EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52011PC0688
Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL on safety of offshore oil and gas prospection, exploration and production activities
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le sábháilteacht gníomhaíochtaí sirtheoireachta, taiscéalaíochta agus táirgthe ola agus gáis amach ón gcósta
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le sábháilteacht gníomhaíochtaí sirtheoireachta, taiscéalaíochta agus táirgthe ola agus gáis amach ón gcósta
/* COIM/2011/0688 leagan deireanach - 2011/0309 (COD) */
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le sábháilteacht gníomhaíochtaí sirtheoireachta, taiscéalaíochta agus táirgthe ola agus gáis amach ón gcósta /* COIM/2011/0688 leagan deireanach - 2011/0309 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.
COMHTHÉACS AN TOGRA
Forais agus cuspóirí an togra Tá méadú ag teacht ar thaiscéalaíocht agus
táirgeadh ola agus gáis amach ón gcósta, agus i dtimpeallachtaí lena mbaineann
tréithe casta geografacha agus geolaíocha, amhail uiscí doimhne. I bhfianaise
scála agus saintréithe na dtionóiscí[1] agus na 'neastionóiscí'[2]
ola agus gáis atá tarlaithe amach ón gcósta le déanaí ar fud na cruinne agus
san Aontas freisin, ní mór beart a dhéanamh. Nochtann na tionóiscí sin an
éagothromaíocht idir ríchastacht na n‑oibríochtaí agus na heasnaimh atá
ar na cleachtais bainistíochta riosca atá ann faoi láthair. Tuairiscítear
éagothromaíochtaí móra idir cuideachtaí éagsúla maidir lena bhfeidhmíocht agus
a ndearcadh i leith sabháilteachta. Thairis sin, aibhsíonn na tionóiscí
sin na dúshláin atá ag rialtóirí agus maoirseoireacht leormhaith ar
ghníomhaíochtaí amach ón gcósta á háirithiú, agus easpa trédhearcachta agus
comhroinnte sonraí maidir le feidhmíocht sabháilteachta an tionscail easchósta.
San Eoraip, táirgtear formhór an ola agus an
gháis amach ón gcósta. Dá dtarlódh mórthionóisc i gceann ar bith de na gléasraí
amach ó chósta na hEorpa is dealraitheach go mbeadh caillteanas ábhar, díobháil
don chomhshaol, don gheilleagar, do phobail áitiúla agus don tsochaí i gceist,
agus d'fhéadfaí beo agus sláinte na n-oibrithe a bheith i mbaol freisin. Is
gá an baol go dtarlódh mórthionóisc in uiscí an Aontais a laghdú. De réir na staidéar, na gcomhlairliúchán le
geallsealbhóirí agus na n-anailísí riosca a rinneadh ó 2010 i leith is iad seo
a leanas na príomhfhadhbanna atá ag an Aontas: 1. Tá riosca suntasach ann go bhféadfadh mórthionóisc ola nó gáis tarlú
in uiscí an Aontais agus de dheasca na reachtaíochta ilroinnte agus éagsúlacht
na gcleachtas rialála agus chleachtais an tionscail ní féidir rioscaí a laghdú
mar is cóir ar fud an Aontais. 2. Faoin creat rialála agus faoi na socruithe oibriúcháin atá ann faoi
láthair ní áirithítear práinnfhreagairt shár‑éifeachtach i gcás tionóiscí
cibé áit a dtarlóidh siad in uiscí an Aontais, agus níl se go hiomlán soiléir
cé air a bheadh an dliteanas maidir leis an nglanadh agus na damáistí gnásúla. Dá bhrí sin, is iad cuspóirí ginearálta
an togra seo (i) an riosca go dtarlóidh mórthionóisc in uiscí an Aontais a
laghdú, agus (ii) na hiarmhairtí a laghdú i gcás ina dtarlóidh tionóisc den
sórt sin. An comhthéacs ginearálta i gcomhair
tionscnaimh rialaithigh Spreag an tubaiste i Murascail Mheicisceo an
Coimisiún anuraidh chun anailís bhearna a dhéanamh ar chleachtais easchósta
agus ar an gcreat reachtach san Aontas agus ansin chun Teachtaireacht a
fhoilsiú: "Aghaidh a thabhairt ar dhúshlán na sabháilteachta i
ngníomhaíochtaí ola agus gáis amach ón gcósta"[3]
(arna glacadh i mí Meán Fómhair 2010). Céadléiriú a bhí ann ar roinnt de na réimsí
ina bhfuil gníomhaíocht de dhíth san Aontas. Tá cuid mhaith éagothroime agus ilroinnte i
measc dhlíthe agus chleachtais na mBallstát maidir le gníomhaíochtaí amach ón
gcósta (e.g. ceadúnú, forálacha dliteannais, caighdeáin sabháilteachta
trealaimh, trédhearcacht don phobal agus comhroinnt faisnéise). Is léiriú é an
méid sin nach ann ach ar éigin d'ionstraimí dlí idirnáisiúnta agus go bhfuil
bearnaí i ndlí ábhartha an Aontais. Cé go bhfuil córais rialála ag roinnt Ballstát
a mheastar a bheith den chéad scoth, d'fhéadfaidís ar fad feabhsú. Tá sé den
tábhacht feabhas a chur ar rialú rioscaí mórghuaise i dtionscal an ola agus an
gháis amach ón gcósta go dtí go mbeidh ardchaighdeáin chomhsheasmhacha i
bhfeidhm ar fud an Aontais. Bunaithe ar anailís mhinicíochta ar fheidhmíocht an tionscail san Eoraip go dtí seo agus ar na costais dhoiciméadaithe a bhain le tionóiscí a tharla cheana, meastar go mbíonn idir EUR 205 milliún agus EUR 915 milliún i gceist ar an meán in aghaidh na bliana le caillteanas agus damáiste de dheasca tionóiscí ola agus gáis amach ón gcósta san Aontas. Úsáidtear an raon sin mar bhonn eimpíreach i gcomhair an riosca thagartha sa mheasúnú tionchair. Meastar go mbeidh an tairbhe a fhaibhreoidh
chuig an Aontas agus chuig na Ballstáit cuid mhaith níos mó ná na costais a
bheidh ag baint le caighdeáin níos airde a thabhairt isteach. Is é an tionscal
a sheasfaidh an chuid is mó d'aon chostais bhreise, agus is é an tionscal a
bhainfidh tairbhe as laghdú riosca. Léiríonn an taithí atá faighte, áfach, gur
gá reachtaíocht stóinsithe agus dliteanas follasach chun cultúr an tionscail a
athrú sa chaoi go mbainfear amach an laghdú riosca a theastaíonn ón Rialachán
seo. As na cuspóirí ginearálta thuasluaite is
féidir ceithre chuspóir shonracha a shnoí: 1.
A áirithiú go mbainfear úsáid chomhsheasmhach as
dea‑chleachtais i gcomhair rialú mórghuaiseacha ag oibríochtaí de chuid
an tionscail ola agus gáis amach ón gcósta a d'fhéadfadh cur isteach ar uiscí
nó ar chóstaí an Aontais; 2.
Dea‑chleachtais rialála a chur chun feidhme i
ngach dlínse san Eoraip ina ndéantar gníomhaíochtaí ola agus gáis; 3.
An tAontas a ullmhú níos fearr agus a chumas
déileáil le héigeandálaí a d'fhéadfadh cur isteach ar shaoránaigh, ar
gheilleagar nó ar chomhshaol an Aontais a neartú; 4.
Na forálacha atá ag an Aontais maidir le dliteanas
agus cúiteamh a fheabhsú agus a shoiléiriú. Ceapadh bearta praiticiúla bunaithe ar
thaighde an Choimisiúin agus ar chomhairliúchán le geallsealbhóirí. Ina
theannta sin, sainaithníodh roghanna beartais ina ngrúpáiltear na bearta i
dteanglaim éagsúla agus ina n-úsáidtear modhanna éagsúla cur chun feidhme. Tá
tuairisc ar na roghanna beartais sin i gCaibidil 2. Forálacha dhlí an Aontais atá ann cheana i
réimse an togra Níl aon reachtaíocht ag an Aontas a bhaineann
le hearnáil an ola agus an gháis amach ón gcósta go sonrach; is ann, áfach, do acquis
leathan an Aontais atá infheidhme maidir leis an earnáil easchósta, cé gur
minic nach mbíonn sé infheidhme ach i bpáirt. Comhlánann an togra seo na
hionstraimí seo a leanas, go príomha, de chuid reachtaíocht an Aontais: i. Dliteanas comhshaoil: Leis
an Treoir maidir le Dliteanas Comhshaoil (TDC) 2004/35/CE díríodh ar
cheist an dliteanais i gcás damáistí don chomhshaol, damáistí arb í earnáil an
ola agus an gháis easchósta is cúis leo san áireamh. Tá dliteanas dian ar an
oibreoir i mbun gníomhaíochtaí a dhéanann díobháil shuntasach chomhshaoil do
speicis atá faoi chosaint, do ghnáthóga nádúrtha nó uisce an díobháil sin a
chosc agus a leigheas agus na costais a sheasamh ina n-iomláine. Faoi láthair
ní infheidhme TDC ach feadh an chósta agus i bhfarraigí críochacha i ndáil le
díobháil don uisce, is é aidhm an togra seo a infheidhmeacht chríochach a
shíneadh chun na huiscí mara ar fad faoi dhlínse na mBallstát a chumhdach. ii. Measúnú Tionchair ar an
gComhshaol: Le Treoir 85/337/CEE[4], arna leasú le Treoracha
97/11/CE[5], 2003/35/CE[6]
agus 2009/31/CE[7], maidir le measúnú ar
éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol,
comhchuibhíodh na prionsabail lena ndéantar measúnú ar thionchar tionscadal ar
an gcomhshaol trí íoscheanglais ghinearálta a thabhairt isteach. Ina theannta
sin, tá Coinbhinsiún Espoo, faoi chuimsiú Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún
Aontaithe don Eoraip, maidir le measúnú tionchair ar an gcomhshaol i
gcomhthéacs trasteorann, ar cuid de acquis an chomhshaoil é, ábhartha i
ndáil le measúnú ar thionscadail is dealraitheach go mbeidh éifeachtaí
trasteorann acu. Tá sé roghnach é a chur i bhfeidhm le haghaidh oibríochtaí
druileála áirithe, áfach. iii. Dlí dramhaíola: Treoir 2008/98/CE
maidir le dramhaíl (Treoir Réime Dramhaíola). Tá an Treoir sin go
hiomlán infheidhme maidir le sceitheadh ola, mar a dhearbhaigh Cúirt
Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Da bhrí sin, tá ola a sceitear ó ghléasra
amach ón gcósta cumhdaithe faoi shainmhíniú an AE ar dhramhaíl, agus ar an
ábhar sin is ar údar an truaillithe atá an oibleagáid é a ghlanadh. iv. Sláinte agus sábháilteacht oibrithe
san obair: - Is é Treoir 92/91/CEE (lena gcomhlántar Treoir Réime
89/391/CEE) an ionstraim is ábhartha i reachtaíocht an Aontais maidir le
hoibrithe agus an comhshaol amach ón gcósta a chosaint. Leis an togra seo,
treisítear an córas a chuir Treoir 92/91/CEE i bhfeidhm d'fhonn a áireamh,
inter alia, measúnú comhshaoil, ceanglas an measúnú riosca a chur faoi
bhráid an rialtóra lena thoiliú a fháil, scéim fógraí a bhunú i gcomhair
oibríochtaí tobair agus ceanglas maidir le fíorú neamhspleách eilimintí atá
criticiúil do rialú riosca. v. Mórghuaiseacha: Níl feidhm ag Treoir Seveso
96/82/CE maidir leis an earnáil easchósta, ach samplaí dea‑chleachtais i
gcomhair an togra seo a bhí i roinnt dá heilimintí. Téann an togra seo níos
faide ná Treoir Seveso áfach, go háirithe toisc go gceanglaítear ann
toiliú an rialtóra i gcomhair measúnú riosca, fíorú níos láidre ar acmhainn
theicniúil agus airgeadais ag céim an cheadúnaithe nó forálacha maidir le éalú
na n‑oibrithe agus lena dtarrtháil. v. Údaruithe a dheonú i gcomhair
sirtheoireachta, taiscéalaíochta agus táirgthe hidreacarbón: Is é Treoir 94/22/CE
an príomhchreat dlí faoina ndeonaítear ceadúnais i gcomhair taiscéalaíochta
agus táirgthe. Ní athróidh an togra seo an Treoir ann féin ach neartaíonn
sé oibleagáidí na n‑údarás ábhartha le linn phróiseas an cheadúnaithe
chun feabhas a chur ar an measúnú ar acmhainn theicniúil agus airgeadais na n‑iarrthóirí.
vi. Práinnfhreagairt: Tugtar isteach
leis an togra ceanglais nua maidir le práinnfhreagairt na mBallstát agus an
tionscail a chomhlánadh leis na hacmhainneachtaí atá ag an Aontas cheana,
laistigh agus lasmuigh den Aontas araon. Tá Sásra Cosanta Sibhialta an AE
(Cinneadh 2007/779/CE ón gComhairle), an tIonad Faireacháin agus Faisnéise[8]
agus an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA)[9]
ina bpríomhuirlisí ag an Aontas chun beart a dhéanamh i gcás éigeandála.
Rinneadh bearta cheana chun inniúlacht EMSA a leathnú chun tionóiscí gléasraí
amach ón gcósta a chumhdach (sa bhreis ar a príomhchúram mar atá an
loingseoireacht mhuirí). Comhsheasmhacht le beartais agus cuspóirí
eile an Aontais Tá an Rialachán seo comhsheasmhach leis an
straitéis fuinnimh i gcomhair 2020[10], maidir le Tosaíocht 3,
an eilimint a bhaineann le fuinneamh inbhuanaithe slán iomaíoch san Eoraip. Ina theannta sin, tá an Rialachán seo
comhsheasmhach le reachtaíocht agus beartas comhshaoil an Aontais agus lena
ndearbhphrionsabail amhail truailliú a chosc, rialú agus an prionsabal íoc
mar a thruaillítear agus prionsabal an réamhchúraim. Tá sé go hiomlán
comhsheasmhach freisin leis an mbeartas muirí, go háirithe an sprioc dea‑stádas
comhshaoil a bhaint amach faoi 2020 don chomhshaol muirí (an Treoir Réime
um Straitéis Mhuirí).
2.
TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LE PÁIRTITHE A BHFUIL LEAS ACU SA
RIALACHÁN, AGUS MEASÚNÚ TIONCHAIR AR NA ROGHANNA BEARTAIS
Comhairliúchán le páirtithe leasmhara Reáchtáladh comhairliúchán poiblí ar líne idir
16 Márta agus 20 Bealtaine 2011 chun a fháil amach cén dearcadh a bhí ag
páirtithe leasmhara maidir leis an ngá le gníomhaíocht ón Aontas i réimsí
éagsúla beartais. Fuair an Coimisiún 64 aighneacht ar an iomlán,
inar léiríodh tuairimí breis is 350 geallsealbhóirí. Achoimre ar na freagairtí agus an tslí
ar cuireadh san áireamh iad Le linn an chomhairliúcháin léiríodh tacaíocht
fhorleathan i gcomhair threisiú na mbeart lena gcosctar mórtheagmhais amach ón
gcósta agus lena ndéileáiltear leo, mar sin féin, bhí éagsúlacht sna modhanna a
moladh chun na críche sin. Mheas na húdaráis náisiúnta i réigiún na Mara
Thuaidh nár cheart do na hathruithe a dhéanfaí ar leibhéal an Aontais amhras a
chruthú i dtaobh an chur chuige rialála atá acu féin faoi láthair, mar atá
socrú spriocanna mar chur chuige. Agus go deimhin, cuirtear an cur chuige sin
chun cinn sa togra. Cé gur admháladh gur gá feabhsuithe go ginearálta, bhí an
tionscal an‑choimeádach maidir le hathruithe rialála agus b'fhearr leis
socrú spriocanna mar chur chuige agus tionscnaimh de chuid an tionscail. Ar an
taobh eile, ba iad na heagraíochtaí neamhrialtasacha agus na cuideachtaí
speisialaithe (e.g. cumainn aicmiúcháin) ba mhó a d'éiligh athruithe ar
leibhéal an Aontais. Is iad seo a leanas na príomhghnéithe. Údaruithe Ba cheart ceadúnaithe a chur faoi dhliteanas
as aon damáistí arb iad is cúis leo. Measann formhór na rialtóirí náisiúnta
agus an tionscal gur slán an ceadúnú agus an t-údarú a chuirtear i bhfeidhm i
mBallstáit áirithe faoi láthair, ach gur cheart don Aontas comhoibriú le
Ballstáit eile chun a gcaighdeáin a ardú. Creideann siad nach mór é a fhágáil
faoin mBallstát lena mbaineann amháin cinneadh a dhéanamh maidir le
dámhachtainí, ach go bhféadfaí faisnéis a roinnt le stáit chomharsanacha i gcás
ina bhféadfadh truailliú trasteorann a bheith i gceist. Rinne cuideachtaí
éagsúla moltaí eagsúla (e.g. nósanna imeachta údarúcháin a chomhchuibhiú agus a
shimpliú agus rialtóirí ar leith a bheith ann i gcomhair ceadúnú agus
sábháilteacht). Tá roinnt eagraíochtaí neamhrialtasacha agus saoránach i
bhfabhar oibleagáide dul i gcomhairle le stát comharsanach nó toilliú an stáit
sin a fháil i gcás ina bhféadfadh truailliú trasteorann a bheith i gceist. Foráiltear san ionstraim reachtach maidir le
measúnú níos láidre, agus bunaithe ar riosca, ar acmhainneacht theicniúil agus
airgeadais. Tugtar isteach leis freisin, sa bhreis ar eilimint na
sábháilteachta, eilimint chomhshaoil i ndáil le rialú agus cosc mórghuaiseacha. Tionóiscí a chosc Ní mór dúshlán an tionscail a thabhairt a
dhícheall a dhéanamh chun mórtheagmhais a chosc, ach gan an baol a bheith ann
go n-ísleofaí caighdeáin choiscthe tionóiscí i gcás ina bhfuil córas rialála
stóinsithe ar an earnáil easchósta ag Ballstáit cheana. Maíonn lucht an
tionscail go ginearálta go bhféadfar an staid a fheabhsú trí bhíthin na
féinrialála agus thionscnaimh an tionscail. Measann eagraíochtaí
neamhrialtasacha agus, ar mhodhanna éagsúla, roinnt rialtóirí gur cheart na
rialacháin atá ann cheana a neartú agus a shíneadh chun gach oibríocht amach ón
gcósta in uiscí an Aontais a chumhdach. Comhlíonadh a fhíorú agus dliteanas i gcás
damáistí Tá sé sár-riachtanach go mbeidh ceanglais
stóinsithe agus chiallmhara ann agus go gcomhlíonfar iad. Cé go maíonn lucht an
tionscail go dtugann corparáidí ardtosaíocht do chomhlíonadh na gceanglas i
gcónaí, feictear do go leor geallsealbhóirí gur gá cultúr sábháilteachta a
bheidh níos láidre a chur i bhfeidhm san earnáil. Dírítear sa Rialachán ar
chomhlíonadh agus ar chultúr iontaofa láidir sábháilteachta a bhaint amach. Éilíonn eagraíochtaí neamhrialtasacha agus
roinnt cumann aicmiúcháin cigireachtaí fisiciúla níos láidre. Bhí na rialtóirí
náisiúnta agus an tionscal ina choinne sin go ginearálta ar an ábhar go
bhféadfadh ganntanas acmhainní a bheith ann nó go bhféadfaí a gcobhsaíocht a
bhaint de na córais atá ann anois. Thug an dá dhream sin roinnt tacaíochta
freisin do cheanglais maidir le fíorúcháin tríú páirtí neamhspleácha. Ba iad na
heagraíochtaí neamhrialtasacha is mó a bhí ar son scóip an dliteanais
chomhshaoil a shíneadh, ach níor ghlac na rialtóirí ná lucht an tionscail
seasamh follasach... Tá an chuma ar an scéal go bhfuil an tionscal agus
árachóirí i gcoinne athruithe ar nós árachais éigeantaigh gan uasteorann a chur
ar dhliteanas ar leibhéal idirnáisiúnta, cé go mbeadh sé ina cheanglas daingean
ag na heagraíochtaí neamhrialtasacha. Trédhearcacht, comhroinnt faisnéise agus
cleachtais úrscothacha Mheas eagraíochtaí neamhrialtasacha, agus an
tionscal agus na rialtóirí, go mbeadh an tionscal agus údaráis phoiblí in ann,
a bhuí le leibhéal níos airde trédhearcachta, a léiriú go mbainistítear agus go
rialaítear gníomhaíochtaí ola agus gáis amach ón gcósta go cuí. Ba cheart do na
húdaráis náisiúnta ar fad obair as láimh a chéile, ag tógáil ar an eiseamláir
atá tugtha ag Fóram Údaráis Easchósta na Mara Thuaidh (NSOAF) agus cruinnithe
neamhfhoirmiúla ghrúpa AE-NSOAF. Práinnfhreagairt Is ar an oibreoir agus ar an mBallstát lena
mbaineann atá an phríomhfhreagracht bearta a dhéanamh i gcás éigeandála, ach
trí chomhar agus trí chomhroinnt saineolais agus sócmhainní eile is féidir
feabhas a chur ar éifeachtacht agus ar éifeachtúlacht na gcumas atá ann san
Eoraip chun bearta a dhéanamh i gcás sceite ola. Is féidir le EMSA páirt a
ghlacadh i nglanadh má iarrann an Ballstát lena mbaineann air é trí Shásra
Cosanta Sibhialta an AE. Gníomhaíochtaí idirnáisiúnta Ba cheart do chuideachtaí atá bunaithe san
Aontas, agus táthar ag súil leis go ndeanfaidh siad amhlaidh, na beartais atá
léirithe sa rialachán seo a leanúint agus gan a gcaighdeáin a ísliú agus iad ag
obair lasmuigh den Aontas. Saineolas a bhailiú agus a úsáid Cuireadh tús i mí Aibreán 2010 leis an
gcaidreamh leis na geallsealbhóirí idirnáisiúnta agus de chuid an Aontais (an
tionscal easchósta, eagraíochtaí neamhrialtasacha) agus leis na Ballstáit a
bhfuil ionadaíocht, rialáil agus riar na hearnála easchósta faoina gcúram, agus
ba é Teachtaireacht Dheireadh Fómhair 2010 toradh na hoibre sin. Na comhairliúchán scríofa agus i gcruinnithe
le geallsealbhóirí, cuireadh leo ó shin i leith. Gan an comhairliúchán poiblí a
áireamh, tháinig údaráis náisiúnta rialála/maoirseachta le chéile ocht n-uair
faoi choimirce chomhpháirteach an Choimisiúin agus NSOAF. Pléadh sábháilteacht
gníomhaíochtaí amach ón gcósta le linn chruinnithe mheitheal Fhóram Bheirlín
maidir le breoslaí iontaise dúchasacha[11]. Ina theannta
sin, reáchtáladh go leor cruinnithe le comhlachais náisiúnta agus idirnáisiúnta
an tionscail, le fiontair aonair, le heagraíochtaí neamhrialtasacha agus le
cuideachtaí neamhspleácha fíorúcháin agus árachóirí. Thairis sin, d'fhreastal
an Coimisiún ar thionscnaimh náisiúnta (e.g. Oil Spill Prevention and Response
Advisory Group na Ríochta Aontaithe) agus idirnáisiúnta (e.g. meitheal GMEP
[Global Marine Environmental Protection] de chuid an G-20) go rialta. Leanadh
leis na cruinnithe sin anuas go dtí an lá atá inniu ann. Ar an dóigh chéanna,
chuathas i gcomhairle go leanúnach leis na seirbhísí eile de chuid an
Choimisiúin (e.g. JRC) a bhfuil saineolas agus taithí atá ábhartha agus
inaistrithe acu. D'fhostaigh an Coimisiún beirt saineolaithe náisiúnta ó
údaráis náisiúnta sábháilteachta amach ón gcósta. Cuireadh ionchur na
saineolaithe san áireamh ina iomláine agus an Rialachán seo á chur i dtoll a
chéile. Roghanna beartais agus measúnú ar an
tionchar a bheadh acu Eascraíonn roghanna beartais as na cuspóirí
ginearálta agus sonracha a bhfuil tuairisc orthu i gCaibidil 1. Tá ceithre
rogha beartais móide an rogha bhunlíne "dada a dhéanamh" (rogha 0)
anseo thíos. Faoi Rogha 0
choinneofaí an status quo. Ní bhaineann aon
chostas ná tionchar breise ar an mbunraon costais €205-915m leis. Is é Rogha 1 ("leibhéal bunúsacha
na Mara Thuaidh") an leibhéal bunúsach i gcomhair idirghabháil fhiúntach
ón Aontas. Thabharfaí an Tuarascáil maidir le Mórghuaiseanna, atá bunaithe ar
an doiciméad sláinte agus sábháilteachta a ceanglaíodh le Treoir 92/92/CE,
isteach i ndlí an Aontais ach rachfaí ní b'fhaide mar cheanglófaí go mbeadh ar
an rialtóir a bheith sásta léi sula gcuirfí tús le hoibríochtaí. Bheadh córas
cigireachta agus pionóis ag teastáil chun tacú leis na bearta a bhfuil tuairisc
orthu sa Tuarascáil maidir le Mórghuaiseanna. Chuirfí Rogha 1 chun feidhme trí
bhíthin dlí nua. Mar gheall ar Rogha 1 bheadh tuairim is €36m
in aghaidh na bliana de chostais reáchtála bhreise ar an tionscal agus
laghdú riosca, arna shloinneadh os coinne an chostais bhunlíne, de tuairim is €7
– 30m in aghaidh na bliana, laghdú arbh ionann é agus laghdú 3%
ar an meán ar an riosca bunlíne. Faoi Rogha 1+ ("An Mhuir
Thuaidh+") rachfaí ní b'fhaide agus thabharfaí treoirlínte de chineál na
reachtaíochta boige isteach maidir leis an méid seo a leanas: géarú a dhéanamh
ar an mbreithniú ar acmhainneacht theicniúil iarratasóirí ar cheadúnais ola
agus gáis amuigh ón gcósta; pleananna náisiúnta práinnfhreagartha a
chomhfhogasú; sócmhainní práinnfhreagartha náisiúnta agus de chuid an tionscail
atá comhoiriúnach a fhorbairt agus iad a chur ar fáil i dtíortha eile ina
bhfuil gá leo; agus raon feidhme na bhforálacha comhshaoil ábhartha a
shoiléiriú a bhaineann le dliteanas oibreoirí (e.g. infheidhmeacht na
reachtaíochta dramhaíola) maidir le tionóisc ola agus gáis amach ón gcósta.
Mholfadh an tAontas freisin do chuideachtaí atá bunaithe san Aontas
comhaontuithe deonacha faoi chaighdeáin AE a úsáid lasmuigh d'uiscí an AE. Le Rogha 1 + bheadh tuairim is €3m de
chostais reáchtála bhreise ar Bhallstáit agus tuairim is €52m de
chostais chomhlíonta ar an tionscal (sa bhreis ar chostais Rogha 1). Is é
éifeacht charnach Rogha 1 agus Rogha 1+ €25 - €109m in aghaidh na bliana,
éifeacht arbh ionann é agus laghdú 12 % ar an
meán ar an riosca bunlíne. Le Rogha 2 ("Dea‑chleachtais
an Aontais") déantar tuilleadh forbartha ar leasuithe Rogha 1 + i
bpacáiste cuimsitheach. Shainordófaí dea-chleachtais dhomhanda atá aitheanta i
ndáil le rialú mórghuaiseacha, agus d'ionchorprófaí measúnú riosca comhshaoil
isteach sa Tuarascáil maidir le Mórghuaiseanna. Ina theannta sin, thabharfaí
dea-chleachtas rialála agus caighdeáin eagrúcháin ceangailte isteach sna
socruithe i gcomhair údarás inniúla náisiúnta. Leis an measúnú riosca iomlánaíoch
sin i gcomhair sábháilteachta agus an chomhshaoil, chuirfí ullmhacht chun
práinne agus bainistiú na bhfardal práinnfhreagartha isteach sa reachtaíocht.
Chruthófaí grúpa údarás easchósta ar leibhéal an Aontais agus neartófaí na
treoracha maidir le ceadúnú agus maidir le dliteanas comhshaoil trí bhíthin
rialáil. Le Rogha 2 bheadh tuairim is €122m (seachas
€52m) de chostais oibriúcháin charnacha agus tuairim is €12-18m (seachas
€3m) ar Bhallstáit, móide tuairim is €18-44m de chostais riaracháin aonuaire.
Bheadh tuairim is €1m i gceist leis na costais ar an gCoimisiún chun
grúpa údarás easchósta an AE a bhunú agus a reáchtáil. A bhuí leis na bearta
breise, ghearrfaí na costais riosca bunlíne idir €103 – 455m in aghaidh na
bliana – laghdú 50 % ar an riosca bunlíne. Le Rogha 3 ("Gníomhaireacht de chuid
an AE") neartófaí tuilleadh tionchar Rogha 2 trí ghníomhaireacht de
chuid an Aontais a thabhairt isteach chun na leasuithe a baineadh amach i Rogha
2 a fhorasú agus, ar an gcaoi sin, a chomhdhlúthú. Ghabhfadh sí ar láimh
cigireachtaí agus imscrúduithe a dhéanamh, chomhsheasmhacht feidhmíochta a fhorghníomhú
agus faireachán a dhéanamh uirthi, acmhainneacht idirghabhála a fhorbairt agus
cuidiú le forbairt acmhainní i dtíortha comharsanacha nach Ballstáit den Aontas
iad. Le Rogha 3 bheadh tuairim is €35m in
aghaidh na bliana de chostais reáchtála charnacha bhliantúla ar an
gCoimisiún agus €18-44m i gcostais aonuaire tionscanta móide €10 milliún chun
sócmhainní práinnfhreagartha riachtanacha a cheannach. Ní bheadh aon chostais
bhreise ar an tionscal. I dTábla 1 thíos déantar comparáid idir na
roghanna i bhfianaise na mbeart atá beartaithe. Uimh. || Beart || Rogha 0 || Rogha 1 || Rogha 1+ || Rogha 2 || Rogha 3 1 || Acmhainneacht theicniúil an oibreora ionchasaigh a fhíorú go grinn || 0 || 0 || T || D || Aontas 2 || Cigireachtaí rialta agus córas pionóis a bhunú || 0 || D || D || D || Aontas 3 || Measúnuithe foirmeáilte sábháilteachta a chur faoi bhráid an rialtóra lena bhformheas || 0 || D || D || D || Aontas 4 || An Tuarascáil maidir le Mórghuaiseacha a shíneadh chun go mbeadh sí ina samhail chuimsitheach do bhainistíocht riosca || 0 || 0 || 0 || D || D 5 || Cleachtais an Aontais a shíneadh go hoibríochtaí thar lear || 0 || 0 || T || T || Aontas 6 || Údarás Inniúil a bhunú || 0 || 0 || 0 || D || Aontas 7 || Ardán a bhunú le haghaidh comhphlé faoi rialáil || 0 || 0 || 0 || D || Aontas 8 || Comhroinnt chuimsitheach faisnéise agus trédhearcacht || 0 || 0 || 0 || D || D 9 || Ullmhacht chun práinnfhreagairt éifeachtach a thabhairt ar mhórthionóiscí amach ón gcósta || 0 || 0 || T || D || Aontas 10 || A áirithiú go bhfuil sócmhainní idirghabhála ar fáil agus go bhfuil siad comhoiriúnach ar bhonn trasteorann || 0 || 0 || T || D || Aontas 11 || Scóip an dliteanais chomhshaoil a shoiléiriú || 0 || 0 || T || D || D Tábla 1 0 = ní chuirfí chun feidhme faoin rogha seo é;
T = treoirlínte/reachtaíocht bhog; D = dlí; Aontas = gníomhaireacht de chuid an
Aontais a bheith freagrach Is féidir beart a chur chun feidhme trí
mhodhanna éagsúla, agus is minic dá bhrí sin a bhíonn rogha le déanamh idir
éifeachtacht agus praiticiúlacht. Dá thoradh sin, tá dhá shaintréith ag gach
rogha beartais mar atá, ar an gcéad dul síos, an tsraith beart a choinneofaí
faoin rogha sin agus, ar an dara dul síos, an modh cur chun feidhme roghnaithe
i gcás gach birt faoin rogha sin. Is é an rogha beartais dá dtugtar tosaíocht
Rogha 2, i.e. leasú cuimsitheach easchósta ar fud an Aontais, trí dhlí nua,
lena n‑ardófaí leibhéal na bainistíochta riosca agus ullmhacht i gcás
éigeandála sa tionscal amach ón gcósta. Sa bhreis ar chomhsheasmhacht,
d'áiritheodh an rogha seo tuilleadh trédhearcachta maidir le feidhmíocht an
tionscail agus an rialtóra. Leis an rogha seo d'fhéadfaí an riosca bunlíne
a laghdú 50% trí fheabhas a chur ar chosc agus ar mhaolú sa chás go dtarlódh
teagmhas dá ainneoin sin. Is fabhrach an laghdú riosca ó thaobh airgeadaíochta
de ar an meán (tuairim is €103-455m in aghaidh na bliana) i gcomparáid leis na
costais charnacha mheasta a bheadh ar an gcur chun feidhme (€134-140m in
aghaidh na bliana). Tá sé níos inacmhainne ó thaobh riaracháin de agus go
heacnamaíoch ós rud é nach n‑éireodh le costais reáchtála bhreise Rogha 3
(tuairim is €34m in aghaidh na bliana) laghdú comhfhreagrach ar rioscaí a chur
ar fáil. Níl ach tionchar dearfach beag (12 %) agus deiseanna
forghníomhaithe beaga ag Rogha 1+ agus níl tairbhí Rogha 1 leordhóthanach
chun údar cuí a thabhairt maidir leis na costais – cé gur beag iad.
3.
EILIMINTÍ DLÍ AN RIALACHÁIN
Is mar seo a leanas na dualgais a chruthófar
leis an rialachán atá beartaithe i gcomhair oibreoirí, na mBallstát agus an
Choimisiúin. An tOibreoir Ní mór don oibreoir a ghníomhaíochtaí a eagrú
ar bhonn shamhail an dea-chleachtais; tuarascáil ar mhórghuaiseacha a ullmhú
agus í a chur faoi bhráid an údaráis inniúil lena meas. Ina theannta sin, ní
mór don Oibreoir fógra a chur faoi bhráid an rialtóra i gcomhair gach
oibríochta tobair. I gcás tuarascálacha maidir le mórghuaiseacha agus fógraí
maidir le tobair araon, ní mór fíorú neamhspleách a dhéanamh ar na heilimintí
atá criticiúil i gcomhair sábháilteachta. Ullmhóidh oibreoirí pleanna
práinnfhreagartha inmheánacha; cuirfidh siad idir-inoibritheacht agus
comhoiriúnacht sócmhainní práinnfhreagartha chun cinn agus tuairisceoidh siad
teagmhais agus faisnéis shonrach eile chuig an mBallstát ábhartha i bhformáid
chaighdeánach. Gheallfadh cuideachtaí móra atá bunaithe san Aontas go
léireoidís caighdeáin sábháilteachta easchósta an Aontais pé áit ina n-oibríonn
siad thar sáile. Na Ballstáit Dhéanfadh údaráis cheadúnaithe na mBallstát
measúnú ar bhealach iomchuí ar fheidhmíocht ionchasach sábháilteachta agus
comhshaoil na n‑iarratasóirí (agus ar a n-acmhainneacht airgeadais
déileáil le teipeanna sábháilteachta) agus damhachtainí i gcomhair ceadúnas
taiscéalaíochta agus táirgthe á mbreithniú acu. Bhúnódh na Ballstáit údaráis
inniúla chun sábháilteacht, cosaint an chomhshaoil agus ullmhacht i gcomhair
éigeandála a mhaoirsiú agus thabharfaidís isteach caighdeáin stóinsithe i gcomhair
cigireachta agus imscrúdaithe, ar caighdeáin iad a mbeadh pionóis iomchuí ar
sháruithe dualgais na n-oibreoirí ag tacú leo. Cuirfidh na Ballstáit faisnéis
maidir lena n‑earnálacha easchósta ar fáil mar ghnáthnós agus
tuairsceoidh siad gach teagmhas mór agus gach ceacht a fhoghlaimeoidh siad
chuig an gCoimisiún. D'ullmhódh na Ballstáit pleananna práinnfhreagartha
seachtracha i gcomhar leis na Ballstáit chomharsanacha. Glacfar bearta chun
idir-inoibritheacht shaineolais agus sócmhainní fisiciúla a áirithiú chun tacú
le hidirghabháil ar leibhéal an Aontais ar fad, lena n‑áirítear
idirghabháil EMSA. Ullmhóidh na Ballstáit agus an tionscal pleananna
práinnfhreagartha agus tástálfaidh siad go tréimhsiúil iad. An Coimisiún Bunóidh an Coimisiún grúpa údarás easchósta an
AE ina mbeidh ionadaithe ó na húdaráis inniúla atá freagrach as gníomhaíochtaí
ola agus gáis amach ón gcósta i mBallstáit an Aontais. Leasóidh an Coimisiún an
Treoir um Dhliteanas Comhshaoil (2004/35/CE) faoi chuimsiú an Rialacháin. Bunús Dlí Tá an dréacht-Rialachán bunaithe ar Airteagal 192
(An comhshaol) den CFAE chun críocha an comhshaol a chosaint agus ar Airteagal 194
(Fuinneamh) den CFAE chun éifeachtaí díobhálacha ar shlándáil sholáthar
fuinnimh an Aontais agus ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a laghdú. Prionsabal na coimhdeachta Níor breithníodh beart ón AE ach amháin i gcás
inar féidir leis an cuspóir a bhaint amach ar bhealach níos éifeachtaí ná na
Ballstáit nó i gcás go bhféadfar nach dtabharfaidh bearta ó na Ballstáit ina
n-aonar feabhsuithe barrmhaithe. Cuideachtaí a oibríonn i réimse idirnáisiúnta
agus rigí druileála amhail Deepwater Horizon a bhogtar ó áit go háit, ní mór
dóibh déileáil le córais rialála atá an-difriúil óna chéile ag brath ar an tír
ina ndéantar na gníomhaíochtaí. Tugann na bearta atá déanta ag na Ballstáit le
déanaí le tuiscint, go rachaidh na difríochtaí sin chun donais gan beart ón
Aontas ós rud é gurb iad na tíortha sna réigiúin is forbartha atá ag pleanáil
feabhsuithe den chuid is mó, fad is nach bhfuil ach dul chun cinn mall á
dhéanamh le tionscnaimh idirnáisiúnta. Thairis sin, gan beart ón Aontas, fágfar
againn na deacrachtaí atá ann faoi láthair maidir le comparáid a dhéanamh idir
feidhmíochtaí sa tionscal agus maidir le faisnéis agus sonraí teagmhais a chomhroinnt.
Níor leor beart ó na Ballstáit ina n‑aonar
chun cosaint chomhsheasmhach an chomhshaoil (lena n‑áirítear dliteanas i
gcás truailliú), an leas coiteann ná gealltanas ón Aontas agus ó na Ballstáit
de réir na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí a bhaint amach. Tá seans mór go dtarlódh teagmheas mór amach
ón gcósta áit ar bith san Aontas agus go mbeadh iarmhairt mhór ag baint leis de
réir na dtuarascálacha náisiúnta agus na hanailíse riosca a rinne an Coimisiún
in 2011. Tá méadú ag teacht ar tháirgeadh amach ón gcósta sa Mheánmhuir, sa
Mhuir Dhubh agus i Muir Bhailt fiú, ar réigiúin iad ina bhfuil níos lú taithí
ag roinnt tíortha iontu maidir le oibríochtaí amach ón gcósta a rialáil. Mar
sin féin, fiú sna réigiúin is forbartha (an Mhuir Thuaidh go príomha) theip ar
bhearta náisiúnta caighdeáin choiteanna agus inchomparáideacht sonraí a bhaint
amach. Ar an iomlán, in ainneoin na mbeart dá
bhforáiltear cheana i reachtaíocht an Aontais, i réimse na hoibre sláinte agus
sábháilteachta mar shampla, mura nglacfar beart ar leibhéal an Aontais is dócha
go mbainfear de na Ballstáit an modh is oiriúnaí chun na rioscaí a bhaineann le
teagmhais mhóra amach ón gcósta a laghdú ar bhealach comhsheasmhach agus
tráthúil. Prionsabal na comhréireachta Ceanglaítear in Airteagal 5 den Chonradh
nach rachaidh "aon ghníomhaíocht de chuid an Chomhphobail thar a bhfuil
riachtanach chun cuspóirí an Chonartha seo a bhaint amach". Chun an
cothromaíocht is gá a bhaint amach idir na cuspóirí agus na modhanna atá
beartaithe chun na cuspóirí sin a bhaint amach, cuirtear an méid seo a leanas
san áireamh sa Rialachán seo: i. De réir mheastachán BP bhí níos mó
ná $40 i gceist le costais thionóisc Deepwater Horizon; d'fhéadfadh costais
chomh mór céanna a bheith i gceist le teagmhas inchurtha in uiscí an Aontais ii. Sa tionscal easchósta tarlaíonn
teagmhais ar cóimhéid le teagmhas Deepwater Horizon gach deich nó fiche bliain,
ráta atá ard ó thaobh na mórghuaiseacha foircneacha tionóisce de iii. Tá luach an-ard ar earnáil
easchósta an Aontais ó thaobh geilleagair náisiúnta de (ioncam agus fostaíocht)
agus ó thaobh slándála soláthair de iv. Tuilleann na cuideachtaí a oibríonn
san earnáil easchósta ioncam sách ard v. Tá col glactha ag an bpobal le
tuilleadh rioscaí go dtarlóidh teagmhais mhóra Is beag an costas a bheidh ar na bearta atá
beartaithe sa Rialachán seo (tuairim is €134-140m in aghaidh na bliana) i
gcomparáid leis an laghdú riosca a bhainfidh siad amach (tuairim is €103-445m
in aghaidh na bliana). Dá bhrí sin, tá siad beartaithe mar bhearta cumasúcháin.
Rogha na hionstraime Moltar Rialachán chun Rogha 2 a chur chun feidhme. Is fearr sin
ná Treoir de bharr a shoiléire, a chomhsheasmhachta agus an luasa lena
gcuirfear chun feidhme é a bhuí leis an gcur i bhfeidhm díreach[12].
Trí ghníomhú go díreach ar an tionscal, chuirfeadh an Rialachán cothroime
iomaíochta ar fáil. D'fhreastalódh sé go maith ar phleanáil éigeandála chun
truailliú trasteorann a chomhrac. Maidir leis na
comhaontuithe idirnáisiúnta i ndáil le grúpaí comhairliúcháin agus saineolais
an Choimisiúin, ba cheart grúpa údarás easchósta an AE a bhunú trí Chinneadh
aonair ón gCoimisiún.
4.
IMPLEACHT BHUISÉADACH
Beidh impleacht bhuiséadach tuairim is €2.5m
ag baint leis an togra le linn na tréimhse 2013-2016, cúiteamh as
rannpháirtíocht i gcoistí san áireamh. Bainfidh cúnamh EMSA go príomha a) leis
an úsáid a bhainfear as a chóras faireachais satailíte a bhíonn i mbun
gníomhaíochta beag beann ar thionóiscí amach ón gcósta agus b) le húsáid soithí
éigeandála a eagróidh EMSA. Gheofar na soithí éigeandála ar conradh i gcomhair
teagmhais ar leith agus cumhdóidh an Stát cois cósta atá i gceist agus a d'iarr
an idirghabháil na costais oibriúcháin. Le Rialachán (CE) Uimh. 2038/2006
bunaíodh creat airgeadais ilbhliantúil i gcomhair gníomhaíochtaí freagartha i
gcás truailliú do na blianta 2007‑2013. Ní dhearna an Coimisiún aon
fhoráil maidir leis an gcreat sin a athrú. I gconclúid: níl foráil déanta
maidir le costais EMSA a mhéadú le linn na tréimhse 2007‑2013. I gcás ina
dtiocfadh aon chostais bhreise chun cinn i gcomhair EMSA le linn na tréimhse
2014‑2020 ba cheart iad a chumhdach go príomha trí na hacmhainní a
comhaontaíodh cheana a ath‑imscaradh.
5.
FAISNÉIS BHREISE
An reachtaíocht atá ann cheana a leasú Tá leasú ar Threoir 2004/35/CE (Dliteanas
comhshaoil) san áireamh le glacadh an Rialacháin. Tarmligeann Déantar foráil sa Rialachán maidir le sonraí
teicniúla a fhorbairt i gcomhair formáide tuairiscithe coitinne trí ghníomh
tarmligthe agus maidir leis an deis iarscríbhinní teicniúla a thabhairt chun dáta
trí ghníomh cur chun feidhme. An Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus an
Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh D'fhéadfadh an togra a bheith ábhartha maidir
leis an LEE agus an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh. 2011/0309 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE maidir le sábháilteacht gníomhaíochtaí
sirtheoireachta, taiscéalaíochta agus táirgthe ola agus gáis amach ón gcósta (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192 (1) de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a
chur chuig na Parlaimintí náisiúnta, Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta na hEorpa[13], Ag féachaint don tuairim ó Choiste na
Réigiún[14], Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós
imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1)
In Airteagal 191 den CFAE bunaíodh na cuspóirí
cáilíocht an chomhshaoil a chaomhnú, a chosaint agus a fheabhsú agus cruthaíodh
an oibleagáid go mbeadh gach gníomh ón Aontas tacaithe ag ardleibhéal cosanta
bunaithe ar phrionsabal an réamhchúraim agus na mbeart coisctheach agus go n‑úsáidfí
acmhainní nádúrtha ar bhealach stuama agus réasúnach. (2)
Is é cuspóir an Rialacháin seo minicíocht
mhórthionóiscí a laghdú a bhaineann le gníomhaíochtaí ola agus gáis amach ón
gcósta agus a n-iarmhairtí a laghdú, agus sa dóigh sin cosaint na
muirthimpeallachta agus an gheilleagair chósta in aghaidh truailliú a mhéadú
chomh maith le coinníollacha íosta a bhunú i gcomhair sirtheoireachta,
taiscéalaíochta agus saothraithe shábháilte amach ón gcósta agus briseadh a
d'fhéadfadh tarlú i dtáirgeadh fuinnimh dhúchasaigh an Aontais a theorannú agus
feabhas a chur ar na sásraí freagartha atá ann i gcás tionóisce. (3)
Níor cheart an Rialachán seo a bheith infheidhme
maidir le gléasraí agus oibríochtaí a dhéanfar amach anseo amháin, ach maidir
le gléasraí atá ann cheana freisin, faoi réir socruithe idirthréimhse. (4)
De bharr na dtionóiscí a bhain do ghníomhaíochtaí
ola agus gáis amach ón gcósta in 2010, go háirithe i Murascaill Mheicsiceo,
spreagadh athbhreithniú ar bheartais a bhfuil sé mar aidhm leis sábháilteacht
gníomhaíochtaí amach ón gcósta a áirithiú. Lainseáil an Coimisiún athbhreithniú
ar shábháilteacht oibríochtaí ola agus gáis amach ón gcósta, agus thug sé a
dhearcadh tosaigh, ina Theachtaireacht "Aghaidh a thabhairt ar dhúshlán na
sabháilteachta i ngníomhaíochtaí ola agus gáis amach ón gcósta" an 13
Deireadh Fómhair 2010. Ghlac Parlaimint na hEorpa rúin maidir leis an ábhar an
7 Deireadh Fómhair 2010 agus an 13 Meán Fómhar 2011. Chuir airí fuinnimh na
mBallstát a ndearcadh in iúl i gconclúidí na Comhairle Fuinnimh an 3 Nollaig
2010. (5)
Is suntasach na rioscaí a bhaineann le mórthionóisc
ola agus gáis amach ón gcósta. Tríd an riosca go dtruailleofar uiscí muirí a
laghdú, ba cheart don tionscnamh seo cur le cosaint na muirthimpeallachta agus
go háirithe le dea-stádas comhshaoil a bhaint amach faoi 2020, an dáta is
déanaí atá leagtha amach in Airteagal 1(1) de Threoir 2008/56/CE ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena
mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais
muirthimpeallachta (an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí)[15].
(6)
Cranntaca an Bheartais Mhuirí Chomhtháite is ea an Treoir Réime
um Straitéis Mhuirí ina gceanglaítear dul i ngleic le tionchar carnach gach
gníomhaíochta ar an muirthimpeallacht. Tá an Beartas sin ábhartha maidir le
hoibríochtaí ola agus gáis amach ón gcósta mar ceanglaítear ann na hábhair imní
atá i ngach earnáil eacnamaíoch a nascadh leis an aidhm ghinearálta tuiscint
chuimsitheach a fháil ar na haigéin, ar na farraigí agus ar limistéir chósta,
d'fhonn cur chuige oibiachtúil a fhorbairt maidir leis na farraigí lena
gcuirfear san áireamh gach gné eacnamaíoch, chomhshaoil agus shóisialta trí
úsáid spásphleanála muirí agus muir-eolas. (7)
Tá tionscail ola agus gáis amach ón gcósta bunaithe
i roinnt réigiún de chuid an Aontais, agus tá deiseanna i gcomhair forbairtí
réigiúnacha nua in uiscí an Aontais. Eilimint thábhachtach i slándáil sholáthar
fuinnimh an AE is ea táirgeadh ola agus gáis amach ón gcósta. (8)
Leis an gcreat rialála ilroinnte atá ann faoi
láthair a bhaineann le gníomhaíochtaí amach ón gcósta san Eoraip agus leis na
cleachtais sábháilteachta atá ag an tionscal faoi láthair, ní leor mar a
áirithítear go n-íoslaghdófar rioscaí ó thionóiscí amach ón gcósta ar fud an
Aontais, agus go dtabharfar an fhreagairt is éifeachtaí in am tráthúil i gcás
in dtarlóidh tionóisc in uiscí an Aontais. Faoi na córais dliteanais atá ann
cheana, d'fhéadfadh sé nach féidir an páirtí freagrach a aithint agus/nó nach
féidir leis an bpáirtí sin, nó nach bhfuil sé faoi dhliteanas, na costais uile
a íoc chun an damáiste a rinne sé a leigheas. (9)
De bhun Threoir 1994/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 1994 maidir leis na coinníollacha chun
údaruithe a dheonú agus a úsáid i gcomhair sirtheoireachta, taiscéalaíochta
agus táirgthe hidreacarbón féadfar gníomhaíochtaí ola agus gáis amach ón gcósta
a dhéanamh faoi réir údarú a fháil. Sa chomhthéacs sin, ní mór don údarás
inniúil na rioscaí teicniúla agus airgeadais a bhreithniú, agus más iomchuí, an
teist freagrachta, atá ag iarratasóirí atá ag lorg ceadúnas eisiach
taiscéalaíochta agus táirgthe. Is gá a áirithiú agus cumas teicniúil agus
airgeadais an cheadúnaí á scrúdú go scrúdóidh na húdaráis inniúla go grinn
freisin a chumas oibríochtaí sábháilte agus éifeachtach a áirithiú ar bhonn
leantach agus sna dálaí ar fad is féidir a thuar. (10)
Is gá a shoiléiriú maidir le sealbhóirí údaruithe i
gcomhair gníomhaíochtaí amach ón gcósta de bhun Threoir 94/22/CE go
bhféadfaidís a bheith ina 'oibreoirí freagracha' laistigh de bhrí Threoir
2004/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir
le dliteanas comhshaoil i ndáil le damáiste comhshaoil a chosc agus a leigheas[16],
go bhféadfadh sé nach bhfuil siad i dteideal a bhfreagrachtaí a tharmligean ina
thaobh sin chuig tríú páirtithe atá ar conradh acu. (11)
Cé go ráthaítear le húdarú ginearálta de bhun
Threoir 94/22/CE go bhfuil cearta eisiach ag an gceadúnaí taiscéaladh ola
agus/nó gáis a dhéanamh, nó iad a tháirgeadh, laistigh de limistéar áirithe, is
gá na hoibríochtaí iarbhír a dhéantar laistigh den limistéar sin a bheith faoi
réir maoirseachta rialála leanúnaí saineolaí ag na Ballstáit chun a áirithiú go
bhfuil rialuithe éifeachtacha i bhfeidhm chun mórthionóiscí a chosc, agus a
dtionchar ar dhaoine, ar an gcomhshaol. agus ar shlándáil an tsoláthair
fuinnimh a theorannú. (12)
I gcomhréir le Treoir 85/337/CEE, mar a
leasaíodh é, a bhfuil feidhm aige maidir le gníomhaíochtaí taiscéalaíochta agus
saothraithe ola agus gáis, tionscadail is dealraitheach go mbeidh éifeachtaí
suntasacha acu ar an gcomhshaol de bharr, inter alia, a gcineáil, a
méide nó a suímh, cuirtear iad faoi réir measúnú maidir lena n‑éifeachtaí
agus faoi réir ceanglais i gcomhair toiliú chun iad a fhorbairt. I gcomhréir le
Treoir 85/337/CEE i gcás ina bhfuil gníomhaíocht faoi réir toilliú chun é
a fhorbairt ba cheart rannpháirtíocht éifeachtach don phobal a sholáthar i
gcomhréir le Coinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíoch na Náisiún Aontaithe don
Eoraip maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht an Phobail i
gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil. (13)
Laistigh den Aontas, is ann do shamplaí cheana féin
de dhea-chaighdeáin i gcleachtais rialála náisiúnta i ndáil le gníomhaíochtaí
ola agus gáis amach ón gcósta. Ní chuirtear iad i bhfeidhm go comhsheasmhach ar
fud an Aontais áfach, agus níl na dea-chleachtais rialála ar fad ionchorpraithe
ag Ballstát ar bith ina reachtaíocht i gcomhair mórthionóiscí amach ón gcósta a
chosc nó na hiarmhairtí a bhaineann leo do dhaoine agus don chomhshaol a
theorannú. Ba cheart do dhea-chleachtais rialála rialáil éifeachtach a áirithiú
maidir le sábháilteacht agus an comhshaol trí fheidhmeanna gaolmhara a
chomhtháthú i gcomhúdarás inniúil ("an t-údarás inniúil") ar féidir
leis acmhainní a fháil ó ghníomhaireacht náisiúnta amháin nó níos mó. (14)
Nuair a dheonaítear cearta don oibreoir ceadúnaithe
taiscéaladh ola agus gáis a dhéanamh, nó iad a asbhaint, ba cheart don
Bhallstát an chumhacht dhlíthiúil agus na hacmhainní cuí a thabhairt don údarás
inniúil ionas gur féidir leis bearta forghníomhaithe a dhéanamh, lena n‑áirítear
oibríochtaí a stopadh chun cosaint iomchuí a áirithiú d'oibrithe agus don
chomhshaol. (15)
Éifeachtacht an údaráis inniúil i dtaobh rialuithe
an cheadúnaí nó an oibreora ar mhórghuaiseacha, baineann sé go díreach le
beartas rialála, córais agus saineolas an údaráis inniúil i ndáil le
mórghuaiseacha. D'ainneoin chearta an oibreora cheadúnaithe taiscéaladh ola
agus gáis a dhéanamh, nó iad a asbhaint, ba cheart an chumhacht a thabhairt don
údarás inniúil bearta forghníomhaithe a dhéanamh, lena n‑áirítear
oibríochtaí a stopadh chun cosaint iomchuí a áirithiú d'oibrithe agus don
chomhshaol. Chun na feidhmeanna sin a chur i gcrích teastaíonn ón údarás
inniúil go soláthróidh an Ballstát acmhainní leordhóthanacha. (16)
Chun dealú iomchuí a choinneáil idir forbairt
eacnamaíoch agus rialáil chomhshaoil agus sábháilteachta ba cheart don údarás
inniúil a bheith in ann a léiriú go bhfuil sé neamhspleách ó urraíocht
eacnamaíoch náisiúnta. (17)
Na mórghuaiseacha casta a bhaineann leis an
tionscal ola agus gáis amach ón gcósta, go háirithe maidir le sábháilteacht
phróisis, srianadh sábháilte ar hidreacarbóin, sláine struchtúrach, cosc ar
dhóiteán agus ar phléascadh, aslonnú, éalú agus tarrtháil agus teorannú an
tionchair ar an gcomhshaol i ndiaidh mórthionóisce, teastaíonn rialáil
spriocdhírithe agus saincheaptha uatha chun dul i ngleic leis na guaiseacha
sonracha a bhaineann leis an earnáil ola agus gáis amach ón gcósta. (18)
Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo gan
dochar d'aon cheanglais faoi aon reachtaíocht eile de chuid an Aontais, go
háirithe i réimse sláinte agus sábháilteachta oibrithe ag an obair, go háirithe
Treoir 89/391/CE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1989 maidir le bearta a
thabhairt isteach chun feabhsuithe ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe
ag an obair a spreagadh[17] agus Treoir 92/92/CEE
ón gComhairle an 3 Samhain 1992 maidir leis na híoscheanglais chun
sábháilteacht agus sláinte oibrithe sna tionscail asbhainte mianraí trí
dhruileáil (an t-aonú Treoir aonair déag laistigh de bhrí Airteagal 16(1)
de Threoir 89/391/CEE)[18]. (19)
Ní mór córas easchósta a chur i bhfeidhm ar
oibríochtaí arna ndéanamh ar ghléasraí seasta agus ar ghléasraí soghluaiste
araon, agus ní mór é a chur i bhfeidhm ar shaolré na ngníomhaíochtaí
taiscéalaíochta agus táirgthe ó thráth a gceaptar iad go dtí an tráth a
dhéantar iad a dhíchoimisiúnú agus a thréigean go buan. (20)
Na cleachtais oibriúcháin is fearr dá bhfuil ar
fáil faoi láthair chun mórthionóiscí a chosc in oibríochtaí ola agus gáis amach
ón gcósta, tá siad bunaithe ar thorthaí inmhianta a bhaint amach trí mheasúnú
críochnaitheach a dhéanamh ar riosca agus trí chórais iontaofa bainistíochta. (21)
De réir dhea‑chleachtais oibriúcháin an
Aontais ní mór d'úinéirí agus/nó d'oibreoirí gléasraí, lena n‑áirítear
rigí druileála soghluaiste, beartas corparáideach éifeachtach agus socruithe
oiriúnacha a bhunú chun mórthionóiscí a chosc agus chun gach cás a aithint go
cuimsitheach agus go córasach, ar cás mórghuaise é a bhaineann le
gníomhaíochtaí guaiseacha is féidir a dhéanamh ag an ngléasra sin. De réir na
ndea-chleachtas sin ní mór freisin measúnú a dhéanamh ar na cásanna sin ó
thaobh a dhealraithí atá siad, ó thaobh na n-iarmhairtí a bhainfeadh leo agus ó
thaobh na rialuithe a theastaíonn uathu, laistigh de chóras bainistíochta
sábháilteachta cuimsitheach. Ba cheart tuairisc fhollasach a thabhairt ar an
mbeartas agus ar na socruithe sin i ndoiciméad ("an Tuarascáil ar
Mhórghuaiseacha"). Ba cheart an Tuarascáil ar Mhórghuaiseacha a bheith
inchomparáide agus comhlántach leis an doiciméad sábháilte agus sláinte dá
dtagraítear i dTreoir 92/92/CE agus ba cheart forálacha a bheith ann
freisin maidir le measúnú riosca chomhshaoil agus pleananna éigeandála. Ba
cheart an Tuarascáil ar Mhórghuaiseacha a chur faoi bhráid an údaráis inniúil i
gcomhair nós imeachta an toilithe. (22)
Chun éifeachtacht na rialuithe rioscaí
mórthionóisce in uiscí an Aontais a choinneáil, is gá Tuarascálacha ar
Mhórghuaiseacha a ullmhú maidir le haon ghné shuntasach i saolré gléasra
tháirgthe, lena n-áirítear an dearadh, oibríocht, comhoibríochtaí le gléasraí
eile, modhnuithe móra, agus an tréigean deiridh. Is gá an Tuarascáil ar
Mhórghuaiseacha a chur faoi bhráid an údaráis inniúil sa chaoi nach bhféadfaidh
leanúint leis na hoibríochtaí ach amháin má ghlacann an t-údarás inniúil leis
an tuarascáil trí bhíthin nós imeachta an toilithe atá iomchuí. (23)
Níor cheart druileáil ná deisiú tobar ola agus gáis
a ghabháil de láimh ach amháin le gléasraí ag a bhfuil an cumas teicniúil gach
guais intuartha ag suíomh an tobair a rialú, agus ag a bhfuil Tuarascáil ar
Mhórghuaseacha lenar glacadh. (24)
Chomh maith le gléasra oiriúnach a úsáid, ba cheart
d'oibreoir an tobair pleananna mionsonraithe a ullmhú atá ábhartha maidir leis
na himthosca agus leis na guaiseacha ar leith a bhaineann le gach oibríocht
tobair agus, i gcomhréir le dea-chleachtais san Aontais, soláthar a dhéanamh do
scrúdú saineolach neamhspleách ar dhearadh an tobair. Ba cheart d'oibreoir an
tobair fógra a thabhairt don údarás inniúil maidir lena phleananna tráthúil go
leor go bhféadfaidh an t-údarás inniúil aon bheart is gá a dhéanamh i dtaobh na
hoibríochta tobair atá beartaithe. (25)
Chun sábháilteacht an deartha agus oibríochtaí
sábháilte a áirithiú, ní mór don tionscal na cleachtais is fearr dá bhfuil ar
fáil a leanúint mar atá siad sainithe i gcaighdeáin údarásacha agus i dteoir
údarásacha, agus ní mór iad a thabhairt chun dáta de réir eolais nua agus
aireagán nua agus de bhun feabhais leanúnaigh ionas go mbeidh oibreoirí agus
údaráis innniúla ag obair i gcomhar a chéile chun tosaíochtaí a bhunú chun
caighdeáin agus Treoir atá nua nó feabhsaithe a chrúthú i bhfianaise na
táithí ó thionóisc Deepwater Horizon agus ó thionóiscí suntasacha eile amach ón
gcósta, agus ba cheart dóibh ullmhú na gcaighdeán agus na treorach dá dtugtar
ardtosaíocht a choimisiúnú gan mhoill. (26)
I bhfianaise a chasta atá oibríochtaí ola agus gáis
amach ón gcósta, chun go gcuirfidh na hoibreoirí na dea‑chleachtais chun
feidhme is gá scéim fíorúcháin neamhspleách ag tríú páirtí ar na heilimintí atá
criticiúil don tsábháilteacht. (27)
Na dea-chleachtais nach mór a chur i bhfeidhm san
Aontas, ní mór dóibh, i ndáil le gléasraí neamhtháirgthe soghluaiste, ceanglais
Rialachán Uimh. 391/2009/CE a chomhlíonadh (Rialachán maidir le rialacha
comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d'eagraíochtaí cigireachta agus
suirbhéireachta loinge), agus na caighdeáin choibhéiseacha arna nglacadh ag an
Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta[19]. (28)
Sa mheasúnú riosca sa Tuarascáil ar Mhórghuaiseacha
ba cheart riosca don chomhshaol a chur san áireamh, lena n‑áirítear an
tionchar a imríonn dálaí aeráide agus athrú aeráide ar athléimneacht gléasraí
san fhadtéarma; agus ós rud é gur féidir le gníomhaíochtaí ola agus gáis amach
ón gcósta i mBallstát amháin díobháil nach beag a dhéanamh don chomhshaol i
mBallstát eile, is gá forálacha sonracha a bhúnú agus a chur i bhfeidhm i
gcomhréir leis an gCoinbhinsiún maidir le measúnú ar an tionchar ar an
gcomhshaol i gcomhthéacs trasteorann. (29)
Chun práinnfhreagairt éifeachtach a áirithiú, ba
cheart d'oibreoirí pleananna práinnfhreagartha atá sonrach don suíomh a ullmhú
bunaithe ar cásanna riosca agus guaise arna n-aithint sa Tuarascáil ar
Mhórghuaiseacha, iad a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil, agus na hacmhainní
is gá a choinneáil chun na pleanna sin a chur i gcrích nuair is gá sin. (30)
Chun a áirithiú nach ndéanfar dearmad ar aon chúis
ábhartha imní i dtaobh sábháilteachta, ná neamhaird di, tá sé den tábhacht
modhanna leordhóthanacha a bhunú agus a spreagadh chun na hábhair imní sin a
thuairisciú agus chun sceithirí a chosaint. (31)
Is deacair sonraí inchomparáide a chomhroinnt idir
na Ballstáit toisc nach ann d'fhormáid choiteann sna Ballstáit ar fad chun
sonraí a thuairisciú. Le formáid choiteann d'oibreoirí chun sonraí a
thuairisciú chuig an mBallstát sholáthrófaí trédhearcacht maidir le
sábháilteacht agus feidhmíocht chomhshaoil na n‑oibreoirí agus thabharfaí
rochtain don phobal ar fhaisnéis ábhartha agus inchomparáide ón Aontas ar fad
maidir le sábháilteacht ghníomhaíochtaí ola agus gáis amach ón gcósta agus chuideodh
sé na ceachtanna a foghlamaíodh le linn mórthionóiscí agus neastionóiscí a
scaipeadh. (32)
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir
le comhroinnt faisnéise agus maidir le trédhearcacht a spreagadh i
bhfeidhmíocht na hearnála easchósta, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a
thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir
le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus prionsabail
ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar
fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún[20]. (33)
Ba cheart an nós imeachta comhairliúcháin a úsáid
chun gníomhartha cur chun feidhme ábhartha a ghlacadh d’fhonn malartú comhsheasmhach
sonraí ábhartha a áirithiú ar fud an Aontais. (34)
Chun muinín an phobail a chothú in údarás agus in
iomláine gníomhaíochtaí amach ón gcósta ar fud an Aontais, ba cheart do na
Ballstáit tuarascálacha a sholáthar faoi ghníomhaíochtaí agus faoi theagmhais
agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi aon mhórthionóiscí gan mhoill,
agus ba cheart don Choimisiún tuarascálacha a fhoilsiú go tréimhsiúil ar
leibhéil na gníomhaíochta san AE agus ar threochtaí i bhfeidhmíocht
sábháilteachta agus chomhshaoil na hearnála easchósta. (35)
Léiríonn taithí gur gá rúndacht sonraí íogaire a
áirithiú chun idirphlé oscailte a chothú idir an t‑údarás inniúil agus an
t‑oibreoir. Chuige sin, ba cheart idirphlé idir oibreoirí easchósta agus
na Ballstáit uile a bhunú ar ionstraimí ábhartha idirnáisiúnta atá ann cheana
agus ar acquis an AE maidir le rochtain ar fhaisnéis atá ábhartha ó
thaobh an chomhshaoil de, faoi réir aon cheanglais sháraithigh maidir le
sábháilteacht agus cosaint an chomhshaoil. (36)
Léiríonn gníomhaíochtaí Fhóram na nÚdarás easchósta
sa Mhuir Thuaidh agus Fhóram na Rialtóirí Idirnáisiúnta go soiléir luach na
comhpháirtíochta idir údaráis easchósta. Ba cheart comhpháirtíocht den sórt sin
a bhunú go foirmeálta ar fud an Aontais chun comhpháirtíocht éifeachtúil idir
ionadaithe náisiúnta agus an Coimisiún a chur chun cinn ar leibhéal na hoibre. (37)
Beidh pleanáil práinnfhreagartha agus pleanáil
theagmhasach do thubaistí móra amach ón gcósta níos éifeachtaí mar gheall ar
chomhar córasach pleanáilte idir na Ballstáit agus idir na Ballstáit agus an
tionscal, chomh maith le trí shócmhainní comhoiriúnacha, lena n‑áirítear
saineolas, a chomhroinnt. Maidir leis na socruithe sin, nuair is iomchuí ba
cheart úsáid a bhaint as na hacmhainní agus as an gcúnamh atá ann cheana san Aontas,
go háirithe tríd an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí agus trí
Mheicníocht an AE um Chosaint Shibhialta. (38)
Agus na hoibleagáidí faoin Rialachán seo á gcur
chun feidhme, ba cheart a mheas go bhfuil na huiscí muirí atá cumhdaithe faoi
cheannasacht nó dlínse Ballstát ina gcuid dhílis de na ceithre réigiún mhuirí
atá sainaitheanta in Airteagal 4(1) de Threoir 2008/56, is iad sin
Muir Bhailt, an tAigéan Atlantach Thoir Thuaidh, an Mheánmhuir agus an Mhuir
Dhubh. Ar an ábhar sin, ba cheart comhordú a neartú le tríú tíortha a bhfuil
ceannasacht nó dlínse acu ar uiscí sna réigiúin mhuirí sin. Áirítear
coinbhinsiúin réigiúnacha farraige, a shainítear in Airteagal 3(10) de
Threoir 2008/56, i gcreataí iomchuí comhair. (39)
Maidir leis an Mheánmhuir, i dteannta an Rialacháin
reatha, tá na gníomhaíochtaí riachtanacha á ndéanamh d'aontachas an Aontais
Eorpaigh leis an bPrótacal maidir le Cosaint na Meánmhara ar Thruailliú ó
Thaiscéalaíocht agus ó Shaothrú na Scairbhe Ilchríochaí agus Ghrinneall na
Farraige agus a Fho-ithreach (‘an Prótacal easchósta’) a ghabhann leis an
gCoinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht agus Réigiún Cósta na
Meánmhara (‘Coinbhinsiún Barcelona’), a formheasadh le Cinneadh 77/585/CEE
ón gComhairle[21]. (40)
Ní mór díriú go speisialta ar na ceisteanna
tromchúiseacha comhshaoil a bhaineann leis na huiscí Artacha, ar
muirthimpeallacht chomharsanach é sin a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis
don Chomhphobal, chun cosaint chomhshaol an Artaigh a áirithiú maidir le haon
ghníomhaíochtaí amach ón gcósta, lena n‑áirítear taiscéalaíocht. (41)
Ba cheart pleananna práinnfhreagartha seachtracha
náisiúnta a bhunú ar mheasúnuithe riosca arna ndéanamh chun an tuarascáil ar
mhórghuaiseacha a ullmhú. Ba cheart na Treoracha Measúnaithe agus Mapála Riosca
is déanaí maidir le bainistíocht tubaistí (Doiciméad Inmheánach Oibre an
Choimisiúin SEC(2010) 1626 leagan críochnaitheach an 21.12.2010) a chur san
áireamh sna pleananna práinnfhreagartha suíomhoiriúnaithe gaolmhara chun
tionóiscí a shrianadh. (42)
Chun práinnfhreagairt éifeachtach a áirithiú is gá
don oibreoir beart a dhéanamh láithreach agus a bheith i ndlúthchomhar le
húdaráis inniúla a chomhordaíonn tabhairt isteach acmhainní breise
práinnfhreagartha de réir mar a thagann forbairt ar an scéal. Is gá freisin an
phráinn a imscrúdú go críochnaitheach, imscrúdú ar cheart a thosú gan mhoill
lena áirithiú go gcailltear an méid is lú faisnéise agus fianaise ábhartha is
féidir. Tar éis an teagmhais, ba cheart d'údaráis inniúla teacht ar thátal
iomchuí agus aon bhearta is gá a dhéanamh. (43)
Chun a áirithiú go gcuirfear ceanglais an
Rialacháin seo chun feidhme go héifeachtach, ba cheart smachtbhannaí
éifeachtacha comhréireacha a chur i bhfeidhm. (44)
Chun na híoscheanglais atá beartaithe a chur in
oiriúint do na forbairtí is deireanaí sa teicneolaíocht agus sna cleachtais
ábhartha, ba cheart cumhacht a thabhairt don Choimisiún na ceanglais sna
hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú i gcomhréir leis an nós
imeachta dá dtagraítear in Airteagal 4 den Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. (45)
Dá bhrí sin, chun mórthionóiscí a bhaineann le
gníomhaíochtaí ola agus gáis amach ón gcósta a chosc agus chun iarmhairtí na
ngníomhaíochtaí sin a laghdú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a
ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011
a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis an sainmhíniú ar na
buncheanglais íosta a bhaineann leis na hoibríochtaí sin de réir na bprionsabal
a luaitear sa Rialachán seo agus go háirithe sna hIarscríbhinní. Tá sé ríthábhachtach go rachadh an Coimisiún i mbun
comhairliúchán iomchuí mar chuid den obair ullmhúcháin, lena n-áirítear ar
leibhéal na saineolaithe. (46)
Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus
gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid
ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go hiomchuí chuig
Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. (47)
Cé is moite de na bearta a thugtar isteach leis an
Rialachán seo, ba cheart don Choimisiún bealaí iomchuí eile a fhiosrú chun teagmhais
ola agus gáis amach ón gcósta a chosc agus chun éifeachtaí na dteagmhas sin a
mhaolú. (48)
Toisc nach bhféadfaidh aon ionstraimí slándála
airgeadais atá ann cheana, lena n‑áirítear socruithe chun rioscaí a
chomhthiomsú, freastal ar iarmhairtí féideartha uile tionóiscí foircneacha, ba
cheart don Choimisiún tuilleadh anailíse agus staidéar a dhéanamh ar na bearta
iomchuí chun córas dliteanais atá láidir go leor a áirithiú maidir le damáistí
a bhaineann le hoibríochtaí ola agus gáis amach ón gcósta, agus chun ceanglais
a áirithiú maidir le hacmhainn airgeadais, lena n‑áirítear ionstraimí
slándála airgeadais leithghafa nó socruithe eile. (49)
Ar leibhéal an Aontais, is tábhachtach go
gcomhlánaítear caighdeáin theicniúla le creat dlíthiúil comhfhreagrach
reachtaíochta maidir le sábháilteacht táirgí a mbeidh feidhm aige maidir le
gach gléasra amach ón gcósta in uiscí an Aontais, seachas maidir le gléasra
táirgthe doghluaiste amháin. Ba cheart don Choimisiún, mar sin, tuilleadh
anailíse a dhéanamh ar na caighdeáin sábháilteachta táirgí is infheidhme maidir
le hoibríochtaí ola agus gáis amach ón gcósta. TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A
GHLACADH: Caibidil I
Forálacha tosaigh Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme 1.
Leis an Rialachán seo bunaítear íoscheanglais don
tionscal agus d'údaráis náisiúnta a bhfuil baint acu le hoibríochtaí ola agus
gáis amach ón gcósta a dhéantar ar údarú a fháil de bhun Threoir 94/22/CE. 2.
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na
hoibríochtaí ola agus gáis go léir amach ón gcósta a shainítear in Airteagal 2. 3.
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le gach
gléasra gaolmhar, gléasraí fo-mhuirí agus bonneagar nasctha in uiscí na
mBallstát lena n‑áirítear ina limistéir eacnamaíocha eisiacha agus ar a
scairbheacha ilchríochacha laistigh de bhrí Choinbhinsiún
na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige. 4.
Is é is aidhm don Rialachán seo cur le baint amach
chuspóirí Threoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais
muirthimpeallachta. 5.
Beidh feidhm ag forálacha an Rialacháin seo gan
dochar do reachtaíocht ábhartha an Aontais, go háirithe maidir le sláinte agus
sábháilteacht oibrithe ag obair, agus go sonrach Treoir 89/391/CEE agus
92/92/CEE ón gComhairle. 6.
Beidh feidhm ag an Rialachán seo gan dochar do
Threoir 85/337/CE, Treoir 2008/1/CE ná Treoir 2003/4/CE. Airteagal 2
Sainmhínithe Chun críche an Rialacháin seo: 1.
ciallóidh 'inghlactha': riosca mórthionóisce a
dhéanamh infhulaingthe a mhéid is féidir, sa mhéid is nach dtiocfadh aon laghdú
suntasach ar an riosca dá gcaithfí tuilleadh ama, acmhainní nó airgid leis; 2.
ciallóidh 'glacadh': go gcuirfidh an t‑oibreoir
in iúl i scríbhinn don údarás inniúil conclúidí dearfacha a scrúdú ar
Thuarascáil an oibreora ar Mhórghuaiseacha de bhun cheanglais an Rialacháin
seo; 3.
ciallóidh 'údarú': údarú de bhun Threoir 94/22/CE; 4.
ciallóidh 'comhoibríocht': oibríocht a dhéantar ar
ghléasra neamhtháirgthe in éineacht le gléasra nó le gléasraí eile chun críocha
a bhaineann leis an ngléasra nó leis na gléasraí eile agus a dhéanann difear
ábhartha do shábháilteacht daoine nó do chosaint an chomhshaoil ar aon cheann
de na gléasraí nó ar na gléasraí go léir; 5.
ciallóidh 'tús oibríochtaí': an pointe ama ina
bhfuil baint ag an ngléasra den chéad uair leis na hoibríochtaí dá bhfuil sé
ceaptha; 6.
ciallóidh 'údarás inniúil': an t‑údarás arna
cheapadh de bhun an Rialacháin seo agus atá freagrach as dualgais a bhaineann
lena raon feidhme; 7.
ciallóidh 'bonnegar nasctha': trealamh amach ón
gcósta, píblíne nó gléasra éigin eile os cionn dhromchla an uisce nó thíos faoi
a úsáidtear chun ola agus gás a iompar chuig gléasra eile in aice láimhe, chuig
saoráid stórála nó próiseála amach ón gcósta nó a úsáidtear chun ola a iompar
chuig tancaer tointeála nó chun í a lódáil air; 8.
ciallóidh 'nós imeachta an toilithe': nós imeachta
lena ndéantar measúnú críochnaitheach ar an bhfaisnéis ábhartha go léir a
bhaineann leis na hoibríochtaí ola agus gáis amach ón gcósta atá beartaithe ag
an údarás inniúil, agus a thugann an t‑údarás inniúil i gcrích trí
ghlacadh leis an tuarascáil ar mhórghuaiseacha mura ndéantar aon agóidí i
gcoinne fógraí maidir le hoibríochtaí tobair nó comhoibríochtaí arna gcur
isteach ag oibreoirí; 9.
ciallóidh 'limistéar eisiaimh': an limistéar
mórthimpeall an ghléasra arna bhunú ag an mBallstát ina dtoirmeasctar
gníomhaíochtaí neamhghaolmhara; 10.
ciallóidh 'ceadúnas taiscéalaíochta': údarú arna
dheonú ag an mBallstát chun ola agus gás a thaiscéaladh sna strataim faoi
thalamh de chuid an limistéir cheadúnaithe, ach ní údaraítear leis ola agus gás
a tháirgeadh chun críocha tráchtála; 11.
ciallóidh 'plean práinnfhreagartha seachtrach':
straitéis áitiúil, náisiúnta nó réigiúnach chun méadú ar thionóisc a bhaineann
le hoibríochtaí ola agus gáis amach ón gcósta a chosc nó chun iarmhairtí tionóisce
den chineál sin a theorannú, ar straitéis í a úsáideann na hacmhainní uile atá
ar fáil chomh maith leis na hacmhainní a bhfuil cur síos orthu i bpleananna
práinnfhreagartha inmheánacha; 12.
ciallóidh 'fíorú neamhspleách tríú páirtí': measúnú
ar bhailíocht ráiteas scríofa ar leith agus daingniú go bhfuil siad bailí, arna
ndéanamh ag duine nádúrtha nó dlítheanach nach bhfuil faoi rialú ná faoi
thionchar údar na ráiteas; 13.
ciallóidh 'tionscal': cuideachtaí príobháideacha
atá bainteach go díreach le gníomhaíochtaí ola agus gáis amach ón gcósta de
bhun an Rialacháin seo nó cuideachtaí príobháideacha a bhfuil dlúthbhaint ag a
ngníomhaíochtaí leis na hoibríochtaí sin; 14.
ciallóidh 'gléasra': gléasra táirgthe nó gléasra
neamhtháirgthe; 15.
ciallóidh 'plean práinnfhreagartha inmheánach':
forléargas arna ullmhú ag oibreoirí de bhun cheanglais an Rialacháin seo ar na
bearta a dhéantar chun méadú ar thionóisc a bhaineann le hoibríochtaí ola agus
gáis amach ón gcósta laistigh de limistéar eisiaimh mórthimpeall an ghléasra a chosc
nó chun iarmhairtí tionóisce den chineál sin a theorannú; 16.
ciallóidh 'limistéar ceadúnaithe': an limistéar
geografach atá cumhdaithe ag an údarú de bhun Threoir 94/22/CE; 17.
ciallóidh 'ceadúnaí': sealbhóir an údaraithe chun
oibríochtaí a dhéanamh amach ón gcósta de bhun Threoir 94/22/CE; 18.
ciallóidh 'mórthionóisc': tarlú amhail dóiteán nó
pléascadh, caillteanas suntasach rialaithe tobair nó éalú suntasach
hidreacarbón amach sa chomhshaol, damáiste suntasach don ghléasra nó do
threalamh ar an ngléasra, caillteanas sláine struchtúraí an ghléasra, agus aon
teagmhas eile ina maraítear nó ina ngortaítear go dona cúigear daoine nó níos
mó a oibríonn ar an ngléasra nó a oibríonn i ndáil leis an ngléasra; 19.
ciallóidh 'mórghuais': cás a bhféadfadh
mórthionóisc a bheith mar thoradh air; 20.
ciallóidh 'gléasra neamhtháirgthe': gléasra,
seachas gléasra táirgthe, a úsáidtear chun druileáil thaiscéalaíoch a dhéanamh
agus mar ghléasra tacaíochta le haghaidh táirgeadh; 21.
ciallóidh 'oibríochtaí ola agus gáis amach ón
gcósta': na gníomhaíochtaí go léir a bhaineann le taiscéalaíocht, le táirgeadh
nó le próiseáil ola agus gáis amach ón gcósta. Áirítear iompar ola agus gáis
trí bhonneagar amach ón gcósta nasctha le gléasra nó le gléasra fo‑mhuirí;
22.
ciallóidh 'oibreoir': oibreoir gléasra táirgthe nó
úinéir gléasra neamhtháirgthe agus oibreoir an tobair i gcás oibríochta tobair.
Tá an t‑oibreoir agus an ceadúnaí araon faoi réir an tsainmhínithe atá
sannta dóibh in Airteagal 2(6) de Threoir 2004/35/CE; 23.
ciallóidh 'oibreoir gléasra táirgthe': duine a
cheapann an ceadúnaí chun príomhfheidhmeanna gléasra táirgthe a bhainistiú agus
a rialú; 24.
ciallóidh 'úinéir': duine a bhfuil teideal dlí aige
oibríocht gléasra neamhtháirgthe a rialú; 25.
ciallóidh 'táirgeadh ola agus gáis': eastóscadh ola
agus gáis, chun críocha tráchtála, ó na strataim faoi thalamh sa limistéar
ceadúnaithe lena n‑áirítear próiseáil ola agus gáis amach ón gcósta agus
iompar na hola agus an gháis sin trí bhonneagar nasctha lena n‑áirítear
trí phíopaí agus struchtúir agus trí bharra tobair ar ghrinneall na farraige
agus/nó stóráil gáis i bhfoirmíochtaí fodhromchla chun an gás a shaothrú; 26.
ciallóidh 'gléasra táirgthe': gléasra a úsáidtear
chun ola agus gás a tháirgeadh; ; 27.
ciallóidh 'ceadúnas táirgthe': údarú arna dheonú ag
an mBallstát chun ola agus gás a tháirgeadh; 28.
ciallóidh 'an pobal': duine nó daoine nádúrtha nó
dlítheanacha agus, i gcomhréir le reachtaíocht nó le cleachtais náisiúnta,
comhlachais, eagraíochtaí nó grúpaí an duine nó na ndaoine sin; 29.
ciallóidh 'údarás ábhartha' (i gcomhthéacs
práinnfhreagartha ar thionóisc amach ón gcósta): príomheagraíochtaí
práinnfhreagartha Ballstáit, atá freagrach as práinnfhreagairt a thionscnamh ar
mhórthionóisc ola agus gáis amach ón gcósta; 30.
ciallóidh 'riosca': an dóchúlacht go dtarlódh
teagmhas sonrach laistigh de thréimhse sonrach nó in imthosca sonraithe; 31.
ciallóidh 'oiriúnach': go hiomlán iomchuí maidir le
ceanglas nó cás ar leith agus bunaithe ar fhianaise oibiachtúil agus léirithe
le hanailís, le comparáid le caighdeáin iomchuí nó le réitithe eile arna n‑úsáid
i gcásanna inchomparáide ag údaráis eile nó sa tionscal; 32.
ciallóidh 'oibríocht tobair': tobar a dhruileáil
chun críocha taiscéalaíochta nó táirgthe, lena n‑áirítear oibríochtaí a
fhionraí, toibreacha a dheisiú nó a mhodhnú, tréigean buan, nó aon oibríocht a
bhaineann le tobar agus a bhféadfadh a bheith mar thoradh uirthi go scaoilfí
sreabháin de thionóisc nó go dtarlódh mórthionóisc; 33.
ciallóidh 'oibreoir tobair': an duine a cheapann an
ceadúnaí chun oibríocht tobair a phleanáil agus a chur i gcrích. Caibidil II
Mórghuaiseacha a bhaineann le gníomhaíochtaí ola agus gáis amach ón gcósta a chosc Airteagal 3
Prionsabail ghinearálta maidir le bainistíocht riosca i ngníomhaíochtaí ola
agus gáis amach ón gcósta 1.
Déanfaidh oibreoirí gach beart oiriúnach chun
oibríochtaí ola agus gáis a chosaint ó mhórthionóiscí. Déanfaidh údaráis
inniúla maoirseacht lena chinntiú go gcomhlíonann oibreoirí an oibleagáid sin. 2.
Gach eintiteas a bhfuil conradh aige cúraimí
sonracha a chur i gcrích ag na gléasraí lena mbaineann, áiritheoidh oibreoirí
go ngníomhóidh na heintitis sin freisin i gcomhréir leis na ceanglais atá
leagtha amach sa Rialachán seo, go háirithe leis na hIarscríbhinní IV agus
V. Ní shaorfar oibreoirí óna bhfreagrachtaí faoin Rialachán seo toisc gurbh iad
na heintitis sin nó a bpearsanra a rinne gníomhartha nó neamhghníomhartha as ar
tháinig mórthionóiscí nó a chuir le mórthionóiscí. 3.
Dá dtarlódh mórthionóisc mar sin féin, déanfaidh
oibreoirí agus údaráis inniúla gach beart oiriúnach chun tionchar na tionóisce
ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol a theorannú agus chun cur isteach go
mór ar tháirgeadh ola agus gáis san Aontas a sheachaint. 4.
Aon ghníomhaíochtaí ola agus gáis amach ón gcósta a
chumhdaítear faoin Rialachán seo, déanfar iad ar bhonn measúnú córasach ar an
dóchúlacht go dtarlódh teagmhais ghuaiseacha agus ar iarmhairtí na dteagmhas
sin, agus ar bhonn cur chun feidhme beart rialaithe ionas go mbeidh na rioscaí
mórthionóiscí do dhaoine, don chomhshaol agus do shócmhainní amach ón gcósta inghlactha.
Airteagal 4
Cúrsaí sábháilteachta atá le cur san áireamh agus údarú á thabhairt le haghaidh
gníomhaíochtaí ola agus gáis amach ón gcósta de bhun Threoir 94/22/CE; 1.
Agus cinneadh á dhéanamh maidir le húdarú a
thabhairt le haghaidh gníomhaíochtaí ola agus gáis amach ón gcósta de bhun
Threoir 94/22/CE, cuirfear san áireamh cumas na n‑iarratasóirí na
ceanglais a bhaineann le gníomhaíochtaí sonracha faoi chuimsiú an údaraithe sin
a chomhlíonadh de réir mar a cheanglaítear faoi fhorálacha ábhartha dlí an Aontais,
go háirithe sa Rialachán seo. 2.
Go sonrach, nuair a dhéantar measúnú ar acmhainn
theicniúil agus airgeadais na n‑eintiteas atá ag iarraidh údarú le
haghaidh gníomhaíochtaí ola agus gáis amach ón gcósta, tabharfar aird chuí ar
an riosca, ar na guaiseacha agus ar aon fhaisnéis ábhartha eile a bhaineann
leis an limistéar lena mbaineann agus leis an gcéim shonrach de na hoibríochtaí
taiscéalaíochta agus táirgthe agus tabharfar aird chuí freisin ar acmhainn
airgeadais na n‑iarratasóirí, lena n‑áirítear aon urrús airgeadais
agus acmhainn na n‑iarratasóirí aon dliteanas a chlúdach a d’fhéadfadh
teacht as na gníomhaíochtaí ola agus gáis amach ón gcósta i gceist, go háirithe
dliteanas i gcás damáiste don chomhshaol. 3.
Tabharfar ar leithligh údaraithe le haghaidh
oibríochtaí ola agus gáis amach ón gcósta agus údaraithe le haghaidh
oibríochtaí táirgthe. 4.
Agus measúnú á dhéanamh ag údaráis cheadúnaithe de
bhun Threoir 94/22/CE ar acmhainn theicniúil agus airgeadais na n‑eintiteas
a dhéanann iarratas ar údarú le haghaidh gníomhaíochtaí ola agus gáis amach ón
gcósta, cuirfidh na húdaráis cheadúnaithe sin san áireamh na rioscaí, na
guaiseacha agus aon fhaisnéis ábhartha eile a bhaineann leis an suíomh lena
mbaineann agus leis an gcéim shonrach de na hoibríochtaí taiscéalaíochta agus
táirgthe. Airteagal 5
Rannpháirtíocht an phobail i nósanna imeachta ceadúnaithe 1.
Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar deiseanna
luatha éifeachtacha don phobal a bheith páirteach sna nósanna imeachta a
bhaineann le nósanna imeachta ceadúnaithe ina ndlínse féin i gcomhréir le
ceanglais Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. Is iad na
nósanna imeachta atá leagtha síos in Iarscríbhinn II de
Threoir 2003/35/CE a bheidh i gceist. 2.
Féadfaidh na Ballstáit socruithe níos mionsonraithe
a leagan síos maidir leis an bpobal a chur ar an eolas agus maidir le dul i
gcomhairle leis an bpobal lena mbaineann. 3.
Eagrófar rannpháirtíocht an phobail sa dóigh is go
n‑áiritheofar nach gcuireann nochtadh faisnéise agus páirteachas an
phobail sábháilteacht agus slándáil gléasraí ola agus gáis amach ón gcósta i
mbaol ná nach gcuirtear oibríocht na ngléasraí sin i mbaol. Airteagal 6
Toiliú le hoibríochtaí ola agus gáis amach ón gcósta laistigh de limistéir
cheadúnaithe 1.
Ní dhéanfar gléasraí a oibriú i limistéir
cheadúnaithe ach amháin ag ceadúnaithe, nó ag eintitis atá ceaptha agus a
bhfuil conradh acu chun na críche sin agus atá formheasta ag na Ballstáit. 2.
Nuair a mheasann an t‑údarás inniúil nach
bhfuil an duine arna cheapadh ag an gceadúnaí inniúil chun bheith ag gníomhú
mar oibreoir gléasra nó mar oibreoir tobair, cuirfear é sin in iúl don
cheadúnaí agus glacfaidh sé chuige féin freagrachtaí an oibreora de bhun an
Rialacháin seo. 3.
Ní fhéadfaidh gléasraí de bhun mhír 1
oibríochtaí a thosú ná leanúint le hoibríochtaí sula gcuirtear Tuarascáil ar
Mhórghuaiseacha isteach de bhun na gcoinníollacha agus na spriocanna a
shainítear in Airteagal 10 agus in Airteagal 11 agus sula nglacann an
t‑údarás inniúil léi de bhun an Rialacháin seo. 4.
Ní fhéadfar tabhairt faoi oibríochtaí tobair ná
comhoibríochtaí ach amháin má ghlactar ar tús leis an Tuarascáil ar
Mhórghuaiseacha don ghléasra de bhun mhír 3 den Airteagal seo. Ina
theannta sin, ní fhéadfar oibríochtaí a thosú ná a dhéanamh mura ndéantar fógra
maidir le hoibríochtaí tobair nó comhoibríochtaí de bhun na gcoinníollacha agus
na spriocanna a shainítear in Airteagal 13 agus in Airteagal 14 a
chur faoi bhráid an údaráis inniúil nó má dhéanann an t‑údarás inniúil
agóidí i gcoinne ábhar an fhógra. Airteagal 7
Dliteanas i leith damáiste don chomhshaol 1.
Tá an ceadúnaí faoi dhliteanas damáiste don
chomhshaol a chosc agus a leigheas, de bhun Threoir 2004/35/CE, ar
damáiste é a tharla mar gheall ar ghníomhaíochtaí ola agus gáis amach ón gcósta
a rinne an ceadúnaí nó a rinne aon eintiteas ag glacadh páirte sna hoibríochtaí
ola agus gáis amach ón gcósta ar bhonn conartha leis an gceadúnaí. Beidh nós
imeachta an toilithe maidir le hoibríochtaí de bhun an Rialacháin seo gan
dochar do dhliteanas an cheadúnaí. Airteagal 8
Údarás inniúil náisiúnta 1.
Ceapfaidh Ballstáit a bhfuil gníomhaíochtaí ola
agus gáis amach ón gcósta á ndéanamh faoina ndlínse, ceapfaidh siad údarás
inniúil a bheidh freagrach as na dualgais a leagtar síos sa Rialachán seo. 2.
Beidh na húdaráis inniúla arna gceapadh de bhun mhír 1
freagrach as na cúraimí seo a leanas: (a) measúnú a dhéanamh ar Thuarascálacha ar
Mhórghuaiseacha agus glacadh leis na tuarascálacha sin, measúnú a dhéanamh ar
fhógraí maidir le dearadh, agus measúnú a dhéanamh ar fhógraí maidir le
hoibríochtaí tobair nó comhoibríochtaí agus ar dhoiciméid eile den chineál sin
a chuirtear faoina mbráid; (b) cigireachtaí a dhéanamh, imscrúduithe a
dhéanamh agus gníomhartha forfheidhmithe a dhéanamh; (c) tuarascálacha a chur ar fáil de bhun an
Rialacháin seo. 3.
Eagrófar an t‑údarás inniúil i gcomhréir le
forálacha Airteagal 19 chun neamhspleáchas a áirithiú maidir le feidhmiú
cúraimí a d’fhéadfadh teacht salach ar a chéile agus chun saineolais agus
éifeachtacht ghinearálta an rialaithe ar ghníomhaíochtaí ola agus gáis amach ón
gcósta a áirithiú. 4.
Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil acmhainní
leordhóthanacha ag na húdaráis inniúla chun a gcúraimí a chomhlíonadh i
gcomhréir leis an Rialachán seo. 5.
Déanfaidh an t‑údarás inniúil iarracht
nósanna imeachta comhordaithe nó comhpháirteacha a ullmhú agus a chur chun
feidhme de réir mar is gá chun na feidhmeanna de bhun an Rialacháin seo a
dhéanamh agus chun na ceanglais faoi aon reachtaíocht infheidhme eile de chuid
an Aontais a chomhlíonadh. I gcás ina bhfuil roinnt gníomhaireachtaí san údarás
inniúil, ba cheart dóibh dúbláil ar fheidhmeanna rialála a sheachaint. Caibidil III
Ullmhú gníomhaíochtaí ola agus gáis amach ón gcósta
agus déanamh na ngníomhaíochtaí
sin bunaithe ar mheasúnú riosca Airteagal 9
Coinníollacha maidir le gléasraí amach ón gcósta a oibriú 1.
Faoi réir na bhforálacha idirthréimhseacha in Airteagal 39,
cuirfidh oibreoir gléasra táirgthe nó gléasra neamhtháirgthe na doiciméid seo a
leanas faoi bhráid an údaráis inniúil: (a) i gcás gléasra táirgthe beartaithe, fógra
maidir le dearadh i gcomhréir le ceanglais Iarscríbhinn II, cuid 1; (b) Tuarascáil ar Mhórghuaiseacha leis na
mionsonraí a shonraítear in Airteagal 10 nó in Airteagal 11; (c) plean práinnfhreagartha inmheánach de
bhun Airteagal 12, arna lánpháirtiú sa Tuarascáil ar Mhórghuaiseacha; (d) forléargas ar bheartas coiscthe
mórthionóiscí an oibreora de bhun Airteagal 18, arna lánpháirtiú sa
Tuarascáil ar Mhórghuaiseacha. 2.
Gheobhaidh an t‑údarás inniúil an fógra
maidir le dearadh tráth nach déanaí ná 24 seachtain roimh an tráth atá
beartaithe an Tuarascáil ar Mhórghuaiseacha a chur isteach maidir leis an
oibríocht atá beartaithe. 3.
Tabharfar fógra don údarás inniúil faoin Tuarascáil
ar Mhórghuaiseacha faoi cheann sprioc-ama arna leagan amach ag an údarás
inniúil agus tabharfar an fógra sin tráth nach déanaí ná 12 sheachtain roimh an
tús atá beartaithe don oibríocht. Airteagal 10
Tuarascáil ar Mhórghuaiseacha le haghaidh gléasra táirgthe 1.
Beidh na mionsonraí a shonraítear i gcuid 2
agus i gcuid 5 d’Iarscríbhinn II sa Tuarascáil ar Mhórghuaiseacha le
haghaidh gléasra táirgthe. 2.
Féadfar Tuarascáil ar Mhórghuaiseacha le haghaidh
gléasra táirgthe a ullmhú i ndáil le grúpa gléasraí faoi réir chomhaontú an
údaráis inniúil. 3.
I gcás ina ndéantar modhnuithe suntasacha ar an
ngléasra táirgthe, nó ina bhfuil sé beartaithe an gléasra a dhíchóimeáil,
déanfar an Tuarascáil ar Mhórghuaiseacha le haghaidh gléasra táirgthe a leasú i
gcomhréir le cuid 6 d’Iarscríbhinn II agus cuirfear é sin faoi bhráid
an údaráis inniúil. 4.
I gcás ina bhfuil gá le tuilleadh faisnéise sular
féidir glacadh le Tuarascáil ar Mhórghuaiseacha, iarrfaidh an t‑údarás
inniúil go gcuirfear isteach tuilleadh faisnéise nó athruithe ar na doiciméid. 5.
Maidir leis an Tuarascáil leasaithe ar
Mhórghuaiseacha le haghaidh gléasra táirgthe de bhun mhír 3, cuirfear sin
faoi bhráid an údaráis inniúil faoi cheann sprioc‑ama arna shonrú ag an
údarás inniúil agus déanfar sin tráth nach déanaí ná 6 sheachtain roimh thús na
n‑oibreacha atá beartaithe. Ní chuirfear tús leis na hoibreacha atá beartaithe
sula nglacann an t‑údarás inniúil leis an Tuarascáil leasaithe ar
Mhórghuaiseacha le haghaidh gléasra táirgthe. 6.
Beidh an Tuarascáil ar Mhórghuaiseacha le haghaidh
gléasra táirgthe faoi réir athbhreithnithe thréimhsiúil ag an oibreoir gach 5
bliana ar a laghad nó níos minice de réir mar a éilíonn an t‑údarás
inniúil, agus tabharfar fógra don údarás inniúil faoi thorthaí an
athbhreithnithe. Airteagal 11
Tuarascáil ar Mhórghuaiseacha le haghaidh gléasra neamhtháirgthe 1.
Beidh na mionsonraí a shonraítear i gcuid 3
agus i gcuid 5 d’Iarscríbhinn II sa Tuarascáil ar Mhórghuaiseacha le
haghaidh gléasra neamhtháirgthe. 2.
I gcás ina ndéantar modhnuithe suntasacha ar an
ngléasra neamhtháirgthe, nó ina bhfuil sé beartaithe an gléasra a dhíchóimeáil,
déanfar an Tuarascáil ar Mhórghuaiseacha le haghaidh gléasra neamhtháirgthe a
leasú i gcomhréir le cuid 6 d’Iarscríbhinn II (cé is moite de mhír 4)
agus cuirfear é sin faoi bhráid an údaráis inniúil. 3.
I gcás gléasra neamhtháirgthe bhuain, déanfar
Tuarascáil leasaithe ar Mhórghuaiseacha de bhun mhír 2 a chur faoi bhráid
an údaráis inniúil faoi cheann sprioc‑ama arna shonrú ag an údarás
inniúil agus déanfar sin tráth nach déanaí ná 2 sheachtain roimh thús na n‑oibreacha
atá beartaithe. Ní chuirfear tús leis na hoibreacha atá beartaithe sula
nglacann an t‑údarás inniúil leis an Tuarascáil leasaithe ar
Mhórghuaiseacha le haghaidh gléasra neamhtháirgthe. 4.
I gcás gléasra neamhtháirgthe shoghluaiste, déanfar
Tuarascáil leasaithe ar Mhórghuaiseacha de bhun mhír 2 a chur faoi bhráid
an údaráis inniúil faoi cheann sprioc‑ama arna shonrú ag an údarás
inniúil agus déanfar sin tráth nach déanaí ná 2 sheachtain roimh an tráth atá
beartaithe chun oibríochtaí a thosú ar an ngléasra. Ní fhéadfar an gléasra a
oibriú sula nglacann an t‑údarás inniúil leis an Tuarascáil leasaithe ar
Mhórghuaiseacha le haghaidh gléasra neamhtháirgthe. 5.
I gcás ina bhfuil gá le tuilleadh faisnéise sular
féidir glacadh le Tuarascáil ar Mhórghuaiseacha, iarrfaidh an t‑údarás
inniúil go gcuirfear isteach tuilleadh faisnéise nó athruithe ar na doiciméid. 6.
Beidh an Tuarascáil ar Mhórghuaiseacha le haghaidh
gléasra neamhtháirgthe faoi réir athbhreithnithe thréimhsiúil ag an oibreoir
gach 5 bliana ar a laghad nó níos minice de réir mar a éilíonn an t‑údarás
inniúil. Tabharfar fógra don údarás inniúil faoi thorthaí an athbhreithnithe. Airteagal 12
Pleananna práinnfhreagartha inmheánacha 1.
Ullmhóidh oibreoirí pleananna práinnfhreagartha
inmheánacha ag cur san áireamh na measúnuithe ar rioscaí mórthionóisce arna
ndéanamh agus an tuarascáil is déanaí ar mhórghuaiseacha á hullmhú. I gcás ina
ndéantar tobar a dhruileáil ó ghléasra neamhtháirgthe soghluaiste, ba cheart an
measúnú riosca de bhun an fhógra maidir le hoibríochtaí tobair a ionchorprú
isteach sa phlean práinnfhreagartha don ghléasra. 2.
Maidir le gléasraí táirgthe agus gléasraí
neamhtháirgthe, cuirfear an plean práinnfhreagartha inmheánach isteach chuig an
údarás inniúil mar chuid den Tuarascáil ar Mhórghuaiseacha. 3.
Maidir le gléasraí neamhtháirgthe a thugann faoi
oibríochtaí tobair sa chás ina bhfuil leasú déanta ar an bplean
práinnfhreagartha inmheánach mar gheall ar shuíomh an tobair, ba cheart do na
gléasraí sin an t‑údarás inniúil a chur ar an eolas faoin leasú sin ar an
bplean práinnfhreagartha inmheánach nuair atá an fógra maidir le hoibríochtaí
tobair á chur isteach acu. Airteagal 13
Fógra maidir le hoibríochtaí tobair 1.
Tráth nach déanaí ná 21 lá roimh thús
oibríochta tobair, cuirfidh oibreoir an tobair fógra chuig an údarás inniúil
ina dtabharfar mionsonraí faoi dhearadh an tobair agus faoina oibriú i
gcomhréir le ceanglais chuid 4 d’Iarscríbhinn II. 2.
Breithneoidh an t‑údarás inniúil an fógra
agus déanfaidh sé cibé beart is gá dar leis sula bhféadfar an oibríocht tobair
a thosú. 3.
Tabharfaidh oibreoir an tobair fógra don údarás
inniúil láithreach faoi aon athrú suntasach ar mhionsonraí an fhógra maidir le
hoibríochtaí tobair agus cuirfidh sé scrúdaitheoir neamhspleách an tobair ar an
eolas faoi an tráth céanna de bhun Airteagal 15(3b). Airteagal 14
Fógra maidir le comhoibríochtaí 1.
Aon oibreoir gléasra a bheidh baint aige le
comhoibríocht, cuirfidh sé fógra chuig an údarás inniúil ina dtabharfar
mionsonraí faoin gcomhoibríocht i gcomhréir le ceanglais chuid 7 d’Iarscríbhinn II.
D’fhéadfaidh oibreoirí na ngléasraí lena mbaineann teacht ar chomhaontú go n‑ullmhóidh
duine acu an fógra maidir le comhoibríochtaí thar a gceann go léir. Cuirfear an
fógra isteach tráth nach déanaí ná 21 lá roimh thús na gcomhoibríochtaí. 2.
Breithneoidh an t‑údarás inniúil an fógra
agus déanfaidh sé cibé beart is gá dar leis sula bhféadfar an chomhoibríocht a
thosú. 3.
Cuirfidh an t‑oibreoir a d’ullmhaigh an fógra
an t‑údarás inniúil ar an eolas gan mhoill faoi aon athrú ar mhionsonraí
an fhógra sin. Airteagal 15
Fíorú neamhspleách tríú páirtí 1.
Cuirfidh oibreoirí scéim ar bun maidir le fíorú
neamhspleách tríú páirtí agus maidir le scrúdú neamhspleách toibreacha agus
tabharfaidh siad tuairisc ar scéimeanna den chineál sin sa bheartas coiscthe
mórthionóiscí arna ionchorprú isteach sa Tuarascáil ar Mhórghuaiseacha de bhun Airteagal 18.
2.
Roghnú an fhíoraitheora neamhspleách tríú páirtí
agus dearadh na scéimeanna maidir le fíorú neamhspleách tríú páirtí agus maidir
le scrúdú neamhspleách toibreacha, comhlíonfaidh siad critéir chuid 5 d’Iarscríbhinn II.
3.
Bunófar an scéim maidir le fíorú neamhspleách tríú
páirtí i gcás gléasraí táirgthe agus neamhtháirgthe mar seo a leanas: (a) i gcás gléasraí, chun deimhniú a
thabhairt go bhfuil na córais shonraithe agus na heilimintí atá criticiúil don
tsábháilteacht arna sainaithint sna measúnuithe riosca agus go bhfuil córas
bainistíochta sábháilteachta an ghléasra oiriúnach agus cothrom le dáta, agus
go bhfuil an sceideal maidir le scrúdú agus tástáil an chórais rialaithe
mórghuaiseacha oiriúnach, cothrom le dáta agus ag oibriú mar atá beartaithe; (b) i gcás pleananna tobair, chun deimhniú a
thabhairt go bhfuil dearadh an tobair agus bearta rialaithe an tobair oiriúnach
do na himthosca a bhfuil súil leo agus go mbeidh siad mar bhunús i gcónaí má
athraíonn dearadh an tobair ar chúis éigin. 4.
Áiritheoidh oibreoirí go bhfuil teacht ag an údarás
inniúil ar thorthaí na scéime maidir le fíorú neamhspleách tríú páirtí de bhun
an Airteagail seo faoi mhír 3(a), má iarrann an t‑údarás amhlaidh. 5.
Áiritheoidh oibreoirí go n‑áireofar cinntí
agus barúlacha an scrúdaitheora neamhspleách tobair de bhun an Airteagail seo
faoi mhír 3(b), go n‑áireofar iad san fhógra maidir le hoibríochtaí
tobair de bhun Airteagal 13. 6.
Maidir le gléasraí táirgthe, beidh an scéim
fíoraithe i bhfeidhm sula gcuirtear an Tuarascáil ar Mhórghuaiseacha isteach
chuig an údarás inniúil. I gcás gléasra neamhtháirgthe, beidh an scéim i
bhfeidhm sula gcuirfear tús le hoibríocht ar leith ar an ngléasra
neamhtháirgthe. 7.
Comhlíonfaidh gléasraí neamhtháirgthe in uiscí an
Aontais ceanglais coinbhinsiún ábhartha idirnáisiúnta mar a shainítear i
Rialachán 391/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an
23 Aibreán 2009[22] nó comhlíonfaidh siad
caighdeáin choibhéiseacha an Chóid maidir le haonaid druileála shoghluaiste
amach ón gcósta a thógáil agus a threalmhú (2009 MODU CODE). Déanfaidh
eagraíocht atá aitheanta ag an Aontas i gcomhréir leis an Rialachán réamhluaite
na gléasraí sin a dheimhniú. Airteagal 16
Cumhacht chun gníomhaíocht a thoirmeasc 1.
Toirmeascfaidh an t‑údarás inniúil oibriú aon
ghléasra nó cur i bhfeidhm aon ghléasra nó aon choda de i gcás ina meastar go
bhfuil na bearta atá beartaithe ag an oibreoir chun mórthionóiscí a chosc agus
a mhaolú de bhun Airteagail 10, 11, 13 agus 14 mór-easnamhach. 2.
I gcás nach gcuirtear an Tuarascáil ar
Mhórghuaiseacha de bhun Airteagal 10 agus Airteagal 11 nó na fógraí
de bhun Airteagal 13 agus Airteagal 14 isteach in am, féadfaidh an t‑údarás
inniúil, i gcásanna eisceachtúla agus má mheasann sé nach gcuirfear isteach ar
shábháilteacht agus ar chosaint an chomhshaoil, féadfaidh sé an teorainn ama a
ghiorrú maidir le cur isteach na Tuarascála ar Mhórghuaiseacha nó maidir le cur
isteach an fhógra. 3.
Cuirfidh an t‑údarás inniúil de cheangal ar
an oibreoir aon bhearta oiriúnacha comhlántacha a dhéanamh a mheasann an t‑údarás
inniúil is gá chun comhréireacht a athbhunú de bhun mhír 1 d'Airteagal 3. 4.
Toirmeascfaidh an t‑údarás inniúil úsáid aon
ghléasra nó aon choda de ghléasra i gcás ina léirítear i dtorthaí cigireachta,
in athbhreithniú tréimhsiúil ar an Tuarascáil ar Mhórghuaiseacha de bhun Airteagal 10
agus Airteagal 11 nó in athruithe ar fhógraí de bhun Airteagal 13
agus Airteagal 14 nach bhfuil ceanglais an Rialacháin seo á gcomhlíonadh
nó go bhfuil sábháilteacht oibríochtaí nó gléasraí ina n‑ábhar imní. Airteagal 17
Éifeachtaí trasteorann 1.
I gcás ina measann Ballstát go bhféadfaidh
éifeachtaí diúltacha suntasacha a bheith ag oibríocht tobair nó ag oibriú
gléasra ar uiscí Ballstáit eile i gcás tionóisce, nó arna iarraidh sin do
Bhallstát ar dóigh go ndéanfaí difear dó, déanfaidh an Ballstát a bhfuil na
hoibríochtaí le déanamh laistigh dá dhlínse féin, déanfaidh sé an fhaisnéis
ábhartha a chur ar aghaidh chuig an mBallstát a bhfuil difear déanta dó agus
déanfaidh sé iarracht bearta coiscthe a ghlacadh chun damáiste a chosc. 2.
Beidh cur i bhfeidhm mhír 1 gan dochar
d’fhorálacha ábhartha eile de chuid Dlí an Aontais, go háirithe forálacha
Threoir 85/337/CEE ón gComhairle an 27 Meitheamh 1985 maidir le
measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe
ar an gcomhshaol[23] agus an Coinbhinsiún
maidir le measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol i gcomhthéacs trasteorann. Caibidil IV
Dea-chleachtas do rialú mórghuaiseacha Airteagal 18
Mórthionóiscí arna gcosc ag oibreoirí 1.
Ullmhóidh oibreoirí doiciméad ina leagfar amach a
mbeartas coiscthe mórthionóiscí, agus áiritheoidh siad go gcuirfear é chun
feidhme agus a n‑oibríochtaí amach ón gcósta á n‑eagrú acu, lena n‑áirítear
trí shocruithe iomchuí faireacháin a chur ar bun chun éifeachtacht an bheartais
a dheimhniú. 2.
Cuirfear an doiciméad de bhun mhír 1 isteach
chuig na húdaráis inniúla mar chuid den Tuarascáil ar Mhórghuaiseacha de bhun Airteagal 10
agus Airteagal 11 nó mar fhógra maidir le hoibríochtaí tobair de bhun Airteagal 13. 3.
Tabharfaidh oibreoirí tuairisc ar a bhfuil
eagraithe acu chun mórghuaiseacha a rialú i gcóras bainistíochta
sábháilteachta, lena n‑áirítear socruithe maidir le tuarascálacha ar
mhórghuaiseacha a ullmhú agus a chur isteach, agus fógraí maidir le
hoibríochtaí tobair mar is iomchuí, de bhun Airteagail 10, 11 agus 13 agus
tabharfaidh siad tuairisc ar na scéimeanna maidir le fíorú neamhspleách tríú
páirtí a dhéanamh ar a rialuithe mórghuaiseacha de bhun Airteagal 15 agus
de bhun chuid 5 d’Iarscríbhinn II. 4.
Déanfar an beartas agus an córas bainistíochta
sábháilteachta a ullmhú i gcomhréir leis na ceanglais atá leagtha amach in Iarscríbhinn IV
agus cuirfidh siad in iúl go soiléir gur ar an oibreoir atá an
phríomhfhreagracht maidir le rialú mórghuaiseacha a éiríonn as gníomhaíochtaí
an oibreora sin. 5.
Rachaidh oibreoirí i gcomhairle le hionadaithe ó na
Ballstáit ábhartha go tráthrialta de bhun Airteagal 27 agus bunóidh siad
tosaíochtaí don tionscal maidir le caighdeáin agus treoraíocht a ullmhú agus/nó
a athbhreithniú do dhea-chleachtas i rialú mórghuaiseacha tionóisce amach ón
gcósta le linn dearadh agus saolré oibrithe oibríochtaí amach ón gcósta, agus
leanfaidh sé ar a laghad a bhfuil leagtha amach in Iarscríbhinn IV. 6.
Déanfaidh ceadúnaithe, oibreoirí agus conraitheoirí
móra atá bunaithe san Aontas iarracht a n‑oibríochtaí ola agus gáis amach
ón gcósta arna ndéanamh taobh amuigh den Aontas a dhéanamh i gcomhréir leis na
prionsabail atá leagtha amach sa Rialachán seo. Airteagal 19
Ceanglais ar na húdaráis inniúla 1.
Déanfaidh an t‑údarás inniúil socruithe
oiriúnacha lena áirithiú go mbeadh sé neamhspleách i gcás coinbhleachtaí leasa
idir sábháilteacht agus cosaint an chomhshaoil a rialú, ar láimh amháin, agus
feidhmeanna maidir le forbairt eacnamaíoch an Bhallstáit ar an láimh eile, go
háirithe ceadúnú gníomhaíochtaí ola agus gáis amach ón gcósta, agus beartas
maidir le hioncam gaolmhar agus bailiú an ioncaim sin. 2.
Cuirfidh an t‑údarás inniúil in iúl go
soiléir scóip a fhreagrachtaí agus a fheidhmeanna le nach nglacfaidh sé chuige
féin an phríomhfhreagracht maidir le rioscaí mórghuaiseacha a rialú, de bhun Airteagal 18,
mír 3. 3.
Bunóidh an t‑údarás inniúil beartas maidir le
measúnú críochnaitheach ar Thuarascálacha ar Mhórghuaiseacha agus ar fhógraí de
bhun Airteagal 10, 11, 13 agus 14, maidir le cigireacht, maidir le
himscrúdú agus maidir le forfheidhmiú ghnéithe mórghuaiseacha na n‑oibríochtaí
ola agus gáis amach ón gcósta ina dhlínse féin. 4.
Bunóidh an t‑údarás inniúil a nósanna
imeachta eagrúcháin agus oibríochta ar na prionsabail atá leagtha amach in Iarscríbhinn III. Airteagal 20
An creat rialála a chomhlíonadh maidir le mórthionóiscí a chosc 1.
Comhlíonfaidh oibreoirí an Rialachán seo chomh
maith leis na bearta arna mbunú sa Tuarascáil ar Mhórghuaiseacha le haghaidh
gléasraí táirgthe agus neamhtháirgthe agus na bearta sna pleananna dá
dtagraítear san fhógra maidir le hoibríochtaí tobair agus san fhógra maidir le
comhoibríochtaí, de bhun Airteagail 10, 11, 13 agus 14. 2.
I gcás ina gcuirtear sláinte duine i ndlúthbhaol
toisc nach gcomhlíontar forálacha mhír 1 den Airteagal seo nó má tá an
neamhchomhlíonadh sin ag bagairt drochthionchar suntasach láithreacha a bheith
aige ar shábháilteacht agus/nó ar an gcomhshaol, cuirfidh an t‑oibreoir
oibriú an ghléasra nó oibriú an choda de atá i gceist ar fionraí go
gcomhlíontar na forálacha sin arís. 3.
I gcás ina ndéantar na bearta dá dtagraítear i mír 2
den Airteagal seo, cuirfidh an t‑oibreoir an t‑údarás inniúil ar an
eolas faoi sin gan mhoill. 4.
Déanfaidh an t‑údarás inniúil pleananna
bliantúla a fhorbairt chun maoirseacht éifeachtach a dhéanamh, lena n‑áirítear
trí chigireachtaí, ar ghníomhaíochtaí mórghuaiseacha bunaithe ar riosca, ag
cinntiú go háirithe go bhfuil na pleananna sin i gcomhréir leis na doiciméid
arna gcur isteach chuig an údarás de bhun Airteagal 9. Déanfaidh an t‑údarás
faireachán ar éifeachtacht a oibre féin agus déanfaidh sé aon bhearta is gá
chun í sin a fheabhsú. Airteagal 21
Tuairisciú anaithnid imnithe a bhaineann le sábháilteacht 1.
Bunóidh údaráis inniúla nósanna imeachta chun tuairisciú
anaithnid a cheadú i gcás imnithe faoi shábháilteacht agus/nó faoin gcomhshaol
a bhaineann le hoibríochtaí ola agus gáis amach ón gcósta. Bunóidh údaráis
inniúla nósanna imeachta freisin chun na tuairiscí sin a fhiosrú gan céannacht
na ndaoine lena mbaineann a nochtadh. 2.
Cuirfidh oibreoirí a bhfostaithe agus fostaithe
fochonraitheoirí ábhartha ar an eolas faoi mhionsonraí a socruithe náisiúnta de
bhun mhír 1 agus áiritheoidh siad go ndéantar tagairt do thuairisciú
anaithnid i gcúrsaí oiliúna ábhartha agus i bhfógraí. Caibidil V
Trédhearcacht agus comhroinnt faisnéise Airteagal 22
Comhroinnt faisnéise 1.
Déanfaidh oibreoirí agus údaráis inniúla an
fhaisnéis a bhfuil tuairisc uirthi in Iarscríbhinn VI a chomhroinnt ar a
laghad. 2.
Cinnfidh an Coimisiún, trí ghníomh cur chun
feidhme, formáid choiteann do thuairisciú sonraí agus mionsonraí na faisnéise
atá le comhroinnt. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i
gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 4
de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 3.
Coimeádfaidh na Ballstáit taifid atá cothrom le
dáta ar na hacmhainní práinnfhreagartha atá ar fáil ag eintitis phoiblí agus
eintitis phríobháideacha araon ina ndlínse. Cuirfear na taifid sin ar fáil do
na Ballstáit eile nó do thríú tíortha a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dóibh
agus don Choimisiún. Airteagal 23
Trédhearcacht 1.
Cuirfear an fhaisnéis de bhun Iarscríbhinn VI
ar fáil go poiblí agus ní gá é a iarraidh de bhun fhorálacha infheidhme
reachtaíocht an Aontais maidir le rochtain ar fhaisnéis faoin gcomhshaol. 2.
Cinnfidh an Coimisiún freisin, trí bheart cur chun
feidhme, formáid choiteann foilsithe chun comparáid éasca idir sonraí thar
theorainneacha a cheadú. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i
gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 4
de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Cé go mbeidh rochtain ar an bhfaisnéis
ag an bpobal i gcoitinne i gcónaí, forbrófar an fhormáid choiteann foilsithe le
go bhféadfar comparáid iontaofa a dhéanamh idir oibríochtaí náisiúnta agus
cleachtais rialála de bhun an Airteagail seo agus de bhun Airteagal 24. 3.
Agus a bpleananna práinnfhreagartha náisiúnta á
bhfoilsiú ag na Ballstáit de bhun Airteagal 30, áiritheoidh siad nach
gcuireann an fhaisnéis atá á nochtadh sábháilteacht ná slándáil gléasraí ola
agus gáis amach ón gcósta ná oibriú na ngléasraí sin i mbaol. Airteagal 24
Tuairisciú maidir le tionchar gníomhaíochtaí ola agus gáis amach ón gcósta ar
shábháilteacht agus ar an gcomhshaol 1.
Ullmhóidh na Ballstáit tuarascáil bhliantúil maidir
leis an méid seo a leanas: (a) líon, aois agus suíomh na ngléasraí ina
ndlínse; (b) líon agus cineál na gcigireachtaí agus na
n‑imscrúduithe arna ndéanamh, aon ghníomhartha forfheidhmithe,
ionchúisimh arna gcinntiú; (c) sonraí teagmhais de bhun an chórais
tuairiscithe coitinne a cheanglaítear in Airteagal 22; (d) aon mhórathrú ar an gcreat rialála amach
ón gcósta; (e) feidhmíocht oibríochtaí ola agus gáis
amach ón gcósta ina ndlínse ó thaobh sábháilteachta agus an chomhshaoil de. 2.
Ceapfaidh na Ballstáit údarás a bheidh freagrach as
faisnéis a mhalartú de bhun Airteagal 22 agus as faisnéis a fhoilsiú de
bhun Airteagal 23 agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin. 3.
Gach dhá bhliain, foilseoidh an Coimisiún
tuarascálacha maidir le sábháilteacht oibríochtaí amach ón gcósta ar fud an
Aontais bunaithe ar an bhfaisnéis a fhaigheann sé ó na Ballstáit agus ón
nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí. Beidh Ballstáit ábhartha de
chúnamh ag an gCoimisiún agus an cúram sin á chomhlíonadh aige de bhun Airteagal 26. Airteagal 25
Imscrúdú a dhéanamh tar éis mórthionóisce 1.
Díreach tar éis mórthionóisce, cuirfidh an t‑oibreoir
an t‑údarás inniúil ar an eolas faoin bhfaisnéis ábhartha, lena n‑áirítear
imthosca agus iarmhairtí na tionóisce. 2.
Déanfaidh na Ballstáit imscrúduithe
críochnaitheacha ar mhórthionóiscí lena mbaineann mórdhamáiste (do dhaoine agus
don chomhshaol) nó lena mbaineann mórchaillteanas sócmhainní. Áireofar sa
tuarascáil ar an imscrúdú measúnú ar a éifeachtaí a bhí rialáil an ghléasra
lena mbaineann ag an údarás inniúil sa tréimhse roimh an tionóisc agus aon
mholtaí maidir le leorathruithe ar na cleachtais rialála ábhartha nuair is gá. 3.
Déanfar achoimre den tuarascáil ar an imscrúdú arna
hullmhú de bhun mhír 2 den Airteagal seo a chur ar fáil don Choimisiún ar
thabhairt i gcrích an imscrúdaithe nó ar thabhairt i gcrích imeachtaí dlí, cibé
acu is déanaí. Cuirfear leagan sonrach den tuarascáil, ina gcuirfear
teorainneacha féideartha dlíthiúla san áireamh, ar fáil don phobal i gcomhréir
le hAirteagal 22 agus Airteagal 23. 4.
Tar éis na n‑imscrúduithe de bhun mhír 2,
cuirfidh an t‑údarás inniúil chun feidhme aon mholtaí ón imscrúdú a
bhfuil sé de chumhacht aige a fheidhmiú. Airteagal 26
Rúndacht 1.
Cuirfidh údaráis inniúla aon fhaisnéis a fhaightear
de bhun an Rialacháin seo ar fáil d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach a iarrann
í. 2.
Féadfar iarrataí ar fhaisnéis arna bhfáil ag an
údarás inniúil faoin Rialachán seo a dhiúltiú i gcás ina gcomhlíontar na
coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 4(2) de Threoir 2003/4/CE
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[24]. 3.
De bhun mhír 2, nó chun críocha
rannpháirtíochta poiblí de bhun Airteagal 5, tabharfaidh an t‑oibreoir
leagan den doiciméad nach bhfuil faisnéis rúnda ar bith ann don údarás inniúil
agus cuirfidh sé an leagan sin ar fáil don phobal. Caibidil IV
Comhordú agus comhar Airteagal 27
Comhar idir na Ballstáit 1.
Déanfaidh na húdaráis inniúla eolas, faisnéis agus
taithí a mhalartú go rialta le chéile agus rachaidh siad i mbun comhairliúcháin
faoi chreat dlíthiúil ábhartha náisiúnta agus Aontais a chur i bhfeidhm le
lucht tionscail, le geallsealbhóirí eile agus leis an gCoimisiún. 2.
Beidh baint ag an bhfaisnéis a mhalartófar de bhun mhír 1,
go háirithe, le feidhmiú na mbeart chun rioscaí a mheasúnú, tionóiscí a chosc,
comhlíonadh a fhíorú agus práinnfhreagairt a bhaineann le hoibríochtaí ola agus
gáis amach ón gcósta san Aontas, agus thar a theorainneacha freisin, nuair is
iomchuí. 3.
Ba cheart tosaíochtaí agus nósanna imeachta soiléire
a bhunú chun doiciméid treoraíochta a ullmhú agus a thabhairt cothrom le dáta
ar mhaithe leis na cleachtais is fearr i réimsí faoi mhír 2 a aithint agus
a gcur chun feidhme a éascú. 4.
Féadfaidh Ballstát tuairim a iarraidh ar Bhallstáit
eile atá rannpháirteach sa mhalartú faisnéise de bhun mhír 1 maidir le
haon chinneadh de chuid Ballstáit eile a d’fhéadfadh tionchar diúltach
trasteorann a imirt. Airteagal 28
Cur chuige comhordaithe maidir le sábháilteacht na réigiún
cóngarach agus gníomhaíochtaí idirnáisiúnta 1.
Déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na
Ballstáit, comhar le tríú tíortha a dhéanann oibríochtaí ola agus gáis amach ón
gcósta sna réigiúin mhuirí chéanna leis na Ballstáit lena n-áirítear, i gcás
inarb iomchuí, faoi chuimsiú coinbhinsiún réigiúnach farraige, a chur chun
cinn. 2.
Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar shábháilteacht
oibríochtaí ola agus gáis in uiscí tríú tíortha atá cóngarach d’uiscí na
mBallstát agus tacóidh sé le cur chuige comhordaithe chun taithí a mhalartú go
frithpháirteach agus bearta coisctheacha agus pleananna réigiúnacha
práinnfhreagartha a chur chun cinn. 3.
Déanfaidh an Coimisiún ardchaighdeáin
sábháilteachta le haghaidh oibríochtaí ola agus gáis amach ón gcósta ar an
leibhéal idirnáisiúnta a chur chun cinn i bhfóraim chuí dhomhanda agus
réigiúnacha, lena n-áirítear na fóraim sin a bhaineann le huiscí Artacha. Caibidil VII
Ullmhacht
chun práinne agus práinnfhreagairt Airteagal 29
Ceanglais le haghaidh pleananna práinnfhreagartha
inmheánacha 1.
Ullmhóidh an t-oibreoir pleananna práinnfhreagartha
inmheánacha: (a) a thúsófar chun mórthionóisc thosaigh a shrianadh laistigh de ghléasra,
nó laistigh den chrios eisiaimh a bhunaigh an Ballstát timpeall ar imlíne an
ghléasra, nó bharr an tobair fho-mhuirí; (b) a chuirfear i ngníomh i gcomhréir leis an bplean práinnfhreagartha
seachtrach i gcás ina scaipfeadh an tionóisc thar imlíne an ghléasra. 2.
Déanfaidh an t-oibreoir an trealamh agus an
saineolas a bhaineann leis an bplean a chothabháil le go mbeidh sé ar fáil i
gcónaí, agus roinnfear é, de réir mar is gá, leis an mBallstát chun an plean
práinnfhreagartha seachtrach a chur i bhfeidhm. 3.
Déanfar an plean práinnfhreagartha inmheánach a
ullmhú i gcomhréir le forálacha Iarscríbhinn V, agus tabharfar chun dáta é i
gcomhréir le haon athrú ar an measúnú ar rioscaí mórghuaise i bplean an tobair
nó sa Tuarascáil ar Mhórghuaiseacha, de réir mar is iomchuí. Déanfar aon nuashonruithe den sórt sin a chur in
iúl don údarás atá freagrach as na pleananna práinnfhreagartha seachtracha a
ullmhú don limistéar lena mbaineann. 4.
Déanfar an plean práinnfhreagartha inmheánach a
chomhtháthú le forálacha eile a bhaineann le cosaint agus le tarrtháil
pearsanra ón ngléasra atá buailte le go gcinnteofar dea-ionchas marthanais. 5.
Déanfaidh an t-oibreoir tástáil thráthrialta ar
éifeachtacht na bpleananna práinnfhreagartha inmheánacha. Airteagal 30
Pleananna práinnfhreagartha seachtracha agus ullmhacht
chun práinne 1.
Ullmhóidh na Ballstáit pleananna práinnfhreagartha
seachtracha ina gcuimseofar na gléasraí uile ola agus gáis amach ón gcósta agus
na limistéir faoina ndlíse a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh. 2.
Déanfar pleananna práinnfhreagartha seachtracha a
ullmhú i gcomhar leis na hoibreoirí ábhartha agus le creidiúnaithe, de réir mar
is iomchuí, agus ailíneofar iad le pleananna práinnfhreagartha inmheánacha na
ngléasraí atá suite nó beartaithe a shuíomh sa limistéar lena mbaineann. Ba cheart aon nuashonrú ar phleananna inmheánacha
a chuirfidh oibreoir in iúl a chur san áireamh. 3.
Déanfar pleananna práinnfhreagartha seachtracha a ullmhú
i gcomhréir le forálacha Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn V, agus déanfar
iad a chur ar fáil don Choimisiún agus don phobal i gcoitinne, de réir mar is
iomchuí. 4.
Déanfaidh na Ballstáit gach beart is iomchuí chun
leibhéal ard comhoiriúnachta agus idir-inoibritheachta a bhaint amach i ndáil
le trealamh freagartha agus saineolas idir na Ballstáit uile i réigiún
geografach, agus níos faide ar shiúl nuair is iomchuí. Déanfaidh na Ballstáit an lucht tionscail a spreagadh chun uirlisí
freagartha comhoiriúnacha a fhorbairt de réir mheon na míre seo. 5.
Comhoibreoidh oibreoirí leis na Ballstáit chun
forálacha mhír 4 den Airteagal seo a chur chun feidhme. 6.
Coimeádfaidh na Ballstáit taifid atá cothrom le
dáta ar na hacmhainní práinnfhreagartha atá ar fáil ag eintitis phoiblí agus
eintitis phríobháideacha araon ina gcríoch nó ina ndlínse.
Cuirfear na taifid sin ar fáil do na Ballstáit eile agus,
ar bhonn cómhalartach, do thríú tíortha comharsanacha, agus don Choimisiún. 7.
Déanfaidh na Ballstáit agus na hoibreoirí tástáil
rialta ar a n-ullmhacht freagairt éifeachtach a thabhairt ar thionóiscí ola
agus gáis amach ón gcósta. Airteagal 31
Práinnfhreagairt 1.
Tabharfaidh an t-oibreoir fógra láithreach do na
húdaráis ábhartha i gcás mórthionóisce nó i gcás a bhfuil baol láithreach
mórthionóisce ann. I gcás inar gá,
cuideoidh na húdaráis ábhartha leis an oibreoir lena mbaineann d’fhonn méadú ar
an mbaol nó ar an tionóisc a chosc. 2.
I gcás tionóisce, déanfaidh na húdaráis ábhartha, i
gcomhar leis na hoibreoirí lena mbaineann, gach beart is gá d’fhonn méadú ar an
tionóisc a chosc agus na hiarmhairtí uirthi a mhaolú. 3.
I gcás ina mbeidh acmhainní náisiúnta
práinnfhreagartha thar a riocht de dheasca móthionóisce, féadfaidh Ballstát atá
buailte cúnamh breise a iarraidh ar Bhallstáit eile agus ar an nGníomhaireacht
Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí trí Mheicníocht an Aontais um Chosaint
Shibhialta a bunaíodh le Treoir 2007/779/CE ón gComhairle. 4.
Le linn na práinnfhreagartha, baileoidh an Ballstát
an fhaisnéis is gá chun anailís chuimsitheach a dhéanamh ar an tionóisc. Airteagal 32
Ullmhacht chun práinne agus práinnfhreagairt trasteorann 1.
I gcás ina mbeidh éifeachtaí trasteorann tionóiscí
ola agus gáis amach ón gcósta intuartha, cuirfidh na Ballstáit faisnéis ar fáil
don Choimisiún agus do Bhallstáit agus tríú tíortha a bhféadfaí difear a
dhéanamh dóibh, ar bhonn cómhalartach, agus cuirfidh siad na rioscaí atá
aitheanta cheana san áireamh le linn dóibh an plean práinnfhreagartha
seachtrach a ullmhú. Déanfaidh na
Ballstáit i dtrácht a bpleananna práinnfhreagartha a chomhordú chun freagairt
chomhpháirteach ar thionóisc a éascú. 2.
Déanfaidh na Ballstáit na bearta a bhaineann le
limistéir amach ó theorainneacha an Aontais a chomhordú, d’fhonn tionchar
diúlach a d’fhéadfaí a imirt ar oibríochtaí ola agus gáis amach ón gcósta a
chosc. 3.
Déanfaidh na Ballstáit tástáil rialta ar a
n-ullmhacht freagairt éifeachtach a thabhairt ar thionóiscí i gcomhar le
Ballstáit a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh, le Gníomhaireachtaí ábhartha AE
agus le tríú tíortha. Féadfaidh an
Coimisiún cuidiú le freachnamh atá dírithe ar mheicníochtaí práinne trasteorann
agus Aontais a thástáil. 4.
I gcás mórthionóisce, nó i gcás garbhaoil di,
ar cúis í le hiarmhairtí trasteorann nó a d’fhéadfadh bheith ina cúis leo,
cuirfidh an Ballstát ar faoina dhlínse a tharla an phráinn fógra gan mhoill
chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit sin a bhféadfadh an phráinn difear
a dhéanamh dóibh. Caibidil VIII
Forálacha
críochnaitheacha Airteagal 33
Pionóis Bunóidh na Ballstáit pionóis is infheidhme i
leith sáruithe a dhéanfaidh lucht tionscail ar fhorálacha an Rialacháin seo
agus déanfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear na pionóis sin
chun feidhme. Ní mór na pionóis dá
bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Airteagal 34
Cumhachtaí tarmligthe an Choimisiúin 1.
Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 den Rialachán seo chun
na ceanglais a bhaineann leis an bhforbairt is déanaí ar theicneolaíochtaí agus
ar nósanna imeachta ábhartha in Iarscríbhinní I-VI a oiriúnú. 2.
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a
ghlacadh freisin i gcomhréir le hAirteagal 35 den Rialachán seo d'fhonn
cur i bhfeidhm cheanglais an Rialacháin seo a shoiléiriú maidir leis na nithe
seo a leanas: (a) na mionsonraí a bheidh le cur isteach i bhFógra maidir le Dearadh nó i
dTuarascáil ar Mhórghuaiseacha mar a shonraítear in Iarscríbhinn II,
pointí 1, 2, 3, 6; (b) fógra maidir le hoibríochtaí tobair/comhoibríochtaí mar a shonraítear
in Iarscríbhinn II, pointe 4 agus pointe 7; (c) ceanglais a bhaineann leis an bhfíorú a dhéanfaidh fíoraitheoirí
neamhspleácha tríú páirtithe mar a shonraítear in Iarscríbhinn II, pointe
5 (d) ceanglais maidir le feidhmiú
agus eagrúchán na n-údarás inniúil mar a shonraítear in Iarscríbhinn III
agus; (d) ceanglais a bhaineann le hoibreoirí a chuireann cosc ar mhórghuaiseacha
mar a shonraítear in Iarscríbhinn IV. Airteagal 35
An tarmligean a fheidhmiú 1.
Tugtar rde chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe
a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo. 2.
Is go ceann tréimhse éiginnte ama ó theacht i
bhfeidhm an Rialacháin seo a thabharfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear
in Airteagal 34 don Choimisiún. 3.
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle
tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 34 a chúlghairm tráth
ar bith. I gcás cinnidh maidir le
cúlghairm, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa
chinneadh sin. Beidh éifeacht aige ón
lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó
ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i
bhfeidhm cheana féin. 4.
A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe,
tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina
leith an tráth céanna. 5.
Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 34
i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na
hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí ó tugadh fógra i
dtaobh an ghnímh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, nó más
rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh
Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl
don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar
thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle. Airteagal 36
An nós imeachta coiste 1.
Beidh coiste de chúnamh ag an gCoimisiún. Bunófar an coiste de réir bhrí Rialachán
(AE)Uimh.182/2011. 2.
I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo,
beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Airteagal 37
Leasú ar Threoir 2004/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus
ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le dliteanas comhshaoil i ndáil le
damáiste comhshaoil a chosc agus a leigheas[25] 1.
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2(1)(b)
den Treoir sin: ‘(b) damáiste uisce, is é sin aon damáiste a
théann chun dochair shuntasaigh dóibh seo a leanas: (i) stádas éiceolaíoch, ceimiceach agus/nó
cainníochtúil agus/nó acmhainneacht éiceolaíoch, mar a shainítear i dTreoir 2000/60/CE,
na n-uiscí lena mbaineann, cé is moite d’éifeachtaí díobhálacha i gcás ina
bhfuil feidhm ag Airteagal 4(7) den Treoir sin, nó (ii) stádas comhshaoil na n-uiscí muirí lena
mbaineann, mar a shainítear i dTreoir 2008/56/CE, a mhéid is nach bhfuil
aghaidh tugtha cheana féin ar ghnéithe áirithe de stádas comhshaoil na
timpeallachta muirí i dTreoir 2000/60/CE;’ 2.
Faoi cheann bliana amháin ó theacht i bhfeidhm an
Rialacháin seo, déanfaidh na Ballstáit na dlíthe, na rialacháin agus na
forálacha riaracháin is gá chun an mhír thuas a chomhlíonadh a thabhairt i
bhfeidhm. Cuirfidh siad an Coimisiúin
ar an eolas faoi láithreach. Airteagal 38
Forálacha eatramhacha Déanfaidh oibreoirí gléasraí an Rialachán seo
a chomhlíonadh go hiomlán faoi cheann dhá bhliain tar éis dó teacht i bhfeidhm,
cé is moite de na cásanna seo a leanas: (a) Oibreoirí gléasraí
neamhtháirgthe atá faoi chonradh ach nach bhfuil bunaithe fós ar an suíomh,
déanfaidh siad an Rialachán seo a chomhlíonadh go hiomlán faoi cheann bliana
amháin tar éis dó teacht i bhfeidhm, nó níos luaithe ná sin trí chomhaontú leis
an údarás inniúil. (b) Oibreoirí na
ngléasraí atá beartaithe, déanfaidh siad an Rialachán seo a chomhlíonadh go
hiomlán murar comhaontaíodh a mhalairt leis an údarás inniúil, agus in aon chás
tráth nach déanaí ná faoi cheann bliana amháin tar éis dó teacht i bhfeidhm. (c) Déanfaidh oibreoirí
tobair an Rialachán seo a chomhlíonadh go hiomlán faoi cheann trí mhí tar éis
dó teacht i bhfeidhm, nó níos luaithe ná sin trí chomhaontú leis an údarás
inniúil. Airteagal 39
Teacht i bhfeidhm 1.
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis
lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. 2.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus
go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an [...] Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle An tUachtarán An tUachtarán IARSCRÍBHINN I
Rannpháirtíocht an phobail a bhaineann le húdaruithe faoi
Threoir 94/22/CE 1.
Áiritheoidh na Ballstáit: (a) go gcuirfear an pobal ar an eolas, trí fhógraí poiblí nó trí mhodhanna
eile iomchuí amhail meáin leictreonacha, más ann dóibh, faoin bpróiseas maidir
le hiarratais ar cheadúnú a chur chuig na Ballstáit, agus go gcuirfear faisnéis
ábhartha faoi thograí den sórt sin ar fáil don phobal lena n-áirítear, inter
alia, faisnéis faoin gceart bheith rannpháirteach, agus faoi na
heagraíochtaí ar cheart barúlacha nó ceisteanna a chur chucu; (b) go mbeidh an pobal i
dteideal barúlacha agus tuairimí a chur in iúl, agus gach rogha fós ar fáil,
sula ndéanfar cinntí faoi na hiarratais ar cheadúnú; (c) agus na cinntí sin á
ndéanamh acu, go gcuirfear na torthaí ó rannpháirtíocht an phobail san áireamh
go cuí; (d) tar éis dóibh scrúdú
a dhéanamh ar na barúlacha agus ar na tuairimí a chuir an pobal in iúl, go
ndéanfaidh an Ballstát iarrachtaí réasúnta an pobal a chur ar an eolas faoi na
cinntí a rinneadh agus faoi na cúiseanna agus na comaoineacha ar a bhfuil na
cinntí sin bunaithe, lena n-áirítear faisnéis faoi phróiseas rannpháirtíochta
an phobail. 2.
Cuirfear tréimhsí ama réasúnta ar fáil a
thabharfaidh dóthain ama le haghaidh gach ceann de na céimeanna difriúla
rannpháirtíochta atá ag an bpobal. Déanfaidh
an Ballstát an pobal atá i dteideal bheith rannpháirteach chun críocha mhír 1
a shainaithint, lena n-áirítear eagraíochtaí neamhrialtasacha ábhartha a
chomhlíonann aon cheanglais a fhorchuirtear faoin dlí náisiúnta, mar shampla na
ceanglais sin lena gcuirtear cosaint an chomhshaoil, nó sábháilteacht amach ón
gcósta, chun cinn. IARSCRÍBHINN II
Ceanglais le haghaidh doiciméad a bhaineann le nós
imeachta an toilithe
1.
Faisnéis a bheidh le cur isteach i bhfógra
maidir le dearadh le haghaidh gléasra
táirgthe
Beidh an t-eolas seo a leanas ar a laghad san
Fhógra maidir le Dearadh le haghaidh gléasra táirgthe de bhun Airteagal 9: (1) ainm agus
seoladh oibreoir an ghléasra; (2) tuairisc ar an
bpróiseas a chuirtear i bhfeidhm maidir leis an ngíomhaíocht deartha, na
caighdeáin ábhartha a úsáidtear, agus na roghanna deartha arna gcruthú ag an
bpróiseas sin; (3) tuairisc ar an
gcoincheap deartha a roghnaíodh maidir leis na cásanna mórghuaise a bhaineann
leis na ngléasra áirithe sin agus lena shuíomh, agus na príomhghnéithe
rialaithe riosca; (4) taispeánadh go
laghdaíonn an coincheap na rioscaí mórghuaise go leibhéal inghlactha; (5) tuairisc ar an
ngléasra agus ar na dálaí ag an suíomh atá beartaithe dó; (6) tuairisc ar na
cineálacha oibríochtaí mórghuaise a bheidh le déanamh; (7) tuairisc
ghinearálta ar an gcóras bainistíochta sábháilteachta lena ndéanfar na bearta
rialaithe rioscaí mórghuaise atá beartaithe a choinneáil ag feidhmiú go cuí,
lena n-áirítear an scéim um fhíorú neamhspleách a bheidh le roghnú.
2.
Faisnéis a bheidh le cur isteach i dTuarascáil
ar Mhórghuaiseacha le haghaidh
gléasra táirgthe a oibriú
Beidh an t-eolas seo a leanas ar a laghad sa
Tuarascáil ar Mhórghuaiseacha le haghaidh gléasra táirgthe de bhun Airteagal 10: (1) tuairisc ar an
gcuntas a tugadh ar fhreagairt an údaráis inniúil ar an bhFógra maidir le
Dearadh; (2) achoimre ar aon
pháirt a ghlac aon oibrí in ullmhú na Tuarascála ar Mhórghuaiseacha; (3) tuairisc ar an
ngléasra agus ar an mbonneagar atá nasctha leis agus ar aon déanmhais eile,
lena n-áirítear toibreacha atá nasctha leis; (4) taispeánadh go
bhfuil na mórghuaiseacha uile aitheanta, go bhfuil measúnú déanta ar a
ndóchúlacht agus ar a n-iarmhairtí, agus go bhfuil a mbearta rialaithe
oiriúnach le go ndéanfar na rioscaí a bhaineann le teagmhas mórghuaise do
dhaoine agus don chomhshaol a laghdú go leibhéal inghlactha; (5) mionsonraí i
dtaobh na gcineálacha oibríochtaí atá le déanamh a d’fhéadfadh mórghuaiseacha a
chruthú, agus líon uasta na ndaoine ar féidir leo bheith ar an ngléasra ag an
aon am amháin; (6) mionsonraí an
ghléasra agus na socruithe lena n-áiritheofar rialú, sábháilteacht próisis,
srianadh ar shubstaintí contúirteacha, cosc ar dhóiteán agus ar phléascadh,
cosaint an lucht oibre ar shubstaintí contúirteacha, agus cosaint an
chomhshaoil ar mhórtheagmhas guaise atá ar tí tosú (i gcomhréir leis an bplean
práinnfhreagartha inmheánach de bhun Iarscríbhinn V); (7) mionsonraí na
socruithe maidir le daoine a chosaint ar mhórghuaiseacha agus iad ar an ardán,
agus lena n-áiritheofar aslonnú agus tarrtháil shábháilte na n-oibrithe agus
cothabháil córas rialaithe chun damáiste don ghléasra agus don chomhshaol a
chosc i gcás ina n-aslonnaítear an pearsanra iomlán; (8) cóid,
caighdeáin agus treoraíocht ábhartha a úsáidtear agus an gléasra á thógáil agus
á choimisiúnú; (9) faisnéis faoin
gcóras bainistíochta sábháilteachta is infheidhme maidir le hoibríochtaí, le
cothabháil, le modhnuithe agus le scéimeanna um fhíorú, lena n-áirítear
príomhshrianta oibríochtúla an ghléasra a bheidh le rialú ag an gcóras
bainistíochta; (10) faisnéis a
bhaineann leis an scéim um fhíorú de bhun chuid 5(2) den Iarscríbhinn seo; (11) aon mhionsonraí
ábhartha eile, mar shampla i gcás ina n-oibríonn dhá ghléasra nó níos mó le
chéile ar shlí a imríonn tionchar ar an mórghuais a d’fhéadfadh tarlú i gceann
de na gléasraí nó sna gléasraí uile sin; (12) an fhaisnéis
ábhartha a bhaineann leis na ceanglais faoin rialachán seo ach a fuarthas de
bhun reachtaíochta eile is infheidhme de chuid an Aontais, go háirithe Treoir 92/91/CE
agus Treoir 85/337/CEE; (13) tuairisc ar na
gnéithe sin den timpeallacht ar dócha é go ndéanfar difear suntasach dóibh,
measúnú ar na hiarmhairtí comhshaoil ionchasacha atá aitheanta, go háirithe
scaoileadh truailleán sa chomhshaol, agus tuairisc ar na bearta teicniúla agus
neamhtheicniúla atá beartaithe chun iad a chosc, a laghdú nó a fhritháireamh,
lena n-áirítear faireachán.
3.
Faisnéis a bheidh le cur isteach i dTuarascáil ar Mhórghuaiseacha le haghaidh gléasra neamhtháirgthe
Beidh an t-eolas seo a leanas ar a laghad sa
Tuarascáil ar Mhórghuaiseacha le haghaidh gléasra neamhtháirgthe de bhun Airteagal 11: (1) ainm agus
seoladh oibreoir an ghléasra; (2) achoimre ar aon
pháirt a ghlac aon oibrí in ullmhú na Tuarascála ar Mhórghuaiseacha; (3) tuairisc ar an
ngléasra agus, i gcás gléasra shoghluaiste, mionsonraí na modhanna aistrithe
idir suíomhanna, agus a chórais suite; (4) mionsonraí i
dtaobh na gcineálacha oibríochtaí a bhfuil an gléasra in ann a dhéanamh agus a
d’fhéadfadh mórghuaiseacha a chruthú, agus líon uasta na ndaoine ar féidir leo
bheith ar an ngléasra ag an aon am amháin; (5) taispeánadh go
bhfuil na mórghuaiseacha uile aitheanta, go bhfuil measúnú déanta ar a
ndóchúlacht agus ar a n-iarmhairtí, agus go bhfuil a mbearta rialaithe oiriúnach
le go ndéanfar na rioscaí a bhaineann le teagmhas mórghuaise do dhaoine agus
don chomhshaol a laghdú go leibhéal inghlactha; (6) mionsonraí an
ghléasra agus na socruithe lena n-áiritheofar rialú, sábháilteacht próisis,
srianadh ar shubstaintí contúirteacha, cosc ar dhóiteán agus ar phléascadh,
cosaint an lucht oibre ar shubstaintí contúirteacha, agus cosaint an
chomhshaoil ar mhórtheagmhas guaise atá ar tí tosú (i gcomhréir leis an bplean
práinnfhreagartha inmheánach de bhun Iarscríbhinn V); (7) mionsonraí na
socruithe maidir le daoine a chosaint ar mhórghuaiseacha agus iad ar an ardán,
agus lena n-áiritheofar aslonnú agus tarrtháil shábháilte na n-oibrithe agus
cothabháil córas rialaithe chun damáiste don ghléasra agus don chomhshaol a
chosc i gcás ina n-aslonnaítear an pearsanra iomlán; (8) cóid,
caighdeáin agus treoraíocht ábhartha a úsáidtear agus an gléasra á thógáil agus
á choimisiúnú; (9) taispeánadh go
bhfuil na mórghuaiseacha uile aitheanta le haghaidh na ngníomhaíochtaí uile atá
an gléasra in ann a dhéanamh, agus go ndéanfar na rioscaí a bhaineann le
teagmhas mórghuaise do dhaoine agus don chomhshaol a laghdú go leibhéal
inghlactha; (10) mionsonraí na
srianta comhshaoil, meitéareolaíocha agus grinnill ar oibríochtaí sábháilte,
agus na socruithe maidir le rioscaí ó chontúirtí grinnill agus muirí, amhail
píblínte agus trealamh feistithe gléasraí eile, a aithint; (11) faisnéis faoin
gcóras bainistíochta sábháilteachta is infheidhme maidir le hoibríochtaí, le
cothabháil agus le modhnuithe; (12) faisnéis a
bhaineann leis an scéim um fhíorú de bhun chuid 5(2) den Iarscríbhinn seo; (13) aon mhionsonraí
ábhartha eile, mar shampla i gcás ina n-oibríonn dhá ghléasra nó níos mó le
chéile ar shlí a imríonn tionchar ar an mórghuais a d’fhéadfadh tarlú i gceann
de na gléasraí nó sna gléasraí uile sin; (14) tuairisc ar na
gnéithe sin den timpeallacht ar dócha é go ndéanfar difear suntasach dóibh,
measúnú ar na hiarmhairtí comhshaoil ionchasacha atá aitheanta, go háirithe
scaoileadh truailleán sa chomhshaol, agus tuairisc ar na bearta teicniúla agus
neamhtheicniúla atá beartaithe chun iad a chosc, a laghdú nó a fhritháireamh,
lena n-áirítear faireachán.
4.
Faisnéis a bheidh le cur i bhfógra maidir le hoibríochtaí tobair
Beidh an t-eolas seo a leanas ar a laghad san fhógra
maidir le hoibríochtaí tobair de bhun Airteagal 13: (1) ainm agus
seoladh oibreoir an tobair; (2) ainm an
ghléasra le húsáid agus ainm an úinéara; (3) mionsonraí lena
dtugtar an tobar le fios agus aon nasc le toibreacha nó le forbairtí eile; (4) faisnéis faoi
chlár oibre an tobair, lena n-áirítear an tréimhse ina n-oibreofar é, fíorú
bacainní ar chaillteanas rialaithe ar an tobar, agus an stádas atá beartaithe
don tobar nuair a bheidh deireadh leis an oibríocht; (5) aon mhionsonraí
a bhaineann le trealamh sábháilteachta a bheidh le himlonnú nach bhfuil
tuairisc déanta air sa tuarascáil reatha ar mhórghuaiseacha maidir leis an
ngléasra; (6) measúnú riosca
ina dtabharfar tuairisc orthu seo a leanas: (a) na contúirtí áirithe
a bhaineann le hoibríocht an tobair; (b) na contúirtí
fodhromchla; (c) aon ghníomhaíochtaí
dromchla nó fo-mhuirí a d’fhéadfadh mórghuais a chruthú i gcomhthráth; (d) bearta oiriúnacha rialaithe; (7) mionsonraí i
dtaobh dhearadh an tobair, lena n-áirítear bacainní ar chaillteanas rialaithe
ar an tobar (trealamh, sreabháin druileála agus stroighin etc.), ar
chaillteanas rialaithe treo ar chonair an tobair, agus srianta ar oibríocht
shábháilte i gcomhréir leis an measúnú riosca; (8) mionsonraí i
dtaobh chumraíocht an tobair nuair a bheidh deireadh leis na hoibríochtaí –
i.e. tréigean buan nó seladach, nó é
a bheith críochnaithe le húsáid arís amach anseo; (9) i gcás tobair
reatha, faisnéis ábhartha faoina stair, agus faoin riocht ina bhfuil sé; (10) i gcás
modhnaithe ar fhógra maidir le hoibríochtaí tobair a cuireadh isteach cheana,
dóthain mionsonraí chun go bhféadfar an fógra a thabhairt cothrom le dáta; (11) i gcás ina
ndéanfar oibríochtaí tobair le gléasra neamhtháirgthe, beidh an fhaisnéis
bhreise seo a leanas le cur isteach: (a) mionsonraí i dtaobh
na ndálaí meitéareolaíocha, muirí agus grinnill ag an suíomh, lena n-áirítear
aon bhac fisiceach ar nós píblínte; (b) mionsonraí i dtaobh
na ndálaí comhshaoil a cuireadh san áireamh sa phlean práinnfhreagartha
inmheánach a bhaineann leis an ngléasra; (c) mionsonraí i dtaobh
na soláthairtí le haghaidh práinnfhreagartha, lena n-áirítear i gcás
mórthionóisce sa chomhshaol, nach bhfuil tuairisc orthu sa tuarascáil ar
mhórghuaiseacha, agus; (d) tuairisc ar an gcaoi a ndéanfar córas bainistíochta oibreoir an tobair
agus córas bainistíochta úinéir an ghléasra a chomhordú lena áirithiú go
ndéanfar mórghuaiseacha a rialú go héifeachtach i gcónaí. (12) ráiteas maidir
le scrúdú neamhspleách an tobair de bhun chuid 5(1) den Iarscríbhinn seo; (2) an fhaisnéis
ábhartha a bhaineann leis na ceanglais faoin rialachán seo ach a fuarthas de
bhun reachtaíochta eile is infheidhme de chuid an Aontais, go háirithe Treoir 92/91/CE
agus Treoir 85/337/CEE.
5.
Ceanglais a bhaineann le scéim um fhíorú
1.
Comhlíonfaidh an tríú páirtí neamhspleách na ceanglais seo
a leanas maidir lena neamhspleáchas ó oibreoir an ghléasra, nó ó oibreoir an
tobair: (a)
ní cheanglaítear lena ról aon ghné a mheas más gné é
d'eilimint atá criticiúil don tsábháilteacht nó de ghléasra sonrach a raibh baint
aige leis roimhe sin nó gné a chuirfeadh a oibiachtúlacht i gcontúirt; (b)
tá sé neamhspleách a dhóthain ar chóras bainistíochta a
bhfuil, nó a raibh, freagracht air as aon ghné de chomhpháirt den scéim um
fhíorú neamhspleách nó den scrúdú neamhspleách ar an tobar, sa chaoi is go
gcuirfidh sé a fheidhmeanna i gcrích go hoibiachtúil sa scéim. 2.
Comhlíonfaidh an tríú páirtí neamhspleách na ceanglais seo
a leanas maidir lena inniúlacht: (a)
inniúlacht theicniúil, lena n-áirítear dóthain líon foirne
atá cáilithe go cuí agus a bhfuil an taithí chuí acu; (b)
na cúraimí a bheith leithdháilte go cuí ag an oibreoir ar
fhoireann cháilithe a chuirfidh i gcrích iad; (c)
socruithe oiriúnacha don sreabhadh faisnéise idir an
t-oibreoir agus an tríú páirtí neamhspleách; (d)
dóthain údaráis a bheith tugtha ag an oibreoir don tríú
páirtí neamhspleách le go mbeidh sé in ann a fheidhmeanna a fheidhmiú go cuí. 3.
Chun críocha mhír 3 d'Airteagal 13, beidh an
méid seo a leanas ar áireamh in athrú suntasach ar fhógra maidir le
hoibríochtaí tobair: (a) aon athrú a d’fhéadfadh cuspóir dhearadh
bunaidh phlean an tobair a shárú, go háirithe maidir le rialú ar an tobar agus
bacainní eile ar shreabhadh, agus a bhfíorú; (b) aon athrú ábhartha ar an ngléasra nó ar
an trealamh, nó ar chóras bainistíochta nó ar oibreoir an tobair a fógraíodh de
bhun chuid 4 d’Iarscríbhinn II; (c) aon athrú ar an measúnú riosca, lena
n-áirítear i gcás athrú i ngeall ar dhálaí le linn oibríochtaí tobair. Ba cheart athruithe suntasacha a chur faoi bhráid
scrúdaitheoir neamhspleách an tobair le go bhfíorófar iad tuilleadh, agus ba
cheart na torthaí ón bhfíorú breise a chur in iúl don údarás inniúil. 4.
I gcás fógra maidir le hoibríochtaí tobair, ba cheart
ráiteas ó scrúdaitheoir neamhspleách an tobair a chur leis ag rá go bhfuil an measúnú
riosca a bhaineann le dearadh an tobair agus leis na bacainní ar chaillteanas
rialaithe air oiriúnach do na dálaí agus do na himthosca uile a bhfuil súil
leo. 5.
I gcás oibríochta gléasra, beidh an méid seo a leanas ar
áireamh sa Tuarascáil ar Mhórghuaiseacha: (a) ráiteas ón bhfíoraitheoir neamhspleách
tríú páirtí go bhfuil nó go mbeidh taifead cuí ann ar eilimintí atá criticiúil
don tsábháilteacht agus scéim cothabhála na n-eilimintí sin mar atá sonraithe
sa tuarascáil ar mhórghuaiseacha; (b) tuairisc ar an scéim um fhíorú, lena
n-áirítear roghnú na bhfíoraitheoirí neamhspleácha tríú páirtithe, modhanna an
fhíoraithe go mbeidh dea-riocht i gcónaí ar na heilimintí atá criticiúil don
tsábháilteacht agus ar aon ghléasra sonrach sa scéim; (c) áireofar ar na modhanna dá dtagraítear i
bhfomhír 5(b) scrúdú agus tástáil, de réir mar is cuí, ar na heilimintí
atá criticiúil don tsábháilteacht arna ndéanamh ag daoine atá neamhspleách agus
inniúil, fíorú an dearaidh, caighdeán, deimhniú nó córas eile lena n-áiritheofar
go gcomhlíontar na heilimintí atá criticiúil don tsábháilteacht, an obair idir
lámha a scrúdú, aon neamhchomhlíonadh a thuairisciú, agus bearta ceartaitheacha
arna ndéanamh ag an oibreoir.
6.
Faisnéis a bheidh le cur isteach maidir le mórathrú ar ghléasra,
lena náirítear gléasra buan a bhaint
I gcás ina mbeidh mórathruithe le déanamh ar
ghléasra, beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad san fhaisnéis a chuirfear
chuig údarás inniúil de bhun Airteagal 10 agus Airteagal 11: 1.
ainm agus seoladh oibreoir an ghléasra; 2.
achoimre ar aon pháirt a ghlac aon oibrí in ullmhú na
Tuarascála leasaithe ar Mhórghuaiseacha; 3.
i gcás mórathraithe, dóthain mionsonraí chun go bhféadfar
an tseanTuarascáil ar Mhórghuaiseacha agus plean práinnfhreagartha inmheánach
an ghléasra a ghabhann léi a thabhairt cothrom le dáta agus lena thaispeáint go
bhfuil na rioscaí mórghuaise laghdaithe go dtí leibhéal inghlactha; 4.
i gcás ina gcuirtear deireadh le gléasra táirgthe buan a
úsáid: (a) modhanna chun na substaintí contúirteacha
go léir a aonaránú agus, i gcás toibreacha atá nasctha le gléasra, séalú buan
na dtoibreacha ón ngléasra agus ón timpeallacht; (b) tuairisc ar na rioscaí mórghuaise a
bhaineann le díchur an ghléasra, an daonra iomlán neamhchosanta, agus na bearta
rialaithe riosca; (c) socruithe práinnfhreagartha chun aslonnú
agus tarrtháil shábháilte an phearsanra a áirithiú agus chun mórthionóisc sa
chomhshaol a chosc.
7.
Faisnéis a bheidh le cur i bhfógra maidir le
comhoibríochtaí
Beidh an t-eolas seo a leanas ar a laghad san
Fhógra maidir le comhoibríochtaí de bhun Airteagal 14: (1) ainm agus seoladh an oibreora atá ag
ullmhú an fhógra; (2) i gcás ina bhfuil oibreoirí eile
páirteach sna comhoibríochtaí, a n-ainmneacha agus a seoltaí, lena n-áirítear
dearbhú go n-aontaíonn siad le hinneachar an fhógra; (3) tuairisc ar an gcaoi a ndéanfar
córais bhainistíochta na ngléasraí atá rannpháirteach sa chomhoibríocht a
chomhordú lena áirithiú go ndéanfar an baol ó mhórthionóisc a laghdú; (4) mionsonraí i dtaobh aon trealaimh a
bheidh le húsáid i ndáil leis an gcomhoibríocht ach nach bhfuil tuairisc tugtha
air sa Tuarascáil reatha ar Mhórghuaiseacha maidir le haon cheann de na
gléasraí atá páirteach sna comhoibríochtaí; (5) achoimre ar an measúnú riosca a
rinne na hoibreoirí uile atá rannpháirteach sna comhoibríochtaí, lena
n-áireofar: (a) tuairisc ar aon ghníomhaíochtaí le linn
na comhoibríochta a bhféadfadh guaiseacha a bheith ag baint leo agus a
d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le mórthionóisc ar ghléasra nó i ndáil le
gléasra; (b) tuairisc ar aon bhearta rialaithe riosca
a tugadh isteach de thoradh an mheasúnaithe riosca. (6) tuairisc ar an gcomhoibríocht agus
ar an gclár oibre, lena n-áireofar na dátaí a bhfuil súil go dtosóidh agus go
gcríochnóidh an chomhoibríocht agus cóip de chomhaontú idir na hoibreoirí atá
rannpháirteach sna comhoibríochtaí. IARSCRÍBHINN III
Forálacha a fheidhmeoidh údaráis inniúla chun oibríochtaí a
bhaineann le mórghuaiseacha a rialáil 1.
Tabharfaidh na Ballstáit aghaidh ar na critéir íosta seo a
leanas le linn dóibh údarás inniúil a cheapadh a bheidh freagrach as na
feidhmeanna rialála sa rialachán seo maidir le sábháilteacht agus cosaint an
chomhshaoil: (a) socruithe eagrúcháin lenar féidir na
dualgais ar fad sa rialachán seo a chomhlíonadh go héifeachtach, lena n-áirítear
socruithe maidir le sábháilteacht agus cosaint an chomhshaoil a rialáil ar shlí
chothromasach; (b) ráiteas beartais ina dtugtar aghaidh ar
aidhm na maoirseoireachta agus aidhm an fhorfheidhmithe, agus ar an tslí a
mbainfidh an t-údarás inniúil trédhearcacht, comhsheasmhacht, comhréireacht
agus oibiachtúlacht amach agus é ag déanamh rialála ar ghníomhaíochtaí ola agus
gáis amach ón gcósta. Ba cheart don
údarás inniúil deighilt shoiléir idir freagrachtaí an rialtóra agus
freagrachtaí an oibreora a chur in iúl don phobal; tá príomhfhreagracht ar an
oibreoir as rioscaí a rialáil, agus príomhfhreagracht ar an rialtóir as a
fhíorú go bhfuil bearta oiriúnacha a bheadh éifeachtach chun rioscaí mórghuaise
a rialáil i bhfeidhm ag an oibreoir; (c) ráiteas straitéise ina dtugtar tuairisc
ar fheidhmeanna an údaráis inniúil, na tosaíochtaí gníomhaíochta atá aige (mar
shampla dearadh agus oibriú gléasraí, bainistíocht sláine agus ullmhacht chun
práinne agus práinnfhreagairt) agus an dóigh a bhfuil sé eagraithe; (d) nósanna imeachta oibriúcháin a thugann
tuairisc ar an tslí a ndéanfaidh an t-údarás inniúil cigireacht agus
forfheidhmiú ar dhualgais oibreoirí faoin rialachán seo, lena n-áirítear an
tslí a ndéanfaidh sé tuarascálacha ar mhórghuaiseacha a láimhseáil, a mheasúnú
agus a ghlacadh, an tslí a ndéanfaidh sé fógraí maidir le hoibríochtaí tobair a
láimhseáil agus an tslí a gcinnfear na heatraimh idir cigireachtaí ar bhearta
rialaithe rioscaí mórghuaise (lena n-áirítear an comhshaol) maidir le gléasra
nó gníomhaíocht áirithe; (e) nósanna imeachta chun feidhmeanna an
údaráis inniúil faoin rialachán seo a chomhlíonadh, gan dochar do fhreagrachtaí
eile, mar shampla oibríochtaí ola agus gáis amach ón gcósta, agus socruithe de
bhun Threoir 92/91/CE; (f) i gcás ina bhfuil dhá ghníomhaireacht nó
níos mó san údarás inniúil, comhaontú foirmiúil lena mbunaítear na meicníochtaí
a theastaíonn do chomhoibríocht an údaráis inniúil, lena n-áirítear
maoirseoireacht, faireachán agus athbhreithnithe an lucht bainistíochta
sinsearaí, comhphleanáil agus cigireachtaí, deighilt freagrachtaí maidir le
tuarascálacha ar mhórghuaiseacha, comhchigireacht, cumarsáid inmheánach agus
tuairisciú seachtrach a láimhseáil. 2.
Ba cheart do na Ballstáit na forálacha riachtanacha le go
dtiocfaidh na socruithe thuas i bhfeidhm a bhunú , lena n-áirítear: (a) go bhfuil dóthain saineolaithe ar fáil go
hinmheánach, nó trí shocrú seachtrach, chun cigireacht agus iniúchadh a
dhéanamh ar ghníomhaíochtaí, bearta forfheidhmithe a dhéanamh, agus
tuarascálacha ar mhórghuaiseacha agus fógraí a láimhseáil; (b) i gcás ina mbraitear ar fhoinsí
seachtracha saineolais, go bhfuil dóthain treoraíochta agus maoirseoireachta i
scríbhinn ar fáil le go mbeidh cur chuige comhsheasmhach ann agus lena áirithiú
go mbeidh lánfhreagracht faoin rialachán seo i gcónaí ar an údarás inniúil a
ceapadh de réir dlí; (c) go bhfuil na hacmhainní cuí ann chun go
mbeidh oiliúint, cumarsáid, rochtain ar theicneolaíocht, taisteal agus cothú
bunúsach ag foireann an údaráis inniúil ina bhfeidhmeanna rialála, agus le gur
féidir comhar gníomhach a bheith ann idir údaráis inniúla de bhun Airteagal 27;
(d) i gcás inarb iomchuí, a cheangal ar
oibreoirí agus/nó ar úinéirí gléasraí an t-údarás inniúil a shlánú le haghaidh
chostas na bhfeidhmeanna a chomhlíontar de bhun an rialacháin seo; (e) taighde a dhéanamh nó a thionscnamh de
bhun fheidhmeanna an údaráis inniúil faoin rialachán seo; (f) le go mbeidh an t-údarás inniúil in ann
tuarascálacha a dhéanamh. 3.
Ar na nósanna imeachta maidir leis an Tuarascáil ar
Mhórghuaseacha agus fógraí, pleananna práinnfhreagartha inmheánacha agus
doiciméid ábhartha eile a mheasúnú beidh: (e)
anailís chainníochtúil ar mheasúnú riosca; (f)
measúnú ar thuiscint an oibreora do na mionsonraí ábhartha
a bhaineann le suíomh na n-oibríochtaí; (g)
measúnú ar na caighdeáin theicniúla agus eagraíochtúla a
úsáideadh; (h)
measúnú ar na réitigh innealtóireachta; (i)
measúnú ar na socruithe a rinne an t-oibreoir chun
athruithe ar phleananna oibriúcháin a bhainistiú; (j)
comparáid idir na réitigh a úsáideadh agus na
réitigh a úsáideadh i gcásanna eile inchomparáide; (k)
measúnú ar chomhsheasmhacht na bpleananna
práinnfhreagartha leis na rioscaí a aithníodh; (l)
measúnú ar na socruithe a rinne an t-oibreoir chun
oibríochtaí a stopadh i gcás garbhaoil; (m)
measúnú ar infhaighteacht an trealaimh
phráinnfhreagartha agus leordhóthanacht na nósanna imeachta chun é a úsáid go
héifeachtach. 4.
Ba cheart do na húdaráis inniúla bheith
neamhspleách ar aon eagraíocht rialtais maidir le hurraíocht tionscail, nó le
ceadúnú nó bailiúchán ioncaim. Níor
cheart don údarás inniúil aon seasamh polaitiúil a ghlacadh maidir leis an
earnáil ola agus gáis. IARSCRÍBHINN IV
Forálacha a fheidhmeoidh oibreoirí chun mórthionóiscí a
chosc 1.
Chun críocha beartas coiscthe mórthionóiscí agus
córas bainistíochta sábháilteachta an oibreora a chur chun feidhme de bhun Airteagal 18,
ba cheart na nithe seo a leanas a chur san áireamh: (a) Ba cheart don
bheartas coiscthe mórthionóiscí a bheith bunaithe i scríbhinn agus bunóidh sé
na haidhmeanna agus an t-eagrúchán iomlán chun guaiseacha mórthionóisce a
rialú, agus an tslí a gcuirtear na socruithe sin i bhfeidhm ar leibhéal
corparáideach; (b) ba cheart don chóras
bainistíochta sábháilteachta a bheith comhtháite i gcóras bainistíochta
cuimsitheach an oibreora agus beidh struchtúr eagrúcháin, freagrachtaí,
cleachtais, nósanna imeachta, próisis agus acmhainní ar áireamh ann le gur
féidir an beartas um mhórghuaiseacha a chinneadh agus a chur chun feidhme. 2.
Beidh na nithe seo a leanas sa chóras bainistíochta
sábháilteachta, ach ní bheidh sé teoranta dóibh sin amháin: (a) struchtúr eagrúcháin
agus róil agus freagrachtaí an phearsanra; (b) mórghuaiseacha a
aithint agus meastóireacht orthu – a ndóchúlacht agus a n-iarmhairtí; (c) an tionchar ar an
gcomhshaol a áireamh sna measúnuithe ar mhórghuaiseacha sa tuarascáil ar
mhórghuaiseacha; (d) rialú ar na
mórghuaiseacha le linn gnáthoibríochtaí; (e) athrú a bhainistiú; (f) ullmhacht chun
práinne agus práinnfhreagairt; (g) an damáiste don
chomhshaol a theorannú; (h) faireachán ar
fheidhmíocht; (i) socruithe iniúchta
agus athbhreithnithe. 3.
Tabharfaidh oibreoirí aird ar leith ar an
meastóireacht ar cheanglais iontaofachta agus sláine na gcóras atá criticiúil
don tsábháilteacht agus bunóidh siad a gcórais chigireachta agus chothabhála ar
an leibhéal sin de shláine sábháilteachta a bhaint amach. 4.
Áiritheoidh oibreoirí go mbeidh substaintí
contúirteacha srianta i gcónaí sna píblínte, sna soithí agus sna córais sin atá
beartaithe le go mbeidh siad iata go sábháilte. Lena chois sin, áiritheoidh oibreoirí nach dtarlóidh teagmhas
mórghuaise i gcás ina dteipfidh ar bhacainn ar chaillteanas iata. 5.
Áiritheoidh oibreoirí go bhfuil creat oiriúnach acu
chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na bhforálacha reachtúla ábhartha
uile trína ndualgais reachtúla maidir le sábháilteacht agus cosaint an
chomhshaoil, i gcás mórghuaiseacha, a chorprú ina ngnáthnósanna imeachta
oibriúcháin. 6.
Tabharfaidh oibreoirí aird ar leith ar mheon láidir
sábháilteachta a fhorbairt agus a chothabháil ina mbeidh dóchúlacht ard ann go
leanfar d’oibríochtaí sábháilte, lena n-áirítear na nithe seo a leanas, cé nach
bhfuil sé teoranta dóibh: (a) iniúchadh forleathan
ar phróisis; (b) iompraíocht
inmhianta a aithint agus a chúiteamh; (c) meastóireacht rialta
ar inniúlachtaí agus ar spriocanna na heagraíochta; (d) ardchaighdeáin a
chothabháil mar bhunluach corparáideach; (e) córais fhoirmiúla
ordaithe agus rialaithe ina mbeidh páirt ag an lucht bainistíochta sinsearaí
agus an lucht oibre, agus; (f) inniúlacht ag gach
leibhéal oibríochta. 7.
Comhoibreoidh lucht tionscail leis an údarás
inniúil chun plean tosaíochta a bhunú agus a chur chun feidhme maidir le
caighdeáin, treoraíocht agus rialacha a fhorbairt a thabharfaidh feidhm don
chleachtas is fearr chun mórghuaiseacha a chosc agus iarmhairtí mórghuaiseacha
a shrianadh, i gcás ina dtarlóidh siad. Ar na nithe ba cheart a mheas, tá: (a) sláine toibreacha,
trealamh rialaithe toibreacha agus bacainní a fheabhsú agus faireachán a
dhéanamh ar cé chomh héifeachtach is atá siad; (b) príomhshrianadh i
gcórais sábháilteachta próisis a fheabhsú; (c) srianadh tánaisteach
a chuireann bac ar mhéadú ar mórthionóisc thosaigh, lena n-áirítear pléascadh i
dtobar, a fheabhsú; (d) cinnteoireacht
iontaofa i dtimpeallachtaí ardbhrú; (e) gníomhaíochtaí
mórghuaise a bhainistiú agus a mhaoirsiú; (f) inniúlacht na
ndaoine a bhfuil eochairphoist acu; (g) measúnú riosca
éifeachtach chun meastóireacht a dhéanamh ar dhálaí atá ag athrú; (h) measúnú iontaofachta
maidir leis na córais atá criticiúil don tsábháilteacht; (i) príomhtháscairí
feidhmíochta maidir le sláine an chórais sábháilteachta; (j) córais
bhainistíochta sábháilteachta a chomhtháthú go héifeachtach idir oibreoirí
eacnamaíocha, oibreoirí tobair, úinéirí rigí agus páirtithe eile sna
comhoibríochtaí. IARSCRÍBHINN
V
Ceanglais maidir le hullmhacht chun práinne agus
práinnfhreagairt
1.
Pleananna práinnfhreagartha inmheánacha
1.
Ba cheart na nithe seo a leanas a bheith i
bpleananna práinnfhreagartha inmheánacha, ach ní bheidh siad teoranta dóibh sin
amháin: (a) ainmneacha nó
freagrachtaí na ndaoine atá údaraithe chun nósanna imeachta práinnfhreagartha a
thionscnamh agus an duine a stiúróidh an phráinnfhreagairt inmheánach; (b) ainm nó freagracht
an duine atá freagrach as an gcaidreamh leis an údarás atá freagrach as an
bplean práinnfhreagartha seachtrach; (c) maidir leis na dálaí
agus na teagmhais intuartha uile a d’fhéadfadh bheith ina gcúis le
mórthionóisc, mar a thuairiscítear sa tuarascáil ar mhórghuaiseacha a ngabhann
an plean léi; (d) tuairisc ar na
bearta ba cheart a dhéanamh chun na dálaí nó na teagmhais sin a rialú agus a
n-iarmhairtí a theorannú don ghléasra agus don limistéar eisiaimh; (e) tuairisc ar an
trealamh agus ar na hacmhainní atá ar fáil; (f) socruithe maidir
leis an mbaol atá ann do dhaoine ar an ngléasra a theorannú, lena n-áirítear an
tslí a ndéanfar rabhadh agus an nós imeachta a bhfuil súil go leanfaidh daoine
nuair a bhfaighidh siad rabhadh; (g) socruithe a
chomhlánfaidh na socruithe tarrthála ar a ndéantar cur síos sa tuarascáil ar
mhórghuaiseacha, mar shampla mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn II, cuid
2(7) agus cuid 3(7) chun dea-ionchas marthanais a áirithiú do dhaoine ar an
ngléasra le linn mórthionóisce; (h) socruithe chun
luathrabhadh tionóisce a thabhairt do na húdaráis atá freagrach as an bplean
práinnfhreagartha seachtrach a thúsú, an cineál faisnéise ba cheart a bheith sa
rabhadh tosaigh agus na socruithe maidir le faisnéis níos mionsonraithe a
sholáthar de réir mar a bheidh sí ar fáil; (i) socruithe maidir le
hoiliúint a chur ar an bhfoireann sna dualgais a bheidh orthu a chomhlíonadh
agus, i gcás inarb iomchuí, é sin a chomhordú le seirbhísí seachtracha
práinnfhreagartha; (j) socruithe maidir le
práinnfhreagairt inmheánach agus práinnfhreagairt sheachtrach a chomhordú. 2.
Ba cheart do na hoibreoirí fardal a ullmhú ina
liostófar an trealamh atá ar fáil, úinéireacht agus suíomh an trealaimh sin,
agus an chaoi a n-iompraítear é go dtí an gléasra agus an tslí a n-úsáidtear é
sa ghléasra. Ba cheart go n-aithneofaí, san fhardal, bearta atá i bhfeidhm lena
áirithiú go gcoimeádtar an trealamh agus na nósanna imeachta i riocht
inoibrithe.
2.
Pleananna práinnfhreagartha seachtracha
1.
Ba cheart na nithe seo a leanas a bheith i
bpleananna práinnfhreagartha seachtracha, ach ní bheidh siad teoranta dóibh sin
amháin: (a) ainmneacha nó
freagrachtaí na ndaoine atá údaraithe chun nósanna imeachta práinnfhreagartha a
thionscnamh agus na ndaoine atá údaraithe an phráinnfhreagairt sheachtrach a
stiúradh; (b) socruithe maidir le
luathrabhadh tionóiscí a fháil agus na nósanna imeachta foláirimh agus
éigeandála a bhaineann leis; (c) socruithe maidir le
hacmhainní a chomhordú atá riachtanach chun an plean práinnfhreagartha
seachtrach a chur chun feidhme; (d) socruithe maidir le
cúnamh a sholáthar don phlean práinnfhreagartha inmheánach a théann i ngleic le
teagmhais a tharlaíon ar an ngléasra agus sa limistéar eisiaimh timpeall air; (e) tuairisc
mhionsonraithe ar na socruithe maidir le práinnfhreagairt lasmuigh den suíomh; (f) socruithe maidir le
faisnéis agus comhairle oiriúnach a bhaineann leis an tionóisc a sholáthar do
dhaoine agus d’eagraíochtaí a bhféadfadh an tionóisc difear a dhéanamh dóibh; (g) socruithe maidir le
faisnéis a thabhairt do na seirbhísí éigeandála i mBallstáit eile agus sa
Choimisiún i gcás mórthionóisc a bhféadfadh iarmhairtí trasteorann a bheith mar
thoradh uirthi; (h) socruithe maidir le
héifeachtaí diúltacha ar an bhfiadhúlra cósta agus amach ón gcósta a mhaolú,
lena n-áirítear cásanna a dtagann ainmhithe atá smeartha le hola i dtír roimh
an doirteadh ola iarbhír. 2.
Ba cheart don údarás a bhfuil príomhfhreagracht air
as práinnfhreagairt an méid seo a leanas a chur ar fáil: (a) fardal ina liostófar
an trealamh atá ar fáil, úinéireacht agus suíomh an trealaimh sin, agus an
chaoi a n-iompraítear é go dtí an gléasra agus an tslí a n-úsáidtear é sa
ghléasra; (b) tuairisc ar na
bearta atá i bhfeidhm lena áirithiú go gcoimeádtar an trealamh agus na nósanna
imeachta i riocht inoibrithe; (c) fardal ina liostófar
an trealamh atá faoi úinéireacht tionscail agus ar féidir é a chur ar fáil i
gcás práinne; (d) tuairisc ar na
socruithe ginearálta maidir le práinneacha ola agus gáis amach ón gcósta, lena
n-áirítear inniúlachtaí agus freagrachtaí na bpáirtithe rannpháirteacha uile
agus na gcomhlachtaí atá freagrach as na socruithe sin a chothabháil; (e) bearta lena
n-áiritheofar go bhfuil an trealamh, an fhoireann agus na nósanna imeachta
ullamh le dul i mbun oibre agus cothrom le dáta i gcónaí. 3.
Tabharfar míniú soiléir sna pleananna
práinnfhreagartha seachtracha ar ról na n-údarás ábhartha, na seirbhísí
práinnfhreagartha, na gcomhordaitheoirí agus gach duine eile atá páirteach i
bpráinnfhreagairt, le go n-áiritheofar comhar le linn práinne i gcónaí. 4.
I gcás ina bhféadfadh Ballstát a bheith thar a
riocht de dheasca mórthionóisce nó i gcás ina dtéann mórthionóisc thar
theorainneacha an Bhallstáit, ba cheart go mbeadh socruithe ann lena ndéantar
foráil don mhéid seo a leanas: (a) pleananna a
chomhroinnt le Ballstáit chóngaracha agus leis an gCoimisiún; (b) fardail trasteorann
a thiomsú de na hacmhainní práinnfhreagartha, atá faoi úinéireacht tionscail nó
úinéireacht phoiblí, agus na hoiriúnuithe uile is gá a dhéanamh le go mbeidh an
trealamh agus na nósanna imeachta comhoiriúnach idir tíortha cóngaracha agus
Ballstáit chóngaracha; (c) nósanna imeachta
maidir le Meicníocht an AE um Chosaint Shibhialta (arna bunú le
Cinneadh 2007/779/CE ón gComhairle) a agairt; (d) freachnamh
trasteorann den fhreachnamh práinnfhreagartha seachtrach a eagrú. IARSCRÍBHINN
VI
Comhroinnt faisnéise agus trédhearcacht 1.
Féadfar comparáid faisnéise a dhéanamh idir
Ballstáit agus idir oibreoirí aonair trí fhormáid choiteann a úsáid do
thuaisciú sonraí ar tháscairí mórghuaise agus is é an Coimisiún a fhorbróidh an
fhormáid sin de bhun Airteagal 22 agus Airteagal 23. 2.
Beidh an fhaisnéis agus na sonraí seo a leanas ar a
laghad sna ceanglais tuairiscithe dá dtagraítear i mír 1: (a) faisnéis a bhaineann
le scaoileadh neamhbheartaithe hidreacarbón nó substaintí contúirteachta eile,
bídís adhainte nó ná bíodh; (b) faisnéis a bhaineann
le caillteanas rialaithe ar an tobar, lena mbeadh gá trealamh rialaithe tobair
a ghníomhrú, nó le teipeadh ar bhacainn tobair agus go mbeadh gá í a
athsholáthar nó a dheisiú; (c) teipeadh ar
phríomh-chomhpháirt de chóras sábháilteachta próisis an ghléasra; (d) caillteanas
suntasach de shláine struchtúrach, nó meath cosanta ar éifeachtaí dóiteáin nó
pléasctha, nó gluaiseacht neamhbheartaithe gléasra atá ar snámh; (e) soithí atá ar tí
imbhualadh agus imbhuailtí iarbhír idir soithí agus gléasra amch ón gcósta; (f) tionóiscí
héileacaptair, ar ghléasraí nó gar do ghléasraí amach ón gcósta nó ar an
mbealach chuig gléasraí amach ón gcósta; (g) aon tionóisc
mharfach; (h) aon tromghortuithe
do chúigear daoine ar a lagad sa tionóisc chéanna; (i) aon aslonnú de phearsanra
neamhriachtanach; (j) mórthionóisc don
chomhshaol. 3.
Beidh faisnéis fhíorasach agus sonraí anailíseacha
maidir le hoibríochtaí ola agus gáis i gceist san fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2
agus beidh an fhaisnéis sin gan débhrí. Beidh an fhaisnéis agus na sonraí a thabharfar den chineál gur féidir
feidhmíocht oibreoirí aonair a chur i gcomparáid, ní amháin laistigh den
Bhallstát ach freisin i measc an tionscail ina iomláine idir Ballstáit. 4.
Is é an aidhm a bheidh le bailiú agus le tiomsú na
faisnéise dá dtagraítear i mír 2 luathrabhadh a thabhairt maidir le meath
(breise) ar na bacainní atá criticiúil don tsábháilteacht agus don chomhshaol,
ar mhaithe le bearta ceartaitheacha réamhghníomhacha a dhéanamh. Ba cheart go léireodh an fhaisnéis, freisin,
éifeachtacht fhoriomlán na mbeart agus na rialuithe a chuir oibreoirí aonair
agus an tionscal ina iomláine chun feidhme, go háirithe guaiseacha
mórthionóiscí agus an baol don chomhshaol a íoslaghdú. 5.
D’fhonn ceanglais Airteagal 23 a chomhlíonadh,
forbrófar formáid shimplithe le go bhféadfar sonraí ábhartha a fhoilsiú de bhun
mhír 2 agus na Tuarascálacha de bhun Airteagal 24 a ullmhú ar shlí a
bheidh sorochtana don phobal agus a éascaíonn comparáid idir na sonraí thar
theorainneacha náisiúnta. [1] Mar shampla: Deepwater Horizon i Stáit Aontaithe Mheiriceá 2010 (11 básaithe),
Montara san Astráil 2009, Usumacinta i Meicsiceo 2007 (22 básaithe) [2] Amhail sceitheanna ola agus gáis,
teipeanna ar shabháilteacht an phróisis tháirgthe agus ar rialú an tobair
dhruileála; teip de dheasca athrú
neamhbhailí ar an dearadh; líon mór
riaráistí i gcothabháil eilimintí atá criticiúil don sabháilteacht. Sampla de theagmhais a tharla le déanaí: Gullfaks C i mí na Bealtaine 2010, Gannet F,
2011; sa Mhuir Thuaidh an dá cheann
acu [3] COIM(2010) 560 leagan
críochnaitheach [4] IO L 175, 5.7.
85, lch. 40. [5] IO L 73, 14.3.
97, lch. 5. [6] IO L 156, 25.6.2003, lch. 17. [7] IO L 140, 5.6.2009, lch. 114. [8] Lárionad oibríochtúil an tSásra
Cosanta Sibhialta. [9] Bunaíodh EMSA i ndiaidh thubaistí
na dtancaer Erika (1999) agus Prestige (2002) chun a áirithiú go mbeadh
ardleibhéal aonfhoirmeach agus éifeachtach sábhailteachta agus slándála ar
mhuir agus go ndéanfaí truailliú ar mhuir a chosc agus go ndéanfaí bearta mar
gheall air. [10] SEC (2010) 1346:
Fuinneamh 2020, Straitéis i gcomhair fuinnimh inbhuanaithe
shláin iomaíoch. [11] Fóram Bheirlín (i.e. Fóram maidir le breoslaí iontaise) – cruinniú
bliantúil geallsealbhóirí a thionólann an Coimisiún. Idir na seisiúin iomlánacha bhliantúla, reáchtálann meithleacha
cruinnithe tráthrialta chun saincheisteanna reatha a phlé. [12] I gcás gníomhartha dlíthiúla eile
lena gcumhdaítear tionscail ardriosca/ardluacha is Treoracha a d'úsáidtí de
rogha e.g. Treoir maidir le IPPC nó SEVESO II, ach i gcás earnálacha
ardriosca níos cúinge, an eitlíocht shibhialta mar shampla , is minic a
úsáidtear Rialacháin mar chreat dlí. [13] IO C, , lch. . [14] IO C, , lch. . [15] IO L 164, 25.6.2008, lch. 19. [16] IO L 143, 30.4.2004,
lch. 56. [17] IO L 183, 29.6.1989,
lch. 1. [18] IO L 348, 28.11.1992,
lch. 9. [19] Cód maidir le tógáil agus feistiú
aonad druileála easchósta soghluaiste, 2 Nollaig 2009 (Cód MODU 2009) [20] IO L 55, 28.2.2011,
lch. 13. [21] IO L 240, 19.9.1977, lch. 1. [22] IO L 131, 28.5.2009,
lch. 11. [23] IO L 175, 5.7.1985,
lch. 40. [24] IO L 41, 14.2.2003,
lch. 26. [25] IO L 154, 30.4.2004,
lch. 56.