EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52012PC0124

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le rochtain earraí agus seirbhísí tríú tíortha ar mhargadh inmheánach soláthair phoiblí an Aontais agus maidir le nósanna imeachta atá ceaptha an chaibidlíocht i leith rochtain earraí agus seirbhísí an Aontais ar mhargaí soláthair phoiblí tríú tíortha a éascú

/* COM/2012/0124 final - 2012/0060 (COD) */

52012PC0124

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le rochtain earraí agus seirbhísí tríú tíortha ar mhargadh inmheánach soláthair phoiblí an Aontais agus maidir le nósanna imeachta atá ceaptha an chaibidlíocht i leith rochtain earraí agus seirbhísí an Aontais ar mhargaí soláthair phoiblí tríú tíortha a éascú /* COM/2012/0124 final - 2012/0060 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.           COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Is togra nua é seo a bhaineann le beartas idirnáisiúnta an Aontais Eorpaigh maidir le soláthar. Is é is príomhchuspóir don tionscnamh seo feabhas a chur ar na coinníollacha faoinar féidir do ghnólachtaí an AE dul san iomaíocht le haghaidh conarthaí poiblí i dtríú tíortha. I láthair na huaire, bíonn soláthróirí ón AE i ngleic leis an iomad cleachtas sriantach i ndáil le soláthar i gcuid mhór de na tíortha arb iad príomh‑chomhpháirtithe trádála an AE iad. Lena chois sin, daingnítear leis an tionscnamh seo stádas dlíthiúil tairgeoirí, earraí agus seirbhísí ó thíortha a bhfuil comhaontú idirnáisiúnta acu leis an AE i réimse an tsoláthair phoiblí agus soiléirítear leis na rialacha is infheidhme ar thairgeoirí, ar earraí agus ar sheirbhísí nach bhfuil cumhdaithe ag na comhaontuithe sin.

Comhthéacs ginearálta

Le linn na caibidlíochta i dtaobh an athbhreithnithe ar an gComhaontú maidir le Soláthar Rialtais (CSR) faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Trádála agus le linn na caibidlíochta déthaobhaí le tríú tíortha, chuir an AE chun cinn oscailt ardaidhmeannach a dhéanamh ar mhargaí soláthair phoiblí go hidirnáisiúnta. Tá luach tuairim is EUR 352 billiún ar na margaí soláthair phoiblí de chuid an AE atá ar oscailt do thairgeoirí ó thíortha ar comhaltaí iad de chomhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir le soláthar rialtais.

Tá leisce, áfach, ar chuid mhór tríú tíortha a margaí soláthair a oscailt d'iomaíocht idirnáisiúnta, nó na margaí sin a oscailt a thuilleadh. Níl ach luach EUR 178 billiún ar na margaí soláthair de chuid na Stát Aontaithe ar fáil do thairgeoirí coigríche, agus níl ach luach EUR 27 billiún orthu i gcás na Seapáine, san am céanna, níl ach cuid an‑bheag de mhargadh soláthair phoiblí na Síne ar oscailt do ghnólachtaí coigríche. Tá bearta cosantacha glactha ag cuid mhór tíortha freisin, agus chuir an ghéarchéim eacnamaíoch leis an gclaonadh sin. Ar an iomlán, tá níos mó ná an leathchuid de mhargadh soláthair an domhain as rochtain de dheasca beart cosantach, agus is i méid atá an chuid sin ag dul. Dá bhrí sin, ní théann ach luach EUR 10 billiún d'onnmhairí ón AE (0.08 % d’Olltáirgeacht intíre an AE) isteach i margaí soláthair an domhain, agus meastar go bhfuil luach EUR 12 billiún ar na honnmhairí ón AE nach ndéantar de dheasca srianta.

Os a choinne sin, choinnigh an AE an chuid is mó dá mhargadh soláthair phoiblí ar oscailt d'iomaíocht idirnáisiúnta, in ainneoin an mhéadaithe faoin mbrú ar a mhargadh intíre, go mór mór an brú a bhí na geilleagair éiritheacha a chur ar phríomhearnálacha áirithe (iarnróid, foirgníocht, seirbhísí TF). Seachas roinnt forálacha a raibh a raon feidhme srianta go conarthaí soláthair agus seirbhíse in earnáil na bhfóntas[1], níor úsáid an AE an chumhacht atá aige chun rialáil a dhéanamh ar an rochtain atá ag cuideachtaí coigríche, agus ag a n‑earraí agus a seirbhísí, ar mhargadh soláthair phoiblí an AE.

I bhfianaise an mhéadaithe atá faoi gheilleagair mhargaidh éiritheacha, tá a lán fadhbanna ag eascairt as an easpa cothroim iomaíochta. An phríomhfhadhb atá ag an AE nach bhfuil giaráil aige ina chuid caibidlíochta idirnáisiúnta le comhpháirtithe trádála chun an éagothromaíocht a cheartú agus chun gealltanais mhóra maidir le rochtain ar mhargaí a bhaint amach ar son ghnólachtaí an AE. Lena chois sin, níl creat soiléir ag údaráis chonarthacha a thabharfadh ar a gcumas gealltanais idirnáisiúnta an AE a chur i bhfeidhm.

Tá an tionscnamh seo dírithe ar na fadhbanna sin a réiteach, ar an gcéad dul síos, trí dhaingniú a dhéanamh ar sheasamh an Aontais Eorpaigh agus é i mbun caibidlíochta maidir le rochtain cuideachtaí de chuid an AE ar mhargaí soláthair phoiblí tríú tíortha, chun margaí ár gcomhpháirtithe trádála a oscailt tuilleadh. Ar an dara dul síos, tá sé d'aidhm ag an tionscnamh soiléiriú a dhéanamh, chun na críche sin, ar na rialacha maidir le rochtain cuideachtaí tríú tíortha, agus a n‑earraí agus a seirbhísí, ar mhargadh soláthair phoiblí an AE. Sa deireadh thiar, is é is cuspóir don tionscnamh feabhas a chur, de réir straitéis 2020 an AE, ar na deiseanna gnó atá ag gnólachtaí ón AE ar leibhéal an domhain, rud a chruthóidh poist nua agus a chothóidh nuálaíocht.

Forálacha atá ann faoi láthair a bhaineann leis an togra

Sa dá bhuntreoir de chuid an Aontais Eorpaigh[2] a bhaineann le soláthar poiblí níl creat ginearálta le fáil chun déileáil le tairiscintí a chuimsíonn earraí coigríche agus seirbhísí coigríche ar mhargadh soláthair phoiblí an AE. Tá a bhfuil de rialacha sonracha ann leagtha amach in Airteagal 58 agus in Airteagal 59 de Threoir 2004/17/CE. Ní chumhdaíonn na forálacha sin ach soláthar i gcomhair seirbhísí fóntais, áfach, agus tá a raon feidhme róchúng le tionchar mór a imirt ar chaibidlíocht maidir le rochtain ar an margadh. Go deimhin, níl i gceist le soláthar poiblí an AE in earnáil na bhfóntas ach tuairim is 20 % de mhargadh iomlán soláthair phoiblí an AE.

Sa togra ón gCoimisiún maidir le nuachóiriú rialacha an AE maidir le soláthar poiblí, chinn an Coimisiún ceal a chur in Airteagal 58 agus in Airteagal 59 den Treoir maidir le fóntais , ó bhí an tionscnamh seo beartaithe[3].

Comhsheasmhacht le beartais agus cuspóirí eile an Aontais

Cuirtear chun feidhme leis an tionscnamh seo an straitéis Eoraip 2020 maidir le fás cliste inbhuanaithe agus cuimsitheach [COM(2010) 2020] agus tionscnamh suaitheanta Eoraip 2020 maidir le beartas comhtháite tionsclaíoch do ré an domhandaithe [COM(2010) 614]. Cuirtear chun feidhme leis freisin an Gníomh um an Margadh Aonair [COM(2011) 206] agus an Teachtaireacht maidir le Trádáil, Fás agus Cúrsaí Domhanda [COM(2010) 612]. Is tionscnamh straitéiseach de chuid Chlár Oibre an Choimisiúin 2011 é (COM(2010) 623 final).

Tá an togra seo comhsheasmhach le beartais forbartha agus le cuspóirí forbartha an Aontais, agus léirítear an chomhsheasmhacht sin go háirithe trí earraí agus seirbhísí ó na tíortha is lú forbairt a chosaint go ginearálta ar aon bheart faoin ionstraim seo.

2.           TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR

Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara

Reáchtáil an Coimisiún sraith comhairliúchán agus imeachtaí for‑rochtana, maille le cruinnithe aonair, chun tuairimí páirtithe leasmhara a bhailiú.

Rinneadh comhairliúchán oscailte ar líne idir an 7 Meitheamh agus an 2 Lúnasa 2011. Is é a bhí ann trí cheistneoir mhionsonraithe dírithe (i) ar údaráis chonarthacha agus ar na Ballstáit, (ii) ar chuideachtaí agus/nó ar a n‑ionadaithe, agus (iii) ar pháirtithe eile a d'fhéadfadh leas a bheith acu ann (saoránaigh, eagraíochtaí neamhrialtais, ceardchumainn). Fuair an Coimisiún 215 freagra san iomlán[4]. Tá tuarascáil achomair ar na freagraí le fáil in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an tuarascáil ar an Measúnú Tionchair. Mar chuid den phróiseas sin, reáchtáil an Coimisiún éisteacht phoiblí an 8 Meitheamh 2011 sa Bhruiséil. Lena chois sin, bhí deis ag comhpháirtithe sóisialta a dtuairimí a chur in iúl le linn an Fhóraim Chomhchaidrimh a reáchtáil Ard‑Stiúrthóireacht na Fostaíochta an 7 Feabhra 2011. Rinneadh comhairliúcháin ar leith freisin le toscaireachtaí de chuid an AE i dtríú tíortha agus leis na Ballstáit sa Choiste Comhairleach um Chonarthaí Poiblí. Pléadh ábhair ar leith (i.e. Airteagal 58 den Treoir maidir le fóntais agus an dóigh le déileáil le tairiscintí atá thar a bheith íseal) le linn an chomhairliúcháin i ndáil le nuachóiriú an bheartais maidir le soláthar poiblí. Comhlíonadh ina n‑iomláine íoschaighdeáin an Choimisiúin maidir le comhairliúcháin.

Achoimre ar na freagraí agus ar an dóigh ar cuireadh san áireamh iad

Go ginearálta, bhí fáilte roimh thionscnamh an Choimisiúin. D’aontaigh formhór mór na bhfreagróirí le tuairisc an Choimisiúin ar an leibhéal rochtana atá ag cuideachtaí coigríche, agus ag a n‑earraí agus a seirbhísí, faoi láthair ar mhargadh soláthair phoiblí an AE agus bhí siad i bhfách le cuspóirí sainaitheanta an tionscnaimh.

I dtaca leis na roghanna beartais ar cuireadh síos orthu, ní mór a lua nárbh ionann na tuairimí a cuireadh in iúl: ar an iomlán, tá an chuma ar an scéal go bhfuil móramh mór de na geallsealbhóirí i bhfách le tionscnamh reachtach (tuairim is 65 %), ach go bhfuil mionlach nach beag (tuairim is 35 %) ar fearr leo an rogha ‘gan beart a dhéanamh’. Ní hionann tuairimí laistigh de na grúpaí éagsúla geallsealbhóirí ach oiread, áfach, maidir le rogha na tosaíochta. As measc na n‑eintiteas conarthach agus na n‑údarás rialtais (lena n‑áirítear iad siúd as tríú tíortha), mar shampla, tá dhá thrian díobh i bhfách leis an rogha 'gan beart a dhéanamh' nó leis an rogha neamhreachtach, ach as measc na gcuideachtaí agus na ngeallsealbhóirí eile, tá 75 % díobh i bhfách le tionscnamh reachtach. Ní hionann na tuairimí maidir leis an rud ba cheart a bheith sa rogha reachtach sin ach oiread. Cé go bhfuil chóir a bheith leathchuid de na freagróirí i bhfách leis an rogha reachtach ‘cur chuige A’[5], tá líon nach beag de na freagróirí i bhfách le cineálacha malartacha cur chuige freisin. Is fiú a lua freisin go bhfuair ‘cur chuige B’[6], cé go bhfuil sé ar an rogha is lú tosaíocht, toiliú ó líon nach beag de na freagróirí.

I measc na bpríomhchúiseanna a chuir na geallsealbhóirí chun cinn le bheith i bhfách le rogha beartais áirithe nó ina coinne, bhí an tábhacht atá leis an luach is fearr a fháil ar airgead, an seans go ndéanfadh cuid de na roghanna beartais dochar d'iomaíocht agus do tháirgiúlacht, an chontúirt go ndéanfadh ár gcomhpháirtithe trádála frithbheartaíocht, an t‑ualach riaracháin a d'fhéadfadh a bheith ag gabháil leis an tionscnamh sin agus go gcuirfeadh an tionscnamh stádas an AE mar thathantóir ar son margaí oscailte i mbaol. Bhí na ceardchumainn agus na heagraíochtaí neamhrialtasacha measartha neodrach maidir leis na roghanna agus bhí a bhfreagraí dírithe go ginearálta ar an ngá atá ann go gcomhlíonfaidh tríú tíortha Coinbhinsiúin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair agus iad ag tairiscint san AE nó go n‑osclóidh an AE a cuid teorainneacha le go leanfar de thrádáil chóir leis na tíortha is lú forbairt.

Saineolas a bhailiú agus a úsáid

Níor measadh go raibh gá le saineolas seachtrach a úsáid ar bharr na gcomhairliúchán thuasluaite. Tá saineolas nach beag á léiriú le fada ag an gCoimisiún i réimse an tsoláthair phoiblí.

Measúnú tionchair

Dhearc an Coimisiún ar chuid mhór roghanna lena dhéanamh amach cén ceann acu is iomchuí.

Is é an chéad rogha gan aon ghníomh breise a dhéanamh sa réimse seo, agus leanúint den chaibidlíocht idirnáisiúnta le comhpháirtithe trádála an Aontais Eorpaigh maidir le rochtain ar mhargaí (ar bhealach treisithe, b'fhéidir). I bhfianaise na taithí atá againn, áfach, ní dócha go dtiocfadh feabhsuithe móra ar theidlíocht earraí, seirbhísí agus soláthróirí ón AE a bheith rannpháirteach i bpróisis soláthair i dtríú tíortha a bhuí leis an rogha sin. Is cinnte gur cailliúint leanúnach deiseanna tairisceana ar scála mór an toradh a bheadh air.

An dara cineál rogha a bheadh ann, cur chun feidhme uirlisí atá ann cheana faoi Theoir 2004/17/CE (Airteagal 58 agus Airteagal 59) a uasghrádú, agus, mar bhonn leis sin, treoir níos fearr a thabhairt nó réimse na n‑uirlisí sin a shíneadh go gcumhdódh siad raon feidhme iomlán Threoir 2004/17/CE agus Threoir 2004/18/CE. Ní bheadh ar údaráis chonarthacha/eintitis chonarthacha aonair na huirlisí sin a úsáid sa chás seo, agus is léir nach gcuirfeadh sé go mór leis an ngiaráil atá ag an AE i gcaibidlíocht idirnáisiúnta.

B’fhéidir tríú rogha a bheith ann, deireadh a chur le rochtain earraí, seirbhísí agus soláthróirí ó thríú tíortha ar mhargadh soláthair phoiblí an AE, go ginearálta nó de réir earnála, faoi réir oibleagáidí idirnáisiúnta an AE sa réimse sin. Is ábhar mór imní, áfach, an tionchar a bheadh ag an rogha sin maidir le frithbheartaíocht, maidir leis na costais a bheadh ar údaráis chonarthacha/eintitis chonarthacha aonair agus maidir le hiomaíochas an AE.

Dá bhrí sin, tá an Coimisiún i bhfách leis an gceathrú rogha, mar atá, ionstraim uathrialach a chruthú a choimeádfadh an chothromaíocht mar ba cheart idir, ar thaobh amháin, an gá le seasamh an Aontais a fheabhsú i gcaibidlíocht maidir le rochtain ar mhargaí, agus, ar an taobh eile, córas iomaíoch soláthair a chaomhnú san Aontas Eorpach.

Chuige sin, bunaítear sásra dúbáilte leis an togra seo. Bheadh údaráis chonarthacha/eintitis chonarthacha aonair i dteideal tairiscintí a eisiamh ar mó ná 50 % dá luach earraí agus/nó seirbhísí nach gcumhdaíonn gealltanais idirnáisiúnta maidir le rochtain ar an margadh, agus sin faoi mhaoirseacht an Choimisiúin. Lena chois sin, bheadh sé de chead ag an gCoimisiún frithbheartú trí rochtain ar an margadh a shrianadh go sealadach i gcás na dtíortha a eisiann go follasach soláthróirí, earraí agus seirbhísí an Aontais, nó a dhéanann leithcheal orthu go follasach ina gcleachtais náisiúnta soláthair, agus a dhiúltaíonn rochtain níos fearr ar an margadh a tabhairt le linn caibidlíochta. Aon srianta ar rochtain ar mhargadh soláthair phoiblí an AE a d’fhéadfadh an Coimisiún a ghlacadh amach anseo faoin Rialachán seo, beidh siad meáite agus sonraithe go cúramach.

D’eisigh Bord an Choimisiúin um Measúnú Tionchair dhá thuairim maidir leis an tuarascáil ar an measúnú tionchair. I bhfianaise na chéad tuairime athchóiríodh an tuarascáil ar an measúnú tionchair mar a leanas: rinneadh coigeartú ar shainiú na faidhbe le díriú ar an tsaincheist lárnach a sainaithníodh sa mheasúnú tionchair tríd síos, i.e. an gá le tuilleadh oscailte ar mhargaí soláthair tríú tíortha agus na fadhbanna a bhaineann le gealltanais idirnáisiúnta an AE a chomhlíonadh. Leathnaíodh réimse na roghanna atá le breithniú. Le cois beartais chaibidlíochta níos gníomhaí, dearctar mar rogha sa mheasúnú tionchair ar shíneadh an chórais atá ann cheana faoi Airteagal 58 agus Airteagal 59 de Threoir 2004/17/CE ionas go gcumhdófar faoin gcóras an soláthar poiblí ar fad atá cumhdaithe faoi threoracha an AE agus an deis earraí agus seirbhís coigríche nach bhfuil cumhdaithe a ghlacadh go roghnaíoch. Ar deireadh, beachtaíodh anailís na dtionchar chun tomhas na frithbheartaíochta agus na figiúirí dífhostaíochta a uasghrádú. In Iarscríbhinn 10 a ghabhann leis an tuarascáil ar an measúnú tionchair, tá achoimre níos mionsonraithe ar an dóigh ar ionchorpraíodh chéad tuairim an Bhoird um Measúnú Tionchair isteach sa tuarascáil athchóirithe a atíolacadh an 8 Feabhra 2012.

Sa tuairim a thug sé ar an tuarascáil atíolactha, d’aithin an Bord um Measúnú Tionchair na feabhsuithe a cuireadh ar an tuarascáil agus gur cuireadh na moltaí a rinne sé sa chéad tuairim i bhfeidhm inti, ach mhaígh sé nach bhféadfadh sé tuairim dheimhnitheach a thabhairt. Creideann an Bord um Measúnú Tionchair go bhfuil líon réimsí ann go fóill inarbh fhéidir an measúnú a neartú agus sainaithníonn sé roinnt gníomhartha a chuirfeadh tuilleadh feabhais ar an tuarascáil (i.e. cur i láthair na roghanna a bheachtú, feabhas a chur ar chur i láthair na samhla a úsáideadh le meastachán a dhéanamh ar na tionchair, comhréireacht rogha na tosaíochta a chosaint ní b’fhearr etc.) Cuireadh na moltaí sin i bhfeidhm ar an tuarascáil chríochnaitheach ar an measúnú tionchair chomh maith agus ab fhéidir.

3.           EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

Achoimre ar an mbeart atá beartaithe

Is iad príomhchuspóirí an togra seo staid an Aontais Eorpaigh a neartú agus é i mbun caibidlíochta maidir leis na coinníollacha rochtana atá ag soláthróirí ón AE, agus ag a n‑earraí agus a seirbhísí, ar na margaí soláthair phoiblí i dtríú tíortha agus soiléiriú a dhéanamh ar an staid dlí maidir le tairgeoirí coigríche, a n‑earraí agus a seirbhísí, atá rannpháirteach i margadh soláthair phoiblí an AE. Dá réir sin, bunaítear sa togra seo beartas cuimsitheach don AE maidir le soláthar poiblí seachtrach lena rialófar rochtain a bheidh ag earraí agus seirbhísí coigríche ar mhargadh soláthair phoiblí an AE agus lena n‑áirítear sásraí a spreagfaidh comhpháirtithe trádála an AE chun dul i mbun caibidle faoi rochtain ar mhargaí.

Ar an gcéad dul síos, léirítear sa togra mar chuid de reachtaíocht an AE an prionsabal gur cheart, ar mhargadh inmheánach soláthair an AE, caitheamh le hearraí agus le seirbhísí atá cumhdaithe ag gealltanais maidir le rochtain ar an margadh ar an dóigh chéanna a chaitear le hearraí agus le seirbhísí ón AE agus síntear an gnás sin le go gcumhdófar earraí agus seirbhísí ar de thionscnamh na dtíortha is lú forbairt iad.

Maidir leis an dóigh a bpléitear le hearraí agus le seirbhísí nach bhfuil cumhdaithe ag gealltanais maidir le rochtain ar an margadh, tá cur chuige trí chéim beartaithe.

Féadfaidh an Coimisiún a fhormheas go n‑eisiafaidh údaráis chonarthacha/eintitis chonarthacha tairiscintí más ionann luach na n‑earraí nó na seirbhísí nach bhfuil cumhdaithe agus breis agus 50 % de luach iomlán na n‑earraí nó na seirbhísí a bhaineann leis an tairiscint. Tar éis dó a chur in iúl, san fhógra conartha, go bhfuil rún aige na tairiscintí sin a eisiamh, ní mór don údarás conarthach/eintiteas conarthach fógra a thabhairt don Choimisiún nuair a fhaigheann sé tairiscintí ar den chatagóir sin iad. Dheonódh an Coimisiún a fhormheas don eisiamh sin sa chás nach mbeadh cómhalartacht shubstaintiúil ann maidir le hoscailt margaí idir an AE agus an tír inar tionscnaíodh na hearraí agus/nó na seirbhísí. Formheasfaidh an Coimisiún an t‑eisiamh má tá na hearraí agus na seirbhísí i gceist laistigh de raon feidhme forchoimeádais mhargaidh atá ag an AE i gcomhaontú idirnáisiúnta.

Lena chois sin, bunaítear leis an togra seo sásra de chuid an AE chun giaráil an AE a mhéadú a thuilleadh i gcaibidlíocht idirnáisiúnta maidir le rochtain ar mhargaí. De réir an tsásra sin, féadfaidh an Coimisiún imscrúduithe a dhéanamh, comhairliúchán a dhéanamh le tríú tíortha, agus, más iomchuí, bearta sealadacha srianta a chur i bhfeidhm.

De bharr iarrata ó gheallsealbhóirí nó ar a thionscnamh féin, féadfaidh an Coimisiún imscrúduithe a dhéanamh chun a dheimhniú an raibh cleachtais shriantacha soláthair ann. I gcás ina ndeimhneofaí gurbh ann do na cleachtais sin ann, d'iarrfadh an Coimisiún ar an tír lena mbaineann dul i gcomhairle leis chun aghaidh a thabhairt ar na cleachtais shriantacha sin agus dálaí níos fearr maidir le rochtain ar mhargaí a chruthú ar an dóigh sin.

Mura bhfuil an tír lena mbaineann sásta dul i gcomhairle nó réitigh shásúla ar na cleachtais shriantacha soláthair a chur ar fáil, féadfaidh an tAontas Eorpach cinneadh a dhéanamh srian sealadach a chur ar rochtain earraí agus/nó seirbhísí ón tír sin ar mhargadh soláthair phoiblí an AE.

Sa deireadh, mar chomhlánú ar na forálacha maidir le tairiscintí thar a bheith íseal san athchóiriú ar na Treoracha maidir le soláthar poiblí atá beartaithe, ceanglófar ar na húdaráis chonarthacha/eintitis chonarthacha é a chur in iúl do na tairgeoirí eile má tá rún acu tairiscintí thar a bheith íseal a ghlacadh más ionann luach na n‑earraí nó na seirbhísí nach bhfuil cumhdaithe agus breis agus 50 % de luach iomlán na n‑earraí nó na seirbhísí a bhaineann leis an tairiscint. Ó thugtar aghaidh ar an ngá go n‑urramódh tríú tíortha príomhchaighdeáin saothair na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair san athchóiriú atá beartaithe ar Threoracha soláthair phoiblí, ní gá a phlé sa téacs seo.

Ó ceapadh é mar uirlis beartais chun dlús a chur le caibidlíocht, ba cheart a dhearbhú nach bhfuil sé d'aidhm ag an tionscnamh seo an margadh soláthair san Aontas Eorpach a dhúnadh, ach rochtain níos fearr a fháil ar mhargaí soláthair phoiblí chomhpháirtithe trádála an Aontais Eorpaigh. Ní mór dálaí iomaíocha tairisceana ar an margadh inmheánach a chaomhnú, dálaí a mbaineann údaráis chonarthacha/eintitis chonarthacha agus an tsochaí ar an iomlán sochair nithiúla astu.

Bunús dlí

Airteagal 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Prionsabal na coimhdeachta

Tagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.

Prionsabal na comhréireachta

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta ar na cúiseanna seo a leanas.

Tá cothromaíocht chúramach sa togra seo idir leasa na ngeallsealbhóirí ábhartha uile agus ní théann foirm ná substaint na gníomhaíochta seo ón AE thar a bhfuil riachtanach le cuspóirí an Chonartha a bhaint amach.

Ar an gcéad dul síos, beidh sé de cheart ag údaráis chonarthacha/eintitis chonarthacha tairiscintí a eisiamh, faoi mhaoirseacht an Choimisiúin, nuair is earraí agus seirbhísí nach bhfuil cumhdaithe iad breis agus 50 % den tairiscint. Áirithítear leis sin go bhfágtar an rogha ag údaráis chonarthacha/eintitis chonarthacha earraí agus seirbhísí a ghlacadh is cuma cárb as iad nó srian a chur ar rochtain earraí agus seirbhísí nach bhfuil cumhdaithe ag comhaontuithe idirnáisiúnta an AE, a mhéid atá na srianta sin ag teacht le comhbheartas tráchtála an AE, comhbheartas atá faoi inniúlacht an AE amháin. Dearadh an mhaoirseacht a dhéanfaidh an Coimisiún go cúramach chun aonfhoirmeacht agus comhréireacht a áirithiú. Ar an dara dul síos, áiritheoidh an uirlís le haghaidh an Choimisiúin a bhunaítear leis an Rialachán seo go mbeidh sásra le fáil ag an AE chun cleachtais shriantacha i réimse an tsoláthair a imscrúdú agus chun dul i gcomhairle leis an tríú tír lena mbaineann. Ní ghlacfaidh an Coimisiún bearta sealadacha sriantacha ach sa chás nach bhfuil aon réiteach eile le fáil.

Coinnítear na costais riaracháin chomh híseal agus is féidir, ach is gá bearta a dhéanamh chun comhsheasmhacht an chomhbheartais tráchtála a chaomhnú. Is seirbhísí de chuid an Choimisiúin atá ag obair faoi láthair ar an mbeartas maidir le soláthar poiblí seachtrach agus ar fhaireachán ar rochtain ar mhargaí a dhéanfaidh na sásraí maoirseachta agus imscrúdaithe a chur ar bun, rud a chuirfidh srian ar an tionchar ar acmhainní daonna laistigh den Choimisiún. Ní bhainfidh an t‑ualach riaracháin ar údaráis chonarthacha/eintitis chonarthacha ach le cásanna ina ndéanfaidh an Coimisiún bearta sriantacha nó ina dtogróidh údaráis chonarthacha/eintitis chonarthacha an sásra a úsáid, agus bheidh sé bunaithe ar fhoirmeacha caighdeánacha nó ar fhéindearbhuithe, rud a chuirfidh teorainn leis na himscrúduithe a dhéanfaidh eintitis aonair chun a dheimhniú cárb as earraí agus seirbhísí.

Rogha ionstraimí

Rialachán an ionstraim atá beartaithe.

Níor leor modhanna eile, ó nach féidir ach do Rialachán a áirithiú go leordhóthanach go ndéanfaidh an tAontas Eorpach gníomhaíocht aonfhoirmeach i réimse an chomhbheartais tráchtála. Lena chois sin, tugann an ionstraim seo cumhachtaí don Choimisiún Eorpach, rud is ionann is a rá nach mbeadh trasuí úsáideach.

4.           IMPLEACHT BHUISÉADACH

Níl impleachtaí buiséadacha ag baint leis an togra féin. Na hacmhainní atá ann faoi láthair, is leor iad le haghaidh na dtascanna breise.

5.           EILIMINTÍ ROGHNACHA

Clásal athbhreithnithe/leasaithe/éaga

Tá clásal athbhreithnithe sa togra seo.

An Limistéar Eorpach Eacnamaíoch

Ábhar a bhaineann leis an LEE atá sa ghníomh atá beartaithe agus ba cheart, dá bhrí sin, an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a chuimsiú ann.

Míniú mionsonraithe ar an togra

Sainítear in Airteagal 1 ábhar agus raon feidhme an Rialacháin seo, a bhfuil Treoir 2004/17/CE agus Treoir 2004/18/CE ón AE maidir le soláthar poiblí agus an Treoir maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain mar bhonn leis, mar a mhol an Coimisiún[7].

In Airteagal 2 tá sainithe ábhartha, ar baineadh an mhórchuid acu as Treoracha ón AE maidir le soláthar poiblí. Sainítear sa téacs fosta "na hearraí agus na seirbhísí atá cumhdaithe" agus earraí agus seirbhísí gan chumhdach, sainithe is bunús don Rialachán seo.

In Airteagal 3 leagtar amach , chun críche an Rialacháin seo, na rialacha is infheidhme ar thionscnamh maidir le hearraí agus seirbhísí a sholáthraíonn údaráis chonarthacha/eintitis chonarthacha. De réir ghealltanais idirnáisiúnta an AE, tá na rialacha maidir le tionscnamh earraí ag teacht leis na rialacha neamhfhabhracha maidir le tionscnamh mar a shainítear i gCód Custaim an AE (Rialachán 2913/92). Tá an sainiú ar thionscnamh seirbhíse bunaithe ar na rialacha ábhartha sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an gceart bunaíochta agus ar na sainmhínithe atá sa Chomhaontú Ginearálta maidir le Trádáil Seirbhísí (Airteagal XXVIII).

In Airteagal 4 leagtar síos na rialacha maidir le rochtain ar mhargadh soláthair phoiblí an AE is infheidhme ar earraí agus ar sheirbhísí coigcríche atá cumhdaithe ag gealltanais ón AE maidir le rochtain ar an margadh (ar a dtugtar ‘earraí agus seirbhísí atá cumhdaithe') agus ar earraí agus ar sheirbhísí as na tíortha is lú forbairt. Ní mór caitheamh leis an dá chatagóir sin ar an dóigh chéanna a gcaitear le hearraí agus le seirbhísí an AE.

In Airteagal 5 tá cur síos ar na rialacha maidir le rochtain earraí agus seirbhísí de thionscnamh tríú tíortha nach bhfuil cumhdaithe ag gealltanais ón AE i ndáil le rochtain ar an margadh (ar a dtugtar 'earraí agus seirbhísí nach bhfuil cumhdaithe’). Féadfaidh rochtain na n‑earraí agus na seirbhísí sin bheith faoi réir beart srianta a dhéanfadh údaráis chonarthacha/eintitis chonarthacha nó an Coimisiún faoi réir na sásraí a bhunaítear leis an Rialachán seo.

In Airteagal 6 leagtar amach na coinníollacha faoinar féidir leis an gCoimisiún a fhormheas go n‑eisiafaidh na húdaráis chonarthacha/eintitis chonarthacha tairiscintí ó nósanna imeachta tairisceana, más fiú níos mó ná 50 % de luach iomlán na n‑earraí agus na seirbhísí sa tairiscint luach na n‑earraí agus/nó na seirbhísí nach bhfuil cumhdaithe i gcás conarthaí arb ionann a luach measta agus EUR 5 000 000 ar a laghad.

Nuair atá sé sonraithe ag údarás conarthach/eintiteas conarthach san fhógra conartha gur rún leis earraí agus seirbhísí gan chumhdach a eisiamh agus go bhfaigheann sé tairiscintí as an gcatagóir sin, ní mór dó fógra a thabhairt don Choimisiún agus tréithe na dtairiscintí lena mbaineann a shonrú. De réir na bhfógraí a foilsíodh san Iris Oifigiúil (TED, Tenders European Daily) níl ach 7 % de na conarthaí uile a foilsíodh san Iris Oifigiúil a bhfuil luach níos mó ná EUR 5 milliún orthu. Os a choinne sin, is ionann na conarthaí sin agus 61 % de mhargadh iomlán soláthair phoiblí an AE. Is é an meastachán a rinne an Coimisiún go bhfaigheann sé 35‑45 fógra in aghaidh na bliana ar a mhéad.

I gcás conarthaí arb ionann a luach measta ar a laghad EUR 5 000 000, níor mhór don Choimisiún cinneadh a ghlacadh maidir leis an eisiamh. Ba cheart don Choimisiún, i gcás na gconarthaí uile, an t‑eisiamh atá beartaithe a fhormheas má tá na hearraí agus na seirbhísí lena mbaineann faoi réir forchoimeádais maidir le rochtain ar an margadh faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta an AE maidir le soláthar poiblí. Mura bhfuil comhaontú mar sin ann, formheasfaidh an Coimisiún an t‑eisiamh má tá bearta sriantacha i bhfeidhm ag an tríú tír ar sholáthar poiblí a fhágann go bhfuil easpa cómhalartachta substaintiúla idir an tAontas agus an tríú tír lena mbaineann maidir le hoscailt an mhargaidh. Agus measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún an bhfuil easpa cómhalartachta substaintiúla ann, déanfaidh sé imscrúdú ar an méid a éiríonn le dlíthe soláthair phoiblí na tíre lena mbaineann trédhearcacht a áirithiú i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta i réimse an tsoláthair phoiblí agus aon idirdhealú i gcoinne earraí, seirbhísí agus oibreoirí eacnamaíocha an Aontais a chosc. Lena chois sin, scrúdóidh sé an méid a choimeádann ar siúl nó a ghlacann údaráis soláthair phoiblí agus/nó eintitis soláthair aonair cleachtais idirdhealaitheacha i gcoinne earraí, seirbhísí agus oibreoirí an Aontais.

In Airteagal 7 cuirtear an oibleagáid shonrach ar údaráis chonarthacha/eintitis chonarthacha go gcuirfidh siad in iúl do na tairgeoirí eile i nós imeachta dámhachtana gur chinn siad tairiscint thar a bheith íseal a ghlacadh ar mó ná 50 % de luach iomlán na n‑earraí agus na seirbhísí sa tairiscint luach na n‑earraí agus/nó na seirbhísí nach bhfuil cumhdaithe.

In Airteagal 8 leagtar amach na coinníollacha faoina bhféadfaidh an Coimisiún, dá thionscnamh féin nó ar iarraidh Ballstát ná páirtithe leasmhara, imscrúdú seachtrach maidir le soláthar a thionscnamh ar bhearta sriantacha soláthair a ghlac tríú tíortha, agus an dóigh leis an imscrúdú sin a dhéanamh.

Bunaítear le hAirteagal 9 sásra le haghaidh comhairliúchán le tríú tíortha i gcásanna ina gcinneann an Coimisiún, tar éis dó imscrúdú seachtrach maidir le soláthar a dhéanamh, gur ghlac an tír lena mbaineann cleachtas sriantach maidir le soláthar poiblí, nó go bhfuil an tír sin ag leanúint de chleachtas den sórt sin. Faoin sásra sin, tabharfaidh an Coimisiún cuireadh don tír lena mbaineann dul i mbun caibidle d'fhonn an cleachtas sriantach maidir le soláthar a chur ar ceal agus a áirithiú gurb ann do thrédhearcacht i gcomhair soláthróirí ón AE, agus a n‑earraí agus a seirbhísí, agus go gcaitear go cothrom leo. Cuirtear san áireamh sa scéim comhairliúcháin na dálaí éagsúla a bheidh le breithniú, amhail sásra réitigh aighneas a bheith ann i gcás cleachtas sriantach soláthair a bhaineann le soláthar poiblí atá cumhdaithe, bearta ceartaitheacha aontaobhacha nó tabhairt i gcrích comhaontaithe idirnáisiúnta ina n‑áirithítear go gcaifear go cothrom le soláthróirí ón AE, agus lena n‑earraí agus a seirbhísí, ar cuireadh cleachtais shriantacha soláthair i bhfeidhm orthu roimhe sin. Tugtar cumhacht don Choimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh a thoirmeascfaidh eisiamh tairiscintí a chuimsíonn earraí agus seirbhísí nach bhfuil cumhdaithe agus atá de thionscnamh tíortha a ndéantar caibidlíocht shubstainteach leo maidir le rochtain ar an margadh agus a bhfuil bunús réasúnach ann le bheith ag súil go gcuirfear na cleachtais soláthair shriantacha ar ceal go luath.

In Airteagal 10, tugtar cumhacht don Choimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh maidir le ‘bearta sriantacha’, ar choinníoll gur deimhníodh san imscrúdú a rinne sé go bhfuil bearta sriantacha soláthair ann i dtríú tír, agus gur fhéach an Coimisiún le dul i mbun caibidle maidir le rochtain ar an margadh faoi réir an tsásra comhairliúcháin. Ar na bearta sin, d’fhéadfadh bheith, go teoiriciúil (i) dícháiliú tairiscintí áirithe ina bhfuil níos mó ná 50 % de na hearraí agus na seirbhísí de thionscnamh na tíre lena mbaineann; agus/nó (ii) pionós praghais sainordaitheach ar na hearraí nó ar na seirbhísí sin atáthar a thairgeadh ar de thionscnamh na tíre lena mbaineann iad.

In Airteagal 11 leagtar amach rialacha maidir le bearta sriantacha a glacadh a tharraingt siar nó a chur ar fionraí, chomh maith le cinneadh ón gCoimisiún a thoirmeascfaidh ar údaráis chonarthacha/eintitis chonarthacha Airteagal 6 a úsáid.

In Airteagal 12 leagtar amach rialacha maidir le faisnéis a chur ar fáil do thairgeoirí i leith cur i bhfeidhm beart sriantach a ghlac an Coimisiún i gcomhthéacs nósanna imeachta aonair maidir le soláthar poiblí.

In Airteagal 13 leagtar amach na dálaí ina bhfuil údaráis chonarthacha/eintitis chonarthacha údaraithe le bearta a glacadh de bhun an Rialacháin seo a chur i leataobh. Is é is cuspóir don fhoráil seo, an méid solúbthachta is gá a thabhairt d’údaráis chonarthacha/eintitis chonarthacha chun a riachtanais cheannaithe a riar agus, ag an am chéanna, faireachán ceart ón gCoimisiún a áirithiú trí bhíthin na hoibleagáide fógra a thabhairt.

In Airteagal 14 leagtar amach agus Airteagal 15 na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14 maidir le leasuithe ar an Iarscríbhinn chun comhaontuithe idirnáisiúnta nua arna gcur i gcrích ag an Aontas i réimse an tsoláthair phoiblí a chur san áireamh.

In Airteagal 16, cuirtear bearta ceartaitheacha dlí ar fáil maidir le forálacha an Rialacháin seo.

In Airteagal 17 leagtar síos an nós imeachta coiste ábhartha chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh. Lena chois sin, tugtar cumhacht ann don Choimisiún bearta cur chun feidhme a ghlacadh chun foirmeacha caighdeánacha a ghlacadh.

In Airteagal 18 leagtar síos nach mór don Choimisiún tuairisc a thabhairt ar chur chun feidhme an Rialacháin seo gach tríú bliain ar a laghad tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm.

In Airteagal 18 tá rialacha maidir le rúndacht faisnéise a fuarthas de bhun an Rialacháin seo.

In Airteagal 20 déantar foráil maidir le haisghairm Airteagal 58 agus Airteagal 59 de Threoir 2004/17/CE.

In Airteagal 21 cinntear teacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

2012/0060 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le rochtain earraí agus seirbhísí tríú tíortha ar mhargadh inmheánach soláthair phoiblí an Aontais agus maidir le nósanna imeachta atá ceaptha an chaibidlíocht i leith rochtain earraí agus seirbhísí an Aontais ar mhargaí soláthair phoiblí tríú tíortha a éascú

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[8],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[9],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)       Foráiltear le hAirteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach go saineoidh agus go saothróidh an tAontas comhbheartais agus comhghníomhaíochtaí, agus go bhféachfaidh sé le hardleibhéal comhair a bhaint amach i ngach réimse den chaidreamh idirnáisiúnta, chun cuidiú, inter alia, gach tír a lánpháirtiú i ngeilleagar an domhain, lena n‑áirítear trí bhíthin deireadh a chur de réir a chéile le srianta ar an trádáil idirnáisiúnta.

(2)       De bhun Airteagal 206 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), rannchuideoidh an tAontas, trí bhíthin aontas custaim a bhunú, ar mhaithe leis an leas coitinn, le forbairt chomhchuí na trádála domhanda, le deireadh a chur de réir a chéile le srianta ar an trádáil idirnáisiúnta agus ar infheistíocht dhíreach choigríche, agus le bacainní custaim agus bacainní eile a laghdú.

(3)       I gcomhréir le hAirteagal 26 den CFAE glacfaidh an tAontas bearta a mbeidh d'aidhm leo an margadh inmheánach a bhunú nó feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú sa chaoi is gurb é a bheidh ann limistéar gan teorainneacha inmheánacha ina n‑áiritheofar saorghluaiseacht earraí, daoine agus seirbhísí i gcomhréir le forálacha na gconarthaí.

(4)       Le hAirteagal III:8 den Comhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil 1994 agus le hAirteagal XIII den Chomhaontú Ginearálta maidir le Trádáil Seirbhísí eisiatar soláthar poiblí arna dhéanamh ag comhlachtaí rialtais ó raon feidhme phríomhsmachta iltaobhacha na hEagraíochta Domhanda Trádála.

(5)       Laistigh den Eagraíocht Dhomhanda Trádála agus trína chaidreamh déthaobhach féin, cuireann an tAontas chun cinn oscailt uaillmhianach a dhéanamh ar mhargaí soláthair phoiblí an Aontais agus a gcomhpháirtithe trádála, de mheon cómhalartachta agus comhshochair.

(6)       Tá leisce ar chuid mhór tríú tíortha iomaíocht idirnáisiúnta a ligean isteach ina margaí soláthair phoiblí, nó an rochtain atá ar na margaí sin cheana féin a oscailt a thuilleadh. Dá thoradh sin, tá oibrithe eacnamaíocha an Aontais faoi réir cleachtas sriantach soláthair i gcuid mhaith de na tíortha ar comhpháirtithe trádála de chuid an Aontais iad. Caillteanas mórdheiseanna trádála an toradh atá ar na cleachtais shriantacha soláthair sin.

(7)       I dTreoir 2004/17/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena gcomhordaítear na nósanna imeachta um sholáthar de chuid eintiteas a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist[10], agus i dTreoir 2004/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir leis na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí oibreacha poiblí, conarthaí soláthair phoiblí agus conarthaí seirbhíse poiblí a chomhordú[11], níl ach líon beag forálacha maidir leis an ngné sheachtrach de bheartas an Aontais maidir le soláthar poiblí, go háirithe Airteagal 58 agus Airteagal 59 de Threoir 2004/17/CE. Níl ach raon feidhme teoranta ag na forálacha sin, áfach, agus i ngeall ar easpa treoraithe ní minic a chuireann na heintitis chonarthacha i bhfeidhm iad.

(8)       I gcomhréir le hAirteagal 207 den CFAE bunófar an comhbheartas tráchtála i réimse an tsoláthair phoiblí ar phrionsabail aonfhoirmeacha.

(9)       Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil a bheith ag an Aontas agus ag oibreoirí eacnamaíocha agus eintitis chonarthacha/údaráis chonarthacha tríú tíortha, ba cheart léiriú a bheith i ndlíchóras an Aontais ar ghealltanais idirnáisiúnta an Aontais maidir le rochtain ar mhargaí i ndáil le tríú tíortha i réimse an tsoláthair phoiblí d'fhonn a gcur chun feidhme éifeachtach a áirithiú. Ba cheart don Choimisiún treorú a thabhairt maidir le cur i bhfeidhm na ngealltanas idirnáisiúnta atá ag an Aontas Eorpach cheana maidir le rochtain ar mhargaí. Ba cheart an treorú sin a thabhairt cothrom le dáta go rialta agus ba cheart faisnéis sho‑úsáidte a bheith ann.

(10)     Maidir leis an gcuspóir feabhas a chur ar an rochtain atá ag oibreoirí eacnamaíocha an AE ar mhargaí soláthair phoiblí tríú tíortha áirithe atá faoi chosaint ag bearta sriantacha soláthair agus an gcuspóir dálaí cothroma iomaíochta a chaomhnú laistigh den Mhargadh Aonair Eorpach, chun iad a bhaint amach is gá an chaoi a gcaitear le hearraí agus seirbhísí tríú tíortha nach bhfuil cumhdaithe ag gealltanais idirnáisiúnta an Aontais a chomhchuibhiú ar fud an Aontais Eorpaigh.

(11)     Chuige sin, ba cheart rialacha maidir le tionscnamh a bhunú ionas go mbeidh a fhios ag na húdaráis chonarthacha/na heintitis chonarthacha cé acu atá nó nach bhfuil na hearraí agus na seirbhísí cumhdaithe ag gealltanais idirnáisiúnta an Aontais Eorpaigh. Ba cheart tionscnamh earraí a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 22 go hAirteagal 26 de Rialachán (CE) Uimh. 2913/1992 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 1992 lena mbunaítear Cód Custaim an Chomhphobail[12]. De réir an Rialacháin sin ba cheart a mheas gur earraí de chuid an Aontais earraí sa chás go bhfaightear nó go dtáirgtear ina n‑iomláine iad san Aontas. Earraí a raibh tríú tír amháin nó níos mó bainteach lena dtáirgeadh, ba cheart a mheas gurb í an tír tionscnaimh an tír ina ndearnadh an phróiseáil shubstaintiúil deiridh nó an t‑oibriú substaintiúil deiridh lena raibh bunús eacnamaíoch i ngnóthas a bhfuil an trealamh chuige sin aige, agus ar a raibh mar thoradh táirge nua, nó céim thábhachtach den phróiseas monaraíochta a bhaint amach. Ba cheart tionscnamh seirbhíse a chinneadh ar bhonn thionscnamh an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá á soláthar. Ba cheart an treorú dá dtagraítear in aithris 9 cur i bhfeidhm praiticiúil na rialacha maidir le tionscnamh a chumhdach.

(12)     Ba cheart don Choimisiún a mheas cé acu a cheadóidh sé nó nach gceadóidh sé údaráis chonarthacha/eintitis chonarthacha de réir bhrí Threoracha [2004/17/CE, 2004/18/CE agus Threoir [....] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [....] maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain[13]], i gcás conarthaí a bhfuil a luach measta cothrom le EUR 5 000 000 nó níos mó, earraí agus seirbhísí nach bhfuil cumhdaithe ag gealltanais idirnáisiúnta an Aontais Eorpaigh a eisiamh ó dheonú conarthaí.

(13)     Ar mhaithe le trédhearcacht, aon údarás conarthach/eintiteas conarthach a bhfuil rún aige a chuid cumhachta a úsáid i gcomhréir leis an Rialachán seo chun tairiscintí a bhaineann le hearraí agus/nó seirbhísí nach de thionscnamh an Aontais Eorpaigh iad, agus ina bhfuil luach na n‑earraí nó na seirbhísí nach bhfuil cumhdaithe níos mó ná 50% de luach iomlán na n‑earraí nó na seirbhísí i gceist, a eisiamh ó nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí, ba cheart dó é sin a chur in iúl d'oibritheoirí eacnamaíocha san fhógra conartha a fhoilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(14)     D'fhonn é a chur ar chumas an Choimisiúin cinneadh a dhéanamh maidir le heisiamh seirbhísí agus earraí tríú tíortha nach bhfuil cumhdaithe ag gealltanais idirnáisiúnta an Aontais, ba cheart do na húdaráis chonarthacha/eintitis chonarthacha fógra a thabhairt don Choimisiún maidir lena rún earraí agus seirbhísí den sórt sin a eisiamh, trí bhíthin foirm chaighdeánach a úsáid ina bhfuil eolas leordhóthanach a chuirfidh ar chumas an Choimisiúin cinneadh a dhéanamh.

(15)     I gcás conarthaí a bhfuil a luach measta cothrom le EUR 5 000 000 nó níos mó ná sin ba cheart don Choimisiún an t‑eisiamh atá beartaithe a fhormheas má tá forchoimeádais shainráite déanta ag an Aontas maidir le rochtain ar an margadh, i gcás na n‑earraí agus/nó na seirbhísí a bhfuiltear ag beartú an eisiata dóibh, sa chomhaontú idirnáisiúnta maidir le rochtain ar mhargaí i réimse an tsoláthair phoiblí idir an tAontas agus tír tionscnaimh na n‑earraí agus/nó na seirbhísí. Mura bhfuil comhaontú mar sin ann, ba cheart don Choimisiún an t‑eisiamh a fhormheas má tá bearta sriantacha soláthair i bhfeidhm ag an tríú tír a fhágann go bhfuil easpa cómhalartachta substaintiúla idir an tAontas agus an tríú tír i gceist maidir le hoscailt an mhargaidh. Ba cheart a mheas go bhfuil easpa cómhalartachta substaintiúla ann i gcás ina bhfuil bearta sriantacha soláthair ina gcúis le hidirdhealuithe tromchúiseacha athfhillteacha i gcoinne oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí de chuid an Aontais.

(16)     Agus measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún cé acu atá nó nach bhfuil easpa cómhalartachta substaintiúla ann, ba cheart dó scrúdú a dhéanamh ar a mhéid a dhéanann dlíthe soláthair phoiblí na tíre i gceist trédhearcacht a áirithiú i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta i réimse an tsoláthair phoiblí agus a mhéid a choscann siad aon idirdhealú i leith earraí, seirbhísí agus oibreoirí eacnamaíocha an Aontais. Lena chois sin, ba cheart dó scrúdú a dhéanamh ar a mhéid a leanann nó a ghlacann údaráis phoiblí agus/nó eintitis soláthair aonair cleachtais idirdhealaitheacha i leith earraí, seirbhísí agus oibreoirí an Aontais.

(17)     Ba cheart an Coimisiún a bheith in ann cosc a chur ar an éifeacht dhíobhálach a d'fhéadfadh a bheith ag eisiamh a bheifí a bheartú ar chaibidlíocht trádála a bheadh ar siúl leis an tír lena mbaineann. Dá bhrí sin, i gcás ina bhfuil tír i mbun caibidlíochta substaintí leis an Aontas maidir le rochtain ar an margadh i réimse an tsoláthair phoiblí agus i gcás ina measfaidh an Coimisiún go bhfuil sé dóchúil go maith go gcuirfear deireadh leis na cleachtais shriantacha soláthair gan rómhoill, ba cheart go mbeadh sé in ann gníomh cur chun feidhme a ghlacadh á fhoráil nár cheart earraí ná seirbhísí ón tír sin a eisiamh ó nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí ar feadh tréimhse bliana.

(18)     Ós rud é go bhfuil rochtain earraí agus seirbhísí tríú tíortha ar mhargadh soláthair phoiblí an Aontais faoi raon feidhme an chomhbheartais tráchtála, níor cheart na Ballstáit na a n‑údaráis chonarthacha/a n‑eintitis chonarthacha a bheith in ann srian a chur ar an rochtain atá ag earraí agus seirbhísí ar a nósanna imeachta tairisceana le haon bheart seachas na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

(19)     I bhfianaise an dua bhreise a bhíonn ar údaráis chonarthacha/eintitis chonarthacha measúnú a dhéanamh ar mhínithe tairgeoirí ar thairiscintí a bhaineann le hearraí agus/nó seirbhísí nach de thionscnamh an Aontais Eorpaigh iad agus ina bhfuil luach na n‑earraí nach bhfuil cumhdaithe níos mó 50% de luach iomlán na n‑earraí nó na seirbhísí sin, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le trédhearcacht bhreise i leith na slí a gcaitear le tairiscintí thar a bheith íseal. I dteannta na rialacha dá bhforáiltear le hAirteagal 69 den Treoir maidir le soláthar poiblí agus le hAirteagal 79 den Treoir maidir le soláthar ag eintitis atá ag oibriú in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist, ba cheart don údarás conarthach/eintiteas conarthach a bhfuil sé beartaithe aige glacadh le tairiscint thar a bheith íseal a chur in iúl do gach tairgeoir eile i scríbhinn go bhfuil sé sin beartaithe aige, lena n‑áirítear an fáth a bhfuil an praghas nó na costais arna muirearú thar a bheith íseal. Dá bharr sin bheadh sé níos fusa ag na tairgeoirí eile sin a mheas an mbeidh an tairgeoir a roghnófar in ann an conradh ina iomláine a chomhlíonadh faoi na coinníollacha atá leagtha amach sa doiciméad tairisceana. D'fhágfadh an fhaisnéis bhreise sin go mbeadh margadh soláthair phoiblí an AE níos cothroime.

(20)     Ba cheart an Coimisiún a bheith in ann, ar a thionscnamh féin nó ar iarratas ó pháirtithe leasmhara nó ó Bhallstát, imscrúdú seachtrach soláthair a thionscnamh faoi bhearta sriantacha soláthair a líomhnaítear a bheith ar siúl ag tríú tír. Cuirfear san áireamh, go háirithe, go bhfuil líon áirithe eisiamh atá beartaithe i dtaobh tríú tír arna bhformheas ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 6(2) den Rialachán seo. Ba cheart nósanna imeachta imscrúdaithe den sórt sin a bheith gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 3286/94 ón gComhairle an 22 Nollaig 1994 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail i réimse an chomhbheartais tráchtála d'fhonn feidhmiú chearta an Chomhphobail faoi rialacha trádála idirnáisiúnta a áirithiú, go háirithe na cearta sin a bunaíodh faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Trádála[14].

(21)     I gcás ina bhfuil cúis ag an gCoimisiún a chreidiúint, ar bhonn faisnéise a bhfuil fáil aici uirthi, go bhfuil cleachtas sriantach soláthair curtha i bhfeidhm nó a á choinneáil i bhfeidhm ag tríú tír, ba cheart é a bheith de chumhacht aige tús a chur le himscrúdú. Má dhearbhaítear don Choimisiún go bhfuil cleachtas sriantach soláthair ar siúl ag tríú tír, ba cheart dó iarraidh ar an tír sin tús a chur le comhairliúchán d'fhonn feabhas a chur ar na deiseanna tairisceana atá ag oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí an AE sa tír sin.

(22)     Mura bhfuil mar thoradh ar an gcomhairliúchán leis an tír sin feabhas sásúil ar na deiseanna tairisceana atá ag oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí an AE, ba cheart don Choimisiún bearta sriantacha iomchuí a dhéanamh.

(23)     D'fhéadfadh a bheith i gceist leis na bearta sin eisiamh sainordaitheach earraí agus seirbhísí áirithe de chuid tríú tíortha ó nósanna imeachta soláthair phoiblí san Aontas Eorpach, nó pionós sainordaitheach praghais a chur ar thairiscintí a bhaineann le hearraí agus seirbhísí de thionscnamh na tíre sin. Ionas nach bhféadfar dul timpeall ar na bearta sin, d'fhéadfadh sé gur ghá daoine dlítheanacha áirithe a eisiamh atá faoi úinéireacht choigríche nó faoi rialú coigríche agus atá bunaithe san Aontas Eorpach agus nach bhfuil ag gabháil d'oibríochtaí substainteacha gnó a bhfuil baint dhíreach éifeachtach acu le geilleagar an Bhallstáit lena mbaineann. Níor cheart na bearta iomchuí a bheith ar neamhréir leis na cleachtais shriantacha soláthair a bhfuil siad ceaptha dul i ngleic leo.

(24)     Tá sé ríthábhachtach rochtain a bheith ag údaráis chonarthacha/eintitis chonarthacha, ag praghas iomaíoch, ar raon táirgí ardchaighdeáin a riarann dá riachtanais cheannaithe. Dá bhrí sin, ba cheart údaráis chonarthacha/eintitis chonarthacha a bheith in ann gan bearta a chuireann srian ar an rochtain ar earraí nach bhfuil cumhdaithe a chur i bhfeidhm sa chás nach bhfuil aon earraí nó seirbhísí de chuid an Aontais ná earraí nó seirbhísí atá cumhdaithe a riarann do riachtanais an údaráis chonarthaigh/an eintitis chonarthaigh maidir le bunleasanna poiblí amhail sláinte nó slándáil phoiblí a chosaint, nó sa chás gurb é toradh a bheadh ar chur i bhfeidhm an bhirt i gceist méadú díréireach ar phraghas nó ar chostais an chonartha.

(25)     I gcás ina ndéanann údaráis chonarthacha/eintitis chonarthacha eisceachtaí ar bhearta a chuireann srian ar rochtain ar earraí agus seirbhísí nach bhfuil cumhdaithe a chur chun mífheidhme, ba cheart an Coimisiún a bheith in ann sásra ceartaitheach Airteagal 3 de Threoir 89/665/CEE ón gComhairle maidir le comhordú a dhéanamh ar dhlíthe, ar rialacháin agus ar fhorálacha riaracháin a bhaineann le cur i bhfeidhm nósanna imeachta athbhreithnithe ar dhámhachtain conarthaí soláthair phoiblí agus oibreacha poiblí[15] nó Airteagal 8 de Threoir 92/13/CEE ón gComhairle an 25 Feabhra 1992 lena gcomhordaítear na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin a bhaineann le rialacha an Chomhphobail a chur i bhfeidhm maidir le nósanna imeachta um sholáthar de chuid eintiteas a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair[16]. Chun na críocha céanna, aon chonradh a thugtar i gcrích le hoibreoir eacnamaíoch de shárú ar chinntí an Choimisiúin maidir le heisiaimh atá beartaithe agus ar thug na húdaráis chonarthacha/na heintitis chonarthacha fógra ina leith nó de shárú ar bhearta a chuireann srian ar rochtain earraí agus seirbhísí nach bhfuil cumhdaithe, ba cheart a dhearbhú go bhfuil sé gan éifeacht de réir bhrí Threoir 2007/66/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[17].

(26)     I bhfianaise bheartas ginearálta an Aontais maidir leis na tíortha is lú forbairt dá bhforáiltear, inter alia, i Rialachán (CE) Uimh. 732/2008 ón gComhairle an 22 Iúil 2008 lena ndéantar scéim um fhabhair tharaife ghinearálaithe ón 1 Eanáir 2009 a chur i bhfeidhm, is iomchuí earraí agus seirbhísí de chuid na dtíortha sin a chomhshamhlú le hearraí agus seirbhísí Aontais.

(27)     D'fhonn na gealltanais idirnáisiúnta maidir le rochtain ar mhargaí i réimse an tsoláthair phoiblí a dhéanfar i ndiaidh ghlacadh an Rialacháin seo a léiriú i ndlíchóras an Aontais Eorpaigh, ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh d'fhonn leasuithe a dhéanamh ar an liosta comhaontuithe idirnáisiúnta atá i gceangal leis an Rialachán seo. Tá sé ríthábhachtach go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, comhairliúcháin le saineolaithe san áireamh. Le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(28)     D'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha do chur chun feidhme an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann le sásraí lena rialaíonn na Ballstáit mar a fheidhmíonn an Coimisiún cumhachtaí cur chun feidhme.

(29)     Ba cheart an nós imeachta comhairliúcháin a úsáid chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir le tarraingt suas na bhfoirmeacha caighdeánacha a úsáidfear chun fógraí a fhoilsiú, chun fógraí a chur isteach chun an Choimisiúin agus le haghaidh tionscnaimh earraí agus seirbhísí. Níl aon impleachtaí ag na cinntí sin ó thaobh airgeadais de ná do chineál agus raon feidhme na n‑oibleagáidí a eascróidh ón Rialachán seo. A mhalairt sin, de chineál riaracháin amháin atá na gníomhartha seo agus iad ceaptha cur i bhfeidhm na rialacha a leagtar síos leis an Rialacháin seo a éascú.

(30)     Ba cheart don Choimisiún tuairisciú gach trí bliana ar a laghad maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(31)     I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, is gá agus is iomchuí, d'fhonn an bunchuspóir comhbheartas seachtrach i réimse an tsoláthair phoiblí a bhaint amach, rialacha a leagan síos maidir le conas caitheamh le hearraí agus seirbhísí nach bhfuil cumhdaithe ag gealltanais idirnáisiúnta an Aontais Eorpaigh. Ní théann an Rialachán seo maidir le rochtain oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí tríú tíortha thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí atáthar a shaothrú a bhaint amach, i gcomhréir leis an tríú mír d'Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Caibidil I Forálacha ginearálta Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme

1.           Leis an Rialachán seo leagtar síos rialacha maidir le rochtain earraí agus seirbhísí tríú tíortha ar chonarthaí a dhámhann údaráis chonarathacha/eintitis chonarthacha an Aontais i dtaca le hobair nó oibreacha a dhéanamh, earraí a sholáthar agus seirbhisí a chur ar fáil, agus bunaítear nósanna imeachta chun an chaibidlíocht i leith rochtain earraí agus seirbhísí an Aontais ar mhargaí soláthair phoiblí tríú tíortha a éascú.

2.           Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le conarthaí atá cumhdaithe ag na gníomhartha seo a leanas:

(a) Treoir [2004/17/CE];

(b) Treoir [2004/18/CE];

(c) Treoir [201./...(maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain)].

Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le dámhachtain conarthaí ina bhfuil na hearraí nó na seirbhísí á soláthar chun críocha rialtasacha agus ní ar mhaithe lena n‑athdhíol ná lena n‑úsáid chun earraí a tháirgeadh nó seirbhísí tráchtála a chur ar fáil.

Airteagal 2 Sainmhínithe

1.           Chun críocha an Rialacháin seo beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a) ciallaíonn 'soláthróir' aon duine nádúrtha nó dlítheanach a thairgeann earraí ar an margadh;

(b) ciallaíonn 'soláthraí seirbhísí' aon duine nádúrtha nó dlítheanach a thairgeann oibreacha nó obair a dhéanamh, nó a thairgeann seirbhísí ar an margadh;

(c) ciallaíonn 'údarás conarthach/eintiteas conarthach' 'údarás conarthach' mar atá sainmhínithe in [Airteagal 1(9) de Threoir 2004/18/CE, agus 'eintiteas conarthach' mar atá sainmhínithe in Airteagal 2 de Threoir 2004/17/CE agus in Airteagal 3 agus Airteagal 4 de Threoir 20... maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain];

(d) ciallaíonn 'earraí nó seirbhísí atá cumhdaithe' earra nó seirbhís de thionscnamh tíre a bhfuil comhaontú idirnáisiúnta tugtha i gcrích ag an Aontas léi i réimse an tsoláthair phoiblí, lena n‑áirítear gealltanais maidir le rochtain ar an margadh, agus ar earra nó seirbhís é a bhfuil feidhm ag an gcomhaontú ábhartha maidir leis. Tá in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo liosta de chomhaontuithe ábhartha;

(e) ciallaíonn 'seirbhísí nó earraí nach bhfuil cumhdaithe' earra no seirbhís de thionscnamh tíre nach bhfuil comhaontú idirnáisiúnta tugtha i gcrích ag an Aontas léi i réimse an tsoláthair phoiblí, lena n‑áirítear gealltanais maidir le rochtain ar an margadh, nó earra nó seirbhís de thionscnamh tíre a bhfuil comhaontú den sórt sin tugtha i gcrích ag an Aontas léi, ach nach bhfuil feidhm ag an gcomhaontú ábhartha i ndáil leis;

(f) ciallaíonn 'beart' aon dlí, rialachán, cleachtas, nó aon teaglaim de na nithe sin;

(g) Ciallaíonn 'páirtí leasmhar' cuideachta nó gnóthas a bunaíodh i gcomhréir le dlí Ballstáit agus a bhfuil a oifig chláraithe, a lárionad riaracháin nó a phríomhionad gnó laistigh den Aontas, ar cuideachta nó gnóthas é a bhíonn ag plé go díreach le táirgeadh earraí nó soláthar seirbhísí atá faoi réir beart sriantach soláthair tríú tíortha.

2.           Chun críocha an Rialacháin seo

(a) is é brí a fhéadfaidh a bheith le 'tír' aon Stát nó críoch chustaim ar leith, ach gan impleachtaí ceannasachta a bheith aige sin;

(b) cuimseoidh an téarma 'oibreoir eacnamaíoch' an dá choincheap 'soláthróir' agus 'soláthraí seirbhíse';

(c) aon oibreoir eacnamaíoch a bhfuil tairiscint curtha isteach aige, ainmneofar ina 'tairgeoir' é;

(d) measfar gur soláthar seirbhíse é aon obair nó oibreacha a dhéantar de réir bhrí Threoracha [2004/17/CE, 2004/18/CE, agus Treoir 201./.. maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain].

(e) is é brí a bheidh le 'pionós sainordaitheach praghais' oibleagáid ar eintitis chonarthacha praghas seirbhísí agus/nó earraí de thionscnamh tríú tíortha áirithe a tairgeadh faoi nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí a ardú, faoi réir eisceachtaí áirithe.

Airteagal 3 Rialacha maidir le tionscnamh

1.           Is i gcomhréir le hAirteagal 22 go hAirteagal 26 de Rialachán (CE) Uimh. 2913/1992 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 1992 lena mbunaítear an Cód Custaim Comhphobail[18] a chinnfear tionscnamh earra.

2.           Cinnfear tionscnamh seirbhíse ar bhonn thionscnamh an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá á soláthar. Measfar gurb éard a bheidh i dtionscnamh soláthraí seirbhíse:

(a) i gcás duine nádúrtha, an tír ar náisiúnach di é nó an tír a bhfuil ceart buanchónaithe aige inti;

(b) i gcás duine dhlítheanaigh aon cheann den dá rud seo:

(1) má sholáthraítear an tseirbhís ar bhealach seachas trí láithreacht tráchtála laistigh den Aontas, an tír ina bhfuil an duine dlítheanach bunaithe nó ina bhfuil sé curtha ar bun ar shlí eile faoi dhlíthe na tíre sin agus a bhfuil sé ag gabháil d'oibríochtaí substainteacha gnó ar a críoch;

(2) má sholáthraítear an tseirbhís trí láithreacht tráchtála laistigh den Aontas, an Ballstát ina bhfuil an duine dlítheanach bunaithe agus bhfuil sé ag gabháil d'oibríochtaí substainteacha gnó ar a chríoch a bhfuil baint dhíreach éifeachtach acu le geilleagar an Bhallstáit lena mbaineann;

Chun críocha phointe (2) mura bhfuil an duine dlítheanach ag gabháil do ghníomhaíochtaí substainteacha gnó a bhfuil baint dhíreach éifeachtach acu le geilleagar an Bhallstáit lena mbaineann, tionscnamh na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha ar leo an duine dlítheanach atá ag soláthar na seirbhíse nó a rialaíonn an duine dlítheanach sin.

Maidir leis an duine dlítheanach atá ag soláthar na seirbhíse:

measfar go bhfuil sé "faoi úinéireacht" daoine de chuid tíre áirithe má tá níos mó ná 50% dá leas cothromais faoi úinéireacht tairbhiúil daoine den tír sin agus measfar go bhfuil sé "faoi rialú" ag daoine de chuid tíre áirithe, má tá sé de chumhacht ag na daoine sin tromlach de na stiúrthóirí a ainmniú nó a ghníomhaíochtaí a stiúradh go dlíthiúil ar bhealach eile.

3.           Chun críocha an Rialacháin seo, caithfear le hearraí agus le seirbhísí de thionscnamh tíortha an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch ar an tslí chéanna a chaitear le hearraí agus le seirbhísí de thionscnamh na mBallstát.

Caibidil II Mar a chaitear le hearraí agus seirbhísí atá cumhdaithe agus le hearraí agus seirbhísí nach bhfuil cumhdaithe, Tairiscintí atá thar a bheith íseal Airteagal 4 Mar a chaitear le hearraí agus seirbhísí atá cumhdaithe

Agus conarthaí á ndámhachtain chun oibreacha agus/nó obair a dhéanamh, earraí a sholáthar nó seirbhísí a chur ar fáil, caithfidh údaráis chonarthacha/eintitis chonarthacha le hearraí agus seirbhísí atá cumhdaithe go díreach mar a chaitear le hearraí agus seirbhísí atá de thionscnamh an Aontais Eorpaigh.

Aon earraí nó seirbhísí de thionscnamh na dtíortha is lú forbairt atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán (CE) Uimh. 732/2008, caithfear leo mar earraí agus seirbhísí atá cumhdaithe.

Airteagal 5 Rialacha maidir le rochtain i gcás earraí agus seirbhísí nach bhfuil cumhdaithe

Féadfaidh earraí agus seirbhísí nach bhfuil cumhdaithe a bheith faoi réir beart sriantach arna ndéanamh ag an gCoimisiún:

(a)          arna iarraidh sin d’eintitis chonarthacha aonair de réir na rialacha atá leagtha amach in Airteagal 6;

(b)          de réir na rialacha atá leagtha amach in Airteagal 10 agus in Airteagal 11.

Airteagal 6 Cumhacht a thabhairt d’údaráis chonarthacha/eintitis chonarthacha tairiscintí a chuimsíonn earraí agus seirbhísí nach bhfuil cumhdaithe a eisiamh

1.           Arna iarraidh sin d’údaráis chonarthacha/eintitis chonarthacha, déanfaidh an Coimisiún a mheas an gceadófar, i gcás conarthaí a bhfuil a luach measta cothrom le EUR 5 000 000 nó níos mó gan cáin bhreisluacha (CBL) a áireamh, tairiscintí a chuimsíonn earraí nó seirbhísí nach de thionscnamh an Aontais iad a eisiamh ó nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí más ionann luach na n‑earraí nó na seirbhísí nach bhfuil cumhdaithe agus breis agus 50 % de luach iomlán na n‑earraí nó na seirbhísí a bhaineann leis an tairiscint faoi na coinníollacha a leanas.

2.           I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag údaráis chonarthacha/eintitis chonarthacha a iarraidh go n‑eisiafar tairiscintí ó nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí ar bhonn mhír 1, sonróidh siad é sin san fhógra conartha a fhoilseoidh siad de bhun Airteagal 35 de Threoir 2004/18/CE nó de bhun Airteagal 42 de Threoir 2004/17/CE nó Airteagal 26 den Treoir maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain.

Cuirfidh údaráis chonarthacha/eintitis chonarthacha de cheangal ar thairgeoirí faisnéis a sholáthar maidir le tionscnamh na n‑earraí agus/nó na seirbhísí a luaitear sa tairiscint agus ar luach na n‑earraí agus/nó na seirbhísí sin. Glacfaidh siad le féindearbhuithe mar réamhfhianaise nach féidir tairiscintí a eisiamh de bhun mhír 1. Tráth ar bith le linn an nós imeachta, féadfaidh údarás conarthach iarraidh ar thairgeoir an doiciméadacht riachtanach ar fad nó codanna de sin a chur isteach más cosúil gur gá sin chun a áirithiú go seolfar an nós imeachta mar is iomchuí. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunófar foirmeacha caighdeánacha le haghaidh dearbhuithe i ndáil le tionscnamh earraí agus seirbhísí. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17(3).

I gcás ina bhfaighidh údaráis chonarthacha/eintitis chonarthacha tairiscintí a chomhlíonann coinníollacha mhír 1 agus ina mbeidh sé beartaithe acu eisiamh a iarraidh ina leith mar gheall air sin, tabharfaidh siad fógra don Choimisiún faoi sin. Le linn an nós imeachta um fhógra a thabhairt, féadfaidh an t‑údarás conarthach/eintiteas conarthach leanúint d'anailís a dhéanamh ar na tairiscintí.

Tabharfar an fógra trí mheán leictreonach i bhfoirm chaighdeánach. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar na foirmeacha caighdeánacha. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17(3). Áireofar an fhaisnéis seo a leanas san fhoirm chaighdeánach sin:

(a) ainm agus sonraí teagmhála an údaráis chonarthaigh/eintitis chonarthaigh;

(b) tuairisc ar chuspóir an chonartha;

(c) ainm agus sonraí teagmhála an oibreora eacnamaíoch a ndéanfaí a thairiscint a eisiamh;

(d) faisnéis faoi thionscnamh an oibreora eacnamaíoch, faoi thionscnamh na n‑earraí agus/nó na seirbhísí agus faoi luach na n‑earraí agus/nó na seirbhísí sin.

Féadfaidh an Coimisiún faisnéis bhreise a iarraidh ar an údarás conarthach/eintiteas conarthach.

Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil laistigh d'ocht lá oibre dar tosach an chéad lá oibre tar éis an dáta a gheobhaidh sé an iarraidh ar fhaisnéis bhreise. Mura bhfaigheann an Coimisiún faisnéis faoi dheireadh na tréimhse sin, cuirfear an tréimhse a bhunaítear i mír 3 ar fionraí go bhfaighidh an Coimisiún an fhaisnéis a iarradh.

3.           I gcás conarthaí dá dtagraítear i mír 1, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme maidir le formheas an eisiaimh atá beartaithe laistigh de dhá mhí dar tosach an chéad lá oibre tar éis an dáta a gheobhaidh sé an fógra. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17(2). I gcásanna cuí‑réasúnaithe féadfar cur leis an tréimhse sin uair amháin ar feadh tréimhse nach faide ná dhá mhí, go háirithe má tá an fhaisnéis san fhógra nó sna doiciméid a ghabhann leis an bhfógra neamhiomlán nó míchruinn nó má thagann aon athrú substainteach ar na fíricí mar a thuairiscítear san fhógra iad. Más rud é, faoi dheireadh na tréimhse dhá mhí nó faoi dheireadh na tréimhse fadaithe, nach bhfuil cinneadh glactha ag an gCoimisiún chun an t‑eisiamh a fhormheas nó a dhiúltú, measfar go bhfuil an t‑eisiamh sin diúltaithe ag an gCoimisiún.

4.           Agus gníomhartha cur chun feidhme á nglacadh ag an gCoimisiún de bhun mhír 3, formheasfaidh sé an t‑eisiamh atá beartaithe sna cásanna seo a leanas:

(a) má tá forchoimeádais shainráite déanta ag an Aontas maidir le rochtain ar an margadh, i gcás na n‑earraí agus/nó na seirbhísí a bhfuiltear ag beartú an eisiaimh dóibh, sa chomhaontú idirnáisiúnta maidir le rochtain ar an margadh i réimse an tsoláthair phoiblí idir an tAontas agus tír tionscnaimh na n‑earraí agus/nó na seirbhísí;

(b) mura bhfuil comhaontú den sórt dá dtagraítear i bpointe (a) ann agus má tá bearta sriantacha soláthair i bhfeidhm ag an tríú tír a fhágann go bhfuil easpa cómhalartachta substaintiúla idir an tAontas agus an tríú tír lena mbaineann maidir le hoscailt an mhargaidh.

Chun críocha phointe (b), glactar leis go bhfuil easpa cómhalartachta substaintiúla ann i gcás ina bhfuil bearta sriantacha soláthair ina gcúis le hidirdhealuithe tromchúiseacha athfhillteacha i gcoinne oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí de chuid an Aontais.

Agus gníomhartha cur chun feidhme á nglacadh ag an gCoimisiún de bhun mhír 3, ní fhormheasfaidh sé an t‑eisiamh atá beartaithe dá mba rud é go sáródh an t‑eisiamh sin gealltanais maidir le rochtain ar mhargaí a thug an tAontas ina gcomhaontuithe idirnáisiúnta.

5.           Agus measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún féachaint an bhfuil easpa cómhalartachta substaintiúla ann, cuirfidh sé an méid seo a leanas san áireamh:

(a)     a mhéid a éiríonn le dlíthe soláthair phoiblí na tíre i gceist trédhearcacht a áirithiú i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta i réimse an tsoláthair phoiblí agus bac a chur ar aon idirdhealú i gcoinne earraí, seirbhísí agus oibreoirí eacnamaíocha an Aontais;

(b)     a mhéid a leanann nó a ghlacann údaráis phoiblí agus/nó eintitis soláthair aonair cleachtais idirdhealaitheacha i gcoinne earraí, seirbhísí agus oibreoirí eacnamaíocha an Aontais.

6.           Sula ndéanann an Coimisiún cinneadh de bhun mhír 3 tabharfaidh sé éisteacht don tairgeoir nó do na tairgeoirí lena mbaineann.

7.           Má dhéanann údaráis chonarthacha/eintitis chonarthacha tairiscintí a eisiamh de bhun mhír 1, sonróidh siad sin san fhógra faoi dhámhachtain conarthaí a fhoilseoidh siad de bhun Airteagal 35 de Threoir 2004/18/CE, Airteagal 42 de Threoir 2004/17/CE, nó Airteagal 27 den Treoir maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar na foirmeacha caighdeánacha le haghaidh fógraí faoi dhámhachtain conarthaí. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17(3).

8.           Ní bheidh feidhm ag mír 1 i gcás ina bhfuil an gníomh cur chun feidhme glactha ag an gCoimisiún maidir le rochtain shealadach a bheith ag earraí agus seirbhísí ó thír atá i mbun caibidlíochta substaintí leis an Aontas mar atá leagtha amach in Airteagal 9(4).

Caibidil III Rialacha maidir le tairiscintí atá thar a bheith íseal Airteagal 7 Tairiscintí atá thar a bheith íseal

Más rud é, faoi Airteagal 69 den Treoir maidir le soláthar poiblí nó faoi Airteagal 79 den Treoir maidir le soláthar de chuid eintiteas a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist, agus tar éis mínithe an tairgeora a fhíorú, go bhfuil sé beartaithe ag an údarás conarthach/eintiteas conarthach glacadh le tairiscint atá thar a bheith íseal agus a bhaineann le hearraí agus/nó seirbhísí nach de thionscnamh an Aontais iad, agus gurb ionann luach na n‑earraí nó na seirbhísí nach bhfuil cumhdaithe agus breis agus 50 % de luach iomlán na n‑earraí nó na seirbhísí a bhaineann leis an tairiscint, cuirfidh an t‑údarás conarthach/eintiteas conarthach sin na tairgeoirí eile ar an eolas i scríbhinn go bhfuil sé beartaithe aige glacadh leis an tairiscint sin, lena n‑áirítear an fáth go bhfuil an praghas nó na costais arna muirearú thar a bheith íseal.

Féadfaidh údarás conarthach/eintiteas conarthach gan faisnéis a thabhairt amach dá mba rud é go gcuirfeadh scaoileadh na faisnéise sin bac ar fhorfheidhmiú an dlí, go mbeadh sé in aghaidh leas an phobail ar bhealach eile, go ndéanfadh sé dochar do leasanna dlisteanacha tráchtála oibreoirí eacnamaíocha, cibé acu poiblí nó príobháideach, nó dá mba rud é go bhféadfadh sé dochar a dhéanamh d’iomaíocht chóir idir na hoibreoirí sin.

Caibidil IV Imscrúdú an Choimisiúin, comhairliúchán agus bearta lena gcuirtear srian sealadach ar rochtain earraí agus seirbhísí nach bhfuil cumhdaithe ar mhargadh soláthair phoiblí an AE Airteagal 8 Imscrúdú i ndáil le rochtain oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí de chuid an AE ar mhargaí soláthair phoiblí tríú tíortha

1.           I gcás ina measann an Coimisiún gur chun leas an Aontais é, féadfaidh sé, tráth ar bith, ar a thionscnamh féin nó ar iarratas ó pháirtithe leasmhara nó ó Bhallstát, imscrúdú seachtrach soláthair a thionscnamh i ndáil le bearta sriantacha soláthair a líomhnaítear a bheith ann.

Go háirithe, cuirfidh an Coimisiún i gcuntas má rinneadh líon áirithe eisiamh a bhí beartaithe a fhormheas de bhun Airteagal 6(3) den Rialachán seo.

Má thionscnaítear imscrúdú, foilseoidh an Coimisiún fógra faoi in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, lena n‑iarrtar ar pháirtithe leasmhara agus ar Bhallstáit gach faisnéis ábhartha a thabhairt don Choimisiún laistigh de thréimhse shonrach ama.

2.           Déanfar an t‑imscrúdú dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn na gcritéar atá leagtha síos in Airteagal 6.

3.           Déanfaidh an Coimisiún a mheas an bhfuil bearta sriantacha soláthair i bhfeidhm ag an tríú tír lena mbaineann ar bhonn na faisnéise ó pháirtithe leasmhara agus Ballstáit agus/nó ar bhonn fíoras arna mbailiú ag an gCoimisiún le linn a imscrúdaithe, agus críochnóidh sé an measúnú sin laistigh de naoi mí ón imscrúdú a thionscnamh. I gcásanna cuí‑réasúnaithe, féadfar trí mhí a chur leis an tréimhse sin.

4.           Má chinneann an Coimisiún, de bharr an imscrúdaithe sheachtraigh maidir le soláthar, nach bhfuil na bearta sriantacha soláthair a líomhnaíodh i bhfeidhm sa tríú tír lena mbaineann, glacfaidh an Coimisiún cinneadh lena gcuirfear deireadh leis an imscrúdú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17(2).

Airteagal 9 Comhairliúchán le tríú tír

1.           Má fhaightear amach, de bharr imscrúdaithe, go bhfuil bearta sriantacha soláthair i bhfeidhm i dtríú tír agus má mheasann an Coimisiún go bhfuil call le comhairliúchán léi chun leas an AE, iarrfaidh an Coimisiún ar an tríú tír sin dul i mbun comhairliúcháin leis d’fhonn a áirithiú go bhféadfaidh oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí an AE a bheith rannpháirteach i nósanna imeachta tairisceana chun conarthaí soláthair phoiblí a dhámhachtain sa tír sin faoi choinníollacha nach lú fabhar ná na coinníollacha sin a bhfuil feidhm acu maidir le hoibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí de thionscnamh na tíre féin, agus d'fhonn a áirithiú freisin go bhfuil prionsabail na trédhearcachta agus na córa comhionainne á gcur i bhfeidhm.

Má dhiúltaíonn an tír lena mbaineann dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, is ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil a dhéanfaidh an Coimisiún a chinneadh agus gníomhartha cur chun feidhme á nglacadh aige faoi Airteagal 10 chun an rochtain atá ag earraí agus seirbhísí ón tríú tír sin a theorannú.

2.           Más páirtí i gComhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir le Soláthar Rialtais í an tír lena mbaineann nó má tá comhaontú trádála tugtha i gcrích aici leis an AE ina bhfuil forálacha maidir le soláthar poiblí, cloífidh an Coimisiún leis na sásraí comhairliúcháin agus/nó na nósanna imeachta um réiteach díospóide atá leagtha amach sa chomhaontú sin nuair a bhaineann na cleachtais shriantacha le soláthar atá cumhdaithe ag gealltanais maidir le rochtain ar an margadh a thug an tír lena mbaineann don AE.

3.           Más rud é, tar éis comhairliúchán a thionscnamh, go ndéanann an tír lena mbaineann bearta feabhais/ceartaitheacha atá sásúil, ach nach dtugann sí gealltanais nua maidir le rochtain ar an margadh, féadfaidh an Coimisiún an comhairliúchán a chur ar fionraí nó deireadh a chur leis:

Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur i bhfeidhm na mbeart feabhais/ceartaitheach sin, ar bhonn faisnéise arna soláthar go tráthrialta nuair is iomchuí, ar faisnéis í a fhéadfaidh an Coimisiún a iarraidh ón tríú tír lena mbaineann.

I gcás ina gcealaítear na bearta feabhais/ceartaitheacha arna ndéanamh ag an tríú tír lena mbaineann, nó ina gcuirtear iad ar fionraí nó mura gcuirtear chun feidhme go cuí iad, féadfaidh an Coimisiún:

(i) athchromadh ar an gcomhairliúchán leis an tríú tír lena mbaineann nó é a thosú as an nua, agus/nó

(ii) gníomhú faoi Airteagal 10 chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena gcuirfear srian ar an rochtain atá ag earraí agus seirbhísí de thionscnamh tríú tír

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17(2).

4.           Más rud é, tar éis comhairliúchán a thionscnamh, gur cosúil gurb é an dóigh is iomchuí le deireadh a chur le cleachtas sriantach soláthair comhaontú idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích, rachfar i mbun caibidlíochta i gcomhréir le forálacha Airteagal 207 agus Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Má chuaigh tír i mbun caibidlíochta substaintí leis an Aontas Eorpach maidir le rochtain ar an margadh i réimse an tsoláthair phoiblí, féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena bhforáilfear nach féidir earraí ná seirbhísí ón tír sin a eisiamh ó nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí de bhun Airteagal 6.

5.           Féadfaidh an Coimisiún deireadh a chur leis an gcomhairliúchán má thugann an tír lena mbaineann gealltanais idirnáisiúnta, ar gealltanais iad a chomhaontófar leis an Aontas faoi aon cheann de na creataí seo a leanas:

(a) Aontachas le Comhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir le Soláthar Rialtais,

(b) Tabhairt i gcrích comhaontaithe dhéthaobhaigh leis an Aontas lena gcuimseofar gealltanais maidir le rochtain ar an margadh i réimse an tsoláthair phoiblí, nó

(c) Forleathnú a gealltanas maidir le rochtain ar an margadh a tugadh faoi Chomhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir le Soláthar Rialtais nó faoi chomhaontú déthaobhach leis an Aontas sa chreat sin,

Féadfar deireadh a chur leis an gcomhairliúchán freisin i gcás ina mbeidh na bearta sriantacha soláthair i bhfeidhm go fóill tráth a thugtar na gealltanais sin, fad is atá forálacha mionsonraithe sna gealltanais maidir le deireadh a chur leis na cleachtais shriantacha sin de réir a chéile.

6.           Mura dtugann comhairliúchán le tríú tír torthaí sásúla laistigh de 15 mhí ón lá a tosaíodh an comhairliúchán leis an tríú tír, cuirfidh an Coimisiún deireadh leis an gcomhairliúchán agus déanfaidh sé a mhachnamh ar ghníomhú faoi Airteagal 10 chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun an rochtain atá ag earraí agus seirbhísí de thionscnamh tríú tír a theorannú.

Airteagal 10 Bearta a ghlacadh lena gcuirtear srian ar rochtain earraí agus seirbhísí nach bhfuil cumhdaithe ar mhargadh soláthair phoiblí an AE

1.           I gcás ina bhfaightear amach in imscrúdú de bhun Airteagal 8, agus tar éis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 9 a leanúint, go bhfuil bearta sriantacha soláthair a glacadh nó atá i bhfeidhm sa tríú tír sin ina gcúis le heaspa cómhalartachta substaintiúla idir an tAontas agus an tríú tír, mar a thagraítear dó in Airteagal 6, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun an rochtain atá ag earraí agus seirbhísí nach bhfuil cumhdaithe agus ar de thionscnamh tríú tír iad a theorannú ar bhonn sealadach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17(2).

2.           Féadfaidh na bearta arna nglacadh de bhun mhír 1 a bheith in aon cheann de na foirmeacha seo a leanas:

(a) eisiamh tairiscintí a mbaineann breis agus 50 % dá luach iomlán le hearraí nó seirbhísí nach bhfuil cumhdaithe agus ar de thionscnamh na tíre a bhfuil cleachtas sriantach soláthair á ghlacadh aici nó a bhfuil cleachtas den sórt sin i bhfeidhm inti iad; agus/nó

(b) pionós sainordaitheach praghais ar an gcuid sin den tairiscint lena mbaineann earraí nó seirbhísí nach bhfuil cumhdaithe agus ar de thionscnamh na tíre a bhfuil cleachtas sriantach soláthair á ghlacadh aici nó a bhfuil cleachtas den sórt sin i bhfeidhm inti iad.

3.           Féadfar bearta arna nglacadh de bhun mhír 1 a theorannú don mhéid seo a leanas go háirithe:

(a) soláthar poiblí ag catagóirí sainithe áirithe d'údaráis chonarthacha/eintitis chonarthacha;

(b) soláthar poiblí maidir le catagóirí sainithe áirithe d'earraí nó seirbhísí;

(c) soláthar poiblí os coinn nó faoi bhun tairseach sainithe áirithe.

Airteagal 11 Bearta a tharraingt siar nó a chur ar fionraí

1.           I gcás ina measann an Coimisiún nach infheidhme a thuilleadh na cúiseanna a thug údar leis na bearta a glacadh de bhun Airteagal 9(4) agus Airteagal 10, féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh:

(a) chun na bearta a aisghairm; nó

(b) chun cur i bhfeidhm na mbeart a chur ar fionraí go ceann tréimhse bliana ar a mhéad.

Chun críocha phointe (b), féadfaidh an Coimisiún na bearta a chur i bhfeidhm arís, tráth ar bith, trí ghníomh cur chun feidhme.

2.           Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear san Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17(2).

Airteagal 12 Tairgeoirí a chur ar an eolas

1.           Nuair a sheolann údaráis chonarthacha/eintitis chonarthacha nós imeachta soláthair faoi réir beart sriantach arna nglacadh de bhun Airteagal 10 nó arna gcur i bhfeidhm arís de bhun Airteagal 11, sonróidh siad sin san fhógra conartha a fhoilseoidh siad de bhun Airteagal 35 de Threoir 2004/18/CE nó de bhun Airteagal 42 de Threoir 2004/17/CE. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar na foirmeacha caighdeánacha i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17(3).2       I gcás ina mbeidh eisiamh tairisceana bunaithe ar fheidhmiú beart arna nglacadh de bhun Airteagal 10 nó arna gcur i bhfeidhm arís de bhun Airteagal 11, cuirfidh údaráis chonarthacha/eintitis chonarthacha tairgeoirí nár éirigh leo ar an eolas faoi sin.

Airteagal 13 Eisceachtaí

1.           Féadfaidh údaráis chonarthacha/eintitis chonarthacha a chinneadh gan na bearta a chur i bhfeidhm de bhun Airteagal 10 i ndáil le nós imeachta soláthair sna cásanna seo a leanas:

(a) mura bhfuil aon earraí nó seirbhísí de chuid an Aontais agus/nó aon earraí nó seirbhísí atá cumhdaithe ann a chomhlíonann ceanglais an eintitis chonarthaigh; nó

(b) dá dtiocfadh méadú díréireach ar phraghas nó ar chostais an chonartha toisc an beart a chur i bhfeidhm.

2.           I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag údarás conarthach/eintiteas conarthach gan bearta arna nglacadh de bhun Airteagal 10 den Rialachán seo a chur i bhfeidhm, nó gan iad a chur i bhfeidhm arís de bhun Airteagal 11, sonróidh sé go bhfuil sé beartaithe aige sin a dhéanamh san fhógra conartha a fhoilseoidh sé de bhun Airteagal 35 de Threoir 2004/18/CE nó de bhun Airteagal 42 de Threoir 2004/17/CE. Tabharfaidh sé fógra don Choimisiún faoi sin tráth nach déanaí ná deich lá féilire tar éis fhoilsiú an fhógra conartha.

Tabharfar an fógra sin trí mheán leictreonach i bhfoirm chaighdeánach. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar na foirmeacha caighdeánacha le haghaidh fógraí conartha agus na foirmeacha caighdeánacha a úsáidtear chun fógra a thabhairt i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17(3).

Beidh an fhaisnéis seo a leanas san fhógra:

(a) ainm agus sonraí teagmhála an údaráis chonarthaigh/eintitis chonarthaigh;

(b) tuairisc ar chuspóir an chonartha;

(c) faisnéis faoi thionscnamh na n‑oibreoirí eacnamaíocha, na n‑earraí agus/nó na seirbhísí atá le ceadú;

(d) an foras ar ar bunaíodh an cinneadh gan na bearta sriantacha a chur i bhfeidhm, agus an réasúnú mionsonraithe atá le húsáid na heisceachta;

(e) nuair is iomchuí, aon fhaisnéis eile a mheasann an t‑údarás conarthach/eintiteas conarthach a bheith úsáideach.

Féadfaidh an Coimisiún faisnéis bhreise a iarraidh ar an údarás conarthach/eintiteas conarthach lena mbaineann.

3.           Más rud é, faoi Airteagal 31 de Threoir 2004/18/CE nó faoi Airteagal 40(3)(2) de Threoir 2004/17/CE, go seolann údarás conarthach/eintiteas conarthach nós imeachta idirbheartaíochta gan iarratas ar thairiscintí a fhoilsiú roimh ré agus má chinneann sé gan beart arna ghlacadh de bhun Airteagal 10 den Rialachán seo a chur i bhfeidhm, nó má chinneann sé gan beart a chur i bhfeidhm arís de bhun Airteagal 11, sonróidh sé an úsáid sin san fhógra faoi dhámhachtain conarthaí a fhoilseoidh sé de bhun Airteagal 35 de Threoir 2004/18/CE nó de bhun Airteagal 43 de Threoir 2004/17/CE agus tabharfaidh sé fógra don Choimisiún faoi sin tráth nach déanaí ná deich lá féilire tar éis fhoilsiú an fhógra faoi dhámhachtain conarthaí.

Tabharfar an fógra sin trí mheán leictreonach i bhfoirm chaighdeánach. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar na foirmeacha caighdeánacha le haghaidh fógraí conartha agus na foirmeacha caighdeánacha a úsáidtear chun fógra a thabhairt i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17(2). Beidh an fhaisnéis seo a leanas san fhógra:

(a) ainm agus sonraí teagmhála an údaráis chonarthaigh/eintitis chonarthaigh;

(b) tuairisc ar chuspóir an chonartha;

(c) faisnéis faoi thionscnamh na n‑oibreoirí eacnamaíocha, na n‑earraí agus/nó na seirbhísí atá le ceadú;

(d) an foras ar ar bunaíodh an cinneadh gan na bearta sriantacha a chur i bhfeidhm, agus an réasúnú mionsonraithe atá le húsáid na heisceachta;

(e) más iomchuí, aon fhaisnéis eile a mheasann an t‑eintiteas conarthach a bheith úsáideach.

Caibidil V Cumhachtaí tarmligthe agus cur chun feidhme, tuairisciú agus forálacha críochnaitheacha Airteagal 14

Leasuithe ar an Iarscríbhinn

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14 maidir le leasuithe ar an Iarscríbhinn chun comhaontuithe idirnáisiúnta nua arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas i réimse an tsoláthair phoiblí a léiriú.

Airteagal 15 Tarmligean na gcumhachtaí a fheidhmiú

1.           Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.

2.           Bronnfar an tarmligean cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 14 ar an gCoimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ó [dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

3.           Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle an chumhacht dá dtagraítear in Airteagal 14 a chúlghairm tráth ar bith. Má chinntear cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a bheidh sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an gcúlghairm an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí ná sin a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.           A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ag an am céanna.

5.           Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun an Airteagail seo i bhfeidhm ach amháin mura bhfuil agóid déanta ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ó fhógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon, sula dtéann an tréimhse sin in éag, nach ndéanfaidh siad agóid ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 16 Cur chun feidhme

1.           I gcás ina ndéanann údaráis chonarthacha/eintitis chonarthacha eisceachtaí atá leagtha síos in Airteagal 13 a chur chun mífheidhme, féadfaidh an Coimisiún an sásra ceartaitheach dá bhforáiltear in Airteagal 3 de Threoir 89/665/CEE nó in Airteagal 8 de Threoir 92/13/CEE a chur i bhfeidhm.

2.           Maidir le conarthaí arna dtabhairt i gcrích le hoibreoir eacnamaíoch de shárú ar ghníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 6 tar éis d'údaráis chonarthacha/eintitis chonarthacha fógra a thabhairt go bhfuil sé beartaithe acu tairiscintí a eisiamh nó de shárú ar bhearta arna nglacadh de bhun Airteagal 10 nó arna gcur i bhfeidhm arís de bhun Airteagal 11, measfar nach bhfuil feidhm acu sin de réir bhrí Threoir 2007/66/CE.

Airteagal 17 Nós imeachta coiste

1.           Beidh de chúnamh ag an gCoimisiún an Coiste Comhairleach um Chonarthaí Poiblí arna bhunú le Cinneadh 71/306/CEE ón gComhairle[19] agus an Coiste arna bhunú le hAirteagal 7 den Rialachán um Bhacainní Trádála[20]. Coistí de réir bhrí Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sna coistí sin.

2.           I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 agus is é an Coiste arna bhunú leis an Rialachán um Bhacainní Trádála a bheidh sa choiste inniúil.

3.           I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 agus is é an Coiste arna bhunú le Treoir 71/306/CEE a bheidh sa choiste inniúil.

Airteagal 18 Rúndacht

1.           Is chun na críche a iarradh í, agus chun na críche sin amháin, a fhéadfar faisnéis a fhaightear de bhun an Rialacháin seo a úsáid.

2.           Ní nochtfaidh an Coimisiún, an Chomhairle, Parlaimint na hEorpa, na Ballstáit, ná a n‑oifigigh aon fhaisnéis de chineál rúnda arna fáil de bhun an Rialacháin seo gan cead sonrach a fháil ó sholáthróir na faisnéise sin.

3.           Féadfaidh soláthróir faisnéise a iarraidh go gcaithfear le faisnéis arna cur ar fáil mar fhaisnéis rúnda agus cuirfidh sé achoimre nach bhfuil rúnda leis an bhfaisnéis nó gabhfaidh ráiteas léi ina míneofar cén fáth nach féidir achoimre a dhéanamh uirthi.

4.           Más cosúil nach bhfuil údar maith leis an iarraidh ar rúndacht agus mura bhfuil an soláthróir toilteanach an fhaisnéis a chur ar fáil go poiblí ná nochtadh na faisnéise i dtéarmaí ginearálta nó i bhfoirm achoimre a údarú, féadfar neamhshuim a dhéanamh den fhaisnéis sin.

5.           Ní chuirfidh míreanna 1 go 5 bac ar údaráis an Aontais faisnéis ghinearálta a nochtadh. Ní mór leas dlisteanach na bpáirtithe lena mbaineann, is é sin nach sceithfí a rúin ghnó, a chur i gcuntas i nochtadh den sórt sin.

Airteagal 19 Tuairisciú

Faoin 1 Eanáir 2017 agus ar a laghad gach trí bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus maidir leis an dul chun cinn a bheidh déanta i gcaibidlíochtaí idirnáisiúnta, arna ndéanamh faoin Rialachán seo, i dtaobh rochtain a bheith ag oibreoirí eacnamaíocha de chuid an AE ar nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí poiblí i dtríú tíortha. Chuige sin, tabharfaidh na Ballstáit faisnéis iomchuí don Choimisiún arna iarraidh sin.

Airteagal 20 Aisghairmeacha

Aisghairfear Airteagal 58 agus Airteagal 59 de Threoir 2004/17/CE le héifeacht ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 21 Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 60ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21.3.2012

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa              Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

IARSCRÍBHINN

Liosta de na comhaontuithe idirnáisiúnta atá tugtha i gcrích ag an Aontas i réimse an tsoláthair phoiblí lena n‑áirítear gealltanais maidir le rochtain ar an margadh

Comhaontú Ilpháirtithe

- Comhaontú maidir le Soláthar Rialtais (IO L, 336, 23.12.1994)

Comhaontuithe déthaobhacha:

- Comhaontú Saorthrádála idir an Comhphobal Eorpach agus Meicsiceo (IO L 276, 28.10.2000, l 157/30.06.2000)

- Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le soláthar rialtais (IO L. 114, 30.04.2002)

- Comhaontú Saorthrádála idir an Comhphobal Eorpach agus an tSile (IO L 352, 30.12.2002)

- Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit agus Iar‑Phoblacht Iúgslavach na Macadóine (IO L 87, 20.03.2004)

- Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an Comhphobal Eorpach agus an Chróit (IO L 26, 28.01.2005)

- Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit agus Montainéagró (IO L 345, 28.12.2007)

- Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an Comhphobal Eorpach agus an Albáin (IO L 107, 28.04.2009)

- Comhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus an Chóiré Theas (IO L 127/14.05.2011)

[1]                      Airteagal 58 agus Airteagal 59 de Threoir 2004/17 maidir le nósanna imeachta um sholáthar poiblí fóntas.

[2]               Treoir 2004/18/CE maidir le heintitis sna hearnálacha clasaiceacha, mar a deirtear leo, agus Treoir 17/2004/CE maidir le heintitis atá ag oibriú in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus an phoist (IO L 134, 30.4.2004, lch. 1 agus lch. 114, faoi seach)

[3]               COM(2011) 895 final agus COM(2011) 896 final.

[4]               Fuarthas tuarimí scríofa chomh maith le freagraí ar líne.

[5]               Cur Chuige A: Bheadh ceanglas ar údaráis chonarthacha/eintitis chonarthacha an AE, i bprionsabal, eisiamh a dhéanamh ar earraí, seirbhísí agus cuideachtaí ó thríú tír nach bhfuil cumhdaithe ag gealltanais idirnáisiúnta de chuid an AE.

[6]               Cur Chuige B: Faoi réir fógra a thabhairt don Choimisiún, bheadh rogha ag údaráis chonarthacha/eintitis chonarthacha an AE eisiamh a dhéanamh ar earraí, seirbhísí agus cuideachtaí ó thríú tír nach bhfuil cumhdaithe ag gealltanais idirnáisiúnta de chuid an AE. Lena chois sin, thabharfaí uirlis shonrach don Choimisiún chun fiosrúcháin a dhéanamh maidir le staid na rochtana ar mhargaídh atá ag earraí, seirbhísí agus gnólachtaí de chuid an AE agus bearta sriantacha a chur i bhfeidhm ar earraí agus ar sheirbhísí de thionscnamh na dtríú tíortha sin nach gceadaíonn go leor rochtana d'earraí, do sheirbhísí ná do ghnólachtaí de chuid an AE i margadh an tsoláthair phoiblí sna tíortha sin.

[7]               COM(2011) 897 final.

[8]               IO C , , lch. .

[9]               IO C , , lch. .

[10]             IO L 134, 30.4.2004, lch. 1.

[11]             IO L 134, 30.4.2004, lch. 114.

[12]             IO L 302, 19.10.1992, lch. 1.

[13]             IO L….

[14]             IO L 349, 31.12.1994

[15]             IO L 395, 30.12.1989, lch. 33.

[16]             IO L 76, 23.3.1992, lch. 14.

[17]             IO L 335, 20.12.2007, lch. 31.

[18]             IO L 302, 19.10.1992, lch. 1.

[19]             IO L 185, 16.08.1971, lch. 15.

[20]             IO L 349, 31.12.1994, lch. 71.

Top