This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52010PC0786
COMMUNICATION FROM THE COMMISSION TO THE EUROPEAN PARLIAMENT pursuant to Article 294(6) of the Treaty on the Functioning of the European Union concerning the position of the Council on the adoption of a Regulation of the European Parliament and of the Council amending Regulation (EC) No 1934/2006 establishing a financing instrument for cooperation with industrialised and other high-income countries and territories
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le seasamh na Comhairle maidir le glacadh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1934/2006 lena mbunaítear Ionstraim Maoinithe le haghaidh Comhair le Tíortha Tionsclaithe agus le Tíortha Ardioncaim agus Críocha Ardioncaim Eile
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le seasamh na Comhairle maidir le glacadh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1934/2006 lena mbunaítear Ionstraim Maoinithe le haghaidh Comhair le Tíortha Tionsclaithe agus le Tíortha Ardioncaim agus Críocha Ardioncaim Eile
/* COM/2010/0786 final - COD 2009/0059 */
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le seasamh na Comhairle maidir le glacadh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1934/2006 lena mbunaítear Ionstraim Maoinithe le haghaidh Comhair le Tíortha Tionsclaithe agus le Tíortha Ardioncaim agus Críocha Ardioncaim Eile /* COM/2010/0786 final - COD 2009/0059 */
[pic] | AN COIMISIÚN EORPACH | An Bhruiséil 13.12.2010 COIM(2010) 786 leagan deireanach 2009/0059 (COD) TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le seasamh na Comhairle maidir le glacadh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1934/2006 lena mbunaítear Ionstraim Maoinithe le haghaidh Comhair le Tíortha Tionsclaithe agus le Tíortha Ardioncaim agus Críocha Ardioncaim Eile 2009/0059 (COD) TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le seasamh na Comhairle maidir le glacadh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1934/2006 lena mbunaítear Ionstraim Maoinithe le haghaidh Comhair le Tíortha Tionsclaithe agus le Tíortha Ardioncaim agus Críocha Ardioncaim Eile 1. CÚLRA An dáta ar seoladh an togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (doiciméad COIM(2009) 197 2 leagan deireanach – (2009)/0059 COD): | tarchur: 21 Aibreán 2009 ceartúchán: 30 Samhain 2009, arna leasú: 01 Nollaig 2009 (teacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin) | Dáta na tuairime ó Pharlaimint na hEorpa, an chéad léamh: | 21 Deireadh Fómhair 2010. | An dáta ar seoladh an togra leasaithe: | […]. | An dáta ar glacadh seasamh na Comhairle: | 10 Nollaig 2010. | 2. CUSPÓIR AN TOGRA ÓN g COIMISIÚN Faoi chuimsiú an athbhreithnithe lár téarma ar na hionstraimí airgeadais[1] a bhaineann le gníomh seachtrach, rinne an Coimisiún an togra seo d'fhonn easnamh sa reachtaíocht a líonadh eadhon, gan an AE a bheith in ann gníomhaíochtaí a mhaoiniú nach dtagann go soiléir faoi réir Cúnaimh Oifigiúil Forbraíochta (COF) sna sé thír chomhpháirteacha is daichead de chuid an AE ar fud an domhain. Is é is cúis leis sin nach n-áirítear, sa rialachán (Airteagal 2(4)) a bhaineann leis an Ionstraim maidir le Comhar um Fhorbairt (DCI), bearta nach gcomhlíonann critéir COF, ar critéir iad a leag síos an Coiste Cúnaimh Forbartha den Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE/DAC) ("DAC inniúil" dá barr sin). Níl aon ghníomh bunúsach eile a cheadaíonn bearta nach bhfuil i dteideal an COF a mhaoiniú sna tíortha i mbéal forbartha a thagann faoi raon feidhme an DCI. De thoradh sin, ba ghá roinnt gníomhaíochtaí áirithe a mhaoiniú taobh amuigh den DCI faoi Gníomhaíochtaí Ullmhúcháin arna gcruthú ag Parlaimint na hEorpa sa bhuiséad chun na críche sin (i.e. malartuithe gnó agus eolaíochta leis an India agus leis an tSín, comhar le tíortha meánioncaim san Áis agus i Meiriceá Laidineach). Tháinig deireadh leis na Gníomhaíochtaí Ullmhúcháin sin in 2009. Tháinig an Coimisiún agus na Cathaoirligh ábhartha ar Choistí de chuid Pharlaimint na hEorpa ar chomhréiteach ag an tráth sin agus beartaíodh go ndéanfaí mic léinn agus múinteoirí Eorpacha a ghlacfadh páirt sa chuid sheachtrach den chlár Erasmus Mundus a mhaoiniú ón DCI go dtí deireadh 2009 amháin. Ach an bhearna a líonadh, ba cheart go n-áiritheofaí go bhféadfar tionscnamh áirithe fuinnimh agus gníomhaíochtaí taidhleoireachta poiblí nach bhfuil i dteideal an COF (e.g. san Áis, san Áis Láir agus in Iaráic/Iaráin) a mhaoiniú. Tá an togra teoranta don tréimhse 2010-2013 agus tá srian ar a scóip ó thaobh beartas agus impleachtaí buiséadacha. Ní dhéanfaidh sé sin aon dochar do thograí eile sa todhchaí maidir léis an gcéad ghlúin eile d'ionstraimí airgeadais a bhaineann le caidreamh eachtrach faoin gcéad chreat airgeadais eile. 3. BARÚLACHA MAIDIR LE SEASAMH NA COMHAIRLE 3.1. Barúlacha ginearálta maidir le seasamh na Comhairle ar an gcéad léamh. Is féidir leis an gCoimisiún seasamh na Comhairle a ghlacadh, seasamh atá mar thoradh ar chaibidlíocht inchiallaithe idir na trí institiúid. Tá an seasamh sin ag luí le bunchuspóirí agus le bunchur chuige an chéad tógra ón gCoimisiún. Bhí téacs comhréiteach faoi chaibidil ar dtús ag an bParlaimint, ag an gComhairle agus an gCoimisiún chun teacht ar chomhaontú ar an gcéad léamh sa Pharlaimint, rud a measadh ar dtús a thárlódh i Meitheamh 2010. Chun na críche sin, reachtáladh cainteanna idir na trí institiúid an 13 Aibreán agus an 5 Bealtaine. Níor thángthas ar chomhréiteach, áfach, i Meitheamh ná in Iúil de bharr na saincheisteanna sonracha thíosluaite. 3.2. Príomhthréithe an tseasaimh choitinn a chaibidlíodh Seo thíos príomheilimintí sheasamh na Comhairle: - Ar mhaithe le leas an Aontais lena chaidreamh leis na tíortha atá i mbéal forbartha i réimsí ar nós malartuithe eacnamaíocha, tráchtála, acadúla, gnó agus eolaíochta a threisiú, fiú amháin i gcás gníomhaíochtaí nach bhfuil i dteideal COF, ach ar le leas an AE iad. - Maoineofar leis an ionstraim sin bearta nach bhfuil, i bprionsabail, i dteideal an COF. 3.3. Saincheisteanna sonracha (leasuithe ón bParlaimint nach bhfuil inghlactha ag an gComhairle): - Gníomhartha tarmligthe (Airteagal 290 den CFAE): Féachann an Pharlaimint leis na leasuithe óna chéad léamh, an nós imeachta seo a chur i bhfeidhm i leith páipéar stráitéise ilbhliantúil arna nglacadh ag an gCoimisiúin D'aineoinn caibidlíochta fada agus déine (go háirithe maidir le cainteanna tríthaobhacha a reachtáladh an 2 Feabhra, an 23 Márta agus an 20 Deireadh Fómhair), ní rabhthas in ann teacht ar chomhaontú i ndáil leis an tsaincheist áirithe seo.. Níor ghlac an Chomhairle leis na leasuithe sin ina seasamh ar an gcéad léamh. Tá an Coimisiún réidh chun leanúint lena iarrachtaí d'fhonn seasaimh na n-institiúidí a chomhréiteach agus d'fhonn caoi a fháil le freastal ar na príomhábhair imní is cúis le leasuithe na Parlaiminte, go háirithe lena áirithiú gur féidir leis an bParlaimint maoirseacht iomchuí a fheidhmiú maidir le straitéisí seachtracha comhair a fhoirmliú agus maidir le cur chun feidhme cuí aon ionstraimí airgeadais sheactracha. - Airteagal 16 maidir leis an méid tagartha airgeadais: Ghlac an Pharlaimint leasú ar an airteagal seo, ar leasú é nach bhfuil glactha ag an gComhairle ar a céad léamh, agus b'fhearr leis an bParlaimint an téacs a mhol an Choimisiún ag an tús a choimeád. Tugann an Coimisiún tacaíocht do sheasamh na Comhairle, ós rud é go bhfuil sé ar nós an ghnáth-théacs maidir le méideanna tagartha airgeadais a ghabhann le gach ionstraim airgeadais. D'fhonn teacht ar chomhaontú agus na hinstitiúidí a chur ar a suaimhneas, áfach, tá an Coimisiún réidh chun an ráiteas a ghabhann leis seo a dhéanamh. 4. CONCLÚID Cuimsítear i seasamh na Comhairle téacs comhréitigh a ndearnadh caibidlíocht air, agus ar téacs é ina bhfuil léiriú ar an gcuid is mó de na hiarratais agus na leasuithe a rinne Parlaimint na hEorpa ar an gcéad léamh. Dá bhrí sin, is féidir leis an gCoimisiún seasamh na Comhairle a ghlacadh ar an gcéad léamh. Ionstraim le haghaidh Tíortha Tionsclaithe – Coim (2009) 197 leagan deireanach Dearbhú ón gCoimisiúin maidir le hAirteagal 16 Tugtar aghaidh leis an Rialachán ar an tsaincheist i leith tacaíocht a thabhairt do roinnt gníomhaíochtaí sonracha neamhoifigiúla de chuid an Chúnaimh Oifigiúil Forbartha (COF) i dtíortha a thagann faoi raon feidhme na hIonstraime um Chomhar um Fhorbairt (Rialachán DCI Uimh. 1905/2006). Tá an Rialachán ceaptha a bheith ina réiteach aon uaire ar an tsaincheist sin. Athdhearbhaíonn an Coimisiún gurb é príomhchuspóir a chomhair forbartha deireadh a chur leis an mbochtaineacht, lena n-áirítear Spriocanna Forbartha na Mílaoise a bhaint amach, agus go leanfaidh sé de bheith ag tabhairt tosaíochta do na cuspóirí sin feasta. Meabhraíonn an Coimisiún go ndéanfar an méid tagartha airgeadais atá leagtha síos in Airteagal 16 i gcás tíortha atá liostaithe in Iarscríbhinn II a chur chun feidhme, trí úsáid a bhaint as na línte buiséid atá beartaithe i gcomhair gníomhaíochtaí eile seachas Comhar Forbartha Oifigiúil. Ina theannta sin, deimhníonn an Coimisiún go bhfuil rún aige cloí leis an méid tagartha airgeadais atá leagtha síos in Airteagal 38 den Ionstraim Comhair Forbartha (Rialachán Uimh. 1905/2006) don tréimhse 2007-2013 mar aon le forálacha sa Rialachán céanna a bhaineann le critéir an COF a chomhlíonadh. Meabhraíonn an Coimisiún, i bhfianaise a phleanála reatha airgeadais, go sárófar an méid tagartha sin in 2013. Sa chomhthéacs sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún dréachtbhuiséad a mholadh lena áirithiú go mbeidh dul chun cinn i gcabhair forbartha le haghaidh na hÁise agus an Mheiriceá Láir faoi Rialachán DCI Uimh. 1905/2006 go dtí 2013 sa chaoi is nach gcuirfear isteach go mór ar na méideanna reatha COF atá réamh-mheasta faoin DCI agus faoi bhuiséid an AE. [1] Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle: Athbhreithniú lár téarma na n-ionstraimí airgeadais a bhaineann le gníomhartha seachtracha COIM(2009) 196 leagan deireanach 21.4.2009