EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52011AG0005

Sheasamh (AE) Uimh. 5/2011 ón gComhairle ar an gCéad léamh chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hainmneacha snáithíní teicstíle agus maidir le lipéadú gaolmhar agus le marcáil ghaolmhar táirgí teicstíle i leith a gcomhdhéanaimh shnáithínigh agus lena n-aisghairtear Treoir 73/44/CEE ón gComhairle, Treoir 96/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2008/121/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle Arna ghlacadh ag an gComhairle an 6 Nollaig 2010 Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

IO C 50E, 17.2.2011, p. 1–71 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

17.2.2011   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C NaN/1


SHEASAMH (AE) Uimh. 5/2011 ÓN GCOMHAIRLE AR AN GCÉAD LÉAMH

chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hainmneacha snáithíní teicstíle agus maidir le lipéadú gaolmhar agus le marcáil ghaolmhar táirgí teicstíle i leith a gcomhdhéanaimh shnáithínigh agus lena n-aisghairtear Treoir 73/44/CEE ón gComhairle, Treoir 96/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2008/121/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

Arna ghlacadh ag an gComhairle an 6 Nollaig 2010

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

2011/C 50 E/01

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Leasaíodh arís agus arís eile Treoir 73/44/CEE ón gComhairle an 26 Feabhra 1973 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le hanailís chainníochtúil ar mheascáin thrínártha snáithíní (3), Treoir 96/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1996 maidir le modhanna áirithe chun anailís chainníochtúil a dhéanamh ar mheascáin dhénártha snáithíní teicstíle (4) agus Treoir 2008/121/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Eanáir 2009 maidir le hainmneacha teicstílí (athmhúnlú) (5) Ós rud é go bhfuil leasuithe breise le déanamh, ba cheart aon ionstraim dlí amháin a chur in ionad na ngníomhartha seo, ar mhaithe le soiléire.

(2)

Tá gníomhartha dlí an Aontais maidir le hainmneacha snáithíní teicstíle agus maidir le lipéadú gaolmhar agus marcáil ghaolmhar táirgí teicstíle i leith a gcomhdhéanaimh shnáithínigh an-teicniúil ó thaobh an inneachair de, agus tá forálacha mionsonraithe ann nach mór a oiriúnú go rialta. Chun nach mbeidh ar Bhallstáit na leasuithe teicniúla a thrasuí sa reachtaíocht náisiúnta agus chun an t-ualach riaracháin ar údaráis náisiúnta a laghdú amhlaidh agus chun go nglacfar ar bhealach níos tapúla ainmneacha snáithíní nua a bheidh le húsáid ar fud an Aontais i gcomhthráth, is cosúil gurb é rialachán an ionstraim dlí is iomchuí chun an simpliú reachtaíochta a dhéanamh.

(3)

Chun go ndéanfar constaicí a d'fhéadfadh a bheith ann maidir le dea-oibriú an mhargaidh inmheánaigh de bharr fhorálacha éagsúla na mBallstát maidir le hainmneacha snáithíní teicstíle, lipéadú gaolmhar agus marcáil ghaolmhar táirgí teicstíle i leith a gcomhdhéanaimh shnáithínigh, a dhíchur, is gá ainmneacha snáithíní teicstíle a chomhchuibhiú mar aon leis na sonraí atá ar lipéid, na marcálacha agus na doiciméid a ghabhann le táirgí teicstíle ag céimeanna éagsúla an táirgthe, na próiseála agus an dáilte.

(4)

Leagtar amach leis an Rialachán seo na forálacha comhchuibhithe maidir le gnéithe áirithe de lipéadú teicstíle agus de mharcáil teicstíle, go háirithe ainmneacha snáithíní teicstíle. Féadfaidh lipéadú agus marcáil eile a bheith ann, fad nach gcumhdóidh sé sin an raon feidhme céanna leis an Rialachán seo agus go mbeidh sé ag luí leis na Conarthaí.

(5)

Is iomchuí rialacha a leagan síos chun go gcumasófar do mhonaróirí a iarraidh go gcuirfear ainm snáithín teicstíle nua sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo.

(6)

Ba cheart foráil a dhéanamh do tháirgí áirithe, nach bhfuil comhdhéanta ar fad d'ábhair theicstíle ach ina bhfuil inneachar teicstíle ar dlúthchuid den táirge é, nó ar a dtarraingíonn an t-oibreoir eacnamaíoch aird shonrach.

(7)

Maidir leis an lamháltas i leith “snáithíní coimhthíocha” nach mbeidh le lua ar na lipéid ná ar na marcálacha, ba cheart go mbainfeadh sé le táirgí íona agus le meascáin araon.

(8)

Ba cheart go mbeadh lipéadú nó marcáil i leith an chomhdhéanaimh shnáithínigh éigeantach chun a áirithiú go gcuirfear faisnéis cheart agus aonfhoirmeach ar fáil do thomhaltóirí uile an Aontais. Níor cheart go gcuirfeadh an Rialachán seo cosc, áfach, ar oibreoirí eacnamaíocha léiriú a thabhairt á rá go bhfuil cainníochtaí beaga snáithíní ann freisin, snáithíní óna dteastaíonn aird ar leith chun cáilíocht bhunaidh an táirge teicstíle a choinneáil. I gcás ina mbeidh deacracht theicniúil ag baint le comhdhéanamh snáithíneach táirge teicstíle a shonrú tráth a mhonaraithe, ba cheart go bhféadfaí na snáithíní sin amháin a bhfuiltear ar an eolas fúthu a lua ar an lipéad agus ar an marcáil, ar choinníoll go bhfuil céatadán áirithe den táirge críochnaithe i gceist leo.

(9)

Chun difríochtaí cleachtais i measc na mBallstát a sheachaint, is gá na modhanna lipéadaithe agus marcála a leagan síos go beacht le haghaidh táirgí teicstíle áirithe ina bhfuil dhá chomhpháirt nó níos mó, agus comhpháirteanna táirgí teicstíle, nach gá a chur san áireamh chun críocha lipéadaithe agus marcála agus anailíse, a shonrú freisin.

(10)

Maidir le táirgí teicstíle atá faoi réir ceanglas um lipéadú cuimsitheach amháin, agus maidir leo siúd a dhíoltar de réir an mhéadair nó i bpíosaí gearrtha, ba cheart iad a chur ar fáil ar an margadh ar dhóigh go mbeidh an tomhaltóir in ann é féin a chur ar an eolas go hiomlán i dtaobh na faisnéise arna greamú den fhorphacáistíocht nó den rolla.

(11)

Úsáid ainmneacha snáithíní teicstíle nó tuairiscí ar chomhdhéanaimh shnáithíneacha a theachtann gradam ar leith i measc úsáideoirí agus tomhaltóirí, ba cheart go mbeidís faoi réir coinníollacha áirithe. Thairis sin, d'fhonn faisnéis a thabhairt d'úsáideoirí agus do thomhaltóirí, is iomchuí go mbeidh baint ag ainmneacha na snáithíní le saintréithe an tsnáithín.

(12)

Tá an faireachas margaidh sna Ballstáit i leith táirgí a chumhdaítear leis an Rialacháin seo, faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú (6) agus Threoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Nollaig maidir le sabháilteacht ginearálta táirgí. (7)

(13)

Is gá modhanna a leagan síos chun táirgí teicstíle a shampláil agus a anailísiú chun fáil réidh le haon fhéidearthacht go gcuirfí in aghaidh na modhanna arna n-úsáid. Ba cheart modhanna atá aonfhoirmeach maidir le réamhchóireáil an tsampla de agus maidir leis an anailís chainníochtúil a dhéantar ar an sampla a úsáid le haghaidh scrúduithe oifigiúla arna ndéanamh sna Ballstáit chun comhdhéanamh snáithíneach a chinneadh i leith táirgí teicstíle ina bhfuil meascáin dhénártha snáithíní agus meascáin thrínártha snáithíní. Is iomchuí go ndéanfar caighdeáin chomhchuibhithe de na modhanna a leagtar amach chun na críche sin sa Rialachán seo. Ba cheart don Choimisiún, dá bhrí sin, an t-aistriú a bhainistiú ón gcóras reatha, atá bunaithe ar na modhanna a leagtar amach sa Rialachán seo, go corás comhchuibhithe atá bunaithe ar chaighdeáin. Le húsáid modhanna aonfhoirmeacha anailíse ar tháirgí teicstíle ina bhfuil meascáin dhénártha snáithíní agus meascáin thrínártha snáithíní, éascófar saorghluaiseacht na dtáirgí sin, agus feabhsófar oibriú an mhargaidh inmheánaigh dá réir.

(14)

I gcás meascán dénártha snáithíní teicstíle nach bhfuil aon mhodh aonfhoirmeach anailíse ann dóibh ar leibhéal an Aontais, ba cheart go mbeadh sé de chead ag an tsaotharlann, atá freagrach as an tástáil, comhdhéanamh meascán den sórt sin a chinneadh, agus léireofar sa tuarascáil anailíse na torthaí a fuarthas, an modh a úsáideadh agus beachtas an mhodha sin.

(15)

Leis an Rialachán seo, ba cheart go leagfaí amach an cion comhaontaithe atá le cur i bhfeidhm maidir le mais ainhidriúil gach snáithín le linn ábhar snáithíneach táirgí teicstíle a chinneadh trí bhíthin anailíse, agus ba cheart go dtabharfaí dhá chion chomhaontaithe éagsúla chun comhdhéanamh snáithíní cardáilte nó spíonta ina bhfuil olann agus/nó fionnadh ainmhíoch a ríomh. Ós rud é nach féidir i gcónaí a shuíomh an bhfuil táirge cardáilte nó spíonta, agus gur féidir, dá dhroim sin, torthaí míréireacha a fháil nuair a chuirtear na lamháltais i bhfeidhm le linn seiceálacha a dhéanfar san Aontas ar chomhréireacht táirgí teicstíle, ba cheart go n-údarófaí do na saotharlanna a dhéanann na seiceálacha sin aon chion comhaontaithe amháin a chur i bhfeidhm i gcásanna a mbaineann amhras leo.

(16)

Ba cheart rialacha a leagan síos i leith táirgí arna ndíolmhú ó na ceanglais ghinearálta maidir le lipéadú agus le marcáil a leagtar amach sa Rialachán seo, go háirithe i leith táirgí indiúscartha nó táirgí nach gceanglaítear ach lipéadú cuimsitheach ina leith.

(17)

Is iomchuí nós imeachta a bhunú chun ainmneacha snáithín teicstíle nua a chur isteach sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo. Dá bhrí sin, ba cheart go leagfaí amach leis an Rialachán seo ceanglais maidir le hiarratais arna ndéanamh ag monaróiri, nó ag daoine a bheidh ag gníomhú thar a gceann, chun ainmneacha snáithíní teicstíle nua a chur leo sin atá sna hIarscríbhinní.

(18)

Ba cheart go gcumhachtófaí don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le critéir theicniúla agus rialacha nós imeachta i dtaca le lamháltais níos airde a údarú, maidir le leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinní II, IV, V, VI, VII, VIII agus IX d'fhonn iad a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus maidir le leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn I chun ainmneacha snáithíní teicstíle nua a áireamh sa liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn sin. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe.

(19)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon rialacha aonfhoirmeacha a ghlacadh maidir le húsáid ainmneacha snáithíní teicstíle agus lipéadú gaolmhar agus marcáil ghaolmhar táirgí teicstíle i leith a gcomhdhéanaimh shnáithínigh, a bhaint amach go leordhóthanach ar leibhéal na mBallstát agus gur fearr, dá bhrí sin, de bharr a fhairsinge, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(20)

Ba cheart Treoir 73/44/CEE, Treoir 96/73/CE agus Treoir 2008/121/CE a aisghairm

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL 1

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha maidir le húsáid ainmneacha snáithíní teicstíle agus maidir le lipéadú gaolmhar agus le marcáil ghaolmhar táirgí teicstíle i leith a gcomhdhéanaimh shnáithínigh, mar aon le rialacha maidir le comhdhéanamh snáithíneach táirgí teicstíle a chinneadh trí anailís chainníochtúil a dhéanamh ar mheascáin dhénártha agus ar mheascáin thrínártha snáithíní teicstíle d'fhonn oibriú an mhargaidh inmhéanaigh a fheabhsú agus faisnéis chruinn a chur ar fáil do thomhaltóirí.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le táirgí teicstíle nuair a chuirtear na táirgí sin ar fáil ar mhargadh an Aontais agus maidir leis na táirgí dá dtagraítear i mír 2.

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, déileálfar leis na táirgí seo a leanas ar an gcuma chéanna le táirgí teicstíle:

(a)

táirgí ina bhfuil meáchan 80 % ar a laghad de shnáithíní teicstíle;

(b)

clúdaigh troscáin, scáthanna fearthainne, parasól ina bhfuil 80 % ar a laghad de réir meáchain de na comhpháirteanna teicstíle;

(c)

comhpháirteanna teicstíle de na nithe seo a leanas:

(i)

ciseal uachtach clúdach ilchisealach urláir,

(ii)

clúdaigh tochtanna agus

(iii)

clúdaigh earraí campála,

ar choinníoll gurb ionann na comhpháirteanna teicstíle sin agus 80 % ar a laghad de réir meáchain de na cisealacha uachtaracha nó na clúdaigh sin.

(d)

teicstílí a ionchorpraítear i dtáirgí eile agus ar dlúthchuid de na táirgí sin iad, i gcás ina sonraítear a gcomhdhéanamh.

3.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le táirgí teicstíle a thugtar faoi chonradh do dhaoine atá ag obair ina dtithe féin, nó le gnóthais neamhspleácha a dhéanann suas obair ó ábhair a sholáthraítear gan an mhaoin atá iontu a aistriú ar chomaoin.

Airteagal 3

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “táirge teicstíle” aon táirge amh, leath-oibrithe, oibrithe, leathmhonaraithe, monaraithe, leathdhéanta suas nó déanta suas atá comhdhéanta ar fad de shnáithíní teicstíle, is cuma cén próiseas measctha nó cóimeála a úsáidtear;

(b)

ciallaíonn “snáithín teicstíle” ceann de na nithe seo a leanas:

(i)

aonad maise arb iad is sainairíonna ann solúbthacht, míne agus cóimheas ard idir fad agus uastoise trasnach, rud a fhágann go bhfuil sé oiriúnach d'fheidhmeanna teicstíle;

(ii)

stiall solúbtha nó tiúbán solúbtha nach mó a leithead dealraitheach ná 5 mm, lena n-áirítear stiallacha arna ngearradh de stiallacha nó de scannáin níos leithne agus arna dtáirgeadh ó na substaintí a úsáidtear i monarú na snáithíní a luaitear i dTábla 2 de chuid Iarscríbhinn I agus atá oiriúnach d'fheidhmeanna teicstíle;

(c)

ciallaíonn “leithead dealraitheach” leithead na stéille nó an tiúbáin nuair atá sé fillte, leacaithe, comhbhrúite nó casta, nó an meánleithead i gcás nach bhfuil an leithead aonfhoirmeach;

(d)

ciallaíonn “comhpháirt teicstíle” cuid de tháirge teicstíle ag a bhfuil inneachar snáithíneach inaitheanta;

(e)

ciallaíonn “snáithíní coimhthíocha” snáithíní seachas na snáithíní sin a luaitear ar an lipéad nó ar an marcáil;

(f)

ciallaíonn “líneáil” comhpháirt ar leith a úsáidtear i ndéanamh suas ball éadach agus táirgí eile, is comhpháirt ina bhfuil ciseal amháin nó níos mó ná ciseal amháin d'ábhar teicstíle a choinnítear ina ionad nó ina n-ionad feadh imill amháin nó níos mó ná imeall amháin;

(g)

Ciallaíonnn “lipéadú” an fhaisnéis riachtanach a ghreamú de tháirge teicstíle trí bhíthin lipéad a cheangailt de;

(h)

ciallaíonn “marcáil” an fhaisnéis riachtanach a léiriú go díreach ar an táirge teicstíle trí fhuáil, trí bhróidniú, trí phriontáil, trí chabhradh nó trí aon teicneolaíocht eile;

(i)

ciallaíonn “lipéadú cuimsitheach” lipéad aonair a úsáid le haghaidh roinnt táirgí teicstíle nó roinnt comhpháirteanna teicstíle;

(j)

ciallaíonn “táirge indiúscartha” táirge teicstíle arna cheapadh le húsáid aon uair amháin nó ar feadh tréimhse teoranta ama, agus nach mbeartaítear lena ghnáthúsáid é a úsáid arís chun na críche céanna nó chun críche comhchosúla.

(k)

ciallaíonn “cion comhaontaithe” an luach aisghabhála taise a úsáidtear i ríomh chéatadán na comhpháirte snáithíní ar bhonn maise tirime glaine, arna choigeartú ag gnáthfhachtóirí.

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe ar “a chur ar fáil ar an margadh”, “a chur ar an margadh”, “monaróir”, “allmhaireoir”, “dáileoir”, “oibreoirí eacnamaíocha”, “caighdeán comhchuibhithe”, “faireachas margaidh” agus “údarás um fhaireachas margaidh” a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.

Airteagal 4

Ceanglas ginearálta maidir le táirgí teicstíle a chur ar fáil ar an margadh

Ní chuirfear táirgí teicstíle ar fáil ar an margadh ach ar choinníoll go ndéanfar na táirgí sin a lipéadú agus a mharcáil nó go gcuirfear doiciméid tráchtála ag gabháil leo i gcomhréir leis an Rialachán seo.

CAIBIDIL 2

Ainmneacha snáithíní teicstíle agus ceanglais maidir le lipéadú gaolmhar agus le marcáil ghaolmhar

Airteagal 5

Ainmneacha snáithíní teicstíle

1.   Is iad na hainmneacha snáithíní teicstíle a liostaítear in Iarscríbhinn I, agus na hainmneacha sin amháin, a úsáidfear chun comhdhéanaimh snáithíneacha táirgí teicstíle a thuairisciú ar lipéid nó marcálacha.

2.   Déanfar na hainmneacha a liostaítear in Iarscríbhinn I a fhorchoimeád do shnáithíní teicstíle a gcomhfhreagraíonn a gcineál don tuairisc a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.

Ní úsáidfear na hainmneacha le haghaidh snáithíní eile, bídís ina n-aonar nó mar fhréamh nó mar aidiacht.

Ní úsáidfear an téarma “síoda” chun cruth snáithíní teicstíle ná cur i láthair snáithíní teicstíle mar shnáithe filiméadach leanúnach a chur in iúl.

Airteagal 6

Iarratais ar ainmneacha snáithíní teicstíle nua

Féadfaidh aon mhonaróir nó aon duine a bheidh ag gníomhú thar a cheann iarratas a dhéanamh chuig an gCoimisiún chun ainm snáithín teicstíle nua a chur leis an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

Áireofar leis an iarratas comhad teicniúil a thiomsófar i gcomhréir le hIarscríbhinn II.

Airteagal 7

Táirgí íona teicstíle

1.   Ní fhéadfar ach táirgí teicstíle atá comhdhéanta go heisiach den snáithín céanna a lipéadú ná a mharcáil mar “100 %”, “íon” nó “ar fad”.

Ní úsáidfear na téarmaí sin nó téarmaí comhchosúla do tháirgí teicstíle eile.

2.   Gan dochar d'Airteagal 8 (3), féadfar déileáil le táirge teicstíle nach mó ná 2 %, de réir meáchain, na snáithíní coimhthíocha atá ann, mar tháirge atá comhdhéanta go heisiach den snáithín céanna, ar choinníoll go bhfuil údar maith leis an gcainníocht seo mar ní a bhfuil sé dosheachanta go teicniúil déanamh dá éagmais faoi dhea-chleachtas monaraithe agus nach gcuirfear isteach í mar chúrsa gnáthaimh.

Féadfar déileáil le táirge teicstíle, a ndearnadh próiseas cardála air, mar tháirge atá comhdhéanta go heisiach den snáithín céanna mura bhfuil níos mó ná 5 % snáithíní coimhthíocha ann de réir meáchain, ar choinníoll go bhfuil údar maith leis an gcainníocht sin a chur ann mar ní a bhfuil sé dosheachanta go teicniúil déanamh dá éagmais le linn dea-chleachtais monaraithe agus nach bhfuiltear á cur isteach mar chúrsa gnáthaimh.

Airteagal 8

Táirgí olann lomra nó táirgí olann ógh

1.   Féadfar táirge teicstíle a lipéadú nó a mharcáil le ceann de na hainmneacha a leagtar amach in Iarscríbhinn III ar choinníoll go bhfuil sé comhdhéanta ar fad de shnáithín olla nár ioncorpraíodh cheana i dtáirge críochnaithe, nach ndearnadh aon phróiseas sníomhta agus/nó feiltithe air seachas na próisis sin a bhfuil gá leo chun an táirge sin a mhonarú, agus nach ndearnadh aon damáiste dó trí chóireáil nó trí úsáid.

2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfar na hainmneacha a liostaítear in Iarscríbhinn III a úsáid chun tuairisc a dhéanamh ar olann atá i meascán snáithíní teicstíle má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go léir:

(a)

go gcomhlíonann an olann ar fad atá sa mheascán na ceanglais a shainmhínítear i mír 1;

(b)

nach lú ná 25 % de mheáchan iomlán an mheascáin an olann sin;

(c)

i gcás meascán scrábáilte, nach bhfuil an olann measctha ach le snáithín amháin eile;

Tabharfar comhdhéanamh iomlán an mheascáin sin de réir céatadáin.

3.   Ní mó ná 0,3 % de réir meáchain na snáithíní coimhthíocha a bheidh sna táirgí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, lena n-áirítear táirgí olla a ndearnadh próiseas cardála orthu, agus beidh call dosheachanta ag baint leo go teicniúil faoi dhea-chleachtas monaraithe agus ní chuirfear isteach iad mar chúrsa gnáthaimh.

Airteagal 9

Táirgí teicstíle ilsnáithíneacha

1.   Táirge teicstíle atá comhdhéanta de dhá shnáithín nó níos mó, agus nach lú ná 85 % den mheáchan iomlán é, déanfar é a lipéadú nó a mharcáil le ceann de na nithe seo a leanas:

(a)

ainm an tsnáithín nach lú ná 85 % den mheáchan iomlán é agus a chéatadán de réir meáchain díreach roimhe nó ina dhiaidh;

(b)

ainm an tsnáithín nach lú ná 85 % den mheáchan iomlán é agus na focail “íosmhéid 85 %” díreach roimhe nó ina dhiaidh;

(c)

comhdhéanamh iomlán an táirge de réir céatadáin.

2.   Táirge teicstíle atá comhdhéanta de dhá shnáithín nó níos mó, agus nach mó ná 85 % den mheáchan iomlán aon cheann díobh, déanfar é a lipéadú nó a mharcáil, ar a laghad, le hainm agus le céatadán na snáithíní de réir meáchain ag a bhfuil an céatadán is airde agus an dara céadatán is airde de réir mheáchan an táirge, agus, cuirfear díreach ina ndiaidh, ainmneacha na snáithíní eile ar comhábhair iad, in ord íslitheach den chéatadán de réir meáchain, i dteannta nó d'uireasa lua a gcéatadáin de réir meáchain.

3.   Gan dochar do mhír 2, féadfar snáithíní ar lú a meáchan ar leithligh acu ná 10 % de mheáchan iomlán táirge a ainmniú i dteannta a chéile leis an téarma “snáithíní eile”, agus déanfar an céatadán iomlán de réir meáchain a lua díreach roimhe sin nó ina dhiaidh sin;

I gcás ina sonrófar snáithín ar lú ná 10 % de mheáchan iomlán an táirge é, ní mór comhdhéanamh iomlán an táirge de réir céatadáin a lua.

4.   Táirgí a bhfuil dlúth cadáis íon agus inneach lín íon iontu agus inarb ionann céatadán an lín agus 40 % ar a laghad de mheáchan iomlán na fabraice neamhbhiánaithe, féadfar an t-ainm “cumasc cadáis lín” a chur orthu agus ní mór sonraí an chomhdhéanaimh shnáithínigh a chur leis, mar atá “dlúth cadáis íon – inneach lín íon (nó línéadaigh)”.

5.   Gan dochar d'Airteagal 5 (1), féadfar an téarma “snáithíní measctha” nó an téarma “comhdhéanamh teicstíle gan sonrú” a úsáid ar an lipéad nó ar an marc le haghaidh táirgí teicstíle ar ina leith a bhfuil sé deacair a gcomhdhéanamh a lua tráth a monaraithe.

Airteagal 10

Snáithíní maisiúla agus snáithíní a bhfuil éifeacht fhrithstatach acu

1.   Snáithíní infheicthe inleithlisithe atá ann ar mhaithe le maisiú amháin agus nach mó ná 7 % de mheáchan an táirge chríochnaithe iad, ní gá iad a chur san áireamh sna comhdhéanaimh snáithíneacha dá bhforáiltear in Airteagal 7 agus in Airteagal 9.

2.   Snáithíní miotalacha agus snáithíní eile a ionchorpraítear d'fhonn éifeacht fhrithstatach a fháil agus nach mó ná 2 % de mheáchan an táirge chríochnaithe iad, ní gá iad a chur san áireamh sna comhdhéanaimh snáithíneacha dá bhforáiltear in Airteagal 7 agus in Airteagal 9.

3.   I gcás na dtáirgí dá dtagraítear in Airteagal 9(4), ríomhfar na céatadáin dá bhforáiltear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo de réir mheáchan an dlúith agus mheáchan an innigh ar leithligh.

Airteagal 11

Táirgí teicstíle ina bhfuil dhá chomhpháirt nó níos mó

1.   Aon táirge teicstíle ina bhfuil dhá chomhpháirt teicstíle nó níos mó a mbeidh ábháir snáithín teicstíle éagsúla iontu, beidh lipéad nó marcáil air ina luafar ábhar snáithín teicstíle gach comhpháirte.

2.   Ní bheidh an lipéadú nó an mharcáil dá dtagraítear i mír 1 éigeantach do chomhpháirteanna teicstíle nuair a chomhlíonfar ina leith an dá choinníoll seo a leanas:

(a)

nach príomhlíneálacha na gcomhpháirteanna sin; agus

(b)

gur lú ná 30 % de mheáchan iomlán an táirge teicstíle iad.

3.   I gcás ina mbeidh an t-ábhar snáithín céanna ag dhá tháirge teicstíle nó níos mó agus gur aonad amháin iad de ghnáth, ní féidir ach aon lipéad amháin nó aon mharcáil amháin a bheith orthu.

Airteagal 12

Táirgí teicstíle a liostaítear in Iarscríbhinn IV a lipeadú agus a mharcáil

Léireofar comhdhéanamh snáithíneach na dtáirgí teicstíle a liostaítear in Iarscríbhinn IV i gcomhréir leis na forálacha maidir le lipéadu agus le marcáil a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 13

Lipéid agus marcálacha

1.   Aon uair a chuirfear táirgí teicstíle ar fáil ar an margadh, déanfar iad a lipéadú nó a mharcáil, d'fhonn a gcomhdhéanaimh snáithíneacha a thaispeáint.

Beidh an lipéadú nó an mharcáil ar tháirgí teicstíle marthanach, inléite go héasca, infheicthe agus insroichte, agus i gcás úsáid lipéid, beidh sé ceangailte go maith.

2.   Gan dochar do mhír 1, féadfar na doiciméid chuí tráchtála a úsáid in ionad na lipéad nó na marcálacha nuair a bheidh na táirgí á soláthar chuig oibreoirí eacnamaíocha laistigh den slabhra soláthair, nó nuair a sheachadfar iad i gcomhlíonadh ordaithe arna dhéanamh ag aon údarás conarthach mar a shainítear é le hAirteagal 1 de Threoir 2004/18/ ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le comhordú nósanna imeachta chun conarthaí oibreacha poiblí, conarthaí soláthair phoiblí agus conarthaí seirbhíse poiblí a dhámhachtain (8).

3.   Déanfar ainmneacha na dtairgí teicstíle agus na tuairiscí ar chomhdhéanaimh snáithíneacha dá dtagraítear in Airteagal 5, Airteagal 7, Airteagal 8 agus in Airteagal 9 a thaispeáint go soiléir sna doiciméid tráchtála a ghabhann leo agus dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo.

Ní úsáidfear giorrúcháin ach amháin i leith cód próiseála meicnithe, ar choinníoll go míneofar an cód sin sa doiciméad tráchtála céanna.

Airteagal 14

An oibleagáid an lipéad nó an marcáil a chur ar fáil

1.   Nuair a chuireann sé táirge teicstíle ar an margadh, áiritheoidh an monaróir go soláthrófar an lipéad nó an mharcáil agus go bhfuil an fhaisnéis air beacht. Mura bhfuil an monaróir bunaithe san Aontas, áiritheoidh an t-allmhaireoir go soláthrófar an lipéad nó an mharcáil agus go bhfuil an fhaisnéis atá orthu beacht.

2.   Maidir le dáileoir, measfar gur monaróir é chun críocha an Rialacháin seo i gcás ina gcuirfidh sé táirge ar an margadh sin faoina ainm nó faoina thrádmharc, agus i gcas ina gceanglóidh sé an lipéad é féin nó ina modhnóidh sé ábhar an lipéid.

3.   Nuair a chuirfidh sé táirge teicstíle ar fáil ar an margadh, áiritheoidh an dáileoir go bhfuil an lipéadú cuí nó an mharcáil chuí a fhorordaítear leis an Rialachán seo ar an táirge teicstíle.

4.   Áiritheoidh na hoibreoirí eacnamaíocha dá dtagraítear i mír 1, mír 2 agus mír 3 nach bhféadfar iomrall a bheith ann idir aon fhaisnéis a sholáthraítear nuair a chuirfear táirgí teicstíle ar fáil ar an margadh agus ainmneacha na dtáirgí tecstíle agus na tuairiscí ar chomhdhéanaimh snáithíneacha mar a leagtar síos iad leis an Rialachán seo.

Airteagal 15

Ainmneacha snáithíní teicstíle agus tuairiscí ar chomhdhéanamh snáithíneach a úsáid

1.   Nuair a chuirtear táirge teicstíle ar an margadh, déanfar na tuairiscí ar chomhdhéanamh snáithíneach teicstíle dá dtagraítear in Airteagal 5, Airteagal 7, Airteagal 8 agus in Airteagal 9 a thaispeáint i gcatalóga agus i litríocht trádála, ar phacáistíocht, ar lipéid agus ar mharcanna ar dhóigh atá soléite, sofheicthe, soiléir agus i gcló agus i gcló-fhoireann aonfhoirmeach. Beidh an fhaisnéis seo le feiceáil go soiléir ag an tomhaltóir sula ndéanfar an ceannach, lena n-áirítear cásanna ina ndéantar an ceannach trí mheán leictreonach.

2.   Féadfar trádmharcanna nó ainm an ghnóthais a thabhairt díreach roimh thuairiscí ar chomhdhéanamh snáithíneach teicstíle, dá dtagraítear in Airteagal 5, Airteagal 7, Airteagal 8 agus in Airteagal 9 nó díreach ina ndiaidh.

Mar sin féin, i gcás ina mbeidh ceann de na hainmneacha a liostaítear in Iarscríbhinn I, nó ainm ar dhóigh go mbeadh iomrall idir é agus ainm d'ainmneacha na snáithíní teicstíle sin, i dtrádmharc nó in ainm gnóthais, bíodh sin ina aonar nó mar fhréamh nó mar aidiacht, tabharfar an trádmharc nó an t-ainm sin díreach roimh na tuairiscí ar chomhdhéanamh snáithíneach teicstíle, dá dtagraítear in Airteagal 5, Airteagal 7, Airteagal 8 agus Airteagal 9, nó díreach ina ndiaidh.

Taispeánfar aon fhaisnéis eile go leithleach i gcónaí.

3.   Cuirfear an lipéadú nó an mharcáil ar fáil i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit a gcuirfear na táirgí teicstíle ar fáil don tomhaltóir ina chríoch mura bhforálfaidh an Ballstát lena mbaineann a mhalairt.

I gcás eatán, spól, scáinní, ceirtlíní nó méideanna beaga eile de shnáitheanna fuála, deisithe agus bróidnéireachta, beidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir leis an lipéadú cuimsitheach dá dtagraítear in Airteagal 16(3). Nuair a dhíolfar na táirgí seo go leithleach, féadfar iad a lipéadú nó a mharcáil in aon cheann de theangacha oifigiúla institiúidí an Aontais, ar choinníoll go ndéanfar iad a lipéadú go cuimsitheach freisin.

Airteagal 16

Maoluithe

1.   Beidh na rialacha a leagtar amach in Airteagal 11, Airteagal 13, in Airteagal 14 agus in Airteagal 15 faoi réir na maoluithe dá bhforáiltear i mír 2, mír 3 agus i mír 4 den Airteagal seo.

2.   Ní cheanglaítear ainmneacha snáithíní teicstíle ná comhdhéanamh snáithíneach a léiriú ar lipéid táirgí teicstíle nó ar marcálacha táirgí teicstíle a liostaítear in Iarscríbhinn V.

Mar sin féin, i gcás ina bhfuil ceann de na hainmneacha a liostaítear in Iarscríbhinn I, nó ainm ar dhóigh go mbeadh iomrall idir é agus na hainmneacha sin, i dtrádmharc nó in ainm gnóthais, bíodh sé ina aonar nó mar fhréamh nó mar aidiacht, beidh feidhm ag Airteagal 11, Airteagal 13, Airteagal 14 agus Airteagal 15.

3.   I gcás ina bhfuil táirgí teicstíle a liostaítear in Iarscríbhinn VI den chineál céanna agus den chomhdhéanamh snáithíneach céanna, féadfar iad a chur ar fáil ar an margadh le chéile maille le lipéadú a bheidh cuimsitheach.

4.   Féadfar comhdhéanamh snáithíneach de chuid táirgí teicstíle a dhíoltar de réir an mhéadair a thaispeáint ar an bhfad nó ar an rolla a chuirfear ar fáil ar an margadh.

5.   Cuirfear na táirgí teicstíle dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 4 ar fáil ar an margadh ar dhóigh go gcuirfear comhdhéanamh snáithíneach na dtáirgí sin in iúl do gach ceannaitheoir sa slabhra soláthair, lena n-áirítear an tomhaltóir.

CAIBIDIL 3

Forálacha maidir le faireachas margaidh

Airteagal 17

Seiceálacha um fhaireachas margaidh

Déanfaidh údaráis um fhaireachas margaidh seiceálacha ar chomhréireacht chomhdhéanamh snáithíneach na dtáirgí teicstíle leis an bhfaisnéis arna soláthar maidir le comhdhéanamh snáithíneach na dtáirgí sin i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 18

Comhdhéanamh snáithíneach a chinneadh

1.   D'fhonn an comhdheánamh snáithíneach tháirgí teicstíle a chinneadh, déanfar na seiceálacha dá dtagraítear in Airteagal 17 i gcomhréir leis na modhanna a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII nó leis na caighdeáin chomhchuibhithe a thugtar isteach leis an Iarscríbhinn sin.

2.   Maidir leis an gcinneadh ar chomhdhéanaimh snáithíneacha a leagtar amach in Airteagal 7, Airteagal 8 agus in Airteagal 9, ní chuirfear na hítimí a liostaítear in Iarscríbhinn VII san áireamh.

3.   Cinnfear comhdhéanaimh snáithíneacha a leagtar amach in Airteagal 7, Airteagal 8 agus in Airteagal 9 tríd an gcion comhaontaithe iomchuí a leagtar síos in Iarscríbhinn IX a fheidhmiú ar mhais ainhidriúil gach snáithín, tar éis na hítimí a leagtar amach in Iarscríbhinn VII a bhaint.

4.   Aon saotharlann atá freagrach as tástáil a dhéanamh ar mheascáin teicstíle nach bhfuil modh aonfhoirmeach anailíse ann dóibh ar leibhéal an Aontais, cinnfidh sí comhdhéanamh snáithíneach na meascán sin, agus léireoidh sí sa tuarascáil anailíse an toradh a fuarthas, an modh a úsáideadh, agus beachtas an mhodha sin.

Airteagal 19

Lamháltais

1.   D'fhonn comhdhéanamh snáithíneach táirgí teicstíle a chinneadh, beidh feidhm ag na lamháltais a leagtar síos i mír 2, mír 3 agus i mír 4.

2.   Gan dochar d'Airteagal 8(3), ní gá a chur in iúl go bhfuil snáithíní coimhthíocha sa chomhdhéanamh snáithíneach a bheidh le soláthar i gcomhréir le hAirteagal 9 mura sroichfidh an céatadán de na snáithíní sin na luachanna seo a leanas:

(a)

2 % de mheáchan iomlán an táirge teicstíle, ar choinníoll go mbeidh call leis an gcainníocht sin ar an ábhar go bhfuil sé dosheachanta go teicniúil déanamh dá héagmais faoi dhea-chleachtas monaraithe agus nach gcuirtear isteach í mar chúrsa gnáthaimh, nó

(b)

5 % den mheáchan iomlán i gcás táirgí teicstíle a ndearnadh próiseas cardála orthu ar choinníoll go mbeidh call dosheachanta leis an gcainníocht sin ar an ábhar go bhfuil sí dosheachanta go teicniúil déanamh dá héagmais faoi dhea-chleachtas monaraithe agus nach gcuirtear isteach í mar chúrsa gnáthaimh,.

3.   Ceadófar lamháltas monaraíochta de 3 % idir comhdhéanamh snáithíneach sonraithe a bheidh le soláthar i gcomhréir le hAirteagal 9 agus na céatadáin a gheofar ó anailís a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 18, i ndáil le meáchan iomlán na snáithíní arna dtaispeáint ar an lipéad nó ar an marcáil. Beidh feidhm ag lamháltas den sórt sin maidir leis na nithe seo a leanas freisin:

(a)

snáithíní a liostaítear d'uireasa aon táisc ar a gcéatadán i gcomhréir le hAirteagal 9(2);

(b)

an céatadán olla dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 8(2).

Chun críocha na hanailíse, déanfar na lamháltais a ríomh ar leithligh. Is é a bheidh sa mheáchan iomlán a chuirfear san áireamh le linn an lamháltas dá dtagraítear sa mhír seo a ríomh ná meáchan snáithíní an táirge chríochnaithe lúide meáchan aon snáithíní coimhthíocha a aimseofar le linn an lamháltas dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a fheidhmiú.

4.   Ní cheadófar na lamháltais dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 a fheidhmiú ar shlí carnach ach amháin más amhlaidh go bhfuil aon snáithíní coimhthíocha arna bhfáil trí anailís, le linn an lamháltas dá dtagraítear i mír 2 a fheidhmiú, den chineál ceimiceach céanna le snáithín amháin nó níos mó de na snáithíní a thaispeántar ar an lipéad nó ar an marcáil.

5.   I gcás táirgí teicstíle áirithe, ar ina leith a dteastaíonn lamháltais níos airde ná na cinn a leagtar síos i mír 2 agus mír 3 don phróiseas monaraíochta, féadfaidh an Coimisiún lamháltais níos airde a údarú.

Sula gcuirfidh sé an táirge teicstíle ar an margadh, cuirfidh an monaróir iarratas ar údarú faoi bhráid an Choimisiúin, agus tabharfar san iarratas sin cúiseanna leordhóthanacha leis na tosca eisceachtúla monaraíochta agus fianaise orthu. Ní dheonófar údarú ach amháin i gcásanna eisceachtúla agus i gcás ina léireoidh an monaróir go bhfuil call leordhóthanach leis.

Más iomchuí, glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 21 agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 22 agus Airteagal 23, critéir theicniúla agus rialacha nós imeachta maidir le cur i bhfeidhm na míre seo.

CAIBIDIL 4

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 20

Gníomhartha tarmligthe

1.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 21 agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 22 agus in Airteagal 23, critéir theicniúla agus rialacha nós imeachta chun Airteagal 19(5) a chur i bhfeidhm, leasuithe ar Iarscribhínní II, IV, V, VI, VII, VIII agus IX, d'fhonn dul chun cinn teicniúil a chur san áireamh a ghlacadh, mar aon le leasuithe ar Iarscríbhinn I de bhun Airteagal 6.

2.   Le linn dó na gníomhartha tarmligthe sin a ghlacadh, gníomhóidh an Coimisiún i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo.

Airteagal 21

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Maidir leis an gcumhacht chun na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 20 a ghlacadh, tabharfar don Choimisiún í go ceann tréimhse cúig bliana tar éis … (9) Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir leis na cumhachtaí tarmligthe tráth nach déanaí ná sé mhí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana. Déanfar tarmligean na gcumhachtaí a fhadú go huathoibríoch i gcomhair tréimhsí comhfhaid, mura ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle é a chúlghairm i gcomhréir le hAirteagal 22.

2.   A luaithe agus a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin méid sin an tráth céanna.

3.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 22 agus in Airteagal 23 a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

Airteagal 22

An tarmligean a chúlghairm

1.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 20 a chúlghairm aon tráth.

2.   An institiúid a mbeidh tús curtha aici le nós imeachta inmheánach lena gcinnfear an ndéanfar tarmligean na gcumhachtaí a chúlghairm, féachfaidh sí le fógra a thabhairt ina leith sin don institiúid eile agus don Choimisiún laistigh de thréimhse réasúnach sula nglacfar an cinneadh deireanach, agus luafaidh sí na cumhachtaí tharmligthe a d'fhéadfadh a bheith faoi réir cúlghairme agus na cúiseanna a d'fhéadfadh a bheith leis an gcúlghairm sin.

3.   Leis an gcinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na gcumhachtaí a shonrófar sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis láithreach nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht na ngníomhartha tarmligthe a bheidh i bhfeidhm cheana féin. Foilseofar é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 23

Agóidí in aghaidh gníomhartha tarmligthe

1.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gnímh tharmligthe laistigh de thréimhse dhá mhí ó dháta an fhógra.

Ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle, déanfar an tréimhse sin a shíneadh go ceann dhá mhí.

2.   Más rud é, ar dhul in éag don tréimhse sin, nach mbeidh agóid déanta ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle in aghaidh an ghnímh tharmligthe, foilseofar é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an dáta a bheidh luaite ann.

Féadfar an gníomh tarmligthe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus féadfaidh sé teacht i bhfeidhm roimh dhul in éag don tréimshe sin, más rud é go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis an Coimisiún a chur ar an eolas go bhfuil sé beartaithe acu gan agóidí a dhéanamh.

3.   Má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid i gcoinne gnímh tharmligthe, ní thiocfaidh an gníomh sin i bhfeidhm. Luafaidh an institiúid a mbeidh agóid á déanamh aici na cúiseanna atá le hagóid a dhéanamh i gcoinne an ghnímh tharmligthe.

Airteagal 24

Tuairisciú

Faoin … (10), cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus leagfar béim sa tuarascáil ar na hiarrataí ar ainmneacha snáithíní teicstíle nua agus ar ghlacadh na n-ainmneacha sin.

Airteagal 25

Foráil idirthréimhseach

Maidir le táirgí teicstíle atá i gcomhréir le Treoir 2008/121/CE agus a chuirfear ar an margadh roimh … (11) féadfar leanúint de na táirgí sin a chur ar fáil ar an margadh go dtí … (12).

Airteagal 26

Aisghairm

Aisghairtear leis seo Treoir 73/44/CEE, Treoir 96/73/CE agus Treoir 2008/121/CE le héifeacht ón … (11)

Déanfar tagairtí do na Treoracha aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis na táblaí comhghaoil in Iarscríbhinn X.

Airteagal 27

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige amhail ón … (11)

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh i/sa …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán


(1)  IO C 255, 22.9.2010, lch. 37.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Bealtaine 2010 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil agus Seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 6 Nollaig 2010. Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an … (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an …

(3)  IO L 83, 30.3.1973, lch. 1.

(4)  IO L 32, 3.2.1997, lch. 1.

(5)  IO L 19, 23.1.2009, lch. 29.

(6)  IO L 218, 13.8.2008, lch 30.

(7)  IO L 11, 15.1.2002, lch 4.

(8)  IO L 134, 30.4.2004, leathanach 114.

(9)  IO: Cuir isteach, le do thoil, an dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.

(10)  5 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(11)  6 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(12)  2 bhliain tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.


IARSCRÍBHINN I

Liosta ainmneacha snáithíní teicstíle

(dá dtagraítear in Airteagal 5)

Tábla 1

Líon

Ainm

Tuairisc ar an snáithín

1

olann

snáithín ó lomraí caorach nó uan (Ovis aries) nó meascán snáithíní ó lomraí caorach nó uan agus fionnadh ainmhithe atá liostaithe in ítim 2

2

alpaca, láma, camall, caismír, móihéar, angóra, viciúna, geac, guanacó, gabhar caisgeora, béabhar, dobhrán, bíodh nó ná bíodh an focal “olann” nó “fionnadh” ina ndiaidh

fionnadh na n-ainmnithe seo a leanas: alpaca, láma, camall, gabhar caismíre, gabhar angóra, coinín angóra, viciúna, geac, guanácó, gabhar caisgeora, béabhar, dobhrán

3

fionnadh nó rón, bíodh nó ná bíodh léiriú leis ar an gcineál ainmhí (e.g. fionnadh buaibhigh, fionnadh gabhair choitinn, rón)

fionnadh na n-ainmhithe éagsúla nach luaitear faoi 1 nó 2

4

síoda

snáithín a fhaightear ó fheithidí iontálta síoda amháin

5

cadás

snáithín a fhaightear ó chochaill cadáis (Gossypium)

6

capac

snáithín a fhaightear ón taobh istigh de thoradh capaic (Ceiba pentandra)

7

líon (nó línéadach)

snáithín a fhaightear ó bhasta planda lín (Linum usitatissimum)

8

fíorchnáib

snáithín a fhaightear ó bhasta cnáibe (Cannabis sativa)

9

siúit

snáithín a fhaightear ó bhasta Corchorus olitorius agus Corchorus capsularis. Chun críocha an Rialacháin seo, déileálfar le snáithíní basta a fhaightear ó na speicis seo a leanas ar an mbealach céanna a dhéileálfar le siúit: Hibiscus cannabinus, Hibiscus sabdariffa, Abutilon avicennae, Urena lobata, Urena sinuata

10

abacá (cnáib mhainileach)

snáithín a fhaightear ó dhuille cumhdaigh Musa textilis

11

alfa

snáithín a fhaightear ó dhuillí Stipa tenacissima

12

coighir (cnó cócó)

snáithín a fhaightear ó thoradh Cocos nucifera

13

giolcach shléibhe

snáithín a fhaightear ó bhasta Cytisus scoparius agus/nó Spartium Junceum

14

ráimí

snáithín a fhaightear ó bhasta Boehmeria nivea agus Boehmeria tenacissima

15

siseal

snáithín a fhaightear ó dhuillí Agave sisalana

16

Sann

snáithín a fhaightear ó bhasta Crotalaria juncea

17

Heinicéin

snáithín a fhaightear ó bhasta Agave fourcroydes

18

Magua

snáithín a fhaightear ó bhasta Agave cantala


Tábla 2

Number

Name

Fibre description

19

aicéatáit

snáithín ceallalóis aicéatáite a bhfuil níos lú ná 92 % ach ar a laghad 74 % de na grúpaí hiodrocsaile ann arna n-aicéitiliú

20

ailgionáit

snáithín a fhaightear ó shalainn mhiotalacha aigéid ailginigh

21

copró […]

snáithín ceallalóis athghinte a fhaightear tríd an bpróiseas copramóiniam

22

modal

snáithín ceallalóis athghinte a fhaightear trí phróiseas vioscósach modhnaithe a bhfuil ardfhórsa briste agus ardmhodal fliuch aige. Is é an fórsa briste (BC) sa staid choinníollaithe agus an fórsa (BM) is gá chun fadú 5 % a sholáthar sa staid fhliuch:

 

Formula

 

Formula

i gcás gurb é T an meándlús líneach i ndeiciteics

23

próitéin

snáithín a fhaightear ó shubstaintí nádúrtha prótéine arna n-athghiniúint agus arna gcobhsú trí oibriú oibreán ceimiceach

24

trí-aicéatáit

snáithín ceallalóis aicéatáite a bhfuil ar a laghad 92 % de na grúpaí hiodrocsaile ann arna n-aicéitiliú

25

vioscós

snáithín ceallalóis athghinte a fhaightear tríd an bpróiseas vioscósach do shnáithín filiméadach agus neamhleanúnach

26

aicrileach

snáithín déanta de mhacramhóilíní líneacha a bhfuil ar a laghad 85 % (de réir maise) i slabhra an phatrúin aicrilinítríligh ann

27

clórashnáithín

snáithín atá déanta as macramóilíní líneacha a bhfuil níos mó ná 50 % de réir maise de vinil chlóirínithe nó aonaid mhonaiméireacha vinilidéine chlóirínithe sa slabhra acu

28

fluarashnáithín

snáithín atá déanta as macramóilíní líneacha déanta de mhonaiméirí alafatacha fluaracarbóin

29

modaicrileach

snáithín atá déanta as macramóilíní líneacha a bhfuil níos mó ná 50 % agus níos lú ná 85 % (de réir maise) den phatrún aicrilinítríleach sa slabhra aige

30

polaimíd nó níolón

snáithín atá déanta as macramóilíní líneacha sintéiseacha a bhfuil naisc aimíde athfhillteacha sa slabhra acu a bhfuil ar a laghad 85 % díobh ceangailte le haonaid alafatacha nó cioclalafatacha

31

araimíd

snáithín atá déanta as macramóilíní líneacha sintéiseacha atá déanta de ghrúpaí aramatacha atá ceangailte ag naisc aimíde nó imíde, a bhfuil ar a laghad 85 % díobh ceangailte go díreach le dhá fhail aramatacha agus nach mó líon na nasc imíde ná líon na nasc aimíde.

32

poilimíd

snáithín atá déanta as macramóilíní líneacha sintéiseacha a bhfuil aonaid aimíde athfhillteacha sa slabhra acu

33

lióiceall

snáithín ceallalóis athghinte a fhaightear trí thuaslagadh, agus trí phróiseas sníomhta le tuaslagóir orgánach (meascán de cheimiceáin orgánacha agus uisce), gan díorthaigh a dhéanamh

34

polalachtaíd

snáithín atá déanta as macramóilíní líneacha sintéiseacha a bhfuil ar a laghad 85 % (de réir maise) d'aonaid aigéid lachtaigh eistir arna ndíorthú ó shiúcraí a fhaightear go nádúrtha sa slabhra acu, agus a bhfuil leáphointe 135 °C ar a laghad acu

35

poileistear

snáithín atá déanta as macramóilíní líneacha a bhfuil ar a laghad 85 % (de réir maise) i slabhra eistir dé-óil agus aigéid theireatalaigh acu

36

poileitiléin

snáithín atá déanta as macramóilíní líneacha hiodracarbóin sáithithe alafatacha neamhionadaithe

37

polapróipiléin

snáithín atá déanta as macramóilín líneach hiodracarbóin sáithithe alafatach ina n-iompraíonn adamh amháin as gach dhá cheann taobhshlabhra meitile i gcor iseatachtach agus d'uireasa ionadaíochta breise

38

polacarbaimíd

snáithín atá déanta as macramóilíní líneacha a bhfuil an grúpa feidhmeach uiriléine athfhillteach (NH—CO—NH) sa slabhra acu

39

polúireatán

snáithín atá déanta as macramóilíní líneacha atá déanta de shlabhraí leis an ngrúpa feidhmeach úireatáin athfhillteach

40

viniolal

snáithín atá déanta as macramóilíní líneacha a bhfuil a slabhraí déanta de phola(alcól vinile) le leibhéil éagsúla aicéatalaithe

41

trívinil

snáithín atá déanta as tearpolaiméir aicrilinítríle, monaiméir vinile clóirínithe agus an tríú monaiméir vinile, nach ionann ceann ar bith acu agus 50 % den mhais iomlán

42

leaistidhé-éin

leasteashnáithín déanta de phoilisipréin nádúrtha nó sintéiseach, nó déanta de dhé-éin amháin nó níos mó, bíodh nó ná bíodh sé nó siad polaiméirithe le monaiméir vinile amháin nó níos mó, agus ar a shíneadh go trí oiread a ghnáthfhaid, a aisghabhann go sciobtha agus go substainteach a fhad tosaigh ar a scaoileadh

43

leaisteán

leasteashnáithín déanta de 85 % ar a laghad (de réir maise) de pholúireatán deighilte, agus ar a shíneadh go trí oiread a ghnáthfhaid, a aisghabhann go sciobtha agus go substainteach a fhad tosaigh ar a scaoileadh

44

snáithín gloine

snáithín déanta de ghloine

45

leaist-ileistear

snáithín a dhéantar trí imoibriú dhá mhacramóilín líneacha nó níos mó atá éagsúil go ceimiceach in dhá chéim éagsúla nó níos mó (nach mó ná 85 % de réir maise aon cheann díobh) agus a bhfuil grúpaí eistir iontu mar an príomhaonad feidhmeach (ar a laghad 85 %) agus, tar éis na cóireála cuí, ar a shíneadh go dtí oiread go leith a ghnáthfhaid, a aisghabhann go sciobtha agus go substainteach a fhad tosaigh ar a scaoileadh

46

leastolaifín

snáithín atá déanta de 95 % (de réir maise) macramóilíní, ar a laghad, atá trasnasctha go páirteach, comhdhéanta d'eitiléin agus d'olaifín amháin eile ar a laghad agus ar a shíneadh go dtí oiread go leith a ghnáthfhaid, a aisghabhann go sciobtha agus go substainteach a fhad tosaigh ar a scaoileadh

47

meilimín

snáithín atá déanta de ar a laghad 85 % macramóilíní trasnasctha de réir maise atá comhdhéanta de dhíorthaigh meilimín

48

ainm a chomhfhreagraíonn don ábhar a bhfuil na snáithíní déanta de, e.g. miotal (miotalach, miotalaithe), aispeist, páipéar, bíodh nó ná bíodh an focal “snáithe” nó “snáithín” ina dhiaidh

snáithíní a fhaightear ó ábhair ilghnéitheacha nó ábhair nua nach liostaítear thuas


IARSCRÍBHINN II

Na híoscheanglais a bhaineann le comhad teicniúil a áireamh in iarratas ar ainm snáithín nua teicstíle

(dá dtagraítear in Airteagal 6)

In aon chomhad teicniúil atá le cur ag gabháil le hiarratas go ndéanfaí ainm snáithín nua teicstíle a áireamh sa liosta dá dtagraitear in Iarscríbhinn I, agus dá bhforailtear in Airteagal 6, beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad:

(1)

An t-ainm atá á mholadh don snáithín teicstíle:

Bainfidh an t-ainm atá á mholadh leis an gcomhdhéanamh ceimiceach agus tabharfaidh sé faisnéis faoi shainairíonna an tsnáithín, más iomchuí. Beidh an t-ainm atá á mholadh saor ó aon chearta maoine intleachtúla agus ní bheidh baint aige leis an monaróir.

(2)

An sainmhíniú atá á mholadh don snáithín teicstíle:

Na sainairíonna a luaitear sa sainmhíniú ar an snáithín teicstíle nua, amhail leaisteachas, beidh siad infhíoraithe trí bhíthin modhanna tástála atá le soláthar in éineacht leis an gcomhad teicniúil mar aon leis na torthaí turgnamhacha ó anailísí.

(3)

An snáithín teicstíle a shainaithint: foirmle cheimiceach, éagsúlachtaí le snáithíní teicstíle atá ann cheana, mar aon le, mionsonraí amhail an leáphointe, an dlús, an t-innéacs athraonach, an t-iompar ar lasadh agus speictream FTIR, más ábhartha.

(4)

An cion comhaontaithe atá á mholadh agus a bheidh le húsáid i ríomh comhdhéanaimh snáithínigh.

(5)

Modhanna um shainaithint agus um chainníochtú arna bhforbairt go leordhóthanach, lena n-áirítear sonraí turgnamhacha.

 

Measfaidh an t-iarratasóir an fhéidearthacht maidir le húsáid a bhaint as na modhanna a liostaítear in Iarscríbhinn VIII nó as na caighdeáin chomhchuibhithe atá le tabhairt isteach leis an Iarscríbhinn sin chun anailís a dhéanamh ar na meascáin tráchtála is mó a bhfuiltear ag súil leo den snáithín teicstíle nua le snáithíní teicstíle eile agus molfaidh sé ceann ar a laghad de na modhanna sin. I gcás na modhanna sin nó na gcaighdeán comhchuibhithe sin ina bhféadfar a mheas gur comhpháirt dothuaslagtha é an snáithín teicstíle, measfaidh an t-iarratasóir na fachtóirí ceartúcháin um mais a bhaineann leis an snáithín teicstíle nua. Déanfar na sonraí turgnamhacha go léir a thíolacadh in éineacht leis an iarratas.

 

Mura bhfuil na modhanna a liostaítear sa Rialachán seo oiriúnach, tabharfaidh an t-iarratasóir réasúnú leordhóthanach agus molfaidh sé modh nua.

 

Folófar san iarratas na sonraí turgnamhacha go léir maidir leis na modhanna atá á moladh. Beidh sonraí faoi bheachtas, stóinseacht agus faoi in-atrialltacht na modhanna ag gabháil leis an gcomhad.

(6)

Faisnéis bhreise chun tacú leis an iarratas: próiseas táirgthe, ábharthacht maidir leis an tomhaltóir.

(7)

Soláthróidh an monaróir nó aon duine a bheidh ag gníomhú thar a cheann samplaí ionadaíocha den snáithín íon nua agus de na meascáin ábhartha snáithíní is gá chun na modhanna um shainaithint agus um chainníochtú a bhailíochtú. Féadfaidh an Coimisiún samplaí breise de mheascáin ábhartha snáithíní a iarraidh ar an monaróir nó ar an duine a bheidh ag gníomhú thar a cheann.


IARSCRÍBHINN III

Ainmneacha dá dtagraítear in Airteagal 8(1)

—   sa Bhulgáiris: “необработена вълна”,

—   sa Spáinnis: “lana virgen” nó “lana de esquilado”,

—   sa tSeicis: “střižní vlna”,

—   sa Danmhairgis: “ren, ny uld”,

—   sa Ghearmáinis: “Schurwolle”,

—   san Eastóinis: “uus vill”,

—   sa Ghaeilge: “olann lomra”,

—   sa Ghréigis: “παρθένο μαλλί”,

—   sa Bhéarla: “fleece wool” nó “virgin wool”,

—   sa Fhraincis: “laine vierge” nó “laine de tonte”,

—   san Iodáilis: “lana vergine” nó “lana di tosa”,

—   sa Laitvis: “pirmlietojuma vilna” nó “cirptā vilna”,

—   sa Liotuáinis: “natūralioji vilna”,

—   san Ungáiris: “élőgyapjú”,

—   sa Mháltais: “suf verġni”,

—   san Ollainnis: “scheerwol”,

—   sa Pholainnis: “żywa wełna”,

—   sa Phortaingéilis: “lã virgem”,

—   sa Rómáinis: “lână virgină”,

—   sa tSlóvaicis: “strižná vlna”,

—   sa tSlóivéinis: “runska volna”,

—   san Fhionlainnis: “uusi villa”,

—   sa tSualainnis: “ny ull”


IARSCRÍBHINN IV

Forálacha speisialta maidir le táirgí teicstíle áirithe a lipéadú agus a mharcáil

(dá dtagraítear in Airteagal 12)

Táirgí

Forálacha um lipéadú agus um marcáil

1.

Na táirgí cóirséadóireachta seo a leanas:

Léireofar an comhdhéanamh snáithíneach ar an lipéad agus ar an marc trí chomhdhéanamh an táirge iomláin a lua nó trí comhdhéanamh na gcomhpháirteanna a liostaítear faoi seach a lua, go cuimsitheach nó ar leithligh:

(a)

Cíochbhearta

fabraic dhromchla na gcupaí agus an chúil, laistigh agus lasmuigh

(b)

Cóirséid

painéil righne an tosaigh, an chúil agus na dtaobhanna

(c)

Mionchóirséid

fabraic laistigh agus lasmuigh de dhromchla na gcupaí, de phanéil righne na haghaidhe agus an chúil agus de phainéil na dtaobhanna

2.

Táirgí eile cóirséadóireachta nach liostaítear thuas

léireofar an comhdhéanamh snáithíneach trí chomhdhéanamh an táirge iomláin a lua nó, trí chomhdhéanamh chomhpháirteanna éagsúla na dtáirgí a lua, go cuimsitheach nó ar leithligh. Ní bheidh an lipéadú sin éigeantach do chomhpháirteanna ar lú ná 10 % de mheáchan iomlán an táirge iad.

3.

Na táirgí cóirséadóireachta go léir

Déanfar lipéadú agus marcáil leithleach ar chodanna éagsúla an táirge cóirséadóireachta ar bhealach go mbeidh sé soiléir don tomhaltóir cén chuid den táirge a dtagraíonn an fhaisnéis ar an lipéad nó an mharcáil di.

4.

Teicstílí eitsphriontáilte

Tabharfar an comhdhéanamh snáithíneach don táirge iomlán agus féadfar é a léiriú trí chomhdhéanamh na bunfhabraice agus comhdhéanamh na gcodanna eitseáilte a lua ar bhonn leithligh. Luafar na comhpháirteanna faoina n-ainmneacha.

5.

Teicstílí bróidnithe

Tabharfar an comhdhéanamh snáithíneach don táirge iomlán agus féadfar é a léiriú trí chomhdhéanamh na bunfhabraice agus comhdhéanamh an tsnáithe bróidnéireachta a lua, ar leithligh. Luafar na comhpháirteanna sin faoina n-ainmneacha. Níl lipéadú ná marcáil den sórt sin éigeantach ach amháin do na codanna bróidnithe sin ar mó ná 10 % iad d'achar dromchla an táirge.

6.

Snáthanna a bhfuil croí agus clúdach iontu atá déanta de shnáithíní éagsúla agus arna gcur ar fáil ar an margadh amhlaidh lena ndíol leis an tomhaltóir

Tabharfar an comhdhéanamh snáithíneach don táirge iomlán agus féadfar é a léiriú trí comhdhéanamh na bunfhabraice agus trí chomhdhéanamh an chlúdaigh bróidnéireachta a lua, ar leithligh. Luafar na comhpháirteanna faoina n-ainmneacha.

7.

Veilbhit agus teicstílí pluise, nó teicstíle atá cosúil le veilbhit nó pluis

Tabharfar an comhdhéanamh snáithíneach don táirge iomlán agus, i gcás ina mbeidh taca ar leith agus dromchla úsáide ar leith atá déanta de shnáithíní éagsúla i dtáirge, féadfar é a lua ar leithligh do na comhpháirteanna sin. Luafar na comhábhair faoina n-ainmneacha.

8.

Clúdaigh urláir agus cairpéid a bhfuil an taca agus an dromchla um úsáid iontu déanta de shnáithíní éagsúla

Féadfar comhdhéanamh snáithíneach an dromchla úsáide amháin a lua. Luafar an dromchla úsáide faoina ainm.


IARSCRÍBHINN V

Táirgí teicstíle nach bhfuil lipéadú ná marcáil éigeantach ina leith

(dá dtagraítear in Airteagal 16 (2))

1.

Bandaí taca muinchille

2.

Strapaí uaireadóra déanta d'ábhair theicstíle

3.

Lipéid agus suaitheantais

4.

Ceapa stuáilte potaí d'ábhair theicstíle

5.

Púiceanna caife

6.

Púiceanna tae

7.

Cosainteoirí muinchille

8.

Mufaí seachas iad siúd atá déanta de chaitín

9.

Bláthanna saorga

10.

Pioncásanna

11.

Canbhás péinteáilte

12.

Táirgí teicstíle le haghaidh bunfhabraicí, fabraicí foleata agus righne

13.

Feilt

14.

Seantáirgí teicstíle atá déanta suas, i gcás ina sonraítear go follasach gur táirgí den sórt sin iad

15.

Loirgneáin

16.

Pacáistíocht, nach bhfuil nua agus a dhíoltar amhlaidh

17.

Hataí feilte

18.

Coimeádáin atá bog agus gan bhonn, diallaiteoireacht, d'ábhair theicstíle

19.

Earraí taistil d'ábhair theicstíle

20.

Taipéisí lámhbhróidnithe, críochnaithe nó neamhchríochnaithe, agus ábhair le haghaidh a dtáirgthe, lena n-áirítear snáitheanna bróidnéireachta, arna ndíol ar leithligh ón gcanbhás agus arna réitiú go speisialta lena n-úsáid i dtaipéisí den sórt sin

21.

Ceangail sleamhnáin

22.

Cnaipí agus búclaí atá clúdaithe le hábhair theicstíle

23.

Clúdaigh leabhar d'ábhair theicstíle

24.

Bréagáin

25.

Codanna teicstíle de choisbheart

26.

Mataí boird a bhfuil roinnt comhpháirteanna iontu agus a bhfuil achar dromchla nach mó ná 500 cm2 acu

27.

Miteoga oighinn agus ceirteacha oighinn

28.

Púiceanna uibhe

29.

Cásanna smididh

30.

Spagaí tabac déanta d'fhabraic teicstíle

31.

Cásanna déanta d'fhabraic teicstíle le haghaidh spéaclaí, toitíní, todóg, lastóirí agus cíor

32.

Clúdaigh do theileafóin shoghluaiste agus do sheinnteoirí meán iniompartha a bhfuil achar dromchla nach mó ná 160 cm2 acu.

33.

Nithe cosanta a bhfuil gá leo don spórt, cé is moite de lámhainní

34.

Málaí maisiúcháin

35.

Cásanna glanta bróg

36.

Táirgí socraide

37.

Táirgí indiúscartha, cé is moite d'fhlocas

38.

Táirgí teicstíle atá faoi réir rialacha Pharmacopoeia Eorpach agus a fholaítear le tagairt do na rialacha sin, bindealáin nach bhfuil indiúscartha le haghaidh úsáid leighis agus úsáid ortaipéideach agus táirgí teicstíle ortaipéideacha go ginearálta

39.

Táirgí teicstíle lena n-áirítear téadra, rópaí agus corda, faoi réir ítim 12 d'Iarscríbhinn VI a cheaptar de ghnáth:

(a)

lena n-úsáid mar chomhpháirteanna trealaimh i monarú agus i bpróiseáil earraí;

(b)

lena n-ionchorpú i meaisíní, i bhfearais (e.g. le haghaidh téimh, aerchóiriú nó soilsiú), i ngairis baile agus eile, i bhfeithiclí agus i modhanna eile iompair, nó a cheaptar de ghnáth leis na nithe sin a oibriú, a chothabháil nó a fheistiú, seachas clúdaigh tarpóil agus oiriúintí teicstíle do mhótarfheithiclí a dhíoltar ar leithligh ón bhfeithicil

40.

Táirgí teicstíle le haghaidh críoch cosanta agus sábháilteachta amhail criosanna sábhála, paraisiúit, seaicéid tarrthála, sleamhnáin éigeandála, gairis comhraic dóiteáin, veisteanna piléardhíonacha agus baill éadaigh cosanta speisialta (e.g. cosaint ar thine, ar shubstaintí ceimiceacha nó ar ghuaiseacha sábhála eile)

41.

Struchtúir a theanntar le haerbhrú (e.g. hallaí spóirt, seastáin taispeántais nó saoráidí stórála), ar choinníoll go dtugtar sonraí faoi fheidhmíocht agus sonraíochtaí teicniúla na dtáirgí seo

42.

Seolta

43.

Éadach ainmhithe

44.

Bratacha agus meirgí


IARSCRÍBHINN VI

Táirgí teicstíle ar leor lipéadú cuimsitheach ina leith

(dá dtagraítear in Airteagal 16(3))

1.

Ceirteacha urláir

2.

Ceirteacha glantacháin

3.

Reangaí agus ciumhsóga

4.

Passementerie

5.

Criosanna

6.

Guailleáin

7.

Crochóga agus gairtéir

8.

Iallacha bróige agus buataisí

9.

Ribíní

10.

Leaistic

11.

Pacáistíocht nua a dhíoltar amhlaidh

12.

Corda pacáistithe agus sreangán talmhaíochta; cordaí, téadra agus rópaí seachas iad siúd a thig faoi ítim 39 d'Iarscríbhinn V (1)

13.

Mataí boird

14.

Ciarsúir

15.

Eangacha le haghaidh cocán gruaige agus eangacha gruaige

16.

Carbhait agus carbhait chuachóige le haghaidh páistí

17.

Bráidíní; lámhainní níocháin agus flainíní éadain

18.

Snáthanna fuála, deisithe agus bróidnéireachta a chuirtear ar miondíol i gcainníochtaí beaga agus a bhfuil meáchan glan 1 gram nó níos lú acu

19.

Téip le haghaidh cuirtíní, dallóg agus comhlaí


(1)  Maidir leis na táirgí a thig faoin ítim seo agus a dhíoltar i bpíosaí gearrtha, is lipéadú an spóil a bheidh sa lipéadú cuimsitheach. Folaíonn an téadra agus na rópaí a thig faoin ítim sin iad siúd a úsáidtear don tsléibhteoireacht agus do spóirt uisce.


IARSCRÍBHINN VII

Ítimí nach bhfuil le cur san áireamh

chun comhdhéanamh snáithíneach a chinneadh (dá dtagraítear in Airteagal 18(2))

Táirgí

Ítimí atá eisiata

a)

Gach táirge teicstíle

(i)

Codanna neamhtheicstíle, dlúthchiumhaiseanna, lipéid agus suaitheantais, reangaí agus ciumhsóga nach dlúthchuid den táirge iad, cnaipí agus buclaí clúdaithe le hábhair theicstíle, oiriúintí, maisiúcháin, ribíní neamhleaisteacha, snáitheanna leaisteacha agus bandaí leaisteacha a chuirtear leis an táirge ag pointí atá sonrach agus teoranta agus, faoi réir na gcoinníollacha a shonraítear in Airteagal 10, snáithíní infheicthe inleithlisithe atá ann ar mhaithe le maisiú amháin agus snáithíní a bhfuil éifeacht fhrithstatach leo.

(ii)

Substaintí sailleacha, greamaitheoirí, ualuithe, treiscín, táirgí tuilte, táirgí breise ruaimnithe agus priontála agus táirgí próiseála teicstíle eile

b)

Clúdaigh urláir agus cairpéid

Gach comhpháirt seachas an dromchla um úsáid

c)

Fabraicí cumhdaitheoireachta

Dlúth agus inneach a ghreamaíonn nó a líonann agus nach cuid den dromchla um úsáid iad

d)

Taipéisí balla agus cuirtíní

Dlúth agus inneach a cheanglaíonn nó a líonann agus nach cuid de thaobh deis na fabraice iad

e)

Stocaí

Snáthanna leaisteacha breise arna n-úsáid sa chufa agus snáthanna arna n-úsáid chun an bairricín agus an tsáil a righniú agus a threisiú

f)

Riteoga

Snáthanna leaisteacha breise arna n-úsáid sa chrios agus snáthanna arna n-úsáid chun an bairricín agus an tsáil a righniú agus a threisiú

g)

Táirgí teicstíle seachas iad siúd faoi phointí b) go f)

Bunfhabraicí nó fabraicí foleata, righne agus treisithe, idir-líneálacha agus tacaí canbháis, snáitheanna fuála agus cóimeála mura gcuirtear iad in ionad dhlúth agus/nó inneach na fabraice, líonaigh gan feidhm inslithe agus, faoi réir Airteagal 11(2), líneálacha.

Chun críocha na forála seo:

(i)

ní mheasfar gur tacaí atá le baint iad bunábhar nó ábhar foleata táirgí teicstíle a bhfuil feidhm taca acu don dromchla um úsáid, go háirithe i mblaincéid agus fabraicí dúbalta, agus tacaí veilbhite nó fabraicí pluise agus táirgí gaolmhara

(ii)

ciallaíonn snáitheanna ‘righne agus treisithe’ na snáthanna nó na hábhair a chuirtear le táirgí teicstíle ag pointí sonracha, agus teoranta chun iad a threisiú nó chun righneas nó tiús a chur leo


IARSCRÍBHINN VIII

Modhanna chun anailís chainníochtúil a dhéanamh ar mheascáin dhénártha agus ar mheascáin thrínártha snáithíní teicstíle

(dá dtagraítear in Airteagal 18(1))

CAIBIDIL 1

I.   Samplaí tástála saotharlainne agus eiseamail tástála saotharlainne a ullmhú chun comhdhéanamh snáithíneach a chinneadh i leith táirgí teicstíle

1.   RAON FEIDHME

Sa Chaibidil seo tugtar modhanna oibre chun samplaí tástála saotharlainne de mhéid oiriúnach do réamhchóireáil a fháil chun anailís chainníochtúil a dhéanamh (i.e. de mhais nach mó ná 100g) ó bhulcshamplaí saotharlainne, agus d'eiseamail tástála a roghnú ó na samplaí tástála saotharlainne arna réamhchóireáil chun ábhar neamhshnáithíneach a bhaint amach (1).

2.   SAINMHÍNITHE

2.1.   Bulcfhoinse

Cainníocht an ábhair a mheasúnaítear ar bhonn sraith amháin torthaí tástála. Mar shampla, d'fhéadfadh an t-ábhar ar fad a bhaineann le haon seachadadh éadaigh amháin a bheith i gceist leis sin; an t-éadach ar fad arna fhí ó gharma ar leith; coinsíneacht snáithe, burla amhshnáithíne nó grúpa burlaí amhshnáithíne.

2.2.   Bulcshampla saotharlainne

An chuid sin den bhulcfhoinse a nglactar leis go bhfuil sé ionadaíoch i ndáil leis an iomlán, agus a bhfuil fáil ag an tsaotharlann uirthi. Beidh an bulcshampla saotharlainne de mhéid agus de nádúr oiriúnach ionas nach gcuirfidh éagsúlacht na bulcfhoinse isteach air agus chun an láimhseáil sa tsaotharlann a éascú (2).

2.3.   Sampla tástála saotharlainne

An chuid sin den bhulcshampla saotharlainne a ndéantar réamhchóireáil uirthi chun ábhar neamhshnáithíneach a bhaint, agus a nglactar eiseamail tástála aisti. Beidh an sampla tástála saotharlainne de mhéid agus de nádúr oiriúnach ionas nach gcuirfidh éagsúlacht an bhulcshampla saotharlainne isteach air (3).

2.4.   Eiseamal tástála

Cainníocht an ábhair is gá chun toradh tástála aonair a thabhairt, agus a roghnaítear as an sampla tástála saotharlainne.

3.   PRIONSABAL

Roghnaítear an sampla tástála saotharlainne ionas go bhfuil sé ionadaíoch don bhulcshampla saotharlainne.

Glactar na heiseamail tástála ón sampla tástála saotharlainne ar bhealach go bhfuil gach ceann acu ionadaíoch don sampla tástála saotharlainne.

4.   SNÁITHÍNÍ SCAOILTE A SHAMPLÁIL

4.1.   Snáithíní nach bhfuil treoshuite

Faigh an sampla tástála saotharlainne trí thom a roghnú go randamach ón mbulcshampla saotharlainne. Measc an sampla tástála saotharlainne go maith agus ina iomlán le carda saotharlainne (4). Déan réamhchóireáil ar an uige nó ar an meascán, lena n-áirítear na snáithíní scaoilte agus snáithíní atá greamaithe den trealamh a úsáidtear chun é a mheascadh. Ansin, roghnaigh eiseamail tástála, i gcomhréir leis na maiseanna faoi seach, ón uige nó ón meascán, ó na snáithíní scaoilte agus ó na snáithíní atá greamaithe den trealamh.

Má tá uige an charda fós slán i ndiaidh na réamhchóireála, roghnaigh na heiseamail tástála mar a thuairiscítear i mír 4.2. Má shuaitear uige an charda leis an réamhchóireáil, roghnaigh gach eiseamal tástála trí 16 thom bheaga ar a laghad a bhaint amach go randamach agus ansin a chur le chéile arís, ar toim iad a bheidh de mhéid oiriúnach agus a bheidh ar cóimhéid a bheag nó a mhór.

4.2.   Snáithíní treoshuite (cardaí, uigí, slisní, caisirníní)

Ó chodanna arna roghnú go randamach den bhulcshampla saotharlainne, gearr 10 gcinn ar a laghad de thrasghearradh a bhfuil mais tuairim is 1g ag gach ceann acu. Déan an réamhchóireáil ar an sampla tástála saotharlainne arna fhoirmiú amhlaidh. Cuir na trasghearrthacha le chéile arís trína leagan amach taobh le taobh agus faigh an t-eiseamal tástála trí ghearradh tríothu sa chaoi is go dtógtar cuid as gach ceann de na 10 bpíosaí.

5.   SNÁTH A SHAMPLÁIL

5.1.   Snáth i bpacáistí nó i leathaird

Bain sampla as na pacáistí go léir sa bhulcshampla saotharlainne.

Bain amach as gach pacáiste, na píosaí cuí atá leanúnach agus ar comhfhad, trí scáinní a thochras an méid céanna castaí ar spól (5), nó trí mhodh éigin eile. Aontaigh na píosaí taobh le taobh mar scáinne aonair nó mar bharrach chun an sampla tástála saotharlainne a fhoirmiú agus cinntigh go bhfuil píosaí ar comhfhad ó gach pacáiste sa scáinne nó sa bharrach.

Déan an réamhchóireáil ar an sampla tástála saotharlainne.

Glac eiseamail tástála ó na samplaí tástála saotharlainne trí ghlac snáitheanna ar comhfhad a ghearradh de scáinne nó den bharrach agus déan cinnte go bhfuil na snáitheanna uile ón sampla sa ghlac.

Más ionann t agus teics na snáithe, agus más ionann n agus líon na bpacáistí a roghnaítear ón mbulcshampla saotharlainne, chun sampla tástála 10g a fháil, is é 106/nt cm fad an tsnátha atá le tarraingt as gach pacáiste.

Má tá nt ard, i.e. níos mó ná 2 000, déan scáinne níos troime a thochras agus déan dhá thrasghearradh air chun barrach a bhfuil an mhais chuí aige a dhéanamh. Déantar foircinn aon tástála ó áit atá fada go leor ón tsnaidhm.

5.2.   Snáth ar dhlúth

Glac an sampla tástála saotharlainne trí phíosa d'fhoirceann an dlúith a ghearradh, nach giorra ná 20 cm ar fhad agus a bhfuil na snáthanna sa dlúth ann cé is moite de na snáthanna dlúthchiumhaise a fhágtar as. Ceangail na snáitheanna le chéile ag foirceann amháin. Má tá an sampla rómhór lena réamhchóireáil ina iomlán, roinn ina dhá chuid nó níos mó é, a mbeidh gach ceann díobh ceangailte le chéile le haghaidh na réamhchóireála, agus cuir na codanna le chéile arís tar éis dóibh a bheith réamhchóireáilte ar leithligh. Glac eiseamal tástála trí fhad oiriúnach a ghearradh den sampla tástála saotharlainne ag an bhfoirceann nach bhfuil an tsnaidhm aige, eiseamal a bhfuil snáitheanna uile an dlúith ann. Maidir le dlúth de N snáitheanna de theics t, is é 105/Nt cm fad eiseamal a bhfuil mais 1 g aige.

6.   FABRAIC A SHAMPLÁIL

6.1.   Ó bhulcshampla saotharlainne arb é atá ann aon ghearradh amháin atá ionadaíoch don éadach.

Gearr stiall thrasnánach ó chúinne go cúinne agus bain amach na dlúthchiumhaiseanna. Is í an stiall seo an sampla tástála saotharlainne. Chun sampla tástála saotharlainne a fháil a bhfuil mais x gram aige, is é x104/G cm2 an t-achar a bheidh sa stiall i gcás gurb é G mais an éadaigh in g/m2.

Déan an réamhchóireáil ar an sampla tástála saotharlainne agus gearr an stiall go trasnach ina ceithre phíosa chomhfhada agus déan iad a fhorshuí. Glac eiseamail tástála ó aon chuid ar bith den ábhar cisealach trí ghearradh tríd na cisil ar fad ionas go mbeidh an fad céanna as gach ciseal i ngach eiseamal.

Má tá dearadh fite ar an bhfabraic, ná bíodh leithead an tsampla tástála saotharlainne, arna thomhas i gcomhthreo leis an dlúth, níos lú ná fad an dearaidh de réir an dlúith. Más rud é, agus an coinníoll sin comhlíonta, go bhfuil an sampla tástála saotharlainne rómhór lena chóireáil ina iomlán, gearr é ina chodanna comhionanna é, déan réamhchóireáil orthu sin ar leithligh, agus déan na codanna sin a fhorshuí sula roghnófar an t-eiseamal tástála, cinntigh nach bhfuil codanna den dearadh a chomhfhreagraíonn dá chéile forshuite ar a chéile.

6.2.   Ó bhulcshampla saotharlainne a bhfuil roinnt gearrthacha ann.

Déan gach gearradh a chóireáil mar atá tuairiscthe in 6.1, agus tabhair gach toradh ar leithligh.

7.   TÁIRGÍ ATÁ DÉANTA SUAS AGUS TÁIRGÍ CRÍOCHNAITHE A SHAMPLÁIL

Táirge iomlán atá déanta suas nó táirge críochnaithe nó codán ionadaíoch de tháirge a bhíonn i mbulcshampla saotharlainne de ghnáth.

Más iomchuí, déan céatadán na gcodanna éagsúla den táirge nach bhfuil an t-inneachar snáithíneach céanna iontu a chinneadh, lena sheiceáil go bhfuil Airteagal 11 á chomhlíonadh.

Roghnaigh sampla tástála saotharlainne atá ionadaíoch don chuid den táirge atá déanta suas nó den táirge críochnaithe, a bhfuil ar a chomhdhéanamh a bheith léirithe ar an lipéad. Má tá roinnt lipéad ar an táirge, roghnaigh samplaí tástála saotharlainne atá ionadaíoch do gach cuid a chomhfhreagraíonn do lipéad ar leith.

Mura táirge aonfhoirmeach é an táirge a bhfuil a chomhdhéanamh le cinneadh, d'fhéadfadh sé gur ghá samplaí tástála saotharlainne a roghnú ó gach cuid den táirge agus cion coibhneasta na gcodanna éagsúla a chinneadh i ndáil leis an táirge iomlán i gceist.

Ansin, déan na céatadáin a ríomh, agus cion na gcodanna arna sampláil á chur san áireamh.

Déan an réamhchóireáil ar na samplaí tástála saotharlainne.

Ansin, roghnaigh eiseamail tástála atá ionadaíoch do na samplaí tástála saotharlainne arna réamhchóireáil.

II.   Réamheolas ar na modhanna d'anailís chainníochtúil a dhéanamh ar mheascáin snáithíní teicstíle

Modhanna lena ndéantar anailís chainníochtúil ar mheascáin snáithíní teicstíle: Réamhrá

Tá na modhanna lena ndéantar anailís chainníochtúil ar mheascáin snáithíní bunaithe ar dhá phríomhphróiseas, eadhon snáithíní a dheighilt de láimh agus go ceimiceach.

Úsáidfear an modh deighilte láimhe gach uair is féidir ó tharla gur beaichte, de ghnáth, na torthaí a fhaightear tríd an modh sin a úsáid ná na torthaí a fhaightear tríd an modh ceimiceach. Is féidir é a úsáid le haghaidh na dteicstílí go léir nach meascán caidreamhach a snáithíní is comhpháirt. Is amhlaidh, mar shampla, i gcás snáthanna atá comhdhéanta de roinnt eilimintí ar eilimintí iad atá déanta as aon snáithín amháin, nó i gcás fabraicí ina bhfuil cineál snáithín an dlúith éagsúil le cineál snáithín an innigh, nó i gcás fabraicí cniotáilte is féidir a roiseadh agus atá déanta as cineálacha éagsúla snáthanna.

De ghnáth, bíonn na modhanna lena ndéantar anailís chainníochtúil cheimiceach bunaithe ar thuaslagadh roghnaíoch na gcomhpháirteanna aonair. Tar éis comhpháirt a bhaint, meáitear an t-iarmhar dothuaslagtha, agus ríomhtar an cion den chomhpháirt intuaslagtha i bhfianaise na maise a cailleadh. Sa chéad chuid den Iarscríbhinn, tugtar an fhaisnéis is coiteann do na hanailísí de réir an mhodha sin ar na meascáin uile a bhfuil trácht orthu san Iarscríbhinn, is cuma cad é a gcomhdhéanamh. Dá bhrí sin, úsáidtear í in éineacht leis na ranna éagsúla den Iarscríbhinn ina bhfuil na modhanna oibre mionsonraithe is infheidhme maidir le meascáin áirithe snáithíní. Ar uairibh, is ar phrionsabal ar leith seachas ar thuaslagadh roghnaíoch a bhunaítear anailís; i gcásanna den sórt sin, tugtar na sonraí go léir sa roinn chuí.

I gcás meascán snáithíní a úsáidtear le linn na próiseála, agus feadh méide go pointe níos lú, i gcás teicstílí críochnaithe, d'fhéadfadh ábhar neamhshnáithíneach a bheith iontu, amhail saill, céaracha nó cóirithe, nó ábhar uiscethuaslagtha, bíodh siad ann ó nádúr nó bíodh siad curtha leo chun an phróiseáil a éascú. Ní mór an t-ábhar neamhshnáithíneach a bhaint roimh an anailís. Is i ngeall air sin freisin a thugtar modh chun olaí, saill, céaracha agus ábhar intuaslagtha in uisce a bhaint.

Ina theannta sin, d'fhéadfadh roisín a bheith i dteicstílí freisin, nó d'fhéadfadh ábhar eile a bheith iontu a cuireadh leo chun airíonna faoi leith a thabhairt dóibh. D'fhéadfadh ábhar den sórt sin, lena n-áirítear ábhar ruaime i gcásanna eisceachtúla, cur isteach ar oibriú an imoibrí ar an gcomhpháirt intuaslagtha agus/nó d'fhéadfadh an t-imoibrí é a bhaint go páirteach nó go hiomlán. Dá bhrí sin d'fhéadfadh ábhar den sórt sin earráid a chruthú agus ní mór é a bhaint sula ndéanfar an anailís. Más rud é nach féidir ábhar den sórt sin arna chur le teicstílí a bhaint, ní bheidh na modhanna lena ndéantar anailís chainníochtúil cheimiceach agus a thugtar san Iarscríbhinn infheidhme a thuilleadh.

Meastar gur cuid dhílis den snáithín an ruaim i bhfabraicí ruaimnithe, agus ní bhaintear í.

Is ar bhonn maise tirime a dhéantar na hanailisí agus tugtar modh oibre d'fhonn an mhais sin a chinneadh.

Faightear an toradh tríd an gcion comhaontaithe a liostaítear in Iarscríbhinn IX a chur i bhfeidhm maidir le mais thirim gach aon snáithín.

Sula ndéanfar aon anailís, ní mór na snáithíní go léir atá sa mheascán a shainaithint. I gcás modhanna áirithe, féadtar an comhpháirt dothuaslagtha i meascán a thuaslagadh go páirteach san imoibrí a úsáidtear chun an comhpháirt intuaslagtha nó na comhábhair intuaslagtha a thuaslagadh.

I gcás inarbh fhéidir, roghnaíodh imoibrithe nach mbíonn éifeacht acu nó gur beag an éifeacht a bhíonn acu ar shnáithíní dothuaslagtha. Más eol go gcailltear mais le linn na hanailíse, ceartófar an toradh; soláthraítear fachtóirí ceartúcháin chun na críche sin. Cinneadh na fachtóirí sin i saotharlanna éagsúla trí shnáithíní, arna nglanadh sa réamhchóireáil, a chóireáil leis an oibrí iomchuí mar atá sonraithe sa mhodh anailíse.

Is le snáithíní neamh-dhíghrádaithe amháin a bhaineann na fachtóirí ceartúcháin seo agus d'fhéadfadh sé go mbeadh gá le fachtóirí ceartúcháin eile más rud é gur díghrádaíodh na snáithíní le linn na próiseála nó ina diaidh. Tá na modhanna oibre a thugtar infheidhme maidir le cinntí aonair.

Déantar ar a laghad dhá chinneadh ar eiseamail leithleacha, i gcás na deighilte láimhe agus i gcás na deighilte ceimicí araon. Le haghaidh daingniúcháin, moltar modhanna oibre malartacha a úsáid ina dtuaslagtar ar dtús an comhpháirt a bhí ina iarmhar sa mhodh caighdeánach, mura bhfuil sé sin dodhéanta go teicniúil.

CAIBIDIL 2

Modhanna lena ndéantar anailís chainníochtúil ar mheascáin dhénártha áirithe snáithíní teicstíle

I.   Eolas ginearálta is coiteann do na modhanna a thugtar chun anailís chainníochtúil cheimiceach a dhéanamh ar mheascáin snáithíní teicstíle

I.1.   RAON FEIDHME

I réimse feidhme gach modha, sonraítear na snáithíní a bhfuil an modh infheidhme maidir leo.

I.2.   PRIONSABAL

Tar éis comhábhair meascáin a shainaithint, baintear an t-ábhar neamhshnáithíneach trí réamhchóireáil oiriúnach, ansin baintear ceann amháin de na comhábhair, trí thuaslagadh roghnaíoch de ghnáth (6). Meáitear an t-iarmhar dothuaslagtha agus ríomhtar an cion sin den chomhábhar intuaslagtha i bhfianaise na maise a cailleadh. Ach amháin i gcás ina mbaineann deacrachtaí teicniúla leis seo, is fearr an snáithín atá sa chion is mó a thuaslagadh chun an snáithín atá sa chion is lú a fháil mar iarmhar.

I.3.   ÁBHAIR AGUS TREALAMH

I.3.1.   Fearas

I.3.1.1.   Scagbhreogáin agus meábhuidéil atá mór go leor le gur féidir breogáin den chineál sin a chur isteach iontu, nó aon fhearas eile lena dtabharfaí torthaí comhionanna.

I.3.1.2.   Folúsfhleascán

I.3.1.3.   Triomadán a bhfuil glóthach shilice féintásctha ann.

I.3.1.4.   Oigheann aeráilte chun eiseamal a thriomú ag 105 ± 3 °C.

I.3.1.5.   Meá anailíseach, atá beacht go dtí 0,0002 g.

I.3.1.6.   Fearas eastósctha Soxhlet nó fearais eile lena dtugtar torthaí comhionanna.

I.3.2.   Imoibrithe

I.3.2.1.   Peitriliam éadrom, athdhriogtha, fiuchraon idir 40 °C agus 60 °C.

I.3.2.2.   Sonraítear imoibrithe eile faoi na ranna iomchuí de gach modh.

I.3.2.3.   Uisce driogtha nó dí-ianaithe.

I.3.2.4.   Aicéatón.

I.3.2.5.   Aigéad ortafosfarach.

I.3.2.6.   Úiré.

I.3.2.7.   Décharbónáit sóidiam.

Ba cheart go mbeadh na himoibrithe go léir a úsáidtear íon go ceimiceach.

I.4.   ATMAISFÉAR DON CHOMHOIRIÚNÚ AGUS DON TÁSTÁIL

Toisc go gcinntear na maiseanna tirime, ní gá an t-eiseamal a chomhoiriúnú ná anailísí a dhéanamh in atmaisféar comhoiriúnaithe.

I.5.   SAMPLA TÁSTÁLA SAOTHARLAINNE

Glac sampla tástála saotharlainne atá ionadaíoch don bhulcshampla saotharlainne agus a bheidh leordhóthanach chun na heiseamail uile is gá a sholáthar, ar eiseamail iad a bhfuil 1 g ar a laghad i ngach ceann acu.

I.6.   AN SAMPLA TÁSTÁLA SAOTHARLAINNE A RÉAMHCHÓIREÁIL (7)

I gcás inarb ann do shubstaint nach bhfuil le cur san áireamh sna ríomhanna céatadánacha (féach Airteagal 18 ), baintear é i dtús báire trí mhodh oiriúnach nach ndéanann difear d'aon cheann de na comhábhair shnáithíneacha.

Chun na críche sin, baintear aon ábhar neamhshnáithíneach is féidir a eastóscadh le peitriliam éadrom agus uisce tríd an sampla tástála saotharlainne a chóireáil i bhfearas eastósctha Soxhlet le peitriliam éadrom ar feadh 60 nóiméad ar a laghad, ag íosráta sé thimthriall san uair. Lig don pheitriliam éadrom galú as an sampla, ansin eastósctar trí chóireáil dhíreach é, eadhon an sampla tástála saotharlainne a chur ar maos in uisce atá ag teocht an tseomra ar feadh 60 nóiméad agus ansin é a mhaothú in uisce ag 65 ± 5 °C ar feadh uair an chloig eile agus an licéar á chorraí ó am go chéile. Úsáid cóimheas sampla tástála saotharlainne le licéar 100:1. Bain an t-uisce breise as an sampla trí fhascadh, trí shúchán nó trí lártheifneoiriú; ansin, lig don sampla aerthriomú.

I gcás leastolaifín nó meascán snáithíní a bhfuil leastolaifín agus snáithíní eile iontu (olann, fionnadh ainmhíoch, síoda, cadás, líon (nó línéadach), fíorchnáib, siúit, cnáib mhainileach, alfa, coighir, giolcach shléibhe, ráimí, siseal, copró, modal, próitéin, vioscós, aicrileach, polaimíd nó níolón, poileistear, leaist-ileistear), athraítear beagán an modh oibre a tuairiscítear thuas, a mhéid a ndéanfar aiceatón a chur in ionad an pheitriliam éadroim.

I gcás meascán dénártha snaithíní a bhfuil leastolaifín agus aicéatáit iontu, úsáidtear an modh oibre seo a leanas mar réamhchóireáil: Eastósc an sampla tástála saotharlainne ar feadh 10 nóiméad ag 80 °C le tuaslagán a bhfuil 25 g/l d'aigéad ortafosfarach 50 % agus 50 g/l úiré ann. Úsáid cóimheas sampla tástála saotharlainne le licéar 100:1. Nigh an sampla tástála saotharlainne in uisce, ansin taosc an t-uisce agus nigh i dtuaslagán décharbónáite sóidiam 0,1 % é, agus ar deireadh nigh go cúramach in uisce é.

Más rud é nach féidir ábhar neamhshnáithíneach a eastóscadh le peitriliam éadrom agus uisce, baintear é, trí mhodh oiriúnach nach ndéanann aon athrú substainteach ar aon cheann de chomhábhair an tsnáithín a úsáid in ionad an mhodha ina n-úsáidtear uisce a thuairiscítear thuas… Tabhair faoi deara, áfach, nach mbaintear na substaintí nádúrtha neamhshnáithíneacha go léir tríd an ngnáth-réamhchóireáil le peitriliam éadrom agus uisce i gcás roinnt snáithíní glasraí nádúrtha neamhthuartha (e.g. siúit, coighir); mar sin féin, ní dhéantar réamhchóireáil bhreise mura bhfuil bailchríocha atá dothuaslagtha i bpeitriliam éadrom agus in uisce araon sa sampla.

Folóidh tuarascálacha anailíse na sonraí uile faoi na modhanna réamhchóireála a úsáidtear.

I.7.   AN MODH OIBRE

I.7.1.   Treoracha ginearálta

I.7.1.1.   Triomú

Déan na hoibríochtaí uile triomúcháin le linn tréimhse nach giorra ná ceithre huaire an chloig agus nach faide ná 16 huaire an chloig ag 105 ± 3 °C in oigheann aeráilte agus bíodh doras an oighinn dúnta le linn na tréimhse sin ar fad. Más giorra tréimhse an triomaithe ná 14 huaire an chloig, ní mór an t-eiseamal a mheá le fíorú go bhfuiltear tar éis mais thairiseach a bhaint amach. Is féidir a mheas go bhfuil mais thairiseach bainte amach más rud é gur lú an t-athrúchán maise, tar éis tréimhse eile triomaithe 60 nóiméad, ná 0,05 %.

Ná láimhseáil na breogáin, meábhuidéil, eiseamail ná iarmhair le lámha nochta le linn na n-oibríochtaí triomúcháin, fuarúcháin agus meáite.

Triomaigh na heiseamail i meábhuidéal agus bíodh clúdach an bhuidéil in aice leis san oigheann. Tar éis an triomaithe, cuir stopallán sa mheábhuidéal sula mbainfear amach as an oigheann é, agus aistrigh chuig an triomadán go tapa é.

Triomaigh an scagbhreogán i meábhuidéal agus bíodh clúdach an bhuidéil in aice leis san oigheann. Tar éis an triomaithe, dún an meábhuidéal agus aisitrigh chuig an triomadán go tapa é.

Má úsáidtear fearas nach scagbhreogán é, ní mór an triomú a dhéanamh san oigheann ar dhóigh go mbeifear in ann mais thirim na snáithíní a chinneadh gan aon chailliúint.

I.7.1.2.   Fuarú

Déan na hoibríochtaí uile fuarúcháin sa triomadán agus bíodh an triomadán in aice leis an meá, go dtí go mbeidh na meábhuidéil fuaraithe go huile agus go hiomlán, nó, in aon chás ar leith, le linn tréimhse nach giorra ná dhá uair an chloig.

I.7.1.3.   Meá

Tar éis an fhuaraithe, bíodh meá an mheábhuidéil curtha i gcrích laistigh de dhá nóiméad tar éis é a thógáil amach as an triomadán. Meáigh go dtí beachtas 0,0002 g.

I.7.2.   Nós Imeachta

Glac eiseamal tástála a bhfuil meáchan 1 g ar a laghad aige as an sampla tástála saotharlainne réamhchóireáilte. Gearr snáth nó éadach ina bpíosaí tuairim is 10 mm ar fad agus bíodh siad diosctha an oiread agus is féidir. Triomaigh an t-eiseamal i meábhuidéal, fuaraigh sa triomadán é agus meáigh é. Aistrigh an t-eiseamal chuig soitheach gloine a shonraítear sa roinn iomchuí den mhodh ábhartha Aontais agus meáigh an meábhuidéal arís láithreach agus déan mais thirim an eiseamail a ríomh de réir difríochta. Cuir an tástáil i gcrích mar a shonraítear faoin gceannteideal iomchuí den mhodh is infheidhme. Scrúdaigh an t-iarmhar le micreascóp chun a fhíorú go bhfuil an chóireáil tar éis an snáithín intuaslagtha a bhaint go hiomlán.

I.8.   NA TORTHAÍ A RÍOMH AGUS A SHLOINNEADH

Sloinn mais an chomhábhair dhothuaslagtha mar chéatadán de mhais iomlán an tsnáithín sa mheascán. Is de réir difríochta a ríomhtar céatadán an chomhábhair intuaslagtha. Ríomh na torthaí ar bhonn maise glaine tirime arna gcoigeartú (a) leis an gcion comhaontaithe, agus (b) leis na fachtóirí ceartúcháin is gá chun cailliúint ábhair le linn na réamhchóireála agus na hainilíse a chur san áireamh. Déanfar na ríomhanna tríd an bhfoirmle a thugtar in I.8.2 a chur i bhfeidhm.

I.8.1.   Céatadán an chomhábhair dhothuaslagtha a ríomh ar bhonn maise tirime glaine, gan aird a thabhairt ar aon chailliúint i mais an tsnáithín le linn na réamhchóireála.

Formula

i gcás gurb é

P1%

an céatadán den chomhábhar dothuaslagtha, tirim, glan,

m

mais thirim an eiseamail tástála i ndiaidh na réamhchóireála,

r

mais thirim an iarmhair,

d

an fachtóir ceartúcháin do chailliúint maise an chomhábhair dhothuaslagtha san imoibrí le linn na hanailíse. Tugtar luachanna oiriúnacha le haghaidh “d” sa roinn ábhartha i ngach modh.

Ar ndóigh, is iad na gnáthluachanna is infheidhme maidir le snáithíní atá neamh-dhíghrádaithe go ceimiceach na luachanna le haghaidh “d”.

I.8.2.   Céatadán an chomhábhair dhothuaslagtha a ríomh ar bhonn na maise glaine tirime, arna choigeartú le gnáthfhachtóirí, agus nuair is iomchuí, ag fachtóirí ceartúcháin don chailliúint maise le linn na réamhchóireála.

Formula

i gcás gurb é

P1A%

an céatadán den chomhábhar dothuaslagtha arna choigeartú leis an gcion comhaontaithe agus don chailliúint maise le linn na réamhchóireála.

P1

an céatadán den chomhábhar dothuaslagtha tirim glan arna ríomh ar bhonn na foirmle a léirítear in I.8.1.

a1

an cion comhaontaithe don chomhábhar dothuaslagtha (féach Iarscríbhinn IX)

a2

an cion comhaontaithe don chomhábhar intuaslagtha (féach Iarscríbhinn IX)

b1

an céatadán caillteanais sa chomhábhar dothuaslagtha i ngeall ar an réamhchóireáil

b2

an céatadán caillteanais sa chomhábhar intuaslagtha i ngeall ar an réamhchóireáil

Is é P2A% = 100 - P1A% céatadán an dara comhpháirt.

I gcás gur úsáideadh réamhchóireáil speisialta, cinnfear luach b1 agus luach b2, más féidir, tríd an réamhchóireáil, a úsáidtear san anailís, a dhéanamh ar gach ceann de na comhábhair shnáithíneacha íona. Is éard atá sna snáithíní íona na snáithíní sin atá saor ó gach ábhar neamhshnáithíneach seachas an t-ábhar sin a bhíonn iontu de ghnáth (go nádúrtha nó i ngeall ar an bpróiseas monaraíochta) sa riocht (neamhthuartha, tuartha) ina mbíonn siad san ábhar a bhfuil anailís le déanamh air.

I gcás nach bhfuil snáithíní, glana, leithleacha ar fáil, ar comhábhair iad a úsáideadh i monarú an ábhair a bhfuil anailís le déanamh air, úsáidfear meánluachanna b1 agus b2 mar a fhaightear i dtástálacha a dhéantar ar shnáithíní glana atá comhchosúil leis na snáithíní sa mheascán faoi scrúdú.

Má dhéantar an ghnáth-réamhchóireáil trí eastóscadh le peitriliam éadrom agus le huisce is féidir neamhshuim a dhéanamh d'fhachtóirí ceartúcháin b1 agus b2, ach amháin i gcás cadáis neamhthuartha, lín neamhthuartha (nó línéadaigh) agus cnáibe neamhthuartha, ina nglactar leis, de réir gnáis, gurb é 4 % an chailliúint i ngeall ar an réamhchóireáil, agus i gcás polapróipiléine, ina nglactar leis gurb é 1 % an chailliúint i ngeall ar an réamhchóireáil.

I gcás snáithíní eile, is é an gnás nach gcuirtear cailliúintí i ngeall ar an réamhchóireáil san áireamh.

II.   Modh na hanailíse cainníochtúla trí dheighilt de láimh

II.1.   RAON FEIDHME

Tá an modh seo infheidhme maidir le snáithíní teicstíle de gach cineál ar choinníoll nach dlúthmheascán iad agus gur féidir iad a dheighilt de láimh.

II.2.   PRIONSABAL

Tar éis comhábhair na teicstíle a shainaithint, baintear an t-ábhar neamhshnáithíneach trí réamhchóireáil oiriúnach, ansin deighltear na snáithíní de láimh, triomaítear iad agus meáitear iad d'fhonn cion gach snáithín sa mheascán a ríomh.

II.3.   FEARAS

II.3.1.   Meábhuidéal nó aon fhearas eile a thugann torthaí comhionanna.

II.3.2.   Triomadán a bhfuil glóthach shilice féintásctha ann.

II.3.3.   Oigheann aeráilte chun eiseamal a thriomú ag 105 ± 3 °C.

II.3.4.   Meá anailíseach, atá beacht go dtí 0,0002 g.

II.3.5.   Fearas eastósctha Soxhlet nó aon fhearas eile lena dtugtar torthaí comhionanna.

II.3.6.   Snáthaid.

II.3.7.   Tástálaí casnóige nó fearas den chineál céanna.

II.4.   IMOIBRITHE

II.4.1.   Peitriliam éadrom, athdhriogtha, fiuchraon idir 40 °C agus 60 °C.

II.4.2.   Uisce driogtha nó dí-ianaithe.

II.4.3.   Aicéatón.

II.4.4.   Aigéad ortafosfarach.

II.4.5.   Úiré

II.4.6.   Décharbónáit sóidiam

Beidh na himoibrithe go léir a úsáidtear íon go ceimiceach.

II.5.   ATMAISFÉAR DON CHOMHOIRIÚNÚ AGUS DON TÁSTÁIL

Féach I.4.

II.6.   SAMPLA TÁSTÁLA SAOTHARLAINNE

Féach I.5.

II.7.   AN SAMPLA TÁSTÁLA SAOTHARLAINNE A RÉAMHCHÓIREÁIL

Féach I.6.

II.8.   NÓS IMEACHTA

II.8.1.   Anailís ar an snáth

Roghnaigh eiseamal a bhfuil mais nach lú ná 1 g aige as an sampla tástála saotharlainne réamhchóireáilte. I gcás snátha an-mhín, is féidir an anailís a dhéanamh ar fhad nach lú ná 30 m, is cuma cén mhais atá aige.

Gearr an snáth ina phíosaí a bhfuil fad oiriúnach iontu agus deighil na cineálacha snáithíní le snáthaid agus, más gá, le tástálaí casnóige. Cuirtear na cineálacha snáithíní a fhaightear amhlaidh i meábhuidéil réamh-mheáite, agus triomaítear iad ag 105 ± 3 °C go dtí go mbaintear amach mais thairiseach, mar a tuairiscítear in I.7.1 agus I.7.2.

II.8.2.   Anailís ar an éadach

I bhfad amach ó gach dlúthchiumhais, roghnaigh eiseamal a bhfuil mais nach lú ná 1 g aige as an sampla tástála saotharlainne réamhchóireáilte, eiseamal a bhfuil a chiumhaiseanna bearrtha go cúramach chun sceitheadh a sheachaint agus atá comhthreomhar le snáth an dlúith nó le snáth an innigh, nó i gcás fabraicí cniotáilte, atá comhthreomhar leis na buinní agus na cúrsaí. Deighil na cineálacha éagsúla snáithíní, cruinnigh i meábhuidéil réamh-mheáite iad agus lean ar aghaidh ar an mbealach a thuairiscítear in II.8.1.

II.9.   NA TORTHAÍ A RÍOMH AGUS A SHLOINNEADH

Sloinn mais gach comhpháirte snáithíní mar chéatadán de mhais iomlán na snáithíní atá sa mheascán. Ríomh na torthaí ar bhonn maise, glaine, tirime, arna gcoigeartú (a) leis an gcion comhaontaithe agus (b) leis na fachtóirí ceartúcháin is gá chun cailliúint ábhair le linn na réamhchóireála a chur san áireamh.

II.9.1.   An céatadán de na maiseanna snáithíní tirime glana a ríomh, gan aird a thabhairt ar mhais snáithíní a cailleadh le linn na réamhchóireála:

Formula

Is é P1%

an céatadán den chéad chomhábhar tirim, glan,

Is é m1

mais ghlan, thirim an chéad chomhábhair,

Is é m2

mais ghlan thirim an dara comhpháirt.

II.9.2.   D'fhonn céatadán gach comhpháirte arna choigeartú leis an gcion comhaontaithe agus, nuair is iomchuí, le fachtóirí ceartúcháin don chailliúint maise le linn na réamhchóireála, a ríomh, féach I.8.2.

III.1.   Beachtas na modhanna

An beachtas a luaitear i modhanna aonair, is le hin-atáirgtheacht a bhaineann sé.

Tagraíonn an in-atáirgtheacht don iontaofacht, i.e. a chomhchosúla atá na luachanna turgnamhacha a fhaigheann oibreoirí i saotharlanna éagsúla nó ag amanna éagsúla agus úsáid á baint as an modh céanna ach agus torthaí ar leithligh á ngnóthú le heiseamail ar de mheascán comhsheasmhach comhionann iad.

Sloinntear an in-atáirgtheacht le teorainneacha muiníne na dtorthaí, i gcás leibhéal muiníne 95 %.

Dá bhrí sin, dá gcuirfí an modh i bhfeidhm ar an ngnáthbhealach mar is cuí maidir le meascán comhionann, comhsheasmhach, ní sháródh an difríocht idir dhá thoradh i sraith anailísí a dhéanfaí i saotharlanna éagsúla an teorainn muiníne ach i gcúig chás as 100 cás.

III.2.   Turascáil ar an tástáil

III.2.1.   Luaigh go ndearnadh an anailís i gcomhréir leis an modh seo.

III.2.2.   Tabhair sonraí maidir le haon réamhchóireáil a rinneadh (féach I.6).

III.2.3.   Tabhair na torthaí aonair agus an meán uimhríochtúil, agus bíodh gach ceann díobh beacht go dtí 0,1.

IV.   Modhanna speisialta

Tábla Achoimre

Modh

Raon feidhme

Imoibrí/Tuairisc

Comhpháirt intuaslagtha

Comhpháirt dothuaslagtha

1.

Aicéatáit

Snáithíní áirithe eile

Aicéatón

2.

Snáithíní áirithe próitéine

Snáithíní áirithe eile

Fochlóirít

3.

Vioscós, copró nó cineálacha áirithe modal

Snáithíní áirithe eile

Aigéad formach agus clóiríd since

4.

Polaimíd nó níolón

Snáithíní áirithe eile

Aigéad formach, 80 % m/m

5.

Aicéatáit

Snáithíní áirithe eile

Alcól beinsile

6.

Trí-aicéatáit nó polalachtaíd

Snáithíní áirithe eile

Déchlóraimeatán

7.

Snáithíní áirithe ceallalóis

Snáithíní áirithe eile

Aigéad sulfarach, 75 % m/m

8.

Aicriligh, modaicriligh áirithe nó clórashnáithíní áirithe

Snáithíní áirithe eile

Démheitiolformaimíd

9.

Clórashnáithíní áirithe

Snáithíní áirithe eile

Déshuilfíd charbóin/aicéatón, 55,5/44,5 %v/v

10.

Aicéatáit

Snáithíní áirithe eile

Aigéad aicéiteach oighreach

11.

Síoda

Snáithíní áirithe eile

Aigéad sulfarach, 75 % m/m

12.

Siúit

Snáithíní áirithe ainmhíocha

Modh ina núsáidtear an cion nítrigine

13.

Polapróipiléin

Snáithíní áirithe eile

Xiléin

14.

Snáithíní áirithe eile

Clórashnáithíní (homapolaiméirí de chuid vinile clóiríde), leastolaifín nó meilimín

Aigéad sulfarach tiubhaithe

15.

Clórashnáithíní, modaicriligh áirithe, leaisteáin áirithe, aicéatáití, trí-aicéatáití

Snáithíní áirithe eile

Cioglaiheacsánón

16.

Meilimín

Cadás nó araimíd

Aigéad formach te, 90 %m/m

MODH Uimh. 1

AICÉATÁIT AGUS SNÁITHÍNÍ ÁIRITHE EILE

(Modh ina n-úsáidtear aicéatón)

1.   RAON FEIDHME

Tá an modh seo infheidhme, tar éis an t-ábhar neamhshnáithíneach a bhaint, maidir le meascáin dhénártha snáithíní ina bhfuil na nithe seo a leanas:

1.

aicéatáit (19)

agus

2.

olann (1), fionnadh ainmhíoch (2 agus 3), síoda (4), cadás (5), líon (nó línéadach) (7), fíorchnáib (8), siúit (9), cnáib mhainileach (10), alfa (11), coighir (12), giolcach shléibhe (13), ráimí (14), siseal (15), copró (21), modal (22), próitéin (23), vioscós (25), aicrileach (26), polaimíd nó níolón (30), poileistear (35), leaist-ileistear (45), leastolaifín (46) agus meilimín (47).

Níl an modh infheidhme, in imthosca ar bith, maidir le snáithíní aicéatáite a dí-aicéitilíodh ar an dromchla.

2.   PRIONSABAL

Déantar an aicéatáit a thuaslagadh le haicéatón, as mais thirim aithnid an mheascáin. Déantar an t-iarmhar a bhailiú, a ní, a thriomú agus a mheá; déantar mais an iarmhair, arna ceartú más gá, a shloinneadh mar chéatadán de mhais thirim an mheascáin. Is de réir difríochta a ríomhtar an céatadán den aicéatáit thirim.

3.   FEARAS AGUS IMOIBRITHE (sa bhreis orthu sin a shonraítear sna treoracha ginearálta)

3.1.   Fearas

Fleascáin chónúla a bhfuil stopallán gloine feistithe orthu agus a bhfuil toilleadh 200 ml ar a laghad iontu.

3.2.   Imoibrí

Aicéatón

4.   NÓS IMEACHTA TÁSTÁLA

Lean an nós imeachta a thuairiscítear sna treoracha ginearálta, ansin déan mar a leanas:

 

Cuir 100 ml aicéatóin in aghaidh gach graim den eiseamal tástála leis an eiseamal tástála atá i bhfleascán cónúil a bhfuil toilleadh 200 ml ar a laghad ann agus a bhfuil stopallán gloine feistithe air. Croith an fleascán, fág ar feadh 30 nóiméad ag teocht an tseomra é, corraigh ó am go chéile é, agus ansin scinceáil an leacht tríd an scagbhreogán meáite.

 

Déan an chóireáil sin arís faoi dhó, ( trí eastóscadh san iomlán), le haghaidh tréimhsí nach faide ná 15 nóiméad, sa chaoi is go mairfidh an chóireáil in aicéatón uair an chloig san iomlán. Aistrigh an t-iarmhar chuig an scagbhreogán. Nigh an t-iarmhar sa scagbhreogán le haicéatón, ansin taosc trí shúchán é. Athlíon an breogán le haicéatón agus lig dó sileadh trí dhomhantarraingt.

 

Ar deireadh, taosc an breogán trí shúchán, triomaigh an breogán agus an t-iarmhar, agus ansin fuaraigh iad agus meáigh iad.

5.   NA TORTHAÍ A RÍOMH AGUS A SHLOINNEADH

Déan na torthaí a ríomh mar a thuairiscítear sna treoracha ginearálta. Is é 1,00 luach “d”, ach amháin i gcás meilimín, inarb é “d” = 1,01.

6.   BEACHTAS

Maidir le meascán aonchineálach ábhar teicstíle, ní mó ná ± 1 teorainneacha muiníne na dtorthaí a fhaightear tríd an modh seo i gcás leibhéal muiníne 95 %.

MODH Uimh 2

SNÁITHÍNÍ ÁIRITHE PRÓITÉINE AGUS SNÁITHÍNÍ ÁIRITHE EILE

(Modh ina n-úsáidtear fochlóirít)

1.   RAON FEIDHME

Tá an modh seo infheidhme, tar éis an t-ábhar neamhshnáithíneach a bhaint, maidir le meascáin dhénártha snáithíní ina bhfuil na nithe seo a leanas:

1.

snáithíní áirithe próitéine, eadhon: olann (1), fionnadh ainmhíoch (2 agus 3), síoda (4), próitéin (23)

agus

2.

cadás (5), copró (21), modal (22), vioscós (25), aicrileach (26), clórashnáithíní (27), polaimíd nó níolón (30), poileistear (35), polapróipiléin (37), leaisteán (43), snáithín gloine (44), leaist-ileistear (45), leastolaifín (46), meilimín (47).

Má tá snáithíní eile próitéine ann, tugtar iomlán a méideanna ach ní thugtar a gcion leithleach leis an modh.

2.   PRIONSABAL

Déantar an snáithín próitéine a thuaslagadh le tuaslagán fochlóiríte as mais aithnid thirim an mheascáin. Déantar an t-iarmhar a bhailiú, a ní, a thriomú agus a mheá; déantar mais an iarmhair, arna ceartú más gá, a shloinneadh mar chéatadán de mhais thirim an mheascáin. Is de réir difríochta a ríomhtar an céatadán den snáithín próitéine tirime.

Is féidir fochlóirít litiam nó fochlóirít sóidiam a úsáid chun an tuaslagán fochlóiríte a ullmhú.

Moltar fochlóirít litiam a úsáid i gcásanna ina ndéantar líon beag anailísí nó le haghaidh anailísí a mbíonn idirthréimhsí sách fada eatarthu. Déantar amhlaidh toisc go bhfuil an céatadán fochlóiríte i bhfochlóirít litiam soladach tairiseach, nó geall leis, murab ionann agus an céatadán fochlóiríte i bhfochlóirít sóidiam. Más eol an céatadán den fhochlóirít, ní gá an cion fochlóiríte a sheiceáil go hiadaiméadrach i gcás gach anailíse, ó tharla gur féidir cion tairiseach meáite fochlóiríte litiam a úsáid.

3.   FEARAS AGUS IMOIBRITHE (seachas na cinn a shonraítear sna treoracha ginearálta)

3.1.   Fearas

(i)   Fleascán Erlenmeyer 250 ml a bhfuil stopallán gloine meilte air;

(ii)   teirmeastat, inchoigeartaithe go dtí 20 (± 2) °C.

3.2.   Imoibrithe

(i)   Imoibrí fochlóiríte

(a)   Tuaslagán fochlóiríte litiam

Is é atá ann tuaslagán úrullmhaithe a bhfuil 35 (± 2) g/l clóirín ghníomhaigh (tuairim is 1 M) ann, agus a gcuirtear 5 (± 0,5) g/l hiodrocsaíde sóidiam arna tuaslagadh roimh ré leis. Chun an tuaslagán a ullmhú, tuaslaig 100 gram fochlóiríte litiam a bhfuil 35 % clóirín ghníomhaigh inti (nó 115 gram a bhfuil 30 % clóirín gníomhaigh inti) i dtuairim is 700 ml uisce dhriogtha, cuir 5 g hiodrocsaíde sóidiam arna tuaslagadh i dtuairim is 200 ml uisce dhriogtha leis, ansin cuir uisce driogtha leis go 1 lítear. Ní gá an tuaslagán úrullmhaithe a sheiceáil go hiadaiméadrach.

(b)   Tuaslagán fochlóiríte sóidiam

Is é atá ann tuaslagán úrullmhaithe a bhfuil 35 (± 2) g/l clóirín ghníomhaigh (tuairim is 1 M) ann, agus a gcuirtear 5 (± 0,5) g/l hiodrocsaíde sóidiam arna tuaslagadh roimh ré leis.

Sula ndéanfar gach anailís, seiceáil go hiadaiméadrach an cion de chlóirín ghníomhach atá sa tuaslagán.

(ii)   Aigéad aicéiteach, tuaslagán caol

Caolaigh 5 ml aigéid aicéitigh oighrigh go 1 lítear le huisce.

4.   NÓS IMEACHTA TÁSTÁLA

Lean an nós imeachta a thuairiscítear sna treoracha ginearálta, ansin déan mar a leanas: measc tuairim is 1 g eiseamail tástála le tuairim is 100 ml tuaslagáin fochlóiríte (fochlóirít litiam nó fochlóirít sóidiam) sa fhleascán 250 ml agus corraigh go maith é d'fhonn an t-eiseamal tástála a fhliuchadh.

Ansin, téigh an fleascán ar feadh 40 nóiméad i dteirmeastat ag 20 °C agus corraigh gan stad é, nó corraigh go tráthrialta ar a laghad é. Toisc go dtuaslagtar an olann go heisiteirmeach, ní mór an teas imoibriúcháin a ghintear leis an modh seo a dháileadh agus a bhaint. Mura ndéantar sin, d'fhéadfadh earráidí móra a bheith ann i ngeall ar thuaslagadh tosaigh na snáithíní neamh-intuaslagtha.

Tar éis 40 nóiméad, scag a bhfuil sa fhleascán trí scagbhreogán gloine atá meáite agus aistrigh aon snáithíní iarmharacha chuig scagbhreogán tríd an bhfleascán a shruthlú le beagán imoibrí fochlóiríte. Taosc an breogán trí shúchán agus nigh an t-iarmhar le huisce, ansin le haigéad aicéiteach caol agus ar deireadh le huisce; taosc an breogán trí shúchán i ndiaidh gach níocháin. Ná déan súchán go dtí go mbeidh gach licéar níocháin silte trí dhomhantarraingt.

Ar deireadh, taosc an breogán trí shúchán, triomaigh an breogán leis an iarmhar, agus ansin fuaraigh iad agus meáigh iad.

5.   NA TORTHAÍ A RÍOMH AGUS A SHLOINNEADH

Ríomh na torthaí mar a thuairiscítear sna treoracha ginearálta. Is é 1,00 luach “d”, ach amháin i gcás cadáis, vioscóis, módal, agus meilimín, inarb é “d” = 1,01, agus i gcás cadáis neamhthuartha, inarb é “d” = 1,03.

6.   BEACHTAS

I gcás meascán aonchineálach d'ábhair theicstíle, ní mó ná ± 1 teorainneacha muiníne na dtorthaí a fhaightear tríd an modh seo do leibhéal muiníne 95 %.

MODH Uimh. 3

VIOSCÓS, COPRÓ, NÓ CINEÁLACHA ÁIRITHE MODAL AGUS SNÁITHÍNÍ ÁIRITHE EILE

(Modh ina n-úsáidtear aigéad formach agus clóiríd since)

1.   RAON FEIDHME

Tá an modh seo infheidhme, tar éis an t-ábhar neamhshnáithíneach a bhaint, maidir le meascáin dhénártha snáithíní ina bhfuil na nithe seo a leanas:

1.

vioscós (25) nó copró (21), lena n-áirítear cineálacha áirithe snáithín modal (22),

agus

2.

cadás (5), leastolaifín (46) agus meilimín (47).

Má fhionntar go bhfuil snáithín modal ann, déanfar réamhthástáil chun féachaint an bhfuil sé intuaslagtha san imoibrí.

Níl an modh seo infheidhme maidir le meascáin inar bhain díghrádú mór ceimiceach don chadás ná maidir le meascáin ina bhfágtar an vioscós nó an copró intuaslagtha go neamhiomlán i ngeall ar chineálacha áirithe ruamanna nó bailchríoch a bheith ann nach féidir a bhaint ina n-iomláine.

2.   PRIONSABAL

Déantar an vioscós, an copró nó an snáithín modal a thuaslagadh as méid aithnid de mhais thirim an mheascáin le himoibrí arb é atá ann aigéad formach agus clóiríd since. Déantar an t-iarmhar a bhailiú, a ní, a thriomú agus a mheá; déantar mais cheartaithe an iarmhair a shloinneadh mar chéatadán de mhais thirim an mheascáin. Is de réir difríochta a ríomhtar an céatadán den snáithín vioscós tirim, den snáithín chopró tirim nó den snáithín modal tirim.

3.   FEARAS AGUS IMOIBRITHE (seachas iad sin a shonraítear sna treoracha ginearálta)

3.1.   Fearas

(i)   fleascáin chónúla a bhfuil stopallán gloine feistithe orthu agus a bhfuil toilleadh 200 ml ar a laghad iontu;

(ii)   fearas chun fleascáin a choimeád ag 40 (± 2) °C.

3.2.   Imoibrithe

(i)   Tuaslagán ina bhfuil 20 g de chlóiríd since ainhidriúil chomhleáite agus 68 g d'aigéad formach ainhidriúil mar aon le huisce a chuirtear leo sin chun 100 g a dhéanamh (i.e. 20 cuid de réir maise de chlóiríd since ainhidriúil chomhleáite, agus 80 cuid de réir maise d'aigéad formaigh 85 % m/m).

NB:

Féach, ina leith seo, pointe I.3.2.2 ina leagtar síos gur cheart go mbeadh na himoibrithe go léir a úsáidtear íon go ceimiceach; chomh maith leis sin, tá sé sár-riachtanach nach n-úsáidtear ach clóiríd since ainhidriúil chomhleáite amháin.

(ii)   Tuaslagán hiodrocsaíde amóiniam: caolaigh 20 ml de thuaslagán tiubhaithe amóinia (dlús coibhneasta ag 20 °C 0,880) le huisce go 1 lítear.

4.   NÓS IMEACHTA TÁSTÁLA

Lean an nós imeachta a thuairiscítear sna treoracha ginearálta, ansin déan mar a leanas: cuir an t-eiseamal sa fhleascán láithreach agus bíodh an fleascán réamhthéite go 40 °C. Cuir 100 ml den tuaslagán aigéid fhormaigh agus clóiríde since leis. Bíodh an tuaslagán sin réamhthéite go 40 °C in aghaidh gach graim den eiseamal. Cuir an stopallán ann agus croith go láidir. Coimeád an fleascán agus a bhfuil ann ag teocht thairiseach 40 °C ar feadh dhá uair an chloig go leith; croith é uair amháin gach uair an chloig.

Scag a bhfuil sa fhleascán tríd an scagbhreogán meáite agus, le cuidiú an imoibrí, aistrigh aon snáithín atá fanta isteach sa fhleascán go dtí an breogán. Sruthlaigh in 20 ml den imoibrí a bheidh réamhthéite go 40 °C.

Nigh go maith an breogán agus an t-iarmhar in uisce atá ag 40 °C. Sruthlaigh an t-iarmhar snáithíneach i dtuairim is 100 ml de thuaslagán fuar amóinia (3.2.ii) agus cinntigh go bhfanann an t-iarmhar seo go hiomlán tumtha sa tuaslagán ar feadh 10 nóiméad (8); ansin nigh go maith in uisce fuar.

Ná déan súchán go dtí go mbeidh gach licéar níocháin silte trí dhomhantarraingt.

Ar deireadh, taosc an leacht atá fanta trí shúchán, triomaigh an breogán agus an t-iarmhar, agus ansin fuaraigh iad agus meáigh iad.

5.   NA TORTHAÍ A RÍOMH AGUS A SHLOINNEADH

Déan na torthaí a ríomh mar a thuairiscítear sna treoracha ginearálta. Is é 1,02 luach “d” i gcás cadáis, 1,01 i gcás meilimín, agus 1,00 i gcás leastolaifín.

6.   BEACHTAS

Má chuirtear an modh seo i bhfeidhm ar mheascán aonchineálach d'ábhair theicstíle, ní mó ná ± 2 a bhíonn teorainneacha muiníne na dtorthaí a fhaightear i gcás leibhéal muiníne 95 %.

MODH Uimh. 4

POLAIMÍD NÓ NÍOLÓN, AGUS SNÁITHÍNÍ ÁIRITHE EILE

(Modh ina n-úsáidtear aigéad formach 80 % m/m)

1.   RAON FEIDHME

Tá an modh seo infheidhme, tar éis an t-ábhar neamhshnáithíneach a bhaint, maidir le meascáin dhénártha snáithíní ina bhfuil na nithe seo a leanas:

1.

polaimíd nó níolón, (30),

agus

2.

olann (1), fionnadh ainmhíoch (2 agus 3), cadás (5), copró (21), modal (22), vioscós (25), aicrileach (26), clórashnáithín (27), poileistear (35), polapróipiléin (37), snáithín gloine (44), leaist-ileistear (45), leastolaifín (46), agus meilimín (47).

Mar a luadh thuas, tá an modh seo infheidhme freisin maidir le meascáin ina bhfuil olann, ach má sháraíonn an cion olla 25 %, cuirfear Modh Uimh. 2 i bhfeidhm (olann a thuaslagadh i dtuaslagán fochlóiríte sóidiam alcailí nó i dtuaslagán fochlóiríte litiam).

2.   PRIONSABAL

Déantar an snáithín polaimíde nó an snáithín níolóin a thuaslagadh as méid aithnid de mhais thirim an mheascáin le haigéad formach. Déantar an t-iarmhar a bhailiú, a ní, a thriomú agus a mheá; déantar mais an iarmhair, i bhfoirm cheartaithe más gá, a shloinneadh mar chéatadán de mhais thirim an mheascáin. Is de réir difríochta a ríomhtar an céatadán den pholaimíd thirim nó den níolón tirim.

3.   FEARAS AGUS IMOIBRITHE (seachas iad sin a shonraítear sna treoracha ginearálta)

3.1.   Fearas

Fleascán cónúil a bhfuil stopallán gloine feistithe air agus a bhfuil toilleadh 200 ml ar a laghad ann.

3.2.   Imoibrithe

(i)   Aigéad formach (80 % m/m, dlús coibhneasta ag 20 °C: 1,186). Caolaigh 880 ml d'aigéad formach 90 % m/m (dlús coibhneasta ag 20 °C: 1,204) le huisce go 1 lítear. Nó, caolaigh 780 ml d'aigéad formach 98–100 % m/m (dlús coibhneasta ag 20 °C: 1,220) le huisce go 1 lítear.

Níl an tiúchan cinntitheach sa raon aigéid fhormaigh 77–83 % m/m.

(ii)   Amóinia, tuaslagán caol: caolaigh 80 ml de thuaslagán amóinia tiubhaithe (dlús coibhneasta ag 20 °C: 0,880) le huisce go 1 lítear.

4.   NÓS IMEACHTA TÁSTÁLA

Lean an nós imeachta a thuairiscítear sna treoracha ginearálta, ansin déan mar a leanas: cuir 100 ml d'aigéad formach in aghaidh gach graim den eiseamal leis an eiseamal atá sa fhleascán cónúil a bhfuil stopallán gloine feistithe air agus a bhfuil toilleadh 200 ml ar a laghad ann. Cuir an stopallán sa fhleascán agus croith an fleascán chun an t-eiseamal a fhliuchadh. Fág an fleascán ar feadh 15 nóiméad ag teocht an tseomra agus croith go tráthrialta é. Scag a bhfuil sa fhleascán tríd an scagbhreogán meáite agus aistrigh aon snáithín iarmharach isteach sa bhreogán tríd an bhfleascán a ní i méid beag den imoibrí aigéad formach.

Taosc an breogán trí shúchán agus nigh an t-iarmhar atá ar an scagaire ar dtús in aigéad formach, ansin in uisce te, ansin i dtuaslagán amóinia caol, agus ar deireadh in uisce fuar; taosc an breogán trí shúchán i ndiaidh gach níocháin. Ná déan súchán go dtí go mbeidh gach licéar níocháin silte trí dhomhantarraingt.

Ar deireadh, taosc an breogán trí shúchán, triomaigh an breogán agus an t-iarmhar, agus ansin fuaraigh iad agus meáigh iad.

5.   NA TORTHAÍ A RÍOMH AGUS A SHLOINNEADH

Déan na torthaí a ríomh mar a thuairiscítear sna treoracha ginearálta. Is é 1,00 luach “d”, ach amháin i gcás meilimín, cás ina bhfuil “d” = 1,01.

6.   BEACHTAS

Má chuirtear an modh seo i bhfeidhm ar mheascán aonchineálach d'ábhair theicstíle, ní mó ná ± 1 teorainneacha muiníne na dtorthaí a fhaightear i gcás leibhéal muiníne 95 %.

MODH Uimh. 5

AICÉATÁIT AGUS SNÁITHÍNÍ ÁIRITHE EILE

(Modh ina n-úsáidtear alcól beinsile)

1.   RAON FEIDHME

Tá an modh seo infheidhme, tar éis an t-ábhar neamhshnáithíneach a bhaint, maidir le meascáin dhénártha snáithíní ina bhfuil na nithe seo a leanas:

1.

aicéatáit (19)

agus

2.

trí-aicéatáit (24), leastolaifín (46) agus meilimín (47).

2.   PRIONSABAL

Déantar an snáithín aicéatáite a thuaslagadh as méid aithnid de mhais thirim an mheascáin le halcól beinsile ag 52 ± 2 °C.

Déantar an t-iarmhar a bhailiú, a ní, a thriomú agus a mheá; déantar a mhais a shloinneadh mar chéatadán de mhais thirim an mheascáin. Is de réir difríochta a ríomhtar an céatadán den aicéatáit thirim.

3.   FEARAS AGUS IMOIBRITHE (seachas iad sin a shonraítear sna treoracha ginearálta)

3.1.   Fearas

(i)   Fleascán cónúil a bhfuil stopallán gloine feistithe air agus a bhfuil toilleadh 200 ml ar a laghad ann.

(ii)   Croiteoir meicniúil.

(iii)   Teirmeastat nó fearas eile chun an fleascán a choimeád ag 52 ± 2 °C.

3.2.   Imoibrithe

(i)   Alcól beinsile,

(ii)   Eatánól.

4.   NÓS IMEACHTA TÁSTÁLA

Lean an nós imeachta a thuairiscítear sna treoracha ginearálta, ansin déan mar a leanas:

 

Cuir 100 ml alcóil beinsile in aghaidh gach graim den eiseamal leis an eiseamal atá sa fhleascán cónúil. Cuir an stopallán sa fhleascán, fosaigh an fleascán ar an gcroiteoir ionas go dtumtar sa dabhach uisce é agus go gcoimeádtar ag 52 ± 2 °C é; agus croith ar feadh 20 nóiméad é ag an teocht sin.

(In ionad croiteoir meicniúil a úsáid, is féidir an fleascán a chroitheadh de láimh go láidir).

 

Scinceáil an leacht tríd an scagbhreogán meáite. Cuir dáileog eile alcóil beinsile sa fhleascán agus croith é mar a thuairiscítear thuas ag 52 ± 2 °C ar feadh 20 nóiméad.

 

Scinceáil an leacht tríd an mbreogán. Déan na céimeanna sin ar fad don tríú huair.

 

Ar deireadh, doirt an leacht agus an t-iarmhar isteach sa bhreogán; nigh aon snáithín atá fanta sa fhleascán isteach sa bhreogán le cainníocht eile alcóil beinsile ag 52 ± 2 °C. Taosc an breogán go maith.

 

Cuir na snáithíní isteach i bhfleascán, sruthlaigh in eatánól agus tar éis é a chroitheadh de láimh, scinceáil tríd an scagbhreogán.

 

Déan an oibríocht sruthlaithe seo arís faoi dhó nó faoi thrí. Cuir an t-iarmhar sa bhreogán agus taosc go maith é. Triomaigh an breogán agus an t-iarmhar, ansin fuaraigh iad agus meáigh iad.

5.   NA TORTHAÍ A RÍOMH AGUS A SHLOINNEADH

Déan na torthaí a ríomh mar a thuairiscítear sna treoracha ginearálta. Is é 1,00 luach “d”, ach amháin i gcás meilimín, cás ina bhfuil “d” = 1,01.

6.   BEACHTAS

Má chuirtear an modh seo i bhfeidhm ar mheascán aonchineálach d'ábhair theicstíle, ní mó ná ± 1 a bhíonn teorainneacha muiníne na dtorthaí a fhaightear i gcás leibhéal muiníne 95 %.

MODH Uimh 6

TRÍ-AICÉATÁITÍ NÓ POLALACHTAÍD AGUS SNÁITHÍNÍ ÁIRITHE EILE

(Modh ina n-úsáidtear déchlóraimeatán)

1.   RAON FEIDHME

Tá an modh seo infheidhme, tar éis an t-ábhar neamhshnáithíneach a bhaint, maidir le meascáin dhénártha snáithíní ina bhfuil na nithe seo a leanas:

1.

trí-aicéatáit (24) nó polalachtaíd (34)

agus

2.

olann (1), fionnadh ainmhíoch (2 agus 3), síoda (4), cadás (5), copró (21), modal (22), vioscós (25), aicrileach (26), polaimíd nó níolón (30), poileistear (35), snáithín gloine (44), leaist-ileistear (45), leastolaifín (46) agus meilimín (47).

Nóta:

Na snáithíní sin ar cuireadh bailchríoch orthu a raibh hidrealú páirteach mar thoradh air, scoireann siad de bheith go hiomlán intuaslagtha san imoibrí. I gcásanna den chineál sin, níl an modh infheidhme.

2.   PRIONSABAL

Déantar na snáithíní trí-aicéatáite nó polalachtaíde a thuaslagadh as méid aithnid de mhais thirim an mheascáin le déchlóraimeatán. Déantar an t-iarmhar a bhailiú, a ní, a thriomú agus a mheá; déantar mais an iarmhair, i bhfoirm cheartaithe más gá, a shloinneadh mar chéatadán de mhais thirim an mheascáin. Is de réir difríochta a ríomhtar an céatadán den trí-aicéatáit thirim nó den pholalachtaíd thirim.

3.   FEARAS AGUS IMOIBRITHE (seachas iad sin a shonraítear sna treoracha ginearálta)

3.1.   Fearas

Fleascán cónúil a bhfuil stopallán gloine feistithe air agus a bhfuil toilleadh 200 ml ar a laghad ann.

3.2.   Imoibrí

Déchlóraimeatán.

4.   NÓS IMEACHTA TÁSTÁLA

Lean an nós imeachta a thuairiscítear sna treoracha ginearálta, ansin déan mar a leanas:

 

Cuir 100 ml déchlóraimeatáin in aghaidh gach graim den eiseamal tástála leis an eiseamal tástála atá i bhfleascán cónúil a bhfuil toilleadh 200 ml ann, cuir an stopallán ann, croith an fleascán chun an t-eiseamal tástála a fhliuchadh agus fág ar feadh 30 nóiméad ag teocht an tseomra é; croith an fleascán gach 10 deich nóiméad. Scinceáil an leacht tríd an scagbhreogán meáite. Cuir 60 ml déchlóraimeatáin leis an bhfleascán ina bhfuil an t-iarmhar, croith de láimh é agus scag a bhfuil ann tríd an scagbhreogán. Aistrigh aon snáithíní iarmharacha isteach sa bhreogán tríd an bhfleascán a ní i méid beag eile déchlóraimeatáin. Taosc an breogán trí shúchán d'fhonn aon leacht breise a bhaint, athlíon an breogán le déchlóraimeatán agus lig dó sileadh trí dhomhantarraingt.

 

Ar deireadh, déan súchán chun aon leacht sa bhreis a bhaint, ansin cóireáil an t-iarmhar le huisce atá ar fiuchadh chun an tuaslagán ar fad a bhaint, déan súchán, triomaigh an breogán agus an t-iarmhar, fuaraigh iad agus meáigh iad.

5.   NA TORTHAÍ A RÍOMH AGUS A SHLOINNEADH

Déan na torthaí a ríomh mar a thuairiscítear sna treoracha ginearálta. Is é 1,00 luach “d”, seachas i gcás poileistir, leaist-ileistir, leastolaifín agus meilimín; 1,01 is ea luach “d” sna cásanna sin.

6.   BEACHTAS

Má chuirtear an modh seo i bhfeidhm ar mheascán aonchineálach d'ábhair theicstíle, ní mó ná ± 1 a bhíonn teorainneacha muiníne na dtorthaí a fhaightear i gcás leibhéal muiníne 95 %.

MODH Uimh 7

SNÁITHÍNÍ ÁIRITHE CEALLALÓIS AGUS SNÁITHÍNÍ ÁIRITHE EILE

(Modh ina n-úsáidtear aigéad sulfarach 75 % m/m)

1.   RAON FEIDHME

Tá an modh seo infheidhme, tar éis an t-ábhar neamhshnáithíneach a bhaint, maidir le meascáin dhénártha snáithíní ina bhfuil na nithe seo a leanas:

1.

cadás (5), líon (nó línéadach) (7), fíorchnáib (8), ráimí (14), copró (21), modal (22), vioscós (25)

agus

2.

poileistear (35), leaist-ileistear (45) agus leastolaifín (46).

2.   PRIONSABAL

Déantar an snáithín ceallalóis a thuaslagadh as méid aithnid de mhais thirim an mheascáin le haigéad sulfarach 75 % m/m. Déantar an t-iarmhar a bhailiú, a ní, a thriomú agus a mheá; déantar a mhais a shloinneadh mar chéatadán de mhais thirim an mheascáin. Is de réir difríochta a ríomhtar an cion den snáithín ceallalóis tirim.

3.   FEARAS AGUS IMOIBRITHE (seachas iad sin a shonraítear sna treoracha ginearálta)

3.1.   Fearas

(i)   Fleascán cónúil a bhfuil stopallán gloine feistithe air agus a bhfuil toilleadh 500 ml ar a laghad ann.

(ii)   Teirmeastat nó fearas eile chun an fleascán a choimeád ag 50 ± 5 °C.

3.2.   Imoibrithe

(i)   Aigéad sulfarach, 75 ± 2 % m/m

Ullmhaigh an tuaslagán trí 700 ml d'aigéad sulfarach (dlús coibhneasta ag 20 °C: 1,84) a chur go cúramach, agus é ag fuarú, le 350 ml d'uisce driogtha.

Nuair a bheidh an tuaslagán fuaraithe go teocht an tseomra caolaigh go 1 lítear le huisce é.

(ii)   Amóinia, tuaslagán caol

Caolaigh 80 ml de thuaslagán amóinia (dlús coibhneasta 0,880 ag 20 °C) le huisce go 1 lítear.

4.   NÓS IMEACHTA TÁSTÁLA

Lean an nós imeachta a thuairiscítear sna treoracha ginearálta, ansin déan mar a leanas:

 

Cuir 200 ml d'aigéad sulfarach 75 % in aghaidh gach graim den eiseamal leis an eiseamal atá i bhfleascán cónúil a bhfuil toilleadh 500 ml ar a laghad ann, cuir an stopallán sa fhleascán agus croith go cúramach é chun an t-eiseamal a fhliuchadh.

 

Coimeád an fleascán ag 50 ± 5 °C ar feadh uair an chloig, croith é go tráthrialta tuairim is gach 10 nóiméad. Scag a bhfuil sa fhleascán tríd an scagbhreogán meáite trí shúchán. Aistrigh aon snáithíní iarmharacha tríd an bhfleascán a ní le beagán d'aigéad sulfarach 75 %. Taosc an scagbhreogán trí shúchán agus nigh an t-iarmhar atá ar an scagaire aon uair amháin tríd an mbreogán a líonadh le cion úr d'aigéad sulfarach. Ná déan súchán go dtí go mbeidh an t-aigéad silte trí dhomhantarraingt.

 

Nigh an t-iarmhar roinnt uaireanta in uisce fuar ar dtús, ansin i dtuaslagán caol amóinia faoi dhó, ansin go lánchúramach in uisce fuar; taosc an breogán trí shúchán i ndiaidh gach níocháin. Ná déan súchán go dtí go mbeidh gach licéar níocháin silte trí dhomhantarraingt. Ar deireadh, taosc an leacht atá fanta sa bhreogán trí shúchán, triomaigh an breogán agus an t-iarmhar, agus ansin fuaraigh iad agus meáigh iad.

5.   NA TORTHAÍ A RÍOMH AGUS A SHLOINNEADH

Déan na torthaí a ríomh mar a thuairiscítear sna treoracha ginearálta. Is é 1,00 luach “d”.

6.   BEACHTAS

Má chuirtear an modh seo i bhfeidhm ar mheascán aonchineálach d'ábhair theicstíle, ní mó ná ± 1 a bhíonn teorainneacha muiníne na dtorthaí a fhaightear i gcás leibhéal muiníne 95 %.

MODH Uimh 8

AICRILIGH, MODAICRILIGH ÁIRITHE NÓ CLÓRASHNÁITHÍNÍ ÁIRITHE AGUS SNÁITHÍNÍ ÁIRITHE EILE

(Modh ina n-úsáidtear démheitiolformaimíd)

1.   RAON FEIDHME

Tá an modh seo infheidhme, tar éis an t-ábhar neamhshnáithíneach a bhaint, maidir le meascáin dhénártha snáithíní ina bhfuil na nithe seo a leanas:

1.

aicriligh (26), modaicriligh áirithe (29), nó clórashnáithíní áirithe (27) (9)

agus

2.

olann (1), fionnadh ainmhíoch (2 agus 3), síoda (4), cadás (5), copró (21), modal (22), vioscós (25), polaimíd nó níolón (30), poileistear (35), leaist-ileistear (45), leastolaifín (46) agus meilimín (47).

Tá an modh seo chomh hinfheidhme maidir le haicriligh agus atá sé le modaicriligh áirithe atá cóireáilte le ruamanna réamh-mhiotalaithe, ach níl sé infheidhme maidir le haicriligh agus modaicriligh áirithe atá ruaimnithe le ruamanna iarchróim.

2.   PRIONSABAL

Déantar an t-aicrileach, an modaicrileach nó an clórashnáithín a thuaslagadh as méid aithnid de mhais thirim an mheascáin le démheitiolformaimíd atá téite i ndabhach uisce atá ag an bhfiuchphointe. Déantar an t-iarmhar a bhailiú, a ní, a thriomú agus a mheá. Déantar mais an iarmhair a shloinneadh, i bhfoirm cheartaithe más gá, mar chéatadán de mhais thirim an mheascáin; is de réir difríochta a ríomhtar an céatadán d'aicrileach tirim, de mhodaicrileach tirim nó de chlórashnáithín tirim.

3.   FEARAS AGUS IMOIBRITHE (seachas iad sin a shonraítear sna treoracha ginearálta)

3.1.   Fearas

(i)   Fleascán cónúil a bhfuil stopallán gloine feistithe air agus a bhfuil toilleadh 200 ml ar a laghad ann.

(ii)   Dabhach uisce atá ag an bhfiuchphointe.

3.2.   Imoibrí

Démheitiolformaimíd (fiuchphointe 153 ± 1 °C) nach mó ná 0,1 % uisce atá ann.

Toisc go bhfuil an t-imoibrí seo tocsaineach, moltar cochall a úsáid.

4.   NÓS IMEACHTA TÁSTÁLA

Lean an nós imeachta a thuairiscítear sna treoracha ginearálta, ansin déan mar a leanas:

 

Déan 80 ml démheitiolformaimíde, a réamhthéadh i ndabhach uisce ag an bhfiuchphointe roimh ré, a chur, in aghaidh gach graim den eiseamal, leis an eiseamal atá i bhfleascán cónúil a bhfuil stopallán gloine feistithe air agus a bhfuil toilleadh 200 ml ar a laghad ann, cuir an stopallán ann, croith an fleascán chun an t-eiseamal a fhliuchadh, agus téigh é sa dabhach uisce ag an bhfiuchphointe ar feadh uair an chloig. Croith de láimh an fleascán agus a bhfuil ann go séimh faoi chúig le linn na tréimhse seo.

 

Scinceáil an leacht tríd an scagbhreogán meáite agus agus na snáithíní á gcoimeád sa fhleascán. Cuir 60 ml eile de dhémheitiolformaimíd isteach sa fhleascán agus téigh ar feadh 30 nóiméad eile agus lena linn sin croith de láimh an fleascán agus a bhfuil ann go séimh faoi dhó.

 

Scag a bhfuil sa fhleascán tríd an scagbhreogán trí shúchán.

 

Aistrigh aon snáithín iarmharach isteach sa bhreogán tríd an eascra a ní le démheitiolformaimíd. Taosc an scagbhreogán trí shúchán. Nigh an t-iarmhar i dtuairim is 1 lítear d'uisce te ag 70–80 °C. Líon an breogán arís gach uair.

 

Tar éis gach uaire a chuirtear uisce leis, déan súchán ar feadh tamaill bhig ach ná déan sin go dtí go mbeidh an t-uisce silte trí dhomhantarraingt. Má shileann an t-uisce go ró-mhall tríd an mbreogán, féadfar leas a bhaint as súchán éadrom.

 

Ar deireadh, triomaigh an breogán agus an t-iarmhar, ansin fuaraigh iad agus meáigh iad.

5.   NA TORTHAÍ A RÍOMH AGUS A SHLOINNEADH

Déan na torthaí a ríomh mar a thuairiscítear sna treoracha ginearálta. Is é 1,00 luach “d”, seachas i gcás olla, cadáis, copró, modal, poileistir, leaist-ileistir agus meilimín; 1,01 is ea luach “d” sna cásanna sin.

6.   BEACHTAS

Má chuirtear an modh seo i bhfeidhm ar mheascán aonchineálach d'ábhair theicstíle, ní mó ná ± 1 a bhíonn teorainneacha muiníne na dtorthaí a fhaightear i gcás leibhéal muiníne 95 %.

MODH Uimh 9

CLÓRASHNÁITHÍNÍ ÁIRITHE AGUS SNÁITHÍNÍ ÁIRITHE EILE

(Modh ina n-úsáidtear meascán de dhéshuilfíd carbóin agus aicéatón, 55,5/44,5 %v/v)

1.   RAON FEIDHME

Tá an modh seo infheidhme, tar éis an t-ábhar neamhshnáithíneach a bhaint, maidir le meascáin dhénártha snáithíní ina bhfuil na nithe seo a leanas:

1.

clórashnáithíní áirithe (27), eadhon, clórashnáithíní áirithe polaivinile, bíodh siad iarchlóirinithe nó ná bíodh (10)

agus

2.

olann (1), fionnadh ainmhíoch (2 agus 3), síoda (4), cadás (5), copró (21), modal (22), vioscós (25), aicrileach (26), polaimíd nó níolón (30), poileistear (35), snáithín gloine (44), leaist-ileistear (45) agus meilimín (47).

I gcás inar mó ná 25 % an cion olla nó síoda sa mheascán, is é Modh Uimh. 2 a úsáidfear.

I gcás inar mó ná 25 % an cion polaimíde nó níolóin sa mheascán, is é Modh Uimh. 4 a úsáidfear.

2.   PRIONSABAL

Déantar an clórashnáithín a thuaslagadh as méid aithnid de mhais thirim an mheascáin le meascán aiseotrópach de dhéshuilfíd carbóin agus aicéatón. Déantar an t-iarmhar a bhailiú, a ní, a thriomú agus a mheá; déantar mais an iarmhair, i bhfoirm cheartaithe más gá, a shloinneadh mar chéatadán de mhais thirim an mheascáin. Is de réir difríochta a ríomhtar an céatadán den snáithín clóiríde polaivinile.

3.   FEARAS AGUS IMOIBRITHE (seachas iad sin a shonraítear sna treoracha ginearálta)

3.1.   Fearas

(i)   Fleascán cónúil a bhfuil stopallán gloine feistithe air agus a bhfuil toilleadh 200 ml ar a laghad ann.

(ii)   Croiteoir meicniúil.

3.2.   Imoibrithe

(i)   Meascán aiseotrópach de dhéshuilfíd charbóin agus aicéatón (55,5 % déshuilfíde carbóin agus 44,5 % aicéatóin de réir toirte). Toisc go bhfuil an t-imoibrí seo tocsaineach, moltar cochall a úsáid.

(ii)   Eatánól (92 % de réir toirte) nó meatánól.

4.   NÓS IMEACHTA TÁSTÁLA

Lean an nós imeachta a thuairiscítear sna treoracha ginearálta, ansin déan mar a leanas:

 

Cuir 100 ml den mheascán aiseotrópach in aghaidh gach graim den eiseamal leis an eiseamal atá sa fhleascán cónúil a bhfuil stopallán gloine feistithe air agus a bhfuil toilleadh 200 ml ar a laghad ann. Cuir an stopallán isteach go daingean sa fhleascán agus croith le croiteoir meicniúil é, nó croith de láimh go láidir é, ar feadh 20 nóiméad ag teocht an tseomra.

 

Scinceáil an forleacht tríd an scagbhreogán meáite.

 

Déan an chóireáil arís agus úsáid á baint as 100 ml d'imoibrí úr. Lean de na céimeanna seo ar fad a dhéanamh go dtí nach mbeidh aon sil-leagan polaiméire fágtha ar ghloine uaireadóra nuair a dhéanfar braon den leacht eastósctha a ghalú. Aistrigh an t-iarmhar isteach sa scagbhreogán agus cuir tuilleadh imoibrithe leis, déan súchán chun an leacht a bhaint as, nigh an breogán agus an t-iarmhar in 20 ml alcóil, agus ansin sruthlaigh faoi thrí in uisce. Lig don licéar níocháin sileadh trí dhomhantarraingt sula dtaoscfar trí shúchán é. Triomaigh an breogán agus an t-iarmhar, ansin fuaraigh iad agus meáigh iad.

Nóta:

I gcás meascán áirithe a bhfuil cion ard clórashnáithín acu, d'fhéadfaí an t-eiseamal a crapadh go suntasach le linn an triomaithe, rud a fhágann go dtuaslagann an tuaslagán an clórashnáithín ar luas níos moille.

Mar sin féin, ní dhéanann sé seo difear do thuaslagadh an chlórashnáithín sa deireadh sa tuaslagán.

5.   NA TORTHAÍ A RÍOMH AGUS A SHLOINNEADH

Déan na torthaí a ríomh mar a thuairiscítear sna treoracha ginearálta. Is é 1,00 luach “d”, ach amháin i gcás meilimín, cás ina bhfuil “d” = 1,01.

6.   BEACHTAS

Má chuirtear an modh seo i bhfeidhm ar mheascán aonchineálach d'ábhair theicstíle, ní mó ná ± 1 a bhíonn teorainneacha muiníne na dtorthaí a fhaightear i gcás leibhéal muiníne 95 %.

MODH Uimh 10

AICÉATÁIT AGUS SNÁITHÍNÍ ÁIRITHE EILE

(Modh ina n-úsáidtear aigéad aicéiteach oighreach)

1.   RAON FEIDHME

Tá an modh seo infheidhme, tar éis an t-ábhar neamhshnáithíneach a bhaint, maidir le meascáin dhénártha snáithíní ina bhfuil na nithe seo a leanas:

1.

aicéatáit (19)

agus

2.

clórashnáithíní áirithe (27), eadhon snáithíní clóiríde polaivinile, bíodh siad iarchlóirinithe nó ná bíodh, leastolaifín (46) agus meilimín (47).

2.   PRIONSABAL

Déantar an snáithín aicéatáite a thuaslagadh as méid aithnid de mhais thirim an mheascáin le haigéad aicéiteach oighreach. Déantar an t-iarmhar a bhailiú, a ní, a thriomú agus a mheá; déantar mais an iarmhair, i bhfoirm cheartaithe más gá, a shloinneadh mar chéatadán de mhais thirim an mheascáin. Is de réir difríochta a ríomhtar an céatadán den aicéatáit thirim.

3.   FEARAS AGUS IMOIBRITHE (seachas iad sin a shonraítear sna treoracha ginearálta)

3.1.   Fearas

(i)   Fleascán cónúil a bhfuil stopallán gloine feistithe air agus a bhfuil toilleadh 200 ml ar a laghad ann.

(ii)   Croiteoir meicniúil.

3.2.   Imoibrí

Aigéad aicéiteach oighreach (níos mó ná 99 %). Toisc go bhfuil an t-imoibrí seo fíorloiscneach, ní mór é a láimhseáil go cúramach.

4.   NÓS IMEACHTA TÁSTÁLA

Lean an nós imeachta a thuairiscítear sna treoracha ginearálta, ansin déan mar a leanas:

 

Cuir 100 ml d'aigéad aicéiteach oighreach in aghaidh gach graim den eiseamal leis an eiseamal atá sa fhleascán cónúil a bhfuil stopallán gloine feistithe air agus a bhfuil toilleadh 200 ml ar a laghad ann. Cuir an stopallán isteach go daingean sa fhleascán agus croith le croiteoir meicniúil é, nó croith de láimh go láidir é, ar feadh 20 nóiméad ag teocht an tseomra. Scinceáil an leacht atá ar snámh tríd an scagbhreogán meáite. Déan an chóireáil seo faoi dhó arís agus úsáid á baint as 100 ml d'imoibrí úr gach babhta; sin trí eastóscadh san iomlán.

 

Aistrigh an t-iarmhar isteach sa scagbhreogán, taosc trí shúchán é chun an leacht a bhaint as, ansin sruthlaigh an breogán agus an t-iarmhar in 50 ml d'aigéad aicéiteach oighreach, ansin sruthlaigh faoi thrí in uisce é. I ndiaidh gach sruthlaithe, lig don leacht sileadh trí dhomhantarraingt sula ndéanfar súchán. Triomaigh an breogán agus an t-iarmhar, ansin fuaraigh iad agus meáigh iad.

5.   NA TORTHAÍ A RÍOMH AGUS A SHLOINNEADH

Déan na torthaí a ríomh mar a thuairiscítear sna treoracha ginearálta. Is é 1,00 luach “d”.

6.   BEACHTAS

Má chuirtear an modh seo i bhfeidhm ar mheascán aonchineálach d'ábhair theicstíle, ní mó ná ± 1 a bhíonn teorainneacha muiníne na dtorthaí a fhaightear i gcás leibhéal muiníne 95 %.

MODH Uimh 11

SÍODA AGUS SNÁITHÍNÍ ÁIRITHE EILE

(Modh ina n-úsáidtear aigéad sulfarach 75 % m/m)

1.   RAON FEIDHME

Tá an modh seo infheidhme, tar éis an t-ábhar neamhshnáithíneach a bhaint, maidir le meascáin dhénártha snaíthíní ina bhfuil na nithe seo a leanas:

1.

síoda (4)

agus

2.

olann (1), fionnadh ainmhíoch (2 agus 3), leastolaifín (46), meilimín (47).

2.   PRIONSABAL

Déantar na snáithíní síoda a thuaslagadh as méid aithnid de mhais thirim an mheascáin le haigéad sulfarach 75 % m/m (11).

Déantar an t-iarmhar a bhailiú, a ní, a thriomú agus a mheá. Déantar mais an iarmhair, i bhfoirm cheartaithe más gá, a shloinneadh mar chéatadán de mhais thirim an mheascáin. Is de réir difríochta a ríomhtar an céatadán den síoda tirim.

3.   FEARAS AGUS IMOIBRITHE (seachas iad sin a shonraítear sna treoracha ginearálta)

3.1.   Fearas

Fleascán cónúil a bhfuil stopallán gloine feistithe air agus a bhfuil toilleadh 200 ml ar a laghad ann.

3.2.   Imoibrithe

(i)   Aigéad sulfarach (75 ± 2 % m/m)

Ullmhaigh an tuaslagán trí 700 ml d'aigéad sulfarach (dlús coibhneasta 1,84 ag 20 °C) a chur go cúramach, agus é ag fuarú, le 350 ml d'uisce driogtha.

Tar éis é a fhuarú go dtí teocht an tseomra, caolaigh an tuaslagán go 1 lítear le huisce.

(ii)   Aigéad sulfarach, tuaslagán caol: cuir 100 ml d'aigéad sulfarach (dlús coibhneasta 1,84 ag 20 °C) go mall le 1 900 ml d'uisce driogtha.

(iii)   Amóinia, tuaslagán caol: caolaigh 200 ml d'amóinia tiubhaithe (dlús coibhneasta 0,880 ag 20 °C) le huisce go 1 lítear.

4.   NÓS IMEACHTA TÁSTÁLA

Lean an nós imeachta a thuairiscítear sna treoracha ginearálta, ansin déan mar a leanas:

 

Cuir 100 ml d'aigéad formach 75 % m/m in aghaidh gach graim den eiseamal leis an eiseamal atá sa fhleascán cónúil a bhfuil stopallán gloine feistithe air agus a bhfuil toilleadh 200 ml ar a laghad ann agus cuir an stopallán ann. Croith go láidir agus fág ar feadh 30 nóiméad é ag teocht an tseomra. Croith arís é agus fág ar feadh 30 nóiméad.

 

Croith aon uair amháin eile é agus scag a bhfuil sa fhleascán tríd an scagbhreogán meáite. Nigh aon snáithín atá fanta sa fhleascán leis an imoibrí d'aigéad sulfarach 75 %. Nigh an t-iarmhar atá ar an mbreogán ar dtús in 50 ml den imoibrí d'aigéad sulfarach caol, ansin in 50 ml uisce, agus ansin in 50 ml den tuaslagán amóiniam chaoil. Gach babhta, lig do na snáithíní tadhall a bheith acu leis an leacht ar feadh tuairim is 10 nóiméad sula ndéanfar súchán. Ar deireadh, sruthlaigh in uisce agus lig na snáithíní i dtadhall leis an uisce ar feadh tuairim is 30 nóiméad.

 

Taosc an breogán trí shúchán, triomaigh an breogán agus an t-iarmhar, agus ansin fuaraigh iad agus meáigh iad.

5.   NA TORTHAÍ A RÍOMH AGUS A SHLOINNEADH

Déan na torthaí a ríomh mar a thuairiscítear sna treoracha ginearálta. Is é 0,985 luach “d” i gcás olla, 1,00 i gcás leastolaifín, agus 1,01 i gcás meilimín.

6.   BEACHTAS

Má chuirtear an modh seo i bhfeidhm ar mheascán aonchineálach d'ábhair theicstíle, ní mó ná ± 1 a bhíonn teorainneacha muiníne na dtorthaí a fhaightear i gcás leibhéal muiníne 95 %.

MODH Uimh. 12

SIÚIT AGUS SNÁITHÍNÍ ÁIRITHE AINMHÍOCHA

(Modh ina gcinntear an cion nítrigine)

1.   RAON FEIDHME

Tá an modh seo infheidhme, tar éis an t-ábhar neamhshnáithíneach a bhaint, maidir le meascáin dhénártha snáithíní ina bhfuil na nithe seo a leanas:

1.

siúit (9)

agus

2.

snáithíní áirithe ainmhíocha.

Fionnaidh amháin (2 agus 3) nó olann amháin (1) nó aon mheascán den dá rud sin a d'fhéadfadh a bheith sa chomhábhar ar shnáithín ainmhíoch é. Níl an modh seo infheidhme maidir le meascáin teicstílí ina bhfuil ábhar neamhshnáithíneach (ruamanna, bailchríocha, etc.) a bhfuil bunús nítrigine acu.

2.   PRIONSABAL

Cinntear cion nítrigine an mheascáin, agus leis seo agus le cion nítrigine aithnid nó sílte an dá chomhábhair, ríomhtar cion gach comhábhair.

3.   FEARAS AGUS IMOIBRITHE (seachas iad sin a shonraítear sna treoracha ginearálta)

3.1.   Fearas

(i)   fleascán díleáite Kjeldahl a bhfuil toilleadh 200–300 ml ann.

(ii)   fearas díleáite Kjeldahl a bhfuil instealladh gaile aige.

(iii)   fearas toirtmheasctha atá beacht go 0,05 ml.

3.2.   Imoibrithe

(i)   Tolúéin.

(ii)   Meatánól.

(iii)   Aigéad sulfarach, dlús coibhneasta ag 20 °C: 1.84 g/ml. (12)

(iv)   Sulfáit photaisiam. (12)

(v)   Dé-ocsaíd seiléiniam. (12)

(vi)   Tuaslagán hiodrocsaíde sóidiam (400 g/lítear). Tuaslaig 400 g sóidiam hiodrocsaíde in 400-500 ml uisce agus caolaigh le huisce go 1 lítear.

(vii)   Táscaire measctha. Tuaslaig 0,1 g de mheitil dhearg in 95 ml eatánóil agus 5 ml uisce agus measc le 0, 5 g de bhrómaicréasól glas a tuaslagadh in 475 ml eatánóil agus 25 ml uisce.

(viii)   Tuaslagán aigéid bhóraigh. Tuaslaig 20 ml d'aigéad bórach in 1 lítear uisce.

(ix)   Aigéad sulfarach 0,02N (tuaslagadh toirtmhéadrach caighdeánach).

4.   AN SAMPLA A RÉAMHCHÓIREÁIL

Déantar an réamhchóireáil seo a leanas in ionad na réamhchóireála a thuairiscítear sna treoracha ginearálta.

Eastósc an sampla aerthriomaithe tástála saotharlainne i bhfearas Soxhlet le meascán aon chion toirte amháin tolúéine agus trí chion toirte meatánóil ar feadh ceithre uair an chloig ag íosráta cúig thimthriall gach uair an chloig. Lig don tuaslagán galú as an sampla in aer, ansin bain na fuíll atá fanta in oigheann ag 105 ± 3 °C. Ansin eastósc an sampla in uisce (50 ml in aghaidh gach graim den sampla) trí bheiriú faoi aife ar feadh 30 nóiméad. Scag é, cuir an sampla ar ais sa fhleascán agus déan an t-eastósc arís le toirt chomhionann uisce. Scag é, bain an t-uisce as an sampla trí fháscadh, súchán nó lártheifneoiriú, ansin, lig don sampla triomú san aer.

Nóta:

Ní mór éifeachtaí tocsaineacha na tolúéine agus an mheatánóil a chur san áireamh agus ní mór gach réamhchúram a dhéanamh agus iad á n-úsáid.

5.   NÓS IMEACHTA TÁSTÁLA

5.1.   Treoracha ginearálta

Lean an nós imeachta a thuairiscítear sna treoracha ginearálta maidir leis an eiseamal a roghnú, a thriomú agus a mheá.

5.2.   Nós imeachta mionsonraithe

Aistrigh an t-eiseamal isteach i bhfleascán díleáite Kjeldahl. Cuir na substaintí seo a leanas san ord seo a leanas leis an eiseamal a bhfuil 1 g meáchain ar a laghad ann agus atá sa fhleascán díleáite: 2.5 g de shulfáit photaisiam, 0,1-0,2 g de dhé-ocsaíd seiléiniam agus 10 ml d'aigéad sulfarach (dlús coibhneasta 1.84 ag 20 °C). Téigh an fleascán, go réidh ar dtús, go dtí go mbeidh iomlán an tsnáithín scriosta, agus ansin cuir teas níos láidre leis go dtí go dtagann an tuaslagán chun bheith glé agus beagnach gan dath. Lean á théamh ar feadh 15 nóiméad breise. Lig don fhleascán fuarú, caolaigh a bhfuil ann go cúramach le 10-20 ml uisce, fuaraigh é, aistrigh an leacht go cainníochtúil isteach i bhfleascán grádaithe 200 ml agus líon suas le huisce go dtí an marc chun tuaslagán na tástála a chruthú. Cuir tuairim is 20 ml de thuaslagán aigéid bhóraigh i bhfleascán cónúil 100 ml agus cuir an fleascán faoi chomhdhlúthadán fhearas driogtha Kjeldahl ionas go mbeidh an seolfheadán ag tumadh díreach faoi bharr an tuaslagáin d'aigéad bhórach. Aistrigh 10 ml glan de thuaslagán na tástála isteach sa fhleascán driogtha, cuir 5 ml ar a laghad de thuaslagán hiodrocsaíde sóidiam isteach sa tonnadóir, scaoil an stopallán rud beag agus lig don tuaslagán hiodrocsaíde sóidiam doirteadh isteach sa fhleascán go mall. I gcás ina bhfanann tuaslagán na tástála agus an tuaslagán hiodrocsaíde sóidiam scartha óna chéile in dhá shraith ar leith, déan iad a chorraí go réidh chun iad a mheascadh. Téigh an fleascán driogtha go réidh agus lig don ghal ón ngineadóir dul tríd an leacht. Bailigh tuairim is 20 ml den driogáit, ísligh an fleascán cónúil ionas go mbeidh barr sheolfheadán an chomhdhlúthadáin tuairim is 20 mm os cionn bharr an leachta agus lig dó driogadh ar feadh 1 nóiméad eile. Sruthlaigh barr an sheolfheadáin in uisce, agus bailigh an leacht níocháin isteach sa fhleascán cónúil. Bain an fleascán cónúil amach agus cuir fleascán cónúil eile ina áit, ar fleascán é ina bhfuil tuairim is 10 ml de thuaslagán aigéid bhóraigh agus bailigh tuairim is 10 ml den driogáit.

Toirtmheasc an dá dhriogáit ceann ar cheann le 0,02 N d'aigéad sulfarach agus bain úsáid as an táscaire measctha. Glac taifead den títear iomlán i gcás an dá dhriogáit. Más rud é gur mó ná 0,2 ml títear an dara driogáit, déan an tástáil an athuair agus cuir tús leis an driogadh arís ach úsáid slánchuid úrnua de thuaslagán na tástála.

Déan bánchinneadh i.e. díleá agus driogadh ag baint úsáide as na himoibrithe amháin.

6.   NA TORTHAÍ A RÍOMH AGUS A SHLOINNEADH

6.1.   Déan an cion nítrigine san eiseamal tirim a ríomh mar chéatadán mar a leanas:

Formula

agus

A

=

an céatadán nítrigine san eiseamal tirim glan,

V

=

an toirt iomlán d'aigéad sulfarach caighdeánach i ml a úsáidtear sa chinneadh,

b

=

an toirt iomlán d'aigéad sulfarach caighdeánach i ml a úsáidtear sa bhánchinneadh,

N

=

normáltacht an aigéid shulfaraigh chaighdeánaigh,

W

=

mais thirim (g) an eiseamail.

6.2.   Agus úsáid á baint as an luach 0,22 % don chion nitrigíne i siúit agus as an luach 16,2 % don chion nítrigine i snáithín ainmhíoch, agus bíodh an dá chéatadán sin sloinnte bunaithe ar mhais thirim an tsnáithín, agus déan comhdhéanamh an mheascáin a ríomh mar a leanas:

Formula

i gcás gurb é

PA %

=

an céatadán de shnáithín ainmhíoch san eiseamal tirim glan.

7.   BEACHTAS

Má chuirtear an modh seo i bhfeidhm ar mheascán aonchineálach d'ábhair theicstíle, ní mó ná ± 1 teorainneacha muiníne na dtorthaí a fhaightear i gcás leibhéal muiníne 95 %.

MODH Uimh. 13

SNÁITHÍNÍ POLAPRÓIPILÉINE AGUS SNÁITHÍNÍ ÁIRITHE EILE

(Modh ina n-úsáidtear xiléin)

1.   RAON FEIDHME

Tá an modh seo infheidhme, tar éis an t-ábhar neamhshnáithíneach a bhaint, maidir le meascáin dhénártha snáithíní ina bhfuil na nithe seo a leanas:

1.

snáithíní polapróipiléine (37)

agus

2.

olann (1), fionnadh ainmhíoch (2 agus 3), síoda (4), cadás (5), aicéatáit (19), copró (21), modal (22), trí-aicéatáit (24), vioscós (25), aicrileach (26), polaimíd nó níolón (30), poileistear (35), snáithín gloine (44), leaist-ileistear (45) agus meilimín (47).

2.   PRIONSABAL

Déantar an snáithín polapróipiléine a thuaslagadh as méid aithnid de mhais thirim an mheascáin le xiléin fhiuchta. Déantar an t-iarmhar a bhailiú, a ní, a thriomú agus a mheá; déantar mais an iarmhair, i bhfoirm cheartaithe más gá, a shloinneadh mar chéatadán de mhais thirim an mheascáin. Is de réir difríochta a ríomhtar an céatadán polapróipiléine.

3.   FEARAS AGUS IMOIBRITHE (seachas iad sin a shonraítear sna treoracha ginearálta)

3.1.   Fearas

(i)   Fleascán cónúil a bhfuil stopallán gloine feistithe air agus a bhfuil toilleadh 200 ml ar a laghad ann.

(ii)   Comhdhlúthadán aife (atá oiriúnach do leachtanna ag a bhfuil fiuchphointe ard), agus a oireann don fhleascán cónúil (i).

(iii)   Maintlín téite ag fiuchphointe xiléine.

3.2.   Imoibrí

Xiléin a dhriogann idir 137 °C agus 142 °C.

Nóta:

Tá Xiléin so-adhainte go mór agus tagann gal tocsaineach uaidh. Is cóir réamhchúraimí oiriúnacha a ghlacadh agus é in úsáid.

4.   NÓS IMEACHTA TÁSTÁLA

Lean an nós imeachta a thuairiscítear sna treoracha ginearálta agus ansin déan mar a leanas:

 

Cuir 100 ml xiléine (3.2) in aghaidh gach graim den eiseamal leis an eiseamal atá sa fhleascán cónúil (3.1 (i)). Ceangail an comhdhlúthadán (3.1 (ii)) leis an bhfearas, téigh a bhfuil sa fhleascán go dtí go bhfiuchfaidh sé agus coimeád ag an bhfiuchphointe é ar feadh trí nóiméad.

 

Scinceáil an leacht te láithreach bonn tríd an scagbhreogán meáite (féach Nóta 1). Déan an tástáil seo arís faoi dhó, agus úsáid 50 ml de thuaslagóir úr gach babhta.

 

Nigh an t-iarmhar atá fanta sa fhleascán le 30 ml de xiléin fhiuchta (faoi dhó), agus ansin arís le 75 ml de pheitriliam éadrom (faoi dhó) (I.3.2.1 de na treoracha ginearálta). Tar éis an dara níochán le peitriliam éadrom, déan a bhfuil sa fhleascán a scagadh tríd an mbreogán, aistrigh aon snáithíní iarmharacha isteach sa bhreogán trí bhíthin méid beag de pheitriliam éadrom agus lig don tuaslagóir galú. Triomaigh an breogán agus an t-iarmhar, fuaraigh iad agus meáigh iad.

Nótaí:

1.

Is cóir an scagbhreogán, trína ndéantar an xiléin a scinceáil, a théamh roimh ré.

2.

Tar éis na cóireála le xiléin fhiuchta, déan cinnte go bhfuaraítear a dhóthain an fleascán ina bhfuil an t-iarmhar sula gcuirtear an peitriliam éadrom isteach.

3.

Chun an chontúirt don oibreoir ó dhóiteán agus ó thocsaineacht a laghdú, is féidir fearas eastósctha the a úsáid de réir an nós imeachta chuí lena dtugtar torthaí comhionanna (13).

5.   NA TORTHAÍ A RÍOMH AGUS A SHLOINNEADH

Déan na torthaí a ríomh mar a thuairiscítear sna treoracha ginearálta. Is é 1.00 luach “d”, ach amháin i gcás meilimín, cás ina bhfuil “d” = 1,01.

6.   BEACHTAS

Má chuirtear an modh seo i bhfeidhm ar mheascán aonchineálach d'ábhair theicstíle, ní mó ná ± 1 teorainneacha muiníne na dtorthaí a fhaightear i gcás leibhéal muiníne 95 %.

MODH Uimh 14

SNÁITHÍNÍ ÁIRITHE AGUS CLÓRASHNÁITHÍNÍ (HOMAPOLAIMÉIRÍ DE CHLÓIRÍD VINILE), LEASTOLAIFÍN NÓ MEILIMÍN

(Modh ina n-úsáidtear aigéad sulfarach tiubhaithe)

1.   RAON FEIDHME

Tá an modh seo infheidhme, tar éis an t-ábhar neamhshnáithíneach a bhaint, maidir le meascáin dhénártha snáithíní ina bhfuil na nithe seo a leanas:

1.

cadás (5), aicéatáit (19), copró (21), modal (22), trí-aicéatáit (24), vioscós (25), aicriligh áirithe (26), modaicriligh áirithe (29), polaimíd nó níolón (30), poileistear (35) agus leaist-ileistear (45)

agus

2.

clórashnáithíní (27) bunaithe ar homapolaiméirí de chlóiríd vinile, bíodh siad iarchlóirínithe nó ná bíodh, leastolaifín (46) agus meilimín (47).

Is iad na modaicriligh atá i gceist na modaicriligh sin a dhéanann tuaslagán glé nuair a thumtar iad in aigéad sulfarach tiubhaithe (dlús coibhneasta 1,84 ag 20 °C).

Is féidir an modh seo a úsáid in ionad mhodhanna uimh. 8 agus uimh. 9.

2.   PRIONSABAL

Déantar an chomhpháirt seachas an clórashnáithín, an leastolaifín nó an meilimín (i.e. na snáithíní a luaitear i mír 1.1) a thuaslagadh as méid aithnid de mhais thirim an mheascáin le haigéad sulfarach tiúbhaithe (dlús coibhneasta 1,84 ag 20 °C).

Déantar an t-iarmhar ina bhfuil an clórashnáithín, an leastolaifín nó an meilimín, a bhailiú, a ní, a thriomú agus a mheá; déantar mais an iarmhair, i bhfoirm cheartaithe más gá, a shloinneadh mar chéatadán de mhais thirim an mheascáin. Is de réir difríochta a ríomhtar an céatadán de na dara comhábhair.

3.   FEARAS AGUS IMOIBRITHE (seachas iad sin a shonraítear sna treoracha ginearálta)

3.1.   Fearas

(i)   Fleascán cónúil a bhfuil stopallán gloine feistithe air agus a bhfuil toilleadh 200 ml ar a laghad ann.

(ii)   Slat ghloine agus ceann amháin den tslat leacaithe.

3.2.   Imoibrithe

(i)   Aigéad sulfarach tiubhaithe (dlús coibhneasta 1,84 ag 20 °C).

(ii)   Aigéad sulfarach, tuairim is 50 % (m/m) de thuaslagán uiscí.

Ullmhaigh an tuaslagán trí 400 ml d'aigéad sulfarach (dlús coibhneasta ag 20 °C 1,84 ) a chur go cúramach, agus é ag fuarú, le 500 ml d'uisce driogtha nó dí-ianaithe. Tar éis an tuaslagán a fhuarú go dtí teocht an tseomra, caolaigh an tuaslagán go 1 lítear le huisce.

(iii)   Amóinia, tuaslagán caol.

Caolaigh 60 ml de thuaslagán amóinia tiubhaithe (dlús coibhneasta ag 20 °C 0,880 ) go 1 lítear le huisce driogtha.

4.   NÓS IMEACHTA TÁSTÁLA

Lean an nós imeachta a thuairiscítear sna treoracha ginearálta agus ansin déan mar a leanas:

 

Cuir 100 ml d'aigéad sulfarach (3.2 (i)) in aghaidh gach graim den eiseamal leis an eiseamal tástála atá sa fhleascán (3.1 (i)).

 

Lig dá bhfuil sa fhleascán fanacht ag teocht an tseomra ar feadh 10 nóiméad agus, le linn an ama sin, corraigh an t-eiseamal tástála anois agus arís le slat ghloine. Más rud é gur fabraic fhite nó fabraic chniotáilte atá san eiseamal, ding idir balla an fhleascáin agus an tslat ghloine í agus brúigh go héadrom chun í a dheighilt ón ábhar a tuaslagadh san aigéad sulfarach.

 

Scinceáil an leacht tríd an scagbhreogán meáite. Cuir méid 100 ml d'aigéad sulfarach úr isteach sa fhleascán (3.2 (i)) agus déan an próiseas céanna an athuair. Aistrigh a bhfuil sa fhleascán isteach sa scagbhreogán agus aistrigh an t-iarmhar snáithíneach isteach ann freisin ag úsáid na slaite gloine. Cuir braon beag den aigéad sulfarach tiubhaithe (3.2 (i)) isteach sa fhleascán, más gá, chun aon snáithíní atá greamaithe den bhalla a bhaint. Taosc an scagbhreogán trí shúchán; bain as an scagáit tríd an bhfleascán a fholmhú nó trí fhleascán eile a chur ina áit, ansin nigh an t-iarmhar sa bhreogán ar dtús le tuaslagán d'aigéad sulfarach 50 % (3.2 (ii)), ansin le huisce driogtha nó dí-ianaithe (I.3.2.3 de na treoracha ginearálta), le tuaslagán amóinia (3.2 (iii)) agus sa deireadh nigh go maith le huisce driogtha nó dí-ianaithe, agus taosc an breogán trí shúchán i ndiaidh gach níocháin. (Ná déan súchán ar an mbreogán agus an níochán á dhéanamh, ach amháin tar éis don leacht a bheith silte trí dhomhantarraingt.) Triomaigh an breogán agus an t-iarmhar, fuaraigh iad agus meáigh iad.

5.   NA TORTHAÍ A RÍOMH AGUS A SHLOINNEADH

Déan na torthaí a ríomh mar a thuairiscítear sna treoracha ginearálta. Is é 1,00 luach “d”, ach amháin i gcás meilimín, cás ina bhfuil “d” = 1,01.

6.   BEACHTAS

Má chuirtear an modh seo i bhfeidhm ar mheascán aonchineálach d'ábhair theicstíle, ní mó ná ± 1 teorainneacha muiníne na dtorthaí a fhaightear i gcás leibhéal muiníne 95 %.

MODH Uimh. 15

CLÓRASHNÁITHÍNÍ, MODAICRILIGH ÁIRITHE, LEAISTEÁIN ÁIRITHE, AICÉATÁITÍ, TRÍ-AICÉATÁITÍ AGUS SNÁITHÍNÍ ÁIRITHE EILE

(Modh ina n-úsáidtear cioglaiheacsánón)

1.   RAON FEIDHME

Tá an modh seo infheidhme, tar éis an t-ábhar neamhshnáithíneach a bhaint, maidir le meascáin dhénártha snáithíní ina bhfuil na nithe seo a leanas:

1.

aicéatáit (19), trí-aicéatáit (24), clórashnáithín (27), modaicriligh áirithe (29), leaisteáin áirithe (43)

agus

2.

olann (1), fionnadh ainmhíoch (2 agus 3), síoda (4), cadás (5), copró (21), modal (22), vioscós (25), polaimíd nó níolón (30), aicrileach (26), snáithín gloine (44) agus meilimín (47).

I gcás ina bhfuil modaicriligh nó leaisteáin i láthair is gá réamhthástáil a dhéanamh ar dtús lena chinneadh an bhfuil an snáithín iomlán intuaslagtha san imoibrí.

Is féidir meascáin ina bhfuil clórashnáithíní a anailísiú freisin trí mhodh Uimh. 9 nó mhodh Uimh. 14 a úsáid.

2.   PRIONSABAL

Déantar na snáithíní aicéatáite agus trí-aicéatáite, na clórashnáithíní, modaicriligh áirithe agus leaisteáin áirithe a thuaslagadh as méid aithnid de mhais thirim le cioglaiheacsánón ag teocht gar don fhiuchphointe. Déantar an t-iarmhar a bhailiú, a ní, a thriomú agus a mheá; déantar mais an iarmhair, i bhfoirm cheartaithe más gá, a shloinneadh mar chéatadán de mhais thirim an mheascáin. Is de réir difríochta a ríomhtar céatadán an chlórashnáithín, an mhodaicriligh, an leaisteáin, na haicéatáite agus na trí-aicéatáite.

3.   FEARAS AGUS IMOIBRITHE (seachas iad sin a shonraítear sna treoracha ginearálta)

3.1.   Fearas

(i)   Fearas eastósctha the atá oiriúnach le húsáid sa nós imeachta tástála i roinn 4. (Féach léaráid: is malairt leagain é seo ar an bhfearas a thuairiscítear in Melliand Textilberichte 56 (1975) lch. 643-645).

(ii)   Scagbhreogán ina gcuirfear an t-eiseamal tástála.

(iii)   Sciath scagach (grád 1 scagachta).

(iv)   Comhdhlúthadán aife is féidir a oiriúnú don fhleascán driogtha.

(v)   Gléas téite.

3.2.   Imoibrithe

(i)   Cioglaiheacsánón, fiuchphointe 156 °C.

(ii)   Alcól eitile, 50 % de réir toirte.

NB:

Tabhair faoi deara go bhfuil cioglaiheacsánón inadhainte agus tocsaineach. Is cóir réamhchúraimí oiriúnacha a ghlacadh agus é á úsáid.

4.   NÓS IMEACHTA TÁSTÁLA

Lean an nós imeachta a thuairiscítear sna treoracha ginearálta agus ansin déan mar a leanas:

 

Doirt 100 ml cioglaiheacsánóin in aghaidh gach graim den ábhar isteach sa fhleascán driogtha, ionsáigh an coimeádán eastósctha a bhfuil an scagbhreogán, ina bhfuil an t-eiseamal agus an sciath scagach, atá beagán claonta, curtha isteach ann cheana féin. Ionsáigh an comhdhlúthadán aife. Téigh go dtí go bhfiuchfaidh sé agus lig don eastóscadh leanúint ar aghaidh ar feadh 60 nóiméad ag íosráta 12 thimthriall gach uair an chloig.

 

Tar éis eastóscadh agus fuarú, bain an coimeádán eastósctha amach, bain an scagbhreogán as agus bain an sciath scagach as an scagbhreogán. Nigh a bhfuil sa scagbhreogán trí nó ceithre huaire in alcól eitile 50 % atá téite go timpeall 60 °C agus ina dhiaidh sin nigh i lítear uisce ag teocht 60 °C.

 

Ná déan súchán ar an mbreogán le linn an níocháin nó idir na babhtaí níocháin. Lig don leacht sileadh trí dhomhantarraingt agus ansin déan súchán ar an mbreogán.

 

Ar deireadh, triomaigh an breogán agus an t-iarmhar, fuaraigh iad agus meáigh iad.

5.   NA TORTHAÍ A RÍOMH AGUS A SHLOINNEADH

Déan na torthaí a ríomh mar a thuairiscítear sna treoracha ginearálta. Is é 1,00 luach “d”, ach amháin i gcás síoda agus meilimín, cásanna ina bhfuil “d” = 1,01, agus i gcás aicriligh, cás ina bhfuil “d” = 0,98.

6.   BEACHTAS

Má chuirtear an modh seo i bhfeidhm ar mheascáin aonchineálacha d'ábhair theicstíle, ní mó ná ± 1 teorainneacha muiníne na dtorthaí a fhaightear i gcás leibhéal muiníne 95 %.

Image

MODH Uimh. 16

MEILIMÍN AGUS SNÁITHÍNÍ ÁIRITHE EILE

(Modh ina n-úsáidtear aigéad formach te)

1.   RAON FEIDHME

Tá an modh seo infheidhme, tar éis an t-ábhar neamhshnáithíneach a bhaint, maidir le meascáin dhénártha snáithíní ina bhfuil na nithe seo a leanas:

1.

meilimín (47)

agus

2.

cadás (5) agus araimíd (31).

2.   PRIONSABAL

Déantar an meilimín a thuaslagadh as méid aithnid de mhais thirim an mheascáin le haigéad formach te (90 % m/m).

Déantar an t-iarmhar a bhailiú, a ní, a thriomú agus a mheá; déantar mais an iarmhair, i bhfoirm cheartaithe más gá, a shloinneadh mar chéatadán de mhais thirim an mheascáin. Is de réir difríochta a ríomhtar an céatadán de na dara comhábhair.

Nóta:

Coimeád an raon teochtaí a mholtar go beacht ós rud é go mbraitheann intuaslagthacht meilimín go mór ar an teocht.

3.   FEARAS AGUS IMOIBRITHE (seachas iad sin a shonraítear sna treoracha ginearálta)

3.1.   Fearas

(i)   Fleascán cónúil a bhfuil stopallán gloine feistithe air agus a bhfuil toilleadh 200 ml ar a laghad ann.

(ii)   Dabhach uisce chreatha nó fearas eile chun an fleascán a chroitheadh agus a choimeád ag teocht 90 ± 2 °C.

3.2.   Imoibrithe

(i)   Aigéad formach (90 % m/m, dlús coibhneasta ag 20 °C: 1,204). Caolaigh 890 ml d'aigéad formach 98-100 % m/m (dlús coibhneasta ag 20 °C: 1,220) le huisce go 1 lítear.

Tá aigéad formach te an-chreimneach agus ní mór é a láimhseáil go cúramach.

(ii)   Amóinia, tuaslagán caol: caolaigh 80 ml de thuaslagán amóinia tiubhaithe (dlús coibhneasta ag 20 °C: 0,880) le huisce go 1 lítear.

4.   NÓS IMEACHTA TÁSTÁLA

Lean an nós imeachta a thuairiscítear sna treoracha ginearálta agus ansin déan mar a leanas:

Cuir 100 ml d'aigéad formach in aghaidh gach graim den eiseamal leis an eiseamal tástála atá sa fhleascán cónúil a bhfuil stopallán gloine feistithe air agus a bhfuil toilleadh 200 ml ar a laghad ann. Cuir an stopallán sa fhleascán agus croith an fleascán chun an t-eiseamal a fhliuchadh. Coimeád an fleascán i ndabhach uisce chreatha ag teocht 90 ± 2 °C ar feadh uair an chloig, á chroitheadh go láidir. Fuaraigh an fleascán go dtí teocht an tseomra. Scinceáil an leacht tríd an scagbhreogán meáite. Cuir 50 ml d'aigéad formach leis an bhfleascán ina bhfuil an t-iarmhar, croith de láimh agus scag a bhfuil sa fhleascán tríd an scagbhreogán. Aistrigh aon snáithíní iarmharacha isteach sa bhreogán tríd an bhfleascán a ní le méid beag eile den aigéad formach. Taosc an breogán trí shúchán agus nigh an t-iarmhar le h'imoibrí d'aigéad formach, le huisce te, le tuaslagán amóinia caol, agus ar deireadh le huisce fuar, agus taosc an breogán trí shúchán i ndiaidh gach níocháin. Ná déan súchán go dtí go mbeidh gach licéar níocháin silte trí dhomhantarraingt. Ar deireadh, taosc an breogán trí shúchán, triomaigh an breogán agus an t-iarmhar, agus ansin fuaraigh iad agus meáigh iad.

5.   NA TORTHAÍ A RÍOMH AGUS A SHLOINNEADH

Déan na torthaí a ríomh mar a thuairiscítear sna treoracha ginearálta. Is é 1,02 luach “d”.

6.   BEACHTAS

Má chuirtear an modh seo i bhfeidhm ar mheascán aonchineálach d'ábhair theicstíle, ní mó ná ± 2 teorainneacha muiníne na dtorthaí a fhaightear i gcás leibhéal muiníne 95 %.

CAIBIDIL 3

Anailís chainníochtúil ar mheascáin thrínártha snáithíní teicstíle

RÉAMHRÁ

De ghnáth, is bunaithe ar thuaslagadh roghnaíoch na gcomhpháirteanna aonair a bhíonn na modhanna a úsáidtear chun anailís chainníochtúil cheimiceach a dhéanamh. D'fhéadfadh ceithre athraitheach dhifriúla den mhodh seo a bheith ann:

1.

Agus dhá eiseamal tástála dhifriúla á n-úsáid, déantar comhpháirt amháin (a) as an gcéad eiseamal tástála a thuaslagadh agus comhpháirt eile (b) as an dara heiseamal tástála a thuaslagadh. Déantar na hiarmhair dhothuaslagtha i ngach eiseamal a mheá agus céatadán an dá chomhábhar intuaslagtha a ríomh i bhfianaise na gcailliúintí comhfhreagracha maise faoi seach. Is de réir difríochta a ríomhtar céatadán an tríú comhpháirt (c).

2.

Agus dhá eiseamal tástála dhifriúla á n-úsáid déantar comhpháirt amháin (a) a thuaslagadh as an gcéad eiseamal tástála, agus dhá chomhábhar (a agus b) a thuaslagadh as an dara heiseamal tástála. Déantar an t-iarmhar dothuaslagtha sa chéad eiseamal tástála a mheá agus céatadán chomhábhar (a) a ríomh i bhfianaise na maise a cailleadh. Déantar an t-iarmhar dothuaslagtha sa dara heiseamal tástála a mheá; freagraíonn sé seo do chomhábhar (c). Is de réir difríochta a ríomhtar céatadán an tríú comhpháirt (b).

3.

Agus dhá eiseamal tástála dhifriúla á úsáid, déantar dhá chomhábhar (a agus b) a thuaslagadh as an gcéad eiseamal tástála, agus dhá chomhábhar (b agus c) a thuaslagadh as an dara heiseamal tástála. Freagraíonn na hiarmhair dhothuaslagtha don dá chomhábhar (c) agus (a) faoi seach. Is de réir difríochta a ríomhtar céatadán an tríú comhpháirt (b).

4.

Gan ach eiseamal tástála amháin á úsáid, agus tar éis comhpháirt amháin as measc na gcomhpháirteanna a bhaint, déantar an t-iarmhar dothuaslagtha, a chruthaigh an dá shnáithín eile, a mheá agus céatadán an chomhábhair intuaslagtha a ríomh i bhfianaise na maise a cailleadh. Tuaslagtar snáithín amháin as an dá shnáithín atá san iarmhar, déantar an chomhpháirt dothuaslagtha a mheá agus céatadán an dara comhpháirt intuaslagtha a ríomh i bhfianaise na maise a cailleadh.

I gcás ina bhfuil rogha ann, moltar athraitheach as measc na gcéad trí mhalairt athraitheacha a úsáid.

I gcás ina n-úsáidtear anailís cheimiceach, tá sé de dhualgas ar an saineolaí atá freagrach as an anailís aire a thabhairt chun modhanna a roghnú ina n-úsáidtear tuaslagóirí nach dtuaslagann ach an snáithín ceart nó na snáithíní cearta, sa chaoi is go bhfágtar an snáithín nó na snáithíní eile gan athrú.

Mar shampla, tugtar tábla i roinn V ina bhfuil líon áirithe meascán trínártha snáithíní, mar aon le modhanna chun meascáin dhénártha snáithíní a anailísiú, modhanna is féidir a úsáid, i gcoitinne, chun na meascáin thrínártha seo a anailísiú.

Chun earráidí a sheachaint a mhéid is féidir, moltar, i ngach cás inar féidir, an anailís cheimiceach a dhéanamh trí dhá athraitheach ar a laghad de na ceithre athraitheach thuasluaite a úsáid.

Sula ndéanfar aon anailís, ní mór na snáithíní go léir sa mheascán a shainaithint. I gcás modhanna ceimiceacha áirithe, féadtar an chomhpháirt dothuaslagtha i meascán a thuaslagadh go páirteach san imoibrí a úsáidtear chun an chomhpháirt nó na comhábhair intuaslagtha a thuaslagadh. I ngach cás inar féidir, roghnaíodh imoibrithe nach bhfuil éifeacht acu nó a bhfuil éifeacht shuarach acu ar shnáithíní dothuaslagtha. Más eol go gcailltear mais le linn na hanailíse, ceartófar an toradh; tugtar fachtóirí ceartúcháin chun na críche sin. Cinneadh na fachtóirí sin i saotharlanna éagsúla trí shnáithíní, a glanadh sa réamhchóireáil, a chóireáil leis an imoibrí iomchuí mar a shonraítear sa mhodh anailíse. Is le snáithíní neamhdhíghrádaithe amháin a bhaineann na fachtóirí ceartúcháin seo agus d'fhéadfadh sé go mbeadh gá le fachtóirí ceartúcháin eile más rud é gur díghrádaíodh na snáithíní le linn na próiseála nó roimpi. Más rud é go gcaithfear an ceathrú athraitheach den mhodh a úsáid, modh ina n-oibríonn dhá thuaslagóir dhifriúla faoi seach ar an snáithín teicstíle, ní foláir fachtóirí ceartúcháin a chur i bhfeidhm i gcás aon chaillteanas maise a tharla don snáithín le linn an dá chóireáil. Déanfar dhá anailís ar a laghad, i gcás na deighilte de láimh agus i gcás na deighilte ar bhonn ceimiceach araon.

I.   Eolas ginearálta ar na modhanna chun anailís chainníochtúil cheimiceach a dhéanamh ar mheascáin thrínártha de shnáithíní teicstíle

Eolas ginearálta is coiteann do na modhanna a thugtar chun anailís chainníochtúil cheimiceach a dhéanamh ar mheascáin thrínártha de shnáithíní teicstíle.

I.1.   RAON FEIDHME

I raon feidhme gach modha a úsáidtear chun anailís a dhéanamh ar mheascáin dhénártha snáithíní sonraítear na snáithíní a bhfuil an modh infheidhme maidir leo. (Féach Caibidil 2 a bhaineann le modhanna chun anailís chainníochtúil a dhéanamh ar mheascáin dhénártha áirithe snáithíní teicstíle).

I.2.   PRIONSABAL

Tar éis comhábhair meascáin a shainaithint, baintear an t-ábhar neamhshnáithíneach trí réamhchóireáil oiriúnach, agus ansin cuirtear athraitheach amháin nó níos mó de na ceithre athraitheach de phróiseas an tuaslagtha roghnaíoch a thuairiscítear sa réamhrá i bhfeidhm. Ach amháin i gcás ina mbaineann deacrachtaí teicniúla leis seo, is fearr an príomh-chomhábhar snáithíneach a thuaslagadh chun an mion-chomhábhar snáithíneach a fháil mar iarmhar deiridh.

I.3.   ÁBHAIR AGUS TREALAMH

I.3.1.   Fearas

I.3.1.1.   Scagbhreogáin agus meábhuidéil atá mór go leor le gur féidir breogáin den chineál sin a chur isteach iontu, nó aon fhearas eile lena dtabharfaí torthaí comhionanna.

I.3.1.2.   Folúsfhleascán.

I.3.1.3.   Triomadán ina bhfuil glóthach shilice féintásctha.

I.3.1.4.   Oigheann aeráilte chun eiseamal a thriomú ag 105 ± 3 °C.

I.3.1.5.   Meá anailíseach, atá beacht go 0,0002 g.

I.3.1.6.   Fearas eastósctha Soxhlet agus fearais eile lena dtugtar torthaí comhionanna.

I.3.2.   Imoibrithe

I.3.2.1.   Peitriliam éadrom, athdhriogtha, fiuchraon idir 40 °C agus 60 °C.

I.3.2.2.   Sonraítear imoibrithe eile faoi na ranna iomchuí i ngach modh.

I.3.2.3.   Uisce driogtha nó uisce dí-ianaithe.

I.3.2.4.   Aicéatón.

I.3.2.5.   Aigéad ortafosfarach.

I.3.2.6.   Úiré.

I.3.2.7.   Décharbónáit sóidiam.

Ba cheart go mbeadh na himoibrithe go léir a úsáidtear íon go ceimiceach.

I.4.   ATMAISFÉAR DON CHOMHOIRIÚNÚ AGUS DON TÁSTÁIL

Toisc go gcinntear na maiseanna tirime, ní gá an t-eiseamal a chomhoiriúnú ná anailísí a dhéanamh in atmaisféar comhoiriúnaithe.

I.5.   SAMPLA TÁSTÁLA SAOTHARLAINNE

Roghnaigh sampla tástála saotharlainne atá ionadaíoch don bhulcshampla saotharlainne agus atá leordhóthanach le go soláthróidh sé na heiseamail go léir is gá; ar eiseamail iad a mbeidh ar a laghad 1 g i ngach ceann acu.

I.6.   AN SAMPLA TÁSTÁLA SAOTHARLAINNE A RÉAMHCHÓIREÁIL (14)

I gcás ina mbeidh an tsubstaint nach bhfuil le cur san áireamh sna ríomhanna céatadánacha (féach Airteagal 18) i láthair, bainfear é i dtús báire trí mhodh oiriúnach nach n-imreoidh aon tionchar ar na comhábhair shnáithíneacha.

Chun na críche sin, aon ábhar neamhshnáithíneach is féidir a eastóscadh, baintear é le peitriliam éadrom agus le huisce tríd an an sampla tástála saotharlainne a chóireáil i bhfearas eastósctha Soxhlet le peitriliam éadrom ar feadh 60 nóiméad ar a laghad, ag íosráta sé thimthriall gach uair an chloig. Lig don pheitriliam éadrom galú as an sampla tástála saotharlainne, ansin eastósctar trí chóireáil dhíreach é, arb é atá inti an sampla tástála saotharlainne a chur ar maos in uisce atá ag teocht an tseomra ar feadh 60 nóiméad agus ansin é a mhaothú in uisce ag 65 ± 5 °C ar feadh uair an chloig eile agus an licéar á chorraí ó am go chéile. Úsáid licéar: cóimheas sampla tástála saotharlainne 100:1. Bain an t-uisce breise as an sampla tástála saotharlainne trí fhascadh, trí shúchán nó trí lártheifneoiriú; ansin, lig don sampla tástála saotharlainne aerthriomú.

I gcás leastolaifín nó meascáin snáithíní ina bhfuil leastolaifín agus snáithíní eile (olann, fionnadh ainmhíoch, síoda, cadás, líon (nó línéadach), fíorchnáib, siúit, cnáib mhainileach, alfa, coighir, giolcach shléibhe, ráimí, siseal, copró, modal, próitéin, vioscós, aicrileach, polaimíd nó níolón, poileistear, leaist-ileistear), athrófar beagán an nós imeachta a bhfuil tuairisc air thuas, sa mhéid is go cuirfear aiceatón in ionad an pheitriliam éitir éadroim.

Más rud é nach féidir ábhar neamhshnáithíneach a eastóscadh le peitriliam éadrom agus le huisce, bainfear é, de rogha ar an modh ina n-úsáidtear uisce a thuairiscítear thuas, trí mhodh oiriúnach nach ndéanann aon athrú substainteach ar aon cheann de na comhábhair shnáithíneacha. Tabhair faoi deara, áfach, nach mbainfear na substaintí nádúrtha neamhshnáithíneacha go léir tríd an ngnáth-réamhchóireáil le peitriliam éadrom agus le huisce i gcás roinnt snáithíní glasraí nádúrtha neamhthuartha (e.g. siúit, coighir); mar sin féin, ní dhéantar réamhchóireáil sa bhreis ach amháin mura bhfuil bailchríocha atá dothuaslagtha i bpeitriliam éadrom agus in uisce araon sa sampla.

Ar áireamh sna tuarascálacha anailíse beidh gach sonra faoi na modhanna réamhchóireála a úsáidtear.

I.7.   NÓS IMEACHTA TÁSTÁLA

I.7.1.   Treoracha ginearálta

I.7.1.1.   Triomú

Déan gach oibríocht triomaithe ar feadh tréimhse nach giorra ná 4 huair an chloig agus nach faide ná 16 huair an chloig ag 105 ± 3 °C in oigheann aeráilte agus bíodh doras an oighinn dúnta le linn na tréimhse sin ar fad. Más giorra tréimhse an triomaithe ná 14 huair an chloig, ní mór an t-eiseamal a mheá lena chinneadh an bhfuil a mhais tairiseach nó nach bhfuil. Is féidir a mheas go bhfuil an mhais tairiseach, más rud é gur lú ná 0,05 % an t-athrúchán maise, tar éis tréimhse eile triomaithe 60 nóiméad.

Ná láimhseáil na breogáin, meábhuidéil, eiseamail ná iarmhair leis na lámha nochta i rith na n-oibríochtaí triomaithe, fuaraithe agus meáite.

Triomaigh na heiseamail i meábhuidéal agus bíodh clúdach an bhuidéil in aice leis. Tar éis an triomaithe, cuir stopallán sa mheábhuidéal sula mbainfear amach as an oigheann é, agus aisitrigh isteach sa triomadán go tapa é.

Triomaigh an scagbhreogán i meábhuidéal agus bíodh clúdach an bhuidéil in aice leis san oigheann. Tar éis an triomaithe, dún an meábhuidéal agus aisitrigh isteach sa triomadán go tapa é.

I gcás inar fearas nach scagbhreogán é atá á úsáid, déanfar na hoibríochtaí triomaithe san oigheann chun go gcinnfear mais thirim na snáithíní gan aon chailliúint.

I.7.1.2.   Fuarú

Déan na hoibríochtaí fuaraithe sa triomadán agus bíodh an triomadán in aice leis an meá, go dtí go mbeidh na meábhuidéil fuaraithe go huile agus go hiomlán, nó, in aon chás ar leith, le linn tréimhse nach lú ná 2 uair an chloig.

I.7.1.3.   Meá

Tar éis an fhuaraithe, bíodh meá an mheábhuidéil curtha i gcrích laistigh de 2 nóiméad tar éis é a thógáil amach as an triomadán; meáigh go 0,0002 g beachtais.

I.7.2.   Nós Imeachta

Glac eiseamal tástála a bhfuil meáchan 1 g ar a laghad ann (de réir maise) as an sampla tástála saotharlainne réamhchóireáilte. Gearr snáth nó éadach ina bpíosaí tuairim is 10 mm ar fad agus bíodh siad diosctha a oiread is féidir. Triomaigh an t-eiseamal i meábhuidéal, fuaraigh sa triomadán é agus meáigh é. Aistrigh an t-eiseamal isteach sa soitheach gloine a shonraítear faoin roinn iomchuí den mhodh Aontais agus meáigh an meábhuidéal arís láithreach agus déan mais thirim an eiseamail a ríomh de réir difríochta; cuir an tástáil i gcrích mar a shonraítear faoin roinn iomchuí den mhodh is infheidhme. Scrúdaigh an t-iarmhar le micreascóp chun a fhíorú an bhfuil an chóireáil tar éis an snáithín intuaslagtha a bhaint.

I.8.   NA TORTHAÍ A RÍOMH AGUS A SHLOINNEADH

Sloinn mais gach comhábhair mar chéatadán de mhais iomlán na snáithíní sa mheascán. Ríomh na torthaí i bhfianaise mais thirim ghlan arna coigeartú (a) ag an gcion comhaontaithe agus (b) ag na fachtóirí ceartúcháin is gá chun cailliúint an ábhair neamhshnáithínigh le linn na réamhchóireála agus na hainilíse a chur san áireamh.

I.8.1.   Céatadán de na maiseanna snáithíní tirime glana a ríomh, gan aon mhais snáithíní a cailleadh le linn na réamhchóieála a chur san áireamh.

I.8.1.1.   - ATHRAITHEACH 1 -

Foirmlí le cur i bhfeidhm i gcás ina ndéantar comhpháirt meascáin a bhaint as eiseamal amháin agus comhpháirt eile a bhaint as an dara heiseamal:

Formula

Formula

Formula

 

Is é P1 % an céatadán den chéad chomhábhar tirim glan (an chomhpháirt sa chéad eiseamal a tuaslagadh sa chéad imoibrí);

 

Is é P2 % an céatadán den dara comhpháirt tirim glan (an chomhpháirt sa dara heiseamal a tuaslagadh sa dara himoibrí);

 

Is é P3 % an céatadán den tríú comhpháirt tirim glan (an chomhpháirt sa dá eiseamal nár tuaslagadh);

 

Is é m1 mais thirim an chéad eiseamail tar éis na réamhchóireála;

 

Is é m2 mais thirim an dara heiseamail tar éis na réamhchóireála;

 

Is é r1 mais thirim an iarmhair tar éis an chéad chomhábhar a bhaint as an gcéad eiseamal sa chéad imoibrí;

 

Is é r2 mais thirim an iarmhair tar éis an dara comhpháirt a bhaint as an dara heiseamal sa dara himoibrí;

 

Is é d1 an fachtóir ceartúcháin lena gcuirtear san áireamh mais an dara comhpháirt nár tuaslagadh sa chéad eiseamal agus a cailleadh sa chéad imoibrí (15)

 

Is é d2 an fachtóir ceartúcháin lena gcuirtear san áireamh mais an tríú comhpháirt nár tuaslagadh sa chéad eiseamal agus a cailleadh sa chéad imoibrí;

 

Is é d3 an fachtóir ceartúcháin lena gcuirtear san áireamh mais an chéad chomhábhair nár tuaslagadh sa dara heiseamal agus a cailleadh sa dara himoibrí;

 

Is é d4 an fachtóir ceartúcháin lena gcuirtear san áireamh mais an tríú comhpháirt nár tuaslagadh sa dara heiseamal agus a cailleadh sa dara himoibrí.

I.8.1.2.   - ATHRAITHEACH 2 -

Foirmlí le cur i bhfeidhm i gcás ina mbaintear comhpháirt (a) as an gcéad eiseamal tástála, sa chaoi is go bhfágtar an dá chomhábhar eile (b + c) mar iarmhar, agus ina mbaintear dhá chomhábhar (a + b) as an dara heiseamal tástála, sa chaoi is go bhfágtar an tríú comhpháirt (c) mar iarmhar:

Formula

Formula

Formula

 

Is é P1 % an céatadán den chéad chomhábhar tirim glan (an chomhpháirt sa chéad eiseamal a tuaslagadh sa chéad imoibrí);

 

Is é P2 % an céatadán den dara comhpháirt tirim glan (comhpháirt a tuaslagadh, ag an am céanna leis an gcéad chomhábhar sa dara heiseamal, sa dara imoibrí);

 

Is é P3 % an céatadán den tríú comhpháirt tirim glan (an chomhpháirt sa dá eiseamal nár tuaslagadh);

 

Is é m1 mais thirim an chéad eiseamail tar éis na réamhchóireála;

 

Is é m2 mais thirim an dara heiseamal tar éis na réamhchóireála;

 

Is é r1 mais thirim an iarmhair tar éis an chéad chomhábhar a bhaint as an gcéad eiseamal sa chéad imoibrí;

 

Is é r2 mais thirim an iarmhair tar éis an chéad chomhábhar agus an dara comhpháirt a bhaint as an dara heiseamal sa dara himoibrí;

 

Is é d1 an fachtóir ceartúcháin lena gcuirtear san áireamh mais an dara comhpháirt nár tuaslagadh sa chéad eiseamal agus a cailleadh sa chéad imoibrí;

 

Is é d2 an fachtóir ceartúcháin lena gcuirtear san áireamh mais an tríú comhpháirt nár tuaslagadh sa chéad eiseamal agus a cailleadh sa chéad imoibrí;

 

Is é d4 an fachtóir ceartúcháin lena gcuirtear san áireamh mais an tríú comhpháirt nár tuaslagadh sa dara heiseamal agus a cailleadh sa dara himoibrí.

I.8.1.3.   - ATHRAITHEACH 3 -

Foirmlí le cur i bhfeidhm i gcás ina mbaintear dhá chomhábhar (a + b) as eiseamal, sa chaoi is go bhfágtar an tríú chomhpháirt (c) mar iarmhar, agus ina mbaintear dhá chomhábhar (b + c) as eiseamal eile, sa chaoi is go bhfágtar an chéad chomhábhar (a) mar iarmhar:

Formula

Formula

Formula

 

Is é P1 % an céatadán den chéad chomhábhar tirim glan (an chomhpháirt a tuaslagadh san imoibrí);

 

Is é P2 % an céatadán den dara comhpháirt tirim glan (an chomhpháirt a tuaslagadh san imoibrí);

 

Is é P3 % an céatadán den tríú comhpháirt tirim glan (an chomhpháirt a tuaslagadh sa dara heiseamal san imoibrí);

 

Is é m1 mais thirim an chéad eiseamal tar éis na réamhchóireála;

 

Is é m2 mais thirim an dara heiseamal tar éis na réamhchóireála;

 

Is é r1 mais thirim an iarmhair tar éis an chéad chomhábhar agus an dara comhpháirt a bhaint as an gcéad eiseamal sa chéad imoibrí;

 

Is é r2 mais thirim an iarmhair tar éis an dara comhpháirt agus an tríú comhpháirt a bhaint as an dara heiseamal sa dara himoibrí;

 

Is é d2 an fachtóir ceartúcháin lena gcuirtear san áireamh mais an tríú comhpháirt nár tuaslagadh sa chéad eiseamal agus a cailleadh sa chéad imoibrí;

 

Is é d3 an fachtóir ceartúcháin lena gcuirtear san áireamh mais an chéad chomhábhar nár tuaslagadh sa dara heiseamal agus a cailleadh sa dara himoibrí;

I.8.1.4.   - ATHRAITHEACH 4 -

Foirmlí le cur i bhfeidhm i gcás ina mbaintear dhá chomhábhar ceann ar cheann as an meascán agus úsáid á baint as an eiseamal céanna:

Formula

Formula

Formula

 

Is é P1 % an céatadán den chéad chomhábhar tirim glan (an chéad chomhábhar intuaslagtha);

 

Is é P2 % an céatadán den dara comhpháirt tirim glan (an dara comhpháirt intuaslagtha);

 

Is é P3 % an céatadán den tríú comhpháirt tirim glan (an chomhpháirt dothuaslagtha);

 

Is é m mais thirim an eiseamail tar éis na réamhchóireála;

 

Is é r1 mais thirim an iarmhair tar éis an chéad chomhábhar a bhaint leis an gcéad imoibrí;

 

Is é r2 mais thirim an iarmhair tar éis an chéad chomhábhar agus an dara comhpháirt a bhaint leis an gcéad imoibrí agus leis an dara himoibrí;

 

Is é d1 an fachtóir ceartúcháin lena gcuirtear san áireamh mais an dara comhpháirt a cailleadh sa chéad imoibrí;

 

Is é d2 an fachtóir ceartúcháin lena gcuirtear san áireamh mais an tríú comhpháirt a cailleadh sa chéad imoibrí;

 

Is é d3 an fachtóir ceartúcháin lena gcuirtear san áireamh mais an tríú comhpháirt a cailleadh sa chéad imoibrí agus sa dara himoibrí. (16)

I.8.2.   Céatadán gach comhábhair ar leith a ríomh arna choigeartú ag an gcion comhaontaithe agus, in áit inarb iomchuí, ag fachtóirí ceartúcháin lena gcuirtear san áireamh an mhais a cailleadh le linn na réamhchóireála:

Ag glacadh le:

Formula Formula Formula

mar sin:

Formula

Formula

Formula

 

Is é P1A % an céatadán den chéad chomhábhar tirim glan, an cion taise agus an mhais a cailleadh le linn na réamhchóireála á gcur san áireamh;

 

Is é P2A % an céatadán den dara comhpháirt tirim glan, an cion taise agus an mhais a cailleadh le linn na réamhchóireála á gcur san áireamh;

 

Is é P3A % an céatadán den tríú comhpháirt tirim glan, an cion taise agus an mhais a cailleadh le linn na réamhchóireála á gcur san áireamh;

 

Is é P1 an céatadán den chéad chomhábhar tirim glan a fuarthas de réir foirmle amháin as na foirmlí a thugtar in I.8.1.

 

Is é P2 an céatadán den dara comhpháirt tirim glan a fuarthas de réir foirmle amháin as na foirmlí a thugtar in I.8.1.

 

Is é P3 an céatadán den tríú comhpháirt tirim glan a fuarthas de réir foirmle amháin as na foirmlí a thugtar in I.8.1.

 

Is é a1 an lamháltas le haghaidh an chéad chomhábhair;

 

Is é a2 an lamháltas le haghaidh an dara comhpháirt;

 

Is é a3 an lamháltas le haghaidh an tríú comhpháirt;

 

Is é b1 an céatadán de mhais an chéad chomhábhair a cailleadh le linn na réamhchóireála;

 

Is é b2 an céatadán de mhais an dara comhpháirt a cailleadh le linn na réamhchóireála;

 

Is é b3 an céatadán de mhais an tríú comhpháirt a cailleadh le linn na réamhchóireála;

I gcás ina n-úsáidtear réamhchóireáil speisialta, cinnfear luachanna b1, b2 agus b3 más féidir, tríd an réamhchóireáil a úsáidtear san anailís a dhéanamh ar gach ceann de na comhábhair íona is snáithíní. Is éard atá i snáithíní íona na snáithíní sin atá saor ó gach ábhar neamhshnáithíneach seachas an t-ábhar sin a bhíonn iontu de ghnáth (ó nádúr nó i ngeall ar an bpróiseas monaróireachta) sa riocht (neamhthuartha, tuartha) ina bhfuil siad san ábhar a bhfuil anailís le déanamh air.

I gcás nach bhfuil aon snáithíní glana ar leith le fáil ar comhpháirt iad agus a úsáideadh i monarú an ábhair a bhfuil anailís le déanamh air, úsáidfear meánluachanna b1, b2 agus b3 arna bhfáil i dtástálacha arna ndéanamh ar shnáithíní glana atá comhchosúil leis na snáithíní sa mheascán faoi scrúdú.

Má dhéantar an gnáth-réamhchóireáil trí eastóscadh le peitriliam éadrom agus le huisce, is féidir neamhshuim a dhéanamh d'fhachtóirí ceartúcháin b1, b2 agus b3 de ghnáth, ach amháin i gcás cadáis neamhthuartha, lín neamhthuartha (nó línéadaigh), agus cnáibe neamhthuartha; sná cásanna sin, glactar leis, de réir gnáis, gurb é 4 % an chailliúint i ngeall ar an réamhchóireáil, agus 1 % i gcás polapróipiléine.

I gcás snáithíní eile, is é an gnás é go gcuirtear cailliúintí i ngeall ar an réamhchóireáil as an áireamh agus an ríomh á dhéanamh.

Nóta

Tugtar samplaí de ríomhanna i roinn IV.

II.   Modh chun anailís chainníochtúil a dhéanamh trí mheascáin thrínártha snáithíní a dheighilt de láimh

II.1.   RAON FEIDHME

Tá an modh seo infheidhme maidir le snáithíní teicstíle den uile chineál ar choinníoll nach dlúthmheascán iad agus gur féidir iad a dheighilt de láimh.

II.2.   PRIONSABAL

I ndiaidh comhábhair na teicstíle a shainaithint, baintear an t-ábhar neamhshnáithíneach trí réamhchóireáil oiriúnach, deighiltear na snáithíní de láimh, triomaítear iad agus meáitear iad d'fhonn cion gach snáithín sa mheascán a ríomh.

II.3.   FEARAS

II.3.1.   Meábhuidéil nó aon fhearas eile a thugann torthaí comhionanna.

II.3.2.   Triomadán ina bhfuil glóthach shilice féintásctha.

II.3.3.   Oigheann aeráilte chun eiseamal a thriomú ag 105 ± 3 °C.

II.3.4.   Meá anailíseach atá beacht go 0,0002 g.

II.3.5.   Fearas eastósctha Soxhlet, nó fearas eile a thugann torthaí comhionanna.

II.3.6.   Snáthaid.

II.3.7.   Tástálaí casnóige nó fearas comhchosúil.

II.4.   IMOIBRITHE

II.4.1.   Peitriliam éadrom, athdhriogtha, fiuchraon idir 40 °C agus 60 °C.

II.4.2.   Uisce driogtha nó dí-ianaithe.

II.5.   ATMAISFÉAR DON CHOMHOIRIÚNÚ AGUS DON TÁSTÁIL

Féach I.4.

II.6.   SAMPLA TÁSTÁLA SAOTHARLAINNE

Féach I.5.

II.7.   NA SAMPLAÍ TÁSTÁLA SAOTHARLAINNE A RÉAMHCHÓIREÁIL

Féach I.6.

II.8.   NÓS IMEACHTA

II.8.1.   Anailís ar an snáth

Roghnaigh eiseamal a bhfuil mais nach lú ná 1 g aige as an sampla tástála saotharlainne réamhchóireáilte. I gcás snátha an-mhín, féadfar an anailís a dhéanamh ar fhad nach lú ná 30 m, is cuma cad í an mhais atá ann.

Gearr an snáth ina phíosaí a bhfuil fad oiriúnach iontu agus deighil na cineálacha snáithíní le snáthaid agus, más gá, le tástálaí casnóige. Cuirtear na cineálacha snáithíní a fhaightear ar an mbealach seo i meábhuidéil réamh-mheáite, agus triomaítear iad ag 105 ± 3 °C go dtí go mbainfear amach mais thairiseach, mar a thuairiscítear in I.7.1 agus in I.7.2.

II.8.2.   Anailís ar an éadach

Glac eiseamal a bhfuil mais nach lú ná 1 g aige as an sampla tástála saotharlainne réamhchóireáilte, gan an dlúthchiumhais a áireamh, agus a bhfuil na ciumhaiseanna bearrtha go cúramach air chun sceitheadh a sheachaint agus atá comhthreomhar le snáth an dlúith nó le snáth an innigh, nó i gcás fabraicí cniotáilte, atá comhthreomhar leis na buinní agus na cúrsaí. Deighil na cineálacha éagsúla snáithíní, cruinnigh i meábhuidéil réamh-mheáite iad agus lean ar aghaidh ar an mbealach a thuairiscítear in II.8.1.

II.9.   NA TORTHAÍ A RÍOMH AGUS A SHLOINNEADH

Sloinn mais gach snáithín is comhpháirt mar chéatadán de mhais iomlán na snáithíní atá sa mheascán. Ríomh na torthaí i bhfianaise na maise tirime glaine arna coigeartú (a) ag na lamháltais chomhaontaithe agus (b) ag na fachtóirí ceartúcháin is gá chun an mhais a chailltear le linn na réamhchóireála a chur san áireamh.

II.9.1.   Céatadán de na maiseanna snáithíní tirime glana a ríomh, gan aon mhais snáithíní a cailleadh a chur san áireamh:

Formula

Formula

Formula

 

Is é P1 % an céatadán den chéad chompháirt tirim glan;

 

Is é P2 % an céatadán den dara comhpháirt tirim glan;

 

Is é P3 % an céatadán den tríú comhpháirt tirim glan;

 

Is é m1 mais thirim ghlan an chéad chomhpháirt;

 

Is é m2 mais thirim ghlan an dara comhpháirt;

 

Is é m3 mais thirim ghlan an tríú comhpháirt;

II.9.2.   Céatadán gach comhábhair a ríomh arna choigeartú ag na lamháltais chomhaontaithe agus, nuair is iomchuí, ag fachtóirí ceartúcháin lena gcuirtear san áireamh an mhais a cailleadh le linn na réamhchóireála: féach I.8.2.

III.   Modh chun anailís chainníochtúil a dhéanamh ar mheascáin thrínártha snáithíní trí mheascán de dheighilt de láimh agus de dheighilt cheimiceach

Nuair is féidir, déanfar an deighilt de láimh, agus cuirfear san áireamh cionmhaireachtaí na gcomhpháirteanna leithleacha sula dtosófar ar aon chóireáil cheimiceach a dhéanamh ar gach comhpháirt ar leith.

III.1.   BEACHTAS NA MODHANNA

Baineann an beachtas a shonraítear i ngach modh chun anailís a dhéanamh ar mheascáin dhénártha le hin-atáirgtheacht (féach Caibidil 2 a bhaineann le modhanna áirithe chun anailís chainníochtúil a dhéanamh ar mheascáin snáithíneacha dhénártha de shnáithíní teicstíle).

Is le hiontaofacht a bhaineann an in-atáirgtheacht, i.e. a chomhchosúla is atá na luachanna turgnamhacha a fhaigheann oibreoirí i saotharlanna éagsúla nó ag amanna éagsúla agus úsáid á baint as an modh céanna ach torthaí éagsúla á bhfáil i dtaca le heiseamail da mheascán aonchineálach comhionann.

Sloinntear an in-atáirgtheacht le teorainneacha muiníne na dtorthaí i gcás leibhéal muiníne 95 %.

Is éard a chiallaíonn an méid seo nach ndéanfaí an teorainn mhuiníne a shárú ach i gcúig chás as céad cás leis an difríocht idir dhá thoradh i sraith anailisí a dhéantar i saotharlanna éagsúla, ar choinníoll go gcuirfí an modh i bhfeidhm ar an ngnáthbhealach ceart ar mheascán aonfhoirmeach comhionann.

Chun beachtas na hanailíse ar mheascán snáithíneach trínártha a chinneadh, cuirtear i bhfeidhm ar an ngnáthbhealach na luachanna a a shonraítear sna modhanna chun anailís a dhéanamh ar mheascáin snáithíneacha dhénártha a úsáideadh chun anailís a dhéanamh ar an meascán trínártha.

Ós rud é go bhforáiltear do dhá thuaslagadh sna ceithre athraitheach den anailís chainníochtúil cheimiceach ar mheascáin snáithíneacha thrínártha (agus dhá eiseamal ar leith á n-úsáid sna chéad trí athraitheach agus eiseamal amháin sa cheathrú hthraitheach) agus, ag glacadh leis go gciallaíonn E1 agus E2 beachtas an dá mhodh chun anailís a dhéanamh ar mheascáin snáithíneacha dhénártha, taispeántar beachtas na dtorthaí i gcás gach comhábhair sa tábla seo a leanas:

Snáithín is comhpháirt

Athraitheacha

1

2 agus 3

4

a

E1

E1

E1

b

E2

E1+E2

E1+E2

c

E1+E2

E2

E1+E2

I gcás go n-úsáidtear an ceathrú athraitheach, d'fhéadfadh an leibhéal beachtais a bheith faoi bhun an leibhéil sin a ríomhtar tríd an modh a thuairiscítear thuas, i ngeall ar imoibriú a d'fhéadfadh an chéad imoibrí a dhéanamh ar an iarmhar ina bhfuil comhábhair b agus c, rud a bheadh deacair a mheas.

III.2.   TUARASCÁIL AR AN TÁSTÁIL

III.2.1.   Tabhair le fios an athraitheach nó na athraitheach a úsáideadh chun an anailís a dhéanamh, na modhanna, na himoibrithe agus na fachtóirí ceartúcháin.

III.2.2.   Luaigh na sonraí d'aon réamhchóireáil speisialta a rinneadh(féach I.6).

III.2.3.   Luaigh na torthaí aonair agus an meán uimhríochtúil, gach aon cheann acu ceart go dtí an chéad ionad deachúil.

III.2.4.   In aon chás inar féidir, luaigh beachtas an mhodha i gcás gach comhábhair, á ríomh de réir an tábla i roinn III.1.

IV.   Samplaí i dtaca le ríomh ar chéatadáin de na comhábhair i meascáin thrínártha snáithíní áirithe agus roinnt de na hathraitheacha a thuairiscítear i bpointe I.8.1 á n-úsáid.

Féach ar chás inar aimsíodh na comhábhair seo a leanas i meascán snáithíní agus anailís cháilíochtúil déanta air maidir le comhshuíomh amhábhar: 1. olann chardáilte; 2. níolón (polaimíd); 3. cadás neamhthuartha.

ATHRAITHEACH Uimh. 1

Is féidir na torthaí seo a leanas a fháil tríd an athraitheach seo a úsáid, is é sin dhá eiseamal dhifriúla a úsáid agus comhpháirt amháin (a = olann) a bhaint as an gcéad eiseamal trí thuaslagadh agus an dara comhpháirt (b = polaimíd) a bhaint as an dara heiseamal:

1.

Mais thirim an chéad eiseamail tar éis na réamhchóireála (m1) = 1,6000g

2.

Mais thirim an iarmhair tar éis é a chóireáil le fochlóirít sóidiam alcaileach (polaimíd+cadás) (r1) = 1,4166 g

3.

Mais thirim an dara heiseamal tar éis na réamhchóireála (m2) = 1,8000 g

4.

Mais thirim an iarmhair tar éis é a chóireáil le haigéad formach (olann+cadás)

(r2) = 0,9000 g

Ní chiallaíonn cóireáil le fochlóirít sóidiam alcaileach go gcailltear aon mhais i bpolaimíd, fad a chailleann cadás neamhthuartha 3 %, dá bhrí sin d1 = 1,00 agus d2 = 1,03.

Ní chiallaíonn cóireáil le haigéad formach go gcailltear aon mhais in olann ná i gcadás neamhthuartha, dá bhrí sin d3 agus d4 = 1,00.

Má úsáidtear na luachanna a fhaightear trí anailís cheimiceach agus na fachtóirí ceartúcháin san fhoirmle faoi I.8.1.1., faightear an toradh seo a leanas:

 

P1 % (olann) = [1,03/1,00 – 1,03 × 1,4166/1,6000 + (0,9000/1,8000) × (1 – 1,03/1,00)] × 100 = 10,30

 

P2 % (polaimíd) = [1,00 / 1,00 – 1,00 × 0,9000 / 1,8000 + (1,4166 / 1,6000) × (1– 1,00/1,00)] × 100 = 50,00

 

P3 % (cadás) = 100–(10,30 + 50,00) = 39,70

Is iad seo a leanas na céatadáin de na snáithíní tirime glana éagsúla sa mheascán:

olann

10,30 %

polaimíd

50,00 %

cadás

39,70 %

Ní mór na céatadáin sin a cheartú de réir na foirmle in I.8.2., chun an cion comhaontaithe agus na fachtóirí ceartúcháin a chur san áireamh i gcás aon mhais a cailleadh tar éis na réamhchóireála.

Mar atá tugtha le fios in Iarscríbhinn IX, is é seo a leanas na lamháltais chomhaontaithe do na hábhair seo a leanas: olann chardáilte 17,00 %, polaimíd 6,25 %, cadás 8,50 %, léiríonn cadás neamhthuartha cailliúint 4 % maise freisin, tar éis na réamhchóireála le peitriliam éadrom agus le huisce.

Dá bhrí sin:

 

P1A % (olann) = 10,30 × [1+(17,00+0,0)/100] / [10,30 × (1+ (17,00+0,0)/100) + 50,00 × (1+ (6,25+0,0)/100) + 39,70 × (1+(8,50+4,0) /100)] × 100 = 10,97

 

P2A % (polaimíd) = 50,0 × [(1+ (6,25+0,0)/100) /109,8385[ × 100 = 48,37

 

P3A % (cadás) = 100 - (10,97 + 48,37) = 40,66

Is é seo a leanas a bheidh i gcomhdhéanamh amhábhar an tsnátha dá bhrí sin:

polaimíd

48,4 %

cadás

40,6 %

olann

11,0 %

 

100,0 %

ATHRAITHEACH Uimh.4:

Féach ar chás inar aimsíodh na comhábhair seo a leanas i meascán snáithíní agus anailís cháilíochtúil déanta orthu: olann chardáilte, vioscós, cadás neamhthuartha.

Má ghlactar leis go bhfaightear na torthaí seo a leanas agus athraitheach 4 á úsáid, is é sin dhá chomhábhar a bhaint i ndiaidh a chéile as meascán d'aon eiseamal amháin:

1.

Mais thirim an eiseamail tar éis na réamhchóireála (m) = 1,6000 g

2.

Mais thirim an iarmhair tar éis é a chóireáil le fochlóirít sóidiam alcaileach (vioscós+cadás) (r1) = 1,4166 g

3.

Mais thirim an iarmhair tar éis an t-iarmhar r1 a chóireáil den dara huair le clóiríd since nó le haigéad formach (cadás) (r2) = 0,6630 g

Ní chiallaíonn cóireáil le fochlóirít sóidiam alcaileach go gcailltear aon mhais i vioscós, fad a chailleann cadás neamhthuartha 3 %, dá bhrí sin d1 = 1,00 agus d2 = 1,03.

Mar thoradh ar an gcóireáil le haigéad formach-clóiríd since, tagann méadú 4 % ar mhais an chadáis, sa chaoi is go bhfuil d3 = 1,03 × 0,96 = 0,9888, slánaithe suas go dtí 0,99, (is ionann d3 agus an fachtóir ceartúcháin i gcás na maise a cailleadh nó a cruthaíodh sa tríú comhpháirt sa chéad imoibrí agus sa dara himoibrí).

Má chuirtear isteach na luachanna a fhaightear trí anailís cheimiceach agus na fachtóirí ceartúcháin san fhoirmle in I.8.1.4., faightear an toradh seo a leanas:

 

P2 % (vioscós) = 1,00 × (1,4166 / 1,6000) × 100 – (1,00 / 1,03) × 1,02 = 48,71 %

 

P3 % (cadás) = 0,99 × (0,6630 / 1,6000) × 100= 41,02 %

 

P1 % (olann) = 100 - (48.71 + 41,02) = 10,27 %

Mar a tugadh le fios cheana i gcás Athraitheach 1, ní mór na céatadáin sin a cheartú de réir na foirmle atá luaite i bpointe I.8.2.

 

P1A % (olann) = 10,27 × [1 + (17,0+0,0) / 100)]/[10,27 × (1+ (17,00+0,0)/100) +48,71 × (1+(13+0,0) / 100) + 41,02 × (1+(8,5+4,0)/ 100)] × 100 = 10,61 %

 

P2A %(vioscós) = 48,71 × [1+(13+0,0) / 100] / 113,2057 × 100 = 48,62 %

 

P3A % (cadás) = 100 - (10,61 +48,62) = 40,77 %

Is mar seo a leanas comhshuíomh na n-amhábhar sa mheascán dá bhrí sin:

vioscós

48,6 %

cadás

40,8 %

olann

10,6 %

 

100,0 %

V.   Tábla ina léirítear meascáin thrínártha shamplacha snáithíní a bhféadfaí anailís a dhéanamh orthu le modhanna Aontais chun anailís a dhéanamh ar mheascáin dhénártha snáithíní (chun críocha léirithe)

Uimh. Measc-áin

Snáithíni is comhábhair

Athraitheach

Uimhir an mhodha a úsáidtear agus imoibrí do na meascáin dhénártha snáithíní

Comhpháirt 1

Comhpháirt 2

Comhpháirt 3

1.

olann nó fionnadh

vioscós, copró nó cineálacha áirithe módal

cadás

1 agus/ nó 4

2. (fochlóirít) agus 3. (clóiríd since/aigéad formach)

2.

olann nó fionnadh

polaimíd nó níolón

cadás, vioscós, copró nó modal

1 agus/ nó 4

2. (fochlóirít) agus 4. (aigéad formach, 80 %m/m)

3.

olann, fionnadh nó síoda

snáithíní áirithe eile

vioscós, copró, modal nó cadás

1 agus/ nó 4

2. (fochlóirít) agus 9 (déshuilfíd charbóin/aicéatón 55,5/44,5 % v/v)

4.

olann nó fionnadh

polaimíd nó níolón

poileistear, polapróipiléin, aicrileach nó snáithín gloine

1 agus/ nó 4

2. (fochlóirít) agus 4. (aigéad formach, 80 %m/m)

5.

olann, fionnadh nó síoda

snáithíní áirithe eile

poileistear, aicrileach, polaimíd nó níolón nó snáithín gloine

1 agus/ nó 4

2. (fochlóirít) agus 9 (déshuilfíd charbóin/aicéatón 55,5/44,5 %) v/v)

6.

síoda

olann nó fionnadh

poileistear

2

11. (aigéad sulfarach 75 % m/m) agus 2. (fochlóirít )

7.

polaimíd nó níolón […]

aicrileach nó snáithíní áirithe eile

cadás, vioscós, copró nó modal

1 agus/ nó 4

4. (aigéad formach 80 % m/m) agus 8. ( démheitiolformaimíd)

8.

clórashnáithíní áirithe

polaimíd nó níolón

cadás, vioscós, copró nó modal

1 agus/ nó 4

8. ( démheitiolformaimíd) agus 4. (aigéad formach, 80 % m/m)

nó 9. (déshuilfíd charbóin/aicéatón, 55,5/44,5 % v/v) agus 4. (aigéad formach, 80 % m/m)

9.

aicrileach

polaimíd nó níolón

poileistear

1 agus/ nó 4

8. ( démheitiolformaimíd) agus 4. (aigéad formach, 80 % m/m)

10.

aicéatáit

polaimíd nó níolón nó snáithíní áirithe eile

vioscós, cadás, copró nó modal

4

1. (aicéatón) agus 4. (aigéad formach, 80 % m/m)

11.

clórashnáithíní áirithe

aicrileach nó snáithíní áirithe eile

polaimíd nó níolón

2 agus/ nó 4

9. (déshuilfíd charbóin/aicéatón, 55,5/44,5 % v/v) agus 8. ( démheitiolformaimíd)

12.

clórashnáithíní áirithe

polaimíd nó níolón

aicrileach

1 agus/ nó 4

9. (déshuilfíd charbóin/aicéatón, 55,5/44,5 % v/v agus 4. (aigéad formach, 80 %m/m )

13.

polaimíd nó níolón

vioscós, copró, modal nó cadás

poileistear

4

4. (aigéad formach, 80 % m/m ) agus 7.(aigéad sulfarach, 75 % m/m)

14.

aicéatáit

vioscós, copró, modal nó cadás

poileistear

4

1. (aicéatón) agus 7 (aigéad sulfarach, 75 % m/m )

15.

aicrileach

vioscós, copró, modal nó cadás

poileistear

4

8. ( démheitiolformaimíd) agus 7. (aigéad sulfarach, 75 % m/m)

16.

aicéatáit

olann, fionnadh nó síoda

cadás, vioscós, copró, modal, polaimíd nó níolón, poileistear, aicrileach

4

1. (aicéatón) agus 2. (fochlóirít)

17.

trí-aicéatáit

olann, fionnadh nó síoda

cadás, vioscós, copró, modal, polaimíd nó níolón, poileistear, aicrileach

4

6. (déchlóraimeatán) agus 2. (fochlóirít)

18.

aicrileach

olann, fionnadh nó síoda

poileistear

1 agus/ nó 4

8. ( démheitiolformaimíd) agus 2. (fochlóirít)

19.

aicrileach

síoda

olann nó fionnadh

4

8. ( démheitiolformaimíd) agus 11. (aigéad sulfarach 75 % m/m)

20.

aicrileach

olann, fionnadh nó síoda

cadás, vioscós, copró nó modal

1 agus/ nó 4

8. ( démheitiolformaimíd) agus 2 (fochlóirít)

21.

olann, fionnadh nó síoda

cadás, vioscós, modal nó copró

poileistear

4

2. (fochlóirít) agus 7. (aigéad sulfarach 75 % m/m))

22.

vioscós, copró nó cineálacha áirithe modal

cadás

poileistear

2 agus/ nó 4

3. (clóiríd since/aigéad formach) agus 7. (aigéad sulfarach 75 % m/m)

23.

aicrileach

vioscós, copró nó cineálacha áirithe modal

cadás

4

8. (démheitiolformaimíd) agus 3 (clóiríd since/aigéad formach)

24.

clórashnáithíní áirithe

vioscós, copró nó cineálacha áirithe modal

cadás

1 agus/ nó 4

9. (déshuilfíd charbóin/aicéatón, 55,5/44,5 % v/v) agus 3. (clóiríd since/aigéad formach) nó 8. ( démheitiolformaimíd) agus 3. (clóiríd since/aigéad formach)

25.

aicéatáit

vioscós, copró nó cineálacha áirithe modal

cadás

4

1. (aicéatón) agus 3. (clóiríd since/aigéad formach)

26.

trí-aicéatáit

vioscós, copró nó cineálacha áirithe modal

cadás

4

6. (déchlóraimeatán) agus 3. (clóiríd since/aigéad formach)

27.

aicéatáit

síoda

olann nó fionnadh

4

1. (aicéatón) agus 11. (aigéad sulfarach 75 % m/m)

28.

trí-aicéatáit

síoda

olann nó fionnadh

4

6. (déchlóraimeatán) agus 11. (aigéad sulfarach 75 % m/m)

29.

aicéatáit

aicrileach

cadás, vioscós, copró nó modal

4

1. (aicéatón) agus 8. ( démheitiolformaimíd)

30.

trí-aicéatáit

aicrileach

cadás, vioscós, copró nó modal

4

6. (déchlóraimeatán) agus 8. ( démheitiolformaimíd)

31.

trí-aicéatáit

polaimíd nó níolón

cadás, vioscós, copró nó modal

4

6. (déchlóraimeatán) agus 4. (aigéad formach 80 % m/m)

32.

trí-aicéatáit

cadás, vioscós, copró nó modal

poileistear

4

6. (déchlóraimeatán) agus 7. (aigéad sulfarach 75 % m/m)

33.

aicéatáit

polaimíd nó níolón

poileistear nó aicrileach

4

1. (aicéatón) agus 4. (aigéad formach 80 % m/m)

34.

aicéatáit

aicrileach

poileistear

4

1. (aicéatón) agus 8. (démheitiolformaimíd)

35.

clórashnáithíní áirithe

cadás, vioscós, copró nó modal

poileistear

4

8. ( démheitiolformaimíd) agus 7. (aigéad sulfarach 75 % m/m)

nó 9 (déshuilfíd charbóin/aicéatón, 55,5/44,5 % v/v]) agus 7. (aigéad sulfarach 75 % m/m)

36

cadás

poileistear

leastolaifín

2 agus/ nó 4

7. (aigéad sulfarach 75 % m/m) agus 14. (aigéad sulfarach tiubhaithe)

37

modaicriligh áirithe

poileistear

meilimín

2 agus/ nó 4

8. (démheitiolformaimíd) agus 14. (aigéad sulfarach tiubhaithe)


(1)  I gcásanna áirithe is gá réamhchóireáil a dhéanamh ar an eiseamal tástála aonair.

(2)  Le haghaidh earraí atá déanta suas agus críochnaithe, féach Cuid 7.

(3)  Féach pointe 1.

(4)  Is féidir cumascóir snáithíní a chur in ionad an mheaisín cardála saotharlainne, nó is féidir na snáithíní a mheascadh ar an modh “toim agus colfairtí”

(5)  Más féidir na pacáistí a shuiteáil ar chliabh áisiúil is féidir roinnt acu a thochras ag an am céanna.

(6)  Eisceacht atá i Modh 12. Tá sé bunaithe ar inneachar substainte a dhéanamh amach ar substaint í atá ina comhábhar de chomhpháirt amháin nó den dá chomhpháirt.

(7)  Féach Caibidil 1.1

(8)  Lena chinntiú go mbeidh an t-iarmhar snáithíneach tumtha sa tuaslagán amóinia ar feadh 10 nóiméad, d'fhéadfaí, mar shampla, leas a bhaint as cuibheoir scagbhreogáin a mbeadh sconna air lena bhféadfaí sreabhadh an tuaslagáin amóinia a rialú.

(9)  Ní mór tuaslagthacht modaicrileach nó clórashnáithíní den chineál sin atá san imoibrí a sheiceáil sula ndéanfar an anailís.

(10)  Sula ndéantar an anailís, ní mór tuaslagthacht na snáithíní clóiríde polaivinile atá san imoibrí a sheiceáil.

(11)  Níl síodaí fiáine, amhail síoda tussah, intuaslagtha go hiomlán in aigéad sulfarach 75 % m/m.

(12)  Ba cheart go mbeadh an t-imoibrí seo saor ó nítrigin.

(13)  Féach mar shampla an fearas a thuairiscítear in Melliand Textilberichte 56 (1975), lch. 643 645.

(14)  Féach Caibidil 1.1

(15)  Sonraítear luachanna d i gCaibidil 2 den Iarscríbhinn seo maidir leis na modhanna éagsúla chun meascáin dhénártha a anailísiú.

(16)  Aon áit is féidir, ba cheart d3 a chinneadh roimh ré trí mhodhanna oibre turgnamhacha.


IARSCRÍBHINN IX

An cion comhaontaithe a úsáidtear chun mais snáithíní atá i dtáirge teicstíle a ríomh

(Airteagal 18(3))

Uimh. Snáithín

Snáithíní

Céatadáin

1—2

Olann agus fionnadh ainmhíoch:

 

snáithíní spíonta

18,25

snáithíní cardáilte

17,00 (1)

3

Fionnadh ainmhíoch:

 

snáithíní spíonta

18,25

snáithíní cardáilte

17,00 (1)

Rón:

 

snáithíní spíonta

16,00

snáithíní cardáilte

15,00

4

Síoda

11,00

5

Cadás:

 

gnáthshnáithíní

8,50

snáithíní meirsirithe

10,50

6

Capoc

10,90

7

Líon (nó línéadach)

12,00

8

Fíorchnáib

12,00

9

Siúit

17,00

10

Abacá

14,00

11

Alfa

14,00

12

Coighir

13,00

13

Giolcach shléibhe

14,00

14

Ráimí (snáithín tuartha)

8,50

15

Siseal

14,00

16

Sann

12,00

17

Heinicéin

14,00

18

Magua

14,00

19

Aicéatáit

9,00

20

Ailgionáit

20,00

21

Copró

13,00

22

Modal

13,00

23

Próitéin

17,00

24

Trí-aicéatáit

7,00

25

Vioscós

13,00

26

Aicrileach

2,00

27

Clórashnáithín

2,00

28

Fluarashnáithín

0,00

29

Modaicrileach

2,00

30

Polaimíd nó níolón:

 

snáithín neamhleanúnach

6,25

filiméad

5,75

31

Araimíd

8,00

32

Poilimíd

3,50

33

Lióiceall

13,00

34

Polalachtaíd

1,50

35

Poileistear

1,50

36

Poileitiléin

1,50

37

Polapróipiléin

2,00

38

Polacarbaimíd

2,00

39

Polúireatán

 

snáithín neamhleanúnach

3,50

filiméad

3,00

40

Viniolal

5,00

41

Trívinil

3,00

42

Leaistidhé-éin

1,00

43

Leaisteán

1,50

44

Snáithín gloine:

 

a bhfuil trastomhas meánach os cionn 5 μm aige

2,00

a bhfuil trastomhas meánach nach mó ná 5 μm aige

3,00

45

Leaist-ileistear

1,50

46

Leastolaifín

1,50

47

Meilimín

7,00

48

Snáithín miotail

2,00

Snáithín miotalaithe

2,00

Aispeist

2,00

Snáth páipéir

13,75


(1)  Cuirfear an cion comhaontaithe de 17,00 % i bhfeidhm chomh maith nuair nach féidir a fháil amach an bhfuil an táirge teicstíle ina bhfuil an olann agus nó an fionnadh ainmhíoch cardáilte nó spíonta.


IARSCRÍBHINN X

Táblaí Comhghaoil

Treoir 2008/121/CE

An Rialachán seo

Airteagal 1(1)

Airteagal 4(1)

Airteagal 1(2)

Airteagal 2(2)

Airteagal 2(1) na focail tosaigh

Airteagal 3(1)

Airteagal 2(2)

Airteagal 2(1) na focail tosaigh

Airteagal 2(2)(a)

Airteagal 2(1)(a)

Airteagal 2(2)(b)

Airteagal 2(1)(b) agus (c)

Airteagal 2(2)(c)

Airteagal 2(1)(d)

Airteagal 3

Airteagal 5

Airteagal 4

Airteagal 7

Airteagal 5

Airteagal 8

Airteagal 6(1) go (4)

Airteagal 9(1) go (4)

Airteagal 6(5)

Airteagal 18

Airteagal 7

Airteagal 10

Airteagal 8(1)

Airteagal 11(1)

Airteagal 8(2)

Airteagal 12(1)

Airteagal 8(3)

Airteagal 12(2) agus (3)

Airteagal 8(4)

Airteagal 12(4)

Airteagal 8(5)

Airteagal 9(1)

Airteagal 13(1)

Airteagal 9(2)

Airteagal 13(2)

Airteagal 9(3)

Airteagal 14 agus Iarscríbhinn IV

Airteagal 10(1)(a)

Airteagal 15(2)

Airteagal 10(1)(b)

Airteagal 15(3)

Airteagal 10(1)(c)

Airteagal 15(4)

Airteagal 10(2)

Airteagal 15(1) an dara fomhír

Airteagal 11

Airteagal 11(2) an tríú fomhír

Airteagal 12

Airteagal 16 agus Iarscríbhinn VII

Airteagal 13(1)

Airteagal 17(2)

Airteagal 13(2)

Airteagal 14(1)

Airteagal 14(2)

Airteagal 4(2)

Airteagal 15

Airteagal 19

Airteagal 16

Airteagal 20

Airteagal 17

Airteagal 18

Airteagal 19

Airteagal 20

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn V

Iarscríbhinn III pointe 36

Airteagal 3(1)(h)

Iarscríbhinn IV

Iarscríbhinn VI

Iarscríbhinn V

Iarscríbhinn IX

Iarscríbhinn VI

Iarscríbhinn VII


Treoir 96/73/CE

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Iarscríbhinn VIII caibidil 1 roinn I (2)

Airteagal 3

Airteagal 18 (1)

Airteagal 4

Airteagal 18 (4)

Airteagal 5

Airteagal 20

Airteagal 6

 

Airteagal 7

Airteagal 8

Airteagal 9

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn VIII caibidil 1 roinn I

Iarscríbhinn II (1) réamhrá

Iarscríbhinn VIII caibidil 1 roinn II

Iarscríbhinn II (1) roinn I, roinn II agus roinn III

Iarscríbhinn VIII caibidil 2 roinn I, roinn II agus roinn III

Iarscríbhinn II (2)

Iarscríbhinn VIII caibidil 2 roinn IV


Treoir 73/44/CEE

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Iarscríbhinn VIII caibidil 1 roinn I

Airteagal 3

Airteagal 18 (1)

Airteagal 4

Airteagal 18 (4)

Airteagal 5

Airteagal 20

Airteagal 6

Airteagal 7

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn VIII caibidil 3 réamhrá agus roinn I go roinn IV

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn VIII caibidil 3 roinn V

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn VIII caibidil 3 roinn VI


RÁITEAS AR CHÚISEANNA NA COMHAIRLE

I.   RÉAMHRÁ

An 2 Feabhra 2009, thíolaic an Coimisiún a thogra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hainmneacha teicstílí agus maidir le lipéadú gaolmhar táirgí teicstíle (1). Is é Airteagal 95 den Chonradh an bunús a bhí ag an togra sin i dtosach (2). Bhí Measúnú Tionchair ag gabháil leis.

Thug Parlaimint na hEorpa uaithi a tuairim ar an gcéad léamh an 18 Bealtaine 2010 (3).

Thug an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta uaidh a thuairim an 16 Nollaig 2009 (4).

An 13 Meán Fómhair 2010, dheimhnigh an Chomhairle comhaontú polaitiúil d'fhonn Seasamh ar an gcéad léamh a ghlacadh níos déanaí i gcomhréir le hAirteagal 294 (5) CFAE.

An 6 Nollaig 2010 ghlac an Chomhairle a Seasamh ar an gcéad léamh maidir leis an togra sin, seasamh atá leagtha amach in 13807/10.

II.   CUSPÓIR

Ba é cuspóir an togra thuasluaite na trí Threoir atá ann cheana maidir le hAinmneacha Teicstílí agus Lipéadú Teicstílí a chumasc agus a shimpliú (5). Ba cheart an creat rialála atá ann a fheabhsú, chun nua-shnáithíní a fhorbairt agus a ghlacadh, d’fhonn nuáil san earnáil teicstíle agus éadaigh a spreagadh agus caoi a thabhairt d'úsáideoirí snáithíní agus do thomhaltóirí tairbhe a bhaint as tairgí nuála níos luaithe.

Ba cheart go bhfeabhsódh an rialachán a bheartaítear trédhearcacht an phróisis lena gcuirtear snáithíní nua le liosta na n-ainmneacha snáithíní comhchuibhithe agus ba cheart go dtabharfadh sé isteach tuilleadh solúbthachta chun reachtaíocht a leasú trí ghníomh tairmligthe d'fhonn na riachtanais teicneolaíochta a mheastar a thiocfaidh chun cinn in earnáil na dteicstílí a shásamh.

Ní raibh sé d'aidhm ag an togra bunaidh ón gCoimisiún reachtaíocht an AE a shíneadh amach go ceangaltais eile maidir le lipéadú thar chomhdhéanamh snáithíneach agus chomhchuibhiú ainmneacha snáithíní teicstílí a chumhdaítear sna Treoracha atá ann cheana.

III.   ANAILÍS AR SHEASAMH NA COMHAIRLE AR AN gCÉAD LÉAMH  (6)

1.    Ginearálta

Leis an téacs lenar thángthas ar chomhaontú polaitiúil sa Chomhairle, coinnítear cuspóirí uile an togra ón gCoimisiún. Thug sé ar aird go príomha na leasuithe sin a ghlac Parlaimint na hEorpa ar a céad léamh agus atá ag luí le cuspóir bunaidh an togra. Baineann na gnéithe nua a tugadh isteach i rith na caibidlíochta i Meitheal na Comhairle leis an sainmhíniú ar an gcion ceadaithe, le roinnt soiléirithe theicniúil agus nuashonrú sna hiarscríbhinní agus le foráil idirthréimhseach a dhéanamh do tháirgí teicstíle a bheidh sa stoc agus go gcomhlíonfar riachtanais na dTreoracha reatha uile.

Gné nua eile a thug an Chomhairle isteach is ea an tsraith d'fhorálacha lena n-aistrítear an Nós Imeachta Rialúcháin lena ngabhann Grinnscrúdú (PRAC) isteach sa nós imeachta nua le haghaidh “gníomhartha arna dtarmligean” i gcomhréir le Conradh Liospóin (CFAE).

2.    Leasuithe PE

Ar an gcéad léamh, ghlac Parlaimint na hEorpa 63 leasú ar an téacs, (7) agus ina measc sin is féidir plé le leasú 9 agus leasú 26, leasú 10 agus leasú 11, leasuithe 12, 47, 48, 49, 50, 51 le chéile, leasú 13 agus leasú 31 comh maith le leasuithe 53, 54, 55 agus 56 mar leasuithe comhcheangailte, toisc go n-eascraíonn siad as iarmhairt loighciúil nó toisc go gcumhdaíonn siad an t-ábhar céanna. Le linn na caibidlíochta sa Mheitheal, rinne an Chomhairle grinnscrúdú ar leasuithe PE roinnt uaireanta. Sa deireadh, ghlac an Chomhairle le formhór leasuithe PE (40) ar a laghad go páirteach, glacadh le substaint cuid eile acu, agus cuid eile arís glacadh leo go díreach sa bhfoclaíocht mar a bhí. Dhiúltaigh an Chomhairle 23 leasú PE sa deireadh.

2.1.   Leasuithe PE ar ghlac an Chomhairle leo agus a rinneadh a lánpháirtiú i dtéacs an tSeasaimh ar an gcéad léamh

Rinneadh leasuithe 1, 3, 6, 8, 15, 17, 22, 34, 35, 39, 40, 41, 42, 46, 52, 57, 61 a ionchorprú i dtéacs na Comhairle agus iad sa bhfoclaíocht mar a bhí geall leis, i bhfianaise gur thacaigh an Chomhairle a bheag nó a mhór leis na cúiseanna a chuir Parlaimint na hEorpa ar aghaidh.

2.2.   Leasuithe PE ar glacadh leo i bprionsabal nó go páirteach, ach a cuireadh isteach sa téacs le hathruithe áirithe déanta orthu

Leasú 2 — Aithris 2 (Reachtaíocht Aontais; Ainmneacha snáithíní)

Is eagarthóireacht atá leasú agus mar sin níl sé conspóideach go baileach. Ní ionchorpraítear i dtéacs na Comhairle faoi láthair ach cuid de.

Leasú 5 — Aithris 9, mar atá anois: aithris 10 (Cur ar fáil don mhargadh)

Mheas an Chomhairle nach gá go mbeadh ailíniú ar nós leasú PE ann le haghaidh fhoclaíocht na haithrise.

Leasú 7 — Aithris 12, mar atá anois: aithris 13 (Modhanna aonfhoirmeacha a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil)

Roinneann an Chomhairle éirim an leasaithe ach measann sí gur fearr atá a téacs féin dréachtaithe níos ná leasú PE.

Leasú 10 agus 11 — Aithris 17 agus 18 (Leasú ar aithrisí ar “ghníomhartha tarmligthe ”)

Thacaigh an Chomhairle le prionsabal leasuithe PE d'fhonn an prionsabal reatha a oiriúnú don staid nua dlí maidir le “gníomhartha tarmligthe ” i ndiaidh Chonradh Liospóin. Cé go bhfuil aithris 17 scriosta mar a mhol leasú PE, tá difríocht idir foclaíocht nua aithris 18 agus foclaíocht PE, ar chúiseanna eagarthóireachta go príomha áfach.

Leasú 14 — Aithris 19b (nua) (Tuairisciú ar cheanglais nua lipéadaithe don todhchaí)

D'aithin an Chomhairle go bhfuil suim ag PE i gceanglais nua lipéadaithe don todhchaí a d'fhéadfadh a léiriú ansin leas an tionscail agus leas na dtomhaltóirí chomh maith le forbairtí teicniúla ach nach féidir iad a fhíorú fós faoin ngníomh reatha dlí. Measann an Chomhairle, áfach, go bhféadfaí aon rogha le haghaidh gníomhaíochta dlí sa todhchaí a iniúchadh trí bhíthin an cheanglais ghinearálta tuairiscithe atá ar an gCoimisiún faoi Airteagal 21 atá anois mar Airteagal 24. Dá ainneoin sin, d'fhéadfaí go dtabharfadh an Chomhairle níos mó tacaíochta le haithris a mbeadh foclaíocht ní ba ghaire aici.

Leasú 16 — Airteagal 1 (Ábhar)

Tá an Chomhairle i bhfábhar éirim leasú PE agus i bhfábhar na mórchoda de. Is fearr leis an gComhairle, áfach, i bhfianaise chuspóir an rialacháin seo, an fhoclaíocht “feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh ” a bheadh ní ba chuimsithí agus ní ba chruinne chun críoch coda de reachtaíocht an Chomhphobail i leith an chomhchuibhithe, i gcomparáid leis an bhfoclaíocht a moladh sa leasú “saorchúrsaíocht”.

Leasú 21 — Airteagal 2 (Sainmhíniú ar “lipéadú”)

Faoi láthair, úsáideann an Chomhairle dhá shainmhíniú dhifriúla ar “lipéadú” agus ar “mharcáil” cé go mbaineann forálacha agus ceanglais an Rialacháin seo - ar an mór gcóir - leis an dá cheann díobh. D'úsáid an Chomhairle an nós imeachta seo ar chúiseanna soiléireachta. Ba mhaith le PE smaoineamh na marcála a chomhchuimsiú i gcoincheap ginearálta an “lipéadaithe” chun gur fusa tagairtí eile sa téacs a léamh. Ar deireadh, is ceist eagarthóireachta atá sa difríocht, mar thairis choincheap an “lipéadaithe chuimsithigh” ní bhíonn baint de ghnáth ag na slite marcála a ndéantar cur síos orthu leis an scéal, rud nach gcruthaíonn fadhbanna, áfach, i dtéarmaí dlí.

Leasú 23 — Airteagal 4 (Rialacha ginearálta chun táirgí a chur ar an margadh)

Ghlac an Chomhairle leis an leasú go páirteach. Leanann ceann den dá dhifríocht idir téacs na Comhairle agus leasú PE go simplí loighiciúil ó úsáid an téarma “marcáil” i dtéacs na Comhairle (féach leasú 21); is ceist eagarthóireachta amháin atá sa cheann eile.

Leasú 25 — Airteagal 5 (Ainmneacha snáithíní teicstíle)

Ghlac an Chomhairle le héirim leasú PE ach is fearr léi a cuid foclaíochta féin, toisc gur ceist eagarthóireachta atá sa difríocht.

Leasú 27 — Airteagal 7 (2) (Táirgí íona teicstíle)

Tacaíonn an Chomhairle le cuspóir agus príomhchodanna leasú PE, ach d'éileodh sí anuas air sin nasc soiléirithe le hAirteagal 8 (“Táirgí lomra nó táirgí ógolla”)

Leasú 29 — Airteagal 8 (3) (Snáithíní coimhthíocha san olann)

Thacaigh an Chomhairle le mórchuid leasú PE ach is fearr léi soiléiriú ag deireadh na míre i gcomhréir le foclaíocht Airteagal 7 agus Airteagal 18 (mar atá anois: Airteagal 19).

Leasú 32 — Airteagal 11, mar atá anois: Airteagal 13 (Lipéadú)

Glacann an Chomhairle le codanna móra den leasú seo. Maidir leis na téarmaí “gnáth-thréimhse úsáide” agus “míchompord a íoslaghdú” áfach, is fearr leis an gComhairle iad a fhágáil amach as an Airteagal, mar nach léir gur féidir iad a bheith infhorfheidhmithe go dlíthiúil.

Leasú 33 — Airteagal 11, mar atá anois: Airteagal 14 (Freagracht as faisnéis lipéadaithe)

Ghlac an Chomhairle le mórchuid de leasú PE agus leis an éirim a ghabhann leis. Maidir le foclaíocht chruinn agus ord loighciúil na míreanna, áfach, mheasfadh an Chomhairle go mbeadh a téacs féin ní b'iomchuí.

Leasú 36 — Airteagal 12 (2), mar atá anois: Airteagal 15 (1) (Infheictheacht agus inléiteacht eolais)

Ghlac an Chomhairle le mórchuid den fhoclaíocht a moladh sa leasú, d'fhág sí na tagairtí do “mhéid nó stíl litreacha/uimhreacha” ar lár.

Leasú 43 — Airteagal 17 (2), mar atá anois: Airteagal 18 (Comhdhéanamh snáithíneach a chinneadh)

Ghlac an Chomhairle leis an leasú ach chuir sí an mhír uile isteach mar an gcéad mhír d'Airteagal nua ar leith “Comhdhéanamh snáithíneach a chinneadh”.

Leasú 44 — Airteagal 17 (2) fomhír nua 2 a, mar atá anois: Airteagal 18 (Gan ítimí a liostaítear in Iarscríbhinn VII a chur san áireamh)

Ghlac an Chomhairle leis an leasú ach thug sí an mhír uile isteach ar an dara mír d'Airteagal nua ar leith “Comhdhéanamh snáithíneach a chinneadh”.

Leasú 45 — Airteagal 17 (3), mar atá anois: Airteagal 18 (Modhanna a úsáidtear i saotharlanna)

Ghlac an Chomhairle leis an dara cuid den leasú a fheidhmíonn go príomha chun críocha soiléirithe. Diúltaíodh an chéad chuid a bhfuil sé de sprioc aici creidiúnú a éileamh do gach saotharlann a chomhlíonann an fheidhm seirbhíse seo do na húdaráis mar bhí sí róshriantach agus ródhian.

Leasuithe 53, 54, 55 agus 56 — Airteagail 19-19c, mar atá anois: Airteagal 20-23 (Forálacha maidir le gníomhartha tarmligthe)

Ghlac an Chomhairle gur ghá éirim agus mórchuid d'fhoclaíocht na leasuithe a bheith ann mar thoradh ar Chonradh Liospóin. Mheas an Chomhairle gurbh iomchuí an fhoclaíocht a bhí aici féin, áfach, mar shampla maidir le dáta éaga an tarmligin cumhachtaí. I gcás na gceisteanna ábharacha sin nár ghlac an Chomhairle leis go gcuirfí isteach sna hAirteagail ar aon chuma, ba ghá féidearthacht na ngníomhartha tarmlighthe a fhágáil ar lár dá bharr.

Leasú 60 — Airteagal 21a, mar atá anois: Airteagal 25 (Foráil idirthréimhseach)

Cé gur miondifríocht í an difríocht ábharach idir téacs na Comhairle agus leasú PE, measann an Chomhairle gur soiléire go dlíthiúil a cuid foclaíochta féin.

2.3.   Leasuithe a dhiúltaítear agus nach ndéantar a lánpháirtiú dá réir sin i dtéacs na Comhairle

Leasú 9 agus leasú 26 — Aithris 16, mar atá anois: aithris 17 agus Airteagal 6 (1) (Ionadaí an mhonaróra)

Measann an Chomhairle gur soiléire a foclaíocht féin don aithris agus don Airteagal. Dar le Parlaimint na hEorpa, leis an bhfocal “ionadaí” níl an dealamh ar an scéal go dteorannaítear an chiall go “ionadaí údaraithe” mar oibreoir eacnamaíochta ar leith, b'fhearr leis an gComhairle, áfach, a foclaíocht féin “duine ag gníomhú thar a cheann” mar fhoclaíocht ar soiléire í sa chomhthéacs seo. Níl leasuithe PE go hiomlán comhsheasmhach le chéile.

Leasuithe 12, 47, 48, 50, 51 — Aithris 18a nua; Airteagal 18a-18d (nua) (Lipéadú na tíre tionscnaimh)

Níor thacaigh an Chomhairle go mbeadh lipéadú na tíre tionscnamh éigeantach. Ar an gcéad dul síos, titeann an t-ábhar lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin seo ina ndéileáiltear le hainmneacha teicstíle agus le comhdhlúthú oibleagáidí atá sa dlí reatha cheana féin. Ar an dara dul síos, chuirfeadh lipéadú na tíre tionscnamh isteach ar thograí le haghaidh gníomhartha dlíthiúla cothrománacha, ar bhealach, i gcás ina bhfuil réiteach foriomlán ar an bhfadhb á lorg faoi láthair.

Leasú 66 — Aithris 18b (nua) (An gaol idir lipéadú na tíre tionscnaimh sa ghníomh dlíthiúil seo agus an lipéadú sin i ngníomhartha dlíthiúla eile)

Cé nach mbeadh foclaíocht na haithrise ina fadhb shuntasach, ba ghá í a dhiúltú mar thoradh ar leasú 12 agus leasuithe 47-51 a dhiúltú maidir le lipéadú na tíre tionscnaimh a bheith éigeantach. D'fhéadfadh go mbeadh an aithris inghlactha, dá mba rud é go raibh sí ceangailte le scéim ní ba dheonaí maidir le lipéadú na tíre tionscnaimh.

Leasú 13 agus Leasú 31 — Aithris 19a agus Airteagal 10a (nua) (Táirgí a dhíorthaítear ó ainmhithe)

Dhiúltaigh an Chomhairle na leasuithe sin. Níl raon feidhme ná cuspóir na bhforálacha sin róshoiléir, agus níl an dréachtú dlíthiúil sásúil. Le catagóir na snáithíní a dhíorthaítear ó ainmhithe, thaispeánfaí forluí le roinnt snáithíní atá lánpháirtithe in Iarscríbhinn I cheana agus atá faoi réir forálacha lipéadaithe ar déine i bhfad iad faoin dlí reatha. Os a choinne sin, is léir go mbeadh lipéadú éigeantach ar ábhar ainmhíoch neamhshnáithíneach taobh amuigh de raon feidhme an rialacháin seo, agus ní shainítear an téarma “ábhar neamhtheicstíle” ar chor ar bith. Ní móide go bhféadfaí cosaint dhíreach ar speicis áirithe atá i mbaol a bhaint amach le foráil mar sin atá róghinearálta. Ar an iomlán, is féidir fírinniú na leasuithe sin a bhailíochtú ar bhealach níos fearr trí fhorálacha ar leibhéal na mBallstát.

Leasú 19 — Airteagal 2 (2) (da) (nua) (Earraí saincheaptha)

Rinne an Chomhairle an leasú agus an t-ualach a d'fhéadfadh a bheith ann do tháirgeoirí earraí leithleacha a thagann as lipéadú a mheas. Ó tharla gur ceart go mbeadh faisnéis leordhóthanach don tomhaltóir mar ábhar imní bailí d'earraí saincheaptha, áfach, agus go bhfuil margadh earraí oll-shaincheaptha atá ag fás ann idir an dá linn, ní raibh tacaíocht le fáil ón gComhairle maidir le díolúine iomlán ag earraí saincheaptha ó cheanglais an Rialacháin seo.

Leasú 24 — Airteagal 4 (2) (Clásal coimirce)

Scrios an Chomhairle an mhír iomlán mar mhír mhíthreorach agus mar mhír nach bhfuil fíor-riachtanach mar fhoráil laistigh den Rialachán seo. Mar sin, bhí sé dodhéanta go teicniúil go ndéanfaí leasú Parlaimint na hEorpa a lánpháirtiú.

Leasú 30 — Airteagal 9 (Táirgí ilsnáithíneacha)

Dhiúltaigh an Chomhairle an leasú mar gurbh fhearr léi coinneáil níos dlúithe leis an togra ón gCoimisiún.

Leasú 72 — Airteagal 12 (4), an chéad fhomhír, mar atá anois: Airteagal 15 (3) (Foráil teanga agus siombailí)

Dhiúltaigh an Chomhairle an leasú. Ar an gcéad sul síos, le foráil na Comhairle maidir le “teanga”, tugtar níos mór saoirse do Bhallstáit ar leith teangacha eile a cheadú, ní hamháin an teanga oifigiúil nó na teangacha oifigiúla; ar an dara dul síos, bhí fadhbanna móra ag an gComhairle glacadh le siombailí a bheadh neamhspleách ar theanga, ar siombailí iad nach bhfuil comhchuibhithe ná nach bhfuil cur amach ag na custaiméirí orthu.

Leasú 37 — Airteagal 12 (4), an dara fomhír; mar atá anois: Airteagal 15 (3) (Foráil maidir le lipéadú cuimsitheach)

Dhiúltaigh an Chomhairle an leasú seo ar na cúiseanna céanna a bhí aici le leasú 72 a dhiúltú.

Leasú 38 — Airteagal 12 (4), fomhír nua, mar atá anois: Airteagal 15 (3) (Gníomhartha tarmligthe le haghaidh “siombailí”)

Dhiúltaigh an Chomhairle an leasú seo mar thoradh ar leasú 72 agus leasú 37 a dhiúltú.

Leasú 58 — Airteagal 20a (nua) (Athbhreithniú)

Ní dhearna an Chomhairle an leasú seo a lánpháirtiú sa téacs de thuras na huaire. Cé gurbh fhiú breathnú ar roinnt ítimí a luaitear sa chlásal athbhreithnithe cuíosach fada seo, ba léir go raibh sé iomchuí an leasú iomlán a phlé laistigh de “phacáiste” foriomlán maidir le hábhar agus raon feidhme an Rialacháin. D'fhéadfaí a mheas freisin go bhfuil cuid den ábhar níos iomchuí le haghaidh aithrise.

Leasú 59 — Airteagal 21, mar atá anois: Airteagal 24 (Tuairisciú)

B'fhearr leis an gComhairle an tréimhse cúig bliana a choinneáil. Ina theannta sin, maidir leis an aguisín a mhol Parlaimint na hEorpa, ní chuireann sé le soiléireacht toisc gur ceart go mbeadh bonn cirt ag gabháil le tionscnaimh reachtacha ón gCoimisiún i gcónaí.

Leasú 62 — Iarscríbhinn IIa - Fleasc 5a (Tástálacha ar fhrithghníomhartha ailléirgeacha)

Ní dhearna an Chomhairle an leasú seo a lánpháirtiú toisc go bhfuil gá le roinnt soiléireachta ar a laghad agus le míniúcháin ó Pharlaimint na hEorpa agus toisc go bhféadfaí an fhoclaíocht a fheabhsú.

Leasú 64 — Iarscríbhinn V - pointe 13 (“Feilt” a scrios)

Measann an Chomhairle gur mionphointe é feilt a chur san áireamh i lipéadú éigeantach. Ó tharla go dtabharfaí le tuiscint ar a laghad go mbeadh ualach breise ann do ghnóthais lena mbaineann glacadh leis an leasú, ní raibh sé ar chumas na Comhairle an leasú a lánpháirtiú.

Leasú 65 — Iarscríbhinn V - pointe 17 (“Hataí feilte” a scrios)

Leanann diúltú an leasaithe seo an réasúnú céanna le diúltú leasú 64.

Leasú 63 — Iarscríbhinn V - pointe 24 (“Bréagáin” a scrios)

Mheas an Chomhairle nach bhfuil ach mionábharthacht phraiticiúil leis an leasú seo. Cé gur féidir teorainn a ghearradh ar an bhforluí leis an Treoir maidir le sábháilteacht bréagán, is léir nach bhfuil riachtanas daingean ann bréagáin (teicstíle) a chur san áireamh i ngach ceanglas lipéadaithe.

3.    Príomhghnéithe nuálacha an téacs a chuir an Chomhairle isteach

Airteagal 3 (i) (“Cion ceadaithe” a shainmhíniú)

Mheas an Chomhairle gur iomchuí sainmhíniú ar “chion ceadaithe” a chur isteach toisc go n-úsáidtear an téarma seo go forleathan sa Rialachán, go háirithe in Iarscríbhinn VIII.

Airteagal 25 (mar atá anois) Foráil Idirthréimhseach

Rinne an Chomhairle a shoiléiriú tríd an bhforáil idirthréimhseach seo go bhféadfaí na táirgí arna gcur ar an margadh i gcomhréir leis an dlí reatha a dhíol fós ar feadh 2 bhliain go leath. Leis an bhforáil seo, ní ceart go mbeadh athlipéadú ródhian i gcás teicstílí ar a bhfuil na lipéid chearta go dtí seo a bheith mar thoradh ar na hathruithe cuíosach teoranta ar an gcóras reatha.

Airteagail 20-23 (mar atá anois) Gníomhartha tarmligthe

I ndiaidh theacht i bhfeidhm an CFAE, rinneadh forálacha áirithe ar beartaíodh i dtosach go dtiocfaidís faoin PRAC a lánpháirtiú in Airteagail nua lena leagtar amach an nós imeachta do ghníomhartha tarmligthe (i gcomhréir le hAirt. 290 CFAE).

IV.   CONCLÚID

Leis an Seasamh ar an gcéad léamh a ghlac an Chomhairle, leagtar béim ar phríomhchuspóir thogra an Choimisiúin. Maidir le creat aontaithe agus solúbtha le haghaidh ceanglas lipéadaithe teicstíle agus nós imeachta tapaidh chun ainmneacha snáithíní nua a lánpháirtiú, ba cheart go mbeifí in ann iad a bhaint amach fad a dhéanfaí tábhacht na gceanglas faisnéise le haghaidh úsáideoirí táirgí teicstíle a ghlacadh go hiomlán. Is féidir an creat reatha le haghaidh ainmneacha teicstíle agus lipéadaithe a oiriúnú ar bhealach tapaidh, éifeachtach trí na forálacha a bhaineann le “gníomhartha tarmligthe ” a úsáid.


(1)  IO C 76, 25.3.2010.

(2)  Le Conradh Liospóin, athraíodh an bunús dlí go hAirt. 114 CFAE.

(3)  9905/10 ón gComhairle nár foilsíodh fós san IO.

(4)  IO C 255, 22.9.2010, lch. 37.

(5)  Treoir 2008/2121/CE (arna leasú), Treoir 96/73/CE (arna leasú) agus Treoir 73/44/CEE.

(6)  Nóta: Le huimhriú na nAirteagal, féadtar tagairt a dhéanamh do thoradh an chéad léimh sa Pharlaimint (9905/09) nó, i gcás ina léirítear go sainiúil é (“anois: …”) don doiciméad lena léirítear an Seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh (13807/10).

(7)  (Níor vótáladh: 4, 18, 20, 28, 67, 68, 69, 70, 71.)


Top