This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52011PC0794
Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL on online dispute resolution for consumer disputes (Regulation on consumer ODR)
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le réiteach díospóidí tomhaltais ar líne (Rialachán maidir le ODR le haghaidh tomhaltóirí)
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le réiteach díospóidí tomhaltais ar líne (Rialachán maidir le ODR le haghaidh tomhaltóirí)
/* COIM/2011/0794 leagan deireanach - 2011/0374 (COD) */
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le réiteach díospóidí tomhaltais ar líne (Rialachán maidir le ODR le haghaidh tomhaltóirí) /* COIM/2011/0794 leagan deireanach - 2011/0374 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.
Comhthéacs an togra
Is ceart an togra seo, maille leis an togra le
haghaidh Treorach maidir le réiteach malartach díospóide le haghaidh díospóidí
tomhaltais ("Treoir maidir le ADR le haghaidh tomhaltóirí") a
bhreathnú i gcomhthéacs na n-iarrachtaí feabhas a chur ar fheidhmiú an
Mhargaidh Inmheánaigh miondíolacháin, go háirithe trí fheabhas maidir le
sásamh tomhaltóirí i ndáil le hidirbhearta ríomhthráchtála trasteorann. Ní leor na scéimeanna ADR atá ann faoi láthair
lena ndéantar díospóidí tomhaltais a bhaineann le hidirbhearta ríomhthráchtála
a réiteach; tá siad scaipthe agus neamhiomlán. Anuas air sin, cé go dtugtar
deis don tomhaltóir gearán a chur isteach ar líne faoi leath de na scéimeanna
ADR atá ann faoi láthair, is fíorbheagán acu a thugann an deis don tomhaltóir
an próiseas ar fad a sheoladh ar líne (trí réiteach díospóidí tomhaltais ar
líne – ODR)[1].
Tríd an bpróiseas ar fad a láimhseáil ar líne, bheadh sábháil ama ann agus
cumarsáid níos fusa idir na páirtithe. Ó tháinig forbairt
ar an ríomhthráchtáil, tá forás suntasach faoi scóip agus fhairsinge na margaí
ina bhfuil gnólachtaí agus tomhaltóirí ag feidhmiú agus síneann siad thar
theorainneacha náisiúnta. Feictear do
thomhaltóirí chomh maith le lucht trádála, áfach, gur contúirteach an rud dul i
mbun idirbhearta ríomhthráchtála trasteorann ó tharla gur eagal leo nach móide
go réiteofaí díospóidí a bhainfeadh le hábhar go héasca mar gheall ar thréithe
fíorúlachta an idirbhirt. Bíonn drochthoradh don tomhaltóir agus do na
gnólachtaí ar an easpa córais éifeachtaigh sásaimh i ndáil le gearáin a
eascraíonn ó idirbhearta ar líne trasteorann. Is chun aimhleas na dtomhaltóirí
murar féidir leo siopadóireacht ar líne a dhéanamh thar theorainneacha; sa chás
sin séantar orthu an deis comparáid a dhéanamh idir costas earraí ar
mhargadh níos forleithne an AE agus iad a cheannach san áit is saoire iad.
Coinnítear gnólachtaí, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide, ón
acmhainn riaracháin a thabhairt i bhfeidhm ba ghá chun déileáil le díospóidí le
tomhaltóirí a bhfuil cónaí orthu i mBallstát eile. Cuireann sin bac ar an
bhforbairt ar an Margadh Inmheánach digiteach. Fógraíodh straitéis de chuid an AE chun
feabhas a chur ar chórais ADR le “Clár Oibre Digiteach don Eoraip”[2], tionscnamh suaitheanta ‘Eoraip 2020’,
inar luadh go ndéanfadh an Coimisiún togra maidir le huirlis sásaimh AE ar líne
le haghaidh na ríomhthráchtála d'fhonn bonn treise a chur faoi mhuinín an
tomhaltóra agus faoi mhuinín gnólachtaí as an margadh digiteach. Sa Ghníomh um
an Margadh Aonair 2011[3]
áirítear ar a phríomhbhearta nósanna imeachta simplí, gasta, inacmhainne
sásaimh lasmuigh den chúirt a chur ar bun do thomhaltóirí agus an caidreamh
idir gnólachtaí agus a gcuid custaiméirí a chosaint. Cuirfear gné
ríomhthráchtála san áireamh fresin sa bheart sin. I bhfianaise na bhfadhbanna a sonraíodh,
féachtar leis an Rialachán atá beartaithe córas ODR a chur ar bun ar fud an AE
a éascóidh réiteach díospóidí a bhaineann le díolachán earraí nó soláthar
seirbhísí ar líne trasteorann idir trádálaí agus tomhaltóir.
2.
Torthaí an Chomhairliúcháin leis na Páirtithe leasmhara agus Measúnú
Tionchair
2.1.
Saineolas a bhailiú agus comhairliúchán le
páirtithe leasmhara
I roinnt staidéir a rinne an Coimisiún ar ADR le
haghaidh tomhaltóirí, díríodh ar shaincheisteanna lena mbaineann uirlisí
réitigh díospóide ar líne. Áirítear orthu sin an “Study on the use of
Alternative Dispute resolution in the European Union” 2009 lena ndearnadh
diananailís ar na scéimeanna ADR atá ann cheana agus a bhfeidhmiú sna Ballstáit
go léir, staidéar a rinneadh ar shásamh tomhaltóirí san AE[4], an staidéar "Assessment
of the compliance costs including administrative costs/burdens on businesses
linked to the use of Alternative Dispute Resolution (ADR)" (2011) agus
an saothar staidéir "Cross-border ADR in the European Union"
(2011). Sa chomhairliúchán
poiblí ar an úsáid a bhaintear as ADR a seoladh i mí Eanáir 2011, díríodh
freisin ar shaincheisteanna a bhaineann le ODR agus ar na modhanna is fearr
chun sásamh tomhaltóirí a áirithiú i ndáil le hidirbhearta ríomhthráchtála
trasteorann[5].
Tháinig chun cinn go raibh cuid mhór a sheas leis an ngá feabhas a chur ar
uirlisí ODR, go háirithe i ndáil le hidirbhearta ríomhthráchtála, a bhfuil
borradh ar líon na ngearán ina leith go háirithe maidir le cásanna
íseal-luacha. Leagadh béim, go háirithe, ar an ngá dul i ngleic le ceist na
dteangacha agus le dóthain eolais a chur ar fáil do na páirtithe faoin
bpróiseas agus faoi thoradh an phróisis. Bhí mórchuid na bhfreagróirí a
tharraing aird ar an ngá cur leis an taithí thairbheach atá ar fáil in
earnálacha sonracha. Léiríodh ag an díospóireacht a reachtáladh ag
an gcruinniú mullaigh faoi "Réiteach Malartach Díospóide don Mhargadh
Inmheánach agus do thomhaltóirí" a d'eagraigh seirbhísí an Choimisiúin agus
Parlaimint na hEorpa le chéile i mí Márta 2011, go rabhthas ag
seasamh i gcoitinne le huirlisí ODR maidir le díospóidí tomhaltais a fhorbairt
trí bheart de chuid an AE chun soiléire a chur ar fáil faoi na coinníollacha
d'fhonn scéimeanna ardcháilíochta ADR a áirithiú maidir leis an ríomhthráchtáil
sna hearnálacha ar fad. Sa cheardlann maidir le "ADR: how to make it
work better?", a eagraíodh mar chuid de Chruinniú Mullaigh Eorpach an
Tomhaltais i mí Aibreán 2011[6],
rinneadh plé ar shaincheisteanna a bhain le réiteach díospóidí tomhaltais ar
líne. Chuathas i gcomhairle freisin leis an
Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS).
2.2.
Measúnú tionchair
Rinne an Coimisiún measúnú tionchair
mionsonraithe, lena ndearnadh anailís ar réimse roghanna beartais i ndáil le
"Cuimsiú, eolas agus cáilíocht ADR" agus "ODR maidir
le hidirbhearta ríomhthráchtála trasteorann" araon. Ba é an tátal a
bhí ar an measúnú tionchair nach féidir, ach amháin le dhá ionstraim in
éineacht maidir le ADR agus ODR, a áirithiú go mbíonn teacht ar mhodh
neamhchlaon, follasach, críochnúil chun díospóidí tomhaltais a bhaineann le
hidirbhearta ríomhthráchtála trasteorann a réiteach lasmuigh den chúirt. Trí
Rialachán a úsáid, déanfar, go háirithe, córas ODR a chur ar bun ar fud an AE
trínar féidir déileáil go héifeachtach le díospóidí a bhaineann le hidirbhearta
ríomhthráchtála trasteorann ar bhonn chuimsiú iomlán na scéimeanna ADR
ardcháilíochta mar atá le baint amach de réir na Treorach maidir le ADR Le
haghaidh tomhaltóirí.
3.
Eilimintí Dlí an Togra
3.1.
Feidhmiú an chórais uile-AE um réiteach
díospóidí tomhaltais ar líne
3.1.1.
An córas Eorpach um réiteach díospóidí tomhaltais
ar líne a chur ar bun
Féachtar leis an togra seo le clár Eorpach um réiteach
díospóidí tomhaltais ar líne ("clár ODR") a bhunú. Is i bhfoirm
láithreáin ghréasáin idirghníomhaíochta an córas sin agus aon phointe iontrála
amháin ann do thomhaltóirí agus do thrádálaithe ar mian leo díospóidí a
thig as idirbheart ríomhthráchtála trasteorann a réiteach lasmuigh den chúirt.
Is féidir teacht ar an gcóras i dteangacha oifigiúla uile an AE agus tá úsáid
an chórais saor ó tháille. Déanfar scéimeanna ADR a bhunaítear sna Ballstáit
agus nach mór a chur in iúl don Choimisiún i gcomhréir leis an "Treoir
maidir le ADR le haghaidh tomhaltóirí" a chlárú go leictreonach leis an
gcóras ODR. Cuirfidh tomhaltóirí agus trádálaithe a gcuid
gearán isteach trí fhoirm leictreonach gearáin a úsáid a bheidh ar fáil ar
shuíomh gréasáin an chláir i ngach ceann de theangacha oifigiúla na AE. Déanfar
seiceáil sa chlár féachaint ar féidir gearán a phróiseáil agus iarrfaidh sé
comhaontú na bpáirtithe an gearán a tharchur go dtí an scéim ADR atá inniúil
maidir le déileáil leis an díospóid sin. Féachfaidh an scéim ADR inniúil le
réiteach a fháil ar an díospóid de réir rialacha nós imeachta na scéime féin
taobh istigh de thréimhse 30 lá ón dáta a bhfaightear an gearán. Beidh
dlite ar an scéim ADR roinnt sonraí a chur in iúl don chóras faoin dul chun
cinn i ndáil leis an díospóid (an dáta ar tugadh fógra faoin ngearán do na
páirtithe; an dáta ar réitíodh an díospóid; an toradh a bhí ar an díospóid). Faoin togra, bunófar líonra d’éascaitheoirí
réitigh díospóidí tomhaltais ar líne (“líonra éascaitheoirí ODR”) ina mbeidh
pointe teagmhála amháin do réiteach díospóidí tomhaltais ar líne i ngach
Ballstát. Tabharfaidh an líonra éascaitheoirí ODR tacaíocht chun díospóidí a
chuirtear isteach ar an gclár ODR a réiteach.
3.1.2.
Faisnéis faoin gcóras ODR ar fud an AE
Leis an togra seo, ceanglaítear ar
thrádálaithe atá bunaithe taobh istigh den AE agus a bhíonn i mbun
ríomhthráchtála trasteorann tomhaltóirí a chur ar an eolas faoin gclár ODR.
Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil go héasca, go díreach, go feiceálach agus go
buanseasmhach ar láithreáin ghréasáin na dtrádálaithe agus le linn do
thomhaltóir gearán a chur faoi bhráid an trádálaí.
3.1.3.
Faireachán
Déanfar tuarascáil bhliantúil ar
ghníomhaíochtaí a tharraingt suas faoi oibriú an chláir. Déanfaidh na húdaráis
inniúla a bhunófar sna Ballstáit faireachán ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí a
leagtar síos sa Rialachán seo ag na scéimeanna ADR i gcomhréir leis an Treoir
maidir le ADR le haghaidh tomhaltóirí. Tabharfaidh an Coimisiún tuairisc gach
trí bliana do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi chur i
bhfeidhm an Rialacháin.
3.1.4.
Rialacha maidir le cosaint sonraí
Déanfar na sonraí a chuireann na páirtithe
agus na scéimeanna ADR isteach sa chóras ODR a stóráil i mbunachar sonraí a
thiocfaidh faoi réir na reachtaíochta ábhartha faoi chosaint sonraí.
3.2.
Prionsabal na coimhdeachta
Tá an togra
bunaithe ar Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais
Eorpaigh. Cuirfidh
forbairt an chórais ODR uile-AE maidir le díospóidí trasteorann ar líne, a
bheidh ina fhorbairt ar scéimeanna ADR atá ann cheana sna Ballstáit agus a
urramaíonn a rialacha nós imeachta faoi seach, treise leis an muinín as an
Margadh Inmheánach miondíolacháin digiteach agus tabharfar deiseanna nua do
ghnólachtaí. Ainneoin an leibhéil ísil d’idirbhearta
ríomhthráchtála trasteorann atá ann faoi láthair, tá margadh miondíolacháin
digiteach ann laistigh de na Ballstáit a bhfuil borradh foráis faoi. Is gá, dá
bhrí sin, modh sásaimh lasmuigh den chúirt atá simplí, ar chostas íseal agus
éifeachtach a áirithiú, ionas go dtabharfaidh tomhaltóirí agus trádálaithe faoi
idirbhearta trasteorann ar líne. Ní mór beart a dhéanamh ar leibhéal an AE chun
córas ODR uile-AE a chur ar bun, uirlis a bhfuil bunriachtanas léi maidir leis
an ríomhthráchtáil a chur chun cinn. Is den riachtanas chomh maith go gcuirtear
an leibhéal céanna cosanta ar fáil do thomhaltóirí uile na hEorpa agus go
gcothaítear cleachtais oibre iomaíochta i measc gnólachtaí ionas go gcuirtear
leis an malartú táirgí agus earraí ar líne agus thar theorainneacha.
3.3.
Comhréireacht
Comhlíonann an togra prionsabal na
comhréireachta ar na cúiseanna seo a leanas: Tá sé beartaithe leis an togra an modh is
éifeachtaí a chur ar bun chun an cuspóir atá á shaothrú a ghnóthú ag an gcostas
inchomórtais is ísle. In ionad struchtúr nua ar fad a chruthú ar leibhéal an
AE, tá an cur chuige rialaitheach atá beartaithe bunaithe ar scéimeanna ADR
náisiúnta atá ann cheana agus a chomhlíonann na ceanglais atá leagtha amach sa
reachtaíocht ábhartha de chuid an Aontais. Áiritheofar, dá bhrí sin, leis an Rialachán
atá beartaithe go ndéanfar cuimsiú iomlán ar sheirbhísí cáilíochta ADR le
haghaidh díospóidí trasteorann ar líne agus beidh na costais cur chun feidhme
teoranta don mhéid a chuireann an togra leis na struchtúir ADR atá ann cheana
ar an leibhéal náisiúnta. Rinneadh na rialacha atá beartaithe a chur
faoi thástáil comhréireachta agus rinneadh comhairliúchán fairsing ina leith
chun rialachán iomchuí agus comhréireach a áirithiú.
4.
Impleachtaí buiséadacha
Tá an ghníomhaíocht seo ina cuid de Chlár na
dTomhaltóirí 2014-2020[7].
Rachfar i ngleic leis an impleacht bhuiséadach trí ath-imlonnú do na blianta 2012
agus 2013. EUR 4,586 milliún i bpraghsanna reatha a bheidh ar na
leithreasaí airgeadais maidir le cur chun feidhme an togra ó 2012 go dtí 2020.
Comhlíonfar na riachtanais acmhainní daonna trí fhoireann ón Ardstiúrthóireacht
a bhfuil bainistíocht na gníomhaíochta faoina cúram cheana agus/nó atá
ath-imlonnaithe taobh istigh den Ardstiúrthóireacht, mar aon le haon
leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ardstiúrthóireacht atá i
mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh
bliantúil agus i bhfianaise na srianta buiséadacha. Tá ráiteas airgeadais i
gceangal leis an togra. 2011/0374 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE maidir le réiteach díospóidí tomhaltais ar
líne (Rialachán maidir le ODR le haghaidh tomhaltóirí) TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a
chur chuig na parlaimintí náisiúnta, Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta na hEorpa[8],
Tar éis dul i gcomhairle leis an Maoirseoir
Eorpach ar Chosaint Sonraí, Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós
imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1)
Foráiltear in Airteagal 169(1) agus i bpointe
(a) d'Airteagal 169(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
(CFAE) go rannchuideoidh an tAontas le hardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a
bhaint amach trí bhearta a ghlactar de bhun Airteagal 114 de. Foráiltear
le hAirteagal 38 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh go
n-áiritheofar ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí i mbeartais an Aontais. (2)
I gcomhréir le hAirteagal 26(2) CFAE, is éard
é an Margadh Inmheánach limistéar gan teorainneacha inmheánacha ina
n-áiritheofar saorghluaiseacht earraí agus seirbhísí. Ionas go mbeidh muinín
agus leas ag tomhaltóirí as an ngné dhigiteach den Mhargadh Inmheánach, ní mór
teacht a bheith acu ar mhodhanna simplí ísealchostais chun díospóidí a thig as
díol earraí nó soláthar seirbhísí ar líne a réiteach. Is fíor sin go háirithe
nuair a dhéanann tomhaltóirí siopadóireacht trasteorann. (3)
Sa Ghníomh um an Margadh Aonair[9], d’aithin an Coimisiún go
bhfuil reachtaíocht maidir le réiteach malartach díospóide, lena n-áirítear gné
ríomhthráchtála, ar cheann den dá luamhán déag a chuirfidh borradh faoin bhfás
agus a neartóidh an mhuinín as an Margadh Aonair. (4)
D’iarr an Chomhairle Eorpach ar an bParlaimint agus
ar an gComhairle an chéad fhoireann de bhearta tosaíochta a ghlacadh, faoi
dheireadh na bliana 2012, chun spreagadh nua a chur faoin Margadh Aonair[10]. (5)
Is cuid dháiríre de ghnáthshaol an tomhaltóra an
Margadh Inmheánach nuair a dhéanann sé taisteal, ceannach nó íocaíochtaí. Is
príomhghníomhaithe iad na tomhaltóirí sa Mhargadh Inmheánach agus ba cheart go
mbeidís ag a chroílár dá bhrí sin. Tá gné dhigiteach an Mhargaidh Inmheánaigh
ag éirí ríthábhachtach don tomhaltóir agus don trádálaí araon. Tá níos mó
ceannacháin á dhéanamh ag tomhaltóirí ar an idirlíon agus tá forás ag teacht ar
líon na dtrádálaithe a dhíolann ar líne. Ba cheart go mbraithfeadh tomhaltóirí
agus trádálaithe muiníneach as idirbhearta a dhéanamh i dtimpeallacht
dhigiteach. (6)
D'fhéadfadh modh inar féidir réiteach éasca
ísealchostais a lorg ar dhíospóid cur le muinín tomhaltóirí agus trádálaithe as
an margadh digiteach. Ina ainneoin sin, tá constaicí i gcónaí roimh
thomhaltóirí agus roimh thrádálaithe maidir le teacht ar shásamh lasmuigh den
chúirt a bhaineann go háirithe le díospóidí dá gcuid a thig as idirbheart
trasteorann ar líne. Is minic a fhágtar, dá bhrí sin, díospóidí den chineál sin
gan réiteach faoi láthair. (7)
Is féidir réiteach simplí ísealchostais lasmuigh
den chúirt ar dhíospóidí a thig as idirbhearta trasteorann ar líne a chur ar
fáil trí réiteach díospóidí tomhaltais ar líne. Ina ainneoin sin, tá easpa
modhanna ann faoi láthair trínar féidir le tomhaltóirí agus trádálaithe
díospóidí den chineál sin a réiteach ar mhodhanna leictreonacha. Dá bharr sin,
tarlaíonn dochar don tomhaltóir, cuirtear constaic roimh idirbhearta
trasteorann ar líne agus cruthaítear éagothroime idir trádálaithe, rud a
chuireann bac ar thráchtáil leictreonach a fhorbairt. (8)
Ba cheart go mbeadh feidhm leis an Rialachán seo
maidir le díospóidí conarthacha idir tomhaltóirí agus trádálaithe a thig as
trádálaithe a bheith ag díol earraí nó ag soláthar seirbhísí trasteorann
ar líne a réiteach lasmuigh den chúirt. Níor cheart go mbeadh feidhm leis an
Rialachán seo i ndáil le díospóidí idir tomhaltóirí agus trádálaithe a thig as
díol earraí nó soláthar seirbhísí ar líne más rud é, an tráth a ordaíonn an
tomhaltóir earraí nó seirbhísí den chineál sin, nach bhfuil duine acu ar a
laghad bunaithe nó ina chónaí i mBallstát de chuid an Aontais nó gur san aon
Bhallstát amháin atá cónaí ar an trádálaí agus ar an tomhaltóir nó gur san aon
Bhallstát amháin atá an trádálaí agus an tomhaltóir bunaithe. (9)
Ba cheart don Rialachán seo a bheith gan dochar do Threoir 2008/52/CE
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2008
maidir le gnéithe áirithe d'idirghabháil in ábhair shibhialta agus tráchtála[11], Rialachán (CE) Uimh. 44/2001
ón gComhairle an 22 Nollaig 2000 maidir le dlínse agus aithint agus
forghníomhú breitheanna in ábhair shibhialta agus tráchtála[12], Rialachán (CE) Uimh. 864/2007
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir
leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí neamhchonarthacha (“An Róimh II”)[13] agus Rialachán (CE) Uimh. 593/2008
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008
maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha (“An Róimh I”)[14]. (10)
Ba cheart go dtiocfadh daoine nádúrtha atá ag
gníomhú chun críocha nach bhfuil aon bhaint acu lena dtrádáil, lena ngnó, lena
gceird ná lena ngairm faoi chuimsiú an tsainmhínithe ar "tomhaltóir".
Mar sin féin, más chun críocha a bhfuil baint pháirteach acu le trádáil an
duine a thugtar an conradh i gcrích (conradh dhá fheidhm) agus go bhfuil an
chríoch trádála chomh teoranta sin nach í is mó atá i gceist i gcomhthéacs
iomlán an tsoláthair, ba cheart a mheas gur tomhaltóir an té sin chomh maith. (11)
Ba cheart go dtiocfadh idirbheart maidir le díol
earraí nó soláthar seirbhísí ar líne faoi chuimsiú an tsainmhínithe ar
"díol earraí nó soláthar seirbhísí ar líne" sa chás gur thairg an
trádálaí, nó idirghabhálaí an trádálaí, earraí nó seirbhísí trí láithreán
gréasáin nó ar mhodhanna leictreonacha eile agus gur ordaigh an tomhaltóir na
hearraí nó na seirbhísí sin ar an láithreán gréasáin sin nó ar mhodh
leictreonach eile. Ba cheart go dtiocfadh cásanna faoina chuimsiú sin freisin
má rinne an tomhaltóir ceangal leis an láithreán gréasáin nó le seirbhís sochaí
faisnéise eile trí ghléas leictreonach soghluaiste, i.e. fón póca. (12)
Níor cheart feidhm a bheith leis an Rialachán seo
maidir le díospóidí idir tomhaltóirí agus trádálaithe a thig as díol earraí nó
soláthar seirbhísí trasteorann as líne. Níor cheart feidhm a bheith leis an
Rialachán seo maidir le díospóidí idir trádálaithe. (13)
Ba cheart go bhféachfaí ar an Rialachán seo i
gcomhar le Treoir …/.../AE [Oifig na bhFoilseachán – cur isteach an uimhir]
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [Oifig na bhFoilseachán – cur
isteach an dáta ar glacadh í] maidir le réiteach malartach díospóide le
haghaidh díospóidí tomhaltais (Treoir maidir le ADR le haghaidh tomhaltóirí)[15] a cheanglaíonn ar na Ballstáit
a áirithiú gur féidir gach díospóid, a thig as díol earraí nó soláthar
seirbhísí, idir tomhaltóirí agus trádálaithe a bhfuil cónaí orthu nó atá
bunaithe san Aontas a chur faoi bhráid einitis um réiteach malartach díospóide. (14)
Féachtar leis an Rialachán seo le clár um réiteach
díospóidí tomhaltais ar líne (‘ODR’) a chruthú ar an leibhéal Eorpach. Ba
cheart go mbeadh an clár ODR i bhfoirm láithreáin ghréasáin idirghníomhaíochta
lena gcuirfí aon phointe amháin iontrála ar fáil do thomhaltóirí agus do
thrádálaithe atá ag iarraidh díospóidí a thig as idirbheart ríomhthráchtála
trasteorann a réiteach lasmuigh den chúirt. Ba cheart go dtabharfadh sé deis do
thomhaltóirí agus do thrádálaithe gearáin a chur isteach trí fhoirm ghearáin
leictreonach a bheidh ar fáil i dteangacha oifigiúla uile an Aontais Eorpaigh a
líonadh isteach agus gearáin a tharchur go huathoibreach chuig eintiteas um
réiteach malartach díospóide (‘ADR’) atá inniúil ar dhéileáil leis an díospóid
lena mbaineann. Ba cheart go mbeadh deis ag eintitis ADR agus ag na páirtithe
an nós imeachta réitigh díospóide a sheoladh tríd an gclár. (15)
Ba cheart go mbeadh córas ODR ar an leibhéal
Eorpach mar fhorbairt ar na heintitis ADR atá ann cheana sna Ballstáit agus go
n-urramófaí traidisiúin dlí na mBallstát. Ba cheart d’eintitis ADR a gcuirtear
gearán faoina mbráid tríd an gclár ODR a gcuid rialacha nós imeachta féin a
chur i bhfeidhm, lena n-áirítear rialacha maidir le costais. Mar sin féin, tá
sé beartaithe leis an Rialachán seo roinnt rialacha coiteanna atá infheidhme
maidir leis na nósanna imeachta sin a leagan síos trína gcaomhnófar an
éifeachtacht atá leo. Ba cheart go n-áireofaí rialacha lena n-áirithítear go
dtugtar réiteach den chineál sin chun críche go pras. (16)
Ba cheart go bhféadfaí cuimsiú iomlán an tsásaimh
ar líne lasmuigh den chúirt a bhaint amach i ndáil le díospóidí trasteorann a
thig as díol earraí nó soláthar seirbhísí ar líne, má áirithítear go mbeidh na
heintitis ADR uile a chuirtear in iúl don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 17(2)
de Threoir .../.../AE [=an Treoir maidir le ADR le haghaidh tomhaltóirí] Oifig
na bhFoilseachán – cur isteach uimhir thagartha] nasctha go leictreonach
leis an gclár Eorpach ODR. (17)
Ní chuirtear cosc leis an Rialachán seo ar
fheidhmiú aon eintitis um réiteach díospóidí tomhaltais ar líne atá ann
cheana atá ag feidhmiú laistigh den Aontas. Níor cheart go gcuirfeadh
sé cosc ar eintitis ADR déileáil le díospóidí trasteorann ar líne a
cuireadh faona mbráid ar mhodh eile seachas tríd an gclár ODR. (18)
Ba cheart go dtabharfadh an líonra d’éascaitheoirí
réitigh díospóidí tomhaltais ar líne tacaíocht chun díospóidí a bhaineann le
gearáin a chuirtear isteach tríd an gclár ODR a réiteach. Is éard a bheidh sa
líonra sin pointí teagmhála le haghaidh ODR sna Ballstáit sin a bhfuil
éascaitheoirí réitigh díospóidí tomhaltais ar líne acu. (19)
Is cearta bunúsacha an ceart chun leighis
éifeachtaigh agus an ceart chun trialach córa agus tá na cearta sin ráthaithe
in Airteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Ní
féidir nósanna imeachta um réiteach díospóidí tomhaltais ar líne a cheapadh
d'fhonn ionad nósanna imeachta cúirte a ghlacadh agus níor cheart go mbainfí a
gcearta sásamh a iarraidh os comhair na gcúirteanna de thomhaltóirí ná de
thrádálaithe de bharr na nósanna imeachta sin. Níor cheart go mbeadh aon ní sa
Rialachán seo, dá bhrí sin, ina chosc ar pháirtithe a gceart rochtana ar an
gcóras breithiúnach a fheidhmiú. (20)
Ba cheart go dtiocfadh an phróiseáil ar fhaisnéis
faoin Rialachán seo faoi réir dianráthaíochtaí príobháideachais agus ba cheart
go gcomhlíonfadh sí na rialacha maidir le sonraí pearsanta a chosaint a leagtar
síos i dTreoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh
Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil
sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin[16] agus i Rialachan (CE) 45/2001
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir
le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag
institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht
na sonraí sin[17].
Ba cheart go mbeadh feidhm ag na rialacha sin maidir le haon phróiseáil a dhéanfaidh
gníomhaithe éagsúla an chláir ar shonraí pearsanta faoin Rialachán seo, bídís
ag gníomhú as a stuaim féin nó i gcomhpháirt le gníomhaithe eile an chláir. (21)
Ba cheart go gcuirfí na daoine is ábhar do na
sonraí ar an eolas faoin bpróiseáil ar a gcuid sonraí pearsanta sa chlár ODR,
agus faoina gcuid ceart i ndáil leis an bpróiseáil sin, trí fhógra
príobháideachta cuimsitheach a chuirfidh an Coimisiún ar fáil go poiblí agus
ina míneofar, i bhfriotal soiléir simplí, na hoibríochtaí próiseála a dhéantar
faoi chúram ghníomhaithe éagsúla an chláir, i gcomhréir le hAirteagal 11
agus Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh 45/2001 agus leis an reachtaíocht
náisiúnta a ghlactar de bhun Airteagal 10 agus Airteagal 11 de Threoir 95/46/CE. (22)
Ba cheart do thrádálaithe tomhaltóirí a chur ar an
eolas faoin gclár ODR ar a gcuid láithreán gréasáin agus nasc leictreonach le
leathanach baile an chláir sin a chur ar fáil. Ba cheart dóibh freisin faisnéis
den sórt sin a chur ar fáil nuair a chuirfidh tomhaltóir gearán faoi bhráid an
trádálaí, faoi bhráid córais láimhseála gearán tomhaltóirí arna oibriú ag an
trádálaí nó faoi bhráid ombudsman arna fhostú ag an gcuideachta. Níor cheart
don oibleagáid sin aon dochar a dhéanamh d’Airteagal 10(1)-(3) de Threoir .../.../AE
[Oifig na bhFoilseachán – cur isteach uimhir thagartha] maidir le
trádálaithe a bheith ag tabhairt faisnéise do thomhaltóirí maidir le nósanna
imeachta ADR faoina bhfuil na trádálaithe sin cumhdaithe agus maidir lena
bhfuil siad tiomanta nósanna imeachta um réiteach malartach díospóide a úsáid
chun díospóidí le tomhaltóirí a réiteach. Thairis sin, níor cheart don
oibleagáid sin dochar a dhéanamh d’Airteagal 6(1)(t) agus Airteagal 8
de Threoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an
25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí[18]. Leagtar síos le hAirteagal 6(1)(t)
de Threoir 2011/83/AE go bhfuil dualgas ar an trádálaí, i gcás conarthaí
tomhaltóirí a thugtar i gcrích go cianda nó ó láthair, an tomhaltóir a chur ar
an eolas faoin deis dul ar iontaoibh sásra gearáin agus sásaimh lasmuigh den
chúirt a bhfuil an trádálaí ina ábhar de, agus na modhanna rochtana chuige sin,
sula mbeidh an tomhaltóir faoi cheangal ag an gconradh. (23)
D’fhonn eilimintí neamhriachtanacha áirithe den
Rialachán seo a fhorlíonadh nó a leasú, ba cheart an chumhacht a tharmligean
chuig an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE, maidir leis an
gcineál faisnéise a bheidh ar ghearánach a thabhairt san fhoirm ghearáin
leictreonach a chuirtear ar fáil ar an gclár ODR. Tá sé ríthábhachtach go
ndéanfaidh an Coimisiún comhairliúchán iomchuí le linn a réamhullmhúcháin, lena
n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú,
agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar
na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go hiomchuí
chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. (24)
D'fhonn a áirithiú go mbeidh coinníollacha cur chun
feidhme an Rialacháin seo aonfhoirmeach, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme
a thabhairt don Choimisiún maidir le feidhmiú an chláir ODR, leis na rialacha
mionsonraithe chun gearán a chur isteach agus le comhar laistigh den líonra
éascaitheoirí ODR. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le
Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail
ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar
fheidhmiú cumhachtaí chur chun feidhme ag an gCoimisiún. Ba cheart an nós imeachta comhairleach a úsáid chun gníomhartha
cur chun feidhme a bhaineann leis an bhfoirm ghearáin leictreonach a ghlacadh i
bhfianaise an chineáil theicniúil amháin atá inti. Ba
cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun na rialacha a bhaineann leis na
módúlachtaí comhair idir na héascaitheoirí ODR sa líonra d’éascaitheoirí
réitigh díospóidí tomhaltais ar líne a ghlacadh. (25)
Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an
Rialacháin seo a ghnóthú go leormhaith, eadhon clár Eorpach um réiteach díospóidí
tomhaltais ar líne le haghaidh díospóidí trasteorann ar líne faoi rialú
rialacha coiteanna a chur ar bun, agus gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar
leibhéal an Aontais, de bharr scála agus éifeachtaí na gníomhaíochta, féadfaidh
an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a
leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I
gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin,
ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a
bhaint amach. (26)
Urramaítear leis an rialachán seo cearta bunúsacha
agus na prionsabail a aithnítear go háirithe le Cairt um Chearta Bunúsacha an
Aontais Eorpaigh agus go háirithe in Airteagail 7, 8, 38 agus 47 di, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: CAIBIDIL I
Forálacha ginearálta Airteagal 1
Ábhar Is é is cuspóir don Rialachán seo rannchuidiú
le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, agus go háirithe leis an ngné dhigiteach
de, agus ardleibhéal cosanta don tomhaltóir a bhaint amach trí chlár a chur ar
fáil lena n-éascaítear an bealach do réiteach neamhchlaon, trédhearcach,
éifeachtach agus cóir lasmuigh den chúirt ar dhíospóidí idir tomhaltóirí agus
trádálaithe ar líne. Airteagal 2
Raon feidhme Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le
réiteach lasmuigh den chúirt ar dhíospóidí conarthacha a thig as díol earraí nó
soláthar seirbhísí trasteorann ar líne idir tomhaltóirí agus trádálaithe trí
idirghabháil eintitis um réiteach malartach díospóide a chomhlíonann Treoir [Oifig
na bhFoilseachán - cur isteach uimhir na Treorach ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle maidir le réiteach malartach díospóide le haghaidh díospóidí
tomhaltais agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir
2009/22/CE (Treoir maidir le ADR le haghaidh tomhaltóirí)] agus ina n-úsáidfear
clár Eorpach um réiteach díospóidí tomhaltais ar líne. Airteagal 3
Gaol le reachtaíocht eile de chuid an Aontais Tá an Rialachán seo gan dochar do Threoir 2008/52/CE,
Rialachán (CE) Uimh. 44/2001, Rialachán (CE) Uimh. 864/2007 agus
Rialachán (CE) Uimh. 593/2008. Airteagal 4
Sainmhínithe Chun críocha an Rialacháin seo: (a)
ciallaíonn "tomhaltóir" duine nádúrtha ar
bith atá ag gníomhú chun críocha nach bhfuil aon bhaint acu lena thrádáil, lena
ghnó, lena cheird nó lena ghairm; (b)
ciallaíonn "trádálaí" duine nádúrtha ar
bith nó duine dlítheanach ar bith, is cuma ar faoi úinéireacht phríobháideach
nó faoi úinéireacht phoiblí, atá ag gníomhú, lena n-áirítear trí aon duine atá
ag gníomhú faoina ainm nó thar a cheann, chun críocha a bhfuil baint acu lena
thrádáil, lena ghnó, lena cheird nó lena ghairm; (c)
ciallaíonn "díol earraí nó soláthar seirbhísí
ar líne" idirbheart chun earraí a dhíol nó seirbhísí a sholáthar i gcás
inar thairg an trádálaí, nó idirghabhálaí an trádálaí, earraí nó seirbhísí ar
láithreán gréasáin nó trí mhodh leictreonach eile agus gur ordaigh an
tomhaltóir earraí nó seirbhísí den sórt sin ar an láithreán gréasáin sin nó trí
mhodh leictreonach eile; (d)
ciallaíonn “modh leictreonach” trealamh
leictreonach a úsáidtear chun sonraí a tharchuirtear, a iompraítear agus a
fhaightear go hiomlán ar shreang, ar raidió, ar mhodh optach nó ar mhodh
leictreamaighnéadach eile a phróiseáil (lena n-áirítear comhbhrú digiteach)
agus a stóráil. Ní fhéachfar ar an méid seo a leanas mar
sheirbhísí a sholáthraítear ar mhodh leictreonach: –
seirbhísí as líne; –
seirbhísí a bhfuil inneachar ábharach iontu cé go
soláthraítear iad trí ghléasanna leictreonacha amhail uathmheaisíní dáilte
airgid nó ticéad (nótaí bainc, ticéid iarnróid), rochtain ar líonraí bóthair,
carrchlóis, ag a ngearrtar táillí úsáide, fiú má tá gléasanna leictreonacha ag
an mbealach isteach nó amach lena rialaítear rochtain agus/nó lena
n-áirithítear go ndearnadh an íocaíocht; –
seirbhísí nach soláthraítear trí phróiseáil
leictreonach/córais fardail amhail seirbhísí guth-theileafónaíochta, seirbhísí
facs nó teiléacs, seirbhísí a sholáthraítear trí ghuth-theileafónaíocht nó trí
fhacs; comhairliúchán liachleachtóra ar ghuthán nó ar fhacs; comhairliúchán
dlíodóra ar ghuthán nó ar fhacs; margaíocht dhíreach ar ghuthán nó ar fhacs. (e)
ciallaíonn "díol earraí nó soláthar seirbhísí
trasteorann ar líne" díol earraí nó soláthar seirbhísí ar líne i gcás ina
bhfuil an tomhaltóir ina chónaí i mBallstát seachas an Ballstát ina bhfuil an
trádálaí bunaithe, tráth a ordaíonn an tomhaltóir earraí nó seirbhísí den sórt
sin; (f)
tá trádálaí ina thrádálaí "bunaithe" –
sa chás gur duine nádúrtha an trádálaí, san áit a
bhfuil an t-ionad gnó aige; –
sa chás gur cuideachta nó duine dlítheanach eile nó
comhlachas daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha an trádálaí, san áit a
bhfuil oifig reachtúil, lárionad riaracháin nó príomhionad gnó aige nó, i
gcás ina ndéantar tairiscint an trádálaí nó i gcás ina bhfuil na hearraí nó na
seirbhísí a ordaítear le seachadadh as gnóthaí brainse, gníomhaireachta nó
bunaíochta eile, san áit a bhfuil an brainse, an ghníomhaireacht nó an
bhunaíocht eile sin suite; (g)
ciallaíonn “nós imeachta um réiteach malartach
díospóide” ("nós imeachta ADR” anseo feasta) nós imeachta chun díospóid a
réiteach lasmuigh den chúirt trí idirghabháil eintitis um réiteach díospóide a
mholfaidh nó a fhorchuirfidh réiteach nó a thabharfaidh na páirtithe le chéile
d’fhonn réiteach cairdiúil a éascú; Ní mheasfar mar nósanna imeachta ADR nósanna
imeachta a bhaineann le heintitis um réiteach díospóide arb é an trádálaí
amháin a fhostaíonn na daoine nádúrtha atá freagrach as réiteach díospóide,
nósanna imeachta a bhaineann le córais láimhseála gearán tomhaltóirí arna
n-oibriú ag an trádálaí, idirbheartaíocht dhíreach idir an tomhaltóir agus an
trádálaí, bíodh ionadaithe acu nó ná bíodh, agus iarrachtaí arna ndéanamh ag
breitheamh díospóid a réiteach le linn imeachta bhreithiúnaigh a bhaineann leis
an díospóid sin; (h)
ciallaíonn “eintiteas um réiteach malartach
díospóide", ("eintiteas ADR" anseo feasta) eintiteas de bhun Airteagal 4(e)
de Threoir [Oifig na bhFoilseachán - cur isteach uimhir na Treorach
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le réiteach malartach
díospóide le haghaidh díospóidí tomhaltais agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004
agus Treoir 2009/22/CE (an Treoir maidir le ADR le haghaidh tomhaltóirí)] atá
curtha in iúl don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 17(2) den Treoir
sin; (i)
ciallaíonn "gearánach" an tomhaltóir nó
an trádálaí a chuirfidh gearán isteach tríd an gclár Eorpach um réiteach
díospóidí tomhaltais ar líne; (j)
ciallaíonn "cosantóir" an tomhaltóir nó
an trádálaí a gcuirtear gearán isteach ina leith tríd an gclár Eorpach um réiteach
díospóidí tomhaltais ar líne; (k)
ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a
bhaineann le duine nádúrtha aitheanta nó inaitheanta (‘duine is ábhar do na
sonraí’); is ionann duine inaitheanta agus duine is féidir a aithint, go
díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt d’uimhir aitheantais nó
d’fhachtóir amháin nó níos mó a bhaineann go sonrach lena chéannacht
fhisiceach, fhiseolaíoch, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta. CAIBIDIL II
Clár Eorpach um réiteach díospóidí tomhaltais ar líne Airteagal 5
An clár Eorpach um réiteach díospóidí tomhaltais ar líne a bhunú 1.
Bunóidh an Coimisiún clár Eorpach um réiteach
díospóidí tomhaltais ar líne (‘clár ODR’ anseo feasta). 2.
Láithreán gréasáin idirghníomhaíoch a bheidh i
gclár ODR a bhféadfar rochtain a fháil air go leictreonach agus saor in aisce i
ngach teanga oifigiúil den Aontas. Beidh an clár ODR ina phointe iontrála
amháin ag tomhaltóirí agus ag trádálaithe atá ag lorg réiteach lasmuigh den
chúirt ar dhíospóidí a thagann faoi chuimsiú an Rialacháin seo. 3.
Beidh na feidheanna seo a leanas leis an gclár ODR: (a)
foirm ghearáin leictreonach a chur ar fáil a
fhéadfaidh an gearánach a chomhlánú; (b)
ar bhonn na faisnéise a bheidh san fhoirm ghearáin
leictreonach, eintiteas ADR inniúil amháin nó níos mó a mholadh do na páirtithe
agus faisnéis a thabhairt faoi tháillí na n-eintiteas sin, agus más iomchuí,
faoin teanga nó na teangacha ina seolfar an nós imeachta, agus faoin bhfad a
mhairfidh na nósanna imeachta, nó geall leis, nó an gearánach a chur in iúl
nárbh fhéidir aon eintiteas ADR inniúil a aithint bunaithe ar an bhfaisnéis a
cuireadh isteach; (c)
gearáin a chur ar aghaidh chuig an eintiteas ADR ar
tháinig na páirtithe ar chomhaontú a úsáid; (d)
na páirtithe agus an t-eintiteas ADR a chumasú an
nós imeachta um réiteach díospóide a sheoladh ar líne; (e)
foirm leictreonach a chur ar fáil trína
dtarchuirfidh eintitis ADR an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 9(c); (f)
córas aiseolais a chur ar fáil trína bhféadfaidh na
páirtithe a dtuairimí a chur in iúl faoi fheidhmiú an chláir ODR agus faoin
eintiteas ADR a láimhseáil an díospóid eatarthu; (g)
faisnéis a fhoilsiú faoi na heintitis ADR ar
cuireadh fógra chuig an gCoimisiún ina leith i gcomhréir le hAirteagal 17(2)
de Threoir …/…/AE [Oifig na bhFoilseachán - cur isteach uimhir na
Treorach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le réiteach
malartach díospóide le haghaidh díospóidí tomhaltais agus lena leasaítear
Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (an Treoir maidir le
ADR le haghaidh tomhaltóirí)] agus a dhéileálann le díospóidí a thagann faoi
chuimsiú an Rialacháin seo; (h)
faisnéis ghinearálta a chur ar fáil maidir le
réiteach malartach díospóide mar mhodh réitigh díospóide lasmuigh den chúirt; (i)
staitisticí a chur ar fáil faoi thoradh na
ndíospóidí a láimhseáil na heintitis ADR ar cuireadh gearáin chucu tríd an
gclár ODR. 4.
Na heintitis um réiteach malartach díospóide ar
cuireadh fógra chuig an gCoimisiún ina leith i gcomhréir le hAirteagal 17(2)
de Threoir …/…/AE [Oifig na bhFoilseachán - cur isteach uimhir na
Treorach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le réiteach
malartach díospóide le haghaidh díospóidí tomhaltais agus lena leasaítear
Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (Treoir maidir le
ADR le haghaidh tomhaltóirí)] agus atá inniúil, i gcomhréir leis na heilimintí
is gá chun a n-inniúlacht a bhunú, mar a tugadh le fios de bhun Airteagal 16(1)(g)
de Threoir .../.../AE [Oifig na bhFoilseachán - cur isteach uimhir na
Treorach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le réiteach
malartach díospóide le haghaidh díospóidí tomhaltais agus lena leasaítear
Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (Treoir maidir le
ADR le haghaidh tomhaltóirí)], agus bunaithe ar an bhfaisnéis a thugtar san
fhoirm ghearáin leictreonach dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 3,
chun déileáil le díospóidí a thagann faoi chuimsiú an Rialacháin seo, cláróidh
siad go leictreonach ar an gclár ODR. 5.
Beidh freagracht ar an gCoimisiún as an gclár ODR a
mhéid a bhaineann le forbairt, oibriú, cothabháil an chláir agus le slándáil
sonraí. 6.
Déanfaidh an Coimisiún bearta maidir leis na
rialacha mionsonraithe a bhaineann le feidhmiú na bhfeidhmeanna dá bhforáiltear
i mír 3 a ghlacadh trí ghníomhartha cur chun feidhme. Glacfar na
gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin
dá dtagraítear in Airteagal 15(3). Airteagal 6
Líonra d’éascaitheoirí réitigh díospóidí tomhaltais ar líne 1.
Ainmneoidh gach Ballstát pointe teagmhála ODR
amháin agus cuirfidh siad ainm agus sonraí teagmhála an phointe teagmhála sin
in iúl don Choimisiún. Féadfaidh Ballstáit an fhreagracht as na pointí
teagmhála ODR a thabhairt dá lárionaid de Líonra na Lárionad Eorpach do
Thomhaltóirí, a thabhairt do chomhlachais tomhaltóirí nó do chomhlacht eile.
Beidh dhá éascaitheoir réitigh díospóidí tomhaltais ar líne ar a laghad
(‘éascaitheoirí ODR’ anseo feasta) ag gach pointe teagmhála ODR. 2.
Tabharfaidh na héascaitheoirí ODR tacaíocht chun
díospóidí a bhaineann le gearáin a chuirtear isteach ar an gclár ODR a réiteach
trí na feidhmeanna seo a leanas a chomhlíonadh: (a)
más gá, an chumarsáid idir na páirtithe agus an
t-eintiteas ADR inniúil a éascú; (b)
tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi mhodhanna eile
sásaimh i gcás nach féidir díospóid a réiteach tríd an gclár, mar shampla i
gcás ina dteipeann ar thrádálaí teacht ar chomhaontú maidir le ADR a úsáid; (c)
ar bhonn na taithí praiticiúla a fuarthas trína
bhfeidhmeanna a fheidhmiú, tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí a chur
chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit; (d)
na páirtithe a chur ar an eoas faoi na buntáistí
agus na míbhuntáistí a bhaineann leis na nósanna imeachta a chuireann na
heintitis ADR atá molta i bhfeidhm. 3.
Bunóidh an Coimisiún líonra d’éascaitheoirí réitigh
díospóidí tomhaltais ar líne (‘líonra éascaitheoirí ODR’ anseo feasta) trína
bhféadfar comhar a chruthú idir éascaitheoirí ODR agus rannchuideoidh an líonra
le feidhmiú na bhfeidhmeanna atá leagtha amach i mír 2. 4.
Uair amháin sa bhliain ar a laghad, tionólfaidh an
Coimisiún cruinniú de chomhaltaí líonra na n-éascaitheoirí ODR le go bhféadfar
na cleachtais is fearr a mhalartú agus plé a dhéanamh ar aon fhadhbanna a
thagann chun cinn arís is arís eile in oibriú an chláir ODR. 5.
Déanfaidh an Coimisiún na rialacha a bhaineann leis
na módúlachtaí comhair idir na héascaitheoirí ODR a ghlacadh trí ghníomhartha
cur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis
an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(3). Airteagal 7
Gearán a dhéanamh 1.
D’fhonn gearán a chur isteach ar an gclár ODR
comhlánóidh an gearánach an fhoirm ghearáin leictreonach a bheidh ar fáil ar
láithreán gréasáin an chláir. Féadfaidh an gearánach aon doiciméid atá i
bhfoirm leictreonach a cheangal leis an bhfoirm ghearáin mar thaca lena
ghearán. 2.
Beidh an fhaisnéis a chuirfidh an gearánach isteach
leordhóthanach le go bhféadfar an t-eintiteas ADR inniúil a chinneadh. Tugtar
tuairisc ar an bhfaisnéis sin san Iarscríbhinn. 3.
Déanfaidh an clár ODR faisnéis faoin eintiteas nó
faoi na heintitis ADR atá inniúil de réir an chláir ODR a chur ar fáil do na
páirtithe; má tá níos mó ná rogha amháin ar fáil, cuirfidh éascaitheoirí ODR na
mBallstát lena mbaineann sonraí faoi na heintitis éagsúla atá aitheanta ar fáil
do na páirtithe agus cuirfidh siad comhairle orthu faoi na buntáistí agus na
míbhuntáistí a bhaineann leis na nósanna imeachta a chuireann gach ceann de na
heintitis sin i bhfeidhm le go mbeidh na páirtithe in ann rogha eolach a
dhéanamh. 4.
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 chun an fhaisnéis atá
liostaithe san Iarscríbhinn a oiriúnú, agus cuirfear san áireamh na critéir ar
dá réir a ndéanann na heintitis ADR ar cuireadh fógra chuig an gCoimisiún ina
leith i gcomhréir le hAirteagal 17(2) de Threoir …/…/AE [Oifig na
bhFoilseachán - cur isteach uimhir na Treorach ó Pharlaimint na hEorpa agus
ón gComhairle maidir le réiteach malartach díospóide le haghaidh díospóidí
tomhaltais agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir
2009/22/CE (Treoir maidir le ADR le haghaidh tomhaltóirí)], agus a dhéileálann
le díospóidí a thagann faoi chuimsiú an Rialacháin seo, a raonta feidhme faoi
seach maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin a shainmhíniú. 5.
Déanfaidh an Coimisiún na rialacha mionsonraithe
maidir leis an bhfoirm ghearáin leictreonach a leagan síos trí ghníomhartha cur
chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i
gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá tagraítear in Airteagal 15(2). 6.
Ní dhéanfar ach sonraí atá cruinn, ábhartha agus
nach bhfuil iomarcach i ndáil leis na cuspóirí ar tiomsaíodh chucu iad a
phróiseáil tríd an bhfoirm ghearáin leictreonach agus trí na ceangaltáin a
ghabhann léi. Airteagal 8
Gearán a phróiseáil agus a tharchur 1.
Déanfar gearán a chuirtear isteach ar an gclár a
phróiseáil má tá an fhoirm ghearán comhlánaithe go hiomlán. 2.
Tar éis dó foirm ghearáin atá comhlánaithe go
hiomlán a fháil, cuirfidh an clár ODR an méid seo a leanas in iúl don
ghearánaí, i dteanga an ghearánaí, agus seolfaidh sé ríomhphost chuig an
gcosantóir, i dteanga an chonartha, ina sonrófar an méid seo a leanas: (a)
an fhaisnéis go mbeidh ar na páirtithe teacht ar
chomhaontú maidir le heintiteas ADR inniúil amháin le go bhféadfar an gearán a
chur ar aghaidh chuige; (b)
an fhaisnéis nach ndéanfar breis próiseála ar an
ngearán más rud é go dteipeann ar na páirtithe teacht ar chomhaontú maidir le
heintiteas ADR inniúil amháin nó mura n-aithneofar aon eintiteas ADR inniúil; (c)
liosta de na heintitis ADR inniúla uile, i gcás gur
aithníodh aon cheann; (d)
ainm agus sonraí teagmhála an phointe teagmhála ODR
in áit chónaithe an tomhaltóra agus san áit bhunaíochta i gcás an trádálaí, mar
aon le tuairisc ghairid ar na feidhmeanna dá dtagraítear in Airteagal 6(2)(a),
(b) agus (d); (e)
cuireadh a thabhairt don tomhaltóir eintiteas ADR
amháin nó níos mó a roghnú ón liosta a cuireadh ar fáil, agus a shonrú nach
bhfuil aon oibleagáid ar an tomhaltóir an rogha sin a dhéanamh; (f)
cuireadh a thabhairt don trádálaí eintiteas ADR
amháin nó níos mó a roghnú ón liosta a cuireadh ar fáil, i gcás nach
bhfreagraíonn aon cheann de na heintitis sin d’eintiteas ar gheall an trádálaí
a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Threoir …/…/AE [Oifig
na bhFoilseachán - cur isteach uimhir na Treorach ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle maidir le réiteach malartach díospóide le haghaidh díospóidí
tomhaltais agus lena leasaítear Treoir 2009/22/CE (Treoir maidir le ADR le
haghaidh tomhaltóirí)]; (g)
an fhaisnéis go ndéanfaidh an clár an gearán a
tharchur díreach chuig an eintiteas ADR, más rud é go roghnaíonn an tomhaltóir
eintiteas ADR ar gheall an trádálaí a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 10(1)
de Threoir …/…/AE [Oifig na bhFoilseachán - cur isteach uimhir na
Treorach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le réiteach
malartach díospóide le haghaidh díospóidí tomhaltais agus lena leasaítear Treoir 2009/22/CE
(Treoir maidir le ADR le haghaidh tomhaltóirí)]. 3.
Beidh tuairisc ar na tréithe seo a leanas a
bhaineann le gach eintiteas faoi seach ar áireamh sa chumarsáid dá dtagraítear
i mír 2: (a)
a dtáillí, más infheidhme; (b)
an teanga nó na teangacha ina seolfar an nós
imeachta; (c)
an fad a mhairfidh an nós imeachta, nó geall leis; (d)
an gá le láithreacht fhisiciúil na bpáirtithe nó a
n-ionadaithe, más infheidhme; (e)
nádúr ceangailteach nó neamhcheangailteach thoradh
an nós imeachta. 4.
I gcás ina dteipeann ar na páirtithe freagra a
thabhairt ar an gclár nó teacht ar chomhaontú maidir le heintiteas ADR inniúil
amháin, ní dhéanfar an gearán a phróiseáil a thuilleadh. Cuirfear an tomhaltóir
ar an eolas faoin deis atá ann teagmháil a dhéanamh le héascaitheoir ODR chun
eolas a chur ar mhodhanna eile sásaimh. 5.
I gcás ina bhfreagraíonn rogha an tomhaltóra
d’eintiteas ADR ar gheall an trádálaí a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 10(1)
de Threoir …/…/AE [Oifig na bhFoilseachán - cur isteach uimhir na
Treorach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le réiteach
malartach díospóide le haghaidh díospóidí tomhaltais agus lena leasaítear
Treoir 2009/22/CE (Treoir maidir le ADR le haghaidh tomhaltóirí)] nó i gcás ina
roghnóidh na páirtithe an t-eintiteas ADR céanna ina gcuid freagraí, déanfaidh
an clár an gearán a chur ar aghaidh díreach chuig an eintiteas ADR sin. 6.
I gcás ina dtiocfaidh na páirtithe ar chomhaontú
faoi níos mó ná eintiteas ADR amháin, iarrfar ar an tomhaltóir ceann de na
heintitis ADR a comhaontaíodh a roghnú. Déanfaidh an clár an gearán a chur ar
aghaidh díreach chuig an eintiteas ADR. Airteagal 9
Díospóid a réiteach Na heintitis ADR a gcuirtear gearán ar aghaidh
chucu i gcomhréir le hAirteagal 8, déanfaidh siad an méid seo a leanas: (a)
fógra a thabhairt gan mhoill do pháirtithe na
díospóide agus iad a chur ar an eolas faoi na rialacha nós imeachta atá acu
agus faoi na táillí a bhaineann leis an díospóid atá i gceist a réiteach; (b)
más rud é, tar éis an fógra faoin díospóid a
thabhairt do na páirtithe, go gcomhaontaíonn na páirtithe imeachtaí a
thionscnamh leis an eintiteas, an nós imeachta um réiteach díospóide a
thabhairt chun críche faoi cheann 30 lá ón dáta ar tionscnaíodh na himeachtaí.
I gcás díospóidí casta, féadfaidh an t-eintiteas ADR síneadh a chur leis an
teorainn ama sin; (c)
an fhaisnéis seo a leanas a chur ar aghaidh gan
mhoill chuig an gclár ODR: (i) an dáta a bhfuarthas an díospóid agus
ábhar na díospóide; (ii) an dáta ar tugadh fógra faoin díospóid
do na páirtithe; (iii) an dáta ar tugadh an nós imeachta chun
críche agus an toradh a bhí air. Airteagal 10
Bunachar sonraí Déanfaidh an Coimisiún na bearta is gá chun
bunachar sonraí leictreonach a bhunú agus a chothabháil ina stórálfar an
fhaisnéis a phróiseáiltear de réir Airteagal 5(3) agus Airteagal 9(c). Airteagal 11
Sonraí pearsanta a phróiseáil 1.
Ní thabharfar rochtain ar fhaisnéis, sonraí
pearsanta san áireamh, a bhaineann le díospóid agus a stóráiltear sa bhunachar
sonraí dá dtagraítear in Airteagal 10, chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 9,
ach amháin don eintiteas ADR ar cuireadh an díospóid faoina bhráid de réir Airteagal 8.
Tabharfar rochtain freisin ar an bhfaisnéis chéanna d’éascaitheoirí ODR chun na
gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 6(3). 2.
Beidh rochtain ag an gCoimisiún ar fhaisnéis a
phróiseáiltear de réir Airteagal 9 d’fhonn faireachán a dhéanamh ar úsáid
agus ar fheidhmiú an chláir ODR agus na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 17
a tharraingt suas. Déanfaidh sé próiseáil ar shonraí pearsanta úsáideoirí
an chláir a mhéid is gá chun an córas a oibriú agus a chothabháil, lena
n-áirítear d’fhonn faireachán a dhéanamh ar an úsáid a bhaineann eintitis ADR
agus éascaitheoirí ODR as an gclár. 3.
Déanfar sonraí pearsanta a bhaineann le díospóid a
choinneáil sa bhunachar sonraí dá dtagraítear i mír 1 ar feadh na tréimhse ama
sin amháin is gá chun na cuspóirí dar tiomsaíodh iad a ghnóthú agus chun a
áirithiú gur féidir leis na daoine is ábhar do na sonraí rochtain a fháil ar a
gcuid sonraí pearsanta d'fhonn a gcearta a fheidhmiú, agus déanfar iad a scrios
go huathoibríoch tar éis 6 mhí, ar a dhéanaí, ón dáta a thugtar chun críche an
díospóid a cuireadh ar aghaidh chuig an gclár ODR de réir Airteagal 9(c)(iii).
Beidh feidhm leis an tréimhse choinneála thuasluaite freisin maidir le sonraí
pearsanta arna gcoinneáil i gcomhaid náisiúnta ag an eintiteas ADR nó ag an
éascaitheoir ODR a dhéileáil leis an díospóid atá i gceist, ach amháin i gcás
ina bhforáiltear sna rialacha nós imeachta a chuireann an t-eintiteas ADR i
bhfeidhm nó in aon fhorálacha sonracha sa dlí náisiúnta go mbeidh tréimhse
choinneála níos faide ann. 4.
Measfar gur rialtóir, de réir Airteagal 2(d)
de Threoir 95/46/CE, é gach éascaitheoir ODR agus gach eintiteas ADR, i
ndáil lena gcuid gníomhaíochtaí próiseála sonraí féin faoin Rialachán seo agus
beidh de chúram orthu a áirithiú go gcomhlíonfaidh na gníomhaíochtaí sin na
rialacha cosanta sonraí a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta a glacadh de
bhun Threoir 95/46/CE. Maidir lena fhreagrachtaí faoin Rialachán seo agus
an phróiseáil ar shonraí pearsanta a bhaineann leo sin, measfar gur rialtóir é
an Coimisiún de réir Airteagal 2(d) de Rialachán (CE) Uimh 45/2001. Airteagal 12
Rúndacht agus slándáil sonraí 1.
Beidh éascaitheoirí ODR agus eintitis ADR faoi réir
rialacha rúndachta gairmiúla nó oibleagáidí comhionanna rúndachta eile a
leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta. 2.
Déanfaidh an Coimisiún na bearta teicniúla agus
eagrúcháin iomchuí chun slándáil na faisnéise a phróiseáiltear faoin Rialachán
seo a áirithiú, lena n-áirítear rialú cuí rochtana ar shonraí, plean slándála
agus bainistíocht teagmhas slándála, de réir Airteagal 22 de Rialachán
(CE) Uimh. 45/2001. Airteagal 13
Faisnéis do thomhaltóirí 1.
Déanfaidh trádálaithe atá bunaithe taobh istigh den
Aontas agus atá i mbun díola earraí nó soláthair seirbhísí trasteorann ar líne
tomhaltóirí a chur ar an eolas faoin gclár ODR. Cuirfear an fhaisnéis sin ar
fáil go héasca, go díreach, go feiceálach agus go buan ar láithreáin ghréasáin
na dtrádálaithe agus, má dhéantar an tairiscint ar ríomhphost nó le teachtaireacht
théacsach eile a sheoltar ar mhodh leictreonach, sa teachtaireacht sin. Beidh
nasc leictreonach mar chuid de leathanach baile an chláir ODR. Cuirfidh
trádálaithe tomhaltóirí ar an eolas freisin faoin gclár ODR le linn don
tomhaltóir gearán a chur faoi bhráid an trádálaí, faoi bhráid córais láimhseála
gearán tomhaltóirí arna oibriú ag an trádálaí nó faoi bhráid ombudsman arna
fhostú ag an gcuideachta. 2.
Tá na forálacha i mír 1 gan dochar d'fhorálacha Airteagal 10
de Threoir …/…/AE [Oifig na bhFoilseachán - cur isteach uimhir na
Treorach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le réiteach
malartach díospóide le haghaidh díospóidí tomhaltais agus lena leasaítear
Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (Treoir maidir
le ADR le haghaidh tomhaltóirí)] maidir le trádálaithe tomhaltóirí a chur ar an
eolas faoi na nósanna imeachta ADR faoina bhfuil na trádálaithe sin cumhdaithe
agus faoinar gheall na trádálaithe sin nósanna imeachta um réiteach malartach
díospóide a úsáid chun díospóidí le tomhaltóirí a réiteach. 3.
Tá na forálacha i mír 1 gan dochar d’fhorálacha Airteagal 6
agus Airteagal 8 de Threoir 2011/83/AE maidir le faisnéis do
thomhaltóirí le haghaidh cianchonarthaí agus conarthaí seacháitribh. Airteagal 14
Faireachán Is iad na húdaráis inniúla arna mbunú ag na
Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 15(1) de Threoir …/…/AE [Oifig
na bhFoilseachán - cur isteach uimhir na Treorach ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle maidir le réiteach malartach díospóide le haghaidh díospóidí
tomhaltais agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir
2009/22/CE (Treoir maidir le ADR le haghaidh tomhaltóirí)] a dhéanfaidh
faireachán ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo ag
na heintitis ADR. CAIBIDIL III
Forálacha críochnaitheacha Airteagal 15
Gníomhartha cur chun feidhme 1.
Beidh coiste de chúnamh ag an gCoimisiún. Is é a
bheidh sa choiste sin coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 2.
I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo,
beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 3.
I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo,
beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. I gcás
ina mbeidh tuairim an choiste le fáil trí nós imeachta i scríbhinn, cuirfear
deireadh leis an nós imeachta sin gan toradh nuair a chinnfidh cathaoirleach an
choiste amhlaidh, laistigh den teorainn ama chun tuairim a thabhairt, nó nuair
a iarrfaidh tromlach simplí de chomhaltaí an choiste é. Airteagal 16
An tarmligean a fheidhmiú 1.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal
seo. 2.
Tabharfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in
Airteagal 7(4) go ceann tréimhse éiginnte ón [Oifig na bhFoilseachán –
cuir isteach an dáta céanna atá in Airteagal 18(1) = dáta a thiocfaidh an
Rialachán seo i bhfeidhm]. 3.
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle
tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 7(4) a chúlghairm
tráth ar bith. I gcás cinnidh maidir le cúlghairm, cuirfear deireadh le
tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm
an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontas Eorpaigh
nó ar dháta níos déanaí arna shonrú sa chinneadh sin. Ní dhéanfaidh sé difear
do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana
féin. 4.
A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe,
tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith sin go comhuaineach do Pharlaimint na
hEorpa agus don Chomhairle. 5.
Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 7(4)
i bhfeidhm ach i gcás nach ndearna Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid
ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa agus
an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó, roimh dhul in éag na tréimhse
sin, gur thug Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon le fios don
Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid i gcoinne an ghnímh. Cuirfear
dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón
gComhairle. Airteagal 17
Tuarascálacha Gach trí bliana agus, den chéad uair, tráth
nach déanaí ná cúig bliana ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, cuirfidh an
Coimisiún tuarascáil ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo faoi bhráid
Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Beidh tograí le haghaidh leasuithe ar
an Rialachán seo ag gabháil leis an tuarascáil sin, más gá. Airteagal 18
Teacht i bhfeidhm 1.
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá
tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. 2.
Beidh feidhm leis an Rialachán seo ón [Oifig na
bhFoilseachán - cuir isteach dáta = 6 mhí tar éis an spriocdháta do
chur chur chun feidhme na Treorach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
maidir le réiteach malartach díospóide le haghaidh díospóidí tomhaltais agus
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (Treoir
maidir le ADR le haghaidh tomhaltóirí a bheidh le cur isteach sa Treoir sin i
gcomhréir le hAirteagal 22(1) den Treoir sin], ach amháin Airteagal 5(1),
(4), (5) agus (6), Airteagal 6(1),(2) agus (6), Airteagal 7(4), (5), Airteagal 10,
Airteagal 15 agus Airteagal 16 a mbeidh feidhm leo ón dáta a
thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm. Beidh
an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme
go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa, Thar
ceann na Comhairle, An tUachtarán An
tUachtarán IARSCRÍBHINN Faisnéis atá le tabhairt ar an bhfoirm ghearáin leictreonach (1)
Ainm, seoladh agus, más ábhartha, seoladh
ríomhphoist agus seoladh laithreáin ghréasáin an ghearánaigh; (2)
An tomhaltóir nó trádálaí é an gearánaí; (3)
Ainm, seoladh agus, más ábhartha, seoladh
ríomhphoist agus seoladh laithreáin ghréasáin an chosantóra; (4)
An tomhaltóir nó trádálaí é an cosantóir; (5)
Cineál na n-earraí nó na seirbhísí a bhí sa díol nó
sa soláthar a bhaineann leis an ngearán; (6)
Na cúiseanna atá mar bhonn leis an ngearán; (7)
Áit chónaithe an tomhaltóra tráth ar ordaíodh na
hearraí nó na seirbhísí; (8)
An modh cumarsáide trínar tairgíodh na hearraí nó
na seirbhísí agus an modh cumarsáide trína ndearnadh an t-ordú; (9)
Má bhaineann le hábhar, i gcás ina ndearnadh
tairiscint an trádálaí nó i gcás ina bhfuil nó ina raibh na hearraí nó na
seirbhísí a ordaíodh le seachadadh as gnóthaí brainse, gníomhaireachta nó
bunaíochta eile, an áit a bhfuil an brainse, an ghníomhaireacht nó an
bhunaíocht eile sin suite; (10)
Teanga an chonartha; (11)
Na heintitis ADR ar gheall an trádálaí a úsáid i
gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Threoir …/…/AE [Oifig na
bhFoilseachán - cur isteach uimhir na Treorach ó Pharlaimint na hEorpa agus
ón gComhairle maidir le réiteach malartach díospóide le haghaidh díospóidí
tomhaltais agus lena leasaítear Treoir 2009/22/CE (an Treoir maidir le ADR le
haghaidh tomhaltóirí)] más eol sin. RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH LE
hAGHAIDH TOGRAÍ 1. LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 1.1. Teideal an togra/tionscnaimh Rialachán maidir le réiteach díospóidí tomhaltais ar líne le haghaidh díospóidí tomhaltais. Rachfar i ngleic leis an impleacht bhuiséadach trí ath-imlonnú sna blianta 2012 agus 2013. Tá an ghníomhaíocht seo ina cuid de Chlár na dTomhaltóirí 2020 don tréimhse 2014-2020. 1.2. Réimsí beartais lena
mbaineann i gcreat ABM/ABB[19]
Tomhaltóirí 1.3. An cineál togra/tionscnaimh √ Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht nua ¨ Baineann an
togra/tionscnamh le gníomhaíocht nua a leanann
treoirthionscadal/réamhghníomhaíocht[20]
¨ Baineann an
togra/tionscnamh le síneadh ar ghníomhaíocht atá ann cheana ¨ Baineann an
togra/tionscnamh le gníomhaíocht a atreoraíodh i dtreo gníomhaíochta nua 1.4. Cuspóirí 1.4.1. Cuspóirí straitéiseacha
ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe Faoi
cheannteideal 1a "Iomaíochas le haghaidh Fáis agus Fostaíochta", is é
is cuspóir don togra córas uile-AE um réiteach díospóidí tomhaltais ar líne a
chruthú le haghaidh díospóidí trasteorann ar líne idir tomhaltóirí agus
trádálaithe. 1.4.2. Cuspóirí sonracha agus na
gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann Cuspóir sonrach Uimh.. Córas
TF um réiteach díospóidí tomhaltais ar líne uile-AE a chruthú le haghaidh
díospóidí trasteorann ar líne idir tomhaltóirí agus trádálaithe. Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann Tomhaltóirí 1.4.3. An toradh agus an tionchar a
bhfuil súil leis Sonraigh an tionchar a
bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe. Beidh
modh simplí, gasta agus ísealchostais ag tomhaltóirí agus gnólachtaí ar fud na
hEorpa chun díospóidí a réiteach a thagann chun cinn tar éis idirbheart
trasteorann ar líne a dhéanamh. Féadfaidh tomhaltóirí sásamh a lorg agus
cúiteamh a fháil agus ní dhéanfar dochar do chlú gnólachtaí agus seachnóidh
siad costas ard dlíthíochta. 1.4.4. Táscairí a léiríonn toradh
agus tionchar Sonraigh na táscairí a
léiríonn faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh. –
Déanfar na heintitis ADR uile a nascadh leis an
gclár ODR agus féadfaidh siad é a úsáid a luaithe a bheidh an clár ODR i
bhfeidhm ag tús 2015. –
Ardú 20 % faoin mbliain 2020 ar líon na
dtomhaltóirí atá toilteanach ceannach ar líne ó Bhallstát eile –
Ardú 10% faoin mbliain 2020 ar líon na ngnólachtaí
atá toilteanach díol ar líne i mBallstáit eile. 1.5. Na forais leis an
togra/tionscnamh 1.5.1. Na ceanglais is gá a shásamh
sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma Airteagal 114
agus Airteagal 169 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh Beidh
modh simplí, gasta agus ísealchostais ag tomhaltóirí agus ag gnólachtaí chun
díospóidí maidir le hidirbhearta trasteorann ar líne a réiteach trí mhodh
réitigh díospóidí tomhaltais ar líne lasmuigh den chúirt a úsáid. 1.5.2. Luach breise a bhaineann le
rannpháirteachas an AE Téann
an t-easpa modhanna éifeachtacha chun díospóidí a réiteach i bhfeidhm go
mór ar an mhuinín atá ag tomhaltóirí as siopadóireacht thar theorainneacha. Áitíonn
lucht gnó agus tomhaltóirí araon go bhfágann ábhar imní faoi dheacrachtaí
maidir le fadhbanna sásaimh a d'fhéadfadh teacht chun cinn i mBallstát eile gur
lú an fonn a bhíonn orthu díol agus ceannach a dhéanamh thar theorainneacha
agus, dá réir sin, leas iomlán a bhaint as an Margadh Inmheánach agus na
buntáistí a ghabhann leis. Léiríonn an cás sin nach mór aird faoi leith a
thabhairt ar mhuinín an tomhaltóra a chothú sa Mhargadh Inmheánach agus ar
chothrom iomaíochta a áirithiú do ghnólachtaí ar fud na mBallstát ar fad. Cé
go bhfuil líon na n-idirbhearta ríomhthráchtála trasteorann a dhéantar faoi
láthair an-íseal, tá borradh mór faoin margadh miondíolacháin digiteach taobh
istigh de na Ballstáit. Tá sé níos tábhachtaí arís, dá bhrí sin, do thomhaltóirí
agus do thrádálaithe, go n-áiritheofaí modh simplí éifeachtach, ísealchostais,
chun sásamh a lorg lasmuigh den chúirt le go ndéanfaidh tomhaltóirí idirbhearta
trasteorann ar líne. Ní tharlóidh, de thoradh beartaíochta ar leibhéal na
mBallstát amháin, go mbunófar córas uile-AE um réiteach díospóidí tomhaltais ar
líne , rud atá luaite sa Chlár Oibre Digiteach mar uirlis ríthábhachtach chun
an ríomhthráchtáil a chur chun cinn. Is
fearr is féidir na cuspóirí atá á saothrú a ghnóthú le bearta ar leibhéal an AE
mar gheall ar an tionchar agus an scála a théann leis sin. Buntáiste follasach
a bhaineann le ODR a fhorbairt ar leibhéal an AE an chóir éifeachtach agus
leormhaith a chuirfí ar dhíospóidí tomhaltais a bhaineann le hidirbhearta
trasteorann ar líne. Beidh
modh gasta, saor agus simplí ar fáil ag tomhaltóirí chun a gcuid díospóidí le
trádálaithe a réiteach, is cuma cén earnáil den mhargadh ná cén luach airgid
atá i ngeall. Tá cuid mhór de na tomhaltóirí nach bhfuil lánmhuinín acu as an
Margadh Inmheánach digiteach, ainneoin na mbuntáistí iomadúla a ghabhann leis,
mar shampla rochtain ar réimse níos leithne d’earraí agus seirbhísí; i
dtimpeall is a leath de na Ballstáit, bhí níos mó ná leath de na hearraí a
cuardaíodh ar an idirlíon nach raibh ar fáil ar líne ach i dtír eile. Anuas air
sin, fágfaidh ODR níos éifeachtaí sa Mhargadh Inmheánach go laghdófar ar an
dochar do thomhaltóirí (ar ionann faoi láthair é agus 0.02 % de OTI an AE) agus
ligfidh sé do thomhaltóirí sábháil mhór airgid a dhéanamh le hidirbhearta ar
líne agus féadfar an tsábháil sin a úsáid chun earraí agus seirbhísí breise a
cheannach sa Mhargadh Inmheánach. Beidh deiseanna cothroma ag trádálaithe chomh
maith chun déileáil le díospóidí tomhaltais uile-AE, rud a áiritheoidh cothrom
iomaíochta dóibh. Ní
féidir na cineálacha buntáistí a luaitear thuas a chur ar fáil don tomhaltóir
agus don trádálaí ar bhonn leormhaith trí bhearta aontaobhacha ar leibhéal an
Bhallstáit. Dar ndóigh, is dócha gurb é toradh a bheadh ar iarrachtaí
neamhchomhordaithe de chuid an mBallstát, go gcaithfí go héagothrom le
tomhaltóirí agus le trádálaithe sa Mhargadh Inmheánach agus go gcruthófaí
leibhéil éagsúla sásaimh don tomhaltóir san AE. Tá mórchuid mhór na
ngeallsealbhóirí i bhfabhar birt ar leibhéal an AE sa réimse seo. Tá
sé thar a bheith tábhachtach cur le muinín rannpháirtithe an mhargaidh, na
ngnólachtaí agus na saoránach fré chéile chun iomaíochas na hEorpa a fheabhsú.
Tá Margadh Aonair atá ag feidhmiú go cuí ina bhfuil 500 milliún tomhaltóir, arb
ionann an méid a chaitheann siad agus 56 % de OTI an AE, agus breis agus 21
milliún gnólacht mar bhunús le fás cliste, inbhunaithe agus uileghabhálach a
bhaint amach, i gcomhréir le cuspóirí Straitéis 'Eoraip 2020'. 1.5.3. Ceachtanna a foghlaimíodh ó
thaithí chosúil roimhe seo Níl
aon chóras TF ar leibhéal an AE faoi láthair trína bpléitear réiteach díospóidí
tomhaltais ar líne idir tomhaltóirí agus trádálaithe maidir le hidirbhearta
trasteorann ar líne. Ina ainneoin sin, tá roinnt uirlisí TF bunaithe cheana
féin lena nasctar roinnt de na rannpháirtithe éagsúla sna Ballstáit éagsúla. Is
ar na huirlisí sin den chuid is mó a bheidh an uirlis nua TF bunaithe. Is iad
na cinn is mó a bhaineann le hábhar uirlisí IMI IT, ECC IT agus SOLVIT IT. 1.5.4. Comhchuibheas agus sineirgíocht
a d'fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí ábhartha eile Tá an
Rialachán maidir le ODR bunaithe ar an togra le haghaidh Treorach maidir le
réiteach malartach díospóide le haghaidh díospóidí tomhaltais (Treoir maidir le
ADR le haghaidh tomhaltóirí). 1.6. Fad agus tionchar airgeadais √ Togra/tionscnamh d'fhad teoranta –
√ Togra/tionscnamh in éifeacht ó 2012 go
dtí 2020. –
√ Tionchar airgeadais ó 2012 go 2020. Togra/tionscnamh d'fhad neamhtheoranta –
Cur chun feidhme le tréimhse thosaigh idir 2012
agus 2014, –
agus feidhm iomlán ina dhiaidh sin. 1.7. Modhanna bainistíochta atá
beartaithe[21] √ Bainistíocht dhíreach láraithe ag an gCoimisiún ¨ Bainistíocht indíreach láraithe trí na cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuig: –
¨ gníomhaireachtaí feidhmiúcháin –
¨ comhlachtaí arna mbunú ag na Comhphobail[22] –
¨ comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean
de sheirbhís phoiblí acu –
¨ daoine a bhfuil sé de chúram orthu gníomhaíochtaí ar leith a chur
chun feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus atá
sainaitheanta sa ghníomh bunaidh ábhartha de réir bhrí Airteagal 49 den
Rialachán Airgeadais ¨ Bainistíocht chomhpháirteach leis na Ballstáit ¨ Bainistíocht dhíláraithe le tríú tíortha ¨ Comhbhainistíocht le
heagraíochtaí idirnáisiúnta (tabhair sonraí) I gcás ina sonraítear
níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí"
le do thoil. Nótaí Ní luaitear
aon ní. 2. BEARTA BAINISTÍOCHTA 2.1. Rialacha faireacháin agus
tuairiscithe Sonraigh cé chomh
minic agus na coinníollacha. Gach
trí bliana agus, den chéad uair, tráth nach déanaí ná cúig bliana ó theacht i
bhfeidhm an Rialacháin seo, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil ar chur i
bhfeidhm an Rialacháin seo. Beidh tograí le haghaidh leasuithe ar an Rialachán
seo ag gabháil leis an tuarascáil sin, más gá. 2.2. Córas bainistíochta agus
rialaithe 2.2.1. Na rioscaí a aithníodh Tá
staidéar féidearthachta agus forbairt cláir TF le haghaidh ODR cumhdaithe i
gcur chun feidhme an bhuiséid. Is iad
seo a leanas na príomhrioscaí: Tá
an “Treoir maidir le réiteach malartach díospóide le haghaidh díospóidí
tomhaltais (Treoir maidir le ADR le haghaidh tomhaltóirí)” mar bhunús leis an
Rialachán ODR, ós rud é go n-áiritheofar i gclár ODR na córais náisiúnta um
réiteach malartach díospóide a dtabharfar fógra ina leith i gcomhréir leis an
Treoir. Dá bhrí sin, déanfaidh trasuí
neamhiomlán nó deireanach na Treorach maidir le ADR le haghaidh tomhaltóirí
difear d’fheidhmiú éifeachtach chóras an AE um réiteach díospóidí tomhaltais ar
líne. Cé
go bhfuil roinnt uirlisí TF á reáchtáil ag an gCoimisiún, beidh an clár ODR ar
cheann de na huirlisí leis an líon is mó gníomhaithe a bheidh nasctha leis agus
ina mbeidh feidhmchláir lena bhféadfar cur chuige atá saincheaptha maidir le
riachtnais na ngíomhaithe a úsáid. Tá
baol ann go bhféadfadh deacrachtaí teicniúla tarlú a chuirfeadh moill ar
fhorbairt an chláir. 2.2.2. Modhanna rialaithe atá
beartaithe Is
trí bhainistíocht dhíreach láraithe a chuirfear an buiséad chun feidhme. Déanfaidh
an Coimisiún faireachán ar chéim na hanailíse, ar chéim an chláraithe agus ar
chéim na tástála maidir le forbairt na huirlise TF. Tá taithí fhairsing ag an Aonad atá freagrach as Córais Faisnéise in DG
SANCO i mbainistiú uirlisí TF (e.g. uirlis ECC, CPCS, RAPEX), agus tá
cosúlachtaí idir roinnt de na córais sin agus an clár ODR (uirlis ECC). Cinnteoidh an taithí sin gur féidir fadhbanna a
thiocfadh chun cinn a réiteach go tráthúil agus go héifeachtach. Lena chois sin, cuideoidh an staidéar
féidearthachta a bheidh le déanamh in 2012 le rioscaí agus deacrachtaí
teicniúla a d’fhéadfadh a bheith ann a aithint, sa chaoi is go bhféadfaí
forbairt rianúil a dhéanamh ar an gclár ODR. Rachfar i gcomhairle freisin le DIGIT agus DGT i dtaobh gnéithe áirithe
teicniúla (e.g. uathmheaisín aistriúcháin). 2.3. Bearta chun calaois agus
neamhrialtachtaí a chosc Sonraigh bearta
coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe. Sa bheis ar chur i bhfeidhm na meicníochtaí rialaithe
rialála, ceapfaidh DG SANCO straitéis frithchalaoise i gcomhréir le straitéis
nua frithchalaoise an Choimisiúin (CAFS) a glacadh an 24 Meitheamh 2011
d’fhonn a áirithiú, i measc rudaí eile, go bhfuil na rialuithe inmheánacha a
bhaineann le frithchalaois ag teacht go hiomlán leis an CAFS agus go bhfuil an
cur chuige bainistíochta riosca calaoise in acmhainn réimsí riosca calaoise
agus freagairtí iomchuí a aithint. Urramaíonn an Coimisiún forálacha an rialacháin airgeadais
maidir le soláthar a dhéanamh ar chrua-earraí, ar bhogearraí agus ar sheirbhísí
eile a bhaineann le TF; tá feidhm
leis na forálacha a bhaineann le bearta iniúchóireachta agus seiceála de chuid
na Cúirte Iniúchóirí agus OLAF maidir le gach conradh a shínítear. 3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A
BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 3.1. Ceannteidil an chreata
airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar · Línte buiséid atá ann cheana In ord cheannteidil
agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil. Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht Uimhir [Tuairisc………………………...……….] || LD/LN [23] || ó thíortha an CSTE[24] || ó thíortha is iarrthóirí[25] || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais 1A || 17.020200 || LD || TÁ || NÍL || NÍL || NÍL · Línte nua buiséid atá á n-iarraidh: Neamhbhainteach In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata
airgeadais ilbhliantúil. Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht Uimhir [Ceannteideal………………………...……] || LD/LN || ó thíortha an CSTE || ó thíortha is iarrthóirí || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais || [XX.YY.YY.YY] || || TÁ/ NÍL || TÁ/ NÍL || TÁ/ NÍL || TÁ/ NÍL 3.2. An tionchar a mheastar a
bheidh ar chaiteachas 3.2.1. Achoimre ar an tionchar a
mheastar a bheidh ar chaiteachas EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || Uimhir 3 || Iomaíochas le haghaidh fáis agus fostaíochta DG: Sláinte agus Tomhaltóirí || || || Bliain 2012 || Bliain 2013 || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN Leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí || || || || || || || || || || Uimhir na líne buiséid: 17.020200 || Oibleagáidí || (1) || 0,150 || 1,000 || 1,000 || 0,300 || 0,300 || 0,300 || 0,300 || 0,300 || 0,300 || 3,95 Íocaíochtaí || (2) || 0,150 || 1,000 || 1,000 || 0,300 || 0,300 || 0,300 || 0,300 || 0,300 || 0,300 || 3,95 Uimhir na líne buiséid || Oibleagáidí || (1a) || || || || || || || || || || Íocaíochtaí || (2a) || || || || || || || || || || Leithreasaí de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach na gclár sonrach[26] || || || || || || || || || || Uimhir na líne buiséid || || (3) || || || || || || || || || || IOMLÁN leithreasaí i gcomhair DG Sláinte agus Tomhaltóirí || Oibleagáidí || =1+1a +3 || 0,150 || 1,000 || 1,000 || 0,300 || 0,300 || 0,300 || 0,300 || 0,300 || 0,300 || 3,95 Íocaíochtaí || =2+2a +3 || 0,150 || 1,000 || 1,000 || 0,300 || 0,300 || 0,300 || 0,300 || 0,300 || 0,300 || 3,95 IOMLÁN leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí || Oibleagáidí || (4) || || || || || || || || Íocaíochtaí || (5) || || || || || || || || IOMLÁN leithreasaí de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach na gclár sonrach || (6) || || || || || || || || IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEAL <....> den chreat airgeadais ilbhliantúil || Oibleagáidí || =4+ 6 || 0,150 || 1,0 || 1,0 || 0,3 || 0,3 || 0,3 || 0,3 || 3,95 Íocaíochtaí || =5+ 6 || 0,150 || 1,0 || 1,0 || 0,3 || 0,3 || 0,3 || 0,3 || 3,95 Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná
ceannteideal amháin: Neamhbhainteach IOMLÁN leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí || Oibleagáidí || (4) || || || || || || || || Íocaíochtaí || (5) || || || || || || || || IOMLÁN leithreasaí de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach na gclár sonrach || (6) || || || || || || || || IOMLÁN leithreasaí faoi Cheannteidil 1 go 4 den chreat airgeadais ilbhliantúil (Méid tagartha) || Oibleagáidí || =4+ 6 || || || || || || || || Íocaíochtaí || =5+ 6 || || || || || || || || Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || 5 || "Caiteachas riaracháin" EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) || || || Bliain 2012 || Bliain 2013 || || || || IOMLÁN DG: <Sláinte agus Tomhaltóirí> || Acmhainní daonna || 0,318 || 0,318 || || || || || || 0,636 Caiteachas riaracháin eile || || || || || || || || IOMLÁN DG <Sláinte agus Tomhaltóirí> || Leithreasaí || 0,318 || 0,318 || || || || || || 0,636 IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || (Iomlán oibleagáidí = Iomlán íocaíochtaí) || || || || || || || || 0,636 EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) || Bliain 2012 || Bliain 2013 || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Oibleagáidí || 4,586 || 4,586 || 4,586 || 4,586 || 4,586 || 4,586 || 4,586 || 4,586 || 4,586 || 4,586 Íocaíochtaí || 4,586 || 4,586 || 4,586 || 4,586 || 4,586 || 4,586 || 4,586 || 4,586 || 4,586 || 4,586 || || || || || || || || || || || 3.2.2. An tionchar a mheastar a
bheidh ar leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí –
¨ Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasaí faoi
chomhair oibríochtaí –
√ Éilíonn an
togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí mar
a mhínítear thíos: Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí in EUR milliúin
(go dtí an 3ú deachúil) Sonraigh cuspóirí agus aschuir || || || Bliain 2012 || Bliain 2013 || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN ASCHUIR || Saghas aschuir || Meán chostas an aschuir || Líon na n-aschur || Costas || Líon na n-aschur || Costas || Líon na n-aschur || Costas || Líon na n-aschur || Costas || Líon na n-aschur || Costas || Líon na n-aschur || Costas || Líon na n-aschur || Costas || Líon na n-aschur || Costas || Líon na n-aschur || Costas || Líon iomlán na n-aschur || Costas iomlán CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || - Aschur Clár TF || || || 1 || || || 1,0 || || 1,0 || || || || || || || || || || || || || 1 || 2,0 - Aschur Cothabháil an chláir TF || || || 1 || || || || || || || 0,3 || || 0,3 || || 0,3 || || 0.3 || || 0,3 || || 0,3 || 1 || 1,8 - Aschur Staidéar féidearthachta || || || 1 || 0,150 || || || || || || || || || || || || || || || || || 1 || 0,150 Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 1 || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2 || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || - Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 2 || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || COSTAS IOMLÁN || || 0,150 || || 1,0 || || 1,0 || || 0,3 || || 0,3 || || 0,3 || 0,3 || || 0,3 || || 0,3 || || 3,95 3.2.3. An tionchar a mheastar a
bheidh ar leithreasaí de chineál riaracháin 3.2.3.1. Achoimre –
√ Ní éilíonn an
togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasaí de chineál riaracháin –
√ Éilíonn an
togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasaí de chineál riaracháin mar a
mhínítear thíos: EUR milliúin (go dtí
an 3ú deachúil) || Bliain 2012 || Bliain 2013 || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN CEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || || || || Acmhainní daonna || 0,318 || 0,318 || || || || || || || || 0,636 Caiteachas riaracháin eile || || 0, 030 || 0,020 || 0,030 || 0,010 || 0,010 || 0,010 || 0,010 || 0,010 || 0,130 Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || 0, 348 || 0,020 || 0,030 || 0,010 || 0,010 || 0,010 || 0,010 || 0,010 || 0,448 Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5[27] den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || || || || Acmhainní daonna || || || || || || || || || || Caiteachas eile de chineál riaracháin || || || || || || || || || || Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || || || || IOMLÁN || 0,318 || 0,348 || 0,020 || 0,030 || 0,010 || 0,010 || 0,010 || 0,010 || 0,010 || 4,798 3.2.3.2. Na hacmhainní daonna a mheastar
a bheidh riachtanach –
¨ Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear acmhainní daonna –
√ Éilíonn an
togra/tionscnamh go n-úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos[28]: Sloinnfear an meastachán i méideanna iomlána
(nó go dtí an 1ú deachúil ar a mhéad) || Bliain 2012 || Bliain 2013 || || || Bliain N Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus gníomhairí sealadacha) || 17 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) || 2 (0,254) || 2 (0,254) || || || || || XX 01 01 02 (Toscaireachtaí) || || || || || || || XX 01 05 01 (Taighde indíreach) || || || || || || || 10 01 05 01 (Taighde díreach) || || || || || || || Pearsanra seachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE)[29] || 17 01 02 01 (CA, INT, SNE ón "clúdach iomlánaíoch") || 1 (0,064) || 1 (0,064) || || || || || XX 01 02 02 (CA, INT, JED, LA agus SNE sna toscaireachtaí) || || || || || || || XX 01 04 bb[30] || - sa Cheanncheathrú[31] || || || || || || || - i dtoscaireachtaí || || || || || || || XX 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde indíreach) || || || || || || || 10 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde díreach) || || || || || || || Línte buiséid eile (sonraigh) || || || || || || || IOMLÁN || 3 (0,318) || 3 (0,318) || || || || || Is é XX an réimse beartais nó an
teideal buiséid lena mbaineann. Cur síos ar na cúraimí
a bheidh le déanamh: Oifigigh agus gníomhairí sealadacha || Forbairt, cothabháil agus nuashonrú an chórais TF don réiteach díospóidí tomhaltais ar líne. Pearsanra seachtrach || Neamhbhainteach Comhlíonfar na riachtanais acmhainní daonna le
foireann ón DG a bhfuil bainistíocht na gníomhaíochta faoina cúram cheana
agus/nó atá ath-imlonnaithe taobh istigh den DG, mar aon le haon leithdháileadh
breise a d'fhéadfaí a thabhairt don DG atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú
an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta
buiséadacha. 3.2.4. Comhoiriúnacht don chreat
airgeadais ilbhliantúil reatha –
√ Tá an
togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil 2007-2013
agus don chreat airgeadais ilbhliantúil 2014-2020 araon. –
¨ Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais
ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo. Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus
sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha. ………………………………………………………………………………………………………….. –
¨ Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i
bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil[32] Mínigh a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil
agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha. ………………………………………………………………………………………………………….. 3.2.5. Ranníocaíochtaí ó thríú
páirtithe –
√ Ní dhéantar
foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe –
Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le
cómhaoiniú atá réamh‑mheasta thíos: Leithreasaí in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) || Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || ... tabhair na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || Iomlán Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe || || || || || || || || IOMLÁN leithreasaí cómhaoinithe || || || || || || || || 3.3. An tionchar a mheastar a
bheidh ar ioncam –
√ Níl tionchar
airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam. –
¨ Tá an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh: ¨ ar acmhainní dílse ¨ ar ioncam ilghnéitheach EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) Líne buiséid ioncaim || Leithreasaí atá ar fáil don bhliain bhuiséadach leanúnach || Tionchar an togra/tionscnaimh[33] Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || ... tabhair na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) Airteagal …………. || || 5. || || || || || || I gcás ioncaim ilghnéithigh
shannta, sonraigh na línte buiséid a n-imrítear tionchar orthu. ………………………………………………………………………………………………………….. Sonraigh an modh chun an
tionchar ar ioncam a ríomh. ………………………………………………………………………………………………………….. [1] Tugtar le tuiscint i dtuarascáil
2010 ó Líonra na Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí go raibh baint ag níos
mó ná leath na ngearán (56.3%) a fuair ECC-Net le hidirbhearta
ríomhthráchtála. Ina dhiaidh sin agus
uile, níorbh fhéidir 91% de na 35,000 gearán trasteorann a fuair líonra ECC i
rith 2010 a chur faoi bhráid scéime ADR i mBallstát eile ós rud é nárbh ann do
scéim ADR oiriúnach (http://ec.europa.eu/consumers/ecc/docs/2010_annual_report_ecc_en.pdf). [2] Tionscnamh suaitheanta
‘Eoraip 2020’: "Clár
Digiteach don Eoraip", COIM(2010) 245, lch. 13. [3] Teachtaireacht ón gCoimisiún
"Gníomh um an Margadh Aonair" COIM (2011) 206, lch. 9. [4] "Consumer redress in the
European Union: consumers'
experiences, perceptions and opinions", 2009 http://ec.europa.eu/consumers/redress_cons/docs/cons_redress_EU_qual_study_report_en.pdf [5] Comhairliúchán poiblí faoin úsáid a
bhaintear as réiteach malartach díospóide (ADR) mar mhodh chun díospóidí maidir
le hidirbhearta agus nósanna imeachta tráchtála san AE a réiteach. Tá na freagraí agus ráiteas aiseolais ar fáil ag: http://ec.europa.eu/consumers/redress_cons/adr_en.htm [6] http://www.european-consumer-summit.eu/workshops3_en.asp [7] Togra le haghaidh Rialacháin ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le clár na dtomhaltóirí
2014-2020, SEC(2011) 1320 críochnaitheach agus SEC(2011) 1321 críochnaitheach. [8] IO C , , lch. . [9] Teachtaireacht ón gCoimisiún
"Gníomh um an Margadh Aonair" COIM (2011) 206, lch. 9. [10] Conclúidí na Comhairle Eorpaí,
24-25 Márta 2011, EUCO 10/11, lch. 4; féach freisin Conclúidí na Comhairle Eorpaí, 23 Deireadh
Fómhair 2011, EUCO 52/11, lch. 1-2. [11] IO L 136, 24.5.2008, lch. 3. [12] IO L 12, 16.1.2001, lch. 32. [13] IO L 199, 31.7.2007, lch. 40. [14] IO L 177, 4.7.2008, lch. 6. [15] IO L …, …., lch. …. [16] IO L 281, 23.11.1995, lch. 31. [17] IO L 8, 12.1.2001, lch. 1. [18] IO L …, …., lch. …. [19] ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí – ABB: Bunú an bhuiséid de réir gníomhaíochtaí. [20] Mar a thagraítear dó in
Airteagal 49(6)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais. [21] Is féidir mionsonraí ar na modhanna
bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh
gréasáin DG Budg: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html [22] Mar a thagraítear dóibh in
Airteagal 185 den Rialachán Airgeadais. [23] LD – Leithreasaí difreáilte / LN –
Leithreasaí neamhdhifreáilte [24] CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa. [25] Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is
iomchuí, tíortha a d'fhéadfadh a bheith ina n-iarrthóirí ó na Balcáin Thiar. [26] Cúnamh agus caiteachas teicniúil
agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó gníomhaíochtaí AE (seanlínte
"BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme. [27] Cúnamh agus caiteachas teicniúil
agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó gníomhaíochtaí AE (seanlínte
"BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme. [28] Rachfar i ngleic leis an impleacht
bhuiséadach trí ath-imlonnú do na blianta 2012 agus 2013. Ón mbliain 2014 ar aghaidh, beidh na riachtanais acmhainní daonna
clúdaithe faoi Chlár na dTomhaltóirí 2020. [29] CA= Gníomhaire ar conradh; INT=
Foireann ghníomhaireachta ("Intérimaire"); JED = "Jeune
Expert en Délégation" (saineolaí óg i dToscaireacht); LA= Gníomhaire
áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; [30] Faoin uasteorainn do phearsanra
seachtrach ó leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte
"BA"). [31] Le haghaidh na gCistí Struchtúracha,
an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an Chiste
Eorpaigh Iascaigh (CEI) go bunúsach. [32] Féach pointí 19 agus 24 den
Chomhaontú Idirinstitiúideach. [33] A fhad a bhaineann le hacmhainní
dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na
méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus
25 % de chostais bhailiúcháin a bheith bainte astu.