Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52010PC0775

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear ceanglais theicniúla le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochar díreach in euro agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 924/2009

52010PC0775




[pic] | AN COIMISIÚN EORPACH |

An Bhruiséil 16.12.2010

COIM(2010) 775 leagan deireanach

2010/0373 (COD)

.

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear ceanglais theicniúla le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochar díreach in euro agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 924/2009

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

SEC(2010) 1583 leagan deireanachSEC(2010) 1584 leagan deireanachSEC(2010) 1585 leagan deireanach

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Ní mór an togra seo a thuiscint i bhfianaise margadh inmheánach a chruthú le haghaidh seirbhísí íocaíochta in euro, mar atá an Limistéar Aonair d'Íocaíochtaí Euro (SEPA), ar margadh é ina mbeidh iomaíocht éifeachtach agus ina mbeidh an córas céanna i bhfeidhm d'íocaíochtaí trasteorann agus náisiúnta, sa chaoi is go soláthrófar coigilteas suntasach agus sochair shuntasacha do gheilleagar na hEorpa i gcoitinne. Cuirfidh SEPA seirbhísí íocaíochtaí in euro atá slán, ar phraghas iomaíoch, soláimhsithe don úsáideoir agus iontaofa ar fáil do shaoránaigh agus do ghnóthais an Aontais, agus cuirfidh sé ardán ar fáil le haghaidh nuálaíochta i réimse na n-íocaíochtaí.

Cé go dtacaíonn an Coimisiún Eorpach agus an Banc Ceannais Eorpach go láidir le SEPA, is é an margadh a thiomáin an tionscadal i dtús báire. Comhlacht comhordaithe agus cinnteoireachta a bhunaigh earnáil baincéireachta na hEorpa chun SEPA a bhaint amach is ea an Chomhairle Eorpach um Íocaíochtaí. Rinne an Chomhairle Eorpach um Íocaíochtaí scéimeanna uile-Aontais a cheapadh agus a chur chun feidhme le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochar díreach. I bhfianaise na rátaí ísle ascnaimh atá ann faoi láthair, áfach, tá méadú ag teacht ar líon na ngeallsealbhóirí i ngach catagóir a aithníonn go bhféadfadh dáta deiridh a bheadh ina cheangal dlí ag teastáil d'fhonn an tionscadal a chríochnú i gceart.

Ní bhainfear lánpháirtiú iomlán mhargadh na n-íocaíochtaí amach go dtí go gcuirfear ionstraimí íocaíochta uile-Aontais in ionad na n-ionstraimí leagáide náisiúnta. D'fhonn an sprioc sin a bhaint amach, déantar dátaí deiridh ascnaimh le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochar díreach in euro a bhunú trí bhíthin an Rialacháin seo.

Comhthéacs ginearálta

Seoladh Aistriú Creidmheasa SEPA (ACS) an 28 Eanáir 2008. Beagnach dhá bhliain ina dhiaidh sin, an 2 Samhain 2009, seoladh Dochar Díreach SEPA (DDS) agus sroicheadh an dara cloch mhíle shár-riachtanach ar an mbóthar chun SEPA a bhaint amach trí bhíthin scéimeanna uile-Aontais.

Tá sé sár-riachtanach córais íocaíochta atá slán agus éifeachtúil a bheith ann chun idirbhearta eacnamaíocha a dhéanamh agus ar mhaithe le dea-fheidhmiú an Mhargaidh Inmheánaigh. Tá íocaíochtaí airgid thirim idir na Ballstáit níos éasca ó 2002 i leith toisc go bhfuil an euro ann mar airgeadra aonair. Ar chúiseanna éagsúla, áfach, tá bealach fada fós le dul sula nglacfaidh ionstraimí íocaíochta uile-Aontais áit na n-íocaíochtaí náisiúnta. Mar gheall ar an neamhchinnteacht atá sa mhargadh, ar an timpeallacht eacnamaíoch dheacair atá ann, ar na míbhuntáistí a bhíonn ar an gcéad chuideachta chun beart a dhéanamh i ngnó líonra, ar an easpa deimhneachta dlíthiúla a mheastar a bheith ann maidir le múnla gnó fadtéarmach iomchuí le haghaidh DDS a chloífeadh go hiomlán le rialacha iomaíochta an AE agus, ar an dúbláil costais atá i gceist le córais íocaíochta leagáide agus SEPA a oibriú ag an am céanna, d'iarr an-chuid gníomhaithe sa mhargadh, ar thaobh an tsoláthair go háirithe, reachtaíocht ar an AE chun dáta deiridh a bhunú le haghaidh ascnaimh chuig SEPA. Leagadh béim ar an ngá agus ar na buntáistí a bhaineann le dáta deiridh ascnaimh in dhá Rún de chuid Pharlaimint na hEorpa[1] agus i gconclúidí Chomhairle ECOFIN[2] inar iarradh ar an gCoimisiún measúnú críochnúil a dhéanamh i ndlúthchomhar leis an mBanc Ceannais Eorpach (BCE). Faoi Airteagal 127 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá sé de bhunchúram ar an BCE (i.e. an Córas Eorpach Banc Ceannais - CEBC) feidhmiú rianúil córas íocaíochta a chothú. Sa chomhthéacs sin, bhí ról tábhachtach ag an BCE comhairle a thabhairt don mhargadh ar mhaithe le SEPA a fhorbairt.

Dhá bhliain ón uair a seoladh aistriú creidmheasa SEPA, níl tairseach an 10 % bainte amach go fóill ag líon na n-aistrithe creidmheasa SEPA a phróiseálann meicníochtaí imréitigh agus socraithe atá lonnaithe sa limistéar euro. Dá ndéanfaí an ráta ascnaimh ACS atá ann faoi láthair, mar atá 9.3 % (mí Lúnasa 2010), a eachtarshuí, thabharfaí le tuiscint nach mbeadh SEPA i gcrích go ceann 30 bliain. Fiú de réir cáis ní ba dhóchasaí, tá an chuma ar an scéal nach mbeadh ascnamh chuig SEPA i gcrích ach go ceann 15–20 bliain in éagmais birt reachtaigh. Cuireann an easpa dul chun cinn sin moill shuntasach ar ascnamh chuig SEPA agus b'fhéidir go laghdófaí na tairbhí, idir díreacha agus indíreacha, a d'fhéadfadh a bheith ag baint le SEPA don gheilleagar Eorpach go ginearálta[3]. Cé go mbeidh ar úsáideoirí, lena n-áirítear saoránaigh agus gnóthais bheaga agus mheánmhéide, athrú go huimhreacha cuntais bhainc uile-Aontais bunaithe ar IBAN agus BIC de dhroim SEPA, déanfaidh an tionscal an idirthréimhse a éascú trí iarrachtaí sonracha faisnéis a scaipeadh, trí IBAN agus BIC a chur ar ráitis cuntas agus ar chártaí íocaíochta chomh maith le saoráidí malartaithe uathoibríocha.

Forálacha atá ann cheana i réimse an togra

Comhlánfaidh an tionscnamh seo an creat dlí atá ann cheana maidir le seirbhísí íocaíochta laistigh den AE.

An 1 samhain 2009, cuireadh Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le híocaíochtaí trasteorann sa Chomhphobal in ionad Rialachán (CE) Uimh. 2560/2001[4]. Laghdaigh an Rialachán sin na muirir ar idirbhearta íocaíochtaí trasteorann in euro, ar idirbhearta suas le EUR 50 000 iad, go dtí an leibhéal ar a bhfuil na muirir náisiúnta agus spreag sé tionscal na n-íocaíochtaí san Eoraip le go dtógfaí an bonneagar íocaíochtaí a bhfuil gá leis chun SEPA a chruthú.

Tá sé d'aidhm ag Treoir 2007/64/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach (an Treoir um Sheirbhísí Íocaíochta)[5] coinníollacha agus cearta caighdeánaithe a bhunú le haghaidh seirbhísí íocaíochta a chuirtear ar fáil sa mhargadh ar mhaithe le tomhaltóirí agus cuideachtaí ar fud an Aontais agus soláthraíonn an Treoir sin bunús dlí comhchuibhithe le haghaidh SEPA.

Comhsheasmhacht le beartais agus cuspóirí eile an Aontais

Tá cuspóirí an togra seo ag teacht leis na beartais agus na cuspóirí atá á saothrú ag an Aontas. Ar an gcéad dul síos, feabhsóidh siad feidhmiú mhargadh inmheánach na seirbhísí íocaíochta. Ar an dara dul síos, tagann siad a bheag nó a mhór le beartais eile an Aontais, go háirithe beartas tomhaltóirí (trí chórais íocaíochta uile-Aontais atá slán a éascú), agus beartas iomaíochta (trí oibleagáidí cothroma agus cearta cothroma agus comhdheiseanna a chruthú do gach gníomhaí margaidh agus soláthar trasteorann seirbhísí íocaíochta a éascú, agus ag méadú leibhéal na hiomaíochta dá réir sin). Baineadh de thátal sa mheasúnú iarmharta nach bhfaighfí an tairbhe ar fad a bhaineann le margadh lánpháirtithe íocaíochtaí ach trí ascnamh mear agus cuimsitheach go haistrithe creidmheasa agus dochair dhíreacha uile-Aontais. Is léir nach leor fórsaí an mhargaidh agus iarrachtaí féinrialála chun an t-ascnamh chuig SEPA a thiomáint. Trí idirbhearta eacnamaíocha san Aontas a éascú, cuireann siad le gnóthú spriocanna níos ginearálta straitéis 2020 an AE[6].

COMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNÚ IARMHARTA

Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara

Modhanna comhairliúcháin, na príomhearnálacha ar díríodh orthu agus próifíl ghinearálta na bhfreagróirí

Rinne Ard-Stiúrthóireacht an Mhargaidh Inmheánaigh agus na Seirbhísí comhairliúchán poiblí le geallsealbhóirí a reáchtáil idir Meitheamh agus Lúnasa 2009 maidir leis an gceist ar cheart spriocdhátaí a shocrú, agus conas spriocdhátaí a shocrú, le haghaidh ascnamh na n-aistrithe creidmheasa agus na ndochar díreach náisiúnta atá ann cheana go dtí ionstraimí íocaíochta nua SEPA agus d'fhoilsigh sí na torthaí i Meán Fómhair 2009. Foilsíodh achoimre ar an gcomhairliúchán ar shuíomh gréasáin na hArd-Stiúrthóireachta sin[7].

Rinneadh roinnt comhairliúchán freisin maidir le SEPA, ar bhonn bliantúil, tríd an bPainéal Tástála Gnó Eorpach. Rinneadh an comhairliúchán deiridh sa dara leath de 2009 agus d'fhreagair breis is 400 gnóthas. Gnóthais bheaga agus mheánmhéide a bhí i gceist le 85 % acu, agus corparáidí móra a bhí i 15 % acu. Bhí ceisteanna faoi ionstraimí íocaíochta leagáide a chéimniú amach agus dáta deiridh a shocrú d'ascnamh chuig SEPA i measc na gceisteanna sa chomhairliúchán in 2009.

Thairis sin, tá plé ar siúil le tamall anuas leis an tionscal baincéireachta maidir le múnla gnó Dhochar Díreach SEPA. Bhí an plé sin dírithe ar shaincheist na dtáillí idirmhalartaithe iltaobhaigh[8] agus mar thoradh orthu glacadh forálacha idirthréimhseacha maidir le táillí idirmhalartaithe iltaobhaigh i Rialachán (CE) Umih. 924/2009. Mar sin féin, leanadh ar aghaidh ag malartú tuairimí ós rud é nach raibh an múnla gnó fadtéarmach le haghaidh DDS arna chinneadh ag lucht an tionscail go fóill. Chun comhairle a thabhairt do na bainc, d'eisigh an Coimisiún agus an Banc Ceannais Eorpach comhráiteas i mí an Mhárta 2009, agus eisíodh Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin i mí na Samhna 2009[9]. Críochnaíoch comhairliúchán poiblí maidir leis an doiciméad sin i mí na Nollag 2009. Ina theannta sin, chuir seirbhísí an Choimisiúin ceistneoir chuig bainc roghnaithe i mí na Nollag 2009 – mí Eanáir 2010. Bhí se dírithe ar shaincheist shonrach dhúbláil na gcostas a bheadh i gceist do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta as córais agus próisis íocaíochta (ardáin íocaíochta) a reáchtáil le haghaidh íocaíochtaí náisiúnta atá ann cheana agus íocaíochtaí nua uile-Aontais de chuid SEPA go comhuaineach. Ar an ábhar sin, roghnaíodh naoi gcinn déag de na bainc nó de na grúpaí baincéireachta is mó san Eoraip, a raibh meascán de bhainc thráchtála, bainc thaisce agus bainc chomharchumainn ó naoi dtír i gceist leo. Cuireadh suirbhé inchomparáide amach go próiseálaithe íocaíochtaí agus go húsáideoirí seirbhísí íocaíochta (gnóthais den chuid is mó), ach ní bhfuarthas go leor freagraí chun anailís a dhéanamh.

Bhí díospóireacht agus malartú tuairimí idir 2008 agus 2010 leis na Ballstáit, institiúidí airgeadais agus comhpháirtithe sóisialta agus eacnamaíocha eile, go háirithe trí na coistí comhairliúcháin atá ann cheana maidir le híocaíochtaí miondíola: an Grúpa Saineolaithe ar Mhargadh na gCóras Íocaíochta (PSMEG – Payment Systems Market Expert Group), an Coiste um Íocaíochtaí (PC – Payments Committee) agus Fóram an AE de Choistí Comhordaithe náisiúnta SEPA (EU Forum of national SEPA Coordination Committees).

Úsáideadh díospóireachtaí, freagraí agus aighneachtaí i scríbhinn mar bhunús don anailís in dhá dhoiciméad de chuid an Choimisiúin: an Measúnú Iarmharta a ghabhann leis an togra seo agus páipéar inmheánach oibre a cuireadh ar fáil don phobal ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin idir 7 agus 23 Meitheamh 2010 d'fhonn barúlacha a fháil. D'fhoráil an páipéar sin do roinnt saincheisteanna a bheadh le clúdach agus dátaí deiridh éigeantacha á socrú le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochar díreach araon.

Achoimre ar na freagraí agus conas mar a cuireadh san áireamh iad

Bhí tacaíocht ann go forleathan i measc na ngeallsealbhóirí ar fad maidir le spriocdhátaí a shocrú le haghaidh ascnaimh iomláin chuig SEPA trí bhíthin rialacháin cheangailtigh de chuid an AE: ní féidir ach reachtaíocht ar leibhéal an Aontais úsáid fhairsing aistrithe creidmheasa agus dochar díreach uile-Aontais a spreagadh. Áitíodh nár cheart na hionstraimí leagáide atá ann cheana a chomhlánadh le hionstraimí SEPA ach gur cheart ionstraimí SEPA a chur ina n-ionad.

Cé go raibh formhór na ngeallsealbhóirí i bhfabhar dhá spriocdháta ar leith a shocrú le haghaidh aistrithe creidmheasa agus le haghaidh dochar díreach, bhí cuid acu i bhfabhar aon dáta deiridh amháin d'ascnamh le haghaidh an dá sheirbhís íocaíochta. Thairis sin, thacaigh lucht an tsoláthair agus roinnt úsáideoirí go láidir le tréimhsí ascnaimh a bheadh ní b'fhaide go háirithe le haghaidh dochar díreach.

Go háirithe, i bhfianaise na bhfreagraí a fuarthas ar an gcomhairliúchán chomh maith le haighneachtaí eile ó lucht an tionscail, reáchtáil an Coimisiún éisteacht phoiblí dheireanach an 17 Samhain chun dul i ngleic le dhá shaincheist thábhachtacha, mar atá: sa chéad dul síos, an dtabharfaí sainordú díreach sa Rialachán do scéimeanna íocaíochta mar atá forbartha ag tionscal na n-íocaíochtaí in áit leas a bhaint as cur chuige a bheadh bunaithe ar cheanglais theicniúla éigeantacha; agus sa dara dul síos, ar cheart, ar mhaithe le soiléireacht, forálacha dlíthiúla sonracha a chur isteach maidir le múnla gnó fadtéarmach iomchuí le haghaidh dochar díreach.

De thoradh an dianchomhairliúcháin, baineadh de thátal gurb iomchuí leas a bhaint as cur chuige measctha lena mbeadh comhchaighdeáin agus ceanglais theicniúla ghinearálta a shocrú i gceist d'fhonn ionstraimí íocaíochta uile-Aontais a shainiú. Ba cheart na ceanglais theicniúla sin a bheith infheidhme ar shlabhra idirbheart na seirbhísí íocaíochta ina iomláine, ó úsáideoir seirbhíse íocaíochta go húsáideoir seirbhíse íocaíochta trína soláthraithe seirbhísí íocaíochta faoi seach. Áirithítear ar an dóigh sin go bhfaighfear an tairbhe ar fad a bheidh ann ar lucht an éilimh (úsáideoirí seirbhísí íocaíochta) sa mhargadh. D'iarr lucht an tsoláthair, áfach, go n-úsáidfí na scéimeanna SEPA atá ann cheana agus a d'fhorbair tionscal baincéireachta na hEorpa.

Bhí líon mór geallsealbhóirí sásta leis an moladh go ndíolmhódh Ballstáit táirgí íocaíochta náisiúnta sonracha a chomhlíonfadh coinníollacha áirithe (e.g. idirbhearta intíre, an sciar den mhargadh faoi bhun tairsí) ar feadh tréimhse srianta a mbeadh gach táirge leagáide le céimniú amach ina diaidh. B'fhearr le roinnt eile acu díolúine bhuan d'fhonn leanúint de leas a bhaint as táirgí sonracha den sórt sin. Bhí dearbhú comhleanúnach sna freagraí ar an gcomhairliúchán go bhfuil gá mór le soiléiriú ar bhailíocht múnla gnó fhadtéarmaigh le haghaidh dochar díreach a chloífeadh le rialacha iomaíochta an AE.

Saineolas a bhailiú agus a úsáid

Coimisiúnaíodh staidéar cuimsitheach ar na costais agus na tairbhí a bhaineann le hascnamh chuig SEPA ó Cap Gemini Consulting agus foilsíodh na torthaí i mí Eanáir 2008.

Thairis sin, i mí Lúnasa 2008, d'fhoilsigh an Coimisiún staidéar de chuid Van Dijk Consultants, d'fhonn ullmhú don mhonatóireacht ar thionchar SEPA ar thomhaltóirí.

Measúnú iarmharta

Rinne an Coimisiún measúnú iarmharta atá liostaithe sa Chlár Oibre. Ullmhaíodh an measúnú iarmharta sin i ndlúthchomhar leis an mBanc Ceannais Eorpach.

Pléitear sa mheasúnú iarmharta an t-ascnamh mall chuig aistriú creidmheasa SEPA (ACS) agus chuig dochar díreach SEPA (DDS), an rud is cúis le hionstraimí náisiúnta leagáide agus íocaíochtaí SEPA a bheith ann ag an am céanna. Sainaithnítear ann na bunchúiseanna leis an ascnamh mall: neamhchinnteacht maidir le críochnú SEPA agus cúiseanna gaolta fadhbanna, amhail easpa dreasachtaí chun táirgí SEPA a fhorbairt a shásaíonn riachtanais na n-úsáideoirí go hiomlán, leisce infheistíocht a dhéanamh de dhroim an mhíbhuntáiste a bhaineann le bheith ar an gcéad chomhlacht chun beart a dhéanamh agus lucht an éilimh a bheith ilghnéitheach agus ar bheagán eolais maidir le SEPA. Tá éifeachtaí an ascnaimh mhall liostaithe ann freisin. Ar an 'micrileibhéal', caithfidh gníomhaithe an mhargaidh ar thaobh an tsoláthair agus ar thaobh an éilimh barraíocht ardán íocaíochta a chothabháil, agus dá dheasca sin dúbláiltear na costais oibríochtúla a bhaineann leis na córais sin a chothabháil agus bíonn torthaí diúltacha ar infheistíochtaí SEPA. Ar an 'macraileibhéal', de thoradh na hilroinnte náisiúnta i margadh an AE ní bhaintear leas as barainneachtaí scála, cuirtear srian ar iomaíocht agus cuirtear bac ar nuálaíocht.

Rinneadh trí chás a mheas sa mheasúnú iarmharta: gan beart a dhéanamh, breis dreasachtaí le haghaidh an ascnaimh chuig SEPA gan dáta deiridh a shocrú agus na hiarmhairtí a bhaineann le dáta deiridh a shocrú don ascnamh. Baintear de thátal as gurb é an cás is fearr do mhargadh íocaíochtaí an Aontais, do gheilleagar na hEorpa agus do na geallsealbhóirí dáta deiridh a shocrú d'ascnamh trí bhíthin Rialacháin.

Ina dhiaidh sin, mheas an measúnú iarmharta na bealaí is fearr an dáta deiridh a chur chun feidhme ar an leibhéal teicniúil, trí fhoroghanna beartais a bhaineann le cur chun feidhme an dáta deiridh i roinnt réimsí a phlé.

Bonn tagartha le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochair dhíreacha uile-Aontais a ghlacadh. Is é an rogha a mholtar dáta deiridh a bhunú ar bhonn ceanglas teicniúil ginearálta i.e. ceanglais nach mór a chomhlíonadh le haistrithe creidmheasa agus dochair dhíreacha uile-Aontais. Beidh na caighdeáin idirnáisiúnta agus Eorpacha atá ann cheana ar áireamh sna ceanglais theicniúla.

Réimse an idirbhirt. Moltar cur chuige ina mbeadh ceanglais theicniúla arna sainiú le dáta deiridh infheidhme ar fud réimse an idirbhirt íocaíochta i.e. le haghaidh an réimse 'custaiméir go soláthraí seirbhíse íocaíochta' agus 'soláthraí seirbhíse íocaíochta go custaiméir' sa bhreis ar an réimse 'soláthraí seirbhíse íocaíochta go soláthraí seirbhíse íocaíochta'. Meastar go bhfuil coigilteas oibríochtúil EUR 84 billiún ar thaobh an éilimh ag brath go hiomlán ar lánpháirtiú an mhargaidh íocaíochta a leathnú amach ón réimse idirbhainc.

Sonraíocht táirge. Moltar dáta deiridh a chur i bhfeidhm maidir le táirgí nideoige freisin i.e. aistrithe creidmheasa agus dochair dhíreacha a bhfuil íocaíochtaí de mhéid íseal i gceist leo agus a chuireann feidhmiúlachtaí sonracha ar fáil. D'fhonn ligean don tionscal na hoiriúnuithe is gá a dhéanamh maidir leis na scéimeanna ACS agus DDS, forálfar d'idirthréimhse atá idir 3 agus 5 bliana.

Raon feidhme na mBallstát. Moltar dáta deiridh coiteann a shocrú don limistéar euro agus dáta deiridh coiteann níos déanaí a shocrú don limistéar nach bhfuil an euro aige. Ós rud é nach bhfuil ach 2 % d'íocaíochtaí euro iomlán i gceist le híocaíochtaí euro a dhéantar sa limistéar nach bhfuil an euro aige, ní gá go n-ascnódh Ballstáit nach bhfuil an euro acu go mear ná go hiomlán le go mbeidh rath ar SEPA.

Spriocdháta le haghaidh ascnaimh. Moltar dul leis an bhforogha dátaí deiridh ar leith a shocrú: bliain amháin ar a dhéanaí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dhá bhliain le haghaidh dochar díreach. Go praiticiúil, mar gheall ar an moill a chuirfear ar an nglacadh, beidh thart ar 30 mí ag geallsealbhóirí ullmhú i gcomhair ascnamh chuig ACS agus 42 mí i gcomhair an ascnaimh chuig DDS ón dáta a ghlacfar togra an Choimisiúin.

Soiléireacht maidir leis an múnla gnó fadtéarmach le haghaidh dochar díreach uile-Eorpach. Moltar cosc a chur ar tháillí idirmhalartaithe iltaobhaigh idir soláthraithe seirbhísí íocaíochta a chur i bhfeidhm ar gach idirbheart dochair dhírigh (mar aon le bearta a bhfuil cuspóir nó éifeacht coibhéiseach acu). Mar sin féin, cheadófaí táillí idirmhalartaithe iltaobhaigh, faoi choinníollacha áirithe, le haghaidh dochar díreach nach féidir a chur i gcrích i gceart nó a bhfuil soláthraí seirbhíse íocaíochta á n-éileamh ar ais.

EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

Achoimre ar an ngníomhaíocht atá beartaithe

Is iad seo a leanas aidhmeanna an togra maidir le ceanglais theicniúla a bhunú le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochar díreach:

- dátaí deiridh ar leith a bhunú i gcomhair ascnaimh le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochar díreach faoi seach, trí shraith comhchaighdeán agus ceanglas teicniúil ginearálta a thabhairt isteach.

- inrochtaineacht soláthraithe seirbhísí íocaíochta a áirithiú le haghaidh idirbheart aistrithe creidmheasa, i gcomhréir leis an oibleagáid inrochtaineachta le haghaidh idirbheart dochair dhírigh faoi Airteagal 8(1) de Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 agus idir-inoibritheacht córas íocaíochta a áirithiú.

Bunús dlí

Airteagal 114(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Prionsabal na coimhdeachta

Tá feidhm ag prionsabal na coimhdeachta a mhéid is nach dtagann an togra faoi réir inniúlacht eisiach an Aontais.

Ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an togra a bhaint amach go leordhóthanach i ngeall ar na cúiseanna seo a leanas:

Ag an bpointe seo, tá pleananna ascnaimh náisiúnta chuig SEPA ann i mbeagnach gach Ballstát. Cé go bhfuil na pleananna sin ar fad mar thaca d'ascnamh chuig SEPA, níl sé i gceist ach le dornán beag acu deireadh a chur le hionstraimí náisiúnta leagáide faoi spriocdháta sonrach. Shocraigh na geallsealbhóirí i mBallstáit éagsúla spriocdháta éagsúla. In éagmais spriocdháta coiteann ar leibhéal an Aontais, cruthóidh an easpa comhordaithe i measc na mBallstát agus i measc geallsealbhóirí deacrachtaí le linn an ascnaimh chuig SEPA sa chás is fearr, agus sa chás is measa cruthóidh sé dúsháinn a chuirfeadh bac ar ascnamh éifeachtach. Thairis sin, tá an-chuid de na spriocdhátaí atá socraithe ag brath ar choinníollacha eile. Ní leor an spreagadh a thugann na pleananna sin, dá bhrí sin, le haghaidh ascnaimh mhear agus chuimsithigh chuig SEPA, agus ní dheantar comhordú orthu idir na Ballstáit ach oiread.

Bainfear amach cuspóirí an togra ar dhóigh níos fearr trí ghníomhaíocht ar leibhéal an Aontais ar na cúiseanna a leanas:

Teastaíonn cur chuige uile-Aontais ó mhargadh lánpháirtithe íocaíochtaí euro ó nádúr mar ní mór do na caighdeáin, na rialacha agus na próisis atá mar bhonn aige a bheith comhsheasmhach ar fud na mBallstát. Tacaíonn an méid sin le haidhmeanna Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach lena bhforáiltear do mhargadh inmheánach agus aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta a bhfuil an euro mar airgeadra aige. Ní féidir ach cur chuige Eorpach, atá comhordaithe ar thaobh an tsoláthair agus ar thaobh an éilimh na tairbhí líonra a sholáthar ina n-iomláine. Níl de rogha ar chur chuige uile-Aontais ach córas de chomhaontuithe iltaobhacha nó déthaobhacha a mbeadh a gcastacht agus a gcostas toirmeascach i gcomparáid le reachtaíocht ar leibhéal an Aontais. Bheadh sé comhsheasmhach le prionsabal na coimhdeachta beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais dá bhrí sin.

Dá bhrí sin, comhlíonann an togra prionsabal na coimhdeachta.

Prionsabal na comhréireachta

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta ar na cúiseanna seo a leanas:

Ní bhaineann an togra ach leis an méid is gá chun a chuspóirí a bhaint amach.

Cuireadh na rialacha ar fad atá beartaithe faoi thástáil comhréireachta agus faoi dhianchomhairliúcháin d'fhonn rialáil iomchuí agus chomhréireach a áirithiú.

Tá sé d'aidhm ag an togra tionchar na n-athruithe ar gheallsealbhóirí a íoslaghdú. Cruthaíodh na ceanglais theicniúla atá liostaithe san iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sa dóigh go gceadaítear na scéimeanna uile-Aontais atá ann cheana a chur i bhfeidhm gan srian a chur ar sholúbthacht agus nuálaíocht.

Sa bhreis air sin, ligeann an togra do na Ballstáit cinneadh a dhéanamh maidir le húdaráis inniúla a cheapadh le go bhféadfaidh siad na struchtúir agus na comhlachtaí riaracháin atá ann cheana a úsáid, más mian leo, chun na costais a laghdú.

Rogha ionstraimí

Na hionstraimí atá beartaithe: Rialachán.

Níor leor modhanna eile ar na cúiseanna seo a leanas:

D'fhonn dáta deiridh a shocrú le haghaidh ascnaimh chuig aistrithe creidmheasa agus dochair dhíreacha uile-Aontais, is gá caighdeánú ar an leibhéal teicniúil agus an comhchuibhiú is iomláine is féidir. Cuireann sé sin ar son Rialacháin seachas Treoir. Thairis sin, ós rud é gur líonra atá i gceist le tioncal na n-íocaíochtaí, ní bhfaighfear formhór na dtairbhí a bhaineann le SEPA go dtí go gcuirfí an t-ascnamh intíre chuig ionstraimí íocaíochta uile-Aontais i gcrích i ngach Ballstát den AE. Bheadh an riosca ann go leanfadh ilroinnt an mhargaidh íocaíochta ar aghaidh, dá n-úsáidfí Treoir toisc go bhféadfaí í a chur i bhfeidhm ar bhealaí éagsúla ar an leibhéal náisiúnta. Sa deireadh thiar, chuirfí moill ar ascnamh de dheasca an ama a bheadh de dhíth le haghaidh an trasuíomh náisiúnta. Dá bhrí sin, moltar Rialachán a úsáid mar ionstraim dlí d'fhonn dáta deiridh a shocrú le haghaidh ascnaimh chuig SEPA.

IMPLEACHT BHUISÉADACH

Má fhágtar i leataobh na gnáthchostais riaracháin a bhaineann lena áirithiú go n-urramaítear reachtaíocht an AE, ní bheidh aon iarmhairt ann don bhuiséad ós rud é nach gcruthófar aon choiste nua agus nach ndéanfar aon ghealltanas airgeadais. Úsáideann an Coimisiún féin go leor seirbhísí íocaíochta, áfach, agus dá bhrí sin, ba chóir go mbainfeadh sé tairbhe, mar aon le húsáideoirí eile, as an iomaíocht fheabhsaithe a spreagfaidh SEPA.

FAISNÉIS BHREISE

Simpliú

Tá sé d'aidhm leis an togra an reachtaíocht a shimpliú mar déanann Airteagal 3 na forálacha inrochtaineachta le haghaidh dochar díreach mar atá sainmhínithe faoi Rialachán 924/2009 agus foráil inchomparáide maidir le hinrochtaineacht le haghaidh aistrithe creidmheasa a chomhdhlúthú faoi aon fhoráil amháin. Nuair a dhéanfar láimhseáil íocaíochta a shimpliú, beidh tairbhe ann do gheallsealbhóirí, lena n-áirítear údaráis phoiblí, gnóthais agus daoine aonair.

Ós rud é go laghdóidh an Rialachán seo ilroinnt de réir constaicí náisiúnta agus ós rud é go gcothóidh sé iomaíocht i margadh íocaíochtaí na hEorpa, cuirfidh sé le simpliú na bpróiseas íocaíochta.

Mar shampla, ba cheart go mbainfeadh údaráis phoiblí, ós rud é go mbaineann siad an-úsáid as ionstraimí íocaíochta, tairbhe as SEPA toisc go simplíonn sé a bpróisis íocaíochta agus is féidir próiseáil atá níos éifeachtúla agus 'níos dírí' a dhéanamh ar íocaíochtaí. Ba cheart go mbeadh sé ní b'éasca seirbhísí íocaíochta a chur amach ar thairiscint phoiblí ar leibhéal an Aontais, ós rud é go mbeadh méadú ar líon na soláthraithe seirbhísí íocaíochta ar fáil, d'fhéadfaí comparáid ní b'fhearr a dhéanamh idir a dtairiscintí agus chuirfí deireadh le neamhéifeachtúlachtaí a bhí ann de dheasca formáidí íocaíochta náisiúnta. A bhuí le ríomhshonraisc agus SEPA mar bhun-ardán íocaíochta, dhéanfaí réiteach uathoibríoch sonrasc agus íocaíochtaí a éascú.

Ar an dóigh chéanna le haghaidh tomhaltóirí, agus daoine ag taisteal níos mó ina saol gairmiúil agus príobháideach, gheobhadh íocaíochtaí caighdeánaithe trasteorann réidh leis an ngá roinnt cuntas íocaíochta a choinneáil i dtíortha éagsúla.

Le haghaidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta agus próiseálaithe íocaíochtaí, bheadh íocaíochtaí ar fud an Aontais i bhfad ní b'éifeachtúla de bharr na mbarainneachtaí scála agus na gcomhchaighdeán a bhainfí amach faoi SEPA.

Aisghairm na reachtaíochta atá ann cheana

Is gá Airteagal 8 de Rialachán (CE) 924/2009, a bhaineann le hinrochtaineacht maidir le hidirbhearta dochair dhírigh, a aisghairm. Ar chúiseanna trédhearcachta agus simpliúcháin, déantar ábhar an airteagail sin a chomhdhlúthú in Airteagal 3 den togra seo.

Clásal athbhreithnithe/leasaithe/éagtha

Tá clásal athbhreithnithe sa togra.

An Limistéar Eorpach Eacnamaíoch

Ábhar a bhaineann leis an LEE atá sa ghníomh atá beartaithe agus ba cheart, dá bhrí sin, an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a chuimsiú ann.

Míniú mionsonraithe ar an togra

Tá sé d'aidhm ag an achoimre ghearr seo a leanas an próiseas cinnteoireachta a éascú trí léiriú a thabhairt ar ábhar príomha an Rialacháin.

Airteagal 1 – ábhar agus raon feidhme – maítear ann go gcumhdaíonn an Rialachán cur i gcrích gach idirbhirt aistrithe creidmheasa agus dochair dhírigh atá ainmnithe in euro laistigh den Aontas. Ní chumhdaíonn sé cineálacha áirithe idirbheart íocaíochta – amhail idirbhearta le cártaí íocaíochta, idirbhearta seoltán airgid agus íocaíochta trí mheán aon fheiste teileachumarsáide, digití nó TF nach mbíonn aistriú creidmheasa ná dochar díreach mar thoradh orthu. D'fhonn iomaíocht agus éifeachtúlacht a chothú, níor cheart don Rialachán scéimeanna íocaíochta nach bhfuil 'traidisiúnta' a eisiamh ón margadh, go háirithe i gcás inar scéimeanna comhcheangailte iad lena mbaineann cuid de dhochar díreach nó d'aistriú creidmheasa. Dá bhrí sin, níl forálacha an Rialacháin seo infheidhme ach maidir leis an aistriú creidmheasa nó dochar díreach atá mar bhunús leis an idirbheart.

Airteagal 2 – sainmhínithe – ag luí, a oiread is féidir, leis na cinn a úsáideadh i dTreoir 2007/64/CE. I bhfianaise raon feidhme srianta an Rialacháin i gcomparáid leis an Treoir um Sheirbhísí Íocaíochta, áfach, coigeartaíodh roinnt de na sainmhínithe do riachtanais an togra.

Airteagal 3 – déantar inrochtaineacht soláthraithe seirbhísí íocaíochta le haghaidh idirbheart aistrithe creidmheasa a lánpháirtiú leis an oibleagáid inrochtaineachta le haghaidh idirbheart dochair dhírigh faoi Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 924/2009.

Airteagal 4 – idir-inoibritheacht theicniúil – rud a bhfuil gá leis le haghaidh feidhmiú rianúil scéimeanna agus córas íocaíochta, ionas go mbeidh siad in ann idirghníomhú le chéile ar fud an Aontais ag úsáid na gcaighdeán céanna, gan bacainní teicniúla ar ghníomhairí an mhargaidh íocaíochtaí a phróiseáil.

Airteagal 5 agus an Iarscríbhinn – ceanglais theicniúla le haghaidh idirbheart aistrithe creidmheas agus dochair dhírigh – tugann siad seo spriocdhátaí isteach le haghaidh ascnaimh chuig ionstraimí uile-Aontais, trí bhonn éigeantach a chur faoi chaighdeáin thábhachtacha áirithe a úsáideann tionscal na n-íocaíochtaí agus ceanglais theicniúla a shainiú a bhfuil feidhm leo maidir le soláthraithe seirbhísí íocaíochta agus custaiméirí araon.

Airteagal 6 – táillí idirmhalartaithe le haghaidh idirbheart dochair dhírigh – soiléiríonn sé seo nach mbeidh táillí idirmhalartaithe iltaobhaigh in aghaidh an idirbhirt ceadaithe tar éis an 31 Deireadh Fómhair 2012 le haghaidh dochar díreach náisiúnta agus trasteorann. Sainíonn sé coinníollacha ginearálta freisin le haghaidh táillí idirmhalartaithe (iltaobhach, déthaobhach agus aontaobhach) i gcomhair R-idirbheart, i gcomhréir leis an doiciméad oibre maidir le 'Infheidhmeacht Airteagal 81 den Chonradh CE maidir le híocaíochtaí iltaobhacha idirbhainc in DDS (Applicability of Article 81 of the EC Treaty to multilateral interbank-payments in SDD)' a d'fhoilsigh an Coimisiún an 3 Samhain 2009.

Airteagal 7 – tarscaoileadh – baineann sé seo le táirgí ar a dtugtar táirgí nideoige 'leagáide' ar cheart a chéimniú amach freisin tar éis idirthréimhse iomchuí.

Airteagal 8 – áirithítear le hinrochtaineacht íocaíochta go n-úsáidfear aistriú creidmheasa in euro nó dochar díreach in euro chuig cuntas nó ó chuntas ar bhonn trasteorann más rud é go bhfuil an t-aistriú creidmheasa nó an dochar díreach sin inghlactha i dtír an íocóra nó an íocaí.

Airteagal 9 – údaráis inniúla – tugann sé seo de chumhacht do na húdaráis inniúla na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí atá leagtha síos sa Rialachán seo.

Airteagal 10 – pionóis – ceanglaítear leis seo ar Bhallstáit sonraí maidir le pionóis a thabhairt don Choimisiún.

Airteagal 11 – nósanna imeachta maidir le gearán agus sásamh lasmuigh den chúirt – cuireann sé seo iachall ar Bhallstáit comhlachtaí a bhunú le haghaidh sásaimh lasmuigh den chúirt chun díospóidí a thagann anuas faoin Rialachán a réiteach. Ceanglaíonn sé orthu freisin faisnéis a thabhairt don Choimisiún maidir leis na socruithe sin.

Airteagail 12 go 15 – gníomhartha tarmlighte a ghlacadh – ceadaíonn sé seo na ceanglais theicniúla a thabhairt chun dáta.

Airteagal 16 – clásal athbhreithnithe – forálann sé seo d'oibleagáid maidir le tuairisciú lena mbeidh, más gá, togra le haghaidh leasú.

Airteagal 17 – forálacha idirthréimhseacha – áirithíonn se seo gurb infheidhme na dátaí deiridh maidir le Ballstáit sa limistéar euro ar dtús, agus go dtugtar idirthréimhse do Bhallstáit nach bhfuil sa limistéar euro, bunaithe ar an méid teoranta idirbheart íocaíochta euro a bhíonn acu.

2010/0373 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear ceanglais theicniúla le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochar díreach in euro agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 924/2009

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Having regard to the proposal from the European Commission[10],

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[11],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[12],

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach[13],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

1. Is gá margadh lánpháirtithe a chruthú le haghaidh íocaíochtaí leictreonacha in euro, gan aon bhun-idirdhealú idir íocaíochtaí náisiúnta agus íocaíochtaí trasteorann, ar mhaithe le dea-fheidhmiú an Mhargaidh Inmheánaigh. Chun na críche sin, is é is aidhm do thionscadal an Limistéir Aonair d'Íocaíochtaí Euro (SEPA - Single Euro Payments Area) comh-ionstraimí íocaíochta a fhorbairt don Aontas ar fad chun iad a chur in ionad na n-ionstraimí íocaíochtaí náisiúnta atá ann faoi láthair. De thoradh caighdeáin, rialacha agus cleachtais atá oscailte agus coiteann a thabhairt isteach le haghaidh íocaíochtaí, agus trí bhíthin próiseála comhtháite íocaíochtaí, ba cheart go ndéanfadh SEPA seirbhísí íocaíochtaí in euro atá slán, ar phraghas iomaíoch, soláimhsithe don úsáideoir agus iontaofa a sholáthar do shaoránaigh agus do ghnóthais an Aontais. Trí SEPA a thabhairt chun críche, ba cheart go gcruthófaí dálaí atá fabhrach maidir le breis iomaíochta i seirbhísí íocaíochta agus maidir le nuálaíochtaí i réimse na n-íocaíochtaí a fhorbairt gan bhac agus a chur chun feidhme go mear ar fud an Aontais. Dá dhroim sin, de thoradh feabhais ar bharainneachtaí scála, méadú ar éifeachtúlachtaí oibríochtúla agus neartú ar iomaíocht, ba cheart go gcruthódh seirbhísí íocaíochta leictreonacha in euro brú síos ar phraghsanna ar bhonn 'togha an chineáil'. Ba cheart go mbeadh éifeachtaí suntasacha ag baint leis sin, go háirithe i mBallstáit ina bhfuil íocaíochtaí sách costasach. Níor cheart go méadófar praghsanna foriomlána d'úsáideoirí seirbhísí íocaíochta go ginearálta agus do thomhaltóirí go háirithe le linn an ascnaimh go SEPA.

2. Tá sé ríthábhachtach ó thaobh na heacnamaíochta, na hairgeadaíochta agus na polaitíochta de freisin, go n-éireodh le SEPA. Luíonn sé go hiomlán le straitéis Eoraip 2020 a bhfuil sé d'aidhm aici geilleagar níos cliste a chruthú, ar geilleagar é ina dtiocfaidh rachmas de thoradh nuálaíochta agus de thoradh úsáid níos éifeachtúla a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil. Rinne Parlaimint na hEorpa ina rúin an 12 Márta 2009[14] agus an 10 Márta 2010[15] maidir le SEPA a chur chun feidhme agus rinne an Chomhairle sna conclúidí a ghlac sí an 2 Nollaig 2009[16] béim a leagan ar an tábhacht a bhaineann le hascnamh tapa chuig SEPA a bhaint amach.

3. Le Treoir 2007/64/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach[17], soláthraítear bunús dlí nua-aimseartha chun margadh inmheánach aonair d’íocaíochtaí a chruthú, dar buneilimint é SEPA.

4. Foráiltear i Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le híocaíochtaí trasteorann sa Chomhphobal agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2560/2001[18] do roinnt beart éascaithe le go n-éireodh le SEPA amhail prionsabal chomhionannas na muirear ar íocaíochtaí trasteorann a shíneadh go dochair dhíreacha.

5. Ina theannta sin, níor leor na hiarrachtaí féinrialála a rinne an earnáil baincéireachta Eorpach trí thionscnamh SEPA chun dlús a chur le hascnamh comhbheartaithe chuig scéimeanna uile-Aontais le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochar díreach ar thaobh an tsoláthair agus an éilimh araon. Thairis sin, ní raibh an próiseas féinrialála sin faoi réir meicníochtaí iomchuí rialachais, rud a d'fhéadfadh roinnt den easpa glactha ar thaobh an éilimh a mhíniú. Ní ghinfear na tairbhí iomlána a bhaineann le margadh íocaíochtaí lánpháirtithe ach trí bhíthin ascnaimh thapa agus chuimsithigh chuig aistrithe creidmheasa agus dochair dhíreacha uile-Aontais, ionas go bhféadfar deireadh a chur leis na costais arda a bhaineann le táirgí 'leagáide' agus táirgí SEPA a reáchtáil go comhuaineach.

6. Ba cheart rialacha a leagan síos, dá bhrí sin, chun cur i gcrích gach idirbheart aistrithe creidmheasa agus gach idirbheart dochair dhírigh atá ainmnithe in euro laistigh den Aontas a chumhdach. Níl sé iomchuí ag an gcéim seo, áfach, idirbhearta cárta a chumhdach, ós rud é go bhfuil comhchaighdeáin le haghaidh íocaíochtaí cárta san Aontas fós á bhforbairt. Níor cheart seoltáin airgid, íocaíochtaí arna bpróiseáil go hinmheánach, idirbhearta íocaíochta mórluacha idir soláthraithe seirbhísí íocaíochta agus íocaíochtaí trí fhóin phóca teacht faoi raon feidhme na rialacha sin ós rud é nach bhfuil na seirbhísí íocaíochta sin inchomparáide le haistrithe creidmheasa agus dochair dhíreacha.

7. Tá roinnt ionstraimí íocaíochta ann faoi láthair, le haghaidh íocaíochtaí ar líne den chuid is mó, ar ionstraimí iad a úsáideann an uimhir idirnáisiúnta cuntais bainc (IBAN) agus an cód aitheantóra bainc (BIC) agus atá bunaithe ar aistrithe creidmheasa nó ar dhochair dhíreacha ach a bhfuil gnéithe breise ag baint leo. Foráiltear go bhfeidhmeoidh na scéimeanna sin thar na teorainneacha náisiúnta atá orthu faoi láthair agus d'fhéadfaidís éileamh na dtomhaltóirí ar ionstraimí íocaíochta atá nuálaíoch, sábháilte agus neamhchostasach a shásamh. Ionas nach ndéanfar scéimeanna den sórt sin a eisiamh ón margadh, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán maidir le dátaí deiridh le haghaidh dochair dhírigh agus aistrithe creidmheasa ach ar na haistrithe creidmheasa nó an dochar díreach atá mar bhunús leis an idirbheart.

8. D’fhonn aistriú creidmheasa a dhéanamh, ní mór rochtain a bheith ar chuntas an íocaí. Dá bhrí sin, d'fhonn go n-áiritheofar go n-úsáidfear na hionstraimí íocaíochta sin, ba cheart oibleagáid inrochtaineachta a bhunú ar fud an Aontais. Chun trédhearcacht a fheabhsú, is iomchuí freisin an oibleagáid sin agus an oibleagáid inrochtaineachta a bhaineann le dochair dhíreacha a bunaíodh cheana faoi Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 a chomhdhlúthú in aon ghníomh amháin.

9. Réamhriachtanas le haghaidh iomaíochta is ea idir-inoibritheacht theicniúil. Chun margadh lánpháirtithe a chruthú le haghaidh córas íocaíochtaí leictreonacha in euro, tá sé bunriachtanach go mbeidh próiseáil aistrithe creidmheasa agus dochar díreach gan constaicí teicniúla agus go ndéanfar é faoi scéim a gcloífidh formhór na soláthraithe seirbhísí íocaíochta ó fhormhór na mBallstát lena bunrialacha agus a mbeidh na bunrialacha céanna i bhfeidhm inti le haghaidh idirbheart trasteorann agus idirbheart náisiúnta, ar idirbhearta aistrithe creidmheasa agus dochair dhírigh iad. I gcás ina ndéanfar breis is scéim amháin den sórt sin a fhorbairt nó i gcás ina bhfuil breis is córas íocaíochta amháin ann le haghaidh próiseáil íocaíochtaí den sórt sin, ba cheart na scéimeanna agus na córais sin a bheith idir-inoibritheach ionas go bhféadfaidh gach úsáideoir agus gach soláthróir seirbhíse íocaíochta leas a bhaint as na tairbhí a bhaineann le híocaíochtaí euro gan uaim ar fud an Aontais.

10. Tá sé fíor-riachtanach ceanglais theicniúla a shainathaint, ar ceanglais iad a chinneann gan doiléire na gnéithe ar cheart a urramú i scéimeanna íocaíochta uile-Aontais atá le forbairt faoi shocruithe rialachais iomchuí d'fhonn idir-inoibritheacht a áirithiú. Níor cheart do cheanglais theicniúla den sórt sin srian a chur ar sholúbthacht agus ar nuálaíocht, ach ba cheart iad a bheith oscailte d'fhorbairtí nua agus d'fheabhsuithe nua a d'fhéadfadh a bheith ann i margadh na n-íocaíochtaí, agus neodrach ina dtaobh. Ba cheart iad a cheapadh agus saintréithe aistrithe creidmheasa agus dochar díreach á gcur san áireamh, go háirithe maidir leis na sonraí atá sa teachtaireacht íocaíochta. Ba cheart bearta a bheith iontu, le haghaidh dochar díreach go háirithe, lena neartófaí muinín úsáideoirí seirbhísí íocaíochta as ionstraimí den sórt sin a úsáid.

11. Bunchloch is ea caighdeánú teicniúil le haghaidh comhtháthú líonraí, amhail margadh íocaíochtaí an Aontais. Ba cheart é a bheith éigeantach caighdeáin arna bhforbairt ag comhlachtaí caighdeánaithe idirnáisiúnta nó Eorpacha a úsáid ó dháta áirithe le haghaidh gach idirbhirt ábhartha. I gcomhthéacs íocaíochtaí, IBAN, BIC, agus an caighdeán teachtaireachtaí seirbhísí airgeadais 'ISO 20022 XML' a bheadh i gceist leis sin. Riachtanas is ea é, dá bhrí sin, le haghaidh idir-inoibritheachta iomláine ar fud an Aontais go n-úsáidfeadh gach soláthraí seirbhíse íocaíochta na caighdeáin sin. Go háirithe, ba cheart úsáid éigeantach IBAN agus BIC nuair is gá a chur chun cinn trí bhearta cuimsitheacha cumarsáide agus éascaithe i mBallstáit chun ascnamh rianúil agus éasca chuig aistrithe creidmheasa agus dochair dhíreacha uile-Eorpacha a cheadú, le haghaidh tomhaltóirí go háirithe.

12. Is iomchuí dátaí a leagan síos faoinar cheart do gach idirbheart aistrithe creidmheasa agus dochair dhírigh na ceanglais theicniúla sin a chomhlíonadh, ach an margadh a fhágáil ar oscailt i gcomhair tuilleadh forbartha agus nuálaíochta.

13. Ba cheart dátaí ascnaimh ar leith a leagan síos d'fhonn na difríochtaí idir aistrithe creidmheasa agus dochair dhíreacha a chur san áireamh. Ní bhaineann an leibhéal céanna aibíochta le haistrithe creidmheasa uile-Aontais agus le dochair dhíreacha uile-Aontais, ós rud é gur ionstraim níos casta é dochar díreach i gcomparáid le haistriú creidmheasa agus, dá dhroim sin, teastaíonn i bhfad níos mó acmhainní le haghaidh ascnaimh chuig dochair dhíreacha uile-Aontais ná mar a theastaíonn le haghaidh ascnaimh chuig aistrithe creidmheasa uile-Aontais.

14. Tá sé bunriachtanach táillí idirmhalartaithe iltaobhaigh (TII) ar dhochair dhíreacha a rialáil chun dálaí iomaíochta neodracha a chruthú idir soláthraithe seirbhísí íocaíochta agus, ar an dóigh sin, ligean do mhargadh aonair forbairt le haghaidh dochar díreach. Déanann TII in aghaidh an idirbhirt ar dhochar díreach srian a chur ar iomaíocht idir bainc na n-íocaithe agus déanann siad na muirir a chuireann na bainc sin ar íocaithe a bhoilsciú agus is cúis é sin le méaduithe folaithe ar na praghsanna don íocóir. Ní léir aon éifeachtúlacht oibiachtúil nó ní léir ach méid srianta di a bheith ag TII in aghaidh an idirbhirt, ach mar sin féin d'fhéadfadh táillí den sórt sin le haghaidh idirbheart a dhéantar a dhiúltú, a eiteach, a aischur nó a fhreaschur toisc nach féidir iad a chur i gcrích i gceart (R-idirbhearta) cabhrú chun costais a leithdháileadh go héifeachtúil laistigh den mhargadh aonair. Dá bhrí sin, dealraíonn sé go rachaidh sé chun tairbhe margaidh Eorpaigh éifeachtaigh i ndochar díreach cosc a chur ar tháillí idirmhalartaithe iltaobhaigh in aghaidh an idirbhirt. Mar sin féin, ba cheart R-idirbhearta a cheadú, ar chuntar go gcomhlíonann siad coinníollacha áirithe. I ngach cás, ba cheart rialacha den sórt sin a bheith gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 101 agus Airteagal 102 den CFAE ar tháillí idirmhalartaithe iltaobhaigh do R-idirbhearta.

15. Dá bhrí sin, ba cheart teorainn ama a chur leis an deis TII in aghaidh an idirbhirt a chur i bhfeidhm agus ba cheart coinníollacha ginearálta a leagan síos le haghaidh cur i bhfeidhm táillí idirmhalartaithe le haghaidh R-idirbheart.

16. I roinnt Ballstát, tá ionstraimí íocaíochtaí leagáide áirithe ann, ar aistrithe creidmheasa nó dochair dhíreacha iad ach a bhfuil feidhmiúlachtaí an-sonrach acu, ar chúiseanna staire nó dlí go minic. Bíonn méid idirbhearta táirgí den sórt sin imeallach de ghnáth; d'fhéadfaí iad a aicmiú mar tháirgí nideoige dá bhrí sin. Ba cheart go gcuideodh idirthréimhse le haghaidh táirgí nideoige den sórt sin, ar idirthréimhse í a bheadh fada go leor chun tionchar an ascnaimh ar úsáideoirí seirbhísí íocaíochta a íoslaghdú, le dhá thaobh an mhargaidh díriú ar dtús ar ascnamh thromchuid na n-aistrithe creidmheasa agus na ndochar díreach, sa dóigh go bhféadfaí mórchuid na dtairbhí féideartha a bhaineann le margadh íocaíochtaí lánpháirtithe san Aontas a fháil ní ba luaithe.

17. Ar mhaithe le feidhmiú praiticiúil an mhargaidh inmheánaigh íocaíochtaí, tá sé bunriachtanach a áirithiú go mbeidh íocóirí amhail gnóthais nó údaráis phoiblí in ann aistrithe creidmheasa a chur chuig cuntais íocaíochta atá ag na híocaithe le soláthraithe seirbhísí íocaíochta atá lonnaithe i mBallstáit eile agus a bhfuil rochtain orthu i gcomhréir leis an Rialachán seo.

18. Ba cheart é a thabhairt de chumhacht d’údaráis inniúla a ndualgais monatóireachta a chomhlíonadh go héifeachtúil agus na bearta uile is gá a ghlacadh chun a áirithiú go gcomhlíonann na soláthraithe seirbhísí íocaíochta an Rialachán seo.

19. Ní mór do na Ballstáit pionóis atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a leagan síos sa dlí náisiúnta in aghaidh neamhchomhlíonadh an Rialacháin seo.

20. Chun a áirithiú gur féidir sásamh a thabhairt i gcás inar cuireadh an Rialachán seo i bhfeidhm ar bhealach mícheart, ba cheart do Bhallstáit nósanna imeachta maidir le gearán agus sásamh lasmuigh den chúirt a bhunú chun díospóidí a eascraíonn ó chás mar sin a réiteach.

21. Tá sé inmhianaithe go dtíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le héifeachtacht fhorálacha an Rialacháin seo.

22. Ba cheart é a thabhairt de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh maidir le huasdátú na gceanglas teicniúil le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochar díreach.

23. Ós rud é go mbeadh ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta ó Bhallstáit lasmuigh den limistéar euro breis oibre ullmhúcháin a dhéanamh, ba cheart a cheadú do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta den sórt sin cur i bhfeidhm na gceanglas teicniúil a chur siar ar feadh tréimhse áirithe.

24. Chun deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú is iomchuí na spriocdhátaí maidir le táillí idirmhalartaithe atá leagtha amach in Airteagal 6 agus Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 a ailíniú leis na forálacha atá leagtha síos sa Rialachán seo.

25. Ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 a leasú dá réir sin.

26. Déantar próiseáil sonraí pearsanta a dhéantar de bhun an Rialacháin seo a rialú le Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin[19].

27. Tá teachtaireachtaí airgeadais a bhaineann le híocaíochtaí agus le haistrithe in SEPA lasmuigh de raon feidhme an Chomhaontaithe idir an AE agus SAM an 8 Iúil 2010 maidir le próiseáil agus aistriú Sonraí Teachtaireachtaí Airgeadais chun críocha an Chláir um Sceimhlitheoirí agus a Maoiniú a Rianú[20].

28. Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr dá bhrí sin, de bharr fhairsinge nó iarmhairtí na gníomhaíochta, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach d'fhonn na cuspóirí sin a bhaint amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme

29. Leagtar síos rialacha sa Rialachán seo maidir le hidirbhearta aistrithe creidmheasa agus dochair dhírigh atá ainmnithe in euro a chur i gcrích laistigh den Aontas i gcás ina mbeidh soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra agus soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí araon lonnaithe laistigh den Aontas, nó i gcás ina mbeidh an t-aon soláthraí seirbhíse íocaíochta amháin lena mbaineann an t-idirbheart íocaíochta lonnaithe san Aontas.

30. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a) idirbhearta íocaíochta arna ndéanamh go hinmheánach laistigh de sholáthraithe seirbhísí íocaíochta mar aon le hidirbhearta íocaíochta idir soláthraithe seirbhísí íocaíochta ar a gcuntas féin

(b) idirbhearta íocaíochta arna bpróiseáil agus arna socrú trí chóras íocaíochta mórluacha sa chás gurb é soláthraí seirbhíse íocaíochta a thionscnaíonn an t-idirbheart agus gurb é soláthraí seirbhíse íocaíocht a fhaigheann an íocaíocht sa deireadh thiar.

(c) idirbhearta íocaíochta trí bhíthin cárta íocaíochta, lena n-áirítear aistarraingtí in airgead tirim ó chuntas íocaíochta, mura bhfuil aistriú creidmheasa nó dochar díreach chuig cuntas íocaíochta arna shainaithint le huimhir bhunúsach cuntais bainc (BBAN) nó le huimhir idirnáisiúnta cuntais bainc (IBAN), nó ó chuntas den sórt sin, de thoradh orthu

(d) idirbhearta íocaíochta trí bhíthin aon fheiste teileachumarsáide, digití nó TF, murar aistriú creidmheasa nó dochar díreach chuig cuntas íocaíochta arna shainaithint le BBAN nó IBAN nó ó chuntas den sórt sin a bheidh mar thoradh air

(e) idirbhearta seoltáin airgid i gcás ina bhfaighfear cistí ó íocóir, gan cuntas íocaíochta a bheith cruthaithe in ainm an íocóra ná an íocaí, chun méid comhfhreagrach a aistriú go híocaí nó go soláthraí seirbhíse íocaíochta eile ag gníomhú thar ceann an íocaí agus chuige sin amháin, agus/nó i gcás ina bhfaighfear cistí den sórt sin thar ceann an íocaí agus ina gcuirfear iad ar fáil dó.

31. I gcás ina mbeidh scéimeanna íocaíochta bunaithe ar idirbhearta íocaíochta trí aistrithe creidmheasa nó trí dhochair dhíreacha, ach má tá gnéithe breise ag baint leo, ní bheidh feidhm ag an Rialacháin seo ach ar na haistrithe creidmheasa nó na dochair dhíreacha atá mar bhunús leo.

Airteagal 2Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

32. ciallaíonn 'aistriú creidmheasa' seirbhís íocaíochta chun cuntas íocaíochta íocaí a chreidiúnú, ina dtionscnaíonn an t-íocóir idirbheart íocaíochta nó sraith idirbheart íocaíochta ar bhonn an toilithe arna thabhairt dá sholáthraí seirbhíse íocaíochta

33. ciallaíonn 'dochar díreach' seirbhís íocaíochta chun cuntas íocaíochta íocóra a chur chun dochair, ina dtionscnaíonn an t-íocaí idirbheart íocaíochta ar bhonn thoiliú an íocóra

34. ciallaíonn 'íocóir' duine nádúrtha nó dlítheanach ag a bhfuil cuntas íocaíochta agus a cheadaíonn ordú íocaíochta ón gcuntas íocaíochta sin

35. ciallaíonn 'íocaí' duine nádúrtha nó dlítheanach a bheartaítear mar fhaighteoir cistí lenar bhain idirbheart íocaíochta

36. ciallaíonn 'cuntas íocaíochta' cuntas atá sealbhaithe in ainm úsáideora seirbhíse íocaíochta amháin nó níos mó a úsáidtear chun idirbhearta íocaíochta a chur i gcrích

37. ciallaíonn 'córas íocaíochta' córas aistrithe cistí ag a bhfuil socruithe foirmiúla agus caighdeánaithe agus rialacha coiteanna le haghaidh próiseáil, imréiteach agus/nó socrú idirbheart íocaíochta

38. ciallaíonn 'scéim íocaíochta' sraith rialacha, cleachtas agus caighdeán le haghaidh íocaíochtaí a dhéanamh idir rannpháirtithe na scéime, agus ar sraith í atá ar leithligh ó aon bhonneagar nó aon chóras íocaíochta a thacaíonn le hoibriú na scéime ar fud na mBallstát agus laistigh díobh.

39. ciallaíonn 'soláthraí seirbhíse íocaíochta' aon cheann de na catagóirí dá dtagraítear in Airteagal 1(1) de Threoir 2007/64/CE agus na daoine dlítheanacha nó nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 26 den Treoir sin, ach déanann sé na hinstitiúidí sin a eisiamh atá liostaithe in Airteagal 2 de Threoir 2006/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[21] a thairbhíonn de tharscaoileadh Ballstáit arna fheidhmiú faoi Airteagal 2(3) de Threoir 2007/64/CE

40. ciallaíonn 'úsáideoir seirbhíse íocaíochta' duine nádúrtha nó dlítheanach a bhaineann úsáid as seirbhís íocaíochta mar íocóir nó íocaí, nó sa dá cháil

41. ciallaíonn 'idirbheart íocaíochta' gníomh, arna thionscnamh ag an íocóir nó ag an íocaí, lena n-aistrítear cistí, is cuma faoi aon bhunoibleagáidí idir an t-íocóir agus an t-íocaí

42. ciallaíonn 'ordú íocaíochta' aon treoir a thugann íocóir nó íocaí dá sholáthraí seirbhíse íocaíochta ag iarraidh go ndéanfar idirbheart íocaíochta

43. ciallaíonn 'táille idirmhalartaithe' táille a íoctar idir soláthraithe seirbhísí íocaíochta an íocóra agus an íocaí ar gach idirbheart dochair dhírigh

44. ciallaíonn 'táille idirmhalartaithe iltaobhaigh' táille idirmhalartaithe atá faoi réir comhaontú coiteann idir soláthraithe seirbhísí íocaíochta

45. ciallaíonn 'BBAN' aitheantóir uimhreach cuntais bhainc íocaíochta lena sainaithnítear go huathúil cuntas aonair le soláthraí seirbhíse íocaíochta i mBallstát agus nach féidir a úsáid ach le haghaidh idirbheart náisiúnta

46. ciallaíonn 'IBAN' aitheantóir uimhreach cuntais íocaíochta idirnáisiúnta lena sainaithnítear go huathúil cuntas aonair le soláthraí seirbhíse íocaíochta uathúil i mBallstát, a bhfuil na heilimintí a bhaineann leis sonraithe in ISO 13616, arna leagan síos ag Eagraíocht Idirnáisiúnta na gCaighdeán (ISO)

47. ciallaíonn 'BIC' cód lena sainaithnítear gan débhrí soláthraí seirbhíse íocaíochta a bhfuil na heilimintí a bhaineann leis sonraithe in ISO 13616, arna leagan síos ag Eagraíocht Idirnáisiúnta na gCaighdeán (ISO)

48. ciallaíonn 'caighdeán ISO 20022 XML' caighdeán le haghaidh forbairt teachtaireachtaí airgeadais leictreonacha mar atá sainmhínithe ag Eagraíocht Idirnáisiúnta na gCaighdeán (ISO), lena gcuimsítear léiriú fisiciúil na n-idirbheart íocaíochta i gcomhréir XML, i gcomhréir le rialacha gnó agus treoirlínte cur chun feidhme scéimeanna uile-Aontais le haghaidh idirbheart íocaíochta faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

Airteagal 3Inrochtaineacht

Beidh rochtain ar sholáthraí seirbhíse íocaíochta a mbeidh rochtain air maidir le hidirbheart aistrithe creidmheasa náisiúnta nó idirbhirt dochair dhírigh, nó an dá rud, atá ainmnithe in euro ar chuntas íocaíochta áirithe, i gcomhréir le rialacha na scéime íocaíochta, le haghaidh idirbheart aistrithe creidmheasa agus dochair dhírigh arna dtionscnamh trí sholáthraí seirbhíse íocaíochta atá lonnaithe i mBallstát ar bith.

Airteagal 4Idir -inoibritheacht

49. Déanfaidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta aistrithe creidmheasa agus dochair dhíreacha faoi chuimsiú scéime íocaíochta a chomhlíonfaidh na coinníollacha seo a leanas:

(a) go bhfuil na rialacha céanna i bhfeidhm inti le haghaidh idirbheart náisiúnta agus idirbheart trasteorann, ar idirbhearta aistrithe creidmheasa agus dochair dhírigh iad, trasna Ballstát agus laistigh de Bhallstáit

(b) gurb ionann rannpháirtithe na scéime agus formhór na soláthraithe seirbhísí íocaíochta i bhformhór na mBallstát.

50. Beidh córais íocaíochta agus, más infheidhme, scéimeanna íocaíochta idir-inoibritheach go teicniúil trí bhíthin caighdeáin arna bhforbairt ag comhlachtaí caighdeánaithe idirnáisiúnta nó Eorpacha a úsáid.

51. Ní chuirfidh constaicí teicniúla isteach ar phróiseáil aistrithe creidmheasa agus dochar díreach.

Airteagal 5Ceanglais maidir le hidirbhearta aistrithe creidmheasa agus dochair dhírigh

52. Faoin [ cuir isteach an dáta fírinnach 12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] ar a dhéanaí, déanfar aistrithe creidmheasa a chur i gcrích i gcomhréir leis na ceanglais theicniúla atá leagtha amach i bpointí 1 agus 2 den Iarscríbhinn.

53. Faoin [ cuir isteach an dáta fírinnach 24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] ar a dhéanaí, déanfar dochair dhíreacha a chur i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 6 agus leis na ceanglais theicniúla atá leagtha amach i bpointe 1 agus i bpointe 3 den Iarscríbhinn.

54. D'ainneoin mhír 1 agus mhír 2, féadfaidh Ballstáit dátaí níos luaithe ná na dátaí dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 a leagan síos.

55. Féadfaidh an Coimisiún an Iarscríbhinn a leasú chun dul chun cinn teicniúil agus forbairtí margaidh a chur san áireamh. Glacfaidh an Coimisiún na bearta sin trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 12.

Airteagal 6Táillí idirmhalartaithe d’idirbhearta dochair dhírigh

56. Gan dochar do mhír 2, ní bheidh feidhm maidir le hidirbhearta dochair dhírigh ag aon táille idirmhalartaithe iltaobhaigh in aghaidh an idirbhirt dochair dhírigh ná ag comhaontú eile luacha saothair ag a bhfuil cuspóir nó éifeacht atá coibhéiseach.

57. I gcás idirbheart dochair dhírigh nach féidir le solathraí seirbhíse íocaíochta a chur i gcrích i gceart toisc go ndearnadh an t-ordú íocaíochta a dhiúltú, a eiteach, a aischur nó a fhreaschur (R-idirbhearta), ar idirbhearta iad a rinne soláthraithe seirbhísí íocaíochta, cuirfear táille idirmhalartaithe iltaobhaigh i bhfeidhm ar chuntar go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a) beidh an socrú dírithe ar chostais a leithdháileadh go héifeachtúil chuig an bpáirtí is cúis leis an R-idirbheart, agus costais idirbhirt agus cosaint don tomhaltóir á gcur san áireamh

(b) beidh na táillí bunaithe ar chostas, agus air sin amháin

(c) ní sháróidh leibhéal na dtáillí an costas iarbhír a bheidh ar R-idirbheart a láimhseáil ag an soláthraí seirbhíse íocaíochta inchomparáide is costas-éifeachtúla a bhfuil costas orthu de dhroim R-idirbhirt, ar páirtí ionadaíoch é don socrú iltaobhach i dtéarmaí mhéid na n-idirbheart agus chineál na seirbhísí

(d) de bharr chur i bhfeidhm na dtáillí i gcomhréir le fomhíreanna (a), (b) agus (c), cuirfear cosc ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta táillí breise, a bhaineann leis na costais a chlúdaíonn na táillí idirmhalartaithe sin, a ghearradh ar a n-úsáideoirí seirbhísí íocaíochta faoi seach

(e) ní mór nach bhfuil aon rogha mhalartach ann atá praiticiúil agus inmharthanach go heacnamaíoch ar an gcomhaontú coiteann, ar rogha mhalartach í trína láimhseálfaí R-idirbhearta ar bhealach atá chomh héifeachtúil céanna nó ní b'éifeachtúla agus ar an gcostas céanna nó ní b'ísle do thomhaltóirí.

Chun críocha na chéad fhomhíre, ní dhéanfar ach catagóirí costais atá ábhartha go díreach agus gan aon éideimhne maidir le láimhseáil R-idirbheart a mheas agus táillí an R-idirbhirt á ríomh. Cinnfear na costais sin go cruinn. Beidh miondealú mhéid na gcostas, lena n-áirítear a chomhpháirteanna ar fad a shainaithint ar bhonn leithligh, mar chuid den chomhaontú coiteann chun fíorú agus monatóireacht éasca a cheadú.

58. Beidh feidhm ag mír 1 agus ag na coinníollacha atá leagtha amach i bpointí (a), (b) agus (d) de mhír 2 maidir le socruithe déthaobhacha agus aontaobhacha freisin a bhfuil cuspóir nó éifeacht coibhéiseach acu.

Airteagal 7Tarscaoileadh

59. Féadfaidh na Ballstáit a n-údaráis inniúla a cheadú roinnt de na ceanglais, nó na ceanglais ar fad, atá leagtha amach i míreanna 1, 2 agus 3 d'Airteagal 5 a tharscsaoileadh go dtí [ cuir isteach an dáta fírinneach 36 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] maidir leis na hidirbhearta aistrithe creidmheasa nó dochair dhírigh sin ag a bhfuil sciar charnach den mhargadh, bunaithe ar an staidreamh íocaíochta oifigiúil a fhoilsíonn an Banc Ceannais Eorpach go bliantúil, ar lú ná 10 % é den líon iomlán d'idirbhearta aistrithe creidmheasa nó d'idirbhearta dochair dhírigh faoi seach, sa Bhallstát sin.

60. Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt dá n-údaráis inniúla roinnt de na ceanglais, nó na ceanglais ar fad, atá leagtha amach i míreanna 1, 2 agus 3 d'Airteagal 5 a tharscsaoileadh go dtí [ cuir isteach an dáta fírinneach 60 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] maidir leis na hidirbhearta íocaíochta sin arna dtionscnamh trí chárta íocaíochta ag an bpointe díolacháin agus a bhfuil dochar díreach ó chuntas íocaíochta arna shainaithint le BBAN nó IBAN de thoradh orthu.

61. I gcás ina gceadóidh Ballstát dá údaráis inniúla an tarscaoileadh dá bhforáiltear i mír 1 agus mír 2 a chur i bhfeidhm, tabharfaidh sé fógra don Choimisiún dá réir sin faoin [ cuir isteach an dáta fírinneach 6 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Tabharfaidh an Ballstát fógra don Choimisiún láithreach maidir le hathrú ar bith ina dhiaidh sin.

Airteagal 8 Inrochtaineacht íocaíochta

62. Maidir le híocóir a úsáideann aistrithe creidmheasa chun cistí a aistriú ón gcuntas íocaíochta atá aige nó aici chuig cuntais íocaíochta eile le soláthraithe seirbhísí íocaíochta atá lonnaithe sa Bhallstát céanna, ní dhiúltóidh an t-íocóir sin aistriú creidmheasa a dhéanamh chuig cuntais íocaíochta le soláthraithe seirbhísí íocaíochta atá lonnaithe i mBallstát eile agus a bhfuil rochtain orthu i gcomhréir le hAirteagal 3.

63. Maidir le híocaí a úsáideann dochair dhíreacha chun cistí a fháil ar an gcuntas íocaíochta atá aige nó aici ó chuntais íocaíochta eile le soláthraithe seirbhísí íocaíochta atá lonnaithe sa Bhallstát céanna, ní dhiúltóidh an t-íocaí sin dochair dhíreacha a fháil ó chuntais íocaíochta le soláthraithe seirbhísí íocaíochta atá lonnaithe i mBallstát eile agus a bhfuil rochtain orthu i gcomhréir le hAirteagal 3.

Airteagal 9Údaráis inniúla

64. Déanfaidh Ballstáit údaráis phoiblí, nó comhlachtaí atá aitheanta sa dlí náisiúnta nó ag údaráis phoiblí a dtugann an dlí náisiúnta an chumhacht sin dóibh go sainráiteach, lena n-áirítear bainc cheannais náisiúnta, a ainmniú mar údaráis inniúla atá freagrach as comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú. Féadfaidh Ballstáit comhlachtaí atá ann cheana a ainmniú chun gníomhú mar údaráis inniúla.

65. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 1 faoin [ cuir isteach an dáta fírinneach 6 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún, gan mhoill, maidir le haon athrú ina dhiaidh sin i dtaobh na n-údarás sin.

66. Áiritheoidh Ballstáit go mbeidh na cumhachtaí uile is gá chun a ndualgais a chomhlíonadh ag na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 1. I gcás ina mbeidh breis is údarás inniúil amháin ar a gcríoch le haghaidh ábhar a gclúdaítear leis an Rialachán seo, áiritheoidh Ballstáit go n-oibreoidh na húdarais sin i ndlúthchomhar ionas gur féidir leo a ndualgais faoi seach a chomhall go héifeachtach.

67. Déanfaidh na húdaráis inniúla monatóireacht éifeachtach ar chomhlíonadh an Rialacháin seo agus gach beart is gá a ghlacadh chun an comhlíonadh sin a áirithiú.

Airteagal 10Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit síos, faoin [ cuir isteach an dáta fírinneach 6 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme i leith sáruithe ar an Rialachán seo agus glacfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go ndéanfar iad a chur chun feidhme. Beidh na pionóis sin éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis na forálacha sin faoin [ cuir isteach an dáta fírinneach 12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus tabharfaidh siad fógra don Choimisiún, gan mhoill, maidir le haon leasú ar na forálacha sin ina dhiaidh sin.

Airteagal 11Nósanna imeachta maidir le gearán agus sásamh lasmuigh den chúirt

68. Cuirfidh na Ballstáit nósanna imeachta leordhóthanacha agus éifeachtacha i bhfeidhm maidir le gearán agus sásamh lasmuigh den chúirt chun díospóidí a eascraíonn ón Rialachán seo idir úsáideoirí seirbhísí íocaíochta agus a soláthraithe seirbhísí íocaíochta a shocrú. Chun na críche sin, déanfaidh na Ballstáit comhlachtaí atá ann cheana a ainmniú nó, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh siad comhlachtaí nua a bhunú.

69. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis na comhlachtaí dá dtagraítear i mír 1 faoin [ cuir isteach an dáta fírinneach 6 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún, gan mhoill, maidir le haon athrú ina dhiaidh sin i dtaobh na gcomhlachtaí sin.

Airteagal 12Cumhachtaí tarmligthe a fheidhmiú

70. Tabharfar na cumhachtaí chun na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 5(4) a ghlacadh don Choimisiún ar feadh tréimhse éiginnte ama. Más dianriachtanach de bharr foras práinne, beidh feidhm ag Airteagal 15.

71. A luaithe a ghlacann sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra maidir leis an ngníomh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna.

72. Is faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 13 agus Airteagal 14a thugtar na cumhachtaí chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh don Choimisiún.

Airteagal 13An tarmligean a chúlghairm

73. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5(4) a chúlghairm tráth ar bith.

74. Maidir leis an institiúid a mbeidh tús curtha aici le nós imeachta inmheánach d'fhonn a chinneadh an ndéanfar tarmligean na cumhachta a chúlghairm, féachfaidh sí chuige fógra ina leith sin a thabhairt don institiúid eile agus don Choimisiún laistigh de thréimhse réasúnach sula ndéanfar an cinneadh deireanach, agus luafaidh sí na cumhachtaí tarmligthe a d'fhéadfadh a bheith faoi réir cúlghairme agus na cúiseanna leis an gcúlghairm.

75. Le cinneadh cúlghairme, cuirfear deireadh le tarmligean na gcumhachtaí atá sonraithe sa chinneadh sin. Rachaidh an cinneadh i bhfeidhm gan mhoill nó ar dháta níos déanaí arna shonrú ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht na ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. Foilseofar é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

Airteagal 14 Agóidí in aghaidh gníomhartha tarmligthe

76. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle agóid a dhéanamh in aghaidh an ghnímh tharmligthe laistigh de thréimhse dhá mhí ó dháta an fhógra. Ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle, cuirfear síneadh mí amháin leis an tréimhse sin.

77. Tráth a éagfaidh an tréimhse sin, más rud é nach bhfuil agóid déanta ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle in aghaidh an ghnímh tharmligthe, foilseofar é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an dáta arna shonrú ina fhorálacha.

Féadfar an gníomh tarmligthe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus féadfaidh sé teacht i bhfeidhm roimh dhul in éag don tréimhse sin, más rud é gur chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon an Coimisiún ar an eolas nach bhfuil sé ar intinn acu agóidí a dhéanamh.

78. Má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid in aghaidh an ghnímh tharmligthe, ní thiocfaidh sé i bhfeidhm. Luafaidh an institiúid a dhéanann agóid na cúiseanna atá aici agóid a dhéanamh in aghaidh an ghnímh tharmligthe.

Airteagal 15Nós imeachta práinne

79. Tiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh faoin nós imeachta práinne i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm aige fad nach ndéanfar aon agóid ina aghaidh i gcomhréir le mír 2. Luafar na cúiseanna ar úsáideadh an nós imeachta práinne san fhógra a thabharfar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

80. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle agóid a dhéanamh in aghaidh an ghnímh tharmligthe laistigh de thréimhse sé seachtaine ó dháta an fhógra. I gcás den sórt sin, tiocfaidh deireadh le feidhm an ghnímh. Luafaidh an institiúid a dhéanann agóid na cúiseanna atá aici agóid a dhéanamh in aghaidh an ghnímh tharmligthe.

Airteagal 16Athbhreithniú

Faoin [ cuir isteach an dáta fírinneach 3 bliana tar éis an teacht i bhfeidhm], cuirfidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh, agus beidh togra ag gabháil léi, más iomchuí.

Airteagal 17Forálacha idirthréimhseacha

81. Déanfaidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta atá lonnaithe i mBallstát nach bhfuil an euro aige mar airgeadra Airteagal 3 a chomhlíonadh faoin 31 Deireadh Fómhair 2014. Má thugtar an euro isteach, áfach, mar airgeadra aon cheann de na Ballstáit sin roimh an 1 Samhain 2013, comhlíonfaidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta atá lonnaithe sa Bhallstát sin Airteagal 3 laistigh de bhliain amháin ó dháta theacht isteach an Bhallstáit lena mbaineann sa limistéar euro.

82. Maidir le soláthraithe seirbhísí íocaíochta atá lonnaithe i mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra aige, déanfaidh sé na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 4 agus i bpointe 1 agus i bpointe 2 den Iarscríbhinn le haghaidh aistrithe creidmheasa atá ainmnithe in euro agus na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 4 agus i bpointe 1 agus i bpointe 3 den Iarscríbhinn le haghaidh idirbheart dochair dhírigh atá ainmnithe in euro a chomhlíonadh faoin [ cuir isteach mí an dáta fhírinnigh 4 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Má thugtar an euro isteach, áfach, mar airgeadra aon cheann de na Ballstáit sin roimh an [ cuir isteach an dáta fírinneach 3 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], comhlíonfaidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta atá lonnaithe sa Bhallstát sin na ceanglais sin laistigh de bhliain amháin ó dháta theacht isteach an Bhallstáit lena mbaineann sa limistéar euro.

Airteagal 18Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 924/2009

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 mar seo a leanas.

83. In Airteagal 6, cuirtear '[ cuir isteach an dáta fírinneach 24 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]' in ionad 'roimh an 1 Samhain 2012'.

84. Leasaítear Airteagal 7 mar seo a leanas:

(a) i mír 1, cuirtear '[ cuir isteach an dáta fírinneach 24 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]' in ionad 'roimh an 1 Samhain 2012'.

(b) i mír 2, cuirtear '[ cuir isteach an dáta fírinneach 24 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]' in ionad 'roimh an 1 Samhain 2012'.

(c) i mír 3, cuirtear '[ cuir isteach an dáta fírinneach 24 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]' in ionad 'roimh an 1 Samhain 2012'.

85. Scriostar Airteagal 8.

Airteagal 19Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN CEANGLAIS THEICNIÚLA (AIRTEAGAL 5)

86. Beidh feidhm ag na ceanglais theicniúla a leanas maidir le hidirbhearta aistrithe creidmheasa agus dochair dhírigh araon:

87. Úsáidfidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta agus úsáideoirí seirbhísí íocaíochta an IBAN chun cuntais íocaíochta a shainaithint gan aird ar sholáthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra agus soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí araon, nó ar an soláthraí seirbhíse íocaíochta aonair a bhaineann leis an idirbheart íocaíochta, a bheith lonnaithe sa Bhallstát céanna nó ceann de na soláthraithe seirbhísí íocaíochta a bheith lonnaithe i mBallstát eile.

88. Úsáidfidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta formáidí teachtaireachta bunaithe ar chaighdeán ISO 20022 XML agus idirbhearta íocaíochta á dtarchur acu chuig soláthraí seirbhíse íocaíochta eile nó chuig córas íocaíochta eile.

89. I gcás ina dtionscnóidh nó ina bhfaighidh úsáideoir seirbhíse íocaíochta aistrithe aonair cistí atá cuachta le chéile lena dtarchur, úsáidfear formáidí teachtaireachta bunaithe ar chaighdeán ISO 20022 XML.

90. Beidh spás i réimse sonraí an seoltáin le haghaidh 140 carachtar. Tabharfaidh scéimeanna íocaíochta spás le haghaidh líon níos mó carachtar, ach amháin má tá srianta teicniúla i dtaca le líon na gcarachtar ag baint leis an bhfeiste a úsáidtear chun faisnéis a sheoladh; sa chás sin beidh feidhm ag an teorainn theicniúil sin.

91. Maidir leis an bhfaisnéis thagartha seoltáin agus na sonraí eile ar fad a sholáthraítear i gcomhréir le pointí 2 agus 3 den Iarscríbhinn seo, déanfar iad a chur ar aghaidh ina n-iomláine agus gan athrú idir soláthraithe seirbhísí íocaíochta feadh an tslabhra íocaíochta.

92. Nuair a bheidh sonraí ar fáil i bhfoirm leictreonach, ní mór d'idirbheart íocaíochta próiseáil leictreonach atá iomlán uathoibríoch a cheadú le linn gach céime den phróiseáil (ó thús go deireadh díreach tríd an bpróiseáil), lena mbeifear in ann an próiseas ar fad a dhéanamh go leictreonach gan aon ghá le sonraí a athchódú ná le baint dó de láimh. Beidh feidhm ag an méid sin freisin maidir le láimhseáil eisceachtúil idirbheart aistrithe creidmheasa agus dochair dhírigh, tráth ar bith is indéanta.

93. Ní chuirfidh scéimeanna íocaíochta aon tairseach íosta ar mhéid an idirbhirt íocaíochta agus ceadóidh siad aistrithe creidmheasa agus dochair dhíreacha.

94. Ní bheidh oibleagáid ar scéimeanna íocaíochta aistrithe credmheasa ná dochair dhíreacha a théann thar EUR 999 999 999,99 a chur i gcrích.

95. I dteannta na gceanglas dá dtagraítear i pointe (1), beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas maidir le hidirbhearta aistrithe creidmheasa :

96. Déanfaidh íocaí atá ag glacadh le haistrithe creidmheasa a IBAN agus BIC a sholáthraí seirbhíse íocaíochta a chur in iúl dá íocóir, gach uair a iarrfar aistriú creidmheasa.

97. Déanfaidh an t-íocóir na sonraí éigeantacha a leanas a thabhairt dá sholáthraí seirbhíse íocaíochta agus cuirfear ar aghaidh iad feadh an tslabhra íocaíochta chuig an íocaí i gcomhréir leis na hoibleagáidí atá leagtha síos sa dlí náisiúnta lena gcuirtear Treoir 95/46/CE chun feidhme:

(i) ainm an íocóra agus/nó IBAN chuntas an íocóra

(ii) méid an aistrithe creidmheasa

(iii) IBAN chuntas an íocaí

(iv) ainm an íocaí

(v) an fhaisnéis seoltáin, más ann di.

98. Ina theannta sin, tabharfaidh soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra na sonraí éigeantacha a leanas do sholáthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí:

(i) BIC sholáthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra (murar chomhaontaigh na soláthraithe seirbhísí íocaíochtaí atá páirteach san idirbheart íocaíochta a mhalairt)

(ii) BIC sholáthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí (murar chomhaontaigh na soláthraithe seirbhísí íocaíochtaí atá páirteach san idirbheart íocaíochta a mhalairt)

(iii) cód aitheantais na scéime íocaíochta

(iv) dáta socraíochta an aistrithe creidmheasa

(v) uimhir thagartha sholáthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra le haghaidh na teachtaireachta aistrithe creidmheasa.

99. I dteannta na gceanglas dá dtagraítear i pointe (1), beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas maidir le hidirbhearta dochair dhírigh :

100. Uair amháin roimh an gcéad idirbheart dochair dhírigh agus an uair sin amháin, cuirfidh íocóir a IBAN agus, más infheidhme, BIC a sholáthraí seirbhíse íocaíochta in iúl dá íocaí.

101. Leis an gcéad idirbheart dochair dhírigh agus le hidirbhearta aonuaire dochair dhírigh agus le gach idirbheart dochair dhírigh ina dhiaidh sin, cuirfidh an t-íocaí an fhaisnéis a bhaineann leis an sainordú chuig a sholáthraí seirbhíse íocaíochta. Déanfaidh soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí faisnéis den sórt sin a bhaineann leis an sainordú a tharchur chuig soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra in éineacht le gach idirbheart dochair dhírigh.

102. Beidh an deis ag íocóir a sholáthraí seirbhíse íocaíochta a ordú teorainn de mhéid áirithe nó de thréimhsiúlacht áirithe, nó den dá rud, a chur ar bhailiú dochair dhírigh.

103. I gcás ina n-eisiafaidh comhaontú idir an t-íocóir agus an t-íocaí an ceart aisíocaíocht a fháil, déanfaidh soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra, arna iarraidh sin ag an íocóir, seiceáil ar gach idirbheart dochair dhírigh, féachaint an ionann an méid san idirbheart dochair dhírigh arna chur isteach agus an méid arna chomhaontú sa sainordú, sula gcuirfear cuntas an íocóra do dhochar, bunaithe ar an bhfaisnéis a bhaineann leis an sainordú.

104. Beidh sé de rogha ag an íocóir a sholáthraí seirbhíse íocaíochta a ordú cosc a chur ar aon dochar díreach do chuntas an íocóra nó cosc a chur ar aon dochair dhíreacha ag teacht ó íocaí sonraithe amháin nó níos mó nó gan údarú a thabhairt ach do dhochar díreach ag teacht ó íocaí sonraithe amháin nó níos mó.

105. Tabharfar toiliú don íocaí agus do sholáthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra araon (go díreach nó go hindíreach tríd an íocaí) agus déanfaidh an t-íocaí nó tríú páirtí thar ceann an íocaí na sainorduithe, mar aon le modhnuithe agus/nó cealú ina dhiaidh sin, a stóráil.

106. Tabharfaidh an t-íocaí na sonraí éigeantacha a leanas dá sholáthraí seirbhíse íocaíochta agus cuirfear iad ar aghaidh feadh an tslabhra íocaíochta chuig an íocóir:

(i) an cineál dochair dhírigh (atréimhseach, aonuaire, an chéad cheann, an ceann deireanach nó freaschur)

(ii) ainm an íocaí

(iii) IBAN chuntas íocaíochta an íocaí atá le creidiúnú as an mbailiú

(iv) ainm an íocóra

(v) IBAN chuntas íocaíochta an íocóra atá le cur do dhochar as an mbailiú

(vi) tagairt uathúil an tsainordaithe

(vii) an dáta a síníodh an sainordú

(viii) an méid a bhaileofar

(ix) tagairt uathúil an tsainordaithe arna tabhairt ag an íocaí bunaidh a d'eisigh an sainordú (má tá an sainordú glactha ar láimh ag íocaí eile seachas an t-íocaí a d'eisigh an sainordú)

(x) aitheantóir an íocaí

(xi) aitheantóir an íocaí bunaidh a d'eisigh an sainordú (má tá an sainordú glactha ar láimh ag íocaí eile seachas an t-íocaí a d'eisigh an sainordú)

(xii) an fhaisnéis seoltáin ón íocaí chuig an íocóir, más ann di.

107. Ina theannta sin, tabharfaidh soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí na sonraí éigeantacha a leanas do sholáthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra:

(i) cód BIC sholáthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí (murar chomhaontaigh na soláthraithe seirbhísí íocaíochtaí atá páirteach san idirbheart íocaíochta a mhalairt)

(ii) cód BIC sholáthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra (murar chomhaontaigh na soláthraithe seirbhísí íocaíochtaí atá páirteach san idirbheart íocaíochta a mhalairt)

(iii) ainm pháirtí tagartha an íocóra (más ann dó i sainordú dí-ábharaithe)

(iv) cód aitheantais pháirtí tagartha an íocóra (más ann dó i sainordú dí-ábharaithe)

(v) ainm pháirtí tagartha an íocaí (más ann dó sa sainordú dí-ábharaithe)

(vi) cód aitheantais pháirtí tagartha an íocaí (más ann dó i sainordú dí-ábharaithe)

(vii) cód aitheantais na scéime íocaíochta

(viii) dáta socraíochta an bhailithe

(ix) tagairt sholáthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí le haghaidh an bhailithe

(x) an cineál sainordaithe

(xi) dáta dlite an bhailithe.

[1] http://www.europarl.europa.eu/sides/getDoc.do?pubRef= //EP//TEXT+TA+P7 TA 2010 0057+0+DOC+XML+V0//EN

[2] http://www.consilium.europa.eu/uedocs/cms_data/docs/pressdata/en/ecofin/111670.pdf

[3] Is mó ná EUR 300 billiún na tairbhí díreacha agus indíreacha a d'fhéadfaí a bheith ann de thoradh SEPA thar thréimhse sé bliana, fad is a dhéantar ascnamh mear agus cuimsitheach chuig ionstraimí SEPA. Féach SEPA : potential benefits at stake , CapGemini, 2007,http://ec.europa.eu/internal_market/payments/docs/sepa/sepa-capgemini_study-final_report_en.pdf

[4] IO L 266, 09.10.2009, lch. 11.

[5] http://eur-lex.europa.eu/LexUriServ/LexUriServ.do?uri=OJ:L:2007:319:0001:01:EN:HTML

[6] I dtaobh straitéis 2020 an AE, aithníodh an togra seo mar cheann de na príomhthionscnaimh de chuid an 'Clár Digiteach' a ghlac an Coimisiún i mí Bealtaine 2010 http://ec.europa.eu/information_society/digital-agenda/documents/digital-agenda-communication-en.pdf.

[7] http://ec.europa.eu/internal_market/payments/docs/sepa/feedback_migration-2009_09_29_en.pdf

[8] Is éard atá i gceist le táillle idirmhalartaithe iltaobhaigh an tsuim a íocann soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí le soláthraí seirhíse íocaíochta an íocóra mar luach saothair le haghaidh gach idirbhirt dochair dhírigh.

[9] I gcomhair breis faisnéise agus téacsanna iomlána na ndoicméad sin, féach http://ec.europa.eu/competition/sectors/financial_services/banking.html.

[10] IO C , , lch. .

[11] IO C , , lch. .

[12] IO C , , lch. .

[13] IO C , , lch. .

[14] P6_TA(2009)0139

[15] P7_TA(2010)0057

[16] http://www.consilium.europa.eu/uedocs/cms_data/docs/pressdata/en/ecofin/111670.pdf

[17] IO L 319, 5.12.2007, lch. 1.

[18] IO L 266, 9.10.2009, lch. 11.

[19] IO L 281, 23.11.1995, lch. 31.

[20] IO L 195, 27.7.2010, lch. 1.

[21] IO L 177, 30.6.2006, lch. 1.

Top