Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52012PC0576

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le Rochtain ar Acmhainní Géiniteacha agus Comhroinnt Chothrom agus Chothromasach na Sochar a eascraíonn óna nÚsáid san Aontas

/* COM/2012/0576 final - 2012/0278 (COD) */

52012PC0576

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le Rochtain ar Acmhainní Géiniteacha agus Comhroinnt Chothrom agus Chothromasach na Sochar a eascraíonn óna nÚsáid san Aontas /* COM/2012/0576 final - 2012/0278 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.           COMHTHÉACS AN TOGRA

· Forais agus cuspóirí an togra

Is é an príomhchuspóir atá leis an togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Rochtain ar Acmhainní Géiniteacha agus Comhroinnt Chothrom agus Chothromasach na Sochar a eascraíonn óna nÚsáid san Aontas Prótacal Nagoya a chur chun feidhme san Aontas agus daingniú an Aontais ar an gconradh sin a chumasú.

· Comhthéacs ginearálta

Bíonn ról suntasach, agus ról atá ag méadú, ag acmhainní géiniteacha – linn na ngéinte sna stoic nádúrtha agus shaothraithe araon – i go leor earnálacha eacnamaíochta: Is táirgí nádúrtha nó díorthaíodh ó tháirge nádúrtha 26 % de na drugaí formheasta nua uile le 30 bliain anuas[1].

Baineann raon leathan gníomhairí san Aontas, lena n‑áirítear taighdeoirí acadúla agus cuideachtaí ó earnálacha difriúla tionscail (mar shampla, pórú plandaí agus ainmhithe, bithshrianadh, cosmaidí, bia agus deochanna, gairneoireacht, biteicneolaíocht thionsclaíoch, cógaseolaíocht) úsáid as acmhainní géiniteacha chun críoch taighde agus forbartha, agus baineann roinnt acu úsáid as eolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha.

Tá an tAontas Eorpach agus gach ceann dá 27 Ballstát ina bPáirtíthe sa Choinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch[2] (CÉB). Aithnítear sa Choinbhinsiún go bhfuil cearta ceannasachta ag stáit ar acmhainní géiniteacha atá ar fáil laistigh dá ndlínse agus údarás acu rochtain ar acmhainní den sórt sin a chinneadh. Faoin gCoinbhinsiún, ceanglaítear ar na páirtithe go léir rochtain a éascú maidir le hacmhainní géiniteacha a bhfuil cearta ceannasachta acu orthu. Cuireann sé ceangal ar na Páirtithe go léir freisin torthaí taighde agus forbartha a chomhroinnt mar aon leis na sochair a eascraíonn ón úsáid tráchtála agus úsáidí eile ar bhealach atá cothrom agus cothromasach leo siúd a chuireann na hacmhainní sin ar fáil.

Tugtar aghaidh chomh maith ar chearta na bpobal dúchasach agus ar chearta na bpobal áitiúil a bhfuil eolas traidisiúnta acu a bhaineann le hacmhainní géiniteacha, agus lena bhféadfaí teacht ar fhaisnéis treorach ar mhaithe le fionnachtana eolaíocha a dhéanamh ar airíonna géiniteacha nó bithcheimiceacha.

Faoi láthair, áfach, is beag sonraí a thugtar sa Choinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch i dtaobh conas ba cheart, i gcleachtas, rochtain agus comhroinnt‑sochar (RCS) a dhéanamh maidir le hacmhainní géiniteacha agus eolas traidisiúnta lena mbaineann a úsáid. Bíonn gníomhaithe ag tús an tslabhra breisluacha acmhainní géiniteacha san Aontas (bailiúcháin agus taighdeoirí acadúla den chuid is mó) i dteagmháil le dlíthe agus le húdaráis na dtíortha is soláthraithe go díreach. Cuireann na gníomhaithe tosaigh seo samplaí d'acmhainní géiniteacha agus na chéad torthaí taighde ar aghaidh chuig úsáideoirí eile a mbíonn taighde bunúsach nó taighde feidhmeach ar siúl acu. Bíonn gníomhaithe ag deireadh na n‑acmhainní géiniteacha i mbun gníomhaíochtaí forbartha, gníomhaíochtaí fada go minic, a mbíonn infheistíochtaí suntasacha de dhíth ina leith a bhfuil torthaí neamhchinnte orthu. Bíonn siad ag brath go mór mór ar ábhar agus ar fhaisnéis a chuirtear ar aghaidh chucu ó úsáideoirí níos luaithe sa slabhra, lena n‑áirítear ábhar agus faisnéis maidir le RCS. Gan rialacha soiléire nó le rialacha lena mbaineann ualach an‑mhór i bhformhór na dtíortha ar soláthraithe iad, tá tíortha ann atá ag cur 'bithphíoráideachta' i leith cuideachtaí agus taighdeoirí Eorpacha arís agus arís eile agus ag maíomh go bhfuiltear ag sárú a gcearta ceannasachta. Tá creat soiléir oibleagáidí do gach úsáideoir acmhainní géiniteacha ar fud an tslabhra bhreisluacha fíor‑riachtanach chun comhthéacs a chruthú lena bhféadfaí rochtain a éascú ar shamplaí d'acmhainní géiniteacha d'ardcaighdeán a bhfuil deimhneacht dhlíthiúil ard acu.

Conradh nua idirnáisiúnta is ea "Prótacal Nagoya maidir le Rochtain ar Acmhainní Géiniteacha agus Comhroinnt Chothrom agus Chothromasach na Sochar a eascraíonn óna nÚsáid a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch" ( “Prótacal Nagoya” anseo feasta) ar ghlac an 193 Páirtí sa Choinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch leis trí chomhthoil an 29 Deireadh Fómhair 2010. Leis an gConradh seo, lena mbaineann éifeachtaí atá ceangailteach ó thaobh dlí, déantar fairsingiú nach beag ar chreat rochtana agus comhroinnte sochar an Coinbhinsiúin maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch. Táthar ag súil go dtiocfaidh Prótacal Nagoya i bhfeidhm sa bhliain 2014. Nuair a thiocfaidh sé i bhfeidhm, cruthóidh Prótacal Nagoya go leor sochar don chaomhnú bithéagsúlachta sna Stáit a chuirfidh ar fáil na hacmhainní géiniteacha a bhfuil cearta ceannasachta acu orthu. Déanfaidh sé an méid seo a leanas, go háirithe:

– Cúinsí rochtana níos intuartha ar acmhainní géiniteacha a bhunú.

– Comhroinnt‑sochar idir úsáideoirí agus soláthraithe acmhainní géiniteacha a áirithiú.

– Áirithiú gur acmhainní géiniteacha a fuarthas go dleathach amháin a úsáidtear.

Tá dhá phríomhcholún sa Phrótacal: bearta maidir le rochtain, agus bearta maidir le comhlíontacht úsáideoirí.

Fágann an colún rochtana faoi rogha na bPáirtithe é cibé acu an mian leo rochtain a rialáil, agus ceangal a leagan síos maidir le toiliú feasach roimh ré agus comhroinnt sochar i leith úsáid a bhaint as a gcuid acmhainní géiniteacha nó gan é sin a dhéanamh. Má roghnaíonn Páirtí é sin a dhéanamh, áfach, sa chás sin ní mór dó na "caighdeáin idirnáisiúnta maidir le rochtain" atá leagtha amach sa chonradh, caighdeáin atá mionsonraithe go maith, a chur chun feidhme trí reachtaíocht cheangailteach. Déantar soiléiriú sa Phrótacal freisin nach mór do Stáit dul i dteagmháil lena bpobail dhúchasacha agus lena bpobail áitiúla i gcásanna ina ndéantar rochtain ar eolas traidisiúnta nó ar acmhainní géiniteacha atá ag na pobail sin a lorg. I measc príomhphrionsabail an Phrótacail maidir le rochtain, tá an méid seo a leanas: (i) ní mór d'údaráis an rialtais nó d'ionadaithe dúchasacha toiliú feasach roimh ré a thabhairt sula féidir rochtain a thabhairt, (ii) ní mór oibleagáidí sonracha maidir le comhroinnt sochar a leagan amach i gconarthaí faoin dlí príobháideach idir soláthraí agus úsáideoir, agus (iii) ní mór go mbeadh creataí rochtana soiléir trédhearcach, iad bunaithe ar rialacha neamhthreallacha, agus cinntí iontaofa tráthúla mar thoradh leo, agus é sin ar fad a dhéanamh ar bhealach atá éifeachtach ó thaobh costais de.

Ceanglaíonn colún comhlíontachta úsáideoirí an Phrótacail ar gach Páirtí sa Phrótacal bearta a dhéanamh le foráil a dhéanamh nach ndéantar ach acmhainní géiniteacha agus eolas traidisiúnta a bhaineann leo a fuarthas go dleathach a úsáid laistigh dá ndlínse. Is gá do na páirtithe faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht úsáideoirí laistigh dá ndlínse agus seicphointe amháin nó níos mó a ainmniú chuige seo. Is gá dóibh bearta iomchuí éifeachtacha comhréireacha a dhéanamh i gcásanna nach bhfuil úsáideoirí laistigh dá ndlínse ag comhlíonadh a gcuid oibleagáidí a bhaineann le rochtain agus comhroinnt sochar. Is gá do pháirtithe a áirithiú freisin gur féidir díospóidí a eascraíonn as conarthaí sonracha maidir le comhroinnt sochar a thabhairt chun cúirte. Tá rogha sách leathan ag Páirtithe sna forálacha maidir le comhlíontacht úsáideoirí sa Phrótacal Nagoya, áfach, maidir le cineál agus meascán na mbeart cur chun feidhme a roghnófar, nach amhlaidh i gcás rochtana.

Beidh ar Pháirtithe sa Phrótacal roghanna breise maidir le cur i bhfeidhm na mbeart cur chun feidhme ó thaobh ama de, maidir le sain‑ionstraimí rochtana agus comhroinnte sochar atá ann cheana féin a urramú[3] agus léirbhreithniú ar leith a dhéanamh maidir le taighde neamhthráchtála, maidir le hacmhainní géiniteacha ina bhfuil tréithe pataigineacha a mhalartú, agus maidir le hacmhainní géiniteacha le haghaidh bia agus talmhaíochta. Beidh orthu freisin dul díriú ar na caidrimh leo siúd nach bhfuil ina bPáirtithe sa Phrótacal. Ina theannta sin, is gá do gach Páirtí sa Phrótacal Pointe Comhtheagmhála Náisiúnta maidir le rochtain agus comhroinnt sochar a bhunú le hidirchaidreamh a dhéanamh leis an Rúnaíocht idirnáisiúnta agus le freagairt d’iarrataí ar fhaisnéis ó gheallsealbhóirí. Is gá do Pháirtithe Údarás Inniúil Náisiúnta amháin nó níos mó a ainmniú a bheidh freagrach as rochtain a dheonú agus as comhairle a thabhairt maidir le nósanna imeachta is infheidhme maidir le toiliú feasach roimh ré a éileamh agus maidir le dul i mbun téarmaí a comhaontaítear go frithpháirteach. Féadfaidh Páirtithe eintiteas amháin a ainmniú chun feidhmeanna an phointe chomhtheagmhála agus an údaráis inniúil náisiúnta araon a chomhlíonadh.

Tá Prótacal Nagoya sínithe ag an Aontas agus ag formhór a chuid Ballstát[4] agus dá bhrí sin tá siad tiomanta obair a dhéanamh chun é a chur chun feidhme agus a dhaingniú. Cruthófar deiseanna sa taighde bunaithe ar an nádúr le cur chun feidhme agus daingniú an Aontais ar an bPrótacal, agus rannchuideoidh sé le geilleagar bithbhunaithe a fhorbairt[5].

· Forálacha atá ann cheana i réimse an togra

Ní thugtar aghaidh ar chur chun feidhme an cholúin rochtana ná an cholúin comhlíontachta úsáideora den Phrótacal faoi láthair i ndlí an Aontais.

· Comhsheasmhacht le beartais agus cuspóirí eile an Aontais

Tá an AE agus a chuid Ballstáit tiomanta go polaitiúil a bheith ina Páirtithe sa Phrótacal le rochtain thaighdeoirí agus chuideachtaí an AE ar shamplaí d'ardchaighdeán d'acmhainní géiniteacha, bunaithe ar chinntí iontaofa rochtana le costais ísle ar na hidirbhearta, a dhaingniú.[6]

Tá an togra i gcomhréir freisin le síniú an Phrótacail ag an AE agus i gcomhréir freisin le sprioc 16 i bPlean Straitéiseach an Choinbhinsiúin maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch ina bhforáiltear go mbeidh Prótacal Nagoya i bhfeidhm faoi 2015, i gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta.

2.           TORTHAÍ NA gCOMHAIRLIÚCHÁN LE PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNÚ TIONCHAIR

Is toradh é an tionscnamh seo ar chomhairliúcháin fhorleathana leis an bpobal i gcoitinne agus le geallsealbhóirí ábhartha. Ina theannta sin, rinne an Coimisiún measúnú iarmharta ar na roghanna beartais a bhí á moladh, agus foilsíodh tuarascáil dá bharr.

· Comhairliúchán poiblí

D'eagraigh an Coimisiún comhairliúchán poiblí ar an idirlíon ón 24 Deireadh Fómhair go dtí an 30 Nollaig 2011 chun aiseolas a fháil ar liosta ceisteanna a dhírigh ar na príomhghnéithe de chur chun feidhme Phrótacal Nagoya. Fuarthas ceathracha is a trí freagra, rud atá ionadaíoch ar raon freagróirí i bhfad níos leithne, i ngeall is gur tháinig formhór na bhfreagraí sin ó chomhlachais Eorpacha nó idirnáisiúnta a bhfuil na céadta nó na mílte comhaltaí acu. Cumhdaíonn na freagróirí an chuid is mó de na hearnálacha a d'fhéadfadh sé go ndéanfadh bearta cur chun feidhme faoi Phrótacal Nagoya tionchar a imirt orthu. Foilsíodh liosta na gceisteanna chomh maith le torthaí ón gcomhairliúchán poiblí ar an idirlíon ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh ag an nasc seo a leanas:    http://ec.europa.eu/environment/consultations/abs_en.htm.

· Comhairliúcháin ad hoc

D'eagraigh AS an Chomhshaoil cruinniú teicniúil an 26 Eanáir 2012 inar raibh baint ag gach freagróir do an gcomhairliúchán poiblí, ionadaithe na ngeallsealbhóirí a bhí bunaithe sa Bhruiséil agus saineolaithe a d'ainmnigh na Ballstáit. Ag an gcruinniú, chuir an Coimisiún a achoimre ar an gcomhairliúchán poiblí i láthair, agus chuir comhaltaí den fhoireann comhairliúcháin torthaí sealadacha a gcuid oibre i láthair. Thapaigh na rannpháirtithe an deis chun dúshlán a thabhairt don fhoireann comhairliúcháin roinnt dá gcuid torthaí a chruthú.

D'eagraigh oifigigh ó AS an Chomhshaoil go leor cruinnithe le hionadaithe ó ghairdíní luibheolaíocha, bailiúcháin saothrán, cónaidhmeanna tionscail nó cuideachtaí aonair agus ghlac siad páirt i comhdhálacha saineolaithe éagsúla maidir le Prótacal Nagoya. Rinne an fhoireann comhairliúcháin agallaimh leath‑struchtúrtha le hionadaithe na ngeallsealbhóirí agus na gcuideachtaí.

· Comhairliúchán le tríú tíortha

In 2011, d'iarr AS an Chomhshaoil ar roinnt toscaireachtaí an AE i dtríú tíortha faisnéis a lorg ó mhórthíortha comhpháirtíochta maidir le staid na hoibre agus maidir lena gcuid smaointe nithiúla le Prótacal Nagoya a chur chun feidhme. Comhlánaíodh an t aiseolas a fuarthas trí phléití déthaobhacha níos mionsonraithe leis an Astráil, leis an mBrasaíl, leis an Ind, leis an tSeapáin, le Meicsiceo agus leis an Eilbhéis.

· Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair

I gcomhréir lena bheartas "Rialála Níos Fearr", rinne an Coimisiún measúnú ar na tionchair eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil a bheadh ag roghanna beartais difriúla chun Prótacal Nagoya a chur i bhfeidhm. Is féidir teacht ar an tuarascáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh (Ard‑Stiúrthóireacht an Chomhshaoil). Tá gnólacht sainchomhairliúcháin fostaithe ar chonradh ag an gCoimisiún freisin le staidéar a dhéanamh, a áireofar ina thuarascáil nuair a bheidh sé déanta. Tá an staidéar sin ar fáil ar an suíomh gréasáin céanna.

Rinneadh raon leathan roghanna a mheas i measúnú tionchair an Choimisiúin chun Prótacal Nagoya a chur chun feidhme. Rinneadh anailís dhomhain ar dhá rogha a bhain le bearta rochtana agus ar cheithre rogha a bhain le bearta comhlíontachta úsáideoirí. Rinneadh anailís ar gach rogha i gcomórtas le bonnlíne gnó mar is gnách gan bearta cur chun feidhme ar leibhéal an AE ná ar leibhéal na mBallstát. Rinneadh anailís ann freisin ar bhearta a chur i bhfeidhm go sealadach ar leibhéal an AE chomh maith le raon de bhearta comhlántacha.

San anailís, aithníodh bunú ardáin an AE le plé a dhéanamh ar rochtain ar acmhainní géiniteacha agus le dea‑chleachtais a chomhroinnt mar an rogha is inmhianaithe maidir le rochtain, agus is í an rogha is inmhianaithe maidir le comhlíontacht úsáideoirí oibleagáid i ndáil le dícheall cuí ar úsáideoirí an AE le córas comhlántach chun bailiúcháin a aithint mar "fhoinsí iontaofa" acmhainní géiniteacha. Ní bheadh feidhm ag an oibleagáid seo maidir le dícheall cuí ach ar acmhainní géiniteacha agus ar eolas traidisiúnta a ghabhann leo a gheofaí tar éis theacht i bhfeidhm Phrótacal Nagoya don AE. Ar mhaithe le costais a ísliú agus éifeachtacht a fheabhsú, ba cheart na bearta a chomhlánú le gníomhaíochtaí feasachta agus oiliúna, obair ar chlásail de chineál conarthach, obair ar uirlisí teicniúla chun faireachán agus rianú a dhéanamh ar shreabhadh acmhainní géiniteacha, agus nuair is iomchuí le comhar déthaobhach le tíortha nó le réigiúin eile.

D'áiritheodh an oibleagáid maidir le dícheall cuí go mbeadh an fhaisnéis íosta a bhaineann le rochtain agus comhroinnt sochar ar fáil ar fud slabhra breisluacha na n‑acmhainní géiniteacha san Aontas. Cuirfidh sé seo ar chumas gach úsáideora fios a bheith aige maidir le cearta agus oibleagáidí lena mbaineann agus iad a urramú. Ag an am céanna, ní dhéanann an cur chuige maidir le dícheall cuí na cineálacha céanna beart a fhorordú do gach úsáideoir, ach fágann sé solúbthacht áirithe ag úsáideoirí na bearta is fearr a thógáil dá chás féin, agus chun dea‑chleachtais earnálacha a fhorbairt freisin. Dhéanfadh córas na bhfoinsí iontaofa an baol go n‑úsáidfear acmhainní géiniteacha a fuarthas go neamhdhleathach san Aontas a laghdú go substaintiúil. Bheadh leas ar leith ag baint le samplaí a fháil ó fhoinsí iontaofa i gcás taighdeoirí acadúla chomh maith le fiontair bheaga agus mheánmhéide.

3.           EILIMINTÍ DLÍTHIÚLA AN TOGRA

· Achoimre ar an ngníomhaíocht atá beartaithe

Sa togra, leagtar amach oibleagáidí le haghaidh úsáideoirí acmhainní géiniteacha agus eolais thraidisiúnta a bhaineann le hacmhainní ginearálta san Aontas. Leagfadh sé ar gach úsáideoir dícheall cuí a dhéanamh le fionnadh go bhfuarthas rochtain ar acmhainní géiniteacha agus eolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha a úsáideadh i gcomhréir le ceanglais dhlíthiúla is infheidhme agus, más iomchuí, go ndéantar sochair a chomhroinnt go cothrom cothromasach faoi théarmaí a chomhaontaítear go frithpháirteach. Chuige sin, bheadh ar gach úsáideoir faisnéis atá ábhartha maidir le rochtain agus comhroinnt sochar a lorg, a choinneáil agus a aistriú chuig úsáideoirí ina dhiaidh sin. Leagtar amach gnéithe íosta na mbeart maidir le dícheall cuí sa togra.

Le comhlíonadh, d'fhéadfadh úsáideoirí cur le cóid chleachtais atá ann cheana maidir le rochtain agus comhroinnt sochar, cóid a forbraíodh don earnáil acadúil nó do thionscail dhifriúla. Féadfaidh comhlachais úsáideoirí iarraidh ar an gCoimisiún teaglaim ar leith nósanna imeachta, uirlisí nó sásraí a ndéanann comhlachais maoirseacht orthu a aithint mar dea‑chleachtas. Bheadh oibleagáid ar údaráis inniúla na mBallstát a mheas go laghdaítear baol neamh‑chomhlíontachta úsáideora má chuireann an t‑úsáideoir sin dea‑chleachtas aitheanta chun feidhme agus go mbeadh údar le laghdú ar sheiceálacha comhlíontachta dá bharr.

Foráiltear do chóras de bhailiúcháin iontaofa an Aontais sa togra seo freisin a laghdódh go substaintiúil an baol go n‑úsáidfear acmhainní géiniteacha a fuarthas go neamhdhleathach san Aontas. Gheallfadh bailiúcháin ar mian leo a bheith san áireamh ar chlár bhailiúcháin iontaofa an Aontais gan ach samplaí lándoiciméadaithe acmhainní géiniteacha a sholáthar do thríú páirtithe lena n‑úsáid. Beidh ar údaráis inniúla na mBallstát a fhíorú an gcomhlíonann bailiúchán na ceanglais lena aithint mar bhailiúchán iontaofa an Aontais. Mheasfaí go ndearnadh úsáideoirí a fhaigheann acmhainn ghéiniteach ó bhailiúchán atá ar áireamh i gclár an Aontais dícheall cuí a fheidhmiú i ndáil le gach faisnéis riachtanach a lorg. Beidh tairbhe ar leith ag baint le córas de bhailiúcháin iontaofa an Aontais i gcás taighdeoirí acadúla chomh maith le fiontair bheaga agus mheánmhéide.

Bheadh oibleagáidí ar úsáideoirí a fhógairt ag pointí aitheanta gur chomhlíon siad a n‑oibleagáid maidir le dícheall cuí. Ba cheart d'údaráis inniúla na mBallstát a sheiceáil an bhfuil úsáideoirí ag comhlíonadh a n‑oibleagáidí faoin Rialachán seo le cur chuige riosca‑bhunaithe. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú freisin go bpionósófar aon sárú a dhéanfaidh úsáideoirí ar an Rialachán seo le pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha.

Ar deireadh, foráiltear ardán Aontais a chruthú maidir le rochtain freisin sa Rialachán atá beartaithe.

· Bunús dlí

Tá an togra bunaithe ar inniúlacht an Aontais maidir le beartas comhshaoil de bhun Airteagal 192(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh mar go bhfuil sé mar aidhm leis Prótacal Nagoya a chur chun feidhme, comhaontú comhshaoil domhanda i bhfabhar éagsúlacht bhitheolaíocht a chaomhnú agus a úsáid ar bhonn inbhuanaithe ar fud an domhain.

· Rogha ionstraime

Is rialachán í an ionstraim atá beartaithe mar tá gá le rialachán le gur féidir an comhchuibhiú is fearr a bhaint amach agus le nach mbeidh caighdeáin éagsúla ann sna Ballstáit seachas a chéile.

· Prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta

Chuirfí colún comhlántachta úsáideoirí de Phrótacal Nagoya chun feidhme go cuimsitheach faoin togra. Bheadh sé de rogha ag Ballstáit cibé acu toiliú feasach a chur in iúl roimh ré a lorg nó gan é a lorg mar aon leis an gcomhroinnt sochar i leith acmhainní géiniteacha a bhaineann leo. Ní bheadh a gcinntí maidir leis seo ina réamhchoinníoll ar dhaingniú ón Aontas ar Phrótacal Nagoya.

Níl reachtaíocht curtha le chéile ach ag dhá Bhallstát den Aontas go dtí seo maidir le rochtain ar na hacmhainní géiniteacha a bhfuil cearta ceannasachta acu orthu, cé go bhfuil cinneadh déanta ag Ballstáit eile saor‑rochtain a dheonú ar a gcuid acmhainní géiniteacha. Faoi láthair níl bearta rochtana comhchuibhithe an AE de dhíth. I gcás ina gceanglóidh Ballstát go mbeidh toiliú feasach roimh ré agus comhroinnt sochar de dhíth, bheadh air na forálacha de Phrótacal Nagoya a bhaineann le rochtain a chur chun feidhme. Is cur chuige neamhcheangailteach a bheadh in ardán beartaithe an Aontais maidir le rochtain chun coinníollacha rochtana a athchóiriú chun éifeachta sna Ballstáit bunaithe ar chomhordú oscailte.

Meastar údar a bheith le hidirghabháil ar leibhéal an AE maidir le comhlíontacht úsáideoirí a bheadh ina cheangal de réir dlí toisc go seachnaítear leis na tionchair dhiúltacha ar an margadh inmheánach i dtaca le táirgí agus seirbhísí atá bunaithe ar an nádúr a tharlódh mar thoradh ar ilroinnt chórais maidir le comhlíontacht úsáideoirí sna Ballstáit agus meastar chomh maith gurb í is fearr ó thaobh feidhmíochta de i ndáil le comhthéacs cumasúcháin i dtaighde agus i bhforbairt acmhainní géiniteacha a chruthú le sochair chun éagsúlacht bhitheolaíocht a chaomhnú agus a úsáid ar bhonn inbhuanaithe ar fud an domhain.

Tá an oibleagáid atá beartaithe maidir le dícheall cuí ar úsáideoirí acmhainní géiniteacha agus eolais thraidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha comhréireach freisin toisc go mbeadh cóimheá ann leis, ar lámh amháin, idir an cuspóir maidir le híoslaghdú an bhaoil go n‑úsáidfí acmhainní géiniteacha a bhfaighfí go neamhdhleathach san Aontas agus an cuspóir maidir le tacú le comhroinnt chothrom chothromasach sochar a eascraíonn as úsáid acmhainní géiniteacha agus eolais thraidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha faoi théarmaí a chomhaontaítear go frithpháirteach, agus ar lámh eile, deimhneacht dhlíthiúil, costais ísle ar idirbhearta, agus an tsolúbthacht atá de dhlúth agus d'inneach sa choincheap maidir le dícheall cuí, chun na bearta cur chun feidhme a ghlacadh is oiriúnaí faoi dhálaí difriúla.

4.           IMPLEACHT BHUISÉADACH

Níl aon tionchar suntasach airgeadais ag an togra reatha ar bhuiséad an Chomhphobail.

5.           AN LIMISTÉAR EORPACH EACNAMAÍOCH (LEE)

Baineann an togra le hábhar LEE agus, dá bhrí sin, ba cheart go gcuimseodh sé an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.

2012/0278 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Rochtain ar Acmhainní Géiniteacha agus Comhroinnt Chothrom agus Chothromasach na Sochar a eascraíonn óna nÚsáid san Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[7],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[8],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)       Baineann raon leathan gníomhaithe san Aontas, lena n‑áirítear taighdeoirí acadúla agus cuideachtaí ó earnálacha difriúla tionscail, úsáid as acmhainní géiniteacha chun críoch taighde, forbartha agus tráchtálaíochta; baineann cuid acu úsáid as eolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha freisin.

(2)       Is ionann acmhainní géiniteacha agus linn na ngéinte sna stoic nádúrtha agus shaothraithe araon agus bíonn ról suntasach acu, agus ról atá ag méadú, i go leor earnálacha eacnamaíocha lena n‑áirítear táirgeadh bia, foraoiseacht, forbairt cógas leighis nó forbairt foinsí bithbhunaithe fuinnimh in‑athnuaite.

(3)       D'fhéadfaí teacht ar fhaisnéis treorach chun fionnachtain eolaíoch a dhéanamh ar airíonna suimiúla géiniteacha nó bithcheimiceacha de chuid acmhainní géiniteacha ó eolas traidisiúnta atá ag pobail dhúchasacha nó ag pobail áitiúla.

(4)       Is é an Coinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch (an Coinbhinsiún) an phríomhionstraim idirnáisiúnta lena rialaítear rochtain ar agus úsáid acmhainní géiniteacha. Rinneadh an Coinbhinsiún a fhormheas thar ceann an Aontais leis an gCinneadh 93/626/CEE ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 1993[9].

(5)       Aithnítear sa Choinbhinsiún go bhfuil cearta ceannasachta ag stáit ar acmhainní nádúrtha atá ar fáil laistigh dá ndlínse agus údarás acu rochtain ar a gcuid acmhainní géiniteacha a chinneadh. Faoin gCoinbhinsiún, leagtar oibleagáid ar na Páirtithe go léir rochtain a éascú maidir le hacmhainní géiniteacha a bhfuil cearta ceannasachta acu orthu. Cuireann sé ceangal éigeantacha ar na Páirtithe go léir freisin bearta a ghlacadh chun torthaí taighde agus forbartha a chomhroinnt mar aon leis na sochair a eascraíonn ón úsáid tráchtála agus úsáidí eile ar bhealach atá cothrom cothromasach leo siúd a chuireann na hacmhainní sin ar fáil. Déanfar an chomhroinnt sin ar théarmaí a chomhaontaítear go frithpháirteach. Tugtar aghaidh sa Choinbhinsiún ar rochtain agus comhroinnt sochar maidir le heolas, nuálaíochtaí agus cleachtais na bpobal dúchasacha agus na bpobal áitiúla atá ábhartha maidir le héagsúlacht bhitheolaíocht a chaomhnú agus a úsáid ar bhonn inbhuanaithe.

(6)       Is conradh idirnáisiúnta é Prótacal Nagoya maidir le Rochtain ar Acmhainní Géiniteacha agus Comhroinnt Chothrom agus Chothromasach na Sochar a eascraíonn óna nÚsáid (Prótacal Nagoya) a ghlac na Páirtithe sa Choinbhinsiún an 29 Deireadh Fómhair 2010[10]. Le Prótacal Nagoya fairsingítear go suntasach rialacha ginearálta an Choinbhinsiúin maidir le rochtain agus comhroinnt sochar chun acmhainní géiniteacha agus an t‑eolas tradisiúnta a bhaineann leo a úsáid.

(7)       Rinneadh Prótacal Nagoya a fhormheas thar ceann an Aontais leis an gCinneadh ón gComhairle xxxx/xx/AE an [dáta] maidir le cur i gcrích Phrótacal Nagoya maidir le Rochtain ar Acmhainní Géiniteacha agus Comhroinnt Chothrom agus Chothromasach na Sochar a eascraíonn óna nÚsáid a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch[11].

(8)       Tá sé tábhachtach creat soiléir fónta a leagan amach chun Prótacal Nagoya a chur chun feidhme agus ba cheart dó na deiseanna atá ar fáil i ndáil le taighde agus gníomhaíochtaí forbartha bunaithe ar an nádúr san Aontas a fheabhsú. Tá sé fíor‑riachtanach cosc a chur ar úsáid acmhainní géiniteacha nó eolais thraidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha a fuarthas go neamhdhleathach san Aontas agus tacú le cur chun feidhme éifeachtach na ngealltanas maidir le comhroinnt sochar atá leagtha amach i dtéarmaí a chomhaontaítear go frithpháirteach idir soláthraithe agus úsáideoirí.

(9)       Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, tá sé tábhachtach gur cheart nach mbeidh feidhm leis na rialacha lena gcuirtear Prótacal Nagoya chun feidhme ach maidir le hacmhainní géiniteacha agus eolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha a bhfaighfear rochtain orthu tar éis theacht i bhfeidhm Phrótacal Nagoya san Aontas.

(10)     Leis an gCinneadh 2004/869/CE ón gComhairle an 24 Feabhra 2004 maidir leis an gConradh Idirnáisiúnta maidir le hAcmhainní Géiniteacha Plandaí do Bhia agus don Talmhaíocht[12], rinneadh an Conradh sin a fhormheas thar ceann an Aontais. Is sainionstraim idirnáisiúnta maidir le rochtain agus comhroinnt sochar atá sa Chonradh sin agus níor cheart go ndéanfadh na rialacha lena gcuirtear Prótacal Nagoya chun feidhme difear dó.

(11)     Tá sé tábhachtach a shainiú, i gcomhréir le Prótacal Nagoya, gurb é atá i gceist le húsáid acmhainní géiniteacha taighde agus forbairt ar chomhshuíomh géiniteach nó bithcheimiceach samplaí d'ábhar géiniteach, lena n‑áirítear taighde agus forbairt ar chomhdhúileanna leithlisithe a eastóscadh ó ábhar géiniteach a bhfuarthas rochtain air i bPáirtí sa Phrótacal Nagoya.

(12)     Is tráthúil Cinneadh II/11 mír 2 sa Choinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch – mar a dearbhaíodh sa Chinneadh X/1, mír 5 sa Choinbhinsiún sin – a mheabhrú, cinneadh a athdhearbhaigh go bhfágtar acmhainní géiniteacha daonna amach as creat an Choinbhinsiúin.

(13)     Faoin láthair, níl aon shainmhíniú a chomhaontaítear go hidirnáisiúnta ar "eolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha" ná ar eolas den sórt sin a bheith "i seilbh" pobail dhúchasaigh nó áitiúil. Tá caibidlíocht idir lámha maidir le sainmhínithe idirnáisiúnta ar na téarmaí agus coincheapa sin sa Choiste Idir‑rialtasach den Eagraíocht Dhomhanda um Maoin Intleachtúil. Dá bhrí sin, ar mhaithe le solúbthacht agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú do sholáthraithe agus d'úsáideoirí, ba cheart tagairt a dhéanamh d'eolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha sa Rialachán seo ar an gcaoi a dtugtar tuairisc air sna comhaontuithe maidir le comhroinnt sochar.

(14)     D’fhonn cur chun feidhme éifeachtach ar Phrótacal Nagoya a áirithiú, ba cheart do gach úsáideoir acmhainní géiniteacha agus eolais thraidisiúnta a bhaineann le hacmhainní den sórt sin dícheall cuí a fheidhmiú le fionnadh go bhfuarthas rochtain ar acmhainní géiniteacha agus eolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha a úsáideadh, i gcomhréir le ceanglais dhlíthiúla is infheidhme agus le háirithiú go ndéantar sochair a chomhroinnt, más ábhartha. I ngeall ar éagsúlacht na n‑úsáideoirí laistigh den Aontas, áfach, ní cuí oibleagáid a leagan ar gach úsáideoir na bearta céanna a dhéanamh chun dícheall cuí a fheidhmiú. Dá bhrí sin, níor cheart ach gnéithe íosta na mbeart maidir le dícheall cuí a leagan amach. Ba cheart tacú leis na roghanna sonracha a dhéanfaidh úsáideoirí maidir leis na huirlisí agus bearta a chuirfear i bhfeidhm chun dícheall cuí a fheidhmiú trí aitheantas a thabhairt do dhea‑chleachtais chomh maith le bearta comhlántacha chun tacaíocht a thabhairt do chóid iompair earnála, do chlásail de chineál conarthach eiseamláireacha agus do threoirlínte d’fhonn deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú agus costais a laghdú. Ba cheart an oibleagáid ar úsáideoirí faisnéis atá ábhartha maidir le rochtain agus comhroinnt sochar a bheith teoranta ó thaobh ama de, i gcomhréir leis an tréimhse ama a bheadh i gceist do nuáil faoi dheireadh.

(15)     Ba cheart feidhm a bheith leis an oibleagáid maidir le dícheall cuí i leith gach úsáideora beag beann ar chomh mór agus atá siad, lena n‑áirítear micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide. Bhainfí an bonn go hiomlán ón gcóras dá bhfágfaí na gníomhaithe seo amach. Bheadh sé ag teacht salach ar oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais faoi Phrótacal Nagoya chomh maith. Ba cheart raon beart agus uirlisí a chur ar fáil faoin Rialachán áfach, le go mbeidh ar chumas micrifhiontar agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a gcuid oibleagáidí a chomhlíonadh ar chostas íseal agus le deimhneacht ard dhlíthiúil.

(16)     Ba cheart ról tábhachtach a bheith ag dea‑chleachtais arna bhforbairt ag úsáideoirí maidir le bearta díchill chuí a aithint atá thar a bheith oiriúnach chun comhlíontacht a bhaint amach le córas cur chun feidhme Phrótacal Nagoya le deimhneacht ard dlíthiúil agus ar chostas íseal. Ba cheart a chur ar chumas úsáideoirí cur le cóid chleachtais atá ann cheana maidir le rochtain agus comhroinnt sochar, cóid a forbraíodh don earnáil acadúil nó do thionscail dhifriúla. Ba cheart do chomhlachais úsáideoirí a bheith ábalta iarraidh ar an gCoimisiún cinneadh an féidir teaglaim ar leith nósanna imeachta, uirlisí nó sásraí a ndéanann comhlachas maoirseacht orthu a aithint mar dea‑chleachtas. Ba cheart go measfadh údaráis inniúla na mBallstát go laghdaítear baol neamh‑chomhlíontachta úsáideora má chuireann an t‑úsáideoir sin dea‑chleachtas aitheanta chun feidhme agus go mbeadh údar le laghdú ar sheiceálacha comhlíontachta dá bharr. Ba cheart an rud céanna a bheith i gceist maidir le dea‑chleachtais a ghlacfaidh iomlán na bPáirtithe i bPrótacal Nagoya.

(17)     Ba cheart d’úsáideoirí a fhógairt, ag pointí aitheanta i slabhra na ngníomhaíochtaí arb ionann agus úsáid iad, go ndearna siad dícheall cuí a fheidhmiú. Is pointí oiriúnacha chun fógairt den sórt sin a dhéanamh iad nuair a fhaightear cistí poiblí, nuair a iarrtar formheas margaidh do tháirge a forbraíodh ar bhonn acmhainní géiniteacha nó tráth na tráchtálaíochta i gcásanna nach bhfuil formheas margaidh de dhíth. Go sonrach, ní bheadh an fhógairt a dhéanfaí tráth a iarrtar formheas margaidh ina chuid den nós imeachta formheasa ann féin agus bheadh sé le cur faoi bhráid na n‑údarás inniúil a bhunófar faoin Rialachán seo.

(18)     Den chuid is mó, is taighdeoirí na bailitheoirí in ollscoileanna a dhéanann acmhainní géiniteacha a bhailiú san fhianas chun críocha neamhthráchtála. I bhformhór mór na gcásanna agus i mbeagnach gach earnáil, faightear rochtain ar acmhainní géiniteacha a bailíodh le déanaí trí idirghabhálaithe, bailiúcháin nó gníomhairí a fhaigheann acmhainní géiniteacha i dtríú tíortha.

(19)     Is mórsholáthraithe acmhainní géiniteacha agus eolais thraidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha a úsáidtear san Aontas iad bailiúcháin. Ba cheart córas de chuid an Aontais de bhailiúcháin iontaofa a chur i bhfeidhm. D'áiritheofaí leis seo go gcuireann bailiúcháin atá san áireamh i gclár an Aontais de bhailiúcháin iontaofa bearta i bhfeidhm gan samplaí d'acmhainní géiniteacha a sholáthar le tríú páirtithe ach le doiciméadacht a chuireann fianaise ar fáil go bhfuarthas go dleathach iad agus gur bunaíodh téarmaí a chomhaontaíodh go frithpháirteach, más gá sin. Ba cheart go laghdódh córas an Aontais de bhailiúcháin iontaofa an baol go n‑úsáidfear acmhainní géiniteacha a fuarthas go neamhdhleathach san Aontas go substaintiúil. D'fhíoródh údaráis inniúla na mBallstát an gcomhlíonann bailiúchán na ceanglais lena aithint mar bhailiúchán iontaofa an Aontais. Ba cheart a mheas go ndearnadh úsáideoirí a fhaigheann acmhainn ghéiniteach ó bhailiúchán atá liostaithe i gclár an Aontais dícheall cuí a fheidhmiú i ndáil le gach faisnéis riachtanach a lorg. Ba cheart go mbeadh tairbhe ar leith ag baint leis seo do thaighdeoirí acadúla agus d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide chomh maith.

(20)     Ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát a sheiceáil cibé acu an bhfuil úsáideoirí ag comhlíonadh a n‑oibleagáidí nó nach bhfuil. Sa chomhthéacs sin, ba cheart d’údaráis inniúla glacadh le deimhnithe comhlíontachta atá aitheanta go hidirnáisiúnta mar fhianaise go bhfuarthas na hacmhainní géiniteacha atá cumhdaithe leis go dleathach agus gur bunaíodh téarmaí a chomhaontaíodh go frithpháirteach Ba cheart do na húdaráis inniúla taifid a choinneáil freisin ar na seiceálacha a rinneadh agus ba cheart an fhaisnéis ábhartha a chur ar fáil i gcomhréir le Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis ar an gcomhshaol[13].

(21)     Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bpionósófar aon sárú a dhéanfaidh úsáideoirí ar na rialacha atá ina gcóras chun Prótacal Nagoya a chur chun feidhme le pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha.

(22)     Ag cur san áireamh ghné idirnáisiúnta na n‑idirbheart maidir le rochtain agus comhroinnt sochar, ba cheart d'údaráis inniúla na mBallstát dul i mbun comhair lena chéile, leis an gCoimisiún agus le húdaráis triú tíortha chun a gcuid dualgas a chomhlíonadh laistigh den chóras chun Prótacal Nagoya a chur chun feidhme.

(23)     Ba cheart d’ardán an Aontais maidir le rochtain plé a a chumasú ar an méid seo a leanas agus rannchuidiú le hathchóiriú chun éifeachta orthu: coinníollacha rochtana sna Ballstáit, dearadh agus feidhmíocht na gcóras rochtana, rochtain shimplithe le haghaidh taighde neamhthráchtála, cleachtais rochtana na mbailiúchán san Aontas, rochtain gheallsealbhóirí an Aontais i dtríú tíortha agus malartú dea‑chleachtas.

(24)     Tógfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit bearta comhlántacha iomchuí chun éifeachtacht chur chun feidhme an Rialacháin seo a fheabhsú agus chun costais a laghdú, go háirithe i gcásanna ina mbeadh sé seo chun tairbhe taighdeoirí acadúla agus fiontar beag agus meánmhéide.

(25)     Ar mhaithe le gné dhúchasach idirnáisiúnta na ngníomhaíochtaí rochtana agus comhroinnte sochar a chur san áireamh, ba cheart don Choimisiún machnamh a dhéanamh freisin an bhféadfaí tacú le cur i bhfeidhm an chórais a cruthaíodh chun Prótacal Nagoya a chur chun feidhme trí chomhar le tríú tíortha nó réigiúin.

(26)     Ba cheart comhchoibhneas díreach a bheith idir an dáta a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm agus an dáta a thiocfaidh Prótacal Nagoya i bhfeidhm lena áirithiú go mbeidh coinníollacha comhionanna ann ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal domhanda sna gníomhaíochtaí a bhaineann le rochtain agus comhroinnt sochar na n‑acmhainní géiniteacha. Tiocfaidh Prótacal Nagoya i bhfeidhm ar an nóchadú lá tar éis do na Stáit nó na heagraíochtaí comhtháthaithe eacnamaíoch réigiúnda atá ina bPáirtithe sa Choinbhinsiún an caogadú ionstraim daingnithe, glactha, formheasa nó aontachais a thaisceadh.

(27)     Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann le sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún[14].

(28)     Is iad cuspóirí an Rialacháin seo an baol go n‑úsáidfear acmhainní géiniteacha agus eolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha a fuarthas go neamhdhleathach san Aontas, agus tacú le comhroinnt chothrom agus chothromasach na sochar a eascraíonn as úsáid acmhainní géiniteacha nó eolais thraidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha ar théarmaí a chomhaontaítear go frithpháirteach. Ní féidir leis na Ballstáit ina n‑aonar iad seo a bhaint amach agus dá bhrí sin is fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, de bharr a bhfairsinge agus chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú. Dá bhrí sin, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta mar atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun a chuspóirí a bhaint amach.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear rialacha leis an Rialachán seo a rialaíonn rochtain agus comhroinnt sochar le haghaidh acmhainní géiniteacha agus eolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha, i gcomhréir le forálacha Phrótacal Nagoya maidir le rochtain ar acmhainní géiniteacha agus comhroinnt chothrom agus chothromasach na sochar a eascraíonn óna n‑úsáid a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch (Prótacal Nagoya).

Airteagal 2

Raon feidhme

Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le hacmhainní géiniteacha ar a bhfeidhmíonn stáit cearta ceannasachta agus maidir le heolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha a bhfaighfear rochtain orthu tar éis theacht i bhfeidhm Phrótacal Nagoya don Aontas. Tá feidhm aige freisin maidir le sochair a eascraíonn as acmhainní géiniteacha den sórt sin a úsáid agus maidir le heolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha.

Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le hacmhainní géiniteacha lena ndéantar rochtain agus comhroinnt sochar a rialú ag sain‑ionstraim idirnáisiúnta ina bhfuil an tAontas ina Pháirtí.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) Ciallaíonn "Prótacal Nagoya" Prótacal Nagoya maidir le Rochtain ar Acmhainní Géiniteacha agus Comhroinnt Chothrom agus Chothromasach na Sochar a eascraíonn óna nÚsáid a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch;

(2) Ciallaíonn "ábhar géiniteach" aon ábhar de thionscnamh planda, ainmhí, miocróbach nó eile ina bhfuil aonaid fheidhmiúla oidhreachtúlachta;

(3) Ciallaíonn "acmhainní géiniteacha" ábhar géiniteach lena mbaineann luach iarbhír nó féideartha;

(4) Ciallaíonn "rochtain" acmhainní géiniteacha nó eolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha a fháil i bPáirtí do Phrótacal Nagoya i gcomhréir leis an reachtaíocht intíre is infheidhme maidir le rochtain agus comhroinnt sochar nó le ceanglais rialála an Pháirtí sin.

(5) Ciallaíonn "úsáideoir" duine nádúrtha nó dlítheanach a úsáideann acmhainní géiniteacha nó eolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha;

(6) Ciallaíonn "acmhainní géiniteacha a úsáid" taighde agus forbairt a dhéanamh ar chomhshuíomh géiniteach nó bithcheimiceach acmhainní géiniteacha;

(7) Ciallaíonn "téarmaí a chomhaontaítear go frithpháirteach" an socrú conarthach a chuirtear i gcrích idir soláthróir acmhainní géiniteacha nó eolais thraidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha agus úsáideoir na n‑acmhainní nó an eolais sin, ina leagtar amach na coinníollacha sonracha maidir leis na sochair a eascraíonn as úsáid den sórt sin a chomhroinnt go cothrom agus go cothromasach, agus ina bhféadfadh coinníollacha agus téarmaí breise a bheith ann maidir le hacmhainní nó eolas den sórt sin a úsáid;

(8) Ciallaíonn "eolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha" eolas traidisiúnta atá ag pobal dúchasach nó áitiúil atá ábhartha maidir le hacmhainní géiniteacha a úsáid agus a ndéantar cur síos air ar an gcaoi sin sna téarmaí a chomhaontaítear go frithpháirteach atá i bhfeidhm maidir le hacmhainní géiniteacha a úsáid;

(9) Ciallaíonn "bailiúchán" iomlán na samplaí a bailíodh d'acmhainní géiniteacha agus faisnéis a bhaineann leo le chéile atá carntha, stóráilte agus aitheanta go tacsanomaíoch, bíodh sin i seilbh eintiteas poiblí nó príobháideach;

(10) Ciallaíonn "comhlachas úsáideoirí" duine dlítheanach a dhéanann ionadaíocht ar leasanna úsáideoirí a bhfuil baint aige le dea‑chleachtais a fhorbairt agus maoirseacht a dhéanamh orthu faoi Airteagal 8 den Rialachán seo.

(11) Ciallaíonn "deimhniú comhlíontachta a aithnítear go hidirnáisiúnta" ceadúnas rochtana nó a chomhionann a eisíonn údarás inniúil náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 6(3)(e) de Phrótacal Nagoya, a chuirtear ar fáil don Teach Imréitigh Rochtana agus Comhroinnte Sochar;

(12) Ciallaíonn "Teach Imréitigh Rochtana agus Comhroinnte Sochar" an tairseach domhanda um chomhroinnt faisnéise a bunaíodh faoi Airteagal 14(1) de Phrótacal Nagoya.

Airteagal 4

Oibleagáidí ar úsáideoirí

1.           Déanfaidh gach úsáideoir dícheall cuí a fheidhmiú le fionnadh go bhfuarthas rochtain ar acmhainní géiniteacha agus eolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha a úsáideadh i gcomhréir leis an reachtaíocht rochtana agus comhroinnte sochar is infheidhme nó le ceanglais dhlíthiúla agus, más ábhartha, go ndéantar tairbhí a chomhroinnt go cothrom cothromasach faoi théarmaí a chomhaontaítear go frithpháirteach. Déanfaidh úsáideoirí faisnéis atá ábhartha maidir le rochtain agus comhroinnt sochar a lorg, a choinneáil agus a aistriú chuig úsáideoirí ina ndiaidh.

2.           Déanfaidh úsáideoirí an méid seo a leanas:

(a) faisnéis a lorg, a choinneáil agus a aistriú chuig úsáideoirí ina ndiaidh maidir le:

(1) dáta agus áit rochtana na n‑acmhainní géiniteacha agus an eolais thraidisiúnta a bhaineann le hacmhainní den sórt sin:

(2) tuairisc ar acmhainní géiniteacha nó eolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní den sórt sin a úsáideadh, lena n‑áirítear aitheantóirí uathúla atá ar fáil;

(3) an fhoinse óna bhfuarthas na hacmhainní nó an t‑eolas go díreach chomh maith le húsáideoirí acmhainní géiniteacha nó eolais thraidisiúnta a bhaineann le hacmhainní den sórt sin ina ndiaidh;

(4) cearta nó oibleagáidí a bhaineann le rochtain agus comhroinnt sochar a bheith ann nó gan a bheith ann;

(5) cinntí maidir le rochtain agus téarmaí a chomhaontaítear go frithpháirteach, más iomchuí;

(b) faisnéis nó fianaise bhreise a fháil má tá neamhchinnteachtaí fós ann faoi dhleathacht rochtana agus úsáide; agus,

(c) ceadúnas ceart rochtana a fháil, téarmaí a chomhaontaítear go frithpháirteach a bhunú, nó gan leanúint ar aghaidh leis an úsáid má tá an chosúlacht ar an scéal nach bhfuil rochtain i gcomhréir leis reachtaíocht is infheidhme maidir le rochtain agus comhroinnt sochar nó le ceanglais rialála.

3.           Coinneoidh úsáideoirí an fhaisnéis atá ábhartha maidir le rochtain agus comhroinnt sochar ar feadh fiche bliain tar éis deireadh na tréimhse úsáide.

4.           Measfar go ndearna úsáideoirí a gheobhaidh acmhainn ghéiniteach ó bhailiúchán atá liostaithe i gclár an Aontais de na bailiúcháin iontaofa dá dtagraítear in Airteagal 5(1) dícheall cuí a fheidhmiú i ndáil le faisnéis a lorg atá ábhartha maidir le rochtain agus comhroinnt sochar le haghaidh acmhainní géiniteacha agus eolais thraidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha.

Airteagal 5

Bailiúcháin iontaofa an Aontais

1.           Bunóidh agus coinneoidh an Coimisiún clár an Aontais de bhailiúcháin iontaofa. Beidh an clár sin ar fáil ar an idirlíon, beidh rochtain éasca ag úsáideoirí air, agus beidh na bailiúcháin d'acmhainní géiniteacha a aithnítear mar bhailiúcháin a chomhlíonann na critéir do bhailiúchán iontaofa an Aontais san áireamh ann.

2.           Arna iarraidh sin do bhailiúchán faoina ndlínse, déanfaidh gach Ballstát machnamh ar an mbailiúchán sin a chur san áireamh i gclár de bhailiúcháin iontaofa an Aontais. Tar éis a fhíorú go ndéanann an bailiúchán na critéir atá leagtha amach i mír 3 a chomhlíonadh, tabharfaidh an Ballstát fógra gan mhoill don Choimisiún faoi ainm, sonraí teagmhála agus cineál an bhailiúcháin sin. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis a fhaightear ar an gcaoi sin isteach i gclár an Aontais de na bailiúcháin iontaofa gan mhoill.

3.           Le go gcuirfear bailiúchán san áireamh i gclár an Aontais de bhailiúcháin iontaofa, is gá d'úinéir an bhailiúcháin a léiriú go bhfuil sé de chumas aige an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) nósanna imeachta caighdeánaithe a chur i bhfeidhm chun samplaí d'acmhainní géiniteacha agus faisnéis a bhaineann leo a mhalartú le bailiúcháin eile, agus chun samplaí d'acmhainní géiniteacha agus faisnéis a bhaineann leo a sholáthar do thriú páirtithe le go mbainfidh siad úsáid astu;

(b) gan samplaí d'acmhainní géiniteacha agus faisnéis a bhaineann leo a sholáthar do thriú páirtithe dá n‑úsáid ach le doiciméadacht ina dtugtar fianaise go bhfuarthas rochtain ar na hacmhainní agus ar an bhfaisnéis i gcomhréir leis na ceanglais dhlíthiúla is infheidhme agus, más ábhartha, le téarmaí a chomhaontaítear go frithpháirteach maidir le sochair a chomhroinnt go cothrom cothromasach.

(c) taifid a choinneáil de gach sampla d'acmhainní géiniteacha agus faisnéis a bhaineann leo a dhéantar a sholáthar do thriú páirtithe dá n‑úsáid;

(d) aitheantóirí uathúla a bhunú nó a úsáid le haghaidh samplaí d'acmhainní géiniteacha a dhéantar a sholáthar do thriú páirtithe;

(e) uirlisí oiriúnacha rianaithe agus faireacháin a úsáid chun samplaí d'acmhainní géiniteacha agus faisnéis a bhaineann leo a mhalartú le bailiúcháin eile.

4.           Fíoróidh Ballstáit go rialta go gcuireann gach bailiúchán faoina ndlínse atá san áireamh i gclár an Aontais de bhailiúcháin iontaofa na bearta atá leagtha amach i mír 3 i bhfeidhm go héifeachtach.

Cuirfidh Ballstáit an Coimisiún ar an eolas gan mhoill más rud é nach gcloíonn bailiúchán faoina ndlínse atá san áireamh i gclár an Aontais le mír 3 a thuilleadh.

5.           I gcás ina bhfuil fianaise nach gcuireann bailiúchán atá san áireamh i gclár an Aontais de na bailiúcháin iontaofa na bearta atá leagtha amach i mír 3 i bhfeidhm, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann gníomhaíochtaí leasúcháin a aithint gan mhoill ar bhonn idirphlé le húinéir an bhailiúcháin lena mbaineann.

Bainfidh an Coimisiún bailiúchán de chlár an Aontais de na bailiúcháin iontaofa má chinneann sé, go háirithe ar bhonn na faisnéise a chuirtear ar fáil de bhun mhír 4, go bhfuil deacrachtaí tábhachtacha nó leanúnacha ag bailiúchán atá san áireamh ar chlár an Aontais de na bailiúcháin iontaofa maidir le bheith i gcomhréir le mír 3.

6.           Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na nósanna imeachta lena gcuirfear mír 1 go mír 5 den Airteagal seo chun feidhme a bhunú. Déanfar na bearta cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 15(2).

Airteagal 6

Údaráis inniúla agus pointe comhtheagmhála

1.           Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil amháin nó níos mó ná údarás inniúil amháin a bheidh freagrach as an Rialachán seo a chur i bhfeidhm. Tabharfaidh Ballstáit fógra don Choimisiún le hainmneacha agus seoltaí a gcuid údarás inniúil ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Déanfaidh na Ballstáit aon athruithe ar ainmneacha nó ar sheoltaí na n‑údarás inniúil a chur in iúl don Choimisiún gan mhoill.

2.           Cuirfidh an Coimisiún liosta na n‑údarás inniúil ar fáil go poiblí, lena n‑áirítear ar an Idirlíon. Coimeádfaidh an Coimisiún an liosta seo cothrom le dáta.

3.           Ainmneoidh an Coimisiún pointe comhtheagmhála maidir le rochtain agus comhroinnt sochar a bheidh freagrach as faisnéis a sholáthar le hiarrthóirí atá ag lorg rochtana ar acmhainní géiniteacha agus eolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní den sórt sin san Aontas agus chun idirchaidreamh a dhéanamh Rúnaíocht an Choinbhinsiúin maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch.

Airteagal 7

Faireachán ar chomhliontacht úsáideoirí

1.           Iarrfaidh Ballstáit agus an Coimisiún ar gach duine atá ag fáil maoiniú poiblí do thaighde lena mbaineann úsáid acmhainní géiniteacha agus eolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha a fhógairt go bhfeidhmeoidh siad dícheall cuí i gcomhréir le hAirteagal 4.

2.           Tabharfaidh úsáideoirí fógra do na húdaráis inniúla a bhunófar faoi Airteagal 6(1) gur fheidhmigh siad dícheall cuí i gcomhréir le hAirteagal 4 an tráth a iarradh formheas margaidh le haghaidh táirge a forbraíodh bunaithe ar acmhainní géiniteacha nó eolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní den sórt sin, nó ag tráth na tráchtálaíochta i gcásanna nach bhfuil formheas margaidh de dhíth.

3.           Seolfaidh údaráis inniúla an fhaisnéis a fhaigheann siad ar bhonn mhír 1 agus mhír 2 chuig an gCoimisiún gach dá bhliain. Déanfaidh an Coimisiún achoimre ar an bhfaisnéis a gheofar agus cuirfidh sé ar fáil don Teach Imréitigh Rochtana agus Comhroinnte Sochar í.

4.           Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na nósanna imeachta lena gcuirfear mír 1, 2 agus 3 den Airteagal seo chun feidhme a bhunú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 15(2).

Airteagal 8

Dea‑chleachtais

1.           Féadfaidh aon chomhlachas úsáideoirí iarratas a chur faoi bhráid an Choimisiúin le go n‑aithneofar mar dea‑chleachtas teaglaim ar leith nósanna imeachta, uirlisí nó sásraí a d'fhorbair sé nó a ndearna sé maoirseacht orthu. Cuirfear fianaise agus faisnéis ar fáil le tacú leis an iarratas.

2.           I gcás ina ndéanann an Coimisiún cinneadh, bunaithe ar fhaisnéis agus ar fhianaise a chuir comhlachas úsáideoirí ar fáil dó, go gcuireann an teaglaim ar leith nósanna imeachta, uirlisí nó sásraí ar chumas úsáideora a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh mar atá leagtha amach in Airteagal 4 go hAirteagal 7, má chuireann an t‑úsáideoir an teaglaim chun feidhme go héifeachtach, tabharfaidh an Coimisiún aitheantas mar dhea‑chleachtas.

3.           Cuirfidh comhlachas úsáideoirí aon athrú nó tabhairt cothrom le dáta a dhéantar ar dhea‑chleachtas aitheanta lenar deonaíodh aitheantas i gcomhréir le mír 2 in iúl don Choimisiún.

4.           Má léiríonn fianaise ó údaráis inniúla na mBallstát nó ó fhoinsí eile go bhfuil cásanna ann ina ndéanann úsáideoirí a chuireann dea‑chleachtas chun feidhme mainneachtain a gcuid oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh arís agus arís eile, déanfaidh an Coimisiún imscrúdú ar bhonn idirphlé leis an gcomhlachas ábhartha úsáideoirí an dtugtar le fios leis na cásanna neamh‑chomhlíonadh arís agus arís eile go bhfuil easnaimh fhéideartha sa dea‑chleachtas.

5.           Déanfaidh an Coimisiún an t‑aitheantas do dhea‑chleachtas a tharraingt siar, i gcás inar chinn sé go gcuireann athruithe ar an dea‑chleachtas cumas úsáideora na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 4 go hAirteagal 7 i gcontúirt, nó i gcás ina mbaineann cásanna neamh‑chomhlíonadh arís agus arís eile ag úsáideoirí le heasnaimh sa chleachtas.

6.           Bunóidh an Coimisiún clár ar an Idirlíon de na dea‑chleachtais aitheanta agus coinneoidh sé cothrom le dáta é. Sa chlár sin, beidh liosta i gcuid amháin de na dea‑chleachtais arna n‑aithint ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo agus taispeánfar i gcuid eile dea‑chleachtais arna nglacadh ar bhonn Airteagal 20(2) de Phrótacal Nagoya.

7.           Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na nósanna imeachta lena gcuirfear mír 1 go mír 5 den Airteagal seo chun feidhme a bhunú. Déanfar na bearta cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 15(2).

Airteagal 9

Seiceálacha maidir le comhlíontacht úsáideoirí

1.           Déanfaidh na húdaráis inniúla seiceálacha chun a fhíorú an gcomhlíonann úsáideoirí na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 4 agus in Airteagal 7.

2.           Déanfar na seiceálacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chur i gcrích i gcomhréir le plean a ndéanfar athbhreithniú air go tráthrialta agus úsáidfear cur chuige riosca‑bhunaithe ina leith. Agus an cur chuige riosca‑bhunaithe á fhorbairt, measfaidh Ballstáit go laghdófar baol neamh‑chomhlíontachta úsáideora má chuireann an t‑úsáideoir sin dea‑chleachtas atá aitheanta faoi Airteagal 8(2) den Rialachán seo nó faoi Airteagal 20(2) den Phrótacal Nagoya chun feidhme.

3.           Féadfar seiceálacha a dhéanamh nuair atá faisnéis ábhartha ina sheilbh ag údarás inniúil, lena n‑áirítear faisnéis atá bunaithe ar ábhair imní ó thríú páirtithe maidir le neamh‑chomhliontacht úsáideora leis an Rialachán seo, ar ábhair imní iad a bhfuil bonn maith leo.

4.           Áireofar an méid seo a leanas ar a laghad i measc na seiceálacha dá dtagraítear i mír 1:

(a) scrúdú ar na bearta a thóg úsáideoir chun dícheall cuí a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 4;

(b) scrúdú ar dhoiciméadacht agus ar thaifid a léiríonn go ndearnadh dícheall cuí a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 4 maidir le gníomhaíochtaí sonracha úsáide;

(c) seiceálacha ar an láthair, lena n‑áirítear iniúchtaí allamuigh;

(d) scrúdú ar chásanna ina raibh oibleagáid ar úsáideoir fógairt a dhéanamh faoi Airteagal 7.

5.           Glacfaidh údaráis inniúla le deimhniú comhréireachta atá aitheanta go hidirnáisiúnta mar fhianaise go ndearnadh an acmhainn ghéiniteach atá cumhdaithe leis a rochtain i gcomhréir le toiliú feasach roimh ré agus gur bunaíodh téarmaí a chomhaontaítear go frithpháirteach, mar atá riachtanach sa reachtaíocht intíre maidir le rochtain agus comhroinnt sochar nó i gceanglais rialála an Pháirtí sa Phrótacal Nagoya atá ag tabhairt an toiliú feasach roimh ré.

6.           Tabharfaidh na húsáideoirí gach cúnamh is gá chun seoladh na seiceálacha dá dtagraítear i mír 1 a éascú, go háirithe a mhéid a bhaineann le rochtain ar áitreabh agus le tíolacadh doiciméad nó taifead.

7.           Gan dochar d'Airteagal 11, i gcás ina mbraitear easnaimh, tar éis na seiceálacha dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh, féadfaidh an t‑údarás inniúil fógra a eisiúint maidir leis na gníomhaíochtaí leasúcháin a ghlacfaidh an t‑úsáideoir.

Chomh maith leis sin, ag brath ar na cineálacha easnamh a braitheadh, féadfaidh Ballstáit bearta eatramhacha láithreacha a thógáil, lena n‑áirítear inter alia acmhainní géiniteacha a fuarthas neamhdhleathach a ghabháil agus gníomhaíochtaí úsáide sonraí a chur ar fionraí.

8.           Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na nósanna imeachta lena gcuirfear mír 1 go mír 7 den Airteagal seo chun feidhme a bhunú. Déanfar na bearta cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 15(2).

Airteagal 10

Taifead ar sheiceálacha

1.           Coinneoidh na húdaráis inniúla taifid ar na seiceálacha dá dtagraítear in Airteagal 9(1), agus léireofar, go háirithe, cineál agus torthaí na seiceálacha, mar aon le gníomhaíochtaí agus bearta leasúcháin a tógadh faoi Airteagal 9(7).

Déanfar taifid ar gach seiceáil a choinneáil ar feadh cúig bliana ar a laghad.

2.           Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ar fáil i gcomhréir le Treoir 2003/4/CE.

Airteagal 11

Pionóis

1.           Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha Airteagal 4 agus Airteagal 7 den Rialachán seo agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad.

2.           Ní mór na pionóis dá bhforálfar a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. D'fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith san áireamh sna pionóis sin:

(a) fíneálacha;

(b) gníomhaíochtaí úsáide sonraí a chur ar fionraí láithreach;

(c) acmhainní géiniteacha a fuarthas go neamhdhleathach a choigistiú.

3.           Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis na rialacha dá dtagraítear i mír 1 faoin [dáta] ar a dhéanaí agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill maidir le haon leasú ina dhiaidh sin a mbeidh tionchar aige orthu.

Airteagal 12

Comhar

1.           Rachaidh na húdaráis inniúla i gcomhar lena chéile, le húdaráis riaracháin tríú tíortha agus leis an gCoimisiún chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh úsáideoirí an Rialachán seo.

2.           Déanfaidh na húdaráis inniúla faisnéis faoi easnaimh thromchúiseacha a bhraitear trí na seiceálacha dá dtagraítear in Airteagal 9(1) agus faisnéis faoi na cineálacha pionós arna bhforchur i gcomhréir le hAirteagal 11 a mhalartú le húdaráis inniúla na mBallstát eile agus leis an gCoimisiún.

Airteagal 13

Ardán an Aontais maidir le rochtain

1.           Bunaítear leis seo ardán an Aontais maidir le rochtain ar acmhainní géiniteacha agus eolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha.

2.           Rannchuideoidh ardán an Aontais le hathchóiriú chun éifeachta na gcoinníollacha rochtana ar leibhéal na Aontais trí phlé a dhéanamh ar shaincheisteanna gaolmhara, lena n‑áirítear dearadh agus feidhmíocht na gcóras rochtana a bunaítear sna Ballstáit, rochtain shimplithe le haghaidh taighde neamhthráchtála, cleachtais rochtana na mbailiúchán san Aontas, rochtain gheallsealbhóirí an Aontais i dtríú tíortha agus malartú na ndea‑chleachtas.

3.           Féadfaidh ardán an Aontais comhairle neamhcheangailteach, treorú nó tuairimí a sholáthar faoi shaincheisteanna a thagann faoina shainordú.

4.           Féadfaidh gach Ballstát agus an Coimisiún gnáthchomhalta amháin a ainmniú d'ardán an Aontais. Féadfar cuireadh a thabhairt do gheallsealbhóirí agus do shaineolaithe eile ar ábhair a thugtar aghaidh orthu faoin Rialachán seo de réir mar is iomchuí.

5.           Tógfaidh ardán an Aontais cinntí trí chomhthoil dá ghnáthchomhaltaí atá rannpháirteach i gcruinniú. Féadfar cinntí maidir le nósanna imeachta a thógáil le tromlach dhá trian de na gnáthchomhaltaí atá rannpháirteach i gcruinniú. Glacfar rialacha mionsonraithe maidir le nósanna imeachta ardán an Aontais ag an gcéad chruinniú den ardán trí chomhthoil. Déanfaidh an Coimisiún cruinnithe an ardáin a ullmhú, a chomóradh agus beidh sé ina chathaoirleach orthu.

Airteagal 14

Bearta comhlántacha

Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit an méid seo a leanas, de réir mar is cuí:

(a) tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí faisnéise, ardaithe feasachta agus oiliúna le cabhrú le geallsealbhóirí a gcuid oibleagáidí faoin Rialachán seo a thuiscint;

(b) tacaíocht a thabhairt chun cóid iompair earnála, clásail de chineál conarthach eiseamláireacha, treoirlínte agus dea‑chleachtais a fhorbairt, go háirithe i gcásanna ina mbeadh siad ina dtairbhe do thaighdeoirí acadúla agus d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide;

(c) tacaíocht a thabhairt chun forbairt a dhéanamh ar chórais agus uirlisí cumarsáide atá éifeachtach ó thaobh costais de chun tacú le faireachán agus rianú a dhéanamh ar úsáid acmhainní géiniteacha agus eolais thraidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha ag bailiúcháin agus ag úsáideoirí;

(d) treorú teicniúil agus eile a sholáthar d'úsáideoirí, agus cás na dtaighdeoirí acadúla agus na bhfiontar beaga agus meánmhéide á chur san áireamh, ar mhaithe le comhlíonadh cheanglais an Rialachán seo a éascú.

Airteagal 15

Gníomhartha cur chun feidhme

1.           Beidh coiste de chúnamh ag an gCoimisiún. Is é a bheidh sa choiste sin, coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.           I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.           I gcás ina mbeidh tuairim an choiste le fáil trí nós imeachta i scríbhinn, cuirfear deireadh leis an nós imeachta sin gan toradh nuair a chinnfidh cathaoirleach an choiste amhlaidh, laistigh den teorainn ama chun tuairim a thabhairt, nó nuair a iarrfaidh tromlach dhá thrian de chomhaltaí an choiste é.

4.           Más rud é nach dtugann an coiste tuairim uaidh, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d'Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 16

Tuairisciú agus athbhreithniú

1.           Cuirfidh Ballstáit tuarascáil maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo faoi bhráid an Choimisiúin, trí bliana tar éis an dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin.

2.           Laistigh de bhliain amháin ar a dhéanaí ón teorainn ama chun na tuarascálacha náisiúnta a chur isteach, tarraingeoidh an Coimisiún suas tuarascáil a chuirfear faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Beidh measúnú tosaigh sa tuarascáil ón gCoimisiún maidir le héifeachtacht an Rialacháin seo.

3.           Gach deich mbliana tar éis a chéad thuarascála, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar fheidhmiú agus ar éifeachtúlacht an Rialacháin seo, ar bhonn tuarascálacha ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus a thaithí i ndáil leis an gcur i bhfeidhm sin. Agus é ag tuairisciú, déanfaidh an Coimisiún machnamh ar leith ar na hiarmhairtí riaracháin ar institiúidí taighde poiblí, ar fhiontair bheaga nó mheánmhéide agus ar mhicrifhiontair. Déanfaidh sé machnamh freisin ar an ngá atá le gníomhaíochtaí breise ón Aontas maidir le rochtain ar acmhainní géiniteacha agus ar eolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha.

4.           Tabharfaidh an Coimisiún tuairisc do Chomhdháil na bPáirtithe atá ag freastal mar chruinniú na bPáirtithe ar Phrótacal Nagoya faoi na bearta atá déanta ag an Aontas agus ag a chuid Ballstáit chun Prótacal Nagoya a chur chun feidhme.

Airteagal 17

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.           Foilseoidh an Coimisiún fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh go bhfuil Prótacal Nagoya tar éis teacht i bhfeidhm. Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis an fógra sin a fhoilsiú.

2.           Beidh feidhm ag Airteagal 4, ag Airteagal 7 agus ag Airteagal 9 bliain amháin tar éis an dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.

3.           Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa              Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

[1]               Newman agus Cragg (2012), "Natural Products as Sources of New Drugs over the 30 Years from 1981 to 2010" ("Táirgí Nádúrtha mar Fhoinsí Drugaí Nua thar na 30 Bliain ó 1981 go 2010"). Journal of Natural Products, 75(3), lgh 311–335.

[2]               Coinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch (Rio de Janeiro, 5 Meitheamh 1992, i bhfeidhm an 29 Nollaig 1993), ar fáil ag <http://www.cbd.int/convention/text/>.

[3]               Mar shampla, an Conradh Idirnáisiúnta maidir le hAcmhainní Géiniteacha Plandaí do Bhia agus don Talmhaíocht a cuireadh i gcrích in 2001 i gcomhthéacs Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe lena bhfuil an AE ina Pháirtí. Le sonraí a fháil, féach Iarscríbhinn 1.

[4]               Níor shínigh an Laitvia, Málta ná an tSlóvaic fós é.

[5]               Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Bithgheilleagar don Eoraip (COM (2012) 60 final).

[6]               Féach Conclúidí ón gComhairle an 20 Nollaig 2010 (mír 1 agus mír 21), an 23 Meitheamh 2011 (mír 14), an Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Aibreán 2012 (mír 101), an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Straitéis Bithéagsúlachta an AE go 2020 (COM(2011) 244) (Gníomhaíocht 20).

[7]               IO C …, lch .

[8]               IO C …, lch .

[9]               IO L 309, 13.12.1999, lch 1.

[10]             Iarscríbhinn I le Doiciméad UNEP/CBD/COP/DEC/X/1 an 29 Deireadh Fómhair 2010.

[11]             IO

[12]             IO L 378, 23.12.2004, lch 1.

[13]             IO L 41, 14.02.2003, lch 26.

[14]             IO L 55, 28.02.2011, lch 13.

Top