Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52011PC0479

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle maidir le bearta bainistíochta i leith saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir

/* COIM/2011/0479 leagan deireanach - 2011/0218 (COD) */

52011PC0479

/* COIM/2011/0479 leagan deireanach - 2011/0218 (COD) */ Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle maidir le bearta bainistíochta i leith saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1. COMHTHÉACS AN TOGRA

Sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar idirdhealú idir na cumhachtaí arna dtarmligean chuig an gCoimisiún chun gníomhartha neamhreachtacha a bhfuil feidhm ghinearálta leo a ghlacadh chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe a fhorlíonadh nó a leasú sa ghníomh reachtach mar atá leagtha síos in Airteagal 290(1) den CFAE (gníomhartha tarmligthe), agus na cumhachtaí arna dtabhairt don Choimisiún coinníollacha aonfhoirmeacha a ghlacadh chun gníomhartha de chuid an Aontais atá ina gceangal dlí a chur chun feidhme mar atá leagtha síos in Airteagal 291(2) den CFAE (gníomhartha cur chun feidhme).

I gcomhthéacs ailíniú Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 le rialacha nua an CFAE, tá cumhachtaí a thugtar faoi láthair don Choimisiún faoin Rialachán sin athaicmithe i mbearta de chineál tarmligthe agus i mbearta de chineál cur chun feidhme.

Ag leanúint ón gclár sin, ullmhaíodh dréacht-togra le Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 a leasú.

De bhun Airteagal 290 den Chonradh, tugann an Reachtóir an cúram don Choimisiún eilimintí neamhriachtanacha áirithe den Rialachán sin a chomhlánú nó a mhodhnú.

Féadfaidh an Coimisiún, dá bhrí sin, gníomh tarmligthe a ghlacadh chun maoluithe a thabhairt ar roinnt forálacha den Rialachán sin tráth a mbeidh deis den sórt sin foráilte go sainráite agus ar choinníoll go mbeidh na coinníollacha diana a leagtar amach sa Rialachán sin comhlíonta (Airteagal 4 agus Airteagal 13). Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún na critéir a ghlacadh a chuirfear i bhfeidhm maidir le sainiú agus cionroinnt bealaí cúrsa do longa a bhfuil trealamh comhbhailiúchán iasc (FAD) feistithe orthu i gcás iascaigh dorád i gcrios bainistíochta 25 míle timpeall Mhálta (Airteagal 27). Ar an gcaoi chéanna, tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir le sonraíochtaí teicniúla breise ar shaintréithe an trealaimh iascaireachta (Iarscríbhinn I mír (B) 3 agus Iarscríbhinn II mír 7) a bheidh ina fhorlíonadh ar na saintréithe ar threalamh atá ann cheana. Ina theannta sin, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe maidir leis na leasuithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo.

2. TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR

Ní raibh aon ghá le comhairliúchán le páirtithe leasmhara ná le measúnú tionchair.

3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

- Achoimre ar an ngníomhaíocht atá beartaithe

Cumhachtaí tarmligthe an Choimisiúin i Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle a shainaithint agus an nós imeachta comhfhreagrach a bhunú chun na gníomhartha sin a ghlacadh.

- Bunús dlí

Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

- Prionsabal na coimhdeachta

Tagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh.

- Prionsabal na comhréireachta

Tá an togra seo ag leasú beart atá ann cheana i Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle, agus níl aon chúis imní ann faoi phrionsabal na comhréireachta dá bhrí sin.

- Rogha na hionstraime

An ionstraim atá beartaithe: Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Ní bheadh ionstraimí eile leormhaith ar an gcúis seo a leanas: ní mór Rialachán a leasú le Rialachán eile.

4. IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon chaiteachas breise ón Aontas i gceist leis an mbeart seo.

2011/0218 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle maidir le bearta bainistíochta i leith saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

1. Le Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle[1] tugtar cumhachtaí don Choimisiún roinnt de na forálacha sa Rialachán sin a chur chun feidhme.

2. Mar thoradh ar theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, is gá na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún faoi Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 a ailíniú le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

3. D'fhonn roinnt d'fhorálacha Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 a chur i bhfeidhm, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir leis an méid seo a leanas:

4. maoluithe a bhronnadh sna cásanna sin a bhfuil foráil shonrach maidir leo sa Rialachán sin;

5. critéir a leagan síos a chuirfear i bhfeidhm maidir le sainiú agus cionroinnt bealaí cúrsa do longa a bhfuil trealamh comhbhailiúchán iasc (FAD) feistithe orthu i gcás iascaigh dorád i gcrios bainistíochta 25 míle timpeall Mhálta;

6. rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir le sonraíochtaí teicniúla breise le haghaidh painéal de mhogall cearnógach a chuirtear isteach i líonta tarraingthe;

7. sonraíochtaí teicniúla a ghlacadh lena gcuirtear teorainn le huastoisí na téide snámhán, na téide grinnill, imlíne na dtrál agus uaslíon na líonta i dtráil ilrige, agus

8. leasuithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006.

9. Tá sé an-tábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid réamhoibre, lena n-áirítear leibhéal na saineolaithe. Agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

10. Ar chúiseanna soiléire, ba cheart an tagairt a dhéantar do cheapacha den fhéar mara Posidonia oceanica in Airteagal 4(5) a mhodhnú.

11. Tá gá le faisnéis theicniúil agus eolaíoch bhreise chun sainiúlachtaí iascach na Meánmhara a chur san áireamh le go bhféadfaidh an Coimisiún sonraíochtaí teicniúla a bhunú lena bhféadfaí teorainn a chur le huastoisí na dtrál agus le huaslíon na líonta i dtráil ilrige, mar a luaitear thuas;

12. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 mar seo a leanas:

13. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an réamhrá in Airteagal 4(5):

"5. De mhaolú ar fhomhír 1 de mhír 1, féadfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha tarmligthe arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 30a, an iascaireacht a dhéanann soithí atá níos giorra ná, nó cothrom le, 12 mhéadar ar fad ar an iomlán agus a bhfuil inneall de chumhacht níos laige ná, nó cothrom le, 85 kW iontu agus a bhfuil líonta a tharraingítear ar an ngrinneall feistithe orthu, rud a dhéantaí de ghnáth os cionn na gceapach den fhéar mara de chineál Posidonia oceanica, a údarú, ar choinníoll:"

14. Leasaítear Airteagal 13 mar seo a leanas:

15. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

"5. Féadfaidh na Ballstáit maolú ar mhíreanna 1, 2 agus 3 a iarraidh. Féadfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha tarmligthe arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 30a, maoluithe den sórt sin a cheadú ar choinníoll go bhfuil bonn cirt leo de bharr sainghnéithe geografacha na limistéar farraige lena mbaineann, amhail an méid theoranta atá sa scairbh ilchríochach feadh chósta iomlán Ballstáit nó an t-achar teoranta atá sna meánna intrálaeireachta, i gcás nach mbíonn aon tionchar suntasach ag an iascach ar an muirthimpeallacht agus go ndéanann sé difear do ghrúpa cinntithe soithí de chuid an Bhallstáit nó, de réir mar a bheidh, de chuid Ballstát eile, agus ar choinníoll nach féidir an t-iascach sin a dhéanamh ag úsáid trealamh eile agus go bhfuil siad faoi réir plean bainistíochta mar a thagraítear dó in Airteagal 18 nó Airteagal 19. Tabharfaidh na Ballstáit bonn cirt teicniúil agus eolaíoch cothrom le dáta i gcás maoluithe den sórt sin."

16. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 10:

"10. Ceadófar maoluithe ar mhír 1 agus ar mhír 2, trí ghníomhartha tarmligthe arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 30a, maidir le hiascach a bhfuil maolú aige faoi Airteagal 4(5)."

17. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre d'Airteagal 26(3):

"Má sháraíonn an acmhainn fhoriomlán iascaireachta dá dtagraítear i mír 2(a) acmhainn fhoriomlán iascaireachta na dtrálaer sin atá cothrom le, nó níos lú ná, 24 méadar ar an iomlán agus atá ag oibriú sa chrios bainistíochta sa tréimhse thagartha 2000-2001 ("an acmhainn tagartha iascaireachta" anseo feasta), déanfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha tarmligthe arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 30a, an barrachas sin den acmhainn iascaireachta atá ar fáil a dháileadh idir na Ballstáit agus cuirfidh sé leas na mBallstát atá ag iarraidh údarú san áireamh."

18. In Airteagal 27(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

"Déanfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha tarmligthe arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 30a, na critéir a bhunú a chuirfear i bhfeidhm maidir le bunú agus cionroinnt bealaí cúrsa FAD."

19. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 30:

"Déanfar na hIarscríbhinní a leasú trí ghníomhartha tarmligthe arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 30a."

20. Cuirtear Airteagal 30a a leanas isteach:

" Airteagal 30a

An tarmligean a fheidhmiú

1. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.

2. Déanfar tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagail 4(5), 13(5) agus 10, sa chéad fhomhír d'Airteagal 26(3), sa dara fomhír d'Airteagal 27(3), in Airteagal 30, Iarscríbhinn I(B)(3) agus Iarscríbhinn II(7) a thabhairt ar feadh tréimhse neamhchinntithe ón dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.

3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagail 4(5), 13(5) agus (10), sa chéad fhomhír d'Airteagal 26(3), sa dara fomhír d'Airteagal 27(3), in Airteagal 30, Iarscríbhinn I(B)(3) agus Iarscríbhinn II(7) a chúlghairm tráth ar bith. Cuirfidh cinneadh cúlghairme deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an lá tar éis lá foilsithe an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta ina dhiaidh sin a shonrófar sa chinneadh sin. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5. Ní fhéadfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 4(5) agus 13(5) agus (10), na chéadmhíre d'Airteagal 26(3), an dara mír d'Airteagal 27(3), Airteagal 30, Iarscríbhinn I(B)(3) agus Iarscríbhinn II(7) teacht i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí ón tráth ar cuireadh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó, sula dtéann an tréimhse sin in éag, má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon nach ndéanfaidh siad agóid ina choinne. Cuirfear 2 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle."

21. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3 de chuid B d'Iarscríbhinn I:

"3. Féadfar painéal de mhogall cearnógach a chur isteach in aon líon tarraingthe agus cuirfear é os comhair aon phíosa insínte nó ag aon phointe idir éadan aon phíosa insínte agus deireadh an phóca. Ní chuirfidh forbhall inmheánach ná forbhall seachtrach aon bhac ar dhóigh ar bith air. Is líontán gan snaidhmeanna nó líontán atá déanta de shnaidhmeanna neamhsciorracha a bheidh ann, agus cuirfear isteach é ar dhóigh ina bhfanfaidh na mogaill lánoscailte i gcónaí le linn iascaireachta. Is trí ghníomhartha tarmligthe arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 30a a bhunófar rialacha mionsonraithe maidir le sonraíochtaí teicniúla breise le haghaidh painéal de mhogall cearnógach."

22. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 7 d'Iarscríbhinn II:

"7. Féadfaidh an Coimisiún sonraíochtaí teicniúla lena gcuirfear teorainn le huastoisí na téide snámhán, na téide grinnill, imlíne na dtrál agus uaslíon na líonta i dtrál ilrige a bhunú trí ghníomhartha tarmligthe arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 30a."

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

[1] IO L 409, 30.12.2006, lch. 11.

Top