This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52012PC0150
Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL amending Directives 1999/4/EC, 2000/36/EC, 2001/111/EC, 2001/113/EC and 2001/114/EC as regards the powers to be conferred on the Commission
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Treoracha 1999/4/CE, 2000/36/CE, 2001/111/CE, 2001/113/CE agus 2001/114/CE maidir leis na cumhachtaí atá le tabhairt don Choimisiún

/* COM/2012/0150 final - 2012/0075 (COD) */
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Treoracha 1999/4/CE, 2000/36/CE, 2001/111/CE, 2001/113/CE agus 2001/114/CE maidir leis na cumhachtaí atá le tabhairt don Choimisiún /* COM/2012/0150 final - 2012/0075 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA ·
Forais agus cuspóirí an togra Na cumhachtaí chur chun feidhme atá ag an
gCoimisiún cheana féin faoi Threoracha 1999/4/CE, 2000/36/CE, 2001/111/CE,
2001/113/CE agus 2001/114/CE, a oiriúnú de réir an idirdhealaithe idir
cumhachtaí tarmligthe agus cumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin a tugadh
isteach le hAirteagal 290 agus le hAirteagal 291 den Chonradh ar
Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus cumhachtaí tarmligthe breise a thabhairt
don Choimisiún. Déantar idirdhealú sa Chonradh idir na cumhachtaí
arna dtarmligean chuig an gCoimisiún maidir le gníomhartha neamhreachtacha a
ghlacadh a bhfuil feidhm ghinearálta leo agus a fhorlíonann nó a leasaíonn
eilimintí neamhriachtanacha áirithe den ghníomh reachtach sin, mar atá leagtha
síos in Airteagal 290(1) den Chonradh (gníomhartha tarmligthe), agus na
cumhachtaí arna dtabhairt don Choimisiún maidir le coinníollacha comhionanna a
ghlacadh chun gníomhartha de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí a
chur chun feidhme mar atá leagtha síos in Airteagal 291(2) den Chonradh
(gníomhartha cur chun feidhme). I ndáil le gníomhartha tarmligthe, déanann an
Reachtóir an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún bearta gar‑reachtacha
a ghlacadh. Tá an comhthéacs an‑difriúil i gcás gníomhartha cur chun
feidhme. Go deimhin, is iad na Ballstáit go príomha atá freagrach as
gníomhartha an Aontais Eorpaigh atá ceangailteach ó thaobh dlí a chur chun
feidhme. Má theastaíonn coinníollacha comhionanna chun an gníomh reachtach a chur
chun feidhme, áfach, tá an Coimisiún údaraithe na gníomhartha sin a ghlacadh.
Tá oiriúnú Threoracha 1999/4/CE, 2000/36/CE, 2001/111/CE, 2001/113/CE agus
2001/114/CE de réir rialacha nua an Chonartha bunaithe ar aicmiú a dhéantar ar
bhonn na fealsúnachta nua a bhaineann leis na cumhachtaí atá ag an gCoimisiún
faoi láthair. Ina theannta sin, i gcomhthéacs na fealsúnachta
nua sin freisin, rinneadh grinnscrúdú ar fhorálacha na dTreoracha thuasluaite
ionas go n‑aithneofaí aon riachtanas breise a d'fhéadfadh a bheith ann
maidir le cumhachtaí nár mhór a thabhairt don Choimisiún faoi aicmiú nua an
Chonartha. Agus an méid sin déanta, ullmhaíodh dréacht‑togra
chun Treoracha 1999/4/CE, 2000/36/CE, 2001/111/CE, 2001/113/CE agus
2001/114/CE a leasú. ·
Comhthéacs ginearálta Déantar idirdhealú idir dhá chineál gnímh de chuid
an Choimisiúin in Airteagal 290 agus in Airteagal 291 den Chonradh ar
Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh: –
Le hAirteagal 290 den CFAE, tugtar cead don
reachtóir "cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun gníomhartha
neamhreachtacha a bhfuil feidhm ghinearálta leo a fhorlíonann nó a leasaíonn
gnéithe neamhriachtanacha áirithe den ghníomh reachtach a ghlacadh".
Is mar 'gníomhartha tarmligthe' (Airteagal 290(3)) a thagraítear sa
téarmaíocht a úsáidtear sa Chonradh do ghníomhartha dlíthiúla a ghlacann an
Coimisiún ar an gcaoi sin. –
Le hAirteagal 291 den CFAE, tugtar cead do
Bhallstáit "gach beart dlí náisiúnta is gá" a ghlacadh "chun
gníomhartha Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí a chur chun feidhme".
Déanfar cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún leis na
gníomhartha sin nuair is gá coinníollacha comhionanna chun na gníomhartha a
chur chun feidhme. Sa téarmaíocht atá in úsáid sa Chonradh tagraítear do
ghníomhartha dlí arna nglacadh ag an gCoimisiún sa dóigh sin mar 'gníomhartha
cur chun feidhme' (Airteagal 291 (4)) ·
Forálacha atá ann cheana i réimse an togra Dearbhú maidir le hAirteagal 290 agus le
hAirteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999
lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur
chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún, arna modhnú le Cinneadh 2006/512/CE
ón gComhairle, arna aisghairm le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena
leagtar síos na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le
rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin. ·
Comhsheasmhacht le beartais agus le cuspóirí eile
an Aontais Neamhbhainteach. 2. TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN
LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR ·
Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara ·
Bailiú agus úsáid saineolais Ní raibh aon ghá dul i gcomhairle leis na
páirtithe leasmhara ná ní raibh gá le haon saineolas seachtrach ós rud é gur
ábhar idirinstitiúideach an togra a mbeidh baint aige le gach gníomh ón
gComhairle agus/nó ón gComhairle agus ó Pharlaimint na hEorpa. ·
Measúnú tionchair Níl aon ghá le measúnú tionchair toisc gur ábhar
idirinstitiúideach an togra a mbeidh baint aige le gach gníomh ón gComhairle
agus/nó ón gComhairle agus ó Pharlaimint na hEorpa. 3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA ·
Achoimre ar an ngníomhaíocht atá beartaithe Na cumhachtaí tarmligthe agus cur chun
feidhme is ceart a thabhairt don Choimisiún i ndáil le Treoracha 1999/4/C,
2000/36/CE, 2001/111/CE, 2001/113/CE agus 2001/114/CE a aithint agus an nós
imeachta comhfhreagrach a bhunú chun na gníomhartha sin a ghlacadh sa
chomhthéacs dlíthiúil nua atá ann de thoradh theacht i bhfeidhm
Airteagal 290 agus Airteagal 291 den CFAE. ·
Bunús dlí Airteagal 43 agus Airteagal 114 den
Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. ·
Prionsabal na coimhdeachta Tagann an togra faoi inniúlacht atá roinnte idir
an AE agus na Ballstáit agus comhlíonann sé prionsabal na coimhdeachta. ·
Prionsabal na comhréireachta Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta. ·
Rogha ionstraimí Is cuid den chlár ailínithe é an togra agus ní
bhaineann sé ach le cumhachtaí an Choimisiúin sa chomhthéacs nua dlíthiúil a
cruthaíodh le Conradh Liospóin. Ní gá forálacha maidir le cumhachtaí tarmligthe
an Choimisiúin a thrasuí i ndlíchórais na mBallstát. Dá bhrí sin, is é
Rialachán an ionstraim atá roghnaithe. 2012/0075 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS
ÓN GCOMHAIRLE lena leasaítear Treoracha 1999/4/CE,
2000/36/CE, 2001/111/CE, 2001/113/CE agus 2001/114/CE maidir leis na cumhachtaí
atá le tabhairt don Choimisiún TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) agus
Airteagal 114(1) de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach[1], Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a
chur chuig na parlaimintí náisiúnta, Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta na hEorpa[2],
ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós
imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1) Le Treoir 1999/4/CE ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Feabhra 1999 maidir le
húisc chaife agus shiocaire[3],
Treoir 2000/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meitheamh 2000
maidir le táirgí cócó agus táirgí seacláide atá ceaptha mar bhia don duine[4], Treoir 2001/111/CE ón
gComhairle an 20 Nollaig 2001 maidir le siúcraí áirithe atá ceaptha
mar bhia don duine[5],
Treoir 2001/113/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2001 maidir le
subha, glóthacha agus marmaláidí torthaí agus purée cnó capaill milsithe atá
ceaptha mar bhia don duine[6],
Treoir 2001/114/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2001 maidir le
bainne leasaithe áirithe atá díhiodrátaithe go páirteach nó go hiomlán atá
ceaptha mar bhia don duine[7],
tugtar cumhachtaí don Choimisiún roinnt dá bhforálacha a chur chun feidhme, ar
cumhachtaí iad atá le feidhmiú i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha
síos i dTreoir 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999
lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur
chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún[8],
arna leasú le Treoir 2006/512/CE ón gComhairle[9]. (2) Mar thoradh ar theacht i
bhfeidhm Chonradh Liospóin, is gá na cumhachtaí sin a ailíniú le
hAirteagal 290 den Chonradh ar Feidhmiú an Aontais Eorpach (an Conradh). (3) Cé go bhfuil eilimintí
teicniúla sna hIarscríbhinní a ghabhann le Treoracha 1999/4/CE, 2000/36/CE,
2001/111/CE agus 2001/114/CE a d'fhéadfaí a oiriúnú nó a thabhairt cothrom le
dáta d'fhonn forbairtí ar na caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta a chur san
áireamh, ní thugtar don Choimisiún leis na Treoracha sin na cumhachtaí is
iomchuí chun na hIarscríbhinní sin a oiriúnú nó a thabhairt cothrom le dáta go
pras d'fhonn forbairtí ar na caighdeáin idirnáisiúnta a chur san áireamh. Ina
theannta sin, ní thugtar don Choimisiún le Treoir 1999/4/CE na cumhachtaí
is iomchuí chun an Iarscríbhinn a ghabhann léi a oiriúnú nó a thabhairt cothrom
le dáta go pras chun dul chun cinn teicniúil a chur san áireamh, cé go bhfuil
eilimintí teicniúla san Iarscríbhinn sin a d'fhéadfadh a bheith le hoiriúnú nó
le tabhairt cothrom le dáta freisin chun an dul chun cinn teicniúil a chur san
áireamh. Ina theannta sin, cé go bhfuil eilimintí teicniúla i Roinn A agus i
Roinn B(1) d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2000/36/CE, ar
eilimintí iad a d'fhéadfadh a bheith le hoiriúnú nó le tabhairt cothrom le dáta
chun dul chun cinn teicniúil a chur san áireamh, níl na ranna sin cumhdaithe ag
cumhachtaí an Choimisiúin maidir le forálacha áirithe den Iarscríbhinn sin a
oiriúnú do dhul chun cinn teicniúil. Dá bhrí sin, ar mhaithe le cur chun
feidhme comhleanúnach Threoracha 1999/4/CE, 2000/36/CE, 2001/111/CE,
2001/113/CE agus 2001/114/CE, ba cheart cumhachtaí breise a thabhairt don
Choimisiún na hIarscríbhinní a ghabhann le Treoracha 1999/4/CE,
2000/36/CE, 2001/111/CE agus 2001/114/CE a oiriúnú nó a thabhairt cothrom le
dáta chun dul chun cinn teicniúil agus forbairtí ar na caighdeáin idirnáisiúnta
a chur san áireamh. (4) Dá bhrí sin, chun eilimintí
áirithe neamhriachtanacha de Threoracha 1999/4/CE, 2000/36/CE,
2001/111/CE, 2001/113/CE agus 2001/114/CE a fhorlíonadh nó a leasú chun dul
chun cinn teicniúil agus/nó, nuair is iomchuí, chun forbairtí ar na caighdeáin
idirnáisiúnta a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh
i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh a tharmligean chuig an
gCoimisiún i ndáil leis an raon feidhme agus leis an inneachar seo a leanas:
maidir le Treoir 1999/4/CE, na saintréithe teicniúla a bhaineann leis na
tuairiscí agus na sainmhínithe ar tháirgí atá san Iarscríbhinn, arna sloinneadh
i bhfoirm céatadán de ghnáth, a oiriúnú nó a thabhairt cothrom le dáta; maidir
le Treoir 2000/36/CE, na saintréithe teicniúla a bhaineann leis na
hainmneacha díolachán agus leis na sainmhínithe atá i Roinn A
d'Iarscríbhinn 1, arna sloinneadh i bhfoirm céatadán agus/nó gram de
ghnáth, agus Roinn B, Roinn C agus Roinn D den Iarscríbhinn sin
a oiriúnú nó a thabhairt cothrom le dáta; maidir le Treoir 2001/111/CE, na
saintréithe teicniúla a bhaineann leis na hainmneacha táirgí agus leis na
sainmhínithe ar tháirgí atá i Roinn A den Iarscríbhinn, agus Roinn B
den Iarscríbhinn sin a oiriúnú nó a thabhairt cothrom le dáta; maidir le Treoir 2001/113/CE,
na saintréithe teicniúla a bhaineann leis na hainmneacha táirgí agus na
sainmhínithe ar tháirgí atá i Roinn A den Iarscríbhinn, arna sloinneadh i
bhfoirm gram agus/nó céatadán de ghnáth, agus Iarscríbhinn II agus Roinn B
d'Iarscríbhinn III a oiriúnú nó a thabhairt cothrom le dáta; maidir le
Treoir 2001/114/CE, Iarscríbhinn I a oiriúnú agus a thabhairt cothrom le
dáta i ndáil leis na saintréithe teicniúla a bhaineann leis na sainmhínithe ar
tháirgí agus leis na hainmneacha táirgí, arna sloinneadh i bhfoirm céatadán de
ghnáth, agus Iarscríbhinn II chomh maith. (5) Tá sé tábhachtach, go
háirithe, go ndéanfaidh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid
oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear comhairliúcháin le saineolaithe. Ba
cheart don Choimisiún a áirithiú, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú
agus a tharraingt suas, go ndéanfar doiciméid ábhartha a tharchur chuig
Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach,
tráthúil agus iomchuí. (6) De thoradh ghlacadh Rialachán
(CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002
lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta dlí an bhia, lena
mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos
nósanna imeachta maidir le sábháilteacht bia[10],
ar rialachán é a bhfuil feidhm aige maidir le gach céim den phróiseas táirgthe,
próiseála agus leithdháilte bia agus beatha ar leibhéal an Aontais agus ar an
leibhéal náisiúnta, tá forálacha ginearálta an Aontais maidir le bia‑ábhair
infheidhme go díreach ar na táirgí atá cumhdaithe le Treoracha 1999/4/CE,
2000/36/CE, 2001/111/CE, 2001/113/CE agus 2001/114/CE. Dá bhrí sin, ní gá na
cumhachtaí a bheith ag an gCoimisiún a thuilleadh forálacha na dTreoracha sin a
ailíniú le forálacha ginearálta an Aontais maidir le bia‑ábhair. Ba
cheart, dá bhrí sin, na forálacha lena dtugtar na cumhachtaí sin a scriosadh. (7) Ba cheart, dá bhrí sin,
Treoracha 1999/4/CE, 2000/36/CE, 2001/111/CE, 2001/113/CE agus 2001/114/CE
a leasú dá réir. (8) Ós rud é nach mbaineann na
leasuithe ar Threoracha 1999/4/EC, 2000/36/EC, 2001/111/EC, 2001/113/EC
agus 2001/114/EC ach le cumhachtaí an Choimisiúin amháin, ní gá do na Ballstáit
iad a thrasuí, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: Airteagal 1 Cuirtear an méid seo a leanas in ionad
Airteagal 4 agus Airteagal 5 de Threoir 1999/4/CE: 'Airteagal 4 Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 5 chun na saintréithe
teicniúla a bhaineann leis na tuairiscí agus na sainmhínithe ar tháirgí atá san
Iarscríbhinn a leasú chun forbairtí ar na caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta,
más iomchuí, agus dul chun cinn teicniúil a chur san áireamh. Airteagal 5 1. Tugtar an chumhacht don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear sa Treoir seo faoi réir na
gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo. 2. Déanfar an chumhacht gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 4 a thabhairt don
Choimisiún ar feadh tréimhse neamhchinntithe amhail ón (...). (Tá Oifig na
bhFoilseachán le dáta theacht i bhfeidhm an ghnímh leasaithigh seo a líonadh
isteach). 3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an
Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 4 a
chúlghairm tráth ar bith. Cuirfidh cinneadh cúlghairm a dhéanamh deireadh le
tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an
lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar
dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht na
ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana. 4. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh
tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do
Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. 5. Gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun
Airteagal 4, ní thiocfaidh sé i bhfeidhm ach amháin mura ndéanann
Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle agóid ina choinne laistigh de thréimhse
dhá mhí ó fhógra faoin ngníomh sin a bheith tugtha do Pharlaimint na hEorpa
agus don Chomhairle nó más rud é, sula dtéann an tréimhse sin in éag, go
gcuireann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl nach ndéanfaidh
siad agóid ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh ó
Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle. ' Airteagal 2 Cuirtear an méid seo a leanas in ionad
Airteagal 5 agus Airteagal 6 de Threoir 2000/36/CE: 'Airteagal 5 Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 6 chun na saintréithe
teicniúla a bhaineann leis na hainmneacha díolachán agus leis na sainmhínithe
ar dhíolacháin atá i Roinn A d'Iarscríbhinn 1, agus Ranna B, C
agus D den Iarscríbhinn sin a leasú chun forbairtí ar na caighdeáin ábhartha
idirnáisiúnta, más iomchuí, agus dul chun cinn teicniúil a chur san áireamh. Airteagal 6 1. Tugtar an chumhacht don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear sa Treoir seo faoi réir na
gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo. 2. Déanfar an chumhacht gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 5 a thabhairt don
Choimisiún ar feadh tréimhse neamhchinntithe ón (...) (Tá Oifig na
bhFoilseachán le dáta theacht i bhfeidhm an ghnímh leasaithigh seo a líonadh
isteach). 3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an
Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5 a
chúlghairm tráth ar bith. Cuirfidh cinneadh cúlghairm a dhéanamh deireadh le
tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an
lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar
dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht na
ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana. 4. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh
tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do
Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. 5. Gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun
Airteagal 5, ní thiocfaidh sé i bhfeidhm ach amháin mura ndéanann
Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle agóid ina choinne laistigh de thréimhse
dhá mhí ó fhógra faoin ngníomh sin a bheith tugtha do Pharlaimint na hEorpa
agus don Chomhairle nó más rud é, sula dtéann an tréimhse sin in éag, go
gcuireann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl nach ndéanfaidh
siad agóid ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh ó
Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle.' Airteagal 3 Cuirtear an méid seo a leanas in ionad
Airteagal 4 agus Airteagal 5 de Threoir 2001/111/CE: 'Airteagal 4 Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 5 chun na saintréithe
teicniúla a bhaineann leis na hainmneacha táirgí agus leis na sainmhínithe ar
tháirgí atá i gCuid A den Iarscríbhinn, agus Cuid B den Iarscríbhinn
a leasú chun forbairtí ar na caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta, más iomchuí,
agus dul chun cinn teicniúil a chur san áireamh. Airteagal 5 1. Tugtar an chumhacht don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear sa Treoir seo faoi réir na
gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo. 2. Déanfar an chumhacht gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 4 a thabhairt don
Choimisiún ar feadh tréimhse neamhchinntithe ón (...).. (Tá Oifig na
bhFoilseachán le dáta theacht i bhfeidhm an ghnímh leasaithigh seo a líonadh isteach). 3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an
Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 4 a
chúlghairm tráth ar bith. Cuirfidh cinneadh cúlghairm a dhéanamh deireadh le
tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an
lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar
dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht na
ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana. 4. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe,
tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na
hEorpa agus don Chomhairle. 5. Gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun
Airteagal 4, ní thiocfaidh sé i bhfeidhm ach amháin mura ndéanann
Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle agóid ina choinne laistigh de thréimhse
dhá mhí ó fhógra faoin ngníomh sin a bheith tugtha do Pharlaimint na hEorpa
agus don Chomhairle nó más rud é, sula dtéann an tréimhse sin in éag, go
gcuireann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl nach ndéanfaidh
siad agóid ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh ó
Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle.' Airteagal 4 Cuirtear an méid seo a leanas in ionad
Airteagal 5 agus Airteagal 6 de Threoir 2001/113/CE: 'Airteagal 5 Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 6 chun na saintréithe
teicniúla a bhaineann leis na hainmneacha táirgí agus leis na sainmhínithe ar
tháirgí atá in Iarscríbhinn I, agus Iarscríbhinn II agus Cuid B
d'Iarscríbhinn III a leasú chun forbairtí ar na caighdeáin ábhartha
idirnáisiúnta, más iomchuí, agus dul chun cinn teicniúil a chur san áireamh. Airteagal 6 1. Tugtar an chumhacht don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear sa Treoir seo faoi réir na
gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo. 2. Déanfar an chumhacht gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 5 a thabhairt don
Choimisiún ar feadh tréimhse neamhchinntithe ón (...).. (Tá Oifig na
bhFoilseachán le dáta theacht i bhfeidhm an ghnímh leasaithigh seo a líonadh
isteach). 3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an
Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5 a
chúlghairm tráth ar bith. Cuirfidh cinneadh cúlghairm a dhéanamh deireadh le
tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an
lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar
dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht na
ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana. 4. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh
tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do
Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. 5. Gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun
Airteagal 5, ní thiocfaidh sé i bhfeidhm ach amháin mura ndéanann
Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle agóid ina choinne laistigh de thréimhse
dhá mhí ó fhógra faoin ngníomh sin a bheith tugtha do Pharlaimint na hEorpa
agus don Chomhairle nó más rud é, sula dtéann an tréimhse sin in éag, go
gcuireann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl nach ndéanfaidh
siad agóid ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh ó
Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle.' Airteagal 5 Cuirtear an méid seo a leanas in ionad
Airteagal 5 agus Airteagal 6 de Threoir 2001/114/CE: 'Airteagal 5 Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 6 chun na saintréithe
teicniúla a bhaineann leis na sainmhínithe ar tháirgí agus leis na hainmneacha
táirgí atá in Iarscríbhinn I, agus Iarscríbhinn II a leasú, chun
forbairtí ar na caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta, más iomchuí, agus dul chun
cinn teicniúil a chur san áireamh. Airteagal 6 1. Tugtar an chumhacht don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear sa Treoir seo faoi réir na
gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo. 2. Déanfar an chumhacht gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 5 a thabhairt don
Choimisiún ar feadh tréimhse neamhchinntithe ón (...).. (Tá Oifig na
bhFoilseachán le dáta theacht i bhfeidhm an ghnímh leasaithigh seo a líonadh
isteach). 3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an
Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5 a
chúlghairm tráth ar bith. Cuirfidh cinneadh cúlghairm a dhéanamh deireadh le
tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an
lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar
dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht na
ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana. 4. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh
tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do
Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. 5. Gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun
Airteagal 5, ní thiocfaidh sé i bhfeidhm ach amháin mura ndéanann Parlaimint na
hEorpa ná an Chomhairle agóid ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ó
fhógra faoin ngníomh sin a bheith tugtha do Pharlaimint na hEorpa agus don
Chomhairle nó más rud é, sula dtéann an tréimhse sin in éag, go gcuireann
Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl nach ndéanfaidh siad agóid
ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh ó Pharlaimint
na hEorpa nó ón gComhairle.' Airteagal 6 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an
fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh an Rialachán seo ina cheangal
go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán [1] IO C , , lch. . [2] IO C , , lch. . [3] IO L 66, 13.3.1999, lch. 26. [4] IO L 197, 3.8.2000, lch. 19. [5] IO L 10, 12.1.2002, lch. 53. [6] IO L 10, 12.1.2002, lch. 67. [7] IO L 15, 17.1.2002, lch. 19. [8] IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. [9] IO L 200, 22.7.2006, lch. 11. [10] IO L 31, 1.2.2002, lch. 1.