Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52011PC0475

TUAIRIM ÓN gCOIMISIÚN de bhun Airteagal 274(7)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar an leasú/na leasuithe a rinne Parlaimint na hEorpa ar chomhsheasamh na Comhairle maidir leis an togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLEmaidir le faisnéis faoi bhia a sholáthar do thomhaltóirí, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 agus lena n-aisghairtear Treoracha 87/250/CEE, 90/496/CEE, 1999/10/CE, 2000/13/CE, 2002/67/CE, 2008/5/CE agus Rialachán (CE) 608/20004

/* COIM/2011/0475 leagan deireanach - 2008/0028 (COD) */

52011PC0475

TUAIRIM ÓN gCOIMISIÚN de bhun Airteagal 274(7)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar an leasú/na leasuithe a rinne Parlaimint na hEorpa ar chomhsheasamh na Comhairle maidir leis an togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLEmaidir le faisnéis faoi bhia a sholáthar do thomhaltóirí, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 agus lena n-aisghairtear Treoracha 87/250/CEE, 90/496/CEE, 1999/10/CE, 2000/13/CE, 2002/67/CE, 2008/5/CE agus Rialachán (CE) 608/20004 /* COIM/2011/0475 leagan deireanach - 2008/0028 (COD) */


2008/0028 (COD)

TUAIRIM ÓN gCOIMISIÚN de bhun Airteagal 274(7)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar an leasú/na leasuithe a rinne Parlaimint na hEorpa ar chomhsheasamh na Comhairle maidir leis an togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le faisnéis faoi bhia a sholáthar do thomhaltóirí, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 agus lena n-aisghairtear Treoracha 87/250/CEE, 90/496/CEE, 1999/10/CE, 2000/13/CE, 2002/67/CE, 2008/5/CE agus Rialachán (CE) 608/20004

1.           Réamhrá

Foráiltear le hAirteagal 294(7)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh go dtabharfaidh an Coimisiún tuairim uaidh ar na leasuithe a mholann Parlaimint na hEorpa ag an dara léamh. Tá leagtha amach thíos tuairim an Choimisiúin ar na leasuithe atá molta ag an bParlaimint.

2.           Cúlra

An dáta ar seoladh an togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (doiciméad COIM(2008) 40 críochnaitheach – 2008/0028 (COD)): || 1 Feabhra 2008

Dáta na tuairime ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa: || 18 Meán Fómhair 2008

Dáta na tuairime ó Pharlaimint na hEorpa ag an gcéad léamh: || 16 Meitheamh 2010

An dáta ar seoladh an togra leasaithe: || Níl aon dáta ann

An dáta ar glacadh seasamh na Comhairle: || 21 Feabhra 2011

Dáta na tuairime ó Pharlaimint na hEorpa ag an dara léamh: || 6 Iúil 2011

3.           Cuspóir an tógra ón gCoimisiún

Déantar dhá réimse thábhachtacha den reachtaíocht maidir le lipéadú a chomhdhlúthú agus a thabhairt cothrom le dáta leis an togra, is iad sin lipéadú ginearálta ar bhia agus lipéadú cothaithe, arna gcumhdach le Treoir 2000/13/CE[1] agus le Treoir 90/496/CEE[2]  faoi seach. Ina theannta sin, athmhúnlaítear leis an togra sé cinn de Threoracha a bhaineann le lipéadú catagóirí áirithe bia. Seo thíos roinnt de phríomhchuspóirí an togra:

– Aon ionstraim amháin a chruthú le haghaidh phrionsabail agus cheanglais an lipéadaithe chothrománaigh, a fhad a bhaineann le lipéadú ginearálta agus lipéadú cothaithe;

– Forálacha sonracha a chur isteach maidir le freagrachtaí feadh an tslabhra bia, a fhad a bhaineann le faisnéis bia a bheith ann agus le cruinneas na faisnéise sin;

– Critéir intomhaiste a bhunú maidir le gnéithe áirithe d'inléiteacht lipéadaithe bia;

– Na rialacha a bhaineann le lipéadú i leith tíre tionscnaimh nó i leith bunáitíochta a shoiléiriú;

– Lipéadú cothaithe sainordaitheach sa phríomhréimse radhairc a thabhairt isteach i gcás fhormhór na mbianna próiseáilte.

4.           Tuairim an Choimisiúin ar na leasuithe a rinne Parlaimint na hEorpa

Vótáil Parlaimint na hEorpa ag an dara léamh ar son téacs chomhdhlúite ina bhfuil roinnt leasuithe ar théacs Sheasamh na Comhairle ag an gcéad léamh. Toradh na caibidlíochta idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún atá sa téacs sin. Glacann an Coimisiún leis na leasuithe go léir ar vótáil an Pharlaimint ar a son ar toradh iad ar chomhaontuithe idirinstitiúideacha lenar ceadaíodh comhaontú ag an dara léamh.

[1]               Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Márta 2000 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le lipéadú, cur i láthair agus fógraíocht earraí bia (IO L 109, 6.5.2000, lch. 29).

[2]               Treoir 90/496/CEE ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 1990 maidir le lipéadú cothaithe ar earraí bia (IO L 276, 6.10.1990, lch. 40).

Top