Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52011PC0888

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le bearta áirithe i ndáil le tíortha a cheadaíonn iascaireacht neamhinbhuanaithe chun stoic éisc a chaomhnú

/* COIM/2011/0888 leagan deireanach - 2011/0434 (COD) */

52011PC0888

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le bearta áirithe i ndáil le tíortha a cheadaíonn iascaireacht neamhinbhuanaithe chun stoic éisc a chaomhnú /* COIM/2011/0888 leagan deireanach - 2011/0434 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.           COMHTHÉACS AN TOGRA

Ceanglaíonn Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige[1] agus Comhaontú na Náisiún Aontaithe maidir le Stoic Éisc[2] ar Stáit chósta agus ar Stáit a n‑iascann a gcabhlaigh na stoic sin i bhfarraigí arda atá tadhlach comhoibriú maidir le bainistiú freagrach a dhéanamh ar stoic éisc traslimistéir agus ar stoic éisc mhórimircigh chun a n‑inbhuanaitheacht fhadtéarmach a áirithiú, trí chomhairliúchán díreach eatarthu nó trí na heagraíochtaí réigiúnacha um bainistíocht iascaigh (RFMOanna) is iomchuí.

Is minic gur deacair teacht ar chomhaontú maidir le bainistíocht stoc éisc traslimistéir agus mhórimircigh agus is gá na Stáit ar fad lena mbaineann a bheith toilteanach i bhfírinne dul i gcomhar le chéile chuige sin. De dheasca beart aontaobhach arna nglacadh ag Stáit áirithe nach bhfuil sásta oibriú i dtreo beart comhaontaithe, d'fhéadfaí an stoc éisc i gceist a ídiú go mór fiú dá maolódh Stáit eile a n‑iarrachtaí iascaireachta.

Ós rud é gur margadh brabúsach é an AE mar cheann scríbe do tháirgí iascaigh, tá freagracht ar leith air a áirithiú go n‑urramófar an oibleagáid chomhair thuasluaite. Dá bhrí sin, is gá modh a thabhairt don AE bearta éifeachtacha a ghlacadh i gcoinne Stát nach gcomhoibríonn de mheon macánta le glacadh beart bainistíochta nó i gcoinne Stát atá freagrach as bearta agus cleachtais ar cúis le róshaothrú stoc iad, chun an iascaireacht neamh‑inbhuanaithe sin a dhídhreasú. Is é aidhm an togra seo sásra mear agus éifeachtach a leagan amach chun bearta trádála agus eile a úsáid i gcásanna ar nós na gcásanna thuasluaite. Bheadh sé mar aidhm ag na bearta sin comhar idir na Stáit i dtrácht a chur chun cinn maidir le bearta iomchuí agus, an oiread is féidir, comhaontaithe a ghlacadh ar son chaomhnú na stoc i gceist d'fhonn a áirithiú go mbainfear úsáid optamach as na stoic sin.

2.           TORTHAÍ COMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR

Tríd na comhairliúcháin bhliantúla le Stáit chósta nach bhfuil san AE maidir le bainistíocht stoc ar leas coiteann iad, faightear deis dul i gcomhairle le geallsealbhóirí i dtaobh na mbeart is cóir a dhéanamh sa chás nach bhfuil tríú tír sásta comhoibriú. Go ginearálta, iarrann geallsealbhóirí ar an gCoimisiún srianta ar thrádáil a ghlacadh agus bearta de chineálacha eile a dhéanamh d'fhonn brú a chur ar na tíortha sin ionas go mbeidh siad sásta dul i mbun caiblíochtaí fiúntacha agus teacht ar réiteach cothrom a d'áiritheoidh inbhuanaitheacht na stoc ar leas coiteann iad.

Sular ullmhaíodh measúnú tionchair i gcomhair an togra seo, chuathas i mbun comhairliúcháin spriocdhírithe maidir le húsáid beart trádála agus beart de chineálacha eile chun laghdú a fháil ar dhéine na hiascaireachta á deanamh ag tríú tíortha a cheadaíonn iascaireacht neamh‑inbhuanaithe. Bhí formhór na ngeallsealbhóirí, ach amháin an tionscal próiseála b'fhéidir, i bhfabhar bearta trádála agus bearta de chineálacha eile a ghlacadh.

Rinneadh measúnú tionchair i gcomhair an togra seo agus tá an achoimre feidhmiúcháin ag gabháil leis an togra. Go bunúsach, rinneadh anailís sa mheasúnú tionchair ar an tionchar comhshaoil, eacnamaíoch agus sóisialta a bheadh ag bearta ar raon ó "rogha nialais" go toirmeasc iomlán ar allmhairiú an éisc agus an dtáirgí éisc i gceist, agus lena n‑áirítear bearta a d'fhéadfadh dul níos faide ná bearta trádála agus cur chuige neamhreachtach araon. Ba é conclúid an mheasúnaithe tionchair gurbh iomchuí uirlis a thabhairt don AE chun bearta a ghlacadh go mear, agus bearta trádála den chuid is mó. Thabharfaí na bearta isteach i gcoinne tíortha a cheadaíonn iascaireacht a dhéantar ar bhealach neamh‑inbhuanaithe a chuireann caomhnú stoc éisc i mbaol. Tugadh tásca ar an bhfoirm agus ar an ábhar a d'fhéadfadh a bheith sna hionstraimí sin sa mheasúnú tionchair. As deireadh ullmhú an bhirt, is léir gur cheart Airteagal 43(2) agus Airteagal 207 CFAE a bheith mar bhunús dlí leis an togra ós rud é gurb é bunchuspóir an Rialacháin seo caomhnú stoc éisc a chur chun cinn agus ós rud é nach bhfuil raon na mbeart atáthar a mheas teoranta go bearta trádála amháin.

3.           EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

Sainítear príomhchuspóir an Rialacháin seo in Airteagal 1: nós imeachta a leagan amach ionas go bhféadfar bearta cothromasacha costéifeachtacha a dhéanamh chun inbhuanaitheacht iascaigh a chur chun cinn.

In Airteagal 2 go hAirteagal 5 tugtar tuairisc ar na tíortha a ndíreofar na bearta orthu (tíortha a cheadaíonn iascaireacht neamh‑inbhuanaithe), ar na cineálacha éagsúla beart a fhéadfar a ghlacadh agus ar na coinníollacha a chinnfidh cá háit agus cathain a fhéadfar iad a ghlacadh. Ordaítear in Airteagal 4 go háirithe go nglacfar na bearta mar ghníomhartha tarmligthe de chuid an Choimisiúin (bheadh an nós imeachta scrúdúcháin infheidhme go ginearálta). I gcás ina luafar ceanglas maidir le bearta a bheith comhsheasmhach le gealltanas idirnáisiúnta an AE, is éard atá i gceist leis sin go luífidh na bearta le hoibleagáidí an AE faoi Chomhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála, go háirithe a mhéid a bhaineann le srianta trádála.

Sainítear in Airteagal 6 céimeanna áirithe de phróiseas cuí a dhéanfar sula nglacfar na bearta i leith na dtíortha a cheadaíonn iascaireacht neamh‑inbhuanaithe. Ba cheart do na bearta sin éisteacht a thabhairt do na tíortha i dtrácht agus deis a thabhairt dóibh a ngníomhaíochtaí a chur ina gceart. Cinntear tréimhse chur i bhfeidhm na mbeart in Airteagal 7, faoi réir beart ceartaitheach a ghlacfaidh na tíortha lena mbaineann.

Sainítear an Coiste a bheidh de chúnamh ag an gCoimisiún i gcur chun feidhme an Rialacháin in Airteagal 8.

Tá teacht i bhfeidhm an Rialacháin leagtha amach in Airteagal 9 mar 20 lá tar éis lá a fhoilsithe.

4.           IMPLEACHT BHUISÉADACH

Níl aon impleacht don bhuiséad i gceist.

2011/0434 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le bearta áirithe i ndáil le tíortha a cheadaíonn iascaireacht neamh‑inbhuanaithe chun stoic éisc a chaomhnú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) agus Airteagal 207 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[3],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1) De réir mar a fhoráiltear i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 (dá ngairtear "UNCLOS" anseo feasta) agus i gComhaontú na Náisiún Aontaithe maidir le Forálacha Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 i ndáil le Caomhnú agus le Bainistiú Stoc Éisc Traslimistéir agus Stoc Éisc Mhórimircigh a chur chun feidhme an 4 Lúnasa 1995 (dá ngairtear "Comhaontú na Náisiún Aontaithe maidir le Stoic Éisc" anseo feasta), chun stoic éisc traslimistéir áirithe agus stoic éisc mhórimircigh áirithe a bhainistiú teastaíonn comhar gach tíre a saothraíonn a cabhlaigh an stoc sin. Féadfaidh an comhar sin a bhunú faoi chuimsiú na n‑eagraíochtaí réigiúnacha um bainistíocht iascaigh (RFMOanna) nó, mura bhfuil inniúlacht ag RFMOanna maidir leis an stoc i gceist, trí bhíthin socruithe ad‑hoc i measc na dtíortha a bhfuil leas san iascach sin acu.

(2) Tríú tíortha a bhfuil leas acu in iascach lena mbaineann stoic ar leas coiteann don tír sin agus don Aontas é, i gcás ina ndéanfaidh tír den sórt sin, gan aird chuí a thabhairt ar na modhanna iascaireachta atá ann cheana féin agus/nó ar chearta, dualgais agus leasanna Stát eile agus an Aontais, gníomhaíochtaí iascaireachta a chuirfidh inbhuanaitheacht an stoic i mbaol, agus mainníonn siad comhoibriú leis an Aontas chun é a bhainistiú, ba cheart bearta sonracha a ghlacadh chun cuidiú na dtíortha sin le caomhnú an stoic a chur chun cinn.

(3) Ba cheart a mheas go bhfuil stoic éisc i staid inbhuanaithe i gcás ina gcoinnítear iad go leanúnach ar na leibhéil, nó os coinn na leibhéal, ar féidir leo uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh dá dtagraítear in Airteagal 61(3) agus in Airteagal 119(1) de UNCLOS agus in Airteagal 5(b) de Chomhaontú na Náisiún Aontaithe maidir le Stoic Éisc.

(4) Is gá na coinníollacha a shainiú faoinar féidir a mheas go gceadaíonn tír iascaireacht neamh‑inbhuanaithe agus faoinar féidir í a chur faoi réir beart faoin Rialacháin seo, lena n‑áirítear próiseas a thabharfaidh ceart éisteacht a fháil do na tíortha lena mbaineann agus a thabharfaidh deis dóibh bearta ceartaitheacha a dhéanamh.

(5) Thairis sin, is gá a shainiú an cineál beart is féidir a dhéanamh i ndáil le tíortha a cheadaíonn iascaireacht neamh‑inbhuanaithe agus coinníollacha ginearálta a bhunú chun bearta den sórt sin a ghlacadh ionas go mbeidh siad bunaithe ar chritéir oibiachtúla chothromasacha chostéifeachtacha atá i gcomhréir le dlí idirnáisiúnta, go háirithe leis an gComhaontú lenar bunaíodh an Eagraíocht Dhomhanda Trádála.

(6) Ba cheart na bearta sin a bheith dírithe ar dhíchur na ndreasachtaí atá ann do chabhlaigh na tíre a cheadaíonn iascaireacht neamh‑inbhuanaithe, iascaireacht a dhéanamh ar an stoc ar leas coiteann é. Féadfar é sin a bhaint amach, mar shampla, trí shrian a chur ar allmhairithe táirgí éisc arna ngabháil ag soithí a dhéanann iascaireacht ar stoc ar leas coiteann é faoi mhortabháil tíre a cheadaíonn iascaireacht neamh‑inbhuanaithe, trí shrian a chur ar sholáthar seirbhísí calafoirt do na soithí sin, nó trína sheachaint go n‑úsáidfí soithí iascaireachta ón AE nó trealamh iascaireachta ón AE chun iascaireacht a dhéanamh ar an stoc ar leas coiteann é faoi mhortabháil na tíre a cheadaíonn iascaireacht neamh‑inbhuanaithe.

(7) Chun bearta éifeachtacha agus comhtháite ón Aontas a áirithiú chun stoic éisc a chaomhnú, tá sé den tábhacht go tabharfar ar aird na bearta atá leagtha amach in Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscthe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú[4].

(8) Is gá meastóireacht a dhéanamh ar na héifeachtaí comhshaoil, trádála, eacnamaíocha agus sóisialta a mbeifear ag súil leo de bharr beart den sórt sin, sula nglactar iad.

(9) Ba cheart do na bearta arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo scor d'fheidhm a bheith acu an tráth a ghlacfaidh an tír a cheadaíonn iascaireacht neamh‑inbhuanaithe na bearta is gá chun cuidiú le caomhnú an stoic ar leas coiteann é.

(10) Chun dálaí aonfhoirmeacha a áirithiú chun an Rialachán seo a chur chun feidhme ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú trí ghníomhartha cur chun feidhme lena bhforáiltear maidir leis an nós imeachta scrúdúcháin i gcomhréir le hAirteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún[5]. Ar chúiseanna práinne áfach, na cinntí an scorfaidh na bearta d'fheidhm a bheith acu, ba cheart iad a ghlacadh mar ghníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme gan mhoill i gcomhréir le hAirteagal 8 den Rialachán i dtrácht.

(11) Ba cheart don Choimisiún bearta cur chun feidhme atá infheidhme gan mhoill a ghlacadh más rud é, i gcásanna cuí-réasúnaithe a bhaineann le deireadh cur i bhfeidhm beart arna ndéanamh de bhun an Rialacháin seo, gur gá sin ar mhórchúiseanna práinne,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme

1. Leis an Rialachán seo leagtar síos an creat chun bearta áirithe a ghlacadh maidir le gníomhaíochtaí a bhaineann le hiascach agus le beartais tríú tíortha d'fhonn inbhuanaitheacht fhadtéarmach a áirithiú i gcás stoc éisc ar leas coiteann iad don Aontas Eorpach agus do na tríú tíortha sin.

2. Féadfaidh feidhm a bheith ag na bearta arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo i ngach cás ina dteastaíonn comhoibriú leis an Aontas chun stoic ar leas coiteann iad a chomhbhainistiú, lena n‑áirítear cás ina ndéanfar an comhoibriú sin i gcomhthéacs eagraíochta réigiúnaí um bainistíocht iascaigh nó comhlachta inchurtha.

Airteagal 2 Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a) ciallaíonn "stoc ar leas coiteann é" stoc éisc atá ar fáil do chabhlaigh Ballstát agus do thríú tíortha araon de bharr a dháilte gheografaigh agus ar stoc éisc é a theastaíonn comhar idir na tríú tíortha sin agus an tAontas chun é a bhainistiú;

(b) ciallaíonn "speicis bhainteacha" aon speicis éisc arb ann dóibh in iascach measctha in éineacht le stoc ar leas coiteann é;

(c) ciallaíonn "iascach measctha" iascach ina bhfuil níos mó ná speiceas amháin i láthair sa limistéar ina bhfuil iascaireacht ar siúl agus a bhfuil baol ann go ngabhfar iad sa trealamh iascaireachta.

(d) ciallaíonn "eagraíocht réigiúnach um bainistíocht iascaigh" eagraíocht fhoréigiúnach nó réigiúnach nó eagraíocht inchurtha a bhfuil sé d'inniúlacht aici, arna aithint sin faoi dhlí idirnáisiúnta, bearta caomhnaithe agus bainistíochta a bhunú i gcomhair beo‑acmhainní muirí arna gcur faoina mortabháil de bhua an choinbhinsiúin nó an chomhaontaithe lenar bunaíodh í;

(e) ciallaíonn "allmhairiú" iasc nó táirgí éisc a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais, lena n‑áirítear lena dtrasloingsiú ag calafoirt ina chríoch;

(f) ciallaíonn "trasloingsiú" na táirgí iascaigh go léir, nó cuid díobh, atá ar bord soithigh iascaireachta a dhíluchtú chuig soitheach iascaireachta eile;

(g) ciallaíonn "uastáirgeacht inbhuanaithe" an ghabháil uasta is féidir a thógáil as stoc éisc ar feadh tréimhse éiginnte.

Airteagal 3 Tíortha cheadaíonn iascaireacht neamh‑inbhuanaithe

1. Féadfaidh tríú tír a shainaithint mar thír a cheadaíonn iascaireacht neamh‑inbhuanaithe sa chás seo a leanas:

(a) mainníonn sé comhoibriú leis an Aontas chun stoc ar leas coiteann é a bhainistiú i gcomhréir le forálacha Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige ná le forálacha Chomhaontú na Náisiún Aontaithe maidir le Forálacha Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 i ndáil le Caomhnú agus le Bainistiú Stoc Éisc Traslimistéir agus Stoc Éisc Mhórimircigh a chur chun feidhme an 4 Lúnasa 1995, agus

(b) is tríú tír í

(a) a mhainnigh aon bhearta bainistíochta iascaigh a ghlacadh, nó

(b) a ghlac bearta den sórt sin gan aird chuí ar thabhairt ar chearta, dualgais agus leasanna Stát eile ná an Aontais, agus ar bearta bainistíochta iascaigh iad a d'fhágfadh an stoc faoi bhun na leibhéal ar féidir leo uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh, nuair a mheastar i dteannta bearta arna ndéanamh ag an Aontas go neamhspleách nó i gcomhar le tíortha eile iad.

2. Chun críocha mhír 1(b)(ii), is ar bhonn na fianaise eolaíche is fearr dá bhfuil ar fáil a chinnfear na leibhéil stoic ar féidir leo uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh.

Airteagal 4 Bearta a fhéadfar a ghlacadh i ndáil le tíortha a cheadaíonn iascaireacht neamh‑inbhuanaithe

1. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, na bearta seo a leanas a ghlacadh i ndáil le tíortha a cheadaíonn iascaireacht neamh‑inbhuanaithe:

(a) na tíortha a cheadaíonn iascaireacht neamh‑inbhuanaithe a shainaithint;

(b) na soithí sonracha nó na cabhlaigh shonracha a bhfuil feidhm ag bearta áirithe maidir leo a shainaithint, más gá;

(c) srianta cainníochtúla a chur ar allmhairithe éisc isteach san Aontas d'iasc a thagann ón stoc ar leas coiteann é agus a gabhadh faoi rialú na tíre a cheadaíonn iascaireacht nach bhfuil inbhuanaithe, agus ar allmhairithe táirgí éisc atá déanta d'iasc nó ina bhfuil iasc den sórt sin;

(d) srianta cainníochtúla a chur ar allmhairithe éisc d'aon speiceas bainteach isteach san Aontas sa chás gur gabhadh é linn iascaireacht a dhéanamh ar an stoc ar leas coiteann é faoi rialú na tíre a cheadaíonn iascaireacht nach bhfuil inbhuanaithe, agus ar allmhairithe táirgí éisc atá déanta d'iasc nó ina bhfuil iasc den sórt sin; i gcás den sórt sin, saineoidh an Coimisiún modhanna iomchuí chun a chinneadh cé na gabhálacha atá laistigh de raon feidhme an bhirt;

(e) srianta a chur ar úsáid chalafoirt an Aontais ag soithí atá faoi bhratach na tíre a cheadaíonn iascaireacht neamh‑inbhuanaithe ar soithí iad a iascann an stoc ar leas coiteann é agus ag soithí a iompraíonn iasc agus táirgí éisc a thagann ón stoc ar leas coiteann é agus a ghabh soithí a bhí faoi bhratach na tíre a cheadaíonn iascaireacht neamhinbhuanaithe nó a ghabh soithí a bhí údaraithe ag an tír sin cé go raibh siad faoi bhratach eile; ní bheidh feidhm ag srianta den sórt sin i gcásanna force majeure ná i gcásanna éigeantais laistigh de bhrí Airteagal 18 de UNCLOS (force majeure nó éigeantas) maidir le seirbhísí is fíorghá chun na cásanna sin a leigheas;

(f) toirmeasc a chur ar oibreoirí eacnamaíocha an Aontais soithí iascaireachta atá faoi bhratach tíortha a cheadaíonn iascaireacht neamh‑inbhuanaithe a cheannach;

(g) toirmeasc a chur ar chlár loingseoireachta soithí atá faoi bhratach Ballstáit a aistriú go tíortha a cheadaíonn iascaireacht neamh‑inbhuanaithe;

(h) toirmeasc a chur ar Bhallstáit a údarú go dtabharfaí comhaontuithe cairtfhostaithe i gcrích le hoibreoirí eacnamaíocha ó thíortha a cheadaíonn iascaireacht neamh‑inbhuanaithe;

(i) toirmeasc a chur ar shoithí iascaireachta atá faoi bhratach Ballstáit, nó ar threalamh agus soláthairtí iascaireachta a bhfuil gá leo chun iascaireacht a dhéanamh ar an stoc ar leas coiteann é, a onnmhairiú chuig tíortha a cheadaíonn iascaireacht neamh‑inbhuanaithe;

(j) toirmeasc a chur ar chomhaontuithe trádála príobháideacha a thabhairt i gcrích idir náisiúnaigh Ballstáit agus tíortha a cheadaíonn iascaireacht neamh‑inbhuanaithe a bhfuil sé d'aidhm acu ligean do shoitheach iascaireachta atá faoi bhratach an Bhallstáit sin leas a bhaint as deiseanna iascaireachta na dtíortha sin.

(k) toirmeasc a chur ar chomhoibríochtaí iascaireachta ina bhfuil soithí iascaireachta atá faoi bhratach Ballstáit agus soithí iascaireachta atá faoi bhratach tíre a cheadaíonn iascaireacht neamh‑inbhuanaithe páirteach;

2. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 8(2).

Airteagal 5 Ceanglais ghinearálta maidir leis na bearta arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo

1. Na bearta arna nglacadh i gcomhréir leis an Rialachán seo:

(a) bainfidh siad le caomhnú an stoic ar leas coiteann é;

(b) tabharfar éifeacht dóibh i gcomhar le srianta ar iascaireacht ag soithí an Aontais nó ar tháirgeadh nó ar thomhailt laistigh den Aontas i ndáil le hiasc den speiceas ar glacadh na bearta de bhun an Rialacháin seo ina thaobh, agus i ndáil le táirgí éisc déanta d'iasc nó ina bhfuil iasc den sórt sin. Ní bheidh feidhm ag na srianta sin, i gcás speiceas bainteach, ach amháin nuair a ghabhtar na speicis sin i rith iascaireacht a dhéanamh ar an stoc ar leas coiteann é;

(c) luífidh siad leis na hoibleagáidí arna bhforchur ag comhaontuithe idirnáisiúnta ar páirtí iontu an tAontas agus aon noirm ábhartha eile den dlí idirnáisiúnta.

2. Sna bearta arna nglacadh i gcomhréir leis an Rialachán seo, cuirfear bearta a glacadh cheana de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 san áireamh.

3. Ní chuirfear na bearta arna nglacadh i gcomhréir leis an Rialachán seo i bhfeidhm ar bhealach go bhféadfaí áis a bhaint astu le haghaidh idirdhealú treallach ná idirdhealú gan bunús idir tíortha ina bhfuil na coinníollacha céanna i réim, ná chun srianadh faoi cheilt a dhéanamh ar an trádáil idirnáisiúnta.

4. Agus bearta á nglacadh aige i gcomhréir leis an Rialachán seo, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar na héifeachtaí comhshaoil, trádála, eacnamaíocha agus sóisialta a bheidh ag na bearta sin sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma agus ar an ualach riaracháin a bhainfidh lena gcur chun feidhme.

5. Leis na bearta arna nglacadh i gcomhréir leis an Rialachán seo, forálfar maidir le córas iomchuí i gcomhair a bhforghníomhaithe ag na húdaráis inniúla.

Airteagal 6 Nósanna imeachta sula nglacfar bearta i ndáil le tíortha a cheadaíonn iascaireacht neamh‑inbhuanaithe

1. I gcás ina measfaidh sé gur gá bearta a ghlacadh de bhun Airteagal 4, tabharfaidh an Coimisiún fógra don tír i dtrácht go bhfuil sé beartaithe é a shainaithint mar thír a cheadaíonn iascaireacht neamh‑inbhuanaithe.

2. Beidh faisnéis ar áireamh san fhógra sin maidir leis na fáthanna a bhfuil an tír sin arna sainaithint mar thír a cheadaíonn iascaireacht neamh‑inbhuanaithe agus tabharfar tuairisc ar na bearta a d'fhéadfaí a dhéanamh ina taobh i gcomhréir leis an Rialachán seo.

3. Sula nglacfaidh sé bearta de bhun Airteagal 4, tabharfaidh an Coimisiún deis réasúnach don tríú tír i dtrácht freagra a thabhairt ar an bhfógra i scríbhinn agus an staid a leigheas.

Airteagal 7 Tréimhse chur i bhfeidhm na mbeart i ndáil le tíortha a cheadaíonn iascaireacht neamh‑inbhuanaithe

1. Scoirfidh na bearta arna nglacadh i gcomhréir leis an Rialachán seo d'fheidhm a bheith acu tráth a ghlacfaidh an tír a cheadaíonn iascaireacht neamh‑inbhuanaithe bearta ceartaitheacha iomchuí chun an stoc ar leas coiteann é a bhainistiú, ar bearta iad:

(a) a comhaontaíodh i gcomhthéacs comhairliúcháin leis an Aontas agus, más infheidhme, le tíortha eile lena mbaineann, nó

(b) nach mbainfidh an bonn d'éifeacht beart arna nglacadh ag an AE go neamhspleách nó i gcomhar le tíortha eile maidir le caomhnú na stoc éisc lena mbaineann.

2. Cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an bhfuil na coinníollacha atá leagtha síos i mír 1 arna gcomhlíonadh agus cinnfidh sé, más gá, go scoirfidh na bearta arna nglacadh de bhun Airteagal 4 d'fheidhm a bheith acu. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 8(2).

              Ar mhórchúiseanna práinne cuí-réasúnaithe a bhaineann le briseadh eacnamaíoch nó sóisialta gan choinne, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bheidh le cur i bhfeidhm gan mhoill chun a chinneadh go scoirfidh na bearta arna nglacadh de bhun Airteagal 4 d'fheidhm a bheith acu. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 8(3).

Airteagal 8 Nós imeachta coiste

1. Beidh coiste de chúnamh ag an gCoimisiún. Is é a bheidh sa Choiste sin Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás ina mbeidh tuairim an choiste le fáil trí nós imeachta i scríbhinn, cuirfear deireadh leis an nós imeachta sin gan toradh nuair a chinnfidh cathaoirleach an choiste amhlaidh, laistigh den teorainn ama chun tuairim a thabhairt, nó nuair a iarrfaidh tromlach simplí de chomhaltaí an choiste é.

3. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 i gcomhar le hAirteagal 5 den Rialachán sin.

Airteagal 9 Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa              Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

[1]               Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982.

[2]               Comhaontú na Náisiún Aontaithe maidir le Forálacha Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 i ndáil le Caomhnú agus le Bainistiú Stoc Éisc Traslimistéir agus Stoc Éisc Mhórimircigh a chur chun feidhme an 4 Lúnasa 1995.

[3]               IO C , , lch. .

[4]               IO L 286, 29.10.2008, lch. 1.

[5]               IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

Top