This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52011PC0178
OPINION OF THE COMMISSION pursuant to Article 294(7)(c) of the Treaty on the Functioning of the European Union, on the European Parliament's amendments to the Council's position regarding the proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL amending Regulation (EC) No 1905/2006 establishing a financing instrument for development cooperation
TUAIRIM ÓN gCOIMISIÚN de bhun Airteagal 294(7)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, i dtaca le leasuithe Pharlaimint na hEorpa ar sheasamh na Comhairle maidir leis an togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1905/2006 lena mbunaítear ionstraim maoinithe le haghaidh comhair um fhorbairt
TUAIRIM ÓN gCOIMISIÚN de bhun Airteagal 294(7)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, i dtaca le leasuithe Pharlaimint na hEorpa ar sheasamh na Comhairle maidir leis an togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1905/2006 lena mbunaítear ionstraim maoinithe le haghaidh comhair um fhorbairt
/* COIM/2011/0178 leagan deireanach - COD 2009/0060/A */
TUAIRIM ÓN gCOIMISIÚN de bhun Airteagal 294(7)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, i dtaca le leasuithe Pharlaimint na hEorpa ar sheasamh na Comhairle maidir leis an togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1905/2006 lena mbunaítear ionstraim maoinithe le haghaidh comhair um fhorbairt /* COIM(2011) 178 leagan deireanach - COD 2009/0060/A */
[pic] | AN COIMISIÚN EORPACH | An Bhruiséil 1.4.2011 COIM(2011) 178 leagan deireanach 2009/0060/A (COD) TUAIRIM ÓN gCOIMISIÚN de bhun Airteagal 294(7)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, i dtaca le leasuithe Pharlaimint na hEorpa ar sheasamh na Comhairle maidir leis an togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1905/2006 lena mbunaítear ionstraim maoinithe le haghaidh comhair um fhorbairt 2009/0060/A (COD) TUAIRIM ÓN gCOIMISIÚNde bhun Airteagal 294(7)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,i dtaca le leasuithe Pharlaimint na hEorpaar sheasamh na Comhairle maidir leis antogra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1905/2006 lena mbunaítear ionstraim maoinithe le haghaidh comhair um fhorbairt 1. Réamhrá Foráiltear le hAirteagal 294(7)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh go dtabharfaidh an Coimisiún tuairim uaidh ar na leasuithe atá molta ag Parlaimint na hEorpa ag an dara léamh. Leagann an Coimisiún amach thíos a thuairim ar na leasuithe atá molta ag an bParlaimint. 2. Cúlra An dáta ar seoladh an togra chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle: 21 Aibreán 2009 Doiciméad COIM(2009) 194 leagan deireanach – 2009/0060A COD (Ceartúchán an 30 Samhain 2009, leasaithe an 1 Nollaig 2009 (teacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin)) Dáta na tuairime ón bParlaimint ag an gcéad léamh: 21 Deireadh Fómhair 2010 An dáta ar seoladh an togra leasaithe chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle: dada Dáta an chomhaontaithe pholaitiúil maidir le seasamh na Comhairle: dada An dáta ar glacadh seasamh na Comhairle go foirmiúil: 10 Nollaig 2010 Dáta na tuairime ón bParlaimint ag an dara léamh: 3 Feabhra 2011 3. Cuspóir an togra Tá neamhréireacht bheag ann idir ionstraimí airgeadais an Aontais a bhaineann le gníomhaíocht sheachtrach maidir le heisceachtaí ón bprionsabal nach mbíonn costais a bhaineann le cánacha, dleachtanna ná muirir eile incháilithe do mhaoiniú ón AE. I Rialachán (CE) Uimh. 1905/2006 lena mbunaítear ionstraim maoinithe le haghaidh comhair um fhorbairt (DCI) agus i Rialachán Uimh. 1889/2006 lena mbunaítear ionstraim maoinithe le haghaidh an daonlathas agus cearta an duine a chur chun cinn ar fud an domhain (EIDHR), ní dhéantar foráil maidir le solúbthacht i gcás costais den chineál sin a bheith neamh-incháilithe do mhaoiniú. Leagtar síos sna hionstraimí eile nach bhféadfar "i bprionsabal" tacaíocht ón AE a úsáid chun na costais sin a mhaoiniú: dá bhrí sin, tá solúbthacht ann de réir an cháis i dtrácht, agus féadfaidh an t-oifigeach um údarú atá freagrach a chinneadh, más iomchuí, glacadh le cáilitheacht ar mhaithe le bainistíocht fhónta airgeadais agus cur chun feidhme cuí clár agus tionscadal. Go deimhin, ní foláir solúbthacht a áirithiú i gcás ina bhfuil baol dúsháinne ann toisc nach bhfuil meicníochtaí díolúine ann nó toisc iad a bheith neamhphraiticiúil (mar gheall ar mhórchastacht na nósanna imeachta sa tír thairbhíoch mar shampla, nó i gcás tionscadal réigiúnach). Dá bhrí sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún, faoi chuimsiú an athbhreithnithe meántéarma ar na hionstraimí airgeadais a bhaineann le gníomhaíocht sheachtrach, go ndéanfar forálacha ábhartha an DCI agus ionstraimí an EIDHR a chur in oiriúint do na hionstraimí eile tríd an bhfrása "i bprionsabal" a chur lena bhfuil ann maidir le cánacha, dleachtanna agus muirir eile a bheith neamh-incháilithe agus sa dóigh sin tugtar le fios go bhféadfadh eisceachtaí a bheith ann, ar eisceachtaí iad sin a ndéanfaidh oifigigh um údarú rialú inmheánach orthu le treoracha a thabharfar dóibh. 4. Tuairim ón g COIMISIÚN AR NA LEASUITHE A RINNE PARLAIMINT NA h EORPA 4.1. Leasuithe ar ghlac an Coimisiún leo Neamhbhainteach 4.2. Leasuithe ar dhiúltaigh an Coimisiún dóibh Ní féidir leis an gCoimisiún glacadh leis na leasuithe a bhaineann le gníomhartha tarmligthe ná le saincheisteanna nós imeachta coiste (Aithris 2a; Airteagail 17(2), 21, 22(3), 23, 33, 34(1), 35, 35a, 35b). 5. Conclúid Leanfar leis an bplé leis na comhreachtóirí tar éis an dara léamh d'fhonn comhréiteach a bhaint amach agus is fearr go dtabharfar leis sin cearta substainteacha grinnscrúdaithe do Pharlaimint na hEorpa don chuid eile den Tréimhse Clárúcháin Ilbhliantúil reatha agus go bhfágfar go mbeidh roghanna éagsúla ann don chéad tréimhse eile, lena n-áirítear go bhféadfaí dul i muinín gníomhartha tarmligthe agus urraim iomlán á tabhairt do na critéir atá bunaithe in Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.