 km nó níos lú í an eitilt lena mbaineann agus go bhfuil sé
sceidealaithe gur aerárthach a bhfuil 80 suíochán ar a mhéad ann a bheidh
i gceist, seachas más nasceitilt í an eitilt sin. Má
roghnaíonn an t‑aeriompróir oibríochta feidhm a bheith ag an díolúine
sin, soláthróidh sé, mar sin féin, faisnéis do na paisinéirí faoi lóistín atá
ar fáil. 6. I gcás ina roghnaíonn paisinéir aisíocaíocht de
bhun Airteagal 8(1)(a) agus é ag an aerfort imeachta, nó má roghnaíonn sé
athródú ar dháta níos déanaí de bhun Airteagal 8(1)(c), ní bheidh
tuilleadh ceart ag an bpaisinéir i ndáil le cúram faoi Airteagal 9(1)
maidir leis an eitilt lena mbaineann.’ 10. I bpointe (a),
pointe (b) agus pointe (c) de mhír 2 d’Airteagal 10, cuirtear an
téarma ‘praghas an ticéid’ in ionad ‘praghas na heitilte’. 11. Cuirtear an mhír seo a leanas
le hAirteagal 11: '3. Ní chuirfidh an t‑aeriompróir oibríochta
na srianta atá leagtha amach in Airteagal 9(4) agus 9(5) i bhfeidhm más
duine faoi mhíchumas luaineachta é an paisinéir nó aon duine atá ag taisteal
leis an bpaisinéir, nó más leanbh neamhthionlactha, bean thorrach nó duine a
bhfuil cúram liachta de dhíth air atá ann, ar an gcoinníoll gur tugadh fógra
don aeriompróir nó dá ghníomhaire nó don eagraí faoi na riachtanais áirithe
cúnaimh atá aige ar a laghad 48 uair roimh an am imeachta atá
sceidealaithe don eitilt. Measfar go gcumhdaíonn an fógra sin an turas ar fad
agus an turas fillte más leis an aeriompróir céanna an conradh don dá turas
sin.’ 12. Cuirtear an méid seo a leanas
in ionad Airteagal 13: ‘Airteagal 13 Ceart
chun cúitimh I gcásanna ina n‑íocann aeriompróir
oibríochta cúiteamh nó ina gcomhlíonann sé na hoibleagáidí eile atá air faoin
Rialachán seo, ní fhéadfar a léirmhíniú go gcuireann aon fhoráil sa Rialachán
seo nó aon fhoráil sa dlí náisiúnta bac ar cheart an aeriompróra cúiteamh a
lorg do na costais arna dtabhú faoin Rialachán seo ó aon tríú páirtithe a bhí
ina gcuid den chúis ar gá cúiteamh a íoc nó oibleagáidí eile a chomhlíonadh.’ 13. Cuirtear an méid seo a leanas
in ionad Airteagal 14: ‘Airteagal 14 Oibleagáidí
maidir le paisinéirí a choinneáil ar an eolas 1. Áiritheoidh comhlacht bainistíochta an aerfoirt
agus an t‑aeriompróir oibríochta go bhfuil fógra soléite le feiceáil ag
na deascanna cláraithe (lena n‑áirítear ag meaisíní cláraithe
féinseirbhíse) agus ag an ngeata bordála, ar a mbeidh an téacs seo a leanas ar
taispeáint sa dóigh is gur féidir le paisinéirí é a fheiceáil go soiléir: “Mura
gceadaítear duit bordáil nó má chuirtear d’eitilt ar ceal nó má chuirtear moill
dhá uair an chloig ar a laghad uirthi, iarr ag an gcuntar cláraithe nó ag an
ngeata bordála an fógra faoi do chearta, go háirithe maidir le cúram agus
cúiteamh féideartha”. 2. Aon aeriompróir oibríochta a dhiúltaíonn
bordáil nó a chuireann eitilt ar ceal, tabharfaidh sé fógra scríofa don phaisinéir
lena mbaineann ar a mbeidh leagtha amach na rialacha maidir le cúiteamh agus
cúram i gcomhréir leis an Rialachán seo, lena n‑áirítear faisnéis faoi
aon srianta a d'fhéadfadh a bheith ann de bhun Airteagal 9(4) agus 9(5).
Tabharfaidh sé fógra coibhéiseach freisin d’aon phaisinéir lena mbaineann moill
nó athrú ar an sceideal de dhá uair an chloig ar a laghad. Tabharfar freisin
don phaisinéir, i bhfoirm scríofa, sonraí teagmhála na gcomhlachtaí inniúla a
dhéileálann le gearáin agus atá ainmnithe faoi Airteagal 16a. 3. Maidir le daoine dalla agus daoine lagamhairc,
cuirfear forálacha an Airteagail seo i bhfeidhm trí mhodhanna malartacha
iomchuí a úsáid. 4. Áiritheoidh comhlacht bainistíochta an aerfoirt
go bhfuil faisnéis ghinearálta ar chearta paisinéirí ar taispeáint go soiléir
agus go feiceálach i limistéir an aerfoirt ina mbíonn na paisinéirí.
Áiritheoidh sé freisin go gcuirtear paisinéirí atá san aerfort ar an eolas má
chuirtear a n‑eitilt ar ceal agus go gcuirtear ar an eolas iad faoina
gcearta i gcás ina gcuireann an aerlíne stop lena hoibríochtaí go tobann, mar a
tharlaíonn i gcás dócmhainneachta nó má chúlghairtear a ceadúnas oibríochta. 5. I gcás ina gcuirtear eitilt ar ceal nó má tá
moill uirthi imeacht, cuirfidh an t‑aeriompróir oibríochta paisinéirí ar
an eolas faoi sin a luaithe agus is féidir agus, ar aon chuma, tráth nach
déanaí ná 30 bomaite tar éis an ama imeachta sceidealaithe, agus cuirfear ar an
eolas iad faoin am imeachta measta a luaithe atá an fhaisnéis sin ar fáil, ar
an gcoinníoll go bhfuil sonraí teagmhála an phaisinéara ag an aeriompróir i
gcomhréir le mír 6 agus mír 7 i gcás ina bhfuair an paisinéir an
ticéad trí idirghabhálaí. 6. I gcás nach bhfaigheann paisinéir ticéad go
díreach ón aeriompróir oibríochta, ach trí idirghabhálaí atá bunaithe laistigh
den Aontas, soláthróidh an t‑idirghabhálaí sin sonraí teagmhála an
phaisinéara don aeriompróir, ar an gcoinníoll gur thug an paisinéir údarú
sainráite scríofa chuige sin. Is ar bhonn toilithe shainráite amháin is féidir
an t‑údarú sin a thabhairt. Is chun an oibleagáid faisnéise faoin Airteagal
sin a chomhlíonadh agus chuige sin amháin a fhéadfaidh an t‑aeriompróir
na sonraí teagmhála sin a úsáid agus ní fhéadfaidh sé iad a úsáid chun críocha
margaíochta agus scriosfaidh sé na sonraí teagmhála laistigh de 72 uair ón
gconradh iompair a thabhairt i gcrích. Déanfar na sonraí sin a phróiseáil agus
a stóráil agus tabharfar rochtain orthu i gcomhréir le Treoir 95/46/CE ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le daoine aonair a chosaint i
ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí
den sórt sin[22].
7. Beidh idirghabhálaí díolmhaithe ó mhír 6
más féidir leis a chruthú go bhfuil córas malartach ann a áirithíonn go
gcuirtear an paisinéir ar an eolas gan na sonraí teagmhála ábhartha a
tharchur.’ 14. Cuirtear an méid seo a leanas
in ionad Airteagal 16: ‘Airteagal 16 Forfheidhmiú 1. Ainmneoidh gach Ballstát Comhlacht Náisiúnta
Forfheidhmithe atá freagrach as forfheidhmiú an Rialacháin seo maidir le
heitiltí ó aerfoirt atá suite ina chríoch agus maidir le heitiltí ó thríú tír
chuig na haerfoirt sin. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoin
gcomhlacht arna ainmniú i gcomhréir leis an mír seo. 2. Déanfaidh an Comhlacht Náisiúnta Forfheidhmithe
faireachán géar ar chomhlíomhadh fhorálacha an Rialacháin seo agus déanfaidh sé
na bearta is gá lena áirithiú go n‑urramaítear cearta paisinéirí. Chun na
críche sin, soláthróidh aeriompróirí agus comhlachtaí bainistíochta aerfort na
doiciméid ábhartha don Chomhlacht Náisiúnta Forfheidhmithe arna iarraidh sin
dó. Chun a fheidhmeanna a chur i gcrích, cuirfidh an Comhlacht Náisiúnta
Forfheidhmithe san áireamh an fhaisnéis arna cur isteach chuige ag an
gcomhlacht arna ainmniú faoi Airteagal 16a. Féadfaidh sé cinneadh a dhéanamh
freisin maidir le bearta forfheidhmithe bunaithe ar ghearáin aonair arna
dtarchur ag an gcomhlacht arna ainmniú faoi Airteagal 16a. 3. Beidh na smachtbhannaí arna leagan síos ag
Ballstáit le haghaidh sáruithe ar an Rialachán seo éifeachtach, comhréireach
agus athchomhairleach. 4. I gcás inar comhlachtaí éagsúla iad na
comhlachtaí arna n‑ainmniú faoi Airteagal 16 agus Airteagal 16a,
bunófar sásraí tuairiscithe lena áirithiú go malartaítear faisnéis idir na
comhlachtaí éagsúla chun cuidiú leis an gComhlacht Náisiúnta Forfheidhmithe a
chúraimí a chomhlíonadh maidir le faireachas agus forfheidhmiú agus ionas gur
féidir leis an gcomhlacht arna ainmniú faoi Airteagal 16a an fhaisnéis is
gá a bhailiú chun gearáin aonair a scrúdú. 5. Foilseoidh Comhlachtaí Náisiúnta Forfheidhmithe
staidreamh maidir lena ngníomhaíochtaí, lena n‑áirítear maidir leis na
smachtbhannaí a cuireadh i bhfeidhm, do gach bliain, ag deireadh mhí Aibreáin
sa bhliain féilire dar gcionn ar a dhéanaí. 6. Cuirfidh aeriompróirí a sonraí teagmhála in iúl
do Chomhlachtaí Náisiúnta Forfheidhmithe na mBallstát, d’ábhair atá cumhdaithe
faoin Rialachán seo.’ 15. Cuirtear na hAirteagail seo a
leanas isteach: ‘Airteagal 16a Éilimh
agus gearáin ó phaisinéirí 1. Tráth a dhéantar an áirithint, tabharfaidh
aeriompróirí faisnéis do phaisinéirí faoina bpróisis chun déileáil le gearáin
agus éilimh i ndáil leis na cearta atá leagtha amach sa Rialachán seo agus faoi
na seoltaí teagmhála ábhartha is féidir le paisinéirí éilimh agus gearáin a
chur chucu, lena n‑áirítear ar mhodh tarchuir leictreonach. Cuirfidh an t‑aeriompróir
paisinéirí ar an eolas freisin faoin gcomhlacht nó faoi na comhlachtaí atá
inniúil ar dhéileáil le gearáin ó phaisinéirí. 2. Más mian le paisinéir gearán a dhéanamh leis an
aeriompróir maidir lena chearta faoin Rialachán seo, cuirfidh sé an gearán sin
isteach 3 mhí roimh an dáta a tharla an eitilt nó an dáta a bhí sé
sceidealaithe tarlú. Laistigh de sheacht lá ón ngearán a fháil, dearbhóidh an t‑iompróir
don phaisinéir go bhfuil an gearán faighte aige. Laistigh de dhá mhí ón ngearán
a fháil, tabharfaidh an t‑iompróir freagra iomlán don phaisinéir. 3. I gcomhréir le dlí ábhartha an AE agus le dlí
ábhartha náisiúnta, ainmneoidh gach Ballstát comhlacht náisiúnta nó comhlachtaí
náisiúnta a bheidh freagrach as díospóidí a réiteach lasmuigh den chúirt idir
aeriompróirí agus paisinéirí maidir leis na cearta atá cumhdaithe faoin
Rialachán seo. 4. Féadfaidh gach paisinéir gearán a dhéanamh le
haon chomhlacht náisiúnta arna ainmniú faoi mhír 3, maidir le sárú ar an
Rialachán seo a líomhnaítear a bheith déanta ag aon aerfort atá suite i gcríoch
Ballstáit nó a bhaineann le haon eitilt ó thríú tír chuig aerfort atá suite sa
chríoch sin. Féadfar gearáin den sórt sin a chur isteach ar a luaithe dhá mhí
tar éis gearán a chur isteach chuig an iompróir lena mbaineann, ach amháin má
tá freagra deiridh tugtha cheana ag an iompróir ar an ngearán. 5. Laistigh de sheacht lá ón ngearán a fháil,
dearbhóidh an comhlacht ainmnithe go bhfuil an gearán faighte aige agus seolfaidh
sé cóip de chuig an gComhlacht Náisiúnta Forfheidhmithe iomchuí. Tabharfar an
freagra deiridh don ghearánach laistigh de thréimhse nach faide ná trí mhí ón
ngéarán a fháil. Tabharfar cóip den fhreagra deiridh don Chomhlacht Náisiúnta
Forfheidhmithe freisin. Airteagal 16b Comhar
idir na Ballstáit agus an Coimisiún 1. Tríd an gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 16c,
tacóidh an Coimisiún le dialóg idir na Ballstáit maidir le léirmhíniú agus cur
i bhfeidhm náisiúnta an Rialacháin seo. 2. Tabharfaidh Ballstáit tuarascáil bhliantúil don
Choimisiún ar a ngníomhaíochtaí ag deireadh mhí Aibreáin sa bhliain féilire dár
gcionn ar a dhéanaí. Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh maidir leis na
saincheisteanna a mbeidh aghaidh le tabhairt orthu sna tuarascálacha sin trí
bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme
sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 16c. 3. Déanfaidh na Ballstáit faisnéis ábhartha maidir
le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm náisiúnta an Rialacháin seo a sheoladh chuig
an gCoimisiún agus cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil i bhfoirm
leictreonach do Bhallstáit eile. 4. Arna iarraidh sin do Bhallstát, nó ar
thionsnamh an Choimisiúin féin, fiosróidh an Coimisiún cásanna ina dtagann
éagsúlachtaí chun cinn maidir le cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú aon cheann
d’fhorálacha an Rialacháin seo agus go háirithe maidir le léirmhíniú an rud is
imthosca urghnácha ann, agus soiléireoidh sé forálacha an Rialacháin, d’fhonn
cur chuige coiteann a chur chun cinn. Chuige sin, féadfaidh an Coimisiún moladh
a ghlacadh tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 16c. 5. Arna iarraidh sin don Choimisiún, imscrúdóidh
na Comhlachtaí Náisiúnta Forfheidhmithe cleachtas sonrach amhrasta atá ag
aeriompróir nó aeriompróirí agus tuairisceoidh sé torthaí an imscrúdaithe sin
don Choimisiún laistigh de 4 mhí ón iarraidh a dhéanamh. Airteagal 16c Nós
imeachta coiste 1. Beidh de chúnamh ag an gCoimisiún an Coiste um
Chearta Paisinéirí, ar a mbeidh beirt ionadaithe ó gach Ballstát agus beidh ar
a laghad duine acu sin ina ionadaí ón gComhlacht Náisiúnta Forfheidhmithe.
Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2. I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm
ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 16. Cuirtear an méid seo a leanas
in ionad Airteagal 17: ‘Airteagal 17 Tuarascáil Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil chuig Parlaimint
na hEorpa agus an Chomhairle faoin 1 Eanáir 2017 ar oibríocht agus
torthaí an Rialacháin seo, go háirithe maidir le tionchar an chúitimh as
moillithe fada agus maidir le teorainn a bheith le cóiríocht a chur ar fáil in
imthosca urghnácha a mhairfidh tréimhse fhada. Déanfaidh an Coimisiún
tuarascáil freisin ar chosaint feabhsaithe do phaisinéirí ar eitiltí ó thríú
tíortha arna n‑oibriú ag iompróirí neamh‑Chomhphobail, i
gcomhthéacs comhaontuithe idirnáisiúnta aeriompair. Beidh tograí reachtacha ag
gabháil leis an tuarascáil nuair is gá. 17. Cuirtear Iarscríbhinn 1 a
ghabhann leis an Rialachán seo isteach in Rialachán 261/2004 mar
Iarscríbhinn 1. Airteagal 2 Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2027/97
mar seo a leanas: 1. Cuirtear an méid seo a leanas
in ionad mhír 2 d’Airteagal 3: '2. Cuirfidh an t‑aeriompróir Comhphobail
foirm ghearáin ar fáil ag an aerfort a fhágfaidh gur féidir leis an bpaisinéir
gearán a dhéanamh láithreach faoi bhagáiste a ndearnadh damáiste dó nó a
cailleadh. Aon fhoirm ghearáin den sórt sin, a d’fhéadfadh a bheith i bhfoirm
tuarascála ar neamhrialtacht maoine (PIR), glacfaidh an t‑aeriompróir léi
ag an aerfort mar ghearán de bhun Airteagal 31(2) de Choinbhinsiún
Montreal. Ní dhéanfadh sin difear do cheart an phaisinéara gearán a dhéanamh ar
mhodhanna eile laistigh de na spriocanna a tugadh i gCoinbhinsiún Montreal.’ 2. Cuirtear an méid seo a leanas
in ionad mhír 2 d’Airteagal 5: '2. Gan dochar do mhír 1, ní bheidh
réamhíocaíocht níos lú ná an comhluach in euro de 18 096 CTS in aghaidh an
phaisinéara i gcás báis. ‘Tabharfar de chumhacht don Choimisiún, trí bhíthin
gnímh tharmligthe i gcomhréir le hAirteagal 6c, an méid sin a choigeartú i
bhfianaise cinnidh ón Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta de bhun Airteagal 24(2)
de Choinbhinsiún Montreal. Déanfaidh aon choigeartú ar an méid thuasluaite an
méid comhfhreagrach san Iarscríbhinn a mhodhnú freisin.’ 3. Cuirfear an abairt seo a
leanas le hAirteagal 6(1): ‘Tabharfar de chumhacht don Choimisiún, trí
bhíthin gnímh tharmligthe i gcomhréir le hAirteagal 6c, na méideanna atá
luaite san Iarscríbhinn a choigeartú, cé is moite den mhéid atá luaite in Airteagal 5(2),
i bhfianaise cinnidh ón Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta de bhun Airteagal 24(2)
de Choinbhinsiún Montreal.’ 4. Cuirtear na hAirteagail seo a
leanas isteach: ‘Airteagal 6a 1. Aon uair atá cathaoireacha rothaí cláraithe nó
aon trealamh soghluaisteachta nó feistí cúnta eile atá cláraithe á n‑iompar,
tabharfaidh an t‑aeriompróir agus a ghníomhairí an rogha do gach duine
faoi mhíchumas luaineachta mar a shainítear in Airteagal 2(a) de Rialachán (CE)
Uimh. 1107/2006[23],
leas speisialta a dhearbhú saor in aisce de bhun Airteagal 22(2) de
Choinbhinsiún Montreal, nuair atá an áirithint á déanamh agus ar a dhéanaí
nuair a thugtar an trealamh don iompróir. 2. I gcás ina scriostar, ina gcailltear nó ina
ndéantar damáiste d'áiseanna soghluaisteachta, tá dliteanas an aeriompróra
teoranta don tsuim a dhearbhaigh an duine tráth a tugadh an trealamh
soghluaisteachta cláraithe ar láimh don aeriompróir Comhphobail. 3. I gcás ina scriostar, ina gcailltear, nó ina
ndéantar damáiste do chathaoireacha rothaí cláraithe nó d’aon trealamh
soghluaisteachta nó feistí cúnta cláraithe eile, nó go bhfuil moill ar a n‑iompar,
dlífidh an t‑aeriompróir Comhphobail suim a íoc nach mó ná an tsuim a
dhearbhaigh an paisinéir; ach amháin má chruthaíonn sé go bhfuil an tsuim a
éilítear níos mó ná leas iarbhír an duine sa seachadadh go dtí an ceann scríbe. Airteagal 6b 1. Áiritheoidh an Comhlacht Náisiúnta
Forfheidhmithe arna ainmniú faoi Airteagal 16 de Rialachán 261/2004
go gcomhlíonfar an Rialachán seo. Chuige sin, déanfaidh sé faireachán ar na
nithe seo a leanas: - téarmaí agus coinníollacha conarthaí aeriompair;
- tairiscint chórasach aon dearbhaithe leasa
speisialta do threalamh soghluaisteachta cláraithe, agus tairiscint chórasach
leibhéal iomchuí cúitimh i gcás damáiste a bheith déanta do threalamh
soghluaisteachta; - réamhíocaíochtaí arna ndéanamh faoi Airteagal 5(1)
nuair is infheidhme; - cur i bhfeidhm Airteagal 6. 2. Chun faireachán a dhéanamh ar chosaint
paisinéirí faoi mhíchumas luaineachta agus paisinéirí faoi mhíchumas i gcás ina
ndéantar damáiste dá dtrealamh soghluaisteachta, scrúdóidh an Comhlacht
Náisiúnta Forfheidhmithe freisin an fhaisnéis ar ghearáin a bhaineann le
trealamh soghluaisteachta arna gcur isteach chuig na comhlachtaí arna n‑ainmniú
faoi Airteagal 16a de Rialachán 261/2004 agus cuirfidh sé an
fhaisnéis sin san áireamh. 3. Beidh na smachtbhannaí arna leagan síos ag
Ballstáit le haghaidh sáruithe ar an Rialachán seo éifeachtach, comhréireach
agus athchomhairleach. 4. Ina dtuarascálacha bliantúla de bhun Airteagal 16(6)
de Rialachán 261/2004, foilseoidh na Comhlachtaí Náisiúnta Forfheidhmithe
staidreamh freisin ar a ngníomhaíochtaí agus ar na smachtbhannaí arna gcur i
bhfeidhm maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Airteagal 6c 1. Tabharfar an chumhacht don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos
san Airteagal seo. 2. Tabharfar tarmligean na cumhachta dá
dtagraítear in Airteagal 6(1) don Choimisiún go ceann tréimhse
neamhchinntithe ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. 3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle
tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 6(1) a chúlghairm
tráth ar bith. Leis an gcinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh
le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht
leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais
Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh sin. Ní
dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm
cheana féin. 4. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe,
tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na
hEorpa agus don Chomhairle. 5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de
bhun Airteagal 6(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in
iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse
2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa
agus don Chomhairle nó, más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh
Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don
Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar
thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle.’Airteagal 6d 1. Cé go bhfuil saoirse iomlán thráchtála ag
aeriompróirí na coinníollacha a bhunú faoina gceadaíonn siad bagáiste a iompar,
cuirfidh siad in iúl go soiléir, tráth a dhéantar an áirithint agus ag na
deascanna cláraithe (lena n‑áirítear ag meaisíní cláraithe
féinseirbhíse), an t‑uasmhéid bagáiste is féidir le paisinéirí a iompar
leo isteach sa chábán agus a chur i mbolg an aerárthaigh ar gach ceann de na
heitiltí a áirítear laistigh d'áirithint paisinéara, lena n‑áirítear aon
srianta ar líon na míreanna a mbeadh feidhm leo laistigh den uasmhéid bagáiste
áirithe. I gcás ina ngearrtar muirir bhreise as bagáiste a iompar, cuirfidh
aeriompróirí in iúl go soiléir mionsonraí na muirear sin tráth a dhéantar an
áirithint agus arna iarraidh sin ag an aerfort. 2. I gcás ina bhfágann imthosca urghnácha, amhail
cúiseanna sábháilteachta nó cineál an aerárthaigh a athrú ón áirithint a
dhéanamh, nach gceadaítear míreanna a iompar isteach sa chábán atá in ainm is a
bheith ar áireamh sa bhagáiste ceadaithe láimhe, féadfaidh an t‑aeriompróir
na míreanna sin a iompar i mbolg an aerárthaigh, ach gan aon chostas breise ar
an bpaisinéir a bheith i gceist leis sin. 3. Ní dhéanann na cearta sin aon difear do na
srianta ar bhagáiste láimhe arna mbunú le rialacha slándála an AE agus rialacha
slándála idirnáisiúnta amhail Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 agus
Rialachán (CE) Uimh. 820/2008. Airteagal 6e 1. Tabharfaidh aeriompróir Comhphobail cead do
phaisinéir uirlis ceoil a iompar leis isteach i gcábán na bpaisinéirí in
aerárthach, faoi réir rialacha sábháilteachta infheidhme agus faoi réir
shonraíochtaí agus shrianta teicniúla an aerárthaigh lena mbaineann. Glacfar le
huirlisí ceoil lena n‑iompar ar chábán aerárthaigh ar an gcoinníoll gur
féidir na huirlisí sin a stuáil go sábháilte in urrann oiriúnach bagáiste sa
chábán nó faoi shuíochán iomchuí paisinéara. Féadfaidh aeriompróir a chinneadh
gur cuid den mhéid bagáiste láimhe atá ceadaithe ag paisinéir í uirlis ceoil
agus nach féidir uirlis a iompar sa bhreis ar an mbagáiste láimhe atá
ceadaithe. 2. I gcás ina bhfuil uirlis ceoil rómhór lena
stuáil go sábháilte in urrann oiriúnach bagáiste sa chábán nó faoi shuíochán
iomchuí paisinéara, féadfaidh aeriompróir a iarraidh go n‑íocfar táille
taistil eile más gá uirlis den sórt sin a iompar mar bhagáiste láimhe ar dhara
suíochán. I gcás ina gceannaítear suíochán eile ba cheart don aeriompróir
iarrachtaí réasúnacha a dhéanamh an paisinéir agus an uirlis ceoil lena
mbaineann a shuí ina aice a chéile. Iomprófar uirlisí ceoil i gcuid de bholg
lasta an aerárthaigh atá téite, má tá a leithéid ar fáil agus má iarrtar é,
faoi réir rialacha sábháilteachta infheidhme agus faoi réir shrianta spáis agus
shonraíochtaí teicniúla an aerárthaigh lena mbaineann. Léireoidh aeriompróir go
soiléir ina théarmaí agus coinníollacha an bonn ar a ndéanfar uirlisí ceoil a
iompar agus na muirir atá infheidhme.' 5. Cuirtear an méid seo a leanas
in ionad Airteagal 7: ‘Airteagal 7 Faoin 1 Eanáir 2017, déanfaidh an
Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi oibriú
agus faoi thorthaí an Rialacháin seo. Beidh tograí reachtacha ag gabháil leis
an tuarascáil nuair is gá.’ 6. Cuirtear Iarscríbhinn 2
a ghabhann leis an Rialachán seo isteach in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann
le Rialachán 2027/97. Airteagal 3 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an
fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh
an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go
díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán Iarscríbhinn 1 ‘Iarscríbhinn: liosta neamhchuimsitheach
d’imthosca a mheastar a bheith ina n‑imthosca urghnácha chun críocha an
Rialacháin seo 1. Measfar gur imthosca urghnácha iad na himthosca
seo a leanas: i. tubaistí nádúrtha a fhágann nach féidir an
eitilt a oibriú go sábháilte; ii. fadhbanna teicniúla nach dtarlaíonn de ghnáth
le linn fheidhmiú an aerárthaigh, amhail má aithnítear go bhfuil fabht ann le
linn oibriú na heitilte lena mbaineann agus go bhfágann an fabht sin nach
féidir leanúint de ghnáthoibriú na heitilte; nó
fabht folaithe sa déantúsaíocht, arna nochtadh ag an déantúsóir nó ag údarás
inniúil, a chuireann isteach ar shábháilteacht na heitilte; iii. rioscaí slándála, gníomhartha sabaitéireachta
nó gníomhartha sceimhlitheoireachta a fhágann nach féidir an eitilt a oibriú go
sábháilte; iv. rioscaí sláinte atá bagrach don bheatha nó
eigeandálaí míochaine a éilíonn go gcuirfear isteach ar an eitilt lena mbaineann
nó go gclaontar ó ruthag na heitilte; v. srianta a bhaineann le bainistíocht aerthráchta
nó dúnadh aerspáis nó aerfoirt; vi. dálaí meitéareolaíochta atá contrártha le
sábháilteacht eitilte; agus vii. díospóidí saothair ag an aeriompróir
oibríochta nó ag soláthraithe seirbhísí ríthábhachtacha, amhail aerfoirt agus
Soláthraithe Seirbhísí Aerloingseoireachta. 2. Ní mheasfar gur imthosca urghnácha iad na
himthosca seo a leanas: i. fadhbanna teicniúla ar gné dhílis iad de
ghnáthoibriú an aerárthaigh, amhail fadhb a aithnítear le linn cothabháil
rialta an trealaimh nó le linn sheiceáil réamh‑eitilte an aerárthaigh, nó
fadhb a thagann chun cinn de bharr mainneachtana ó thaobh na cothabhála sin nó
na seiceála réamh‑eitilte sin a dhéanamh i gceart; agus ii. foireann eitilte nó foireann cábáin gan a
bheith ar fáil (ach amháin má tharlaíonn sin de bharr díospóidí saothair). Iarscríbhinn 2 ‘IARSCRÍBHINN Dliteanas
ar aeriompróirí i leith paisinéirí agus a mbagáiste San fhógra faisnéise seo déantar achoimre ar
na rialacha dliteanais atá á gcur i bhfeidhm ag aeriompróirí Comhphobail faoi
mar a cheanglaítear le reachtaíocht an AE agus le Coinbhinsiún Montreal. Cúiteamh
i gcás báis nó díobhála Níl aon teorainneacha airgeadais leis an
dliteanas i leith díobhála nó báis paisinéara arb é tionóisc ar bord an
aerárthaigh nó tionóisc le linn aon cheann de na hoibríochtaí a bhaineann le
bordáil nó díbhordáil is cúis leis. I gcás damáistí suas le 113,100 CTS
(neasmhéid san airgeadra áitiúil), ní féidir leis an iompróir a dhliteanas a
eisiamh nó a theorannú. Thar an méid sin, ní bheidh an t‑aeriompróir faoi
dhliteanas má chruthaíonn sé nach raibh sé faillíoch nó nach raibh aon locht
eile air, nó go ndearnadh an damáiste de bharr faillí nó lochta tríú páirtí. Réamhíocaíochtaí Má mharaítear nó má ghortaítear paisinéir, ní
mór don aeriompróir réamhíocaíocht a dhéanamh, chun riachtanais láithreacha
eacnamaíocha a chumhdach, laistigh de 15 lá ón duine atá i dteideal cúitimh a
shainaithint. I gcás báis, ní bheidh an réamhíocaíocht sin níos lú ná
18 096 CTS (neasmhéid san airgeadra áitiúil). Moilleanna
ar phaisinéirí I gcás ina gcuirtear moill ar phaisinéir,
beidh an t‑aeriompróir faoi dhliteanas damáiste ach amháin má rinne sé
gach beart réasúnta chun an damáiste a sheachaint nó má bhí sé dodhéanta bearta
den sórt sin a dhéanamh. Tá an dliteanais i leith moille ar phaisinéara
teoranta do 4 694 CTS (neasmhéid san airgeadra áitiúil). Bagáiste
a chailleadh, damáiste a bheith déanta dó nó moill a bheith air I gcás ina gcailltear bagáiste, ina ndéantar
damáiste dó nó ina bhfuil moill air, beidh an t‑aeriompróir faoi
dhliteanas i leith damáiste suas le 1 113 CTS (neasmhéid san airgeadra
áitiúil) agus beidh an teorainn don chúiteamh infheidhme in aghaidh an
phaisinéara seachas in aghaidh gach píosa bagáiste cláraithe, ach amháin má tá
teorainn níos airde comhaontaithe idir an t‑iompróir agus an paisinéir
trí leas speisialta a dhearbhú. I gcás ina ndéantar damáiste do bhagáiste nó
ina gcailltear é, ní bheidh an t‑aeriompróir faoi dhliteanas má bhaineann
an damáiste nó an cailleadh le buncháilíocht nó le bunlocht sa bhagáiste. I
gcás ina bhfuil moill ar bhagáiste, ní bheidh an t‑aeriompróir faoi
dhliteanas damáiste má rinne sé gach beart réasúnta chun an damáiste a
bhaineann leis an moill ar an mbagáiste a sheachaint nó má bhí sé dodhéanta
bearta den sórt sin a dhéanamh. I gcás bagáiste láimhe, lena n‑áirítear
earraí pearsanta, ní bheidh an aerlíne faoi dhliteanas ach amháin más uirthi
atá an locht go ndearnadh an damáiste. Teorainneacha
níos airde do bhagáiste Is féidir le paisinéir leas a bhaint as
teorainn níos airde dliteanais trí leas speisialta a dhearbhú ar a dhéanaí ag
an seiceáil isteach agus trí tháille bhreise a íoc más gá. Beidh táille bhreise
den sórt sin bunaithe ar tharaif a bhfuil baint aici leis na costais bhreise a
bhaineann le hiompar an bhagáiste i gceist agus leis an mbagáiste sin a chur
faoi árachas le cois agus os cionn na teorann dliteanais de 1 131 CTS.
Cuirfear an taraif ar fáil do phaisinéirí arna iarraidh sin dóibh. I gcás paisinéirí
faoi mhíchumas agus paisinéirí atá faoi mhíchumas luaineachta, tabharfar rogha
dóibh go córasach agus saor in aisce leas speisialta a dhearbhú d’iompar a
dtrealaimh shoghluaisteachta. Teorainn
ama chun gearáin a dhéanamh faoi bhagáiste Má dhéantar damáiste don bhagáiste, má tá
moill air, má chailltear nó má scriostar é, ní mór don phaisinéir i ngach cás
scríobh chuig an aeriompróir chun gearán a dhéanamh a luaithe agus is féidir.
Teorainn ama 7 lá atá ag an bpaisinéir chun gearán a dhéanamh i gcás ina
bhfuil damáiste déanta don bhagáiste agus 21 lá atá i gceist i gcás ina
bhfuil moill air. Is ón dáta a cuireadh an bagáiste ar fáil don phaisinéir a
bheidh feidhm ag an dá theorainn ama sin. Chun na spriocanna sin a bhaint amach
go héasca, ní mór don aeriompróir an rogha a thabhairt do phaisinéirí foirm
ghearáin a líonadh isteach ag an aerfort. Aon fhoirm ghearáin den sórt sin, a
d’fhéadfadh a bheith i bhfoirm tuarascála ar neamhrialtacht maoine (PIR), ní
mór don aeriompróir glacadh léi ag an aerfort mar ghearán. Dliteanas
iompróirí conarthacha agus iompróirí iarbhír Murab ionann an t‑aeriompróir atá ag
oibriú na heitilte agus an t‑aeriompróir conarthach, beidh sé de cheart
ag an bpaisinéir gearán a dhéanamh nó éileamh a dhéanamh i leith damáistí le ceachtar
acu. Áirítear cásanna inar comhaontaíodh leis an iompróir iarbhír dearbhú leasa
speisialta tráth sheachadadh an bhagáiste. Teorainn
ama chun caingean a thabhairt Ní mór aon chaingean dlí chun damáistí a
éileamh a thabhairt ós comhair na cúirte laistigh de dhá bhliain ón dáta a
bhaineann an t‑aerárthach an ceann scríbe amach, nó ón dáta ar cheart go
mbeadh an ceann scríbe bainte amach aige. Bunús
leis an bhfaisnéis Is é Coinbhinsiún Montreal an
28 Bealtaine 1999, a chuirtear chun feidhme sa Chomhphobal le
Rialachán (CE) Uimh. 2027/97 (arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 889/2002
agus le Rialachán (AE) Uimh. xxx), agus reachtaíocht náisiúnta na
mBallstát an bunús do na rialacha a bhfuil tuairisc orthu thuas.’ [1] Rialachán (CE) Uimh. 261/2004
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear
comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí sa chás nach
gceadaítear dóibh bordáil agus sa chás ina gcuirtear eitiltí ar ceal nó go
gcuirtear moill fhada orthu, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE)
Uimh. 295/91, (IO L 46, 17.2.2004, lch.1.). [2] Rialachán (CE) Uimh. 2027/97
ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 1997 maidir le dliteanas aeriompróirí i
ndáil le hiompar paisinéirí agus a gcuid bagáiste d'aer (IO L 285, 17.10.1997, Lch. 1),
arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 889/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus
ón gComhairle ar an 13 Bealtaine 2002 (IO L 140, 30.5.2002, Lch. 2). [3] COM(2010) 0603, 16 Deireadh Fómhair
2010 [4] Treochlár um Limistéar Iompair
Eorpach Aonair – I dtreo córais iompair atá iomaíoch agus tíosach ar acmhainní
COM(2011) 144 final, féach leathanach 23: http://eur-lex.europa.eu/LexUriServ/LexUriServ.do?uri=COM:2011:0144:FIN:EN:PDF [5] OJ C364, 18.12.2000, Lch. 1 [6] http://ec.europa.eu/transport/passengers/consultations/2012-03-11-apr_en.htm [7] http://ec.europa.eu/transport/passengers/events/2012-05-30-stakeholder-conference_en.htm [8] Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir
le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal, IO
L 293 de 31.10.2008. [9] Féach tograí an Choimisiúin: http://ec.europa.eu/consumers/redress_cons/adr_policy_work_en.htm [10] IO C , , Lch. . [11] IO C , , Lch. . [12] IO L 144, 17.2.2004, Lch. 1 [13] IO L285, 17.10.1997, lch.1; arna mhodhnú in IO L140, 30.5.2002,
Lch. 2 [14] COM(2010) 603 final [15] IO L 223, 23.6.1990,
Lch. 59 [16] IO L 223, 28.2.2011,
Lch. 13 [17] Rialachán (CE) Uimh. 2027/97 ón
gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 1997 maidir le dliteanas
aeriompróirí i ndáil le hiompar paisinéirí agus a gcuid bagáiste d’aer, IO L
285, 17.10.1997, Lch. 1, arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 889/2002
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Bealtaine 2002, IO L
140, 30.5.2002, Lch. 2. [18] IO L 16, 31.10.2008, lch 3. [19] OJ L158, 23.6.1990, Lch. 59 [20] IO L 144, 26.7.2006, Lch. 1 [21] IO L 144, 31.10.2008,
Lch. 3 [22] IO L 281, 23.11.1995,
Lch. 31. [23] Rialachán (CE) Uimh. 1107/2006 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir leis
na cearta atá ag daoine faoi mhíchumas agus daoine faoi mhíchumas luaineachta
agus iad ag taisteal d’aer, IO L 204, 26.07.2006, Lch. 1