Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52010PC0552

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena dtugtar isteach fabhair thrádála uathrialacha phráinneacha don Phacastáin

/* COM/2010/0552 final - COD 2010/0289 */

52010PC0552

/* COM/2010/0552 final - COD 2010/0289 */ Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena dtugtar isteach fabhair thrádála uathrialacha phráinneacha don Phacastáin


GA

An Bhruiséil, 7.10.2010

COIM(2010) 552 leagan deireanach

2010/0289 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena dtugtar isteach fabhair thrádála uathrialacha phráinneacha don Phacastáin

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

Mar thoradh ar na tuilte millteacha a bhí sa Phacastáin, tuilte nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo, thug an Chomhairle Eorpach sainordú do na hAirí, ag an gcruinniú a bhí aici an 16 Meán Fómhair, pacáiste cuimsitheach beart a chomhaontú láithreach bonn, ar bearta iad don ghearrthéarma, don mheántéarma agus don fhadtéarma a bheidh mar thaca do théarnamh na Pacastáine agus d'fhorbairt na tíre sin sa todhchaí. Leis na bearta sin, ba cheart, inter alia, go n-áireofaí bearta trádála uaillmhianacha lena dtabharfaí breis rochtana don Phacastáin, agus di sin amháin, ar mhargadh an AE trí dhleachtanna ar phríomhallmhairí ón bPacastáin a laghdú láithreach, go ceann tréimhse teoranta.

D'iarr an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún togra a thíolacadh i mí Dheireadh Fómhair, ar togra é le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun dleachtanna ar allmhairí áirithe ón bPacastáin a chur ar fionraí go haontaobhach go ceann tréimhse teoranta.

Ní mór iarracht inchreidte ón AE a bheith sa lamháltas trádála a bheidh á thairiscint don Phacastáin agus ní mór tairbhí fóinteacha eacnamaíocha a bheith ann don Phacastáin agus ní mór, ag an am céanna, íogaireachtaí thionscail an AE mar aon le híogaireachtaí bhaill eile an EDT a chur san áireamh, go háirithe íogaireachtaí na dtíortha sin is lú forbairt.

Teicstílí agus éadach atá i 60% d'onnmhairí na Pacastáine chuig an AE. Dá bharr sin, is teicstílí agus éadach cuid mhór de na táirgí a moladh le haghaidh léirscaoileadh. Ós rud é, áfach, go mba cheart raon na dtáirgí a bheith chomh leathan agus is féidir, áireofar leis táirgí eile tionsclaíochta agus talmhaíochta ionas nach ndéanfar dochar d'iarrachtaí na Pacastáine a cuid tionscal agus a bonn onnmhairí a éagsúlú.

Cuireadh liosta le chéile ar a bhfuil 75 líne táirgí indleachta a bhfuil tábhacht ag baint leo maidir le honnmhairí na Pacastáine. Is fiú beagnach EUR 900 milliún ó thaobh allmhairiúcháin iad na línte táirgí sin a roghnaíodh, agus is ionann iad agus tuairim is 27% de na hallmhairí a fhaigheann an AE ón bPacastáin (EUR 3.3 billiún). Dá ndéanfaí an 75 líne táirgí sin a léirscaoileadh, ar líne é ceann de na línte sin (eatánól) a bheadh faoi réir cuóta bhliantúil rátaí taraife de 100 000 tona bunaithe ar sheanallmhairí, meastar go dtiocfadh méadú de thuairim is EUR 100 milliún in aghaidh na bliana ar allmhairí an AE ón bPacastáin i gcomparáid le 2009 agus ag an am céanna laghdófaí ioncam ó tharaifí do bhuiséad an AE píosa níos mó ná EUR 80 milliún. Is measartha beag an méadú sin ar allmhairí an AE toisc gur fiú beagnach EUR 15 bhilliún iad allmhairí na dtáirgí sin faoi láthair agus tagann beagnach EUR 4 bhilliún den tsuim sin isteach san AE saor ó dhleacht. Ní bheidh ach tionchar teoranta (bíodh an tionchar sin díreach nó indíreach) ar an bhfostaíocht toisc nach mó an laghdú ar allmhairí i gcomparáid le leibhéal reatha na táirgeachta san AE (0.5%), agus cúiteofar é freisin trí ghnóthachán a thiocfadh as praghasanna níos ísle a bheith ar allmhairí. Féadtar tacaíocht a thabhairt chun oibrithe iomarcacha a chur ag obair arís freisin, faoin gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú.

Ag an am céanna, beidh ar an AE díolúine a iarraidh óna chuid oibleagáidí i dtaobh na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT). Le cinneadh ón AE fabhair thrádála a dheonú don Phacastáin, shárófaí bunphrionsabal Airteagal I:1 den CGTT (Prionsabal an náisiúin bharrfhabhair - MFN) toisc nach ndeonófaí na fabhair sin do Bhaill eile an EDT, agus shárófaí Airteagal XIII maidir le riarachán neamh-idirdhealaitheach srianta cainníochtúla. Dá bhrí sin, beidh ar an AE tarscaoileadh ó Airteagal I agus ó Airteagal XIII den CGTT a iarraidh ón EDT. Ní mór do Chomhairle Ghinearálta an EDT an t-iarratas sin a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal IX den Chomhaontú lena mbunaítear an EDT.

Cruthaítear le hAirteagal 8 den Rialachán seo nósanna imeachta faoinar cheart gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh. Féadtar na forálacha sin a athbhreithniú chun go mbeidh siad ag luí leis an rialachán atá le glacadh amach anseo de bhun Airteagal 291 den CFAE maidir le feidhmiú chumhachtaí chur cun feidhme an Choimisiúin a rialú. I gcás ina nglacfar an togra seo roimh theacht i bhfeidhm don Rialachán maidir le feidhmiú chumhachtaí chur chun feidhme an Choimisiúin a rialú, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún go ndéanfar é a thabhairt cothrom le dáta go huathoibríoch le go ndéanfaidh sé tagairt don Rialachán arna ghlacadh de bhun Airteagal 291 tríd an togra sin a fheidhmiú.

2010/0289 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena dtugtar isteach fabhair thrádála uathrialacha phráinneacha don Phacastáin

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a tharchur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1) Leis an gcaidreamh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Pacastáine (dá ngairtear an Phacastáin anseo feasta) cuirtear leis an gComhaontú um Chomhar a tháinig i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2004 [1]. Is é ceann de na príomhchuspóirí a bhaineann leis an gComhaontú na coinníollacha le haghaidh trádála idir na Páirtithe a áirithiú agus méadú agus forbairt ar an trádáil sin a chur chun cinn.

(2) In Iúil agus i Lúnasa 2010 i ndiaidh báistí troime monsúin, rinne tuilte millteacha dochar do réigiúin fhairsinge den Phacastáin, go háirithe na limistéir seo a leanas: an Bhalúcastáin, Khyber Pakhtunkhwa, an Phuinseaib, Sindh agus Gilgit-Baltistan. De réir fhoinsí na Náisiún Aontaithe, bhí éifeacht ag na tuilte ar thart ar 20 milliún duine agus ar 20 faoin gcéad de thalamh na Pacastáine, arb ionann é agus 160,000 ciliméadar cearnach ar a laghad agus bhí suas le 12 milliún duine a raibh cabhair dhaonnúil ag teastáil uathu go práinneach.

(3) Cabhair dhaonnúil, ar ndóigh, is ea an áis phríomha i gcás mar seo agus tá an tAontas ar thús cadhnaíochta sa réimse sin ó thosaigh an ghéarchéim.

(4) Beidh sé tábhachtach leas a bhaint as gach deis atá ar fáil chun tacú le téarnamh na Pacastáine ón ngéarchéim sin agus chun tacú léi forbairt a dhéanamh amach anseo.

(5) I nDearbhú maidir leis an bPacastáin an 16 Meán Fómhair 2010, chinn an Chomhairle Eorpach sainordú a thabhairt do na hAirí pacáiste cuimsitheach beart a chomhaontú láithreach bonn, ar bearta iad don ghearrthéarma, don mheántéarma agus don fhadtéarma a bheidh mar thaca do théarnamh na Pacastáine agus d'fhorbairt na tíre sin sa todhchaí agus ina mbeidh inter alia bearta trádála uaillmhianacha a bheidh riachtanach le haghaidh téarnaimh agus foráis eacnamaíoch.

(6) Leag an Chomhairle Eorpach béim go háirithe ar a geallúint chun breis rochtana a thabhairt don Phacastáin, agus di sin amháin, ar mhargadh an Aontais trí dhleachtanna ar na príomhallmhairí ón bPacastáin a laghdú láithreach, go ceann tréimhse teoranta.

(7) Is iomchuí mar sin fabhair thrádála uathrialacha a thabhairt don Phacastáin trí na taraifí uile a chur ar fionraí go ceann tréimhse teoranta i gcás táirgí áirithe atá tábhachtach mar onnmhairí don Phacastáin. Ní bheadh aon drochthionchar suntasach ag na fabhair thrádála sin ar mhargadh intíre an Aontais ná ní bheadh tionchar diúltach aige ar na Baill is lú forbairt den Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT).

(8) Is i bhfoirm díolúine ó dhleachtanna custaim agus táirgí á n-allmhairiú isteach san Aontas nó i bhfoirm cuótaí rátaí taraife a bheidh na fabhair thrádála uathrialacha.

(9) Beidh an Phacastáin i dteideal leas a bhaint as na fabhair thrádála uathrialacha ar choinníoll go gcloífidh sí leis na rialacha ábhartha maidir le tionscnamh na dtáirgí agus leis na nósanna imeachta a bhaineann leo agus ar choinníoll go mbeidh an Phacastáin rannpháirteach i riarachán éifeachtach in éineacht leis an Aontas d'fhonn aon bhaol a d'fhéadfadh a bheith ann maidir le calaois a chosc. Ba cheart go gcuirfí na fabhair ar fionraí go sealadach dá sárófaí, go tromchúiseach nó go córasach, coinníollacha na teidlíochta i leith an tsocraithe fhabhraigh, dá dtarlódh calaois nó dá mainneofaí comhar riaracháin a sholáthar chun tionscnamh earraí a fhíorú. Sa mhéid sin, ba cheart go gceadófaí don Choimisiún bearta sealadacha den sórt sin a ghlacadh, más gá.

(10) Chun na coincheapa maidir le táirgí tionscnaimh, deimhniú ar an tionscnamh agus nósanna imeachta comhoibrithe riaracháin a shainmhíniú, ba cheart feidhm a bheith ag Roinn 1 de Chaibidil 2 de Theideal IV de Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93 ón gCoimisiún an 2 Iúil 1993 lena leagtar síos forálacha le haghaidh cur chun feidhme Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle lena mbunaítear Cód Custaim an Chomhphobail [2]. Mar sin féin, maidir le carnadh tionscnaimh, níor cheart ach ábhair de thionscnamh an Aontais Eorpaigh a cheadú lena n-úsáid chun na gcríoch sin. Carnadh réigiúnach agus cineálacha eile carntha seachas carnadh le hábhair de thionscnamh an AE, níor cheart feidhm a bheith acu maidir le stádas tionscnaimh táirgí a chlúdaítear leis na fabhair uathrialacha reatha a chinneadh d'fhonn a áirithiú go ndéanfar go leor trasfhoirmithe sa Phacastáin.

(11) Chun fabhair thrádála uathrialacha a dheonú don Phacastáin, bheadh gá le tarscaoileadh ó oibleagáidí an Aontais faoi Airteagal I agus Airteagal XIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil 1994 (CGTT) de bhun Airteagal IX den Chomhaontú lena mbunaítear an EDT.

(12) Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán ón 1 Eanáir 2011 ar aghaidh toisc an phráinn atá ag baint le cás na Pacastáine, ar choinníoll go bhformheasfaidh an EDT an t-iarratas ón Aontas i leith an tarscaoilte óna chuid oibleagáidí faoi Airteagal I agus Airteagal XIII den CGTT.

(13) Moltar an tréimhse a mbeidh na fabhair thrádála i bhfeidhm a theorannú go dtí an 31 Nollaig 2013 d'fhonn tionchar láithreach agus inbhuanaithe ar théarnamh eacnamaíoch na Pacastáine a áirithiú i ndiaidh na dtuilte.

(14) Ba cheart na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún [3].

(15) Féadfar nach n-eascróidh aon athruithe substaintiúla ar chineál na bhfabhar trádála uathrialach as leasuithe ar an Ainmníocht Chomhcheangailte. Ba cheart mar sin cumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh chun leasuithe riachtanacha agus oiriúnuithe teicniúla a dhéanamh ar liosta na n-earraí a bhfuil feidhm ag an bhfabhar trádála uathrialach maidir leo,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Socruithe fabhracha

1. Táirgí de thionscnamh na Pacastáine a áirítear le hIarscríbhinn I, beidh siad saor ó dhleachtanna custaim nuair a allmhaireofar isteach san Aontas iad.

2. Táirgí de thionscnamh na Pacastáine a áirítear le hIarscríbhinn II, ceadófar iad a allmhairiú isteach san Aontas faoi réir na bhforálacha speisialta atá leagtha síos in Airteagal 3.

Airteagal 2

Coinníollacha teidlíochta i leith na socruithe fabhracha

Beidh teidlíocht chun leas a bhaint as na socruithe a tugadh isteach le hAirteagal 1 faoi réir an mhéid seo a leanas:

(a) comhlíonfar na rialacha maidir le tionscnamh na dtáirgí agus na nósanna imeachta a bhaineann leo de réir mar a fhoráiltear i bhforoinn 1 agus i bhforoinn 2 de Roinn 1 de Chaibidil 2 de Theideal IV de Rialachán (CEE) Uimh 2454/93. Mar sin féin, maidir le carnadh tionscnaimh chun stádas tionscnaimh táirgí a chlúdaítear leis na socruithe a tugadh isteach le hAirteagal 1 a chinneadh, ní cheadaítear ach carnadh leis na hábhair sin ar de thionscnamh an AE iad. Ní cheadaítear carnadh réigiúnach ná cineálacha eile carntha seachas an carnadh le hábhair de thionscnamh an AE;

(b) comhlíonfar modhanna an chomhair riaracháin mar a fhoráiltear i bhforoinn 3 de Roinn 1 de Chaibidil 2 de Theideal IV de Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93;

(c) deimhnithe tionscnaimh d'Fhoirm A arna eisiúint ag údaráis inniúla na Pacastáine de bhun an Rialacháin seo, beidh an formhuiniú seo a leanas i mbosca 4 acu "Beart uathrialach - Rialachán (AE) Uimh. .../2010 [4]".

Airteagal 3

Cuótaí taraife

1. Ceadófar táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn II a allmhairiú isteach san Aontas le díolúine ó dhleachtanna custaim laistigh de theorainneacha chuótaí taraife an Aontais mar a leagtar amach san Iarscríbhinn sin iad.

2. Is é an Coimisiún a dhéanfaidh na cuótaí taraife dá dtagraítear i mír 1 agus a liostaítear in Iarscríbhinn II a riaradh i gcomhréir le hAirteagal 308a, le hAirteagal 308b agus le hAirteagal 308c de Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93.

Airteagal 4

Na hIarscríbhinní a leasú

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 5 chun na hIarscríbhinní a leasú d'fhonn leasuithe agus coigeartuithe teicniúla a thabhairt isteach, ar leasuithe agus coigeartuithe iad a bheidh riachtanach i ndiaidh leasuithe ar chóid na hAinmníochta Comhcheangailte agus ar fhoranna TARIC.

Airteagal 5

An tarmligean a fheidhmiú

1. Maidir leis an gcumhacht chun na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 4 a ghlacadh, tabharfar don Choimisiún í go ceann tréimhse éiginnte ama.

2. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith ag an am céanna.

3. Is faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 6 agus in Airteagal 7 a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

Airteagal 6

An tarmligean a chúlghairm

1. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 4 a chúlghairm tráth ar bith.

2. Maidir leis an institiúid a mbeidh tús curtha aici le nós imeachta inmheánach d'fhonn a chinneadh an ndéanfar tarmligean na cumhachta a chúlghairm nó nach ndéanfar, féachfaidh sí le fógra ina leith sin a thabhairt don institiúid eile agus don Choimisiún laistigh de thréimhse réasúnach sula ndéanfar an cinneadh deireanach, agus luafaidh sí na cumhachtaí tarmligthe a d'fhéadfadh a bheith faoi réir cúlghairme agus na cúiseanna atá leis an gcúlghairm.

3. Maidir leis an gcinneadh cúlghairm a dhéanamh, cuirfidh sé deireadh le tarmligean na gcumhachtaí a shonrófar sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm láithreach nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht na ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. Foilseofar é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Airteagal 7

Agóidí in aghaidh gníomhartha tarmligthe

1. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne an ghnímh tharmligthe laistigh de thréimhse dhá mhí ón dáta a thabharfar an fógra. Ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle, déanfar an tréimhse sin a shíneadh ar feadh mí amháin.

2. Más rud é, nuair a rachaidh an tréimhse sin in éag, nach mbeidh agóid déanta ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle i gcoinne an ghnímh tharmligthe, foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é agus tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an dáta a shonrófar ann.

Féadfar an gníomh tarmligthe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus féadfaidh sé teacht i bhfeidhm sula rachaidh an tréimhse sin in éag, más rud é go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis an Coimisiún a chur ar an eolas nach bhfuil sé i gceist acu agóidí a dhéanamh.

3. Má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid i gcoinne gnímh tharmligthe, ní thiocfaidh an gníomh sin i bhfeidhm. Luafaidh an institiúid a dhéanfaidh an agóid na cúiseanna atá le hagóid a dhéanamh i gcoinne an ghnímh tharmligthe.

Airteagal 8

An nós imeachta coiste

1. Tabharfaidh an Coiste um an gCód Custaim cúnamh don Choimisiún.

2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE. Aon mhí amháin a bheidh sa tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 4(3) de Chinneadh 1999/468/CE.

Airteagal 9

Fionraí sealadach

1. Má chinneann an Coimisiún go bhfuil dóthain fianaise ann gur mainníodh na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 2 a chomhlíonadh, féadfaidh sé bearta a ghlacadh chun na socruithe fabhracha dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach go ceann tréimhse nach mó ná sé mhí, ar choinníoll go mbeidh an méid seo a leanas déanta i dtosach báire aige:

(a) go mbeidh an Coiste curtha ar an eolas aige;

(b) go mbeidh sé tar éis a iarraidh ar na Ballstáit na bearta réamhchúraim is gá a dhéanamh d'fhonn leasanna airgeadais an Aontais a chosaint nó d'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaidh an Phacastáin Airteagal 2(1);

(c) go mbeidh fógra foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh aige lena gcuirfear in iúl go bhfuil forais ann le hamhras réasúnach a bheith ann maidir leis an bPacastáin ó thaobh na socruithe fabhracha a chur i bhfeidhm nó ó thaobh Airteagal 2(1) a chomhlíonadh, ar forais iad a d'fhéadfadh an ceart atá ag an bPacastáin leanúint de bheith ag baint tairbhe as na buntáistí a dheonófar leis an Rialachán seo a thabhairt faoi cheist;

d) go mbeidh an Phacastáin curtha ar an eolas aige maidir le haon chinneadh arna ghlacadh i gcomhréir leis an mír seo, sula dtiocfaidh an cinneadh sin i bhfeidhm.

2. Glacfar na bearta dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 8.

3. Nuair a bheidh críoch le tréimhse na fionraíochta, cinnfidh an Coimisiún an gcuirfidh sé deireadh leis an mbeart sealadach fionraíochta nó an gcuirfidh sé síneadh leis an mbeart fionraíochta i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear i mír 1.

4. Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis ábhartha uile is gá a d'fhéadfadh údar a thabhairt le fabhair a chur ar fionraí nó le bearta fionraíochta a shíneadh a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 10

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1. Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2. Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2011, ar choinníoll go gceadófar na fabhair tharaife dá bhforáiltear sa Rialachán seo trí tharscaoileadh arna dheonú ag an Eagraíocht Dhomhanda Trádála. Más rud é go ndeonóidh an Eagraíocht Dhomhanda Trádála an tarscaoileadh sin i ndiaidh an 1 Eanáir 2011, beidh feidhm ag an Rialachán ó dháta níos déanaí ar a ngabhfaidh éifeacht leis an tarscaoileadh.

3. Foilseoidh an Coimisiún fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh d'fhonn an dáta a dheonóidh an Eagraíocht Dhomhanda Trádála an tarscaoileadh a chur in iúl d'oibreoirí. Más dáta i ndiaidh an 1 Eanáir 2011 an dáta sin, is é an dáta a shonrófar an dáta óna mbeidh feidhm ag na fabhair tharaife de bhun an dara habairt de mhír 2.

4. Beidh feidhm ag an Rialachán seo go dtí an 31 Nollaig 2013.

5. Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN I

Na táirgí a bhfuil an dleacht chustaim díolmhaithe ina leith.

Aithnítear lena gcód AC ocht n-uimhir na táirgí a mbeidh feidhm ag na bearta maidir leo. Tá tuairisc ar na cóid sin ar fáil in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus maidir leis an gComhtharaif Chustaim. Is chun críocha faisnéise amháin a thugtar tuairisc ar na cóid AC.

Cód AC | Tuairisc |

07123900 | BEACÁIN THIRIME AGUS SRUFAIL, IAD IOMLÁN, GEARRTHA, SLISNITHE, BRISTE nó i bPÚDAR, ACH GAN ULLMHÚ BREISE DÉANTA ORTHU (SEACHAS BEACÁIN den GHÉINEAS "AGARICUS", CLUASA ADHMAID (AURICULARIA SPP) AGUS GLÓTHFHUNGAIS (TREMELLA SPP)) |

41079210 | SCOILTEANNA SNÁITHE de LEATHAR BÓ-AINMHITHE (LENA nÁIRÍTEAR BUABHAILL) AN FIONNADH BAINTE DÍOBH, AGUS ULLMHÚ BREISE DÉANTA ORTHU TAR ÉIS SÚDAIREACHT a DHÉANAMH nó CRÚSTA a CHUR ORTHU, SEACHAS SEITHÍ AGUS CRAICNE IOMLÁNA |

41079910 | LEATHAR BÓ-AINMHITHE (LENA nÁIRÍTEAR BUABHAILL), AN FIONNADH BAINTE DÍOBH, AGUS ULLMHÚ BREISE DÉANTA ORTHU TAR ÉIS SÚDAIREACHT a DHÉANAMH nó CRÚSTA a CHUR ORTHU, SEACHAS SEITHÍ AGUS CRAICNE IOMLÁNA, SNÁITHEANNA IOMLÁNA NEAMHSCOILTE AGUS SCOILTEANNA SNÁITHE |

42032100 | LÁMHAINNÍ, MITÍNÍ AGUS MIOTÓGA, as LEATHAR nó as LEATHAR COMHDHÉANTA, ATÁ SAINDEARTHA LE hAGHAIDH ÚSÁIDE SA SPÓRT |

42032910 | LÁMHAINNÍ, MITÍNÍ AGUS MIOTÓGA, as LEATHAR nó as LEATHAR COMHDHÉANTA, COSANTA do na CEIRDEANNA GO LÉIR, SEACHAS IAD SIN ATÁ SAINDEARTHA LE hAGHAIDH ÚSÁIDE SA SPÓRT |

42032991 | LÁMHAINNÍ, MITÍNÍ AGUS MIOTÓGA D’FHIR AGUS do BHUACHAILLÍ, as LEATHAR nó as LEATHAR COMHDHÉANTA, SEACHAS IAD SIN ATÁ SAINDEARTHA LE hAGHAIDH ÚSÁIDTE SA SPÓRT AGUS IAD ATÁ COSANTA do na CEIRDEANNA GO LÉIR |

42032999 | LÁMHAINNÍ, MITÍNÍ AGUS MIOTÓGA, as LEATHAR nó as LEATHAR COMHDHÉANTA, SEACHAS IAD SIN ATÁ SAINDEARTHA LE hAGHAIDH ÚSÁIDTE SA SPÓRT, IAD ATÁ COSANTA do na CEIRDEANNA GO LÉIR AGUS IAD SIN ATÁ D’FHIR AGUS do BHUACHAILLÍ |

52051200 | ABHRAS SINGIL CADÁIS, de SHNÁITHÍNÍ NEAMHSPÍONTA, AR CADÁS É 85 % DE de RÉIR MEÁCHAIN NÓ NÍOS MÓ, ATÁ NÍOS LÚ NÁ 714,29 DEICITEICS AR DLÚS ACH NACH BHFUIL NÍOS LÚ NÁ 232,56 DEICITEICS (UIMHIR MHÉADRACH: NÍOS MÓ NÁ 14 ACH GAN DUL THAR 43), AGUS NACH BHFUIL CÓIRITHE lena MIONDÍOL |

52052200 | ABHRAS SINGIL CADÁIS, de SHNÁITHÍNÍ SPÍONTA, AR CADÁS É 85 % DE de RÉIR MEÁCHAIN NÓ NÍOS MÓ, ATÁ NÍOS LÚ NÁ 714,29 DEICITEICS AR DLÚS ACH NACH BHFUIL NÍOS LÚ NÁ 232,56 DEICITEICS (UIMHIR MHÉADRACH: NÍOS MÓ NÁ 14 ACH GAN DUL THAR 43), AGUS NACH BHFUIL CÓIRITHE lena MIONDÍOL |

52052300 | ABHRAS SINGIL CADÁIS, de SHNÁITHÍNÍ SPÍONTA, AR CADÁS É 85 % DE de RÉIR MEÁCHAIN NÓ NÍOS MÓ, ATÁ NÍOS LÚ NÁ 232,56 DEICITEICS AR DLÚS ACH NACH BHFUIL NÍOS LÚ NÁ 192,31 DEICITEICS (UIMHIR MHÉADRACH: NÍOS MÓ NÁ 43 ACH GAN DUL THAR 52), AGUS NACH BHFUIL CÓIRITHE lena MIONDÍOL |

52052400 | ABHRAS SINGIL CADÁIS, de SHNÁITHÍNÍ SPÍONTA, AR CADÁS É 85 % DE de RÉIR MEÁCHAIN NÓ NÍOS MÓ, ATÁ NÍOS LÚ NÁ 192,31 DEICITEICS AR DLÚS ACH NACH BHFUIL NÍOS LÚ NÁ 125 DEICITEICS (UIMHIR MHÉADRACH: NÍOS MÓ NÁ 52 ACH GAN DUL THAR 80), AGUS NACH BHFUIL CÓIRITHE lena MIONDÍOL |

52053200 | ABHRAS IOLRACH “FILLTE” CADÁIS nó ABHRAS CÁBLA CADÁIS, de SHNÁITHÍNÍ NEAMHSPÍONTA, AR CADÁS É 85 % DE de RÉIR MEÁCHAIN NÓ NÍOS MÓ, ATÁ NÍOS LÚ NÁ 714,29 DEICITEICS AR DLÚS IN AGHAIDH AN ABHRAIS SHINGIL ACH NACH BHFUIL NÍOS LÚ NÁ 232,56 DEICITEICS (UIMHIR MHÉADRACH: NÍOS MÓ NÁ 14 ACH GAN DUL THAR 43 IN AGHAIDH AN ABHRAIS SHINGIL), AGUS NACH BHFUIL CÓIRITHE lena MIONDÍOL |

52054200 | ABHRAS IOLRACH “FILLTE” CADÁIS nó ABHRAS CÁBLA CADÁIS, de SHNÁITHÍNÍ SPÍONTA, AR CADÁS É 85 % DE de RÉIR MEÁCHAIN NÓ NÍOS MÓ, ATÁ NÍOS LÚ NÁ 714,29 DEICITEICS AR DLÚS IN AGHAIDH AN ABHRAIS SHINGIL ACH NACH BHFUIL NÍOS LÚ NÁ 232,56 DEICITEICS (UIMHIR MHÉADRACH: NÍOS MÓ NÁ 14 ACH GAN DUL THAR 43 IN AGHAIDH AN ABHRAIS SHINGIL), AGUS NACH BHFUIL CÓIRITHE lena MIONDÍOL |

52081190 | FAIBRÍCÍ FITE PLÉINEÁILTE NEAMHTHUARTHA CADÁIS, AR CADÁS É 85 % DÍOBH de RÉIR MEÁCHAIN NÓ NÍOS MÓ, a BHFUIL MEÁCHAN NACH MÓ NÁ 100 G/M2 ACU, SEACHAS FAIBRICÍ a ÚSÁIDTEAR CHUN BINDEALÁIN, CÓIRITHE AGUS UIGÍ MÍOCHAINE a MHONARÚ |

52081216 | FAIBRÍCÍ FITE PLÉINEÁILTE NEAMHTHUARTHA CADÁIS, AR CADÁS É 85 % DÍOBH de RÉIR MEÁCHAIN NÓ NÍOS MÓ, a BHFUIL MEÁCHAN de NÍOS MÓ NÁ 100 G/M2 ACU ACH NACH dTÉANN THAR 130 G/M2, AGUS NACH BHFUIL NÍOS MÓ NÁ 165 CM AR LEITHEAD |

52081219 | FAIBRÍCÍ FITE PLÉINEÁILTE NEAMHTHUARTHA CADÁIS, AR CADÁS É 85 % DÍOBH de RÉIR MEÁCHAIN NÓ NÍOS MÓ, a BHFUIL MEÁCHAN de NÍOS MÓ NÁ 100 G/M2 ACU ACH NACH dTÉANN THAR 130 G/M2, AGUS ATÁ NÍOS MÓ NÁ 165 CM AR LEITHEAD |

52081300 | FAIBRÍCÍ FITE NEAMHTHUARTHA CADÁIS, AR CADÁS É 85 % DÍOBH de RÉIR MEÁCHAIN NÓ NÍOS MÓ, i gCORRÁN TRÍ SHNÁTH nó i gCORRÁN CEITHRE SHNÁTH, lena nÁIRÍTEAR CROSCHORRÁN |

52081900 | FAIBRÍCÍ FITE NEAMHTHUARTHA CADÁIS EILE, AR CADÁS É 85 % DÍOBH de RÉIR MEÁCHAIN NÓ NÍOS MÓ |

52082190 | FAIBRÍCÍ FITE PLÉINEÁILTE TUARTHA CADÁIS, AR CADÁS É 85 % DÍOBH de RÉIR MEÁCHAIN NÓ NÍOS MÓ, a BHFUIL MEÁCHAN NACH MÓ NÁ 100 G/M2 ACU, SEACHAS FAIBRICÍ a ÚSÁIDTEAR CHUN BINDEALÁIN, CÓIRITHE AGUS UIGÍ MÍOCHAINE a MHONARÚ |

52082219 | FAIBRÍCÍ FITE PLÉINEÁILTE TUARTHA CADÁIS, AR CADÁS É 85 % DÍOBH de RÉIR MEÁCHAIN NÓ NÍOS MÓ, a BHFUIL MEÁCHAN de NÍOS MÓ NÁ 100 G/M2 ACU ACH NACH dTÉANN THAR 130 G/M2, AGUS ATÁ NÍOS MÓ NÁ 165 CM AR LEITHEAD |

52082296 | FAIBRÍCÍ FITE PLÉINEÁILTE TUARTHA CADÁIS, AR CADÁS É 85 % DÍOBH de RÉIR MEÁCHAIN NÓ NÍOS MÓ, a BHFUIL MEÁCHAN de NÍOS MÓ NÁ 130 G/M2 ACU, AGUS NACH BHFUIL NÍOS MÓ NÁ 165 CM AR LEITHEAD |

52082900 | FAIBRÍCÍ FITE TUARTHA CADÁIS EILE, AR CADÁS É 85 % DÍOBH de RÉIR MEÁCHAIN NÓ NÍOS MÓ |

52083900 | FAIBRÍCÍ FITE RUAIMNITHE CADÁIS EILE, AR CADÁS É 85 % DÍOBH de RÉIR MEÁCHAIN NÓ NÍOS MÓ |

52085100 | FAIBRÍCÍ FITE PLÉINEÁILTE PRIONTÁILTE CADÁIS, AR CADÁS É 85 % DÍOBH de RÉIR MEÁCHAIN NÓ NÍOS MÓ, AGUS a BHFUIL MEÁCHAN NACH MÓ NÁ 100 G/M2 ACU |

52085200 | FAIBRÍCÍ FITE PLÉINEÁILTE PRIONTÁILTE CADÁIS, AR CADÁS É 85 % DÍOBH de RÉIR MEÁCHAIN NÓ NÍOS MÓ, AGUS a BHFUIL MEÁCHAN de NÍOS MÓ NÁ 200 G/M2 ACU |

52085990 | FAIBRÍCÍ FITE PRIONTÁILTE CADÁIS EILE, AR CADÁS É 85 % DÍOBH de RÉIR MEÁCHAIN NÓ NÍOS MÓ |

52091100 | FAIBRÍCÍ FITE PLÉINEÁILTE NEAMHTHUARTHA CADÁIS, AR CADÁS É 85 % DÍOBH de RÉIR MEÁCHAIN NÓ NÍOS MÓ, AGUS a BHFUIL MEÁCHAN de NÍOS MÓ NÁ 200 G/M2 ACU |

52091200 | FAIBRÍCÍ FITE NEAMHTHUARTHA CADÁIS, AR CADÁS É 85 % DÍOBH de RÉIR MEÁCHAIN NÓ NÍOS MÓ, AGUS a BHFUIL MEÁCHAN de NÍOS MÓ NÁ 200 G/M2 ACU, i gCORRÁN TRÍ SHNÁTH nó i gCORRÁN CEITHRE SHNÁTH, lena nÁIRÍTEAR CROSCHORRÁN |

52091900 | FAIBRÍCÍ FITE NEAMHTHUARTHA CADÁIS EILE, AR CADÁS É 85 % DÍOBH de RÉIR MEÁCHAIN NÓ NÍOS MÓ |

52092200 | FAIBRÍCÍ FITE TUARTHA CADÁIS, AR CADÁS É 85 % DÍOBH de RÉIR MEÁCHAIN NÓ NÍOS MÓ, AGUS a BHFUIL MEÁCHAN de NÍOS MÓ NÁ 200 G/M2 ACU, i gCORRÁN TRÍ SHNÁTH nó i gCORRÁN CEITHRE SHNÁTH, lena nÁIRÍTEAR CROSCHORRÁN |

52092900 | FAIBRÍCÍ FITE TUARTHA CADÁIS EILE, AR CADÁS É 85 % DÍOBH de RÉIR MEÁCHAIN NÓ NÍOS MÓ |

52093200 | FAIBRÍCÍ FITE RUAIMNITHE CADÁIS, AR CADÁS É 85 % DÍOBH de RÉIR MEÁCHAIN NÓ NÍOS MÓ, AGUS a BHFUIL MEÁCHAN de NÍOS MÓ NÁ 200 G/M2 ACU, i gCORRÁN TRÍ SHNÁTH nó i gCORRÁN CEITHRE SHNÁTH, lena nÁIRÍTEAR CROSCHORRÁN |

52093900 | FAIBRÍCÍ FITE RUAIMNITHE CADÁIS EILE, AR CADÁS É 85 % DÍOBH de RÉIR MEÁCHAIN NÓ NÍOS MÓ, AGUS a BHFUIL MEÁCHAN de NÍOS MÓ NÁ 200 G/M2 ACU |

52111200 | FAIBRÍCÍ FITE NEAMHTHUARTHA CADÁIS, AR CADÁS É NÍOS LÚ NÁ 85 % DÍOBH de RÉIR MEÁCHAIN, AGUS IAD MEASCTHA GO PRÍOMHA nó GO LEITHLEACH LE SNÁITHÍNÍ de DHÉANTÚS AN DUINE, AGUS a BHFUIL MEÁCHAN de NÍOS MÓ NÁ 200 G/M2 ACU, i gCORRÁN TRÍ SHNÁTH nó i gCORRÁN CEITHRE SHNÁTH, lena nÁIRÍTEAR CROSCHORRÁN |

54078100 | FAIBRÍCÍ FITE ABHRAIS, AR FILIMÉID SHINTÉISEACHA É NÍOS LÚ NÁ 85 % DÍOBH de RÉIR MEÁCHAIN, lena nÁIRÍTEAR FAIBRÍCÍ FITE a DHÉANTAR as AONFHILIMÉAD SINTÉISEACH ATÁ 67 DEICITEICS AR DLÚS NÓ NÍOS MÓ AGUS NACH dTÉANN AON TOISE TRASGHEARRTHACH DÁ gCUID THAR 1MM, arna MEASCADH GO PRÍOMHA LE CADÁS nó LE CADÁS AMHÁIN, AGUS IAD NEAMHTHUARTHA nó TUARTHA |

54078200 | FAIBRÍCÍ FITE ABHRAIS, AR FILIMÉID SHINTÉISEACHA É NÍOS LÚ NÁ 85 % DÍOBH de RÉIR MEÁCHAIN, lena nÁIRÍTEAR FAIBRÍCÍ FITE a DHÉANTAR as AONFHILIMÉAD SINTÉISEACH ATÁ 67 DEICITEICS AR DLÚS NÓ NÍOS MÓ AGUS NACH dTÉANN AON TOISE TRASGHEARRTHACH DÁ gCUID THAR 1MM, arna MEASCADH GO PRÍOMHA LE CADÁS nó LE CADÁS AMHÁIN, AGUS IAD RUAIMNITHE |

55095300 | ABHRAS (SEACHAS SNÁTH FUÁLA) DÉANTA as SNÁITHÍNÍ STÁPLACHA POILEISTIR, arna MEASCADH GO PRÍOMHA LE CADÁS nó LE CADÁS AMHÁIN, AGUS AR ABHRAS É NACH BHFUIL CÓIRITHE lena MIONDÍOL) |

55131120 | FAIBRÍCÍ FITE DÉANTA as SNÁITHÍNÍ STÁPLACHA POILEISTIR, AR SNÁITHÍNÍ den SÓRT SIN É NÍOS LÚ NÁ 85 % DÍOBH de RÉIR MEÁCHAIN, IAD MEASCTHA GO PRÍOMHA LE CADÁS nó LE CADÁS AMHÁIN; TÁ MEÁCHAN NACH MÓ NÁ 170 G/M2 ACU; FÍ PHLÉINEÁILTE ATÁ i gCEIST; IAD NEAMHTHUARTHA nó TUARTHA; 165 CM AR LEITHEAD NÓ NÍOS LÚ |

55132100 | FAIBRÍCÍ FITE DÉANTA as SNÁITHÍNÍ STÁPLACHA POILEISTIR, AR SNÁITHÍNÍ den SÓRT SIN É NÍOS LÚ NÁ 85 % DÍOBH de RÉIR MEÁCHAIN, IAD MEASCTHA GO PRÍOMHA LE CADÁS nó LE CADÁS AMHÁIN; TÁ MEÁCHAN NACH MÓ NÁ 170 G/M2 ACU; FÍ PHLÉINEÁILTE ATÁ i gCEIST; IAD RUAIMNITHE |

55134100 | FAIBRÍCÍ FITE DÉANTA as SNÁITHÍNÍ STÁPLACHA POILEISTIR, AR SNÁITHÍNÍ den SÓRT SIN É NÍOS LÚ NÁ 85 % DÍOBH de RÉIR MEÁCHAIN, IAD MEASCTHA GO PRÍOMHA LE CADÁS nó LE CADÁS AMHÁIN; TÁ MEÁCHAN NACH MÓ NÁ 170 G/M2 ACU AGUS TÁ SIAD PRIONTÁILTE |

61012090 | ANARACANNA, CÓTAÍ GAOITHE, SEAICÉID GHAOITHE AGUS EARRAÍ DÁ SAMHAIL as CADÁS D'FHIR nó do BHUACHAILLÍ (lena nÁIRÍTEAR SEAICÉID SCIÁLA), ATÁ CNIOTÁILTE nó CRÓISEÁILTE |

61033200 | SEAICÉID AGUS BLÉASAIR as CADÁS D'FHIR nó do BHUACHAILLÍ, ATÁ CNIOTÁILTE nó CRÓISEÁILTE |

61034200 | TREABHSAIR, RABHLAEIR BEANNÓG IS GUAILLEÁN, BRÍSTÍ AGUS BRÍSTÍ SCIOTA (SEACHAS FEISTEAS SNÁMHA), as CADÁS, D’FHIR nó do BHUACHAILLÍ, ATÁ CNIOTÁILTE nó CRÓISEÁILTE |

61072100 | LÉINTE OÍCHE AGUS PITSEÁMAÍ, as CADÁS, D'FHIR nó do BHUACHAILLÍ, ATÁ CNIOTÁILTE nó CRÓISEÁILTE |

61083100 | GÚNAÍ OÍCHE AGUS PITSEÁMAÍ, as CADÁS, do MHNÁ nó do CHAILÍNÍ, ATÁ CNIOTÁILTE nó CRÓISEÁILTE |

61099020 | T-LÉINTE, SINGLÉID AGUS VEISTEANA EILE as OLANN nó FIONNADH FÍNEÁILTE AINMHITHE nó SNÁITHÍNÍ de DHÉANTÚS AN DUINE, ATÁ CNIOTÁILTE nó CRÓISEÁILTE |

61112090 | BAILL ÉADAIGH BABAITHE AGUS GABHÁLAIS ÉADAIGH, as CADÁS, ATÁ CNIOTÁILTE nó CRÓISEÁILTE (SEACHAS LÁMHAINNÍ, MITÍNÍ AGUS MIOTÓGA) |

61121200 | CULTACHA SPÓIRT de SNÁITHÍNÍ SINTÉISEACHA, ATÁ CNIOTÁILTE nó CRÓISEÁILTE |

61159500 | RITEOGA, STOCAÍ, GEARRSTOCAÍ AGUS GÓISÉIREACHT EILE, AGUS COISBHEART GAN BOINN a BHEITH CURTHA LEO, IAD as CADÁS AGUS CNIOTÁILTE nó CRÓISEÁILTE (SEACHAS GÓISÉIREACHT CHOMHBHRÚ GHRÁDAITHE AGUS RITEOGA COMHBHRÚ GRÁDAITHE, STOCAÍ LÁNFHADA BAN nó STOCAÍ GLÚN BAN, ATÁ NÍOS LÚ NÁ 67 DEICITEICS AR DLÚS IN AGHAIDH AN ABHRAIS SHINGIL) |

61161020 | LÁMHAINNÍ, ATÁ TUILITHE, BRATAITHE nó CLÚDAITHE LE RUBAR, AGUS ATÁ CNIOTÁILTE nó CRÓISEÁILTE |

61161080 | MITÍNÍ AGUS MIOTÓGA, ATÁ TUILITHE, BRATAITHE nó CLÚDAITHE LE PLAISTIGH nó LE RUBAR AGUS ATÁ CNIOTÁILTE nó CRÓISEÁILTE, AGUS LÁMHAINNÍ ATÁ TUILITHE, BRATAITHE nó CLÚDAITHE LE PLAISTIGH AGUS ATÁ CNIOTÁILTE nó CRÓISEÁILTE |

61169200 | LÁMHAINNÍ, MITÍNÍ AGUS MIOTÓGA, as CADÁS, ATÁ CNIOTÁILTE nó CRÓISEÁILTE |

61169300 | LÁMHAINNÍ, MITÍNÍ AGUS MIOTÓGA, as SNÁITHÍNÍ SINTÉISEACHA, ATÁ CNIOTÁILTE nó CRÓISEÁILTE |

62019300 | ANARACANNA, CÓTAÍ GAOITHE, SEAICÉID GHAOITHE AGUS EARRAÍ DÁ SAMHAIL D'FHIR nó do BHUACHAILLÍ, as SNÁITHÍNÍ de DHÉANTÚS AN DUINE |

62034319 | TREABHSAIR AGUS BRÍSTÍ D’FHIR nó do BHUACHAILLÍ, as SHNÁITHÍNÍ SINTÉISEACHA (SEACHAS IAD ATÁ TIONSCLAÍOCH nó a BHAINEANN LE CEIRD) |

62042280 | ENSEMBLES do MHNÁ nó do CHAILÍNÍ, as CADÁS (SEACHAS IAD ATÁ TIONSCLAÍOCH nó a BHAINEANN LE CEIRD) |

62046231 | TREABHSAIR DHEINIME AGUS BRÍSTÍ DEINIME as CADÁS do MHNÁ nó do CHAILÍNÍ (SEACHAS IAD ATÁ TIONSCLAÍOCH nó a BHAINEANN LE CEIRD) |

62046290 | BRÍSTÍ SCIOTA as CADÁS do MHNA nó do CHAILÍNÍ |

62079100 | SINGLÉID AGUS VEISTEANNA EILE, RÓBAÍ FOLCTHA, FALLAINGEACHA SEOMRA AGUS EARRAÍ DÁ SAMHAIL D’FHIR nó do BHUACHAILLÍ as CADÁS |

62089100 | SINGLÉID AGUS VEISTEANNA EILE, BRÍSTÍNÍ, NEGLIGÉS, RÓBAÍ FOLCTHA, FALLAINGEACHA SEOMRA AGUS EARRAÍ DÁ SAMHAIL do MHNA nó do CHAILÍNÍ as CADÁS |

62114290 | BAILL ÉADAIGH as CADÁS do MHNÁ nó do CHAILÍNÍ |

62114310 | NAPRÚIN, RABHLAEIR, FORLÉINE-RABHLAEIR AGUS ÉADAÍ TIONSCLAÍOCHA AGUS CEIRDE EILE do MHNÁ nó do CHAILÍNÍ as SNÁITHÍNÍ de DHÉANTÚS AN DUINE |

62160000 | LÁMHAINNÍ, MIOTÓGA AGUS MITÍNÍ |

63026000 | LÍNÉADACH IONLAINNE AGUS LÍNÉADACH CISTINE de THUÁILLE GIBÍNEACH AGUS D’FHAIBRÍCÍ GIBÍNIGH EILE DÁ SAMHAIL as CADÁS |

63029100 | LÍNÉADACH IONLAINNE AGUS LÍNÉADACH CISTINE as CADÁS, SEACHAS FAIBRÍCÍ TUÁILLE GIBÍNEACH AGUS FAIBRÍCÍ GIBÍNIGH EILE DÁ SAMHAIL |

63039100 | CUIRTÍNÍ (lena nÁIRÍTEAR SCARAOIDÍ) AGUS DALLÓGA INTÍ, SCIORTAÍ CUIRTÍNÍ nó SCIORTAÍ LEAPA, as CADÁS, NACH BHFUIL CNIOTÁILTE nó CRÓISEÁILTE |

63039290 | CUIRTÍNÍ (lena nÁIRÍTEAR SCARAOIDÍ) AGUS DALLÓGA INTÍ, SCIORTAÍ CUIRTÍNÍ nó SCIORTAÍ LEAPA, as SNÁITHÍNÍ SINTÉISEACHA, SEACHAS IAD SIN NACH BHFUIL FITE AGUS IAD SIN ATÁ CNIOTÁILTE nó CRÓISEÁILTE |

63039990 | CUIRTÍNÍ (lena nÁIRÍTEAR SCARAOIDÍ) AGUS DALLÓGA INTÍ, SCIORTAÍ CUIRTÍNÍ nó SCIORTAÍ LEAPA, SEACHAS IAD SIN ATÁ DÉANTA as CADÁS nó as SNÁITHÍNÍ SINTÉISEACHA AGUS SEACHAS IAD SIN NACH BHFUIL FITE, AGUS IAD ATÁ CNIOTÁILTE ná CRÓISEÁILTE |

63049200 | EARRAÍ EILE D’FHEARASTÚ as CADÁS, NACH BHFUIL CNIOTÁILTE nó CRÓISEÁILTE |

63071090 | CEIRTEACHA URLÁIR, CEIRTEACHA MIAS, GLANTÓIRÍ DEANNAIGH AGUS CEIRTEACHA GLANTACHÁIN DÁ SAMHAIL SEACHAS IAD ATÁ CNIOTÁILTE nó CRÓISEÁILTE AGUS IAD NACH BHFUIL FITE |

63079099 | EARRAÍ RÉDHÉANTA TEICSTÍLE EILE, lena nÁIRÍTEAR PATRÚIN do GHÚNAÍ, NACH BHFUIL CNIOTÁILTE ná CRÓISEÁILTE AGUS NACH BHFUIL DÉANTA as FEILT |

64039993 | COISBHEART a BHFUIL BOINN SHEACHTRACHA RUBAIR, BOINN SHEACHTRACHA PHLAISTEACHA nó BOINN SHEACHTRACHA de LEATHAR COMHDHÉANTA AGUS UACHTAIR LEATHAIR AIGE, ag a BHFUIL BOINN ISTIGH ATÁ 24 CM AR FAD NÓ NÍOS MÓ AGUS NACH BHFUIL INAITHEANTA MAR CHOISBHEART FEAR NÁ COISBHEART BAN, SEACHAS COISBHEART SPÓIRT AGUS COISBHEART a BHFUIL BAIRBÍN COSANTA MIOTAIL AIGE, COISBHEART NACH mBÍONN AN RÚITÍN Á CHLÚDACH AIGE, NACH nDEARNADH ar BHONN ná ar CHLÁR ADHMAID (NACH BHFUIL BONN ISTIGH AIGE), SEACHAS COISBHEART le hUACHTAR ATÁ DÉANTA as STRAPAÍ Nó a BHFUIL PÍOSA NÓ ROINNT PÍOSAÍ GEARRTHA AS, SEACHAS SLIPÉIR |

64039996 | COISBHEART a BHFUIL BOINN SHEACHTRACHA RUBAIR, BOINN SHEACHTRACHA PHLAISTEACHA nó BOINN SHEACHTRACHA de LEATHAR COMHDHÉANTA AGUS UACHTAIR LEATHAIR AIGE, ag a BHFUIL BOINN ISTIGH ATÁ 24 CM AR FAD NÓ NÍOS MÓ, D'FHIR, SEACHAS COISBHEART SPÓIRT AGUS COISBHEART a BHFUIL BAIRBÍN COSANTA MIOTAIL AIGE, COISBHEART NACH mBÍONN AN RÚITÍN Á CHLÚDACH AIGE, NACH nDEARNADH ar BHONN ná ar CHLÁR ADHMAID (NACH BHFUIL BONN ISTIGH AIGE), SEACHAS COISBHEART le hUACHTAR ATÁ DÉANTA as STRAPAÍ Nó a BHFUIL PÍOSA NÓ ROINNT PÍOSAÍ GEARRTHA AS, SEACHAS SLIPÉIR |

64039998 | COISBHEART a BHFUIL BOINN SHEACHTRACHA RUBAIR, BOINN SHEACHTRACHA PHLAISTEACHA nó BOINN SHEACHTRACHA de LEATHAR COMHDHÉANTA AGUS UACHTAIR LEATHAIR AIGE, ag a BHFUIL BOINN ISTIGH ATÁ 24 CM AR FAD NÓ NÍOS MÓ, do MHNÁ, SEACHAS COISBHEART SPÓIRT AGUS COISBHEART a BHFUIL BAIRBÍN COSANTA MIOTAIL AIGE, COISBHEART NACH mBÍONN AN RÚITÍN Á CHLÚDACH AIGE, NACH nDEARNADH ar BHONN ná ar CHLÁR ADHMAID (NACH BHFUIL BONN ISTIGH AIGE), SEACHAS COISBHEART le hUACHTAR ATÁ DÉANTA as STRAPAÍ Nó a BHFUIL PÍOSA NÓ ROINNT PÍOSAÍ GEARRTHA AS, SEACHAS SLIPÉIR |

IARSCRÍBHINN II

An táirge atá faoi réir na gcuótaí taraife bliantúla saor ó dhleacht dá dtagraítear in Airteagal 3.

Aithnítear lena gcód AC ocht n-uimhir na táirgí a mbeidh feidhm ag na bearta maidir leo. Tá tuairisc ar na cóid sin ar fáil in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus maidir leis an gComhtharaif Chustaim. Is chun críocha faisnéise amháin a thugtar tuairisc ar na cóid AC.

Uimh. an Ordaithe | Cód AC | Tuairisc | 2011 | 2012 | 2013 |

09.2401 | 2207 1000 | ALCÓL EITILE GAN DÍNÁDÚRÚ a BHFUIL NEART IARBHÍR ALCÓIL >= 80 % AIGE | 100 000 tona | 100 000 tona | 100 000 tona |

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH LE hAGHAIDH TOGRAÍ a BHFUIL IMPLEACHT BHUISÉADACH ACU ATÁ TEORANTA GO hEISIACH DON IONCAM

1. AINM AN TOGRA:

Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena dtugtar isteach fabhair thrádála uathrialacha phráinneacha don Phacastáin

2. NA LÍNTE BUISÉID:

Caibidil 12, Airteagal 120

An méid arna bhuiséadú don bhliain atá i gceist: € 14 079.7 milliún (B2010)

3. TIONCHAR AIRGEADAIS

Níl aon impleachtaí airgeadais ag an togra

Níl aon impleacht airgeadais ag an togra ar chaiteachas ach tá impleacht airgeadais aige ar ioncam – mar seo a leanas a bheidh an éifeacht:

(EUR milliún go dtí an 1ú deachúil)

| | |

Líne Buiséid | Ioncam [5] | 2010 | 2011 |

Airteagal 120 | Tionchar ar acmhainní dílse | - | - 61.8 |

An staid tar éis an ghnímh |

| 2012 | 2013 | [n+3] | [n+4] | [n+5] |

Airteagal 120… | - 61.8 | - 61.8 | | | |

4. BEARTA FRITH-CHALAOISE

Chuirfeadh an Rialachán teidlíocht na Pacastáine do shocruithe fabhracha faoi réir rialacha tionscnaimh na dtáirgí a bheith á gcomhlíonadh ag an bPacastáin mar aon leis na nósanna imeachta a bhaineann leo sin, faoi réir na modhanna um chomhar riaracháin a bheith á gcomhlíonadh, agus an Phacastáin a bheith rannpháirteach i gcomhar éifeachtach riaracháin in éineacht leis an Aontas d’fhonn aon bhaol calaoise a chosc.

5. FOCAIL EILE

Is ar bhonn na difríochta idir an t-ioncam ó tharaifí atá bunaithe ar allmhairithe reatha agus taraifí reatha AE vis-à-vis an Phacastáin a ríomhtar an caillteanas ioncaim ó tharaifí (cuimsítear leis an togra allmhairithe AE ón bPacastáin ar fiú níos lú ná EUR 900 milliún iad) agus an t-ioncam ó tharaifí a gheofaí dá ndéanfaí na hallmhairithe sin a léirscaoileadh. Tugtar leis sin caillteanas measta ioncaim ó tharaifí de EUR 77.6 milliún. Is gá an sraonadh trádála a chur leis sin (ó thaobh na tíre de agus ó thaobh an táirge de) a d'fhéadfadh caillteanas ioncaim de EUR 6.7 milliún a theacht as.

EUR 82.4 milliún san iomlán atá in ollchaillteanas na ndleachtanna custaim, bíodh is gur 25 % níos lú a bheadh sa ghlanchaillteanas (costais bhailiúcháin na mBallstát) ag EUR 61.8 milliún. Tá na figiúirí sin bunaithe ar an tuiscint go bhfuil lántairbhe á bhaint ag an bPacastáin faoi láthair as a rochtain fhabhrach ar mhargadh an AE. Chun na figiúirí sin a aistriú ina bhfigiúirí bliantúla, glactar leis go leanfaidh na sreafaí bunúsacha trádála de bheith tairiseach.

[1] IO L 378, 23.12.2004, lch. 22.

[2] IO L 253, 11.10.1993, lch. 1.

[3] IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

[4] IO L xxx, xx.xx.xxxx, lch x

[5] A mhéid a bhaineann le hacmhainní traidisiúnta dílse (dleachta talmhaíochta, tobhaigh shiúcra, dleachtanna custaim), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána tar éis do 25 % de chostais bhailiúcháin a bheith bainte díobh.

--------------------------------------------------

Top