Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52010PC0542

    Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE Rialachán (AE) Uimh. .../2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothair a fhormheas agus faireachas margaidh a dhéanamh orthu

    /* COM/2010/0542 final - COD 2010/0271 */

    52010PC0542

    /* COM/2010/0542 final - COD 2010/0271 */ Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE Rialachán (AE) Uimh. .../2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothair a fhormheas agus faireachas margaidh a dhéanamh orthu


    [pic] | AN COIMISIÚN EORPACH |

    An Bhruiséil 4.10.2010

    COIM(2010) 542 leagan deireanach

    2010/0271 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    Rialachán (AE) Uimh. .../2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothair a fhormheas agus faireachas margaidh a dhéanamh orthu

    (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

    EN

    {SEC(2010) 1151}{SEC(2010) 1152}

    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1. Comhthéacs an togra

    - Forais agus cuspóirí an togra

    Cuimsíonn an téarma 'feithiclí de chatagóir L' raon leathan cineálacha feithiclí dhá, trí agus ceithre roth, e.g. móipéid dhá agus trí roth, gluaisrothair dhá agus trí roth agus gluaisrothair le taobhcharranna. Samplaí d'fheithiclí ceithre roth, ar a dtugtar 'cuadrothair' freisin, is ea cuaid agus mioncharranna.

    Is i dTreoir 2002/24/CE1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an Treoir Réime) atá na ceanglais chineálcheadaithe maidir le feithiclí nua de chatagóir L leagtha amach faoi láthair. Ina theannta sin, tá ceanglais theicniúla mhionsonraithe maidir le feithiclí de chatagóir L le fáil i sraith Treoracha dá dtagraítear sa Treoir Réime.

    Tá an Coimisiún tar éis roinnt mórábhar imní a shainaithint a bhaineann leis na forálacha reatha maidir le cineálcheadú feithiclí nua de chatagóir L agus ní mór aghaidh a thabhairt orthu: – castacht an chreata dlí faoi mar atá sé faoi láthair; – leibhéal astaíochtaí agus an cion méadaitheach d'astaíochtaí iomláin ó iompar de bhóthar (iomlán atá ag laghdú) atá sa leibhéal sin; – gnéithe de shábháilteacht fheidhmiúil feithiclí, ar gnéithe iad a bhaineann le ceanglais chineálcheadaithe; – gan creat dlí a bheith ann le haghaidh feithiclí ar a bhfuil teicneolaíochtaí feistithe; – díol agus clárú feithiclí, córas, comhpháirteanna nó aonad teicniúil ar leith áirithe a allmhairítear isteach i margadh an AE agus nach gcomhlíonann na ceanglais reatha maidir le cineálcheadú i dtaca le sábháilteacht fheidhmiúil agus/nó cosaint an chomhshaoil. |

    Forálacha atá ann cheana i réimse an togra Treoir Réime 2002/24/EC[1] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Treoracha: 93/14/CEE[2] 93/30/CEE[3] 93/33/CEE[4] 93/93/CEE[5] 95/1/CE[6] 97/24/CE[7] 2000/7/CE[8] 2002/51/CE[9] 2009/62/CE[10] 2009/67/CE[11] 2009/78/CE[12] 2009/79/CE[13] 2009/80/CE[14] 2009/139/CE[15] Pléitear leis an reachtaíocht maidir le cineálcheadú sa tionscnamh polaitiúil 'CARS 21'[16]. Seoladh an tionscnamh in 2005 chun athbhreithniú rialála agus beartais a dhéanamh ar earnáil na ngluaisteán féachaint comhairle a chur ar an gCoimisiún maidir le roghanna beartais a dhéanamh. Ceann de na cúiseanna a bhí le bunú CARS 21 is ea gur chuir geallsealbhóirí thionscal na ngluaisteán in iúl go raibh costas carnach an rialála ag imirt drochthionchair ar iomaíochas na hearnála agus go raibh feithiclí róchostasach gan chall dá thoradh sin. I dTuarascáil Deiridh CARS 21[17] thángthas ar an gconclúid gur cheart an chuid is mó den reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair a choimeád chun saoránaigh agus an comhshaol a chosaint ach gur cheart, mar sin féin, an creat rialála a shimpliú agus féachaint leis na ceanglais atá ann a chomhchuibhiú ar bhonn idirnáisiúnta. Tá an simpliú sin beartaithe sa dara tuarascáil ón gCoimisiún ar dhul chun cinn maidir leis an straitéis chun cúrsaí rialála a shimpliú (Commission second progress report on the strategy for simplifying the regulatory environment)[18]. Ba cheart gach tionscnamh nua a bheith ag luí leis an straitéis sin. I gcomhréir leis an straitéis Eorpach maidir le caighdeán an aeir[19], neartaigh an AE arís is arís eile na rialacha maidir le hastaíochtaí ó mhótarfheithiclí, i gcás hidreacarbón, aonocsaíde carbóin, ocsaíd de nítrigine agus ábhair cháithnínigh go háirithe. Is amhlaidh a bheidh i gcás an togra seo le haghaidh creata rialála le haghaidh feithiclí de chatagóir L freisin. Tá na bearta cineálcheadaithe sa chreat dlí seo i gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta Eorpach maidir le Sábháilteacht ar Bhóithre 2011–2020 agus leis an gCairt Eorpach maidir le Sábháilteacht ar Bhóithre 2000-2010[20]. Ceann na haidhmeanna a bhí sa chairt sin ná líon na marbh i dtaismí bóthair a laghdú le 50 % faoin mbliain 2010. Ar an drochuair, dream leochaileach atá i lucht úsáidte feithiclí de chatagóir L agus as measc úsáideoirí uile na mbóithre, is iadsan is minic a fhaigheann bás agus a ghortaítear. Ar deireadh, tá ionchorpraithe sa togra seo roinnt forálacha as Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[21] maidir le comhchreat le haghaidh margú táirgí, chun cur chun feidhme agus forfheidhmiúcháin an Rialacháin nua a fheabhsú. Sonraítear na freagrachtaí atá ar oibreoirí eacnamaíocha sa slabhra soláthair agus ar na húdaráis éagsúla um fhaireachas margaidh, go háirithe a fhad a bhaineann le hiarfhaireachas margaidh agus rialú ar tháirgí a thagann isteach san Aontas. Ina theannta sin, cuireadh feabhas ar na ceanglais maidir le comhlachtaí agus eagraíochtaí a bhféadfaidh na Ballstáit roinnt cúraimí measúnaithe i leith feithiclí, córas, comhpháirteanna nó aonad teicniúil ar leith a dtarmligean chucu féachaint cothromaíocht a áirithiú agus saobhadh iomaíochta a sheachaint a d'fhéadfadh a bheith de thoradh ar leibhéil éagsúla déine agus feidhmíochta a bheith á gcur i bhfeidhm ag na heagraíochtaí tríú páirtí agus feithiclí, córais, comhpháirteanna nó aonaid theicniúla ar leith a bhfuil cineálcheadú á iarraidh dóibh á gcur faoi thástáil, cigireacht agus measúnú. |

    2. COMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNÚ IARMHARTA |

    Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara Sheol an Coimisiún Eorpach comhairliúchán poiblí chun tuairimí na bpáirtithe leasmhara a bhailiú maidir lena mholtaí i leith reachtaíochta nua maidir le feithiclí de chatagóir L a fhormheas. Foilsíodh doiciméad comhairliúcháin[22] chun roinnt faisnéise cúlra a sholáthar agus chun tuairimí a iarraidh i leith an chreata nua atá ceaptha lena chur in áit an chreata reatha reachtaíochta. Sa chomhairliúchán poiblí díríodh ar na dreamanna a ndéanfadh an creat nua reachtaíochta an difear is mó dóibh, dreamanna ar nós údaráis chineálcheadaithe na mBallstát, monaróirí, soláthróirí agus tomhaltóirí. Foilsíodh i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis é ar shuíomh gréasáin a cruthaíodh go sonrach dó. Thug an Coimisiún admháil i leith gach freagra a fuarthas i dtaca leis an gcomhairliúchán agus cuireadh na freagraí sin ar fáil don phobal[23]. |

    Modhanna comhairliúcháin, na príomhearnálacha ar díríodh orthu agus próifíl ghinearálta na bhfreagróirí Agus an togra á fhorbairt ag an gCoimisiún, chuaigh sé i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ar roinnt bealaí: Idir an 22 Nollag 2008 agus an 27 Feabhra 2009 a reachtáladh an comhairliúchán poiblí agus pléadh gnéithe den togra a d'fhéadfadh a bheith conspóideach lena linn. Fuarthas aighneachtaí ó na Ballstáit, ón lucht tionscail a mhonaraíonn feithiclí de chatagóir L agus comhpháirteanna na bhfeithiclí sin, ó eagraíochtaí iompair, ó eagraíochtaí tomhaltóirí, ó eagraíochtaí neamhrialtasacha agus ó shaoránaigh aonair. Pléadh na gnéithe éagsúla den dréacht-togra i roinnt cruinnithe de Mheitheal an Choimisiúin Eorpaigh[24] maidir le feithiclí de chatagóir L. Ar deireadh, reáchtáladh roinnt mhaith cruinnithe le geallsealbhóirí aonair ina raibh deis acu a gcuid tuairimí a chur in iúl go neamhbhalbh. |

    Achoimre ar na freagraí agus conas mar a cuireadh san áireamh iad Fuair an Coimisiún Eorpach 57 freagra ar an gcomhairliúchán idirlín. Tharraing na geallsealbhóirí roinnt ceisteanna aníos. Rinneadh achoimre ar thorthaí an chomhairliúcháin phoiblí i dtuarascáil[25] agus cuireadh i láthair agus pléadh iad an 29 Meitheamh 2009 ag cruinniú de Mheitheal an Choimisiúin Eorpaigh maidir le feithiclí de chatagóir L; iarradh ar na geallsealbhóirí a dtuairimí a chur in iúl. Sa mheasúnú iarmharta a ghabhann leis an togra seo tá cuntas ar na ceisteanna a tarraingíodh aníos agus tá plé ar an gcaoi ar cuireadh san áireamh iad. |

    Measúnú iarmharta I gcás gach ceann de phríomhghnéithe an togra, rinneadh anailís ar roghanna éagsúla trí na buntáistí agus na míbhuntáistí eacnamaíocha, comhshaoil, sábháilteachta agus sóisialta a d'fhéadfadh a bheith ag baint leo a liostú. Rinneadh idir ghnéithe cáilíochtúla agus ghnéithe cainníochtúla a chur san áireamh san anailís. Ina dhiaidh sin, cuireadh na roghanna éagsúla i gcomparáid agus sainaithníodh rogha amháin nó péire rogha mar roghanna tosaíochta agus cuireadh síos orthu. Is iad na roghanna sin is bunús leis an gCreat Rialacháin nua seo. Rinne an Bord um Measúnú Iarmharta grinnscrúdú ar an dréacht-tuarascáil agus cuireadh moltaí an Bhoird san áireamh sa tuarascáil deiridh a oiread ab fhéidir. Tá tuairim an Bhoird um Measúnú Iarmharta i leith na tuarascála á foilsiú ar aon uain leis an togra seo, mar aon leis an Measúnú Iarmharta agus lena achoimre feidhmiúcháin. 3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA BUNÚS DLÍ Is é Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh bunús dlí an togra seo. Prionsabal na coimhdeachta Sular bunaíodh cineálcheadú AE d'fheithiclí de chatagóir L, bhí caighdeáin i bhfeidhm ar leibhéal na mBallstát. Ba mhinic nárbh ionann an reachtaíocht a ghlac na Ballstáit agus bhíodh ar mhonaróirí a bhíodh ag díol feithiclí, córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leith i roinnt margaí éagsúla an táirgeacht agus an tástáil a athrú de réir an Bhallstáit a raibh siad ceaptha lena aghaidh, próiseas a bhí costasach agus fadálach. Dá bhrí sin, bac ar thrádáil a bhí sna rialacha éagsúla náisiúnta sin agus ba rud é a d'imir drochthionchar ar bhunú agus ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Ba ghá, dá bhrí sin, treoracha a ghlacadh ar leibhéal an AE, go háirithe chun déileáil le cúiseanna imní a bhí ann ar fud an AE maidir le cúrsaí sábháilteachta agus drochthionchar an truaillithe aeir ar an gcomhshaol. Féadann na Ballstáit féin leibhéil arda astaíochtaí a shrianadh ar bhonn áitiúil sna cathracha trí bhearta a dhéanamh, ach is fadhb trasteorann astaíochtaí ina n-iomláine. Ní féidir dul i ngleic leis an gcúis sin imní ach le bearta comhchuibhithe a bheadh bailí ar fud an AE. Is chuige sin a ceapadh Creat Réime 2002/24/CE1 (a bunaíodh ar Airteagal 95 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh) agus is é ab aidhm dó margadh inmheánach a bhunú agus ardleibhéal cosanta sláinte, sábháilteachta agus comhshaoil á áirithiú. Tá an méid sin fós bailí sa lá atá inniu ann agus tá gá le bearta de chuid an AE chun ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh a sheachaint agus chun leibhéal ard comhionann cosanta ar fud na hEorpa a áirithiú. Buntáiste eile a bhainfidh le reachtaíocht de chuid an AE is ea go bhféadfaidh monaróirí tairbhe a bhaint as barainneachtaí scála a bhuí le ceanglais chomhchuibhithe dlí: mar shampla, beidh feithiclí, córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leith oiriúnach do mhargadh na hEorpa ina iomláine agus ní bheidh aon ghá le cineálcheadú náisiúnta i ngach uile Bhallstát. Ina theannta sin, má chuirtear an creat reatha dlí in oiriúint do dhul chun cinn teicniúil áiritheofar cothromaíocht do mhonaróirí ó thaobh teicneolaíochta nua de. Bainfidh tomhaltóirí tairbhe as feithiclí, córais, comhpháirteanna nó aonaid theicniúla ar leith níos saoire toisc go mbrúfaidh iomaíocht uile AE praghsanna síos. Ar deireadh, má neartaítear na bearta um fhaireachas margaidh cuideoidh sé sin lena áirithiú go mbeidh na rialacha céanna i bhfeidhm maidir le gach monaróir a dhíolann feithiclí, córais, comhpháirteanna nó aonaid theicniúla ar leith ar mhargadh an AE, nó atá freagrach as a gcur i seirbhís, agus lena áirithiú go mbeidh na ceanglais chineálcheadaithe maidir leis an gcomhshaol agus maidir le sábháilteacht feithiclí éifeachtach go fírinneach. Prionsabal na comhréireachta Comhlíonann an togra seo prionsabal na comhréireachta toisc nach dtéann sé thar a bhfuil gá leis chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú agus foráil a dhéanamh ag an am céanna d'ardleibhéal sábháilteachta poiblí agus d'ardleibhéal cosanta comhshaoil. Rogha na n-ionstraimí Meastar gurb iomchuí Creat-Rialachán a úsáid toisc go gcinntíonn sé mar is gá go gcomhlíonfar na ceanglais gan gá lena dtrasuí i reachtaíocht na mBallstát. Úsáidtear 'cur chuige roinnt leibhéal' sa togra seo, rud a tugadh isteach den chéad uair ar iarratas ó Pharlaimint na hEorpa agus a úsáidtear i gcineálacha eile reachtaíochta i réimse an chineálcheadaithe AE ar mhótarfheithiclí. Sa chur chuige sin tá trí chéim san fhoráil a dhéantar do ghníomh reachtaíochta: déanann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na forálacha bunúsacha agus an raon feidhme a leagan síos i rialachán arna bhunú ar Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach. déantar na sonraíochtaí teicniúla a bhaineann leis na forálacha bunúsacha a leagan síos i dtrí cinn de ghníomhartha tarmligthe (Airteagal 290) arna nglacadh tríd an nós imeachta coiste: (1) Rialachán maidir le ceanglais i leith feidhmíochta comhshaoil agus tiomána: comhoiriúnacht leictreamaighnéadach; nósanna imeachta maidir le tástálacha comhshaoil a bhaineann le hastaíochtaí sceite, astaíochtaí galaithe, astaíochtaí gás ceaptha teasa agus ídiú breosla; uasluas dearaidh an innill, uas-chasmhóimint, agus uas-ghlanchumhacht innill; fuaim. (2) Rialachán maidir le ceanglais i leith sábháilteachta feidhmiúla feithicle agus i leith ábhar bainteach: feistí rabhaidh inchloiste; coscánú, lena n-áirítear córais choscánaithe frithghlasa agus córais chomhcheangailte choscánaithe; sábháilteacht leictreach; struchtúir chosanta ag tosach agus ag cúl na feithicle; gloiniú, cuimilteoirí agus niteoirí gaothscátha, agus feistí dí-oighrithe agus dínéalaithe; sainaithint rialaitheoirí, nodchomharthaí agus táscairí; feistí soilsiúcháin agus solaschomharthaíochta a shuiteáil; infheictheacht ar gcúl; criosanna sábhála agus pointí ancaireachta criosanna sábhála; boinn; cosaint do dhaoine atá i bhfeithicil, lena n-áirítear feistis inmheánacha, ceannbhaic agus doirse na feithicle; luas feithicle a theorannú sa dearadh; sláine struchtúr na feithicle. (3) Rialachán maidir le ceanglais i leith tógála feithicle: bearta i gcoinne cur isteach; feistí cúplála agus forbhaill; feistí chun úsáid neamhúdaraithe a chosc; starráin sheachtracha; stóráil breosla; ardáin lódála; maiseanna agus toisí; diagnóisic ar bord; áiteanna do phaisinéirí greim láimhe a bhreith agus tacaí do chosa an phaisinéara; faisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil; spás chun an pláta clárúcháin chúil a fheistiú; seastáin; marcanna reachtúla. Déantar na forálacha riaracháin amhail an doiciméad faisnéise, sainmhínithe an deimhnithe ar chineálcheadú, an deimhniú comhréireachta agus na ceanglais maidir le comhréireacht táirgeachta, etc. a leagan amach i ngníomh cur chun feidhme (Airteagal 291). 4. IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA Níl aon impleacht ag an togra seo le haghaidh Creat-Rialacháin do bhuiséad an AE a fhad a bhaineann leis an gcéad dá chéim de laghdú astaíochtaí (Euro 4 agus 5 i gcás gluaisrothar, Euro 3 agus 4 i gcás gach catagóir eile feithicle de chatagóir L). Sa tríú céim beidh Euro 6 i gcás gluaisrothar agus Euro 5 i gcás gach catagóir eile feithicle de chatagóir L (móipéid, trírothaigh agus cuadrothair). Tá na teorainneacha sin coibhéiseach i dtéarmaí absalóideacha leis na teorainneacha astaíochtaí do charranna paisinéara in Euro 5. Tá staidéar breise ar thionchar ar an gcomhshaol beartaithe chun éifeachtaí gearrthéarma céimeanna Euro 3, 4, agus 5 a chinneadh agus chun a chinneadh an bhfuil céim Euro 6 feiliúnach laistigh den spriocdháta atá leagtha síos. Cuirfear an staidéar i gcrích le linn 2016–2017 agus maoineofar as buiséad an Choimisiúin é. 5. FAISNÉIS BHREISE Ábhar a bhaineann leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch atá sa ghníomh atá beartaithe agus ba cheart, dá bhrí sin, an LEE a chuimsiú ann. |

    2010/0271 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    Rialachán (AE) Uimh. .../2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothair a fhormheas agus faireachas margaidh a dhéanamh orthu

    (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[26],

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[27]

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

    De bharr an méid seo a leanas:

    1. Is éard atá sa mhargadh inmheánach limistéar gan teorainneacha inmheánacha ina gcaithfear saorghluaiseacht earraí, daoine, seirbhísí agus caipitil a áirithiú. Chun na críche sin, bunaíodh córas cuimsitheach cineálcheadaithe CE i gcomhair feithiclí dhá nó trí roth le Treoir 2002/24/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Márta 2002 maidir le feithiclí den sórt sin a chineálcheadú121. Ba cheart feidhm a bheith ag na prionsabail sin i gcónaí maidir leis an Rialachán seo agus maidir lena ghníomhartha tarmligthe agus a ghníomhartha cur chun feidhme.

    2. Is é is aidhm don chóras cineálcheadaithe é a chur ar chumas na mBallstát deimhniú go ndearnadh na seiceálacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo, ina ghníomhartha tarmligthe agus ina ghníomhartha cur chun feidhme, go ndearnadh iad ar gach cineál feithicle agus go bhfuair monaróir na bhfeithiclí sin deimhniú ar chineálchéadú. Ina theannta sin, cuireann an córas oibleagáid ar mhonaróirí deimhniú comhréireachta a eisiúint do gach feithicle arna monarú i gcomhréir leis an gcineálcheadú. Nuair a ghabhann deimhniú den sórt sin le feithicil, féadtar í a dhíol agus a chlárú lena húsáid ar fud an Aontais.

    3. Is é is aidhm don Rialachán seo rialacha comhchuibhithe a leagan síos maidir le formheas feithiclí de chatagóir L, d'fhonn feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú. Is é is feithiclí de chatagóir L ann feithiclí dhá, trí agus ceithre roth, e.g. feithiclí cumhachtaithe dhá roth, trírothaigh, cuaid bhóthair agus mioncharranna. Ina theannta sin, tá sé d'aidhm ag an Rialachán seo an creat dlí atá ann faoi láthair a shimpliú, féachaint le sciar níos lú agus níos comhréirí d'iomlán na n-astaíochtaí ó iompar de bhóthar a bhaint amach, an leibhéal ginearálta sábháilteachta a ardú, oiriúnaithe a dhéanamh i bhfianaise dul chun cinn teicniúil, agus na rialacha maidir le faireachas margaidh a neartú.

    4. Rinneadh Treoir 2002/24/CE agus a treoracha ar leith a leasú go substainteach roinnt uaireanta. Ar mhaithe le soiléireacht, réasúntacht agus simpliú, ba cheart aon Rialachán amháin mar aon le dornán gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme a chur in ionad Threoir 2002/24/CE agus a threoracha ar leith. Ba cheart go n-áiritheofaí, trí Rialachán a úsáid, go mbeidh na forálacha infheidhme go díreach agus go bhféadfar iad a nuashonrú ar bhealach níos sciobtha éifeachtúla sa chaoi is gur fearr a chuirfear dul chun cinn teicniúil san áireamh.

    5. D’fhonn an reachtaíocht maidir le cineálcheadú a shimpliú i gcomhréir leis na moltaí i dTuarascáil CARS 21: Córas Rialúcháin Iomaíoch d'Fheithiclí don 21ú hAois[28], is iomchuí gach Treoir ar leith a aisghairm gan an leibhéal cosanta a laghdú. Ba cheart na ceanglais atá leagtha amach sna treoracha sin a thabhairt anonn go dtí an Rialachán seo nó go dtí a ghníomhartha tarmligthe agus ba cheart, nuair is iomchuí, tagairtí a chur ina n-ionad do na rialacháin ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE), faoi mar a ionchorpraíodh i ndlí an Aontais iad i gcomhréir le hAirteagal 4 de Chinneadh 97/836/EC ón gComhairle an 27 Samhain 1997 d'fhonn aontachas an Aontais Eorpaigh a réiteach don chomhaontú de chuid an UNECE. Baineann an comhaontú sin le saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha a ghlacadh i gcomhair feithiclí rothacha, córas, comhpháirteanna nó aonad teicniúil ar leith is féidir a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha agus leis na coinníollacha le haghaidh aitheantais fhrithpháirtigh i gcás formheasanna a dheonaítear ar bhonn na saintreoracha sin (Comhaontú 1958 arna Leasú)[29]. Chun an t-ualach riaracháin a bhaineann le próiseas an chineálcheadaithe a laghdú, ba cheart cead a thabhairt do mhonaróirí feithiclí cineálcheadú a dhéanamh go díreach, i gcomhréir leis an Rialachán seo, nuair is iomchuí, trí fhormheas a fháil faoi na rialacháin ábhartha de chuid an UNECE[30] atá liostaithe sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo agus sna gníomhartha tarmligthe ar leith.

    6. Dá bhrí sin, ba cheart rialacháin de chuid an UNECE dá n-aontaíonn an tAontas, agus Cinneadh 97/836/CE á chur i bhfeidhm, agus leasuithe ar na rialacháin sin ar aontaigh an tAontas dóibh cheana, a ionchorprú i nós imeachta cineálcheadaithe an AE mar cheanglais chun cineálcheadú AE ar fheithiclí a fháil, nó mar mhalairtí ar dhlí an Aontais atá ann cheana. Go háirithe, i gcás ina gcinneann an tAontas gur cheart rialachán de chuid UNECE a bheith mar chuid de cheanglais cineálcheadaithe AE feithiclí agus go gcuirfear é in ionad reachtaíocht de chuid an Aontais atá ann cheana, ba cheart cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiúin chun na hoiriúnuithe is gá ar an Rialachán seo a ghlacadh nó chun na gníomhartha cur chun feidhme is gá a ghlacadh.

    7. Ba cheart ceanglais shubstainteacha a bheith sa Rialachán seo maidir le cosaint an chomhshaoil agus maidir le sábháilteacht fheidhmiúil feithiclí. Tá príomheilimintí an Rialacháin seo bunaithe ar thorthaí Measúnaithe Iarmharta[31] agus ar anailís ar na roghanna atá ann trí bhuntáistí agus míbhuntáistí a d'fhéadfadh a bheith ann ó thaobh an gheilleagair, an chomhshaoil, na sabháilteachta agus na sochaí de a liostáil. Rinneadh idir ghnéithe cáilíochtúla agus ghnéithe cainníochtúla a chur san áireamh san anailís. Tar éis comparáid a bheith déanta idir na roghanna agus tar éis do na roghanna is fearr a bheith sainaitheanta, úsáideadh mar bhonn an Rialacháin seo iad.

    8. Níor cheart feistiú córas, comhpháirteanna nó aonad teicniúil ar leith áirithe tar éis d'fheithiclí a bheith díolta, cláraithe, nó curtha i seirbhís, difear a dhéanamh do chuspóirí an Rialacháin seo. Dá bhrí sin, ba cheart bearta iomchuí a dhéanamh d’fhonn a áirithiú go mbeidh na córais, na comhpháirteanna nó na haonaid theicniúla ar leith is féidir a fheistiú ar fheithiclí agus a d'fheadfadh dochar mór a dhéanamh d’fheidhmiú na gcóras atá riachtanach ó thaobh sábháilteachta nó chosaint an chomhshaoil de, go mbeidh siad faoi réir rialú roimh ré ag údarás formheasa sula ndíoltar, sula gcláraítear nó sula gcuirtear i seirbhís iad.

    9. Déanann Treoir 95/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Feabhra 1995 maidir le huasluas dearaidh, uas-chasmhóimint, agus uas-ghlanchumhacht innill mótarfheithiclí dhá nó trí roth21 cead a thabhairt do na Ballstáit diúltú, laistigh dá gcríoch, do chlárú tosaigh nó cláraithe ina dhiaidh sin aon fheithicle ag a bhfuil uas-ghlanchumhacht níos mó ná 74 kW. Maidir leis an gcomhghaoilmhaireacht idir sábháilteacht agus cumhacht absalóideach a theorannú a rabhthas ag súil léi, ní rabhthas in ann é a dhearbhú i roinnt stáidéar eolaíochta. Ar an gcúis sin agus d'fhonn bacainní inmheánacha ar thrádáil ar mhargadh an Aontais a bhaint, níor cheart an rogha sin a choimeád a thuilleadh. Ba cheart bearta eile sábháilteachta atá níos éifeachtaí a thabhairt isteach chun go laghdóidh an líon ard básanna agus gortuithe i dtimpistí bóthair a bhíonn ann san Aontas i measc lucht úsáidte feithiclí cumhachtaithe dhá roth.

    10. Is é atá sa Rialachán seo tacar sonrach ceanglas maidir le cúrsaí sábháilteachta agus comhshaoil. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach forálacha a leagan síos d'fhonn a áirithiú, i gcásanna inar mórábhar baoil í feithicil do lucht a húsáide nó don chomhshaol, go ndéanfaidh an monaróir nó aon oibreoir eacnamaíoch eile sa slabhra soláthair bearta cosanta, lena n-áirítear feithiclí a aisghairm, de réir bhrí Airteagal 20 de Rialachán 765/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a chur ar an margadh[32]. Ba cheart do na húdaráis formheasa, dá bhrí sin, a bheith in ann leordhóthanacht na mbeart sin a mheasúnú.

    11. D'fhonn an reachtaíocht maidir le cineálcheadú a shimpliú agus a luathú, tugadh cur chuige nua rialála isteach i reachtaíocht AE maidir le cineálcheadú feithiclí arb é atá ann nach leagann an reachtóir amach ach na rialacha bunúsacha agus na prionsabail bhunúsacha sa ghnáthnós imeachta reachtach agus go ndéanann sé an reachtaíocht maidir le tuilleadh sonraí teicniúla a tharmligean chuig an gCoimisiún. Dá bhrí sin, maidir le ceanglais shubstainteacha, níor cheart ach forálacha bunúsacha maidir le sábháilteacht fheidhmiúil agus maidir le feidhmíocht chomhshaoil a leagan síos leis an Rialachán seo, agus ba cheart an chumhacht na sonraíochtaí teicniúla a leagan síos a tharmligean chuig an gCoimisiún.

    12. Ba cheart faireachas margaidh in earnáil na ngluaisteán a fheabhsú, in earnáil na ngluaisteán de chatagóir L go háirithe, trí bhíthin na forálacha dlí lena rialaítear comhréireacht táirgeachta agus lena sonraítear oibleagáidí na n-oibreoirí eacnamaíocha sa slabhra soláthair a fheabhsú. Go háirithe, ba cheart ról agus freagrachtaí údaráis na mBallstát a bhfuil cineálcheadú agus faireachas margaidh de chúram orthu a shoiléiriú, agus ba cheart na ceanglais maidir le hinniúlacht, oibleagáidí agus feidhmíocht na seirbhísí teicniúla a dhéanann cineálcheadú feithiclí a athneartú. Ba cheart comhlíonadh an chineálcheadaithe agus na gceanglas reachtaíochta maidir le comhréireacht táirgeachta lena rialaítear earnáil na ngluaisteán a bheith i gcónaí ar an bpríomhfhreagracht atá ar na húdaráis cineálcheadaithe, ach d'fhéadfadh faireachas margaidh a bheith ina inniúlacht a roinnfí ar na húdaráis náisiúnta.

    13. D’fhonn cosc a chur ar mhí-úsáid, níor cheart feidhm a bheith ag aon nós imeachta simplithe um fheithiclí a tháirgtear i sraitheanna beaga ach maidir le cásanna ina dtáirgtear líon fíorbheag feithiclí. Is gá, dá bhrí sin, coincheap na sraithe bige a shainmhíniú go beacht ó thaobh líon na bhfeithiclí a dhíoltar, a chláraítear agus a chuirtear i seirbhís.

    14. D’fhonn a áirithiú go mbeidh an nós imeachta trína ndéantar monatóireacht ar chomhréireacht táirgeachta á chur i bhfeidhm agus ag feidhmiú mar is ceart, ba cheart don údarás inniúil na monaróirí a sheiceáil go rialta nó ba cheart do sheirbhís theicniúil a bhfuil na cáilíochtaí iomchuí aici, agus a ceapadh chun na críche sin, é dhéanamh.

    15. Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir le pionóis is infheidhme as sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus ba cheart dóibh a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ba cheart na pionóis sin a bheith éifeachtach comhréireach athchomhairleach.

    16. De réir Airteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ba cheart na rialacha ginearálta agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na meicníochtaí lena rialaíonn na Ballstáit feidhmiú chumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin, ba cheart iad a leagan síos roimh ré le Rialacháin arna nglacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach. Sula nglactar rialacháin nua dá leithéidí, tá feidhm i gcónaí ag Treoir 1999/468/CE[33] ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún, cé is moite den nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú nach bhfuil feidhm aige a thuilleadh.

    17. Ba cheart cumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den CFAE i ndáil le sábháilteacht fheidhmiúil agus feidhmíocht chomhshaoil, tástáil, rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil agus seirbhísí teicniúla agus a gcúraimí údaraithe sonracha a cheapadh d'fhonn eilimintí neamhriachtanacha áirithe de ghníomhartha reachtaíochta a fhorlíonadh nó a leasú trí fhorálacha a bhfuil feidhm ghinearálta acu. Níor cheart go gceadófar le cumhacht den sórt sin leasú ar na dátaí cur chun feidhme atá leagtha amach in Iarscríbhinn IV ná ar na luachanna teorantacha astaíochtaí atá leagtha amach in Iarscríbhinn VI. Ba cheart leasuithe ar na dátaí nó ar na luachanna sin a bhunú i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach atá leagtha amach in Airteagal 114 den CFAE.

    18. Ba cheart cumhachtaí a thabhairt don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 291 den Chonradh d’fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a leagan síos chun an Rialachán seo a chur chun feidhme maidir leis an liosta de na blúiríní faisnéise atá le soláthar chun iarratas a dhéanamh ar chineálcheadú, maidir le nósanna imeachta cineálcheadaithe, maidir le teimpléid le haghaidh phlátaí breise na monaróirí, maidir le deimhnithe AE ar chineálcheadú, maidir le liosta de na cineálcheaduithe a eisíodh, maidir le córas uimhrithe le haghaidh cineálcheaduithe AE agus maidir le nósanna imeachta chun comhréireacht táirgeachta a áirithiú. Tá gá le coinníollacha aonfhoirmeacha chun na nithe sin a chur chun feidhme sna Ballstáit d'fhonn dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh á áirithiú trí aitheantas frithpháirteach a bhaint amach do chinntí riaracháin arna ndéanamh sna Ballstáit (cineálcheaduithe go háirithe) agus do ghlacadh doiciméad arna n-eisiúint ag monaróirí feithiclí (deimnithe comhréireachta go háirithe).

    19. Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na gníomhaíochta, i.e. margadh inmheánach lán-chomhchuibhithe a chur i gcrích trí chóras éigeantach cineálcheadaithe AE maidir le feithiclí de chatagóir L, a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr, dá bhrí sin, i ngeall ar fhairsinge na gníomhaíochta, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil gá leis d'fhonn an cuspóir seo a bhaint amach.

    20. Ba cheart na Treoracha a leanas a aisghairm:

    21. Treoir 2009/139/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le marcanna reachtúla le haghaidh mótarfheithiclí dhá nó trí roth[34].

    22. Treoir 2009/80/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le rialaitheoirí, nodchomharthaí agus táscairí a shainaithint le haghaidh mótarfheithiclí dhá nó trí roth[35].

    23. Treoir 2009/79/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le greamáin lámh do phaisinéirí ar mhótarfheithiclí dhá (leagan códaithe) roth[36];

    24. Treoir 2009/78/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le seastáin i gcomhair mótarfheithiclí dhá roth[37];

    25. Treoir 2009/67/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le feistí soilsiúcháin agus solaschomharthaíochta a shuiteáil ar mhótarfheithiclí dhá nó trí roth[38];

    26. Treoir 2009/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 a bhaineann leis an spás chun pláta clárúcháin cúil mótarfheithiclí dhá roth nó trí roth a fheistiú [39];

    27. Treoir 2002/51/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Iúil 2002 maidir leis an leibhéal d'astaíochtaí truailleán ó mhótarfheithiclí dhá nó trí roth a laghdú agus lena leasaítear Treoir 97/24/CE[40];

    28. Treoir 2002/24/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Márta 2002 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí dhá nó trí roth[41] agus lena n-aisghairtear Treoir 92/61/CEE ón gComhairle;

    29. Treoir 2000/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Márta 2000 maidir le luasmhéadair le haghaidh mótarfheithiclí dhá nó trí roth agus lena leasaítear Treoir 92/61/CEE ón gComhairle maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí dhá nó trí roth[42];

    30. Treoir 97/24/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 1997 maidir le comhpháirteanna agus airíonna áirithe mótarfheithiclí dhá nó trí roth[43];

    31. Treoir 95/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Feabhra 1995 maidir le huasluas dearaidh, uas-chasmhóimint, agus uas-ghlanchumhacht innill mótarfheithiclí dhá roth nó trí roth[44];

    32. Treoir 93/93/CEE an 29 Deireadh Fómhair 1993 ón gComhairle maidir le maiseanna agus toisí mótarfheithiclí dhá nó trí roth[45];

    33. Treoir 93/33/CEE an 14 Meitheamh 1993 ón gComhairle maidir le feistí cosanta atá ceaptha chun úsáid neamhúdaraithe mótarfheithiclí dhá nó trí roth a chosc[46];

    34. Treoir 93/30/CEE an 14 Meitheamh 1993 ón gComhairle maidir le feistí rabhaidh inchloiste ar mhótarfheithiclí dhá roth nó trí roth[47];

    35. Treoir 93/14/CEE an 5 Aibreán 1993 ón gComhairle maidir leis an gcoscánú ar mhótarfheithiclí dhá roth nó trí roth[48].

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    CAIBIDIL I ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

    Airteagal 1 Ábhar

    36. Leis an Rialachán seo bunaítear na ceanglais riaracháin agus theicniúla chun na feithiclí nua go léir dá dtagraítear in Airteagal 2(1) a fhormheas agus chun faireachas margaidh a dhéanamh orthu.

    37. Bunaítear leis an Rialachán seo freisin na ceanglais maidir le díol agus cur i seirbhís córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leith atá ceaptha d'fheithiclí arna bhformheas i gcomhréir leis an Rialachán seo.

    38. Beidh an Rialachán seo gan dochar do chur i bhfeidhm reachtaíocht ábhartha an Aontais maidir le sábháilteacht fheidhmiúil feithiclí agus feidhmíocht chomhshaoil feithiclí.

    Airteagal 2 Raon feidhme

    39. Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le cineálcheadú agus formheas aonair na bhfeithiclí nua dhá nó trí roth go léir agus na gcuadrothar nua go léir a bhfuil tuairisc orthu in Airteagal 4 agus in Iarscríbhinn I ('feithiclí de chatagóir L' anseo feasta), ar feithiclí iad atá ceaptha do thaisteal ar bhóithre poiblí, lena n-áirítear feithiclí a bhfuil níos mó ná céim amháin ina ndearadh agus a dtógáil. Tá feidhm aige freisin maidir le cineálcheadú agus formheas aonair na gcóras, na gcomhpháirteanna agus na n-aonad teicniúil ar leith arna ndearadh agus arna dtógáil le haghaidh feithiclí den sórt sin.

    40. Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na feithiclí a leanas:

    (a) feithiclí ag a bhfuil uasluas dearaidh nach mó ná 6 km/h;

    (b) feithiclí atá ceaptha lena n-úsáid go heisiach ag daoine faoi mhíchumas coirp;

    (c) feithiclí atá ceaptha go heisiach lena n-oibriú ag coisithe;

    (d) feithiclí atá ceaptha go heisiach lena n-úsáid i gcomórtais bhóthair nó easbhóthair;

    (e) feithiclí atá ceaptha lena n-úsáid go heisiach ag na fórsaí armtha, ag gníomhaireachtaí um fheidhmiú an dlí, ag seirbhísí cosanta sibhialta, ag briogáidí dóiteáin, nó ag comhlachtaí oibreacha poiblí;

    (f) feithiclí talmhaíochta nó foraoiseachta atá faoi réir Threoir 2003/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[49], meaisíní atá faoi réir Threoir 2006/42/CE[50] agus Threoir 97/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[51] agus mótarfheithiclí atá faoi réir Threoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[52];

    (g) feithiclí atá ceaptha go príomha le haghaidh úsáide easbhóthair agus le haghaidh taistil ar dhromchlaí nach bhfuil pábháilte;

    (h) rothair le troitheáil chuidithe ar a bhfuil mótar cúnta leictreach feistithe ag a bhfuil uas-chumhacht rátaithe leantach 0.25 kW, ar mótar é ina múchann an chumhacht nuair a stadann an rothaí den troitheáil, nó a laghdaíonn de réir a chéile agus a stopann agus an fheithicil ag gluaisteacht ag 25 km/h;

    (i) meaisíní féinchothromaithe;

    (j) feithiclí nach bhfuil ar a laghad suíomh suí amháin iontu.

    Airteagal 3 Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo agus chun críocha na ngníomhartha atá liostaithe in Iarscríbhinn II, ach amháin má fhoráiltear a mhalairt, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leanas:

    41. ciallaíonn 'cineálcheadú' an nós imeachta trína ndeimhníonn údarás formheasa go gcomhlíonann cineál feithicle, córais, comhpháirte nó aonaid theicniúil ar leith na forálacha riaracháin ábhartha agus na ceanglais theicniúla ábhartha;

    42. ciallaíonn 'deimhniú ar chineálcheadú' an doiciméad trína ndeimhníonn an t-údarás formheasa go hoifigiúil go bhfuil cineál feithicle, córais, comhpháirte nó aonaid theicniúil ar leith formheasta;

    43. ciallaíonn 'cineálcheadú feithicle ina hiomláine' cineálcheadú trína ndeimhníonn údarás formheasa go gcomhlíonann feithicil iomlán na forálacha riaracháin agus na ceanglais theicniúla ábhartha;

    44. ciallaíonn 'cineálcheadú AE' an nós imeachta trína ndeimhníonn údarás formheasa go gcomhlíonann cineál feithicle, córais, comhpháirte nó aonaid theicniúil ar leith forálacha riaracháin ábhartha agus ceanglais theicniúla ábhartha an Rialacháin seo;

    45. ciallaíonn 'deimhniú ar chineálcheadú AE' an deimhniú arna bhunú ar an tsamhail arna leagan amach sa ghníomh cur chun feidhme faoin Rialachán seo nó an fhoirm chumarsáide a ghabhann leis na rialacháin choibhéiseacha ábhartha de chuid an UNECE arna liostú na gníomhartha tarmligthe;

    46. ciallaíonn 'cineálcheadú córais' cineálcheadú trína ndeimhníonn údarás formheasa go gcomhlíonann córas atá ionsuite i gcineál áirithe feithicle na forálacha riaracháin ábhartha agus na ceanglais theicniúla ábhartha;

    47. ciallaíonn 'cineálcheadú aonaid theicniúil ar leith' cineálcheadú trína ndeimhníonn údarás formheasa go gcomhlíonann aonad teicniúil ar leith na forálacha riaracháin ábhartha agus na ceanglais theicniúla ábhartha i dtaca le cineál amháin nó níos mó feithicle sonraithe;

    48. ciallaíonn 'cineálcheadú comhpháirte' cineálcheadú trína ndeimhníonn údarás formheasa go gcomhlíonann comhpháirt, gan spleáchas d’fheithicil, na forálacha riaracháin ábhartha agus na ceanglais theicniúla ábhartha;

    49. ciallaíonn 'cineálcheadú náisiúnta' nós imeachta cineálcheadaithe arna leagan síos i ndlí náisiúnta Ballstáit, ar cineálcheadú é nach bhfuil bailí ach i gcríoch an Bhallstáit sin;

    50. ciallaíonn 'deimhniú um fhormheas aonair' doiciméad trína ndeimhníonn an t-údarás formheasa go hoifigiúil go bhfuil feithicil áirithe formheasta;

    51. ciallaíonn 'deimhniú comhréireachta' doiciméad atá bunaithe ar an tsamhail arna leagan amach sa ghníomh cur chun feidhme agus a eisíonn an monaróir feithicle le deimhniú go bhfreagraíonn feithicil, tráth a cur i gcrích, do chineál feithicle arna cineálcheadú i gcomhréir leis an Rialachán seo;

    52. ciallaíonn 'bonnfheithicil' aon fheithicil cumhdaithe ag an Rialachán seo agus a úsáidtear ag an gcéim thosaigh i bpróiseas cineálcheadaithe ilchéimnigh;

    53. ciallaíonn 'feithicil neamhiomlán' aon fheithicil a bhfuil ar a laghad chéim amháin eile chríochnaithe le déanamh aici d’fhonn ceanglais theicniúla ábhartha an Rialacháin seo a chomhlíonadh;

    54. ciallaíonn 'feithicil lánchríochnaithe' feithicil ar toradh ar phróiseas cineálcheadaithe ilchéimnigh í agus a chomhlíonann ceanglais theicniúla ábhartha an Rialacháin seo;

    55. ciallaíonn 'feithicil iomlán' aon fheithicil nach gá a chríochnú chun ceanglais theicniúla ábhartha an Rialacháin seo a chomhlíonadh;

    56. ciallaíonn 'córas' cóimeáil feistí arna gcur le chéile chun feidhm shonrach amháin nó níos mó a dhéanamh i bhfeithicil agus atá faoi réir cheanglais an Rialacháin seo nó faoi réir cheanglais aon cheann dá ghníomhartha tarmligthe nó dá ghníomhartha cur chun feidhme;

    57. ciallaíonn 'comhpháirt' feiste atá faoi réir cheanglais an Rialacháin seo nó cheanglais aon cheann dá ghníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme, ar feiste í atá ceaptha le bheith ina páirt d'fheithicil agus a fhéadfar a chineálcheadú go neamhspleách ar fheithicil i gcomhréir leis an Rialachán seo agus lena ghníomhartha tarmligthe nó lena ghníomhartha cur chun feidhme;

    58. ciallaíonn 'aonad teicniúil ar leith' comhcheangal feistí atá faoi réir cheanglais an Rialacháin seo nó faoi réir cheanglais aon cheann dá ghníomhartha tarmligthe nó dá ghníomhartha cur chun feidhme, ar comhcheangal é atá ceaptha a bheith ina pháirt d'fheithicil agus a fhéadfar a chineálcheadú ar leithligh i gcomhréir leis an Rialachán seo agus lena ghníomhartha tarmligthe nó lena ghníomhartha cur chun feidhme;

    59. ciallaíonn 'sábháilteacht fheidhmiúil' gan aon bhaol doghlactha díobhála coirp nó damáiste do shláinte an duine a bheith ann de thoradh guaiseacha arbh é iompar mífheidhmiúil córas, comhpháirteanna nó aonad teicniúil ar leith de chineál meicniúil, hiodrálach, neomatach, leictreach agus/nó leictreonach ba chúis leo.

    60. ciallaíonn 'feiste rialaithe truaillithe' na comhpháirteanna sin d'fheithicil a rialaíonn agus/nó a laghdaíonn astaíochtaí sceithphíopa agus/nó astaíochtaí galaithe.

    61. ciallaíonn 'suíomh suí' spás a dhearbhaigh an monaróir ina leith gur féidir riochtán duine an 50ú peirceintíl a shuiteáil ann, nó diallait;

    62. ciallaíonn 'inneall adhainte comhbhrú' inneall dócháin a fheidhmíonn de réir phrionsabail an phróisis dócháin 'Diesel' agus arb é 'inneall CI' a ghiorrúchán;

    63. ciallaíonn 'inneall le hadhaint dheimhneach' inneall dócháin a fheidhmíonn de réir phrionsabail an phróisis dócháin 'Otto' agus arb é 'inneall PI' a ghiorrúchán;

    64. ciallaíonn 'feithicil hibrideach' feithicil chumhachtaithe a bhfuil ar a laghad dhá tiontaire fuinnimh agus dhá chóras stórála fuinnimh feistithe air (san fheithicil) chun críche an fheithicil a thiomáint;

    65. ciallaíonn 'feithicil leictreach hibrideach' feithicil hibrideach a tharraingíonn fuinneamh, ar mhaithe le tiomáint, ó gach ceann de na foinsí fuinnimh stóráilte ar feithicil a leanas:

    (a) breosla intomhalta;

    (b) feiste chun fuinneamh leictreach a stóráil;

    66. ciallaíonn 'tiomáint' inneall dócháin, inneall leictreach, aon fheidhm hibreadach nó aon chomhcheangal de na hinnill sin nó aon chineál eile innill;

    67. ciallaíonn 'feiste sáraithe' aon eilimint dearaidh lena mothaítear an teocht, luas na feithicle, luas agus/nó ualach an innill, giar traiseolta, folús iolrúcháin nó aon pharaiméadar lena ngníomhachtaítear, lena modhnaítear, lena moillítear nó lena ndíghníomhachtaítear oibriú aon chuid den chóras rialaithe astaíochta agus iar-chóireála sceite agus a laghdaíonn éifeachtúlacht an chórais rialaithe astaíochta i gcoinníollacha a bhféadfaí a bheith ag súil leo go réasúnach faoi ghnáthdhálaí oibre agus úsáide feithicle;

    68. ciallaíonn 'marthanacht' cumas seasmhachta comhpháirteanna agus córas chun go gcomhlíonfar na teorainneacha astaíochta is infheidhme i gcónaí tar éis míleáiste atá sonraithe in Iarscríbhinn VII a bheith déanta agus chun go n-áiritheofar sábháilteacht fheidhmiúil feithicle le linn saolré na feithicle, agus an fheithicil á n-úsáid faoi ghnáthchúinsí nó faoi na cúinsí a ceapadh di;

    69. ciallaíonn 'toilleadh innill':

    (a) i gcás inneall loiní frithingeacha, toilleadh ainmniúil na sorcóirí,

    (b) i gcás inneall loine rothlaigh (Wankel), a dhá oiread thoilleadh ainmniúil na sorcóirí;

    70. ciallaíonn 'astaíochtaí galaithe' na gala hidreacarbóin a chailltear i gcóras stórála agus soláthair breosla mótarfheithicle, ar astaíochtaí hidreacarbóin nach astaíochtaí sceithphíopa iad;

    71. ciallaíonn 'tástáil SHED' tástáil feithicle i dteach séalaithe chun galú a dhearbhú arb é atá ann tástáil speisialta ar astaíochtaí galaithe a dhéanamh ar an mbealach atá sainithe i ngníomh tarmligthe.

    72. ciallaíonn 'córas breosla ghásaigh' córas ina bhfuil stóráil breosla ghásaigh, soláthar breosla, comhpháirteanna méadrúcháin agus rialaithe arna bhfeistiú ar inneall ionas go bhféadfaidh an t-inneall feidhmiú le gás peitriliam leachtaithe, le gás nádúrtha comhbhrúite nó le hidrigin mar fheidhm mhonabhreosla, dhébhreosla nó ilbhreosla;

    73. ciallaíonn 'truailleán' astaíochtaí gáis scéite aonocsaíde carbóin (CO), ocsaídí de nítrigin (NOx) arna sloinneadh i gcoibhéis dé-ocsaíd nítrigine (NO2), ábhar cáithníneach (PM), agus hidreacarbóin (HC), sna cóimheasa seo:

    (a) C1H1.85 i gcás peitril,

    (b) C1H1.86 i gcás díosail;

    74. ciallaíonn 'astaíochtaí sceithphíopa' astú truailleán as sceithphíopa na feithicle;

    75. ciallaíonn 'ábhar cáithníneach' comhábhar den ghás sceite a bhaintear den ghás sceite caolaithe ag uasteocht 325 K (52 °C) trí bhíthin na scagairí a bhfuil tuairisc orthu sa nós imeachta tástála, i ngníomh tarmligthe, chun meánastaíochtaí sceithphíopa a sheiceáil;

    76. ciallaíonn 'Timthriall Tástála Domhanda do Ghluaisrothair' an timthriall tástála saotharlainne domhanda comhchuibhithe maidir le hastaíochtaí (WTMC) arna sainiú le rialachán teicniúil domhanda Uimhir 2 de chuid an UNECE;

    77. ciallaíonn 'monaróir' an duine nó an comhlacht atá freagrach don údarás formheasa as gach gné den chineálcheadú agus den phróiseas údaraithe agus as comhréireacht táirgeachta a áirithiú agus atá freagrach freisin as ceisteanna a bhaineann le faireachas margaidh ó thaobh na bhfeithiclí, na gcóras, na gcomhpháirteanna agus na n-aonad teicniúil ar leith a tháirgeann siad, is cuma cé acu atá páirt dhíreach ag an duine nó ag an gcomhlacht i ngach céim de thógáil na feithicle, an chórais, na comhpháirte nó an aonaid theicniúil ar leith is ábhar don phróiseas formheasa, nó nach bhfuil;

    78. ciallaíonn 'ionadaí monaróra' aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus a cheap an monaróir go hiomchuí le bheith ina ionadaí thar a cheann os comhair an údaráis formheasa agus chun gníomhú thar a cheann i leith ábhar a chumhdaíonn an Rialachán seo;

    79. ciallaíonn 'allmhaireoir' aon duine nádúrtha nó dlitheanach atá bunaithe san Aontas a dhíolann, a chláraíonn nó atá freagrach as teacht i seirbhís feithicle, córais, comhpháirte nó aonaid theicniúil ar leith ó thríú tír ar mhargadh an Aontais;

    80. ciallaíonn 'dáileoir' aon duine nádúrtha nó dlitheanach sa slabhra sólathair, seachas an monaróir agus an t-allmhaireoir, a dhíolann, a chláraíonn nó atá freagrach as teacht i seirbhís feithicle, córais, comhpháirte nó aonaid theicniúil ar leith ar mhargadh an Aontais;

    81. ciallaíonn 'oibreoir eacnamaíoch' an monaróir, ionadaí an mhonaróra, an t-allmhaireoir nó an dáileoir;

    82. ciallaíonn 'údarás formheasa' údarás Ballstáit arna bhunú nó arna cheapadh ag an mBallstát sin, ar chuir an Ballstát an Coimisiún ar an eolas ina leith agus atá inniúil maidir le gach gné a bhaineann le cineálcheadú feithicle, córais, comhpháirte nó aonaid theicniúil ar leith nó le formheas aonair feithicle, maidir leis an bpróiseas údaraithe, maidir le deimhnithe formheasa a eisiúint agus, más iomchuí, iad a tharraingt siar, maidir le gníomhú mar phointe teagmhála d’údaráis formheasa na mBallstát eile, maidir leis na seirbhísí teicniúla a ainmniú agus maidir lena áirithiú go gcomhlíonfaidh an monaróir a chuid oibleagáidí i leith comhréireachta táirgeachta;

    83. ciallaíonn 'údarás um fhaireachas margaidh' údarás de chuid Ballstáit atá freagrach as faireachas margaidh a dhéanamh ar a chríoch;

    84. ciallaíonn 'údarás náisiúnta' údarás formheasa, údarás um fhaireachas margaidh nó aon údarás eile i mBallstát a bhíonn ag plé le agus atá freagrach as cineálcheadú, clárú, faireachas margaidh nó rialú allmhairiúcháin i leith feithiclí, córas, comhpháirteanna nó aonad teicniúil ar leith a chumhdaíonn an Rialachán seo.

    85. ciallaíonn 'seirbhís theicniúil' eagraíocht nó comhlacht arna ainmniú ag údarás formheasa Ballstáit mar shaotharlann chun tástálacha a dhéanamh, nó mar chomhlacht measúnaithe comhréireachta chun an measúnú tosaigh agus tástálacha nó cigireachtaí eile a dhéanamh, thar ceann an údaráis formheasa;

    86. ciallaíonn 'féintástáil' tástálacha a dhéanamh i saoráidí an mhonaróra, torthaí na dtástálacha sin a chlárú, agus tuarascáil ina bhfuil conclúidí a chur faoi bhráid an údaráis formheasa, arna dhéanamh sin ag monaróir a ainmníodh mar sheirbhís theicniúil d’fhonn comhlíonadh ceanglas áirithe a mheasúnú;

    87. ciallaíonn 'modh fíorúil tástála' ionsamhlúcháin ríomhaire, lena n-áirítear ríomhanna, le taispeáint cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann feithicil, córas, comhpháirt nó aonad teicniúil ar leith ceanglais theicniúla an Rialacháin seo nó ceanglais theicniúla a ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme, gan gá a bheith le feithicil fhisiciúil, córas fisiciúil, comhpháirt fhisiciúil ná aonad teicniúil ar leith fisiciúil a úsáid;

    88. ciallaíonn 'diagnóisic ar bord' córas monatóireachta atá in ann an áit is dóchúla ina bhfuil mífheidhm comhpháirte nó córais a shainaithint agus a stórálann cóid dhiagnóiseacha ainghléis agus faisnéis faoin gcomhshaol i gcuimhne ríomhaire agus a thuariscíonn iad sin ar iarratas ó uirlis cineálach scanacháin agus a chuireann in iúl don tiománaí go bhfuil ábhair thromchúiseacha imní ann maidir le sábháilteacht fheidhmiúil nó maidir leis an gcomhshaol trí bhíthin an solas táscaire mífheidhme ar phainéal na n-ionstraimí a lasadh;

    89. ciallaíonn 'faisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí' gach faisnéis is gá chun diagnóis, seirbhísiú, cigireacht, monatóireacht thréimhsiúil, deisiú, athchlárú nó atosú a dhéanamh ar fheithicil, ar faisnéis í a sholáthraíonn monaróirí dá ndéileálaithe agus dá ndeisitheorí údaraithe, lena n-áirítear gach leasú agus forlíonadh iardain ar an bhfaisnéis. Áireofar san fhaisnéis sin gach faisnéis is gá chun córais, comhpháirteanna nó aonaid theicniúla ar leith a fheistiú ar fheithiclí;

    90. ciallaíonn 'oibreoir neamhspleách' gnóthais seachas déileálaithe údaraithe agus deisitheoirí údaraithe a bhíonn páirt dhíreach nó indíreach acu i ndeisiú agus i gcothabháil mótarfheithiclí;

    91. ciallaíonn 'feithicil nua' feithicil a chomhlíonann ceann amháin de na coinníollacha a leanas:

    (a) feithicil nár cláraíodh riamh, nó

    (b) feithicil atá cláraithe le tréimhse níos giorra ná sé mhí tráth a dhéantar iarratas ar fhormheas aonair;

    92. ciallaíonn 'feithicil ceann sraithe' aon fheithicil ar cuid de stoc í nach féidir a dhíol, a chlárú ná a chur i seirbhís toisc go bhfuil ceanglais theicniúla nua nár formheasadh í dá réir ag teacht i bhfeidhm;

    93. ciallaíonn 'feithicil chumhachtaithe dhá roth' (PTW) feithicil cumhachtaithe dhá roth, lena n-áirítear rothair ar a bhfuil dhá roth, móipéidí dhá roth agus gluaisrothair dhá roth;

    94. ciallaíonn 'trírothach cumhachtaithe' feithicil chumhachtaithe trí roth a chomhlíonann na critéir aicmiúcháin maidir le feithiclí de chatagóir L5e;

    95. ciallaíonn 'cuadrothar' feithicil ceithre roth a chomhlíonann na critéir aicmiúcháin maidir le feithiclí de chatagóir L6e nó L7e;

    96. ciallaíonn 'meaisín féinchothromaithe' feithicil a bhfuil an coincheap di bunaithe ar chothromaíocht éagobhsaí fhréimhíochta agus a bhfuil córas cúnta rialaithe de dhíth uirthi chun go bhfanfaidh sé ar mheá chothrom, lena n-áirítear feithiclí cumhachtaithe aonroth agus feithiclí cumhachtaithe dhá roth dériain ;

    97. ciallaíonn 'cuad bóthair' feithicil ceithre roth atá ceaptha lena tiomáint ar bhóithre poiblí pábháilte agus a chomhlíonann na critéir maidir le cuaid bhóthair éadroma (catagóir L6Ae) nó maidir le cuaid throma bóthair (L7Ae);

    98. ciallaíonn 'leantóir' aon fheithicil neamh-fhéinghluaiste arna ceapadh agus arna tógáil le bheith tarraingthe ag feithicil de chatagóir L;

    99. ciallaíonn 'rothaí cúplacha' dhá roth feistithe ar aon acastóir amháin a meastar gur aon roth amháin iad agus arb ionann an fad idir lár a n-achar teagmhála leis an talamh agus 460 mm nó ar lú ná 460 mm an fad sin;

    100. ciallaíonn 'clárú' údarú riaracháin a thabhairt d'fheithicil dul i seirbhís i dtrácht bóthair arb é atá ann an fheithicil sin a shainaithint agus sraithuimhir a eisiúint di, rud dá ngairfear 'cláruimhir', bíodh sé sin ar bhonn buan, sealadach nó ar feadh tréimhse giorra;

    101. ciallaíonn 'cur i seirbhís' an chéad úsáid san Aontas, chun na críche a ceapadh dóibh, a bhaintear as feithicil, córas nó aonad teicniúil atá cumhdaithe ag an Rialachán seo;

    102. ciallaíonn 'díol' aon díol idir an monaróir agus an díoltóir nó aon díol leis an úsáideoir deiridh;

    103. ciallaíonn 'cur fáil ar an margadh' aon soláthar feithicle, córais, comhpháirte nó aonaid teicniúil ar leith, lena dháileadh nó lena úsáid ar mhargadh an Aontais, mar chuid de ghníomhaíocht tráchtála, bíodh sé sin ar íocaíocht nó saor in aisce;

    104. ciallaíonn 'cur ar an margadh' feithicil, córas, comhpháirt nó aonad teicniúil ar leith a chur ar fáil den chéad uair san Aontas;

    105. ciallaíonn 'cineál feithicle' grúpa feithiclí, lena n-áirítear malairtí agus leaganacha de chatagóir áirithe nach bhfuil aon difríocht eatarthu i leith na ngnéithe bunúsacha a leanas ar a laghad:

    (a) catagóir nó fochatagóir;

    (b) monaróir;

    (c) fonnadh, fráma, fofhráma, painéal urláir nó struchtúr a gceanglaítear comhpháirteanna de;

    (d) prionsabail oibriúcháin a dtiomána;

    (e) an tuairisc chineáil a thug an monaróir dóibh;

    106. ciallaíonn 'malairt' feithiclí den chineál céanna:

    (a) inarb ionann buntréithe chruth na cabhlach;

    (b) inarb ionann an tiomáint agus an chumraíocht tiomána;

    (c) inarb ionann, nuair is cuid den tiomáint inneall dócháin, timthriall oibriúcháin an innill;

    (d) inarb ionann líon agus socrú na sorcóirí iontu;

    (e) inarb ionann an cineál giarbhosca;

    (f) nach bhfuil an difear iontu ó thaobh maise in ord reatha idir an luach is ísle agus an luach is airde níos mó ná 20 % den luach is ísle;

    (g) nach bhfuil an difear iontu ó thaobh uasmhaise ceadaithe idir an luach is ísle agus an luach is airde níos mó ná 20 % den luach is ísle;

    (h) nach bhfuil an difear iontu ó thaobh thoilleadh sorcóra an aonaid chumhachta idir an luach is ísle agus an luach is airde níos mó ná 30 % den luach is ísle;

    (i) nach bhfuil an difear iontu ó thaobh aschur cumhachta an aonaid chumhachta idir an luach is ísle agus an luach is airde níos mó ná 30 % den luach is ísle;

    107. ciallaíonn 'leagan' feithicil arb é atá ann comhcheangal nithe atá le feiceáil sa phacáiste faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 27(10).

    Airteagal 4 Catagóirí feithiclí

    108. Cuimsíonn feithiclí de chatagóir L feithiclí cumhachtaithe dhá, trí, agus ceithre roth, faoi mar atá siad aicmithe sna míreanna a leanas agus in Iarscríbhinn I, lena n-áirítear rothair chumhachtaithe, móipéidí dhá agus trí roth, gluaisrothair dhá agus trí roth, gluaisrothair le taobhcharr, cuaid bhóthair éadroma agus troma, agus mioncharranna éadroma agus throma.

    109. Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na catagóirí agus na fochatagóirí feithiclí a leanas, arna dtuairisciú in Iarscríbhinn I:

    (a) Feithicil de chatagóir L1e (feithicil chumhachtaithe éadrom dhá roth), arna fochatagórú mar seo:

    (i) feithicil de chatagóir L1Ae (rothar cumhachtaithe);

    (ii) feithicil de chatagóir L1Be (móipéid dhá roth).

    (b) Feithicil de chatagóir L2e (móipéid trí roth).

    (c) Feithicil de chatagóir L3e (gluaisrothar dhá roth), arna fochatagórú mar seo:

    (i) feidhmíocht gluaisrothair[53], arna fochatagorú mar seo:

    – Feithicil A1 (gluaisrothar ísealfheidhmíochta);

    – Feithicil A2 (gluaisrothar meánfheidhmíochta);

    – Feithicil A3 (gluaisrothar ardfheidhmíochta);

    (ii) uasluas dearaidh feithicle:

    - níos lú ná 130 km/h nó cothrom leis;

    - níos mó ná 130 km/h.

    (d) Feithicil de chatagóir L4e (gluaisrothar dhá roth le taobhcharr).

    (e) Feithicil de chatagóir L5e (trírothach cumhachtaithe) arna fochatagórú mar seo:

    (i) Feithicil d'fhochatagóir L5Ae (trírothach);

    (ii) Feithicil d'fhochatagóir L5Be (trírothach trádála) arna fochatagórú mar seo:

    – L5Be – feithicil U: trírothach fóntais arna ceapadh go heisiach chun earraí a iompar;

    – L5Be – feithicil P: feithicil arna ceapadh agus arna húsáid go príomha chun paisinéirí a iompar.

    (f) Feithicil de chatagóir L6e (cuadrothair éadroma) arna fochatagórú mar seo:

    (i) Feithicil L6Ae (cuad bóthair éadrom)

    (ii) Feithicil L6Be (mioncharr éadrom), arna fochatagórú mar seo:

    – L6Be – feithicil U: feithicil fóntais arna ceapadh go heisiach chun earraí a iompar;

    – L6Be – feithicil P: feithicil arna ceapadh agus arna húsáid go príomha chun paisinéirí a iompar.

    (g) Feithicil de chatagóir L7e (cuadrothair throma) arna fochatagórú mar seo:

    (i) Feithicil d'fhochatagóir L7Ae (cuad bóthair trom);

    (ii) Feithicil d'fhochatagóir L7Be (mioncharr trom) arna fochatagórú mar seo:

    – L7Be – feithicil U: feithicil fóntais arna ceapadh go heisiach chun earraí a iompar;

    – L7Be – feithicil P: feithicil arna ceapadh agus arna húsáid go príomha chun paisinéirí a iompar.

    110. Déantar feithiclí de chatagóir L atá liostaithe i mír 2 a fhochatagórú de réir tiomána freisin:

    (a) feithicil faoi thiomáint innill dócháin inmheánaigh:

    - – adhaint chomhbhrú (CI);

    - – adhaint dheimhneach (PI);

    (b) feithicil faoi thiomáint innill dóchain sheachtraigh, tuirbín, innill loine rothlaigh: meastar, chun críocha ceanglais maidir leis an gcomhshaol agus maidir le sábháilteacht fheidhmiúil a chomhlíonadh, gurb ionann í agus feithicil faoi thiomáint innill dócháin inmheánaigh PI;

    (c) feithicil faoi thiomáint innill a ritheann ar aer réamhbhrúite agus nach n-eisíonn leibhéil truailleán agus/ná triathghás atá níos airde ná na leibhéil atá in aer comhthimpeallach: meastar, a fhad a bhaineann le ceanglais maidir le sábháilteacht fheidhmiúil agus le stóráil agus soláthar breosla, gur feithicil a ritheann ar bhreosla gásach í;

    (d) feithicil faoi thiomáint innill leictrigh;

    (e) feithicil hibrideach ina bhfuil comhcheangal d'aon cheann de na cumraíochtaí tiomána dá dtagraítear i bhfomhíreanna (a), (b), (c) nó (d) thuas, nó aon chomhcheangal díobh lena n-áirítear innill ildócháin agus/nó innill leictreacha.

    111. Maidir le catagórú feithiclí de chatagóir L i mír 2: aon fheithicil nach dtig faoi chatagóir ar leith toisc go sáraíonn sí ceann de na critéir atá ina choinníoll don chatagóir sin, tig sí faoin gcéad chatagóir eile a gcomhlíonann sí a gcritéir. Baineann sé sin leis na grúpaí catagóirí agus fochatagóirí a leanas:

    (a) catagóir L1e agus a fochatagóirí L1Ae agus L1Be agus catagóir L3e agus a fochatagóirí L3e–A1, L3e –A2 agus L3e–A3;

    (b) catagóir L2e agus L5e agus a fochatagóirí L5Ae agus L5Be;

    (c) catagóir L6e agus a fochatagóirí L6Ae agus L6Be agus catagóir L7e agus a fochatagóirí L7Ae agus L7Be;

    (d) aon seicheamh loighiciúil catagóirí agus/nó fochatagóirí eile a mholann an monaróir agus a fhormheasann an t-údarás cineálcheadaithe.

    CAIBIDIL IIOIBLEAGÁIDÍ GINEARÁLTA

    Airteagal 5 Oibleagáidí ginearálta na mBallstát agus na n-údarás náisiúnta

    112. Déanfaidh na Ballstáit na húdaráis cineálcheadaithe, a bheidh inniúil i saincheisteanna a bhaineann le formheas, agus na húdaráis um fhaireachas margaidh, a bheidh inniúil i saincheisteanna a bhaineann le faireachas margaidh, a bhunú agus a cheapadh i gcomhréir leis an Rialachán seo. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Coimisiún maidir le bunú agus ceapadh na n-údarás sin i gcomhréir le hAirteagal 68.

    Áireofar san fhógra sin ainm, seoladh (seoladh ríomhphoist san áireamh), agus réimse freagrachta na n-údarás cineálcheadaithe agus na n-údarás um fhaireachas margaidh.

    113. Ní dhéanfaidh na húdaráis náisiúnta ach na feithiclí, na córais, na comhpháirteanna agus na haonaid theicniúla ar leith sin a chomhlíonann ceanglais an Rialacháin seo, agus iad sin amháin, a fhormheas.

    114. Ní dhéanfaidh na húdaráis náisiúnta clárú feithiclí, comhpháirteanna ná aonad teicniúil ar leith, ná a ndíol ná a gcur i seirbhís ná a n-úsáid ar bhóithre a thoirmeasc a shrianadh ná a bhacadh ar fhorais a bhaineann le gnéithe dá dtógáil agus dá bhfeidhmiú atá cumhdaithe ag an Rialachán seo, má chomhlíonann siad ceanglais an Rialacháin seo.

    115. Eagróidh agus déanfaidh na Ballstáit faireachas margaidh agus rialuithe ar fheithiclí, córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leith a thagann isteach i margadh an Aontais i gcomhréir le Caibidil III de Rialachán (CE) 765/2008.

    Airteagal 6 Oibleagáidí ginearálta na n-údaráis formheasa

    116. Áiritheoidh na húdaráis formheasa go ndéanfaidh na monaróirí a dhéanann iarratas ar chineálcheadú a gcuid oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.

    117. Ní fhormheasfaidh na húdaráis formheasa ach na feithiclí, na córais, na comhpháirteanna agus na haonaid theicniúla ar leith sin a chomhlíonann ceanglais an Rialacháin seo.

    Airteagal 7 Oibleagáidí ginearálta na monaróirí

    118. Nuair a dhéanann monaróirí a bhfeithiclí, a gcórais, a gcomhpháirteanna agus a n-aonaid theicniúla ar leith a dhíol, nó nuair atá siad á gcur i seirbhís, áiritheoidh siad go monarófar iad agus go bhformheasfar iad i gcomhréir leis na ceanglais atá leagtha amach sa Rialachán seo agus sna gníomhartha tarmligthe agus sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh faoin Rialachán seo. Maidir le cineálcheadú ilchéimneach, tá gach monaróir freagrach as formheas agus as comhréireacht táirgeachta na gcóras, na gcomhpháirteanna nó na n-aonad teicniúil ar leith a chuirtear leis an bhfeithicil ag an gcéim sin de chur i gcrích na feithicle atá á láimhseáil ag an monaróir. Aon mhonaróir a athraíonn comhpháirteanna nó córais a formheasadh roimhe sin, beidh sé freagrach as formheas agus as comhréireacht táirgeachta na gcomhpháirteanna agus na gcóras sin.

    119. Aon mhonaróir a athraíonn feithicil neamhiomlán sa chaoi is go n-aicmítear faoi chatagóir eile feithicle í agus sa chaoi is go dtagann athrú ar cheanglais dlí a ndearnadh measúnú orthu le linn céime formheasa roimhe sin, beidh an monaróir sin freagrach as na ceanglais nua a chomhlíonadh freisin.

    120. D'fhonn feithiclí, córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla atá cumhdaithe ag an Rialachán seo a fhormheas, ceapfaidh monaróir atá bunaithe taobh amuigh den Chomhphobal aon ionadaí amháin a bheidh bunaithe san Aontas chun ionadaíocht a dhéanamh thar a cheann os comhair an údaráis formheasa.

    121. Ina theannta sin, ceapfaidh siad ionadaí chun críocha faireachais mhargaidh; d'fhéadfadh an t-ionadaí atá luaite sa dara mír nó ionadaí breise a bheith sa duine sin.

    122. Beidh monaróirí freagrach don údarás formheasa as gach gné den phróiseas formheasa agus as comhréireacht táirgeachta a áirithiú, is cuma cé acu atá baint dhíreach acu le gach céim de thógáil na feithicle, an chórais, na comhpháirte nó an aonaid theicniúil ar leith nó nach bhfuil.

    123. Áiritheoidh monaróirí go mbeidh nósanna imeachta i bhfeidhm a fhágfaidh go mbeidh an táirgeadh sraithe comhréireach i gcónaí. Aon athruithe ar dhearadh feithicle, córais, comhpháirte nó aonaid theicniúil ar leith agus aon athrú ar na ceanglais a ndearbhaítear feithicil, córas, comhpháirt nó aonad teicniúil ar leith a bheith i gcomhréir leo, cuirfear san áireamh go hiomchuí iad.

    124. Mar aon leis an marcáil reachtúil agus na marcanna cineálcheadaithe a ghreamaíonn siad dá bhfeithiclí, dá gcórais, dá gcomhpháirteanna nó dá n-aonaid theicniúla i gcomhréir le hAirteagal 37, déanfaidh monaróirí a n-ainm, a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe agus a seoladh teagmhála a lua ar a bhfeithiclí, ar a gcórais, ar a gcomhpháirteanna nó ar a n-aonaid theicniúla ar leith nó, mura bhfuil sé sin indéanta i gcás na gcóras, na gcomhpháirteanna, nó na n-aonad teicniúil, luafar iad ar an bpacáistíocht nó i ndoiciméad a ghabhann leis an gcóras, leis an gcomhpháirt nó leis an aonad teicniúil ar leith. Ní mór aon phointe teagmhála amháin don mhonaróir a bheith luaite sa seoladh.

    125. Áiritheoidh monaróirí, fad is atá feithicil, córas, comhpháirt nó aonad teicniúil ar leith ar a gcúram, nach ndéanfaidh dálaí stórála ná iompair comhlíonadh na gceanglas atá leagtha amach sa Rialachán seo a chur i mbaol.

    Airteagal 8 Oibleagáidí na monaróirí maidir le comhréireacht feithiclí, córas, comhpháirteanna nó aonad teicniúil ar leith

    126. Aon mhonaróir a chreideann, nó a bhfuil cúis aige a chreidiúint, nach bhfuil feithicil, córas, comhpháirt, nó aonad teicniúil dá chuid a díoladh nó a cuireadh i seirbhís i gcomhréir leis an Rialachán seo nó leis na gníomhartha tarmligthe nó leis na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh faoi Rialachán seo, déanfaidh sé láithreach na bearta ceartaitheacha is gá chun go mbeidh an fheithicil, an córas, an chomhpháirt nó an t-aonad teicniúil ar leith comhréireach, nó chun é a aistarraingt, nó chun é a aisghlaoch, de réir mar is iomchuí.

    127. I gcás ina bhfuil baol ag baint leis an bhfeithicil, leis an gcóras, leis an gcomhpháirt nó leis an aonad teicniúil ar leith déanfaidh monaróirí é sin a chur in iúl láithreach d'údaráis um fhaireachas margaidh agus d'údaráis formheasa na mBallstát inar díoladh nó inar cuireadh i seirbhís an fheithicil, an córas, an chomhpháirt nó an t-aonad teicniúil ar leith, agus luafaidh siad, go háirithe, sonraí na neamhchomréireachta agus, más ann dóibh, sonraí na mbeart a rinne siad.

    128. Déanfaidh monaróirí an fillteán faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 25 agus na deimhnithe comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 36 a choimeád ar fáil do na húdaráis formheasa ar feadh tréimhse 10 mbliana ar a laghad.

    129. Ar iarratas a bhfuil bunús cuí leis a fháil dóibh ó údarás náisiúnta inniúil, déanfaidh monaróirí gach faisnéis agus doiciméad is gá a sholáthar don údarás sin le comhréireacht na feithicle, an chórais, na comhpháirte nó an aonaid theicniúil ar leith a léiriú, i gceann amháin de theangacha oifigiúla Bhallstát an údaráis. Comhoibreoidh monaróir leis an údarás náisiúnta, arna iarraidh sin dó, maidir le haon bheart arna dhéanamh chun an baol a bhaineann leis na feithiclí, leis na córais, leis na comhpháirteanna nó leis na haonaid theicniúla dá gcuid a díoladh nó a cuireadh i seirbhís a dhíchur.

    Airteagal 9 Oibleagáidí ionadaí an mhonaróra maidir le faireachas margaidh

    Is é ionadaí an mhonaróra maidir le faireachas margaidh a dhéanfaidh na cúraimí atá sonraithe sa sainordú a fuarthas ón monaróir. Ligfidh an sainordú sin don ionadaí na nithe a leanas ar a laghad a dhéanamh:

    (1) an fillteán faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 25 agus na deimhnithe comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 36 a choimeád ar fáil do na húdaráis formheasa ar feadh tréimhse 10 mbliana ar a laghad.

    (2) gach faisnéis agus doiciméad is gá a sholáthar d'údarás formheasa maidir le comhréireacht feithicle, córais, comhpháirte nó aonaid theicniúil ar leith a léiriú, tar éis dó iarratas a bhfuil bunús cuí leis a fháil ón údarás sin;

    (3) comhoibriú leis na húdaráis um fhaireachas margaidh agus/nó na húdaráis formheasa, arna iarraidh sin dóibh, maidir le haon bheart arna dhéanamh chun an baol a bhaineann le feithiclí, córais, comhpháirteanna nó aonaid theicniúla ar leith a chumhdaíonn a sainordú a dhíchur.

    Airteagal 10 Oibleagáidí ginearálta na n-allmhaireoirí

    130. Ní dhéanfaidh allmhaireoirí ach feithiclí, córais, comhpháirteanna nó aonaid theicniúla ar leith atá comhlíontach a dhíol nó a chlárú ar mhargadh an Aontais.

    131. Roimh dóibh feithicil, córas, comhpháirt, nó aonad teicniúil ar leith a dhíol, a chlárú nó a chur i seirbhís áiritheoidh dáileoirí go mbeidh cineálcheadú AE ag an bhfeithicil, ag an gcóras, ag an gcomhpháirt, nó ag an aonad teicniúil ar leith. Áiritheoidh allmhaireoirí go gcomhlíonfaidh an pacáiste faisnéise ceanglais Airteagal 27(10), go mbeidh an marc cineálcheadaithe arna cheangal ar an bhfeithicil, ar an gcóras, ar an gcomhpháirt, nó ar an aonad teicniúil ar leith, go mbeidh na doiciméid arna gceangal ag gabháil leo, go gcomhlíonfaidh siad Airteagal 7(7) agus gur chomhlíon an monaróir ceanglais Airteagal 7(6).

    132. I gcás ina gcreideann monaróirí, nó ina bhfuil cúis acu a chreidiúint, nach bhfuil feithicil, córas, comhpháirt, nó aonad teicniúil ar leith i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo, go háirithe i gcás nach bhfreagraíonn siad dá chineálcheadú, ní dhíolfaidh siad ná ní chláróidh siad an fheithicil, an córas, an chomhpháirt, ná an t-aonad teicniúil ar leith go dtí go mbeidh sé tugtha chun comhréireachta. Ina theannta sin, i gcás ina gcreideann siad, nó ina bhfuil cúis acu a chreidiúint, go bhfuil baol ag baint leis an bhfeithicil, leis an gcóras, leis an gcomhpháirt nó leis an aonad teicniúil ar leith cuirfidh siad é sin in iúl do na húdaráis um fhaireachas margaidh agus do na húdaráis formheasa.

    133. Déanfaidh allmhaireoirí a n-ainm, a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe agus a seoladh teagmhála a lua ar an bhfeithicil, ar an gcóras, ar an gcomhpháirt, nó ar an aonad teicniúil ar leith, nó, mura bhfuil sé sin indéanta i gcás na gcóras, na gcomhpháirteanna, nó na n-aonad teicniúil, luafar ar an bpacáistíocht iad nó i ndoiciméad a ghabhann leis an gcóras, leis an gcomhpháirt, nó leis an aonad teicniúil ar leith.

    134. Áiritheoidh allmhaireoirí go mbeidh na treoracha agus an fhaisnéis arna gceangal i gcomhréir le hAirteagal 59, i dteangacha oifigiúla na mBallstát i dtrácht, ag gabháil leis an bhfeithicil, leis an gcóras, leis an gcomhpháirt, nó leis an aonad teicniúil ar leith.

    135. Áiritheoidh allmhaireoirí, fad is atá feithicil, córas, comhpháirt nó aonad teicniúil ar leith ar a gcúram, nach ndéanfaidh dálaí stórála ná iompair comhlíonadh na gceanglas atá leagtha amach sa Rialachán seo a chur i mbaol.

    136. Nuair a mheastar é a bheith iomchuí i bhfianaise an bhaoil a bhaineann le feithicil, córas, comhpháirt nó aonad teicniúil ar leith, déanfaidh allmhaireoirí, d'fhonn sláinte agus sábháilteacht tomhaltóirí a chosaint, imscrúdú, agus más gá, coinneoidh siad taifid de ghearáin maidir le feithiclí, córais, comhpháirteanna nó aonaid teicniúla ar leith neamhchomhréireacha agus ar aisghairm na nithe sin, agus cuirfidh siad dáileoirí ar an eolas ina leith sin.

    Airteagal 11 Oibleagáidí na n-allmhaireoirí maidir le comhréireacht feithiclí, córas, comhpháirteanna nó aonad teicniúil ar leith

    137. Aon allmhaireoir a chreideann, nó a bhfuil cúis aige a chreidiúint, nach bhfuil feithicil, córas, comhpháirt, nó aonad teicniúil a dhíol siad, a chláraigh siad nó a bhfuil siad freagrach as a gcur i seirbhís i gcomhréir leis an Rialachán seo, déanfaidh sé láithreach na bearta ceartaitheacha is gá chun an fheithicil, an córas, an chomhpháirt nó an t-aonad teicniúil ar leith a thabhairt chun comhréireachta, nó chun é a aistarraingt, nó chun é a aisghlaoch, de réir mar is iomchuí.

    138. I gcás ina bhfuil baol ag baint leis an bhfeithicil, leis an gcóras, leis an gcomhpháirt nó leis an aonad teicniúil ar leith déanfaidh allmhaireoirí é sin a chur in iúl láithreach d'údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát inar chuir siad an fheithicil, an córas, an chomhpháirt nó an t-aonad teicniúil ar leith ar fáil, agus luafaidh siad, go háirithe, sonraí na neamhchomréireachta agus, más ann dóibh, sonraí na mbeart a rinne siad.

    139. Déanfaidh allmhaireoirí, ar feadh tréimhse 10 mbliana, cóip den deimhniú comhréireachta a choinneáil ar fáil do na húdaráis um fhaireachas margaidh agus do na húdaráis formheasa agus áiritheoidh siad go bhféadfar an pacáiste faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 27(10) a chur ar fáil do na húdaráis sin, arna iarraidh sin dóibh.

    140. Ar iarratas a bhfuil bunús cuí leis a fháil dóibh ó údarás náisiúnta inniúil, déanfaidh allmhaireoirí gach faisnéis agus doiciméad is gá a sholáthar don údarás sin le comhréireacht feithicle, córais, comhpháirte nó aonaid theicniúil ar leith a léiriú, i gceann amháin de theangacha oifigiúla Bhallstát an údaráis. Comhoibreoidh allmhaireoirí leis an údarás sin, arna iarraidh sin dó, maidir le haon bheart arna dhéanamh chun an baol a bhaineann le feithicil, córas, comhpháirt, nó aonad teicniúil ar leith a dhíol siad, a chláraigh siad nó a bhfuil siad freagrach as a gcur i seirbhís a dhíchur.

    Airteagal 12 Oibleagáidí ginearálta na monaróirí

    141. Tabharfaidh dáileoirí aird chuí ar na ceanglais is infheidhme maidir le feithiclí, córais, comhpháirteanna nó aonaid theicniúla a dhíol, a chlárú nó a chur i seirbhís.

    142. Roimh dóibh feithicil, córas, comhpháirt nó aonad teicniúil ar leith a dhíol, a chlárú nó a chur i seirbhís, fíoróidh dáileoirí go bhfuil an pláta reachtach nó an marc reachtach cineálcheadaithe arna cheangal orthu agus go bhfuil ag gabháil leo na doiciméid arna gceangal agus treoracha agus faisnéis sábháilteachta i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit ina bhfuil siad le díol, le clárú nó le cur i seirbhís agus gur chomhlíon an monaróir agus an t-allmhaireoir na ceanglais atá leagtha amach in Airteagail 7(6), 7 (7) agus 10 (4).

    143. Áiritheoidh dáileoirí, fad is atá feithicil, córas, comhpháirt nó aonad teicniúil ar leith ar a gcúram, nach ndéanfaidh dálaí stórála ná iompair comhlíonadh na gceanglas atá leagtha amach sa Rialachán seo a chur i mbaol.

    Airteagal 13 Oibleagáidí na ndáileoirí maidir le comhréireacht feithiclí, córas, comhpháirteanna nó aonad teicniúil ar leith

    144. I gcás ina gcreideann dáileoirí, nó ina bhfuil cúis acu a chreidiúint, nach bhfuil feithicil, córas, comhpháirt, nó aonad teicniúil ar leith i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo, ní dhíolfaidh siad ná ní chláróidh siad an fheithicil, an córas, an chomhpháirt, ná an t-aonad teicniúil ar leith agus cuirfidh siad bac ar a gcu r i seirbhís go dtí go mbeidh siad tugtha chun comhréireachta.

    145. Aon dáileoirí a chreideann, nó a bhfuil cúis acu a chreidiúint, nach bhfuil feithicil, córas, comhpháirt, nó aonad teicniúil a dhíol siad, a chláraigh siad nó a bhfuil siad freagrach as a gcur i seirbhís i gcomhréir leis an Rialachán seo, féachfaidh siad chuige go ndéanfar na bearta ceartaitheacha is gá chun an fheithicil, an córas, an chomhpháirt nó an t-aonad teicniúil ar leith a thabhairt chun comhréireachta, nó chun iad a aistarraingt nó a aisghlaoch, de réir mar is iomchuí.

    146. I gcás ina bhfuil baol ag baint le feithicil, córas, comhpháirt, nó aonad teicniúil ar leith, déanfaidh monaróirí é sin a chur in iúl láithreach d'údaráis um fhaireachas margaidh agus d'údaráis formheasa na mBallstát inar dhíol siad iad, inar chláraigh siad iad nó ina raibh dáileoirí freagrach as a gcur i seirbhís, agus luafaidh siad, go háirithe, sonraí na neamhchomréireachta agus, más ann dóibh, sonraí na mbeart a rinne siad, agus cuirfidh siad an méid sin in iúl don mhonaróir agus don allmhaireoir freisin.

    147. Tar éis dóibh iarratas a bhfuil bunús cuí tugtha leis a fháil ó údarás náisiúnta, déanfaidh dáileoirí gach faisnéis agus doiciméad is gá a sholáthar don údarás sin chun comhréireacht feithicle, córais, comhpháirte nó aonaid theicniúil ar leith a léiriú. Comhoibreoidh siad leis an údarás sin, arna iarraidh sin dó, maidir le haon bheart arna dhéanamh chun an baol a dhíchur a bhaineann le feithiclí, córais, comhpháirteanna nó aonaid theicniúla a dhíol siad nó a chláraigh siad nó a raibh siad freagrach as a gcur i seirbhís.

    Airteagal 14 Oibleagáidí breise ar allmhaireoirí agus ar dháileoirí

    Measfar gur monaróir é allmhaireoir nó dáileoir chun críocha an Rialacháin seo agus beidh sé faoi réir oibleagáidí an mhonaróra faoi Airteagail 7–9 i gcás ina ndíolann sé nó ina gcláraíonn sé feithicil, córas, comhpháirt nó aonad teicniúil ar leith ar an margadh faoina ainm nó faoina thrádmharc, nó i gcás ina bhfuil sé freagrach as iad a chur i seirbhís faoina ainm nó faoina thrádmharc, nó i gcás ina modhnaíonn sé feithicil, córas, comhpháirt, nó aonad teicniúil ar leith a díoladh, a cláraíodh nó a cuireadh i seirbhís cheana sa chaoi is go bhféadfaí difear a dhéanamh do chomhlíonadh na gceanglas is infheidhme.

    Airteagal 15 Oibreoirí eacnamaíocha a shainaithint

    Déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha, arna iarraidh é, aitheantas iad seo a leanas a chur in iúl do na húdaráis um fhaireachas margaidh agus do na húdaráis formheasa, ar feadh tréimhse 10 mbliana:

    (1) aon oibreoir eacnamaíoch a sholáthar feithicil, córas, comhpháirt nó aonad teicniúil ar leith dóibh;

    (2) aon oibreoir eacnamaíoch ar sholáthar siad feithicil, córas, comhpháirt nó aonad teicniúil ar leith dóibh.

    CAIBIDIL IIICEANGLAIS SHUBSTAINTEACHA

    Airteagal 16 Ceanglais ghinearálta shubstainteacha

    148. Comhlíonfaidh feithiclí agus córais de chatagóir L, mar aon le comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leith atá ceaptha do na feithiclí sin na ceanglais atá liostaithe in Iarscríbhinní II–IV.

    149. D'fhonn ardleibhéal sábháilteachta agus cosanta comhshaoil a áirithiú, leagfaidh an Coimisiún síos ceanglais theicniúla mhionsonraithe, lena n-áirítear nósanna imeachta tástála agus luachanna teorantacha nuair is infheidhme, i gcás ceanglas nach teorannacha comhshaoil agus tairsigh chomhshaoil iad atá liostaithe in Iarscríbhinní VI agus VII a ghabhann leis an Rialachán seo, agus i gcás iad sin amháin, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagail 76, 77, agus 78.

    Airteagal 17 Toirmeasc ar fheistí sáraithe

    Feistí sáraithe a laghdaíonn a éifeachtaí atá córais sábháilteachta, comhoiriúnacht leictreamaighnéadach, an córas diagnóiseach ar bord, laghdú torainn agus córais chun astaíochtaí truailleán a laghdú, déanfar a n-úsáid a thoirmeasc. Ní mheasfar gur feiste sáraithe gné den dearadh má chomhlíontar aon cheann de na coinníollacha a leanas:

    (1) go bhfuil gá leis an bhfeiste chun an t-inneall a chosaint ar dhamáiste agus ar thaismí agus chun feidhmiú sábháilte na feithicle a áirithiú;

    (2) nach bhfeidhmíonn an fheiste ach le linn don inneall a bheith ag diúsiú;

    (3) go gclúdaítear, cuid mhaith, na dálaí oibriúcháin sna nósanna imeachta lena bhfíoraítear cé acu atá an fheithicil i gcomhréir leis an Rialachán seo agus a lena ghníomhartha tarmligthe agus lena ghníomhartha cur chun feidhme nó nach bhfuil.

    Airteagal 18 Bearta maidir le hathruithe a dhéanamh ar ghléasra cumhachta feithicle

    150. Ciallaíonn 'gléasra cumhachta' na comhpháirteanna agus na córais de chuid feithicle a ghineann cumhacht agus a sheachadann chuig dromchla an bhóthair í, lena n-áirítear an t-inneall/na hinnill, na córais bhainistíochta innill agus aon mhodúl rialaithe eile, na feistí lena rialaítear truailliú, an tarchur agus rialú an tarchuir, bíodh sé sin ina sheafta tiomána nó ina bheilt-tiomáint nó slabhrathiomáint, na difreálaigh, an tiomáint deiridh, agus bonn an rotha tiomáinte (ga).

    151. Cosnófar feithiclí de chatagóir L le bearta sainithe chun cosc a chur ar chur isteach ar ghléasra cumhachta feithicle, agus leagfar na bearta sin síos i ngníomh tarmligthe trí bhíthin sraith ceanglas teicniúil agus sonraíochtaí a bheidh d'aidhm acu:

    (a) cosc a chur ar mhodhnuithe a d'fhéadfadh an tsábháilteacht a chur i mbaol, go háirithe trí fheidhmíocht feithicle a mhéadú trí bhíthin cur isteach ar an ngléasra cumhachta chun go méadóidh an uas-chasmhóimint agus/nó an chumhacht agus/no an t-uasluas dearaidh feithicle a dhearbhaigh an monaróir nuair a cineálchéadaíodh an fheithicil; agus/nó

    (b) cosc a chur ar dhamáiste don chomhshaol.

    152. Déanfaidh an Coimisiún ceanglais shonracha a leagan síos maidir leis na bearta dá dtagraítear i mír 2 le gníomh tarmligthe arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 76, 77 agus 78.

    153. Tar éis don ghléasra cumhachta a bheith modhnaithe, comhlíonfaidh feithicil ceanglais theicniúla na catagóire tosaigh feithicle agus na fochatagóire tosaigh feithicle, nó, más infheidhme, na catagóire nua feithicle agus na fochatagóire nua feithicle a bhí i bhfeidhm nuair a díoladh, nuair a cláraíodh nó nuair a cuireadh i seirbhís an bhunfheithicil, lena n-áirítear na leasuithe is déanaí ar na ceanglais.

    Airteagal 19 Ceanglais ghinearálta maidir le córais dhiagnóiseacha ar bord

    154. Ceithre bliana tar éis an dáta dá dtagraítear sa dara fomhír d' Airteagal 82, feisteofar ar gach feithicil nua i bhfochatagóirí L1Be, L3e, L5e, L6Ae agus L7Ae an chéad chéim de chóras OBD a dhéanann monatóireacht ar leanúnachas ciorcad leictreach, ar ghearrchiorcaid agus ar chiorcaid leictreacha oscailte, agus ar réasúntacht an innill agus na gcóras bainistíochta feithicle (OBD I), agus a thuairiscíonn ar na nithe sin go léir.

    155. Faoi cheann sé bliana tar éis an dáta dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 82, beidh OBD I feistithe ar gach feithicil nua i bhfochatagóirí L6Be agus L7Be.

    156. Faoi cheann ocht mbliana tar éis an dáta dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 82, beidh OBD I feistithe ar gach feithicil nua.

    157. Nuair a bheidh deimhniú déanta i gCinneadh arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 21(4) agus ocht mbliana tar éis an dáta dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 82, beidh feistithe freisin ar gach feithicil nua i gcatagóirí/i bhfochatagóirí L1Be, L3e, L5e, L6Ae agus L7Ae freisin, an dara céim de chóras diagnóiseach ar bord (OBD II), a dhéanfaidh, mar aon le OBD I, monatóireacht ní amháin ar lánchlistí ach ar mheath córas, comhpháirteanna nó aonad teicniúil ar leith le linn saolré feithicle, ar chuntar go léireofar sa staidéar ar an tionchair ar an gcomhshaol dá dtagraítear in Airteagal 21(4) agus 21(5) go bhfuil sé sin costéifeachtach.

    158. Tá mionsonraí na dtairseach astaíochtaí i gcomhair OBD leagtha amach in Iarscríbhinn VI(B).

    159. Tugtar cumhachtaí don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagail 76, 77, agus 78, ina leagfar síos ceanglais mhionsonraithe theicniúla a bhaineann le diagnóisic ar bord, lena n-áirítear ceanglais fheidhmiúla OBD agus nósanna imeachta tástála i gcás na n-ábhar atá liostaithe i míreanna 1–5 d'fhonn ardleibhéal sábháilteachta feidhmiúla, cosanta comhshaoil agus an leibhéal rochtana caighdeánaithe céanna ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil a áirithiú.

    Airteagal 20 Ceanglais maidir le sábháilteacht fheidhmiúil feithiclí

    160. Áiritheoidh monaróirí go ndéanfar na feithiclí a cheapadh, a thógáil agus a chóimeáil sa chaoi is go n-íoslaghdófar an baol gortaithe do dhaoine atá i bhfeithicil agus d’úsáideoirí eile bóthair. Déanfar sábháilteacht fheidhmiúil feithicle a ráthú ar feadh saolré na feithicle agus an fheithicil á húsáid faoi ghnáthchúinsí nó faoi na cúinsí a ceapadh di.

    161. Áiritheoidh monaróirí go gcomhlíonfaidh feithiclí, córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leith na ceanglais ábhartha atá leagtha amach in Iarscríbhinní II agus VIII agus go gcomhlíonfaidh siad na nósanna imeachta tástála agus na ceanglais feidhmíochta arna leagan síos i ngníomh tarmligthe.

    162. Beidh feidhm ag na ceanglais dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 maidir le feithiclí, córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leith a mhéid a dhearbhaítear leis an Rialachán seo go bhfuil siad infheidhme maidir leis an gcatagóir ábhartha feithicle.

    163. D'fhonn a áirithiú go mbainfear ardleibhéal sábháilteachta amach, leagfaidh an Coimisiún síos ceanglais shonracha maidir le sábháilteacht fheidhmiúil feithiclí, lena n-áirítear nósanna imeachta tástála agus luachanna teorantacha, le gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagail 76, 77, agus 78.

    Airteagal 21 Ceanglais maidir le feidhmíocht chomhshaoil

    164. Áiritheoidh monaróirí go ndéanfar na feithiclí a dhearadh, a thógáil agus a chóimeáil sa chaoi is go n-íoslaghdófar an tionchar ar an gcomhshaol. Áiritheoidh monaróirí go gcomhlíonfaidh feithiclí cineálcheadaithe, ar feadh saolré na feithicle, na ceanglais chomhshaoil atá leagtha amach in Iarscríbhinní V, VI, agus VII.

    165. Áiritheoidh monaróirí go gcomhlíonfaidh feithiclí, córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leith na nósanna imeachta tástála agus na ceanglais tástála a leagfar síos i ngníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 12.

    166. Áiritheoidh monaróir go gcomhlíonfar na ceanglais chineálcheadaithe lena bhfíoraítear ceanglais mharthanachta. Féadfaidh an monaróir ceann amháin de na tástálacha marthanachta a leanas a roghnú le fianaise a sholáthar don údarás cineálcheadaithe go bhfuil an fheidhmíocht chomhshaoil marthanach:

    (a) feithiclí a chur faoi fhíorthástáil mharthanachta trí fhad atá leagtha amach i gcuid A d'Iarscríbhinn VII a thaisteal agus é a thaispeáint don údarás cineálcheadaithe go mbíonn na ceanglais atá leagtha amach sa Rialachán seo agus ina ghníomhartha tarmligthe agus ina ghníomhartha cur chun feidhme á gcomhlíonadh go tráthrialta le linn chnuasach míleáiste na feithicle agus ag deireadh an chnuasaigh mhíleáiste; nó

    (b) na tosca meatha atá leagtha amach i gcuid B d'Iarscríbhinn VII a iolrú faoi thorthaí an tástála comhshaoil a fuarthas i leith feithicle a chnuasaigh níos mó ná 100 km tar éis di a bheith curtha ar siúl den chéad uair ag ceann na líne táirgthe. Beidh freagra an áirimh sin níos ísle ná na teorainneacha comhshaoil atá i gCuid A d'Iarscríbhinn VI. Déanfaidh sé freisin an méid seo i gcás na tástála seo:

    - – Léireoidh sé don údarás cineálcheadaithe feidhmíocht chomhshaoil feithicle a chnuasaigh níos mó ná 100 km tar éis di a bheith curtha ar siúl den chéad uair ag ceann na líne táirgthe agus córais agus comhpháirteanna a aosaíodh go sciobtha feistithe uirthi;

    - – Soláthróidh sé fianaise don údarás cineálcheadaithe lena gcruthófar bailíocht na comhghaolmhaireachta idir an dá ghnás marthanachta atá leagtha amach in (a) agus (b) thuas.

    - Tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2016 déanfaidh an Coimisiún staidéar ar an tionchar ar an gcomhshaol. Déanfar measúnú sa staidéar sin ar chaighdeán an aeir agus ar an gcion de na truailleáin arbh iad feithiclí de chatagóirí L is cúis leo agus cuimseofar ceanglais chineálacha tástála I, IV, V, VII agus VIII atá liostaithe in Iarscríbhinn V. Tabharfar le chéile sa staidéar agus déanfar measúnú ann ar na sonraí eolaíochta is déanaí, ar na torthaí taighde eolaíochta is déanaí, ar shamhaltú agus ar chúrsaí costéifeachtúlachta d'fhonn bearta beartais deifnídeacha a bhunú trí dhátaí cur chun feidhme Euro 5 (Euro 6 i gcás gluaisrothar de chatagóir L3e) atá leagtha síos in Iarscríbhinn IV, agus ceanglais chomhshaoil Euro 5 ((Euro 6 i gcás gluaisrothar de chatagóir L3e) atá leagtha síos in Iarscríbhinní V, VI(A3), VI(B2), VI(C2) agus in Iarscríbhinn VII (i gcás míleáistí marthanachta agus tosca meatha Euro 5 (Euro 6 i gcás gluaisrothar de chatagóir L3e)) a dheimhniú.

    - I bhfianaise chinntí an staidéir ar an tionchar ar an gcomhshaol, dearbhóidh an Coimisiún:

    (a) dátaí cur chun feidhme leibhéal Euro 5 (Euro 6 i gcás gluaisrothar de chatagóir L3e);

    (b) teorainneacha astaíochta Euro 5 (Euro 6 i gcás gluaisrothar de chatagóir L3e) dá dtagraítear in Iarscríbhinn VI(A3) agus sna teorainneacha OBD in Iarscríbhinn VI(B2);

    (c) go mbeidh feistithe ar gach feithicil nua i gcatagóirí/i bhfochatagóirí L3e, L5e, L6Ae agus L7Ae, mar aon le OBD céim I, OBD céim II ag leibhéal Euro 5 (Euro 6 i gcás gluaisrothar de chatagóir L3e);

    (d) go dtabharfar isteach ceanglais tástála maidir le comhréireacht in-seirbhíse ag leibhéal Euro 5 (Euro 6 i gcás gluaisrothar de chatagóir L3e), na fochatagóirí/catagóirí d'fheithiclí de chatagóir L a dtabharfar isteach an tástáil sin ina leith agus an uair a bheidh sé sin éigeantach do gach feithicil de chatagóir L. Ciallaíonn 'comhréireacht in-seirbhíse' feithiclí ionadaíocha ó chabhlach an mhargaidh a chur faoi thástáil d'fhonn a fháil amach an bhfuil na bearta teicniúla a rinne an monaróir fós ag áirithiú go bhfuil na hastaíochtaí sceithphíopa agus na hastaíochtaí galaithe fós á dteorannú ar bhealach éifeachtach agus go bhfuil na bearta slándála agus na leibhéil sábháilteachta feidhmíochta gaolmhara fós á gcomhlíonadh go fíreannach, de bhun an Rialacháin seo, ar feadh gnáth-shaolré na feithicle agus faoi ghnáthchúinsí úsáide;

    (e) cé acu de na catagórí/fochatagóirí L1Ae, L1Be, L2e, L5Be, L6Be agusL7Be, le haghaidh leibhéal Euro 5, nár cheart ach tástáil SHED a dhéanamh orthu, nó nár cheart ach tástáil maidir leis an umar breosla agus maidir le tréscaoileadh píobánra a dhéanamh orthu, laistigh de na teorainneacha tástála atá liostaithe in Iarscríbhinn VI(C2);

    (f) na míleáistí marthanachta le haghaidh leibhéal Euro 5 (Euro 6 i gcás gluaisrothar de chatagóir L3e) dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII(A) agus na tosca meatha le haghaidh leibhéal Euro 5 (Euro 6 i gcás gluaisrothar de chatagóir L3e) dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII(B);

    (g) a indéanta atá sé ceanglais astaíochta lasmuigh den timthriall a thabhairt isteach thar leibhéal Euro 5 (Euro 6 i gcás gluaisrothar de chatagóir L3e), an dáta cur chun feidhme a bheadh i gceist agus na catagóirí/fochatagóirí a mbainfeadh sé leo.

    167. Déantar feithiclí atá go hiomlán faoi thiomáint leictreach agus/nó feithiclí atá go hiomlán faoi thiomáint aer réamhbhrúite a eisiamh ó na ceanglais chomhshaoil atá liostaithe in Iarscríbhinn V, cineálacha tástála I–VIII. Ionas go bhféadfar na feithiclí sin a dheisiú go héifeachtach i gcás mífheidhme, comhlíonfaidh siad ceanglais fheidhmiúla OBD arna leagan síos i ngníomh tarmligthe.

    168. Comhlíonfaidh feithiclí ar bhreosla gásach na teorainneacha astaíochtaí maidir le cineálcheadú agus na tairsigh astaíochtaí OBD d'innill PI. Ina theannta sin, comhlíonfaidh siad na nósanna imeachta tástála gaolmhara agus na ceanglais arna sainiú i ngníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 12. Feithiclí aonbhreosla, débhreosla agus ilbhreosla faoi thiomáint gáis agus/nó feithiclí hibrideacha leictreacha, tá siad eisiata ó na ceanglais tástála SHED maidir le hastaíochtaí galaithe. Feithiclí hibrideacha leictreacha agus feithiclí ar bhreosla gásach atá go páirteach faoi thiomáint innill PI a fheidhmíonn le gásailín, le cumaisc ghásailín nó le heatánól, ní chomhlíonfaidh siad ach na ceanglais tréscaoilteachta maidir leis an umar breosla agus leis an bpíopa soláthair bhreosla arna leagan síos i ngníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 12.

    169. Feithiclí faoi thiomáint innill CI nach n-úsáideann ach díosal ísealghalaithe nó breoslaí díosalchóibhéise ísealghalaithe, eiseofar iad ó na teorainneacha tástála agus na ceanglais maidir le hastaíochtaí galaithe.

    170. Ní mór d'fheithiclí de chatagóir L4e na ceanglais chomhshaoil atá leagtha síos in Iarscríbhinn V maidir le feithiclí de chatagóir L3e a chomhlíonadh: ina leith sin tá rogha ag an monaróir, i gcás tástálacha I, IV, VII agus VIII in Iarscríbhinn V, gan ach an bhonnfheithicil chumachtaithe a thástáil, gan an taobhcharr, nó iomlán na feithicle agus an taobhchairr a thástáil.

    171. Ciallaíonn 'feiste rialaithe truaillithe athsholáthair' feiste nó cóimheáil feistí den sórt sin atá ceaptha lena úsáid in ionad bunfheiste rialaithe truaillithe agus ar feiste í is féidir a fhormheas mar aonad teicniúil ar leith arna shainiú sna gníomhartha tarmligthe agus sna gníomhartha cur chun feidhme a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Áiritheoidh monaróirí go ndéanfar gach feiste rialaithe truaillithe athsholáthair a dhíoltar nó a chuirtear i seirbhís san Aontas Eorpach a chineálcheadú i gcomhréir leis an Rialachán seo.

    172. Beidh feidhm ag na ceanglais dá dtagraítear i míreanna 1–10 maidir le feithiclí, córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leith i gcomhréir le hIarscríbhinn II.

    173. D'fhonn ardleibhéal cosanta comhshaoil a áirithiú, leagfaidh an Coimisiún síos na sonraíochtaí teicniúla mionsonraithe maidir le ceanglais chomhshaoil, lena n-áirítear nósanna imeachta tástála i gcás na n-ábhar atá liostaithe i míreanna 2, 3, 4, agus 5 le gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagail 76, 77, agus 78.

    Airteagal 22 Ceanglais bhreise chomhshaoil maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus ídiú breosla

    174. Cinnfidh an monaróir astaíochtaí CO 2 (dé-ocsaíd charbóin) tríd an timthriall tástála saotharlainne is infheidhme maidir le hastaíochtaí agus tuairisceoidh sé don údarás formheasa iad. Déanfar ídiú breosla a ríomh ar bhonn thorthaí saotharlainne an chineálcheadaithe maidir le hastaíochtaí, nó tomhaisfear iad agus tuairisceofar don údarás formheasa iad.

    175. Déanfar toradh an tomhais ar CO2 agus an t-ídiú breosla arna ríomh nó arna thomas a áireamh san fhillteán faisnéise agus luafar an dá cheann acu sin ar an deimhniú comhréireachta.

    I dteannta an lua ar an deimhniú comhréireachta, áiritheoidh na monaróirí go ndéanfar na sonraí maidir le hastaíochtaí CO2 agus maidir le hídiú breosla a sholáthar do cheannaitheoir na feithicle tráth a cheannaítear feithicil nua agus beidh na sonraí sin i bhformáid a mheasann siad a bheith iomchuí.

    176. Is le gníomh tarmligthe, arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 76, 77, agus 78, a leagfaidh an Coimisiún síos na modhanna chun astaíochtaí CO2 a thomhas agus na modhanna chun ídiú breosla a ríomh nó a thomhas.

    CAIBIDIL IVNÓSANNA IMEACHTA UM CHINEÁLCHEADÚ AE

    Airteagal 23 Nósanna imeachta um chineálcheadú AE

    177. Agus monaróir ag cur isteach ar chineálcheadú feithicle, féadfaidh sé ceann amháin de na nósanna imeachta a leanas a roghnú:

    (a) cineálcheadú céim ar chéim;

    (b) cineálcheadú aonchéime;

    (c) cineálcheadú ilchéimneach.

    I gcás cineálcheadú córas, comhpháirteanna nó aonad teicniúil ar leith, is é an cineálcheadú aonchéime a mbeidh feidhm aige.

    178. Is éard a bheidh i nós imeachta an chineálcheadaithe céim ar chéim nós imeachta formheasa feithicle trína mbaileofar le chéile, céim ar chéim, tacar iomlán na ndeimhnithe ar chineálcheadú AE do na chórais, do na comhpháirteanna agus do na haonaid theicniúla ar leith ar cuid den fheithicil iad, agus ar nós é arb is toradh é, ag an gcéim deiridh, formheas na feithicle ina hiomláine.

    179. Is éard a bheidh i nós imeachta an chineálcheadaithe aonchéime nós imeachta trína bhformheasfar an fheithicil ina hiomláine trí oibríocht aonair.

    180. Sa chineálcheadú ilchéimneach, deimhníonn údarás formheasa amháin nó níos mó, i bhfianaise staid chríochnaithe na feithicle, go gcomhlíonann cineál feithicle lánchríochnaithe nó cineál feithicle neamhiomláine forálacha riaracháin ábhartha agus ceanglais theicniúla ábhartha an Rialacháin seo.

    Déanfar cineálcheadú ilchéimneach a dheonú i leith cineál feithicle neamhiomláin nó lánchríochnaithe a chomhlíonann na sonraí san fhillteán faisnéise agus a chomhlíonann na ceanglais theicniúla atá sonraithe sna gníomhartha ábhartha atá liostaithe in Iarscríbhinn II, ag cur staid chríochnaithe na feithicle san áireamh.

    Ní dheonfar an cineálcheadú i leith na céime deiridh den chríochnú go dtí go bhfíoróidh an t-údarás formheasa go ndeimhníonn an cineálcheadú/na cineálcheaduithe a eisíodh don fheithicil neamhiomlán go gcomhlíonann an cineál feithicle arna fhormheas ag an gcéim dheiridh na ceanglais theicniúla uile is infheidhme tráth a eisíodh an cineálcheadú/na cineálcheadaithe, le haghaidh na catagóire feithicle a ndeonaítear cineálcheadú don fheithicil lánchríochnaithe ina leith.

    Ní bheidh an cineálcheadú ilchéimneach dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1 infheidhme ach maidir le feithiclí fóntais sna fochatagóirí L5Be – U, L6Be – U agus L7Be – U.

    181. Ní dhéanfaidh an nós imeachta formheasa a roghnófar difear do na ceanglais is infheidhme nach mór don chineál feithicle formheasta a chomhlíonadh tráth a eisítear cineálcheadú na feithicle ina hiomláine.

    182. In Airteagal 73 tugtar cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún chun teimpléid a leagan síos le haghaidh mhionsonraí na socruithe a bhaineann le nósanna imeachta cineálcheadaithe.

    Airteagal 24 Iarratas ar chineálcheadú

    183. Déanfaidh an monaróir an t-iarratas ar chineálcheadú a chur faoi bhráid an údaráis formheasa.

    184. Ní féidir ach aon iarratas amháin a chur isteach i leith cineál ar leith feithicle, córais, comhpháirte nó aonaid theicniúil ar leith, agus ní féidir iarratas a chur isteach ach in aon Bhallstát amháin.

    185. Cuirfear iarratas ar leith isteach le haghaidh gach cineáil atá le formheas.

    Airteagal 25 Fillteán faisnéise

    186. Soláthróidh an t-iarratasóir fillteán faisnéise don údarás formheasa.

    187. Beidh na nithe a leanas san fhillteán faisnéise:

    (1) doiciméad faisnéise i gcomhréir leis an teimpléad arna bhunú ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 73;

    (2) gach sonra, líníocht, agus grianghraf arna cheangal agus gach faisnéis eile arna ceangal sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 73;

    (3) i gcás feithiclí, an nós imeachta arna roghnú i gcomhréir le hAirteagal 23(1).

    188. Féadfar an fillteán faisnéise a sholáthar ar pháipéar nó i bhformáid leictreonach.

    Airteagal 26 Ceanglais shonracha maidir le faisnéis atá le soláthar san iarratas ar chineálcheadú faoi nósanna imeachta éagsúla

    189. Beidh ag gabháil le hiarratas ar chineálcheadú céim ar chéim fillteán faisnéise a bheidh i gcomhréir le h Airteagal 25 agus tacar iomlán deimhnithe ar chineálcheadú arna cheangal de bhun gach gnímh ar leith is infheidhme atá liostaithe in Iarscríbhinn II.

    190. Beidh ag gabháil le hiarratas ar chineálcheadú aonchéime fillteán faisnéise a bheidh i gcomhréir le hAirteagal 25 agus ina mbeidh an fhaisnéis ábhartha maidir leis na gníomhartha atá liostaithe in Iarscríbhinn II.

    191. Gan dochar do mhíreanna 1 agus 2, soláthrófar an fhaisnéis a leanas chun críocha cineálcheadaithe ilchéimnigh:

    (a) sa chéad chéim, na codanna sin den fhillteán faisnéise agus de na deimhnithe ar chineálcheadú AE a cheanglaítear i gcás feithicle iomláin agus a bhaineann le staid chríochnaithe na bonnfheithicle;

    (b) sa dara céim agus sna céimeanna ina dhiaidh sin, na codanna sin den fhillteán faisnéise agus de na deimhnithe ar chineálcheadú AE a bhaineann leis an gcéim reatha tógála, mar aon le cóip den deimhniú ar chineálcheadú AE don fheithicil a eisíodh sa chéim tógála roimhe sin mar aon le gach sonra maidir le haon athruithe a rinneadh ar an bhfeithicil nó maidir le haon ní a cuireadh léi.

    192. Féadfaidh an t-údarás formheasa, trí iarratas réasúnaithe, ceangal a chur ar an monaróir aon fhaisnéis eile is gá a sholáthar chun go bhféadfar Cinneadh a dhéanamh maidir leis na tástálacha nach mór a dhéanamh, nó chun go mbeidh sé níos fusa na tástálacha sin a dhéanamh.

    CAIBIDIL VNÓSANNA IMEACHTA CINEÁLCHEADAITHE AE A DHÉANAMH

    Airteagal 27 Forálacha ginearálta

    193. Ní dheonfaidh na húdaráis formheasa cineálcheadú AE go dtí go bhfíoróidh siad comhréireacht na nósanna imeachta táirgeachta dá dtagraítear in Airteagal 31 agus go dtí go bhfíoróidh siad go bhfuil an cineál feithicle, córais, comhpháirte nó aonaid theicniúil ar leith i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme.

    194. Is i gcomhréir le hAirteagail 29, 30, 31 agus 32 a dheonfar cineálcheaduithe AE.

    195. Má chinneann údarás formheasa go bhfuil cineál feithicle, córais, comhpháirte, nó aonaid theicniúil ar leith, in ainneoin é bheith i gcomhréir leis na forálacha arna gceangal, ina mhórábhar baoil don tsábháilteacht nó go bhféadfadh sé díobháil mhór a dhéanamh don chomhshaol nó don tsláinte phoiblí féadfaidh sé diúltú cineálcheadú AE a dheonú. Ina leithéid de chás, déanfaidh sé comhad mionsonraithe a sheoladh láithreach bonn chuig údaráis formheasa na mBallstát eile agus chuig an gCoimisiún ina míneofar na fáthanna leis an gCinneadh agus ina leagfar amach an fhianaise lena chinntí.

    196. Déanfar deimhnithe ar chineálcheadú AE a uimhriú i gcomhréir le córas comhchuibhithe arna leagan síos sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 73.

    197. Faoi cheann míosa, déanfaidh an t-údarás formheasa cóip den deimhniú ar chineálcheadú AE, chomh maith leis na ceangaltáin, a sheoladh chuig údaráis formheasa na mBallstát eile, i gcás gach cineál feithicle atá formheasta aige. Féadfaidh an chóip sin a bheith i bhfoirm comhaid leictreonaigh.

    198. Cuirfidh an t-údarás formheasa údaráis formheasa na mBallstát eile ar an eolas gan mhoill maidir le haon fhormheas feithicle a diúltaíodh nó a tarraingíodh siar, chomh maith leis na fáthanna leis an gcinneadh.

    199. Gach trí mhí, seolfaidh an t-údarás formheasa chuig údaráis formheasa na mBallstát eile liosta de na cineálcheaduithe córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leith a dheonaigh sé, a leasaigh sé, a dhiúltaigh sé a dheonú nó a tharraing sé siar le linn na tréimhse roimhe sin.

    200. Má iarrann údarás formheasa Ballstáit eile cóip den deimhniú ar chineálcheadú AE, déanfaidh an t-údarás formheasa a dheonaigh cineálcheadú AE, faoi cheann míosa tar éis dó an t-iarraidh a fháil, an deimhniú sin agus na ceangaltáin, a chur chuig an údarás formheasa sin. Féadfaidh an chóip sin a bheith i bhfoirm comhaid leictreonaigh.

    201. Má iarrann an Coimisiún é, cuirfidh an t-údarás formheasa an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 5–8 faoi bhráid an Choimisiúin freisin.

    202. Cuirfidh an t-údarás formheasa pacáiste faisnéise le chéile ina mbeidh an fillteán faisnéise mar aon leis na tuarascálacha ar na tástálacha agus gach doiciméad eile a chuir an tseirbhís theicniúil nó an t-údarás formheasa leis an bhfillteán faisnéise le linn dóibh a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh. San fhillteán faisnéise beidh innéacs ina liostófar ábhar an phacáiste faisnéise agus uimhreacha cuí nó marcanna eile air chun na leathanaigh uile a dhéanamh so-aitheanta, agus leagfar amach an doiciméad sin sa chaoi is go dtaispeánfar na céimeanna a tugadh i mbainistíocht an chineálcheadaithe AE, go háirithe na dátaí ar a ndearnadh leasuithe agus nuashonrú.

    Airteagal 28 Forálacha sonracha maidir le cineálcheadú AE feithicle ina hiomláine

    203. Beidh na nithe seo a leanas ag gabháil leis an deimhniú ar chineálcheadú i bhfoirm ceangaltán:

    (a) an pacáiste faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 27(10);

    (b) torthaí na dtástálacha;

    (c) ainmneacha agus cóipeanna samplacha de shínithe na ndaoine atá údaraithe chun deimhnithe comhréireachta a shíniú agus ráiteas faoin bpost atá ag na daoine sin sa chuideachta.

    204. Eiseofar an deimhniú ar chineálcheadú ar bhonn an teimpléid arna leagan síos sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 73.

    205. Déanfaidh an t-údarás formheasa na nithe a leanas i leith gach cineál feithicle:

    (a) gach cuid ábhartha den deimhniú ar chineálcheadú AE a líonadh isteach, lena n-áirítear an bhileog le haghaidh thorthaí na dtástálacha atá i gceangal leis an deimhniú, i gcomhréir le teimpléad an deimhnithe ar chineálcheadú AE;

    (b) an t-innéacs a ghabhann leis an bpacáiste faisnéise a thiomsú;

    (c) an deimhniú agus é líonta isteach, chomh maith leis na ceangaltáin a ghabhann leis, a eisiúint don iarratasóir gan mhoill.

    206. I gcás cineálcheadú AE ar cuireadh, i gcomhréir le hAirteagal 39, srianta ar a bhailíocht, nó i gcás forálacha áirithe den Rialachán seo nó de na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh faoin Rialachán seo a tharscaoileadh, sonrófar na srianta nó na tarscaoiltí sin sa deimhniú ar chineálcheadú AE.

    I gcás ina roghnaíonn an monaróir nós imeachta an chineálcheadaithe aonchéime, bunóidh an t-údarás formheasa liosta ceanglas nó gníomhartha is infheidhme agus cuirfidh sé an liosta sin i gceangal leis an deimhniú ar chineálcheadú AE.

    Airteagal 29 Forálacha sonracha maidir le córais, comhpháirteanna nó aonaid theicniúla ar leith

    207. Deon ófar cineálcheadú AE i leith córais atá i gcomhréir leis na sonraí san fhillteán faisnéise agus a chomhlíonann na ceanglais theicniúla atá leagtha síos sna gníomhartha ábhartha atá liostaithe in Iarscríbhinn II.

    208. Deonófar cineálcheadú AE do chomhpháirteanna nó d’aonaid theicniúla ar leith atá i gcomhréir leis na sonraí san fhillteán faisnéise agus a chomhlíonann na ceanglais theicniúla atá leagtha síos sna gníomhartha ábhartha ar leith atá liostaithe in Iarscríbhinn II.

    209. I gcás ina bhfuil comhpháirteanna nó aonaid theicniúla ar leith – bíodh siad ceaptha le haghaidh deisiú, seirbhísiú, nó cothabháil nó ná bíodh – cumhdaithe freisin ag cineálcheadú córais a bhaineann le feithicil, ní bheidh gá le haon fhormheas comhpháirte ná le haon fhormheas aonaid theicniúil ar leith eile ach amháin má fhoráiltear dó sna gníomhartha ábhartha ar leith atá liostaithe in Iarscríbhinn II.

    210. I gcás comhpháirteanna nó aonad teicniúil ar leith a chomhlíonann an fheidhm atá leo nó nach mbíonn ina sainghné ach nuair a oibríonn siad in éineacht le páirteanna eile den fheithicil, rud a fhágann nach féidir a fhíorú an gcomhlíonann an t-aonad teicniúil ar leith nó an chomhpháirt na ceanglais ach amháin nuair atá siad ag obair in éineacht leis na páirteanna sin den fheithicil, cuirfear teorainn dá réir le raon fheidhme chineálcheadaithe AE an aonaid theicniúil ar leith sin nó na comhpháirte sin.

    Ina leithéid de chás, sonrófar sa deimhniú ar chineálcheadú AE aon srianta ar úsáid na comhpháirte nó an aonaid theicniúil ar leith agus luafar ann na coinníollacha speisialta maidir lena suiteáil.

    I gcás ina bhfeistíonn monaróir na feithicle a leithéid de chomhpháirt nó d’aonad teicniúil ar leith, fíorófar le linn don fheithicil a bheith á formheas go bhfuil an chomhpháirt nó an t-aonad teicniúil ar leith sin i gcomhréir le haon srianta is infheidhme maidir lena n-úsáid nó le haon choinníollacha is infheidhme maidir lena suiteáil.

    Airteagal 30 Tástálacha arna gceangal le haghaidh cineálcheadú AE

    211. Léireofar go bhfuil na saintreoracha teicniúla atá leagtha síos sa Rialachán seo agus sna gníomhartha atá liostaithe in Iarscríbhinn II á gcomhlíonadh trí bhíthin tástálacha iomchuí arna ndéanamh ag seirbhísí teicniúla ainmnithe.

    Is sna gníomhartha ábhartha atá liostaithe in Iarscríbhinn II a leagfar síos na nósanna imeachta tástála dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus an trealamh ar leith agus na huirlisí forordaithe chun na tástálacha sin a dhéanamh.

    212. Cuirfidh an monaróir ar fáil don údarás formheasa a oiread sin feithiclí, comhpháirteanna nó aonad teicniúil ar leith a cheanglaítear faoi na gníomhartha ábhartha atá liostaithe in Iarscríbhinn II chun na tástálacha arna gceangal sin a dhéanamh.

    213. Déanfar na tástálacha arna gceangal ar fheithiclí, ar chomhpháirteanna agus ar aonaid theicniúla ar leith atá ionadaíoch don chineál atá le formheas.

    Mar sin féin, féadfaidh an monaróir, le comhaontú an údaráis formheasa, feithicil, córas, comhpháirt nó aonad teicniúil ar leith a roghnú nach bhfuil ionadaíoch don chineál atá le formheas ar chuntar go mbeidh roinnt de na gnéithe is neamhfhabhraí inti ó thaobh an leibhéil feidhmíochta atá ag teastáil. Féadfar modhanna fíorúla tástála a úsáid chun gur fusa Cinneadh a dhéanamh le linn an phróisis roghnúcháin.

    214. Faoi réir chomhaontú an údaráis formheasa, féadfar modhanna fíorúla tástála a úsáid in ionad na nósanna imeachta tástála dá dtagraítear i mír 1 arna iarraidh sin don mhonaróir maidir leis na ceanglais sin arna liostú sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoin rialachán seo.

    215. Comhlíonfaidh na modhanna fíorúla tástála na coinníollacha arna leagan amach sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoin Rialachán seo.

    216. D'fhonn a áirithiú go mbeidh na torthaí a gheofar trí na modhanna fíorúla tástála chomh bailí céanna leis na torthaí a gheofar trí thástáil fhisiciúil, leagfaidh an Coimisiún síos, le gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagail 76, 77 agus 78, na ceanglais is féidir a chur faoi thástáil fhíorúil agus na dálaí nach mór an tástáil sin a dhéanamh fúthu.

    Airteagal 31 Socruithe maidir le comhréireacht táirgeachta

    217. Déanfaidh údarás formheasa a dheonaíonn cineálcheadú AE na bearta is gá, i gcomhar le húdaráis formheasa na mBallstát eile más gá, chun a fhíorú go bhfuil socruithe leordhóthanacha déanta lena áirithiú go mbeidh feithiclí, córais, comhpháirteanna nó aonaid theicniúla ar leith a tháirgtear, de réir mar a bheidh, i gcomhréir leis an gcineál formheasta.

    218. Déanfaidh údarás formheasa a dheonaigh cineálcheadú AE na bearta is gá, i gcomhar le húdaráis formheasa na mBallstát eile más gá, chun a fhíorú go bhfuil na socruithe dá dtagraítear i mír 1 leordhóthanach i gcónaí agus go bhfuil feithiclí, córais, comhpháirteanna nó aonaid theicniúla ar leith a tháirgtear, de réir mar a bheidh, i gcomhréir leis an gcineál formheasta i gcónaí.

    219. D'fhonn a fhíorú go bhfuil feithicil, córas, comhpháirt, nó aonad teicniúil ar leith i gcomhréir leis an gcineál formheasta, féadfaidh an t-údarás formheasa a dheonaigh an cineálcheadú AE aon cheann de na seiceálacha nó de na tástálacha arna gceangal maidir leis na ceanglais rialúcháin atá faoi réir cineálcheadú AE, féadfaidh siad iad a dhéanamh ar shamplaí arna dtógáil in áitreabh an mhonaróra, lena n-áirítear saoráidí táirgthe. Is i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh faoin Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 73 a leagfar síos sonraí na nósanna imeachta fíoraithe.

    220. Nuair a shuíonn údarás formheasa a dheonaigh cineálcheadú AE nach bhfuil na socruithe dá dtagraítear i mír 1 á gcur i bhfeidhm, nó go n-imíonn siad go mór ó na socruithe agus ó na pleananna rialaithe a comhaontaíodh, nó gur stopadh de bheith á gcur i bhfeidhm nó go meastar nach bhfuil siad leordhóthanach a thuilleadh, cé go bhfuiltear ag leanúint den táirgeadh, déanfaidh an t-údarás formheasa sin na bearta is gá chun a áirithiú go leanfar i gceart an nós imeachta um chomhréireacht táirgeachta, sin nó déanfaidh sé an cineálcheadú a tharraingt siar.

    221. Is i gcomhréir le hAirteagal 73 den Rialachán seo a thabharfar don Choimisiún na cumhachtaí chun an gníomh tarmlighte a ghlacadh ina leagfar síos na socruithe mionsonraithe maidir le comhréireacht táirgeachta.

    CAIBIDIL VILEASUITHE AR CHINEÁLCHEADUITHE AE

    Airteagal 32 Forálacha ginearálta

    222. Déanfaidh an monaróir a dheonaigh cineálcheadú AE an t-údarás formheasa a chur ar an eolas gan mhoill maidir le haon athrú ar na sonraí a taifeadadh sa phacáiste faisnéise.

    Déanfaidh an t-údarás sin Cinneadh maidir le cé acu de na nósanna imeachta atá leagtha síos in Airteagal 33 a leanfar.

    Nuair is gá, féadfaidh an t-údarás formheasa a chinneadh, tar éis dó dul i gcomhairle leis an monaróir, go ndeonófar cineálcheadú AE nua.

    223. Ní chuirfear iarratas ar chineálcheadú AE a leasú ach chuig an údarás formheasa a dheonaigh an bun-chineálcheadú AE.

    224. Má chineann an t-údarás formheasa gur gá cigireachtaí nó tástálacha a athdhéanamh chun leasú a dhéanamh, cuirfidh sé sin in iúl don mhonaróir.

    Ní bheidh feidhm ag na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 33 mura mbainfidh an t-údarás de chonclúid as na cigireachtaí nó as na tástálacha a rinneadh go bhfuil na ceanglais a bhaineann le cineálcheadú AE á gcomhlíonadh i gcónaí.

    Airteagal 33 Cineálcheaduithe AE a athbhreithniú agus a shíneadh

    225. Má athraíodh na sonraí a taifeadadh sa phacáiste faisnéise, ach murar ghá cigireachtaí ná tástálacha a athdhéanamh, tabharfar 'athbhreithniú' ar an athrú sin.

    Ina leithéid de chás, eiseoidh an t-údarás formheasa an leathanach athbhreithnithe den phacáiste faisnéise de réir mar is gá, agus marcálfaidh sé gach ceann de na leathanaigh athbhreithnithe chun an cineál athraithe agus dáta na hatheisiúna a léiriú. Measfar go ndéanfaidh leagan comhdhlúite nuashonraithe den phacáiste, mar aon le tuairisc mhionsonraithe ar na hathruithe, an ceanglas sin a chomhlíonadh.

    226. 'Síneadh' a thabharfar ar an leasú nuair a athraítear sonraí a taifeadadh sa phacáiste faisnéise agus:

    (a) nuair is gá cigireachtaí nó tástálacha breise a dhéanamh;

    (b) nuair a athraíodh aon fhaisnéis sa deimhniú ar chineálcheadú AE, cé is moite d'fhaisnéis sna ceangaltáin;

    (c) nuair a thagann ceanglais nua i bhfeidhm faoi aon ghníomh atá liostaithe in Iarscríbhinn II, ar ceanglais iad is infheidhme maidir leis an gcineál feithicle, nó maidir leis an gcóras, an chomhpháirt nó an t-aonad teicniúil ar leith formheasta.

    I gcás síneadh, eiseoidh an t-údarás formheasa deimhniú ar chineálcheadú AE a bheidh leasaithe agus a mbeidh uimhir an tsínithe luaite air, ar uimhir í a d'ardaíonn de réir líon na sínithe leantacha a tugadh. Taispeánfar go soiléir ar an deimhniú formheasa an fáth a bhí leis an síneadh agus an dáta a atheisíodh é.

    227. Nuair a eisítear leathanaigh leasaithe nó leagan comhdhlúite nuashonraithe, leasófar dá réir sin an t-innéacs a ghabhann leis an bpacáiste faisnéise a ghabhann leis an deimhniú formheasa chun dáta an tsínithe nó an athbhreithnithe is déanaí a thaispeáint, nó chun dáta an chomhdhlúite is déanaí den leagan nuashonraithe a thaispeáint.

    Airteagal 34 Leasuithe a eisiúint agus a fhógairt

    228. I gcás síneadh, nuashonrófar gach roinn den deimhniú ar chineálcheadú AE, na ceangaltáin a ghabhann leis, agus an t-innéacs a ghabhann leis an bpacáiste faisnéise. Déanfar an deimhniú nuashonraithe agus na ceangaltáin a ghabhann leis a eisiúint don iarratasóir gan mhoill.

    229. I gcás athbhreithniú, déanfaidh an t-údarás formheasa na doiciméid athbhreithnithe nó an leagan comhdhlúite nuashonraithe, de réir mar is cuí, lena n-áirítear an t-innéacs athbhreithnithe a ghabhann leis an bpacáiste faisnéise, a eisiúint don iarratasóir gan mhoill.

    230. Déanfaidh an t-údarás formheasa, i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha amach in Airteagal 27, fógra maidir le haon leasú arna dhéanamh ar chineálcheaduithe AE a thabhairt d’údaráis formheasa na mBallstát eile.

    CAIBIDIL VIIBAILÍOCHT CINEÁLCHEAD AITHE AE

    Airteagal 35 An bhailíocht a fhoirceannadh

    231. Eiseofar cineálcheaduithe AE ar feadh tréimhse gan teorainn.

    232. Scoirfidh cineálcheadú AE feithicle de bheith bailí in aon cheann de na cásanna a leanas:

    (a) más rud é, in aon ghníomh is infheidhme maidir leis an gcineál feithicle formheasta, go ndéantar éigeantach ceanglais nua maidir le feithiclí nua a dhíol, a chlárú nó a chur i seirbhís agus más rud é nach féidir an cineálcheadú a nuashonrú dá réir;

    (b) má scoirtear go críochnúil agus go deonach de bheith ag táirgeadh na feithicle formheasta;

    (c) má imíonn bailíocht an fhormheasa in éag de bhua sriain speisialta i gcomhréir le hAirteagal 38.

    233. Mura n-éiríonn ach malairt amháin laistigh de chineál amháin, nó leagan amháin laistigh de mhalairt amháin neamhbhailí, ní laghdóidh bailíocht chineálcheadú AE na feithicle i gceist ach a mhéid a bhaineann leis an malairt áirithe sin nó leis an leagan áirithe sin.

    234. Nuair a scoirtear go críochnúil de bheith ag táirgeadh cineál áirithe feithicle, tabharfaidh an monaróir fógra faoi sin don údarás formheasa a dheonaigh cineálcheadú AE don fheithicil sin.

    Ar an bhfógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fháil dó, déanfaidh an t-údarás formheasa a dheonaigh cineálcheadú AE na feithicle é sin a chur in iúl d'údaráis formheasa na mBallstát eile.

    235. Gan dochar do mhír 4, i gcásanna ina n-éireoidh cineálcheadú AE feithicle neamhbhailí, tabharfaidh an monaróir fógra ina leith sin don údarás formheasa a dheonaigh an cineálcheadú AE.

    Déanfaidh an t-údarás formheasa a dheonaigh an cineálcheadú gach faisnéis ábhartha a chur chuig údaráis formheasa na mBallstát eile gan mhoill ionas go bhféadfar, nuair is iomchuí, Airteagal 39 a chur i bhfeidhm.

    Sonrófar san fhaisnéis sin thuas, go háirithe, an dáta táirgthe agus uimhir aitheantais na feithicle deireanaí a táirgeadh.

    CAIBIDIL VIII AN DEIMHNIÚ COMHRÉIREACHTA AGUS MARCANNA

    Airteagal 36 An deimhniú comhréireachta

    236. Déanfaidh an monaróir, ina cháil mar shealbhóir cineálcheadaithe feithicle ina hiomláine, deimhniú comhréireachta a sheachadadh mar dhoiciméad páipéir le gabháil le gach feithicil, bíodh sí iomlán, neamhiomlán nó lánchríochnaithe, arna monarú i gcomhréir leis an gcineál feithicle formheasta.

    Seachadfar an deimhniú sin saor in aisce ar an gceannaitheoir in éineacht leis an bhfeithicil. Ní fhéadfaidh seachadadh an deimhnithe a bheith ag brath ar iarraidh shainráite nó ar fhaisnéis bhreise a chur isteach chuig an monaróir.

    237. Úsáidfidh an monaróir an teimpléad le haghaidh deimhnithe comhréireachta arna ghlacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 73.

    238. Mura bhfuil comhaontú difriúil déanta le ceannaitheoir na feithicle, tarraingeofar suas an deimhniú comhréireachta i dteanga oifigiúil an Bhallstáit ina bhfuil an fheithicil á ceannach.

    239. Ceapfar an deimhniú comhréireachta chun brionnú a chosc. Chuige sin, beidh an páipéar a úsáidfear cosanta ag grafaicí daite nó ag comhartha uisce i bhfoirm mharc aitheantais an mhonaróra.

    240. Líonfar isteach an deimhniú comhréireachta ina iomláine agus ní bheidh srianta ann maidir le húsáid na feithicle seachas na srianta sin dá bhforáiltear sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 73.

    241. I gcás feithicle neamhiomláine nó i gcás feithicle lánchríochnaithe, ní líonfaidh isteach an monaróir ach na míreanna sin ar an deimhniú comhréireachta a cuireadh leis an deimhniú nó a athraíodh le linn na céime reatha formheasa agus, más infheidhme, cuirfidh sé leis an deimhniú gach deimhniú comhréireachta a seachadadh an chéim roimhe sin.

    242. I gcás feithiclí a fhormheastar i gcomhréir le hAirteagal 39(2), beidh sa deimhnithe comhréireachta arna leagan amach sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh faoin Rialachán seo, an frása a leanas: 'Le haghaidh feithiclí iomlána/feithiclí lánchríochnaithe arna gcineálcheadú agus Airteagal 39 á chur i bhfeidhm (formheas sealadach)'.

    243. I gcás feithiclí a chineálcheadaítear i gcomhréir le hAirteagal 41, beidh i dteideal an deimhnithe comhréireachta arna leagan amach sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh faoin Rialachán seo, an frása seo a leanas: 'Le haghaidh feithiclí iomlána/feithiclí lánchríochnaithe arna gcineálcheadú i sraitheanna beaga'. Beidh bliain an táirgthe le feiceáil in aice leis sin agus i bhfoisceacht dó beidh uimhir sheicheamhach a bheidh idir 1 agus an teorainn atá sonraithe sa tábla arna leagan amach sa ghníomh cur chun feidhme, agus cuirfidh an uimhir sin in iúl, maidir le gach bliain táirgthe, staid na feithicle sin laistigh de sheicheamh táirgthe na bliana sin.

    244. Gan dochar d'fhorálacha mhír 1, féadfaidh an monaróir sonraí nó faisnéis atá sa deimhniú comhréireachta a sheoladh go leictreonach chuig na húdárais náisiúnta.

    245. Is é an monaróir amháin a fhéadfaidh deimhniú comhréireachta dúblach a eisiúint. Ní mór an focal 'dúblach' a bheith le feiceáil go soiléir ar éadan aon deimhnithe dhúblaigh.

    Airteagal 37 Marcáil reachtúil feithiclí agus marc cineálcheadaithe comhpháirteanna nó aonad teicniúil ar leith

    246. Déanfaidh monaróir feithicle pláta reachtúil, arna cheangal leis an ngníomh tarmligthe ábhartha nó leis an ngíomh cur chun feidhme ábhartha atá liostaithe in Iarscríbhinn II, a ghreamú de gach feithicil arna monarú i gcomhréir leis an gcineál formheasta.

    247. Déanfaidh monaróir comhpháirte nó monaróir aonaid theicniúil ar leith, bíodh an chomhpháirt nó an t-aonad sin ina chuid de chóras nó ná bíodh, marc an chineálcheadaithe, arna cheangal leis an ngníomh tarmligthe ábhartha nó leis an ngíomh cur chun feidhme ábhartha atá liostaithe in Iarscríbhinn II, a ghreamú de gach comhpháirt nó de gach aonad teicniúil ar leith arna monarú i gcomhréir leis an gcineál formheasta.

    248. I gcás nach bhfuil gá lena leithéid de mharc cineálcheadaithe le haghaidh comhpháirte nó aonaid theicniúil ar leith, greamóidh an monaróir na nithe seo a leanas ar a laghad den chomhpháirt nó den aonad: trádainm nó marc trádámharc an mhonaróra, uimhir an chineáil agus uimhir aitheantais.

    249. Beidh pláta reachtúil an AE agus marc an chineálcheadaithe i gcomhréir leis an tsamhail arna leagan amach sa ghníomh cur chun feidhme atá leagtha síos in Airteagal 73 arna ghlacadh faoin Rialachán seo.

    CAIBIDIL IXDÍOLÚINTÍ DO THEICNEOLAÍOCHTAÍ NUA NÓ DO CHOINCHEAPA NUA

    Airteagal 38 Díolúintí do theicneolaíochtaí nua nó do choincheapa nua

    250. Féadfaidh an monaróir iarratas a dhéanamh ar chineálcheadú AE maidir le cineál córais, cineál comhpháirte nó cineál aonaid theicniúil ar leith a ionchorpraíonn teicneolaíochtaí nua nó coincheapa nua nach bhfuil ag luí le ceann amháin nó níos mó de na gníomhartha atá liostaithe in Iarscríbhinn II.

    251. Deonóidh an t-údarás formheasa an cineálcheadú AE dá dtagraítear i mír 1 má chomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

    (a) go bhfuil luaite san iarratas na cúiseanna atá le gan an córas, an chomhpháirt nó an t-aonad teicniúil ar leith a bheith ag luí le ceann amháin nó níos mó de na gníomhartha atá liostaithe in Iarscríbhinn II de dheasca na dteicneolaíochtaí nó na gcoincheap atá i gceist;

    (b) go bhfuil tuairisc san iarratas ar na himpleachtaí sábháilteachta agus comhshaoil a ghabhann leis an teicneolaíocht nua agus ar na bearta a rinneadh d'fhonn a áirithiú go mbeidh ar a laghad leibhéal sábháilteachta agus leibhéal cosanta comhshaoil ann atá coibhéiseach leis an leibhéal dá bhforáiltear leis na ceanglais óna bhfuiltear ag iarraidh díolúine;

    (c) go soláthraítear tuairiscí ar thástálacha agus ar torthaí a chruthaíonn go bhfuil an coinníoll i bpointe (b) á chomlíonadh.

    252. Beidh deonú díolúine do theicneolaíochtaí nua nó do choincheapa nua faoi réir údarú ón gCoimisiún a dheonófar trí chinneadh arna ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 74(2).

    253. Go dtí go nglacfaidh an Coimisiún cinneadh faoi údarú, féadfaidh an t-údarás formheasa formheas sealadach a dheonú, nach mbeidh bailí ach i gcríoch an Bhallstáit i gceist, maidir le cineál feithicle a chuimsítear faoin díolúine atá á lorg. Cuirfidh an t-údarás formheasa an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi sin gan mhoill trí bhíthin comhaid ina bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2.

    254. Féadfaidh údaráis formheasa eile a chinneadh go nglacfaidh siad leis an bhformheas sealadach dá dtagraítear i mír 4 laistigh dá gcríoch féin.

    255. Nuair is iomchuí, sonrófar leis an údarú arna thabhairt ag an gCoimisiún agus dá dtagraítear i mír 3 cé acu atá sé faoi réir srianta nó nach bhfuil. I ngach cás, beidh an cineálcheadú bailí go ceann 36 mí ar a laghad.

    256. Má chinneann an Coimisiún údarú a dhiúltú, tabharfaidh an t-údarás formheasa fógra láithreach do shealbhóir an chineálcheadaithe shealadaigh dá dtagraítear i mír 4 go ndéanfar an formheas sealadach a chúlghairm sé mhí tar éis an dáta ar ar dhiúltaigh an Coimisiún dó.

    Mar sin féin, na feithiclí sin a mhonarófar i gcomhréir leis an bhformheas sealadach sula scoirfidh sé de bheith bailí, féadfar iad a dhíol, a chlárú nó a chur i seirbhís in aon Bhallstát a ghlac leis an bhformheas sealadach.

    Airteagal 39 Gá iardain a bheith leis na ceanglais dlí a oiriúnú

    257. I gcás ina n-údaraíonn an Coimisiún díolúine a dheonú de bhun Airteagal 38, déanfaidh sé na céimeanna is gá a ghlacadh, nuair is gá sin, chun na gníomhartha tarmligthe nó na gníomhartha cur chun feidhme lena mbaineann a chur in oiriúint d’fhorbairtí teicneolaíocha.

    I gcás ina mbaineann díolúine faoi Airteagal 38 le rialachán de chuid an UNECE, molfaidh an Coimisiún leasú ar an rialachán sin i gcomhréir leis an nós imeachta is infheidhme faoi Chomhaontú Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip maidir le saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha a ghlacadh i gcomhair feithiclí rothacha agus trealaimh agus páirteanna is féidir a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha agus maidir leis na coinníollacha le haghaidh aitheantais fhrithpháirtigh i gcás ceaduithe a dheonaítear ar bhonn na saintreoracha sin[54].

    258. A luaithe a bheidh na gníomhartha ábhartha leasaithe, cuirfear i leataobh aon srian a bhain leis an gcinneadh ón gCoimisiún lenar údaraíodh an díolúine.

    Mura ndéantar na céimeanna is gá chun na gníomhartha tarmligthe nó na gníomhartha cur chun feidhme a chur in oiriúint, féadfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin don Bhallstát a dheonaigh an formheas, a údarú don Bhallstát an cineálcheadú a shíneadh trí chinneadh arna ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 74(2).

    CAIBIDIL XFEITHICLÍ A THÁIRGTEAR I SRAITHEANNA BEAGA

    Airteagal 40 Cineálcheadú náisiúnta feithiclí a tháirgtear i sraitheanna beaga

    259. Féadfaidh an monaróir iarratas a chur isteach ar chineálcheadú cineál feithicle a tháirgtear i sraitheanna beaga laistigh de na teorainneacha cainníochtúla bliantúla atá leagtha amach in Iarscríbhinn III. Beidh feidhm ag na teorainneacha sin maidir le feithiclí den chineál formheasta a dhíol, a chlárú nó a chur i seirbhís in aon bhliain ar leith.

    Maidir le cineálcheadú feithiclí a tháirgtear i sraitheanna beaga, féadfaidh an t-údarás formheasa, má tá forais réasúnta aige leis, ceann amháin nó níos mó de na forálacha i gceann amháin nó níos mó de na gníomhartha atá liostaithe in Iarscríbhinn II a tharscaoileadh, ar choinníoll go sonróidh sé ceanglais mhalartacha.

    260. Áiritheofar leis na ceanglais mhalartacha dá dtagraítear i mír 1 leibhéal sábháilteachta feidhmiúla agus leibhéal cosanta comhshaoil atá coibhéiseach, a mhéid is féidir, leis an leibhéal dá bhforáiltear leis an ngníomh ábhartha nó leis na gníomhartha ábhartha atá liostaithe in Iarscríbhinn II.

    261. Maidir le feithiclí a chineálcheadú faoin Airteagal seo, glacfar le córais, le comhpháirteanna nó le haonaid theicniúla ar leith arna gcineálcheadú i gcomhréir leis na gníomhartha atá liostaithe in Iarscríbhinn II.

    262. Déanfar an deimhniú ar chineálcheadú le haghaidh feithiclí arna gcineálcheadú i gcomhréir leis an Airteagal seo a dhréachtú i gcomhréir leis an tsamhail arna leagan amach sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 73, ach ní bheidh 'Deimhniú ar chineálcheadú feithicle AE' mar cheannteideal air. Sonrófar ar an deimhniú ábhar na dtarscaoiltí arna ndeonú de bhun mhír 1 agus uimhreofar na deimhnithe i gcomhréir leis an ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 73.

    263. Ní bheidh cineálcheadú náisiúnta d'fheithicil a tháirgtear i sraitheanna beaga bailí ach i gcríoch an Bhallstáit sin ar dheonaigh a údarás formheasa an formheas.

    Mar sin féin, má iarrann an monaróir amhlaidh, déanfar cóip den deimhniú ar chineálcheadú agus de na ceangaltáin a ghabhann leis a sheoladh trí phost cláraithe nó trí phost leictreonach chuig údaráis formheasa na mBallstát arna n-ainmniú ag an monaróir.

    Faoi cheann trí mhí tar éis dóibh an iarraidh dá dtagraítear i bhfomhír 2 a fháil, cinnfidh údaráis formheasa na mBallstát arna n-ainmniú ag an monaróir cibé acu a ghlacfaidh siad leis an gcineálcheadú nó nach nglacfaidh. Cuirfidh siad a gcinneadh in iúl go foirmiúil don údarás formheasa a dheonaigh an cineálcheadú náisiúnta feithicle a tháirgtear i sraitheanna beaga.

    Glacfaidh údaráis formheasa na mBallstát leis an gcineálcheadú náisiúnta ach amháin má bhíonn forais réasúnta acu le creidiúint nach bhfuil na forálacha teicniúla ar a formheasadh an fheithicil dá réir coibhéiseach lena gcuid forálacha teicniúla féin.

    264. Ar iarratas ó iarratasóir ar chineálcheadú náisiúnta d'fheithicil a tháirgtear i sraitheanna beaga atá ag iarraidh feithicil a dhíol, a chlárú nó a chur i seirbhís i mBallstát eile, déanfaidh an t-údarás formheasa a dheonaigh cineálcheadú náisiúnta d'fheithicil a tháirgtear i sraitheanna beaga cóip den deimhniú ar chineálcheadú, lena n-áirítear an pacáiste faisnéise, a sholáthar dó. Ceadóidh údarás cineálcheadaithe an Bhallstáit eile an fheithicil a dhíol, a chlárú nó a chur i seirbhís, ach amháin má bhíonn forais réasúnta aige le creidiúint nach bhfuil na forálacha teicniúla ar a formheasadh an fheithicil dá réir coibhéiseach lena chuid forálacha teicniúla féin.

    CAIBIDIL XIFORMHEASANNA AONAIR

    Airteagal 41 Formheasanna aonair

    265. Ar iarratas ó úinéir na feithicle, deonóidh na húdaráis formheasa formheas aonair d’fheithicil atá i gcomhréir leis an tuairisc atá i gceangal leis an iarratas agus a chomhlíonann forálacha an Rialacháin seo.

    266. Le linn nós imeachta an fhormheasa aonair, deimhneoidh na húdaráis formheasa go gcomhlíonann an fheithicil na gníomhartha ábhartha atá liostaithe in Iarscríbhinn II.

    267. Beidh feidhm ag formheas aonair maidir le feithicil áirithe, bíodh an fheithicil sin uathúil nó ná bíodh.

    268. Cumhdófar cúig fheithicil den chineál céanna ar a mhéad in iarratas ar fhormheas aonair.

    269. Tar éis dó an cineálcheadú a dheonú, eiseoidh an t-údarás formheasa an deimhniú um fhormheas aonair gan mhoill.

    270. Bunófar formáid an deimhnithe um fhormheas aonair ar an teimpléad le haghaidh deimhniú ar chineálcheadú AE arna leagan amach i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 73 agus beidh ann, ar a laghad, an fhaisnéis is gá chun an t-iarratas ar chlárú dá bhforáiltear i dTreoir 1999/37/CE ón gComhairle[55] a líonadh isteach.

    Ní bheidh an ceannteideal 'Formheas feithicle AE' ar dheimhnithe um fhormheas aonair. Beidh uimhir aitheantais na feithicle lena mbaineann ar an deimhniú um fhormheas aonair.

    271. Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le feithiclí nár díoladh, nár cláraíodh nó nár cuireadh i seirbhís sula ndearnadh iarratas ar fhormheas aonair agus mar sin nach ndearnadh a shainaithint ná cláruimhir a eisiúint dóibh, lena n-áirítear clárú sealadach nó gearrthéarmach nó clárú gairmiúil, nó maidir le feithiclí nár díoladh, nár cláraíodh nó nár cuireadh i seirbhís ach ar feadh tréimhse níos lú ná sé mhí.

    272. Féadfaidh feidhm a bheith ag an gCaibidil seo maidir le feithiclí a cineálcheadaíodh i gcomhréir leis an Rialachán seo agus a athraíodh sular díoladh, cláraíodh nó cuireadh i seirbhís iad.

    Airteagal 42 Díolúintí d' fhormheasanna aonair

    273. Féadfaidh údarás formheasa díolúine a thabhairt d’fheithicil ó cheanglais ceann amháin nó níos mó de na gníomhartha atá liostaithe in Iarscríbhinn II a chomhlíonadh, ar choinníoll go bhforchuirfidh an t-údarás formheasa ceanglais mhalartacha agus go mbeidh forais réasúnta aige an díolúine sin a thabhairt.

    274. Áiritheofar leis na ceanglais mhalartacha leibhéal sábháilteachta feidhmiúla agus leibhéal cosanta comhshaoil atá coibhéiseach, a mhéid is féidir, leis an leibhéal dá bhforáiltear sa ghníomh ábhartha atá liostaithe in Iarscríbhinn II.

    Ní dhéanfaidh na húdaráis formheasa tástálacha scriosacha. Úsáidfidh siad aon fhaisnéis ábhartha arna soláthar ag an iarratasóir ar fhormheas aonair le léiriú go bhfuil na ceanglais mhalartacha á gcomhlíonadh.

    Glacfaidh na húdaráis formheasa le haon chineálcheadú AE do chóras, do chomhpháirt nó d'aonad teicniúil ar leith in ionad na gceanglas malartach.

    275. Má bhíonn an fheithicil i gcomhréir leis an tuairisc arna cur i gceangal leis an iarratas agus má chomhlíonann an fheithicil na ceanglais theicniúla is infheidhme, deonóidh an t-údarás formheasa an formheas aonair agus eiseoidh sé an deimhniú um fhormheas aonair gan mhoill.

    Bunófar formáid an deimhnithe um fhormheas aonair ar an teimpléad le haghaidh deimhnithe ar chineálcheadú AE dá dtagraítear in Airteagal 28(2) agus beidh ann, ar a laghad, an fhaisnéis is gá chun an t-iarratas ar chlárú dá bhforáiltear i dTreoir 1999/37/CE ón gComhairle a chomhlánú[56].

    Ní bheidh an ceannteideal 'Formheas feithicle AE' in úsáid ar dheimhnithe um fhormheas aonair. Beidh uimhir aitheantais na feithicle i gceist ar an deimhniú um fhormheas aonair.

    Airteagal 43 Bailíocht formheasa aonair agus glacadh le formheas aonair

    276. Ní bheidh formheas aonair bailí ach i gcríoch an Bhallstáit inar deonaíodh é.

    277. Chun feithicil ar deonaíodh formheas aonair ina leith a dhíol, a chlárú, agus a chur i seirbhís i mBallstát eile, déanfaidh an t-údarás formheasa a dheonaigh an formheas ráiteas de na forálacha teicniúla, ar formheasadh an fheithicil dá réir, a sholáthar don iarratasóir ar fhormheas aonair chomh maith le haon fhaisnéis bhreise ina luaitear go mionsonraithe cineál na gceanglas teicniúil a chomhlíon an fheithicil áirithe sin.

    278. Maidir le feithicil ar dheonaigh údarás formheasa Ballstáit amháin formheas aonair ina leith i gcomhréir le forálacha Airteagal 34, tabharfaidh na Ballstáit eile cead an fheithicil sin a dhíol, a chlárú agus a chur i seirbhís, ach amháin má bhíonn forais réasúnta acu le creidiúint nach bhfuil na forálacha teicniúla ar formheasadh an fheithicil dá réir coibhéiseach lena gcuid forálacha teicniúla féin.

    279. Ar iarratas ó úinéir na feithicle, deonóidh na húdaráis formheasa formheas aonair d’fheithicil a chomhlíonann forálacha an Rialacháin seo. Ina leithéid de chás, glacfaidh na húdaráis formheasa leis an bhformheas aonair agus ceadóidh siad an fheithicil a dhíol, a chlárú agus a chur i seirbhís.

    Airteagal 44 Forálacha sonracha maidir le formheasanna aonair

    280. Féadfaidh feidhm a bheith ag forálacha na Caibidle seo maidir le feithiclí a cineálcheadaíodh i gcomhréir leis an Rialachán seo agus a athraíodh sular díoladh, cláraíodh nó cuireadh i seirbhís iad den chéad uair.

    281. Féadfaidh feidhm a bheith ag an nós imeachta atá leagtha amach sa Chaibidil seo maidir le feithicil áirithe le linn chéimeanna comhleantacha a críochnaithe i gcomhréir le nós imeachta cineálcheadaithe ilchéimnigh.

    282. Ní fhéadfaidh an nós imeachta atá leagtha amach sa Chaibidil seo ionad céime idirmheánaí den nós imeachta cineálcheadaithe ilchéimnigh a ghlacadh agus ní fhéadfaidh feidhm a bheith aige chun formheas céime tosaigh feithicle a fháil.

    CAIBIDIL XIIDÍOL, CLÁRÚ AGUS CUR I SEIRBHÍS

    Airteagal 45 Feithiclí a dhíol, a chlárú agus a chur i seirbhís

    283. Gan dochar d’Airteagail 41 agus 42, na feithiclí sin a bhfuil cineálcheadú AE feithicle ina hiomláine éigeantach lena n-aghaidh nó a bhfuil a leithéid sin de chineálcheadú faighte ag an monaróir lena n-aghaidh faoin Rialachán seo, ní dhíolfar iad, ní chlárófar iad ná ní chuirfear i seirbhís iad ach amháin má tá deimhniú comhréireachta bailí ag gabháil leo, deimhniú arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 36.

    I gcás feithiclí neamhiomlána, is ceadmhach a leithéid d’fheithiclí a dhíol nó a chur i seirbhís, ach féadfaidh na húdaráis atá freagrach as clárú feithiclí sna Ballstáit diúltú cead a thabhairt clárú buan a thabhairt dóibh nó iad a úsáid ar an mbóthar.

    284. Maidir le feithiclí a tháirgtear i sraitheanna beaga, ní bheidh líon na bhfeithiclí a dhíoltar, a chláraítear agus a chuirtear i seirbhís san Aontas i gcaitheamh aon bhliana amháin níos airde ná líon na n-aonad atá leagtha amach in Iarscríbhinn III.

    285. Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le feithiclí atá beartaithe lena n-úsáid ag na fórsaí armtha, le haghaidh na cosanta sibhialta, ag seirbhísí comhraic dóiteáin nó ag seirbhísí oird phoiblí agus ní bheidh feidhm aici maidir le feithiclí arna gcineálcheadú i gcomhréir le hAirteagal 40 nó le hAirteagal 43.

    286. Ar iarratas ó úinéir na feithicle, deonóidh na húdaráis formheasa formheas aonair d’fheithicil a chomhlíonann forálacha an Rialacháin seo. Ina leithéid de chás, glacfaidh na húdaráis formheasa leis an bhformheas aonair agus ceadóidh siad an fheithicil a dhíol, a chlárú agus a chur i seirbhís.

    Airteagal 46 Feithiclí ceann sraithe a dhíol, a chlárú agus a chur i seirbhís

    287. Faoi réir na dteorainneacha d'fheithiclí ceann sraithe agus faoi réir na teorann ama atá sonraithe i míreanna 2 agus 4, is féidir feithiclí atá i gcomhréir le cineál feithicle nach bhfuil a chineálcheadú AE bailí a thuilleadh a chlárú.

    Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír ach amháin maidir le feithiclí laistigh de chríoch an Aontais a bhí cumhdaithe ag deimhniú bailí ar chineálcheadú AE tráth a táirgeadh iad ach nár cláraíodh sular scoir an deimhniú sin ar chineálcheadú AE de bheith bailí.

    288. I gcás feithiclí iomlána, beidh feidhm ag mír 1 go ceann tréimhse dhá mhí dhéag ón dáta a d’imigh bailíocht an chineálcheadaithe AE in éag agus, i gcás feithiclí lánchríochnaithe, go ceann tréimhse ocht mí dhéag ón dáta sin.

    289. Aon mhonaróir atá ag iarraidh leas a bhaint as forálacha mhír 1, cuirfidh sé iarraidh chuig údarás náisiúnta gach Ballstáit ina bhfuil na feithiclí atá i gceist le clárú. Sonrófar san iarraidh sin aon chúiseanna teicniúla nó eacnamaíocha a chuireann bac ar na feithiclí sin na ceanglais nua maidir le cineálcheadú nua a chomhlíonadh.

    Faoi cheann trí mhí tar éis dó an iarraidh a fháil, cinnfidh an t-údarás náisiúnta lena mbaineann cibé acu a cheadóidh siad clárú na bhfeithiclí sin laistigh dá gcríoch nó nach gceadóidh agus, má cheadaíonn, cinnfidh siad líon na bhfeithiclí a chlárófar.

    290. Ní bheidh líon na bhfeithiclí ceann sraithe níos airde ná 10 % den líon feithiclí a cláraíodh sa dá bhliain roimhe sin ná níos airde ná deich bhfeithicil in aghaidh an Bhallstáit, cibé acu sin is airde.

    291. Sula ndéantar na feithiclí a chlárú, eiseoidh an monaróir deimhniú comhréireachta nua d'fheithiclí ceann sraithe lena dtabharfar le fios gur feithiclí 'ceann sraithe' iad agus a luafar uimhir agus Ballstát an chéad chláraithe i comhréir le teimpléad an deimhnithe comhréireachta arna bhunú ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirgeagal 73.

    292. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar monatóireacht éifeachtach ar líon na bhfeithiclí atá le clárú faoin nós imeachta atá leagtha amach san Airteagal seo.

    293. Is sa chás dá dtagraítear in Airteagal 35(2), agus sa chás sin amháin, a bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le scor táirgthe más toradh é an scor táirgthe ar fhoirceannadh bhailíocht an chineálcheadaithe.

    Airteagal 47 Comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leith a dhíol agus a chur i seirbhís

    294. Ní fhéadfar comhpháirteanna ná aonaid theicniúla ar leith a dhíol ná a chur i seirbhís mura gcomhlíonann siad ceanglais na ngníomhartha tarmligthe ábhartha atá liostaithe in Iarscríbhinn II agus mura mbeidh siad marcáilte mar is iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 37.

    295. Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le comhpháirteanna ná aonaid theicniúla ar leith a tógadh nó a dearadh go sonrach le haghaidh feithiclí nua nach bhfuil cumhdaithe ag an Rialachán seo.

    296. De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt comhpháirteanna nó aonaid theicniúla ar leith a dhíol agus a chur i seirbhís má bhí na comhpháirteanna nó na haonaid sin díolmhaithe ó cheann amháin nó níos mó d’fhorálacha an Rialacháin seo faoi Airteagal 38 nó má tá siad ceaptha lena suiteáil ar fheithiclí atá cumhdaithe ag formheasanna arna ndeonú faoi Airteagal 40 agus faoi Airteagal 41, ar formheasanna iad a bhaineann leis an gcomhpháirt nó leis an aonad teicniúil ar leith atá i gceist.

    297. De mhaolú ar mhír 1, agus mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo nó i gceann de na gníomhartha tarmligthe a ghabhann leis, féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt comhpháirteanna nó aonaid theicniúla ar leith a dhíol nó a chur i seirbhís, ar chomhpháirteanna nó aonaid iad atá ceaptha lena suiteáil ar fheithiclí nach gceanglaítear leis an Rialachán seo ná le Treoir 2002/24/CE cineálcheadú AE a dhéanamh orthu tráth a dhíoltar nó a chuirtear i seirbhís iad.

    CAIBIDIL XIIICLÁSAIL CHOSANTA

    Airteagal 48 Nós imeachta chun déileáil le feithiclí, córais, comhpháirteanna nó aonaid theicniúla ar leith atá ina n-ábhar baoil ar an leibhéal náisiúnta

    298. I gcás ina ngníomhaíonn údaráis um fhaireachas margaidh de chuid Ballstáit amháin de bhun Airteagal 20 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, nó i gcás ina bhfuil cúis mhaith acu le creidiúint go bhfuil feithicil, córas, comhpháirt nó aonad teicniúil ar leith atá cumhdaithe faoin Rialachán seo ina ábhar baoil don tsláinte nó do shábháilteacht daoine nó do ghnéithe eile de chosaint leasa poiblí atá cumhdaithe faoin Rialachán seo, déanfaidh na húdaráis formheasa measúnú ar an bhfeithicil, ar an gcóras, ar an gcomhpháirt nó ar an aonad teicniúil ar leith i gceist, ar measúnú é a chumhdófar na ceanglais uile atá leagtha síos sa Rialachán seo. Comhoibreoidh na hoibreoirí eacnamaíocha go hiomlán leis na húdaráis um fhaireachas margaidh agus/nó leis na húdaráis formheasa.

    Más rud é, agus an measúnú sin á dhéanamh, go suíonn na húdaráis um fhaireachas margaidh agus/nó na húdaráis formheasa nach gcomhlíonann an fheithicil, an córas, an chomhpháirt nó an t-aonad teicniúil ar leith na ceanglais atá leagtha síos sa Rialachán seo, ceanglóidh siad gan mhoill ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha gach gníomh ceartaitheach cuí a dhéanamh ionas go gcomhlíonfaidh an fheithicil, an córas, an chomhpháirt nó an t-aonad teicniúil na ceanglais sin, nó ceanglóidh siad ar an oibreoir an fheithicil, an córas, an chomhpháirt nó an t-aonad teicniúil ar leith a tharraingt siar ón margadh, nó a aisghlaoch laistigh de thréimhse réasúnta, a bheidh i gcomhréir leis an gcineál baoil atá ann.

    Cuirfidh na húdaráis formheasa an tseirbhís theicniúil ábhartha ar an eolas faoi na bearta arna ndéanamh i gcomhréir leis an gcéad agus an dara fomhír.Beidh feidhm ag Airteagal 21 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 maidir leis na bearta dá dtagraítear sa dara fomhír.

    299. I gcás ina measann na húdaráis formheasa nach mbaineann neamhchomhréireacht ach lena gcríoch náisiúnta féin, déanfaidh siad torthaí an mheasúnaithe, chomh maith leis an ngníomhaíocht is gá don oibreoir eacnamaíoch a dhéanamh, a chur in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit eile.

    300. Áiritheoidh an t-oibreoir eacnamaíoch go ndéanfar gach beart ceartaitheach is iomchuí maidir leis na feithicilí, córais, comhpháirteanna nó aonaid theicniúla ar leith neamhchomhlíontacha go léir a dhíol sé, a chláraigh sé nó a raibh sé freagrach as a gcur i seirbhís san Aontas.

    301. I gcás nach ndéanann an t-oibreoir eacnamaíoch bearta ceartaitheacha leordhóthanacha laistigh den tréimhse dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1, déanfaidh na húdaráis náisiúnta gach beart iomchuí chun díol, clárú nó cur i seirbhís feithiclí, córas, comhpháirteanna nó aonad teicniúil ar leith atá neamhchomhlíontach a chosc nó a shrianadh ar a margadh náisiúnta, nó chun iad a tharraingt siar ón margadh sin nó chun iad a aisghlaoch.

    302. Cuirfidh na húdaráis náisiúnta an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi na bearta sin gan mhoill.

    Áireofar san fhaisnéis a sholáthrófar gach mionsonra atá ar fáil, go háirithe na sonraí is gá chun an fheithicil, an córas, an chomhpháirt nó an t-aonad teicniúil neamhchomhlíontach a aithint, sonraí maidir lena thionscnamh, an cineál neamhchomhréireachta atá curtha ina leith agus an baol a bhaineann leis, cineál agus fad na mbeart náisiúnta a glacadh agus na forais a chuir an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha chun tosaigh. Go háirithe, más ceachtar den dá ní a leanas is cúis leis an neamhchomhréireacht, cuirfidh na húdaráis formheasa é sin iúl:

    (a) an fheithicil, an córas, an chomhpháirt nó an t-aonad teicniúil ar leith gan a bheith ag comhlíonadh na gceanglas maidir le sláinte nó sábháilteacht daoine, cosaint an chomhshaoil nó maidir le gnéithe eile de chosaint leasa poiblí atá cumhdaithe faoin Rialachán seo; nó

    (b) easnaimh ar na gníomhartha ábhartha atá liostaithe in Iarscríbhinn II.

    303. Cuirfidh na Ballstáit, seachas an Ballstát a chuireann tús leis an nós imeachta, in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit eile, laistigh de mhí amháin, aon bhearta atá glactha acu agus aon fhaisnéis bhreise atá ar fáil dóibh maidir le neamhchomhréireacht na feithicle, an chórais, na comhpháirte nó an aonaid theicniúil ar leith i gceist agus, mura n-aontaíonn siad leis an mbeart náisiúnta ar tugadh fógra faoi, cuirfidh siad a n-agóidí in iúl.

    304. Más rud é, laistigh de mhí amháin tar éis dóibh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 6 a fháil, nach ndéanann Ballstát eile ná an Coimisiún agóid maidir le beart a ghlac Ballstát, measfar go bhfuil údar leis an mbeart sin.

    305. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na bearta sriantacha iomchuí maidir leis an bhfeithicil, an córas, an chomhpháirt nó an t-aonad teicniúil ar leith lena mbaineann, amhail é nó í a tharraingt siar ón margadh gan mhoill.

    Airteagal 49 Nos imeachta cosanta an Aontais

    306. Más rud é, le linn an nós imeachta atá leagtha amach in Airteagal 41, go ndéantar agóidí i gcoinne birt a ghlac Ballstát, nó má mheasann an Coimisiún nach bhfuil beart náisiúnta ag luí le reachtaíocht an Aontais, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an mbeart náisiúnta gan mhoill tar éis dó dul i gcomhairle leis na Ballstáit agus leis an oibreoir nó leis na hoibreoirí eacnamaíocha ábharthaí. I bhfianaise thorthaí an mheasúnaithe sin, cinnfidh an Coimisiún an bhfuil údar leis an mbeart náisiúnta nó nach bhfuil.

    Cuirfidh an Coimisiún a chinneadh in iúl do na Ballstáit uile agus don oibreoir nó do na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha.

    307. Má mheastar go bhfuil údar leis an mbeart náisiúnta, déanfaidh na Ballstáit uile na bearta is gá lena áirithiú go dtarraingeofar siar an fheithicil, an córas, an chomhpháirt nó an t-aonad teicniúil ar leith atá neamhchomhlíontach óna margadh agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas ina thaobh sin. Má mheastar nach bhfuil údar leis an mbeart náisiúnta, tarraingeoidh an Ballstát lena mbaineann siar an beart.

    308. I gcás ina meastar go bhfuil údar leis an mbeart náisiúnta agus gur toradh é sin ar easnaimh ar an Rialachán seo nó easnaimh ar ghníomhartha tarmligthe nó ar ghníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh faoin Rialachán seo, molfaidh an Coimisiún bearta iomchuí mar seo a leanas:

    (a) maidir le gníomhartha tarmligthe nó gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh faoin Rialachán seo, beartóidh an Coimisiún na leasuithe is gá a dhéanamh ar an ngníomh lena mbaineann;

    (b) maidir le rialacháin de chuid an UNECE, beartóidh an Coimisiún na dréacht-leasuithe is gá ar na rialacháin ábhartha de chuid an UNECE i gcomhréir leis an nós imeachta is infheidhme faoi Chomhaontú Leasaithe 1958.

    Airteagal 50 Feithiclí, córais, comhpháirteanna nó aonaid theicniúla comhlíontacha atá ina n-ábhar baoil

    309. Más rud é, i ndiaidh dó measúnú a dhéanamh faoi Airteagal 49(1), go gcineann údarás náisiúnta go bhfuil feithiclí, córais, comhpháirteanna nó aonaid theicniúla ar leith, in ainneoin na ceanglais is infheidhme a bheith á gcomhlíonadh acu nó an mharcáil cheart a bheith orthu, ina mórábhar baoil maidir le sábháilteacht nó go bhféadfaidís dochar mór a dhéanamh don chomhshaol nó don tsláinte phoiblí, ceanglóidh an t-údarás náisiúnta sin ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha gach beart iomchuí a dhéanamh d'fhonn a áirithiú nach mbeidh na feithiclí, na córais, na comhpháirteanna nó na haonaid theicniúla ar leith lena mbaineann ina n-ábhar baoil a thuilleadh nuair a dhíoltar, a chláraítear nó a chuirtear i seirbhís iad, agus ceanglófar ar an oibreoir iad a tharraingt siar ón margadh nó a aisghlaoch laistigh de thréimhse réasúnta, a bheidh i gcomhréir leis an gcineál baoil. Féadfaidh an t-údarás clárúcháin diúltú cead a thabhairt feithiclí den sórt sin a chlárú ina gcríoch ar feadh tréimhse sé mhí ar a mhéad.

    310. Maidir le feithiclí, córais, comhpháirteanna nó aonaid theicniúla ar leith dá dtagraítear i mír 1, áiritheoidh an t-oibreoir eacnamaíoch go ndéanfar gníomh ceartaitheach maidir le gach feithicil, córas, comhpháirt nó aonad teicniúil den sórt sin a dhíoltar, a chláraítear nó a chuirtear i seirbhís san Aontas.

    311. Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas laistigh de mhí amháin maidir le gach mionsonra atá ar fáil, go háirithe na sonraí is gá chun an fheithicil, an córas, an chomhpháirt nó an t-aonad teicniúil lena mbaineann a aithint, tionscnamh agus slabhra soláthair na feithicle, an chórais, na comhpháirte nó an aonaid theicniúil ar leith, an cineál baoil lena mbaineann agus cineál agus fad na mbeart náisiúnta a arna nglacadh.

    312. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit agus leis an oibreoir nó na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha gan mhoill, agus go háirithe leis an údarás formheasa a dheonaigh an cineálcheadú agus déanfaidh sé measúnú ar an mbeart náisiúnta arna ghlacadh. I bhfianaise an mheasúnaithe sin, cinnfidh an Coimisiún an bhfuil údar leis an mbeart náisiúnta nó nach bhfuil agus, nuair is gá, molfaidh sé bearta iomchuí.

    313. Díreoidh an Coimisiún a chinneadh ar na Ballstáit uile agus cuirfidh sé an cinneadh sin in iúl dóibh agus don oibreoir nó do na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha láithreach.

    Airteagal 51 Feithiclí, córais, comhpháirteanna nó aonaid theicniúla ar leith nach bhfuil i gcomhréir leis an gcineál formheasta

    314. Maidir le feithiclí nua, córais nua, comhpháirteanna nua nó aonaid theicniúla ar leith nua lena ngabhann deimhniú comhréireachta nó ar a bhfuil marc formheasa, mura bhfuil siad i gcomhréir leis an gcineál formheasta, déanfaidh an t-údarás formheasa a dheonaigh cineálcheadú AE na bearta is gá, lena n-áirítear an cineálcheadú a tharraingt siar, d’fhonn a áirithiú go mbeidh feithiclí, córas, comhpháirteanna nó aonad teicniúil ar leith a tháirgtear, de réir mar a bheidh, i gcomhréir leis an gcineál formheasta. Cuirfidh an t-údarás formheasa údaráis formheasa na mBallstát eile ar an eolas faoi na bearta a rinneadh laistigh d'aon mhí amháin.

    315. Chun críocha mhír 1, má imítear ó na sonraí sa deimhniú ar chineálcheadú AE nó sa phacáiste faisnéise, measfar gurb ionann sin agus gan a bheith i gcomhréir leis an gcineál formheasta. Ní mheasfar nach bhfuil feithicil i gcomhréir leis an gcineál formheasta i gcás ina gceadaítear lamháltais leis na gníomhartha rialúcháin ábhartha atá liostaithe in Iarscríbhinn II agus i gcás ina n-urramaítear na lamháltais sin.

    316. Má léiríonn údarás formheasa nach bhfuil feithiclí, comhpháirteanna nó aonaid theicniúla ar leith nua lena ngabhann deimhniú comhréireachta, nó ar a bhfuil marc formheasa a eisíodh i mBallstát eile, i gcomhréir leis an gcineál formheasta, féadfaidh sé iarraidh ar an údarás formheasa a dheonaigh an cineálcheadú AE a fhíorú go bhfuil feithiclí, córais, comhpháirteanna nó aonaid theicniúla ar leith a tháirgtear i gcomhréir i gcónaí leis an gcineál formheasta. Tar éis dó iarraidh den sórt sin a fháil, déanfaidh an t-údarás formheasa a dheonaigh an cineálcheadú AE gach beart is gá a luaithe is féidir agus, ar a dhéanaí, laistigh de thrí mhí ó dháta na hiarrata.

    317. Iarrfaidh an t-údarás formheasa ar an údarás náisiúnta a dheonaigh an cineálcheadú AE do chóras, do chomhpháirt, d'aonad teicniúil ar leith nó d'fheithicil neamhiomlán na bearta is gá a dhéanamh lena áirithiú go ndéanfar feithiclí a tháirgtear a thabhairt ar ais chun comhréireachta sna cásanna seo a leanas:

    (a) i gcás cineálcheadú feithicle AE, más de thoradh neamhchomhréireachta córais, comhpháirte nó aonaid theicniúil ar leith í neamhchomhréireacht feithicle agus dá thoradh sin amháin;

    (b) i gcás cineálcheadú ilchéimneach, más de thoradh neamhchomhréireachta córais, comhpháirte nó aonaid theicniúil ar leith ar cuid den fheithicil neamhiomlán é í neamhchomhréireacht feithicle lánchríochnaithe ar nó más de thoradh neamhchomhréireacht na feithicle neamhiomláine féin í neamhchomhréireacht feithicle lánchríochnaithe.

    318. Tar éis dó iarraidh den sórt sin a fháil, déanfaidh an t-údarás formheasa lena mbaineann na bearta is gá, i gcomhar leis an údarás formheasa a dhéanann an iarraidh, más gá, a luaithe is féidir agus, ar a dhéanaí, laistigh de thrí mhí ó dháta na hiarrata.

    319. I gcás ina suítear neamhchomhréireacht, déanfaidh údarás formheasa an Bhallstáit a dheonaigh an cineálcheadú AE do chóras, do chomhpháirt nó d'aonad teicniúil ar leith nó d'fheithicil neamhiomlán na bearta atá leagtha amach i mír 1.

    Cuirfidh na húdaráis formheasa a chéile ar an eolas laistigh de mhí amháin faoi aon chineálcheadú AE a tharraingt siar agus faoi na cúiseanna leis an tarraingt siar sin.

    320. Mura n-aontaíonn an t-údarás formheasa a dheonaigh cineálcheadú AE leis an neamhchomhréireacht ar tugadh fógra dó faoi, déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann iarracht teacht ar réiteach. Coimeádfar an Coimisiún ar an eolas agus, nuair is gá, reáchtálfaidh sé comhairliúcháin iomchuí d’fhonn teacht ar réiteach.

    Airteagal 52 Córais, comhpháirteanna nó aonaid theicniúla ar leith atá ina mórábhar baoil do dhea-fheidhmiú córas atá fíor-riachtanach

    321. Córais, comhpháirteanna nó aonaid theicniúla ar leith a d'fhéadfadh a bheith ina mórábhar baoil do dhea-fheidhmiú córas atá fíor-riachtanach ó thaobh shábháilteacht nó fheidhmíocht chomhshaoil na feithicle, , ní fhéadfar iad a dhíol, a chlárú nó a chur i seirbhís agus déanfar iad a thoirmeasc mura bhfuil siad údaraithe ag údarás formheasa i gcomhréir le mír 4 agus le hAirteagal 53(1) agus (2).

    322. Bunóidh an Coimisiún liosta na gcóras, na gcomhpháirteanna nó na n-aonad teicniúil sin ar leith atá cumhdaithe faoi mhír 1 trí ghníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagail 76, 77 agus 78 agus cuirfear san áireamh aon fhaisnéis atá ar fáil faoi na hábhair seo a leanas:

    (a) a thromchúisí atá an baol do shábháilteacht nó d’fheidhmíocht chomhshaoil na bhfeithiclí ar a bhfuil na córais, na comhpháirteanna nó na haonaid theicniúla ar leith i gceist feistithe;

    (b) an tionchar a bheadh ar thomhaltóirí agus ar mhonaróirí iarmhargaidh dá bhforchuirfí ceanglas údaraithe maidir le córais, comhpháirteanna nó aonaid theicniúla ar leith faoin Airteagal seo.

    323. Ciallaíonn 'comhpháirteanna bunaidh' páirteanna feithicle a mhonaraítear de réir na sonraíochtaí agus na gcaighdeán táirgthe a sholáthraíonn monaróir na feithicle le haghaidh tháirgeadh na gcomhpháirteanna chun an fheithicil i gceist a chóimeáil, lena n-áirítear na comhpháirteanna sin a mhonaraítear ar an líne tháirgthe chéanna leis na comhpháirteanna seo agus, ar bhonn toimhde infhrisnéise, comhpháirteanna a dheimhníonn an monaróir a bheith den cháilíocht chéanna is atá na comhpháirteanna a úsáideadh chun an fheithicil i gceist a chóimeáil agus a monaraíodh de réir shonraíochtaí agus chaighdeáin táirgthe mhonaróir na feithicle; baineann an méid céanna le haonaid theicniúla ar leith.

    Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le córais bhunaidh, comhpháirteanna bunaidh nó aonaid theicniúla ar leith bunaidh ná maidir le córais, comhpháirteanna nó aonaid theicniúla ar leith a chineálcheadaítear i gcomhréir leis na forálacha i gceann de na gníomhartha atá liostaithe in Iarscríbhinn II, ach amháin má bhaineann an formheas le gnéithe eile seachas na gnéithe atá cumhdaithe faoi mhír 1.

    Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le córais, comhpháirteanna ná aonaid theicniúla ar leith a tháirgtear d'fheithiclí atá ceaptha go heisiach le haghaidh rásaíochta ar bhóithre. Má úsáidtear córais, comhpháirteanna nó aonaid theicniúla ar leith atá ar liosta i ngníomh tarmligthe a ghabhann leis an Rialachán seo le haghaidh feithiclí atá beartaithe go heisiach le haghaidh rásaíochta ar bhóithre agus le haghaidh feithiclí atá beartaithe le húsáid ar bhóithre poiblí, ní fhéadfar iad a dhíol ná a thairiscint lena ndíol le tomhaltóirí.

    324. Déanfaidh an Coimisiún, a mhéid is gá, samhail agus córas uimhrithe an deimhnithe dá dtagraítear sa tríú fomhír d'Airteagal 53(1), mar aon le gach gné a bhaineann leis an nós imeachta, a leagan síos trí ghníomh cur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 73. Déanfaidh an Coimisiún na ceanglais a chaithfidh comhpháirteanna den sórt sin a chomhlíonadh, chomh maith leis an marcáil, an pacáistiú agus na tástálacha iomchuí a leagan síos trí ghníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagail 76, 77 agus 78.

    325. Féadfaidh na ceanglais dá dtagraítear i mír 4 a bheith bunaithe ar na gníomhartha atá liostaithe in Iarscríbhinn II nó féadfaidh comparáid idir an córas, an chomhpháirt nó an t-aonad teicniúil ar leith agus feidhmíocht na feithicle bunaidh nó feidhmíocht páirt ar bith den fheithicil a bheith ann, de réir mar is cuí. I gceachtar cás díobh, áiritheoidh na ceanglais nach ndéanfaidh na córais, na comhpháirteanna ná na haonaid theicniúla ar leith dochar d’fheidhmiú na gcóras sin atá fíor-riachtanach ó thaobh shábháilteacht nó fheidhmíocht chomhshaoil na feithicle.

    Airteagal 53 Córais, comhpháirteanna nó aonaid theicniúla ar leith atá ina mórábhar baoil d’fheidhmiú ceart córas fíor-riachtanach – ceanglais ghaolmhara

    326. Chun críocha Airteagal 52(1), déanfaidh an monaróir córas, an monaróir comhpháirteanna nó an monaróir aonad teicniúil ar leith tuarascáil ar thástálacha, arna dréachtú ag seirbhís theicniúil a ceapadh chuige sin, a chur chuig an údarás formheasa, lena ndeimhneofear go gcomhlíonann na córais, na comhpháirteanna nó na haonaid theicniúla ar leith dá bhfuiltear ag iarraidh údarú na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 52(4). Ní fhéadfaidh an monaróir ach aon iarratas amháin in aghaidh an chineáil agus in aghaidh na páirte a chur faoi bhráid údaráis formheasa amháin.

    Beidh san iarratas mionsonraí maidir le monaróir na gcóras, na gcomhpháirteanna nó na n-aonad teicniúil ar leith, an cineál córais, comhpháirte nó aonaid, uimhreacha aitheantais agus uimhreacha pháirteanna na gcóras, na gcomhpháirteanna nó na n-aonad teicniúil, ainm mhonaróir na feithicle, an cineál feithicle agus, más iomchuí, an bhliain inar tógadh í nó aon fhaisnéis eile a shainaithníonn an fheithicil a mbeartaítear na córais, na comhpháirteanna nó na haonaid theicniúla sin ar leith a fheistiú uirthi.

    Nuair a bheidh an t-údarás formheasa sásta, tar éis dó an tuarascáil ar thástálacha agus fianaise eile a chur san áireamh, go gcomhlíonann na córais, na comhpháirteanna nó na haonaid theicniúla ar leith i gceist na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 52(4), eiseoidh sé deimhniú don mhonaróir gan mhoill. Údaróidh an deimhniú gur féidir na córais, na comhpháirteanna nó na haonaid theicniúla ar leith a dhíol agus a chur i seirbhís san Aontas faoi réir an dara fomhír de mhír 2.

    327. Cuirfidh an monaróir an t-údarás formheasa a d’eisigh an deimhniú ar an eolas gan mhoill faoi aon athrú ar na coinníollacha faoinar seachadadh é. Cinnfidh an t-údarás formheasa sin cibé acu is gá an deimhniú a athbhreithniú nó a atheisiúint nó nach gá, agus cibé acu is gá tuilleadh tástálacha a dhéanamh nó nach gá.

    Beidh an monaróir freagrach as a áirithiú go dtáirgtear agus go dtáirgfear i gcónaí na córais, na comhpháirteanna nó na haonaid theicniúla ar leith faoi na coinníollacha faoinar eisíodh an deimhniú.

    328. Sula dtugann an t-údarás formheasa aon údarú, fíoróidh sé go bhfuil socruithe agus nósanna imeachta sásúla i bhfeidhm a chinntíonn rialú éifeachtach ar chomhréireacht táirgeachta.

    I gcás ina suíonn an t-údarás formheasa nach bhfuil na coinníollacha faoinar eisíodh an deimhniú á gcomhlíonadh a thuilleadh, iarrfaidh sé ar an monaróir na bearta is gá a dhéanamh lena áirithiú go ndéanfar na córais, na comhpháirteanna nó na haonaid theicniúla ar leith a thabhairt ar ais chun comhréireachta. Más gá, déanfaidh sé an t-údarú a tharraingt siar.

    329. Cuirfidh údaráis formheasa na mBallstát an Coimisiún ar an eolas faoi aon easaontú maidir leis na deimhnithe dá dtagraítear sa tríú fomhír de mhír 1. Déanfaidh an Coimisiún na bearta is gá d’fhonn an t-easaontú a réiteach, lena n-áirítear, nuair is gá, an t-údarú a tharraingt siar, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis formheasa.

    330. Go dtí go mbunófar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 52(2), féadfaidh na Ballstáit cloí lena gcuid forálacha náisiúnta maidir le córais, comhpháirteanna nó aonaid theicniúla ar leith a d’fhéadfadh cur isteach ar fheidhmiú ceart córas atá fíor-riachtanach ó thaobh shábháilteacht nó fheidhmíocht chomhshaoil na feithicle.

    Airteagal 54 Feithiclí, córais, comhpháirteanna nó aonaid theicniúla ar leith a aisghlaoch

    331. Nuair a chuirtear oibleagáid ar mhonaróirí ar deonaíodh chineálcheadú AE feithicle ina hiomláine dó, i gcomhréir le Rialachán (CE) 765/2008, feithiclí a díoladh, a chláraíodh nó a bhfuil an monaróir freagrach as a gcur i seirbhís a aisghlaoch, toisc gur mórábhar baoil do shábháileacht, don tsláinte phoiblí, nó do chosaint an chomhshaoil é córas, comhpháirt nó aonad techniúil ar leith arna bhfeistiú ar an bhfeithicil sin, bíodh siad formheasta mar is iomchuí i gcomhréir leis an Rialachán seo nó ná bíodh, nó toisc gur mórábhar baoil do shábháilteacht, don tsláinte phoiblí nó do chosaint an chomhshaoil é páirt nach bhfuil faoi réir aon cheanglas sonrach faoin reachtaíocht chineálcheadaithe, cuirfidh an monaróir sin an t-údarás formheasa a dheonaigh an cineálcheadú feithicle ar an eolas faoi.

    332. Nuair a chuirtear oibleagáid ar mhonaróirí córas, monaróirí comhpháirteanna nó monaróirí aonad teicniúil ar leith ar deonaíodh cineálcheadú AE dó, i gcomhréir le Rialachán (CE) 765/2008, córais, comhpháirteanna nó aonaid theicniúla a díoladh nó a bhfuil an monaróir freagrach as a gcur i seirbhís a aisghlaoch toisc na feithiclí sin a bheith ina mórábhar baoil do shábháilteacht, do shábháilteacht ag an obair, don tsláinte phoiblí nó do chosaint an chomhshaoil, bíodh siad formheasta go cuí i gcomhréir leis an Rialachán seo nó ná bíodh, cuirfidh an monaróir sin an t-údarás formheasa a dheonaigh an formheas ar an eolas faoi láithreach.

    333. Molfaidh an monaróir leigheasanna iomchuí don údarás formheasa chun an baol dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a réiteach. Cuirfidh an t-údarás formheasa na leigheasanna a bheartaítear in iúl d’údaráis formheasa na mBallstát eile gan mhoill.

    Áiritheoidh na húdaráis formheasa go ndéanfar na bearta a chur chun feidhme go héifeachtach ina gcríoch féin.

    334. Má mheasann an t-údarás formheasa lena mbaineann nach leor na bearta leighis nó nach bhfuil siad á gcur chun feidhme tapa go leor, cuirfidh sé an t-údarás formheasa a dheonaigh an cineálcheadú feithicle AE ar an eolas faoi gan mhoill.

    Ina dhiaidh sin, cuirfidh an t-údarás formheasa a dheonaigh an cineálcheadú feithicle AE an monaróir ar an eolas faoi. Mura molann an monaróir bearta ceartaitheacha éifeachtacha agus mura gcuireann sé chun feidhme iad, déanfaidh an t-údarás formheasa a dheonaigh an cineálcheadú AE gach beart cosanta is gá, lena n-áirítear an cineálcheadú AE a tharraingt siar. I gcás ina dtarraingítear siar an cineálcheadú AE, tabharfaidh an t-údarás formheasa fógra don mhonaróir, d’údaráis formheasa na mBallstát eile agus don Choimisiún i litir chláraithe nó trí mhodh coibhéiseach leictreonach laistigh de mhí amháin.

    Airteagal 55 Fógra faoi chinntí agus faoi bhearta ceartaitheacha

    335. Maidir le gach cinneadh a dhéantar de bhun fhorálacha an Rialacháin seo agus gach cinneadh chun cineálcheadú AE a dhiúltú nó a tharraingt siar nó chun clárú a dhiúltú nó chun cosc nó srian a chur le feithiclí a dhíol, a chlárú nó a chur i seirbhís nó gach cinneadh a bhaineann le tarraingt siar ón margadh, cuirfear síos go mionchruinn iontu sin na cúiseanna leis na cinntí sin.

    336. Tabharfar fógra faoi aon chinneadh den sórt sin don pháirtí lena mbaineann agus cuirfear an páirtí sin ar an eolas, ag an am céanna, faoi na leigheasanna atá ar fáil dó faoi na dlíthe atá i bhfeidhm sa Bhallstát lena mbaineann agus faoi na teorainneacha ama a cheadaítear leis na leigheasanna sin a fheidhmiú.

    CAIBIDIL XIVRIALACHÁIN IDIRNÁISIÚNTA

    Airteagal 56 Rialacháin de chuid an UNECE atá riachtanach le haghaidh cineálcheadú AE

    337. Na rialacháin sin de chuid an UNECE ar aontaigh an tAontas dóibh cheana agus atá liostaithe sa Rialachán seo nó sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoin Rialachán seo, beidh siad mar chuid de chineálcheadú feithicle AE.

    338. Nuair a chinnfidh an tAontas rialachán de chuid an UNECE a chur i bhfeidhm ar bhonn éigeantach ar mhaithe le cineálcheadú feithicle AE i gcomhréir le hAirteagal 4(4) de Chinneadh 97/836/CE ón gComhairle, déanfaidh an Coimisiún na hiarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú mar is iomchuí trí ghníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagail 76, 77 agus 78. Déanfar na dátaí ar a gcuirfear an rialachán de chuid an UNECE nó a leasuithe i bhfeidhm go héigeantach a shonrú sa ghníomh tarmligthe lena leasaítear na hiarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 57 Rialacháin de chuid an UNECE agus cineálcheadú AE feithiclí a tháirgtear i sraitheanna beaga

    339. Measfar go bhfuil na rialacháin de chuid an UNECE atá liostaithe sa Rialachán seo coibhéiseach leis na gníomhartha tarmligthe a fhreagraíonn dóibh sa mhéid a bhfuil an raon feidhme t-ábhar céanna iontu mar an gcéanna.

    340. Glacfaidh údaráis formheasa na mBallstát le formheasanna a dheonaítear i gcomhréir leis na rialacháin sin de chuid an UNECE agus, nuair is infheidhme, leis na marcanna formheasa a ghabhann leo, in ionad na bhformheasanna comhfhreagracha agus na marcanna formheasa comhfhreagracha a dheonaítear i gcomhréir leis an Rialachán seo agus lena ghníomhartha tarmligthe.

    341. I gcás ina gcinneann an Comhphobal go gcuirfidh sé i bhfeidhm rialachán nua nó rialachán leasaithe de chuid an UNECE, chun críocha mhír 1, leasóidh an Coimisiún na hiarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo nó na gníomhartha tarmligthe, mar is iomchuí, trí ghníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagail 76, 77 agus 78.

    CAIBIDIL XVFAISNÉIS THEICNIÚIL A SHOLÁTHAR

    Airteagal 58 Faisnéis atá ceaptha d'úsáideoirí

    342. Ní fhéadfaidh an monaróir aon fhaisnéis theicniúil a sholáthar a bhaineann leis na sonraí dá bhforáiltear sa Rialachán seo, sna gníomhartha cur chun feidhme ná sna gníomhartha tarmligthe atá liostaithe in Iarscríbhinn II i gcás nach bhfuil an fhaisnéis sin i gcomhréir leis na sonraí arna bhformheas ag an údarás formheasa.

    343. I gcás ina bhforáiltear amhlaidh i ngníomh cur chun feidhme nó i ngníomh tarmligthe atá liostaithe in Iarscríbhinn II, cuirfidh an monaróir ar fáil d'úsáideoirí gach faisnéis ábhartha agus gach treoir riachtanach ina dtugtar tuairisc ar choinníollacha nó ar shrianta speisialta a bhaineann le húsáid feithicle, córais, comhpháirte nó aonaid theicniúil ar leith.

    344. Soláthrófar an fhaisnéis sin i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit ina ndíolfar an fheithicil, ina gclárófar í nó ina gcuirfear i seirbhís í. Soláthrófar í, tar éis don údarás formheasa glacadh léi, i lámhleabhar an úinéara.

    Airteagal 59 Faisnéis atá ceaptha do mhonaróirí comhpháirteanna nó aonad teicniúil ar leith

    345. Cuirfidh monaróir na feithicle ar fáil do mhonaróirí na gcomhpháirteanna nó na n-aonad teicniúil ar leith na sonraí uile atá riachtanach le haghaidh cineálcheadú AE comhpháirteanna nó aonad teicniúil ar leith, nó atá riachtanach chun údarú a fháil faoi Airteagal 46, lena n-áirítear, nuair is infheidhme, líníochtaí atá liostaithe sna gníomhartha atá liostaithe in Iarscríbhinn II.

    Féadfaidh monaróir na feithicle comhaontú ceangailteach a fhorchur ar mhonaróirí na gcomhpháirteanna nó na n-aonad teicniúil ar leith chun rúndacht aon fhaisnéise nach bhfuil san fhearann poiblí, lena n-áirítear faisnéis a bhaineann le cearta maoine intleachtúla, a chosaint.

    346. Déanfaidh monaróir na gcomhpháirteanna nó na n-aonad teicniúil ar leith, ina cháil mar shealbhóir deimhnithe ar chineálcheadú AE, ar cuid de, i gcomhréir le hAirteagal 22(4), srianta ar úsáid nó coinníollacha speisialta suiteála nó an dá rud, déanfaidh sé an fhaisnéis mhionsonraithe uile i leith an deimhnithe a sholáthar do mhonaróir na feithicle.

    Má fhoráiltear amhlaidh i ngníomh tarmligthe atá liostaithe in Iarscríbhinn II, soláthróidh monaróir na gcomhpháirteanna nó na n-aonad teicniúil ar leith, in éineacht leis na comhpháirteanna nó na haonaid theicniúla ar leith a tháirgtear, treoracha a bhaineann le srianta ar úsáid nó le coinníollacha speisialta suiteála nó an dá rud.

    CAIBIDIL XVIRochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí

    Airteagal 60 Oibleagáidí na monaróirí

    347. Soláthróidh monaróirí, ar bhealach sorochtana agus pras, rochtain neamhshrianta ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí d’oibreoirí neamhspleácha trí shuíomhanna gréasáin a úsáideann formáid chaighdeánaithe. Go sonrach, deonófar an rochtain sin ar dhóigh atá neamh-idirdhealaitheach i gcomparáid leis an rochtain a dheonaítear do dhéileálaithe agus do dheisitheoirí údaraithe.

    348. Go dtí go nglacfaidh an Coimisiún caighdeán coiteann, déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chur isteach ar bhealach comhsheasmhach agus inar féidir oibreoirí neamhspleácha í a phróiseáil gan mórán dua.

    Cuirfidh na monaróirí ábhar oiliúna ar fáil freisin d'oibreoirí neamhspleácha agus do dhéileálaithe údaraithe agus do dheisitheoirí údaraithe.

    349. Áireofar an méid seo a leanas, ar a laghad, san fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1:

    (a) uimhir aitheantais uathúil na feithicle;

    (b) lámhleabhair seirbhíse, lena n-áirítear taifid ar dheisiú agus ar chothabháil;

    (c) lámhleabhair theicniúla;

    (d) faisnéis faoi chomhpháirteanna agus faoi dhiagnóis (amhail íosluachanna agus uasluachanna teoiriciúla na dtomhas);

    (e) léaráidí den sreangú;

    (f) cóid dhiagnóiseacha ainghléis, lena n-áirítear cóid shonracha an mhonaróra;

    (g) uimhreacha fíoraithe aitheantais agus calabrúcháin na mbogearraí is infheidhme maidir le cineál feithicle;

    (h) faisnéis a bhaineann le huirlisí agus trealamh dílsithe agus a chuirtear ar fáil tríothu;

    (i) faisnéis faoi thaifead sonraí agus sonraí na monatóireachta déthreo agus na tástála;

    (j) aonaid oibre.

    350. Maidir le déileálaithe údaraithe nó deisitheoirí údaraithe a bhaineann le córas dáileacháin monaróra áirithe feithiclí, measfar gur oibreoirí neamhspleácha iad chun críocha an Rialacháin seo i gcásanna ina soláthraíonn siad seirbhísí deisithe nó cothabhála le haghaidh feithiclí nuair nach baill iad de chóras dáileacháin an mhonaróra feithiclí sin.

    351. Beidh faisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí ar fáil i gcónaí, ach amháin nuair is gá an córas faisnéise a chothabháil.

    352. Chun páirteanna athsholáthair nó páirteanna seirbhíse atá comhoiriúnach le OBD, uirlisí diagnóiseacha agus trealamh tástála a mhonarú agus a sheirbhísiú, cuirfidh na monaróirí an fhaisnéis ábhartha OBD agus an fhaisnéis ábhartha faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí ar fáil ar bhonn neamh-idirdhealaitheach d'aon mhonaróir nó deisitheoir leasmhar comhpháirteanna, uirlisí diagnóiseacha nó trealaimh tástála.

    353. Ar mhaithe le trealamh do ghluaisteáin le haghaidh feithiclí breosla ionadúil a dhearadh agus a mhonarú, cuirfidh monaróirí an fhaisnéis ábhartha OBD agus an fhaisnéis ábhartha faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí ar fáil ar bhonn neamh-idirdhealaitheach d'aon mhonaróir, suiteálaí nó deisitheoir leasmhar trealaimh le haghaidh feithiclí breosla ionadúil.

    354. Agus iarratas ar chineálcheadú AE nó ar chineálcheadú náisiúnta á dhéanamh aige, cuirfidh an monaróir cruthúnas ar fáil don údarás ar chomhlíonadh an Rialacháin seo maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí agus maidir le rochtain ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 5.

    Mura soláthraítear an fhaisnéis sin nó mura bhfuil sí i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na gníomhartha tarmligthe a ghabhann leis an tráth sin, cuirfidh an monaróir an fhaisnéis ar fáil laistigh de shé mhí ó dháta an chineálcheadaithe.

    355. Mura ndéanfar an cruthúnas sin ar chomhlíonadh a sholáthar laistigh den tréimhse sin, déanfaidh an t-údarás formheasa bearta iomchuí chun comhlíonadh a áirithiú.

    356. Cuirfidh an monaróir leasuithe iardain ar an bhfaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí agus forlíontaí don fhaisnéis sin ar fáil ar a shuíomhanna gréasáin an tráth céanna a chuirfear ar fáil do dheisitheoirí údaraithe iad.

    357. I gcás ina gcoinnítear na taifid deisithe agus chothabhála feithicle i mbunachar sonraí lárnach de chuid an mhonaróra feithicle nó thar a cheann, beidh rochtain saor in aisce ag deisitheoirí neamhspleácha ar na taifid sin agus beidh siad in ann faisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil a rinne siad féin a iontráil ann.

    358. Déanfaidh an Coimisiún sonraí na gceanglas maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil a leagan síos i ngníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagail 76, 77 agus 78.

    Airteagal 61 Oibleagáidí a roinnt maidir le sealbhóirí éagsúla cineálcheadaithe

    359. Maidir le cineálcheadú céim ar chéim, lena n-áirítear cineálcheadú ilchéimneach, beidh an monaróir atá freagrach as gach cineálcheadú ar leith freagrach as an monaróir deiridh agus as oibreoirí neamhspleácha a chur ar an eolas faoi fhaisnéis faoi dheisiú a bhaineann leis an gcóras áirithe sin, leis an gcomhpháirt áirithe sin nó leis an aonad teicniúil ar leith áirithe sin nó a bhaineann leis an gcéim áirithe sin.

    360. Beidh an monaróir deiridh freagrach as faisnéis faoin bhfeithicil ina hiomláine a chur ar fáil do na hoibreoirí neamhspleácha.

    Airteagal 62 Táillí maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí

    361. Féadfaidh monaróirí táillí réasúnta agus comhréireach a ghearradh ar rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí atá cumhdaithe faoin Rialachán seo. Ní mheasfar go bhfuil táille réasúnta ná comhréireach má chuireann sí beaguchtach ar dhaoine i leith na rochtana toisc nach gcuirtear san áireamh a mhinice a úsáideann an t-oibreoir neamhspleách an fhaisnéis.

    362. Cuirfidh monaróirí faisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí ar fáil ar bhonn laethúil, míosúil agus bliantúil, ach d'fhéadfadh athruithe teacht ar tháillí maidir le rochtain ar an bhfaisnéis sin i gcomhréir leis na tréimhsí a ndeonaítear rochtain ina leith.

    Airteagal 63 Pionóis

    363. Déanfaidh na Ballstáit foráil do phionóis ar mhonaróirí a sháraíonn forálacha an Rialacháin seo agus déanfaidh siad na bearta uile is gá d’fhonn a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoi na forálacha sin don Choimisiún faoin [ 6 mhí tar éis fhoilsiú an Rialacháin seo ] agus tabharfaidh siad fógra gan mhoill dó freisin faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanann difear do na forálacha sin.

    364. Ar na cineálacha sáruithe a bheidh faoi réir pionóis, beidh:

    (a) dearbhuithe bréagacha a dhéanamh le linn na nósanna imeachta formheasa nó le linn nósanna imeachta as a dtagann aisghlaoch;

    (b) torthaí tástála maidir le cineálcheadú nó comhréireacht inseirbhíse a fhalsú;

    (c) sonraí nó sonraíochtaí teicniúla, a d'fhéadfadh bheith ina gcúis le haisghlaoch nó le tarraingt siar cineálcheadaithe, a choinneáil siar;

    (d) feistí sáraithe a úsáid;

    (e) diúltú rochtain ar fhaisnéis a chur ar fáil.

    CAIBIDIL XVIISEIRBHÍSÍ TEICNIÚLA A AINMNIÚ AGUS A FHÓGAIRT

    Airteagal 64 Ceanglais maidir le seirbhísí teicniúla

    365. Chun seirbhísí teicniúla a ainmniú de bhun Airteagal 66 agus chun fógra a thabhairt ina leith de bhun Airteagal 68, comhlíonfaidh seirbhísí teicniúla na ceanglais atá leagtha síos i mír 2 go mír 11.

    366. Bunófar seirbhís theicniúil faoi dhlí náisiúnta Ballstáit agus beidh pearsantacht dhlítheanach aici.

    367. Beidh seirbhís theicniúil ina comhlacht tríú páirtí atá neamhspleách ar an bhfeithicil, ar an gcóras, ar an gcomhpháirt nó ar an aonad teicniúil atá á mheasúnú aici.

    Maidir le comhlacht a bhaineann le comhlachas gnó nó le cónaidhm ghairmiúil a fheidhmíonn ar son gnóthas a bhfuil baint acu le dearadh, monarú, soláthar, cóimeáil, úsáid nó cothabháil feithiclí, córas, comhpháirteanna nó aonad teicniúil ar leith a bhfuil á measúnú, á dtástáil nó á n-imscrúdú ag an gcomhlacht, féadfar a mheas go bhfuil an comhlacht sin ag comhlíonadh cheanglais na chéad fhomhíre, ar choinníoll go léireofar go bhfuil sé neamhspleách agus nach bhfuil aon choinbhleacht leasa i gceist.

    368. Ní fhéadfaidh seirbhís theicniúil, lucht a hardbhainistíochta ná an fhoireann atá freagrach as na cúraimí measúnaithe a bheith ina dearthóir, monaróir, soláthróir, suiteálaí, ceannaitheoir, úinéir, úsáideoir nó cothaitheoir de chuid na bhfeithiclí, na gcóras, na gcomhpháirteanna ná ná n-aonad teicniúil atá siad á measúnú, ná ní fhéadfaidh aon cheann acu a bheith ina n-ionadaí údaraithe ar aon cheann de na páirtithe sin. Ní chuirfidh sin bac ar fheithiclí, córais, comhpháirteanna nó aonaid theicniúla ar leith a úsáid a bhfuil measúnú déanta orthu agus a bhfuil gá leo le haghaidh fheidhmiú na seirbhíse teicniúla ná ar fheithiclí, córais, comhpháirteanna nó aonaid theicniúla den sórt sin a úsáid chun críocha pearsanta.

    Ní fhéadfaidh seirbhís theicniúil, lucht a hardbhainistíochta ná an fhoireann atá freagrach as na cúraimí measúnaithe, tástála nó imscrúdaithe a bheith bainteach go díreach le dearadh, monarú nó tógáil, margaíocht, suiteáil, úsáid nó cothabháil na bhfeithiclí, na gcóras, na gcomhpháirteanna ná ná n-aonad teicniúil sin ná ní fhéadfaidh le haon cheann acu bheith ina ionadaí do na páirtithe a bhíonn i gceann na ngníomhaíochtaí sin. Ní fhéadfaidh siad tabhairt faoi aon ghníomhaíocht a d'fhéadfadh teacht salach ar neamhspleáchas a mbreithiúnais nó a n-ionracais maidir leis na gníomhaíochtaí measúnaithe ar tugadh fógra dóibh ina leith. Beidh feidhm aige sin go háirithe maidir le seirbhísí comhairleachta.

    Áiritheoidh seirbhísí teicniúla nach ndéanfaidh gníomhaíochtaí a bhfochuideachtaí nó a bhfochonraitheoirí difear do rúndacht, d'oibiachtúlacht nó do neamhchlaontacht a gcuid gníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta.

    369. Déanfaidh seirbhísí teicniúla agus a gcuid foirne na gníomhaíochtaí measúnaithe leis an oiread ionracais ghairmiúil agus is féidir agus leis an inniúlacht theicniúil is fearr sa réimse sonrach atá i gceist agus beidh siad saor ó aon bhrú nó aon aslach a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar a mbreithiúnas nó ar thorthí a gcuid gníomhaíochtaí measúnaithe, go háirithe aon bhrú nó aon aslach ó dhaoine nó ó ghrúpaí daoine a bhfuil suim acu i dtorthaí na ngníomhaíochtaí sin.

    370. Beidh seirbhísí teicniúla ábalta na cúraimí measúnaithe comhréireachta uile a shanntar dóibh agus ar tugadh fógra dóibh ina leith a chomhlíonadh, is cuma más í an tseirbhís theicniúil féin a dhéanann na cúraimí sin nó má dhéantar ar a son agus faoina cúram iad.

    371. Beidh na na nithe riachtanacha thíos ar fáil do sheirbhísí teicniúla i rith an ama maidir le gach cúram measúnaithe agus gach cineál nó gach catagóir feithicle, córais, comhpháirte nó aonaid theicniúil ar leith ar tugadh fógra dóibh ina leith:

    (a) foireann ag a bhfuil eolas teicniúil sonrach agus a dóthain taithí ábhartha chun an cúram measúnaithe a dhéanamh;

    (b) tuairiscí ar nósanna imeachta maidir leis an gcúram measúnaithe, lena n-áiritheofar trédhearcacht agus in-atáirgtheacht na nósanna imeachta sin, sa dóigh go mbeidh beartais agus nósanna imeachta iomchuí i bhfeidhm ag an tseirbhís theicniúil a dhéanfaidh idirdhealú idir na tascanna a dhéanann sí mar sheirbhís theicniúil agus gníomhaíochtaí eile;

    (c) nósanna imeachta maidir le feidhmíocht na ngníomhaíochtaí, ar nósanna imeachta iad ina dtugtar aird chuí ar mhéid gnóthais, ar an earnáil ina bhfeidhmíonn an gnóthas sin, ar a struchtúr, ar a chasta a bhíonn teicneolaíocht na feithicle, an chórais, na comhpháirte nó an aonaid theicniúil a i gceist agus ar chineál olltáirgthe nó sraitheach an phróisis táirgeachta.

    372. Beidh gach acmhainn is gá ag seirbhísí teicniúla chun na cúraimí teicniúla agus riaracháin a bhaineann le gníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta a dhéanamh mar is iomchuí agus beidh rochtain acu ar gach trealamh agus ar gach áis is gá.

    373. Beidh na nithe seo a leanas ag an bhfoireann atá freagrach as na gníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta:

    (a) oiliúint iontaofa theicniúil agus ghairme a chumhdaíonn na gníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta uile ar tugadh fógra don tseirbhís theicniúil ina leith;

    (b) eolas sásúil ar cheanglais na measúnuithe a dhéanann siad agus taithí leordhóthanach chun na measúnuithe sin a dhéanamh;

    (c) eolas agus tuiscint iomchuí ar na ceanglais sábháilteachta agus comhshaoil agus ar fhorálacha ábhartha eile de chuid an Rialacháin seo agus de chuid na ngníomhartha atá liostaithe in Iarscríbhinn II;

    (d) an cumas deimhnithe, taifid agus tuarascálacha a léiríonn go bhfuil measúnuithe déanta a tharraingt suas.

    374. Ráthófar go mbeidh na seirbhísí teicniúla, lucht a hardbhainistíochta agus foireann na measúnaithe neamhchlaonta.

    375. Ní bhraithfidh luach saothair lucht na hardbhainistíochta agus fhoireann na measúnaithe de chuid seirbhíse teicniúla ar líon na measúnuithe a dhéantar ná ar thorthaí na measúnuithe sin.

    376. Rachaidh seirbhísí teicniúla faoi árachas dliteanais ach amháin má ghabhann an Ballstát dliteanas air féin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, nó má tá an Ballstát féin freagrach go díreach as an measúnú comhréireachta.

    377. Urramóidh foireann seirbhíse teicniúla rúndacht ghairmiúil maidir leis an bhfaisnéis uile a fhaightear agus a gcuid gcúraimí á gcomhlíonadh acu faoin Rialachán seo nó faoi aon fhoráil de chuid an dlí náisiúnta a thugann éifeacht dó, ach amháin maidir le húdaráis inniúla an Bhallstáit ina ndéantar gníomhaíochtaí na seirbhíse. Déanfar cearta dílseánaigh a chosaint.

    Airteagal 65 Fochuideachtaí seirbhísí teicniúla agus fochonraitheoireacht na seirbhísí teicniúla

    378. Ní fhéadfar gníomhaíochtaí a ligean ar fochonradh ná ní fhéadfaidh fochuideachta iad a dhéanamh ach amháin má aontaíonn an monaróir lena leithéid.

    379. I gcás ina ligeann seirbhís theicniúil cúraimí sonracha a bhaineann le measúnú comhréireachta ar fochonradh nó i gcás ina dtéann siad ar iontaoibh fochuideachta, áiritheoidh sí go gcomhlíonann an fochonraitheoir nó an fhochuideachta na ceanglais atá leagtha síos in Airteagal 64 agus cuirfidh sí an t-údarás a thugann fógra ar an eolas dá réir sin.

    380. Glacfaidh seirbhísí teicniúla lánfhreagracht as na cúraimí a dhéanann aon fhochonraitheoir nó aon fhochuideachta, cibé áit ina bhfuil siad bunaithe.

    381. Déanfaidh seirbhísí teicniúla na doiciméid ábhartha a bhaineann le measúnú cháilíochtaí an fhochonraitheora nó na fochuideachta agus a bhaineann leis an obair a dhéanann siad faoin Rialachán seo a chur ar fáil don údarás a thugann fógra.

    Airteagal 66 Seirbhísí teicniúla a ainmniú

    382. Déanfaidh seirbhísí teicniúla arna n-ainmniú ag údaráis formheasa chun críocha an Rialacháin seo forálacha an Rialacháin seo a chomhlíonadh.

    383. Is iad na seirbhísí teicniúla féin a dhéanfaidh na tástálacha nó a dhéanfaidh maoirseacht ar na tástálacha arna gceangal le haghaidh formheasa nó le haghaidh cigireachta arna leagan amach sa Rialachán seo nó i gceann de na gníomhartha atá liostaithe in Iarscríbhinn II, ach amháin i gcás ina gceadaítear a mhalairt de nósanna imeachta. Ní fhéadfaidh na seirbhísí teicniúla tástálacha ná cigireacht a dhéanamh mura bhfuil siad ainmnithe lena ndéanamh.

    384. Rangófar na seirbhísí teicniúla faoi cheann amháin nó níos mó de na cúig chatagóir gníomhaíochta seo a leanas, ag brath ar a réimse inniúlachta:

    (a) catagóir A: seirbhísí teicniúla a dhéanann na tástálacha dá dtagraítear sa Rialachán seo agus sna gníomhartha atá liostaithe in Iarscríbhinn II ina saoráidí féin;

    (b) catagóir B: seirbhísí teicniúla a dhéanann maoirseacht ar na tástálacha dá dtagraítear sa Rialachán seo agus sna gníomhartha atá liostaithe in Iarscríbhinn II nuair a dhéantar na tástálacha sin i saoráidí an mhonaróra nó i saoráidí de chuid tríú páirtí;

    (c) catagóir C: seirbhísí teicniúla a dhéanann measúnú agus monatóireacht ar bhonn rialta ar nósanna imeachta an mhonaróra maidir le comhréireacht táirgeachta a rialú;

    (d) catagóir D: seirbhísí teicniúla a dhéanann tástálacha nó cigireacht nó a dhéanann maoirseacht ar thástálacha nó ar chigireacht maidir le faireachais ar chomhréireacht táirgeachta;

    (e) catagóir E: seirbhísí teicniúla atá i bhfeighil formheasanna aonair.

    385. Léireoidh na seirbhísí teicniúla scileanna cuí, eolas teicniúil sonrach agus taithí chruthaithe sna réimsí sonracha atá cumhdaithe faoin Rialachán seo agus faoi na gníomhartha atá liostaithe in Iarscríbhinn II. Ina theannta sin, comhlíonfaidh na seirbhísí teicniúla na caighdeáin arna leagan síos sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 11, ar caighdeáin iad atá ábhartha maidir leis na gníomhaíochtaí a dhéanann siad.

    386. Is féidir údarás formheasa a ainmniú mar sheirbhís theicniúil le haghaidh ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 3.

    387. Ní fhéadfaidh comhlacht creidiúnaithe intí de chuid monaróra a úsáid mar sheirbhís theicniúil chun gníomhaíochtaí measúnaithe a dhéanamh thar ceann an ghnóthais ar cuid de é ach amháin i gcás gníomhaíochtaí de chatagóir A maidir le ceanglais theicniúla, ar gníomhaíochtaí iad a gceadaítear féintástáil lena n-aghaidh faoi ghníomh tarmligthe arna ghlacadh faoin Rialachán seo. Beidh an comhlacht sin ina chuid leithleach agus sainiúil den ghnóthas agus ní bheidh baint aige le dearadh, táirgeadh, soláthar, feistiú ná cothabháil na bhfeithiclí, na gcóras, na gcomhpháirteanna nó na n-aonad teicniúil ar leith atá á measúnú aige.

    388. Comhlíonfaidh comhlacht creidiúnaithe intí na ceanglais seo a leanas:

    (a) beidh sé creidiúnaithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008;

    (b) beidh an comhlacht agus a fhoireann inaitheanta ó thaobh eagraíochta de agus beidh modhanna tuairiscithe acu, laistigh den ghnóthas ar cuid de é, a áiritheoidh go bhfuil siad neamhchlaonta agus a léireoidh a neamhchlaontacht don chomhlacht creidiúnaithe náisiúnta ábhartha;

    (c) ní bheidh an comhlacht ná foireann an chomhlachta freagrach as dearadh, monarú, soláthar, feistiú, oibriú ná cothabháil na bhfeithiclí, ná gcóras, na gcomhpháirteanna ná na n-aonad teicniúil ar leith atá á measúnú acu agus ní rachaidh siad i mbun aon ghníomhaíochta a d'fhéadfadh teacht salach ar neamhspleáchas a mbreithiúnais nó a n-ionracais maidir lena ngníomhaíochtaí measúnaithe;

    (d) ní chuirfidh an comhlacht a chuid seirbhísí ar fáil ach amháin don ghnóthas ar cuid de é.

    389. Ní thabharfar fógra faoi chomhlacht creidiúnaithe intí do na Ballstáit ná don Choimisiún, chun críocha Airteagal 68, ach tabharfaidh an gnóthas ar cuid de é nó an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta fógra faoi fhaisnéis maidir le creidiúnú na comhlachta intí don údarás a thugann fógra, arna iarraidh sin don údarás sin.

    390. Ní fhéadfar monaróir nó páirtí ar fochonradh atá ag gníomhú thar ceann monaróra a ainmniú mar sheirbhís theicniúil ach amháin i gcás gníomhaíochtaí de chuid chatagóir A maidir le ceanglais theicniúla a bhfuil féintástáil ceadaithe lena n-aghaidh faoi ghníomh tarmligthe arna ghlacadh faoin Rialachán seo.

    391. Cé is moite de na seirbhísí teicniúla sin arna n-ainmniú i gcomhréir le mír 9, ní fhéadfar fógra a thabhairt do sheirbhísí teicniúla de chuid tríú tír chun críocha Airteagal 68 ach amháin faoi chomhaontú déthaobhaigh idir an tAontas agus an tríú tír i gceist.

    392. D’fhonn a áirithiú go mbaineann na seirbhísí sin na hardchaighdeáin feidhmíochta chéanna amach i ngach Ballstát, leagfaidh an Coimisiún síos na caighdeáin nach mór do na seirbhísí teicniúla a chomhlíonadh agus an nós imeachta chun measúnú a dhéanamh ar na seirbhísí teicniúla i ngníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagail 76, 77 agus 78.

    Airteagal 67 Measúnú a dhéanamh ar scileanna na seirbhísí teicniúla

    393. Tarraingeoidh an t-údarás inniúil suas tuarascáil ar mheasúnú a léireoidh go bhfuil measúnú déanta maidir le comhlíonadh na gceanglas ag an tseirbhís theicniúil ainmnithe dar tugadh fógra.

    394. An measúnú ar a bhfuil an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 bunaithe, déanfar é i gcomhréir leis na forálacha a bheidh leagtha síos i ngníomh tarmligthe arna ghlacadh faoin Rialachán seo. Déanfar athbhreithniú ar an tuarascáil ar mheasúnú tar éis trí bliana ar a dhéanaí.

    395. Má iarrtar amhlaidh, cuirfear an tuarascáil ar mheasúnú in iúl don Choimisiún. I gcás nach bhfuil an measúnú bunaithe ar dheimhniú creidiúnaithe arna eisiúint ag comhlacht creidiúnaithe náisiúnta lena bhfianófar go bhfuil ceanglais an Rialacháin seo á gcomhlíonadh, cuirfidh an t-údarás a thugann fógra fianaise dhoiciméadach ar fáil don Choimisiún agus do na Ballstáit eile lena bhfianófar inniúlacht na seirbhíse teicniúla agus na socruithe atá ann lena áirithiú go ndéanfar monatóireacht rialta ar an tseirbhís theicniúil agus go bhfuil ceanglais an Rialacháin seo agus ceanglais ghníomhartha tarmligthe an Rialacháin seo á gcomhlíonadh i gcónaí.

    396. Déanfaidh údarás formheasa ag a bhfuil sé i gceist bheith ainmnithe mar sheirbhís theicniúil a léiriú go bhfuil sé ag comhlíonadh na gceanglas trí fhianaise dhoiciméadach a sholáthar. Áireofar san fhaisnéis sin measúnú arna dhéanamh ag iniúchóirí atá neamhspleách ar an ngníomhaíocht atá faoi mheasúnú. Féadfaidh na hiniúchóirí sin a bheith ag obair san eagraíocht chéanna ar choinníoll go mbainisteofar iad ar leithligh ón bhfoireannn atá i mbun na gníomhaíochta atá á measúnú.

    397. Comhlíonfaidh comhlacht creidiúnaithe intí arna ainmniú mar sheirbhís theicniúil forálacha ábhartha an Airteagail seo.

    Airteagal 68 Nósanna imeachta maidir le fógra a thabhairt

    398. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na sonraí seo a leanas maidir le gach seirbhís theicniúil arna hainmniú: ainm, seoladh (lena n-áirítear seoladh leictreonach), na daoine atá freagrach agus an chatagóir gníomhaíochta, chomh maith le haon athruithe arna ndéanamh ar na sonraí sin ina dhiaidh sin. Luafar san fhógra cé na hábhair atá liostaithe in Iarscríbhinn II ar ainmníodh na seirbhísí teicniúla lena n-aghaidh.

    399. Ní fhéadfaidh seirbhís theicniúil na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 66 a dhéanamh chun críocha cineálcheadú don Bhallstát a ainmnigh í ach amháin i gcás ina dtugtar fógra ina leith don Choimisiún roimh ré agus nach ndéanann an Coimisiún ná na Ballstáit eile agóid laistigh de dhá sheachtain ó fhógra a thabhairt, i gcás deimhniú creidiúnaithe a úsáid, nó laistigh de dhá mhí ó fhógra a thabhairt i gcás nach n-úsáidtear creidiúnú.

    400. Féadfaidh roinnt Ballstát an tseirbhís theicniúil chéanna a ainmniú agus a fhógairt is cuma cén chatagóir gníomhaíochta a dhéanann sí.

    401. Cuirfear an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi aon athruithe ábhartha a dhéantar ar an bhfógra ina dhiaidh sin.

    402. Maidir le heagraíocht shonrach nó comhlacht inniúil sonrach a dhéanann gníomhaíocht nach n-áirítear i measc na gceann sin dá dtagraítear in Airteagal 66, i gcás inar gá an eagraíocht nó an comhlacht sin a ainmniú agus gníomh atá liostaithe in Iarscríbhinn II á chur i bhfeidhm, tabharfar an fógra sin i gcomhréir leis an Airteagal seo.

    403. Foilseoidh an Coimisiún ar a shuíomh gréasáin liosta de na húdaráis formheasa agus de na seirbhísí teicniúla agus sonraí mar gheall orthu.

    Airteagal 69 Athruithe ar fhógraí

    404. I gcás ina suíonn údarás a thugann fógra, nó ina gcuirtear in iúl dó nach bhfuil na ceanglais atá leagtha síos sa Rialachán seo á gcomhlíonadh ag seirbhís theicniúil a thuilleadh, nó nach bhfuil a hoibleagáidí á gcomhlíonadh aici, déanfaidh an t-údarás a thugann fógra an fógra a shrianadh, a fhionraí nó a tharraingt siar mar is iomchuí, de réir a thromchúisí atá neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí sin. Cuirfidh an t-údarás a thugann fógra an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas dá réir láithreach.

    405. I gcás ina ndéantar fógra a shrianadh, a fhionraí nó a tharraingt siar, nó i gcás ina scoireann seirbhís theicniúil dá gníomhaíochtaí, glacfaidh an Ballstát a thugann fógra céimeanna iomchuí d'fhonn a áirithiú go ndéanfaidh seirbhís theicniúil eile comhaid na chéad seirbhíse teicniúla a phroiseáil nó go gcoinneofar ar fáil na comhaid sin do na húdaráis inniúla a thugann fógra agus do na húdaráis inniúla um fhaireachas margaidh, arna iarraidh sin dóibh.

    Airteagal 70 Cur in aghaidh inniúlachta seirbhísí teicniúla

    406. Imscrúdóidh an Coimisiún gach cás ina bhfuil amhras aige nó ina dtugtar le fios dó go bhfuil amhras ann maidir le hinniúlacht seirbhíse teicniúla nó maidir leis an gcaoi a bhfuil seirbhís theicniúil ag comhlíonadh go leanúnach na gceanglas agus na bhfreagrachtaí atá air.

    407. Déanfaidh an Ballstát a thugann fógra gach faisnéis a bhaineann le bunús an fhógra nó le coinneáil inniúlacht na seirbhíse teicniúla lena mbaineann a chur ar fáil don Choimisiún, arna iarraidh sin.

    408. Áiritheoidh an Coimisiún go gcaithfear le gach faisnéis íogair arna fáil le linn a chuid imscrúduithe ar bhealach rúnda.

    409. I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún amach nach gcomhlíonann seirbhís theicniúil na ceanglais maidir lena fógra nó nach bhfuil siad á gcomhlíonadh aici a thuilleadh, cuirfidh sé an Ballstát a thugann fógra ar an eolas dá réir agus iarrfaidh sé air na bearta ceartaitheacha is gá a dhéanamh, lena n-áirítear tarraingt siar an fhógra sin más gá.

    Airteagal 71 Oibleagáidí oibriúcháin na seirbhísí teicniúla

    410. Déanfaidh seirbhísí teicniúla measúnuithe comhréireachta i gcomhréir leis na nósanna imeachta measúnaithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

    411. Déanfar measúnuithe comhréireachta ar bhealach comhréireach agus seachnófar ualaí nach bhfuil gá leo ar oibreoirí eacnamaíocha. Déanfaidh seirbhísí teicniúla a gcuid gníomhaíochtaí agus iad ag tabhairt aird chuí ar mhéid gnóthais, ar an earnáil ina n-oibríonn sé, ar a struchtúr, ar a chasta atá teicneolaíocht na feithicle, an chórais, na comhpháirte nó an aonaid theicniúil a bhíonn i gceist agus ar chineál olltáirgthe nó ar chineál sraitheach an phróisis táirgeachta.

    412. Ag déanamh amhlaidh dóibh, urramóidh siad mar sin féin a oiread déine agus an leibhéal cosanta is gá le go gcomhlíonfaidh an fheithicil, an córas, an chomhpháirt nó an t-aonad teicniúil ar leith forálacha an Rialacháin seo.

    413. I gcás ina suíonn seirbhís theicniúil nár chomhlíon monaróir na ceanglais atá leagtha síos sa Rialachán seo, éileoidh sí ar an monaróir sin bearta ceartaitheacha iomchuí a dhéanamh agus iarrfaidh sí ar an údarás formheasa gan deimhniú ar chineálcheadú a eisiúint go mbeidh na bearta ceartaitheacha iomchuí déanta agus go mbeidh an tseirbhís theicniúil sásta faoi sin.

    414. Más rud é, agus monatóireacht á déanamh ar an gcomhréireacht táirgeachta i ndiaidh deimhniú ar chineálcheadú a eisiúint, go suíonn seirbhís theicniúil nach bhfuil feithicil, córas, comhpháirt ná aonad teicniúil ar leith ag comhlíonadh an Rialacháin seo a thuilleadh, éileoidh sí ar an monaróir bearta ceartaitheacha iomchuí a dhéanamh agus iarrfaidh sí ar an údarás um chineálcheadú an deimhniú ar chineálcheadú a fhionraí nó a tharraingt siar más gá.

    415. I gcás nach ndéantar bearta ceartaitheacha nó i gcás nach bhfuil an éifeacht is gá leo, iarrfaidh an tseirbhís theicniúil ar an údarás um chineálcheadú an deimhniú ar chineálcheadú a shrianadh, a fhionraí nó a tharraingt siar mar is iomchuí.

    Airteagal 72 Oibleagáidí ar sheirbhísí teicniúla maidir le faisnéis

    416. Cuirfidh seirbhísí teicniúla an t-údarás formheasa ar an eolas faoin méid seo a leanas:

    (a) aon neamhchomhréireacht a thagann chun cinn a d'fhéadfadh a fhágáil gur ghá deimhniú ar chineálcheadú a dhiúltú, a shrianadh, a fhionraí nó a tharraingt siar;

    (b) aon tosca a dhéanfaidh difear do raon feidhme an fhógra agus do na coinníollacha faoina dtugtar fógra dóibh;

    (c) aon iarratas a gheobhaidh siad ó údaráis um fhaireachas margaidh maidir lena ngníomhaíochtaí measúnaithe;

    417. Arna iarraidh sin don údarás formheasa, déanfar gníomhaíochtaí measúnaithe laistigh de raon feidhme an fhógra agus déanfar aon ghníomhaíocht eile, lena n-áirítear gníomhaíochtaí trasteorann agus fochonraitheoireachta.

    418. Cuirfidh seirbhísí teicniúla faisnéis ábhartha maidir le saincheisteanna a bhaineann le torthaí diúltacha measúnaithe agus, arna iarraidh sin, torthaí dearfacha ar fáil do sheirbhísí teicniúla eile a mbeidh fógra tugtha dóibh faoin Rialachán seo agus a dhéanann gníomhaíochtaí measúnaithe a chumhdaíonn an fheithicil, an córas, an chomhpháirt nó an t-aonad teicniúil ar leith céanna.

    CAIBIDIL XVIII BEARTA CUR CHUN FEIDHME AGUS TARMLIGEAN

    Airteagal 73 Bearta cur chun feidhme

    D’fhonn coinníollacha comhionanna a leagan síos chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, glacfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 74, gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos bearta cur chun feidhme chun na nithe seo a leanas a bhunú:

    (a) mionsonraí na socruithe maidir le nósanna imeachta cineálcheadaithe i gcomhréir le hAirteagal 23(6);

    (b) teimpléid an fhillteáin faisnéise agus an doiciméid faisnéise i gcomhréir le hAirteagal 25(2);

    (c) córas uimhrithe le haghaidh deimhnithe ar chineálcheadú AE i gcomhréir le hAirteagal 27(4);

    (d) teimpléad le haghaidh deimhnithe ar chineálcheadú AE i gcomhréir le hAirteagal 28(2);

    (e) mionsonraí na socruithe maidir le comhréireacht táirgeachta i gcomhréir le hAirteagal 31;

    (f) teimpléad an deimhnithe comhréireachta i gcomhréir le hAirteagal 36(2);

    (g) an tsamhail den mharc cineálcheadaithe AE i gcomhréir le hAirteagal 37(4).

    Airteagal 74 An Coiste

    419. Beidh de chúnamh ag an gCoimisiún an Coiste Teicniúil – Mótarfheithiclí, coiste a bunaíodh faoi Airteagal 40 de Threoir 2007/46/CE.

    420. I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de. Trí mhí a bheidh sa tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

    Airteagal 75 Na hIarscríbhinní a leasú

    421. Féadfaidh an Coimisiún leasuithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a ghlacadh trí ghníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagail 76, 77 agus 78.

    422. Más rud é, de bhun Chinneadh 97/836/CE, go nglactar rialacháin nua de chuid an UNECE nó go ndéantar leasuithe ar rialacháin de chuid an UNECE atá ann cheana agus ar aontaigh an tAontas dóibh cheana, déanfaidh an Coimisiún, trí ghníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagail 76, 77 agus 78, Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú dá réir sin.

    Airteagal 76 An tarmligean a fheidhmiú

    423. Is go ceann tréimhse éiginnte a thabharfar don Choimisiún na cumhachtaí chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 16, 18, 19, 20, 21, 22, 30, 52, 56, 57, 60, 66 agus 75

    424. A luaithe a ghlacann sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ag an am céanna.

    425. Tugtar na cumhachtaí chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh don Choimisiún faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 77 agus Airteagal 78.

    Airteagal 77 An tarmligean a chúlghairm

    426. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 16, 18, 19, 20, 21, 22, 30, 52, 56, 57, 60, 66 agus 75 a chúlghairm tráth ar bith.

    427. Maidir leis an institiúid a chuir tús le nós imeachta inmheánach d'fhonn a chinneadh an ndéanfar nó nach ndéanfar tarmligean na cumhachta a chúlghairm, féachfaidh sí leis fógra ina leith sin a thabhairt don institiúid eile agus don Choimisiún laistigh de thréimhse réasúnta sula ndéanfar an cinneadh deireanach, agus luafaidh sí na cumhachtaí tarmligthe a d'fhéadfadh a bheith faoi réir cúlghairme agus na cúiseanna a d'fhéadfadh a bheith leis an gcúlghairm sin.

    428. Má chinntear cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na gcumhachtaí a bheidh sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an gcinneadh láithreach nó ag dáta níos déanaí a bheidh sonraithe ann. Ní bheidh éifeacht aige ar bhailíocht na ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. Foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é.

    Airteagal 78 Agóidí i gcoinne gníomhartha tarmligthe

    429. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gnímh tharmligthe laistigh de dhá mhí ón bhfógra a fháil ina leith. Ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle cuirfear mí leis an tréimhse sin .

    430. Más rud é, ar dhul in éag don tréimhse sin, nach bhfuil agóid déanta i gcoinne an ghnímh tharmligthe ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle, nó más rud é, roimh an dáta sin, go gcuireann an dá institiúid sin fógra chuig an gCoimisiún á rá go bhfuil cinneadh déanta acu gan agóidí a dhéanamh, tiocfaidh an gníomh tarmligthe i bhfeidhm ar an dáta atá luaite ina fhorálacha.

    431. Má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid i gcoinne gnímh tharmligthe, ní thiocfaidh sé i bhfeidhm. Luafaidh an institiúid a dhéanann agóid na cúiseanna atá aici agóid a dhéanamh i gcoinne an ghnímh tharmligthe.

    CAIBIDIL XIXFORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

    Airteagal 79 Forálacha eatramhacha

    432. Ní neamhbhailíochtóidh an Rialachán seo aon chineálcheadú AE arna dheonú d’fheithiclí nó do chórais, do chomhpháirteanna nó d’aonaid theicniúla ar leith roimh an dáta atá sonraithe in Airteagal 82(2).

    433. Leanfaidh údaráis formheasa de bheith ag deonú síntí ar fhormheasanna na bhfeithiclí, na gcóras, na gcomhpháirteanna nó na n-aonad teicniúil ar leith dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir le Treoir 2002/24/CE agus in aon treoir atá liostaithe in Airteagal 81(1).

    Airteagal 80 Tuarascáil

    434. Tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2018, cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi chur i bhfeidhm na nósanna imeachta cineálcheadaithe atá leagtha síos sa Rialachán seo.

    435. Ar bhonn na faisnéise a sholáthraítear faoi mhír 1, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle faoi chur i bhfeidhm an Rialacháin seo tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2019.

    Airteagal 81 Aisghairm

    436. Aisghairtear leis seo Treoracha 93/14/CEE, 93/30/CEE, 93/33/CEE, 93/93/CEE, 95/1/CE, 97/24/CE, 2000/7/CE, 2002/24/CE, 2002/51/CE, 2009/62/CE, 2009/67/CE, 2009/78/CE, 2009/79/CE, 2009/80/CE agus 2009/139/CE ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 82(2).

    437. Déanfar tagairtí do na Treoracha aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad, maidir le Treoir 2002/24/CE, i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá leagtha amach in Iarscríbhinn IX.

    Airteagal 82 Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

    438. Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    439. Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2013 ar aghaidh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an […]

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán An tUachtarán […] […]

    CLÁR NA N-ÁBHAR

    IARSCRÍBHINN I – Catagóirí agus fochatagóirí feithiclí IARSCRÍBHINN II – Liosta de cheanglais chun críocha cineálcheadú feithicle AE IARSCRÍBHINN III – Teorainneacha d'fheithiclí a tháirgtear i sraitheanna beaga IARSCRÍBHINN IV – Clár ama cur i bhfeidhm an Rialacháin seo ó thaobh cineálcheadú IARSCRÍBHINN V – Forléargas ar thástálacha agus ar cheanglais a bhaineann leis an gcomhshaol IARSCRÍBHINN VI – Luachanna teorantacha astaíochtaí maidir le cineálcheadú agus comhréireacht táirgeachta (A) Teorainneacha astaíochtaí truailleán; (B) Tairseacha astaíochtaí diagnóiseacha ar bord; (C) Teorainneacha astaíochtaí galaithe; (D) Teorainneacha maidir le leibhéal fuaime. IARSCRÍBHINN VII – Marthanacht feistí rialaithe truaillithe IARSCRÍBHINN VIII – Ceanglais maidir le sábháilteacht fheidhmiúil fheabhsaithe IARSCRÍBHINN IX – Tábla comhghaoil |

    IARSCRÍBHINN I

    Catagóirí feithiclí agus cineálacha feithiclí

    Catagóir | Ainm na catagóire | Critéir maidir le haicmiú coiteann |

    L1e | Feithicil chumhachtaithe éadrom dhá roth | (1) dhá roth agus modh tiomána atá liostaithe in Airteagal 4(3), agus (2) toilleadh innill ≤ 50 cm3 má tá inneall PI mar chuid de chumraíocht tiomána na feithicle. |

    Fo-chatagóir | Ainm na fochatagóire | Critéir bhreise maidir le fo-aicmiú: |

    L1Ae | Rothar cumhachtaithe | (3) feithicil ar a bhfuil modh tiomána cúnta feistithe féachaint, go príomha, troitheáil a éascú, agus (4) uasluas dearaidh ≤ 25 km/h, agus (5) laghdaítear aschur an mhodha tiomána cúnta de réir a chéile agus stoptar é sa deireadh agus an fheithicil ag gluaiseacht ag 25 km/h, agus (6) uaschumhacht rátaithe leantach(1) ≤ 1 kW ag an modh tiomána cúnta, agus (7) déantar rothair chumhachtaithe trí roth a chomhlíonann pointí (3), (4), (5) agus (6) de na critéir shonracha bhreise maidir le haicimiú a aicmiú mar fheithiclí ar coibhéiseach go teicniúil iad le rothair chumhachtaithe dhá roth. |

    L1Be | Móipéid dhá roth | (3) uasluas dearaidh ≤ 25 km/h, agus (4) uaschumhacht rátaithe leantach(1) ≤ 4 kW. |

    Catagóir | Ainm na catagóire | Critéir maidir le haicmiú coiteann |

    L2e | Móipéid trí roth | (1) trí roth agus modh tiomána atá liostaithe in Airteagal 4(3), agus (2) toilleadh innill ≤ 50 cm3 má tá inneall PI mar chuid de chumraíocht tiomána na feithicle, agus (3) uasluas dearaidh ≤ 45 km/h, agus (4) uaschumhacht rátaithe leantach(1) ≤ 4 kW. |

    Catagóir | Ainm na catagóire | Critéir maidir le haicmiú coiteann |

    L3e(2) | Gluaisrothar dhá roth | (1) dhá roth agus modh tiomána atá liostaithe in Airteagal 4(3), agus (2) toilleadh innill > 50 cm3 má tá inneall PI mar chuid de chumraíocht tiomána na feithicle, agus (3) uasluas dearaidh > 45 km/h, agus (4) uaschumhacht rátaithe leantach(1) > 4 kW. |

    Fo-chatagóir | Ainm na fochatagóire | Critéir bhreise maidir le fo-aicmiú: |

    L3e - A1 | Gluaisrothar íseal-fheidhmíochta | (5) toilleadh innill ≤ 125 cm3, agus (6) uaschumhacht rátaithe leantach(1) ≤ 11 kW, agus (7) cóimheas cumhachta(1) / meáchain ≤ 0.1 kW/kg. |

    L3e – A2 | Gluaisrothar meánfheidhmíochta | (5) uaschumhacht rátaithe leantach(1) ≤ 35 kW, agus (6) cóimheas cumhachta(1) / meáchain ≤ 0.2 kW/kg, agus (7) níl sé díorthaithe ó fheithicil a bhfuil inneall aici a bhfuil a dhá oiread cumhachta aige(1). |

    L3e – A3 | Gluaisrothar ardfheidhmíochta | (5) aon fheithicil eile de chatagóir L3e nach féidir a aicmiú de réir chritéir feidhmíochta fhochatagóirí A1 nó A2. |

    Catagóir | Ainm na catagóire | Critéir maidir le haicmiú coiteann |

    L4e | Gluaisrothar dhá roth le taobhcharr | (1) bonnfheithicil chumhachtaithe a chomhlíonann na critéir maidir le haicmiú agus le fo-aicmiú feithicilí de chatagóir L3e, agus (2) bonnfheithicil chumhachtaithe a bhfuil taobhcharr aici. |

    Catagóir | Ainm na catagóire | Critéir maidir le haicmiú coiteann |

    L5Ae | Trírothach cumhachtaithe | (1) trí roth agus modh tiomána atá liostaithe in Airteagal 4(3), agus (2) má tá inneall PI mar chuid de chumraíocht tiomána na feithicle: toilleadh innill > 50cm3, agus (3) uasluas dearaidh > 45 km/h, agus (4) uaschumhacht rátaithe leantach(1) > 4 kW. |

    Fo-chatagóir | Ainm na fochatagóire | Critéir bhreise maidir le fo-aicmiú: |

    L5Ae | Trírothach | (5) trírothaigh chumhachtaithe seachas iad sin a chomhlíonann na critéir shonracha maidir le haicmiú trírothach tráchtála. |

    L5Be | Trírothach tráchtála | (5) feithicil arna ceapadh agus arna húsáid mar fheithicil tráchtála agus a bhfuil aici, mar shaintréith, urrann iata do phaisinéirí agus don tiománaí a bhfuil teacht air trí dhá dhoras nó níos mó. |

    L5Be – U | Trírothaigh fóntais | (6) feithiclí arna gceapadh go heisiach chun earraí a iompar agus a bhfuil láthair lódála acu atá oscailte nó iata, atá nach mór cothrom agus cothrománach agus a chomhlíonann ceann de na critéir seo a leanas: (1) fad na láithreach lódála x leithead na láithreach lódála > 0.3 x fad na feithicle x leithead na feithicle, nó (2) achar coibhéiseach láithreach lódála mar arna shainiú thuas chun meaisíní agus/nó trealamh a shuiteáil. |

    L5Be – P | Trírothach chun paisinéirí a iompar | (6) dhá, trí nó ceithre shuíomh suí aige, lena n-áirítear suíomh suí an tiománaí agus na suíomhanna suí uile a bhfuil criosanna sábhála acu. |

    Catagóir | Ainm na catagóire | Critéir maidir le haicmiú coiteann |

    L6e | Cuadrothar éadrom | (1) ceithre roth agus modh tiomána atá liostaithe in Airteagal 4(3), agus (2) uasluas dearaidh ≤ 45 km/h, agus (3) mais in ord reatha ≤ 350 kg, gan iad seo a áireamh: (a) mais na gceallraí i gcás feithicle hibridí nó feithicle atá go hiomlán faoi thiomáint leictreach, nó (b) meáchan córais bhreosla ghásaigh lena n-áirítear umair chun breosla gásaigh a stóráil i gcás feithiclí aonbhreosla, débhreosla nó ilbhreosla, nó (c) meáchan umair/umar chun aer comhbhrúite a stóráil i gcás modha tiomána d'aer réamhbhrúite. |

    Fo-chatagóir | Ainm na fochatagóire | Critéir bhreise maidir le fo-aicmiú: |

    L6Ae | Cuad éadrom bóthair | (4) feithiclí de chatagóir L6e nach gcomhlíonann na critéir chatagóraithe speisialta le haghaidh feithiclí d'fhochatagóir L6Be, agus (5) uaschumhacht rátaithe leantach(1) ≤ 4 kW, agus (6) toilleadh innill ≤ 50 cm3 má tá inneall PI mar chuid de chumraíocht tiomána na feithicle. |

    L6Be | Mioncharr éadrom | (4) urrann iata do phaisinéirí agus don tiománaí a bhfuil teacht air trí dhá dhoras nó trí bhreis is dhá dhoras, agus (5) uaschumhacht rátaithe leantach(1) ≤ 6 kW, agus (6) toilleadh innill ≤ 50 cm3 má tá inneall PI mar chuid de chumraíocht tiomána na feithicle, agus (7) fad na feithicle x leithead na feithicle ≤ 4.4 m2 agus uasleithead feithicle ≤ 1.5 m. |

    L6Be – U | Mioncharr fóntais éadrom | (8) feithiclí arna gceapadh go heisiach chun earraí a iompar agus a bhfuil láthair lódála acu atá oscailte nó iata, atá nach mór cothrom agus cothrománach agus a chomhlíonann ceann amháin de na critéir seo a leanas: (a) fad na láithreach lódála x leithead na láithreach lódála > 0.3 x fad na feithicle x leithead na feithicle, nó (b) achar coibhéiseach láithreach lódála arna shainiú thuas chun meaisíní agus/nó trealamh a shuiteáil. |

    L6Be – P | Mioncharr éadrom chun paisinéirí a iompar | (8) feithiclí arna gceapadh agus arna n-úsáid go príomha chun paisinéirí a iompar, agus a bhfuil acu, mar shaintreith, dhá shuíomh suí, lena n-áirítear suíomh suí an tiománaí, agus criosanna sábhála sa an dá shuíomh suí. |

    Catagóir | Ainm na catagóire | Critéir maidir le haicmiú coiteann |

    L7e | Cuadrothar trom | (1) ceithre roth agus modh tiomána atá liostaithe in Airteagal 4(3), agus (2) uasluas dearaidh > 45 km/h, agus (3) mais in ord reatha: (a) ≤ 400 kg chun paisinéirí a iompar; (b) ≤ 550 kg chun earraí a iompar. Ní áirítear i measc na maise in ord reatha: (1) mais na gceallraí maidir le feithicil hibrideach nó feithicil atá go hiomlán faoi thiomáint leictreach, nó (2) meáchan córais bhreosla ghásaigh lena n-áirítear umair chun breosla gásaigh a stóráil i gcás feithiclí aonbhreosla, débhreosla nó ilbhreosla, nó (3) meáchan umair/umar chun aer comhbhrúite a stóráil i gcás modha tiomána d'aer réamhbhrúite; (4) uaschumhacht rátaithe leantach(1) ≤ 15 kW. |

    Fo-chatagóir | Ainm na fochatagóire | Critéir bhreise maidir le fo-aicmiú: |

    L7Ae | Cuad trom bóthair | (5) feithiclí de chatagóir L7e nach gcomhlíonann na critéir shonracha le haghaidh feithiclí d'fhochatagóir L7Be, agus (6) aon shuíomh suí nó dhá shuíomh suí acu, lena n-áirtear suíomh suí an rothaí. |

    L7Be | Mioncharr trom | (5) urrann iata do phaisinéirí agus don tiománaí a bhfuil teacht air trí dhá dhoras nó níos mó, agus (6) dhá, trí nó ceithre shuíomh suí acu, lena n-áirtear suíomh suí an rothaí. |

    L7Be – U | Mioncharr fóntais trom | (7) feithiclí arna gceapadh go heisiach chun earraí a iompar agus a bhfuil láthair lódála acu atá oscailte nó iata, atá nach mór cothrom agus cothrománach agus a chomhlíonann ceann amháin de na critéir seo a leanas: (a) fad na láithreach lódála x leithead na láithreach lódála > 0.3 x fad na feithicle x leithead na feithicle, nó (b) achar coibhéiseach láithreach lódála mar a shainmhínítear é thuas chun meaisíní agus/nó trealamh a shuiteáil. |

    L7Be – P | Mioncharr trom chun paisinéirí a iompar | (7) feithiclí arna gceapadh agus arna n-úsáid go príomha chun paisinéirí a iompar, agus a bhfuil acu, mar shaintreith, ceithre shuíomh suí nó níos lú, lena n-áirítear suíomh suí an tiománaí, agus criosanna sábhála sna suíomhanna suí uile. |

    IARSCRÍBHINN II

    Liosta de cheanglais chun críocha cineálcheadú feithicle AE

    Uimh. | Airteagal | Ábhar | Tagairt do dhoiciméad | Catagóirí feithiclí |

    L1Ae | Rothar cumhachtaithe | 20 |

    L1Be | Móipéid dhá roth |

    L2e | Móipéid trí roth |

    L3e | Gluaisrothar dhá roth | 50 |

    L4e | Gluaisrothar dhá roth le taobhcharr | 100 |

    L5Ae | Trírothach | 50 |

    L5Be | Trírothach tráchtála | 100 |

    L6Ae | Cuad éadrom bóthair | 20 |

    L6Be | Mioncharr éadrom | 100 |

    L7Ae | Cuad trom bóthair | 20 |

    L7Be | Mioncharr trom | 100 |

    IARSCRÍBHINN IV

    Clár ama le haghaidh chur i bhfeidhm an Rialacháin seo maidir le cineálcheadú

    Catagóir feithicle | Leibhéal an euro | Dátaí cur chun feidhme |

    Cineálacha nua feithiclí Roghnach | Cineálacha nua feithiclí Éigeantach | Cineálacha feithiclí atá ann cheana Éigeantach |

    L1e — L7e | Euro 3(4) | 1 Iúil 2013 | 1 Eanáir 2014 | 1 Eanáir 2015 |

    Euro 4(5) | 1 Eanáir 2015 | 1 Eanáir 2017 | 1 Eanáir 2018 |

    Euro 5(6) | 1 Eanáir 2018(7) | 1 Eanáir 2020(7) | 1 Eanáir 2021(7) |

    NB Féach an leathanach deireanach d'Iarscríbhinn VIII chun forléargas a fháil ar na nótaí a ghabhann leis na hIarscríbhinní

    IARSCRÍBHINN V

    Tástálacha agus ceanglais a bhaineann leis an gcomhshaol

    Ní féidir feithiclí de chatagóir L a chineálcheadú ach amháin má chomhlíonann siad na ceanglais seo a leanas maidir leis an gcomhshaol:

    Cineál na tástála | Tuairisc | Ceanglais: luachanna teorantacha | Ceanglais: nósanna imeachta tástála |

    I | Astaíochtaí sceithphíopa i ndiaidh fuarthosú | Iarscríbhinn VI(A) | . |

    II | - Inneall PI nó feithicil hibrideach(8) a bhfuil inneall PI aici: astaíochtaí CO ag luas réchasta agus ag luas méadaithe réchasta - Inneall CI nó feithicil hibrideach a bhfuil inneall CI aici: tástáil luasghéaraithe saorthitime | Teoir 96/96/CE(9) arna leasú le Treoir 2009/40/CE(10) | Teoir 96/96/CE arna leasú le Treoir 2009/40/CE |

    III | Astaíochtaí gás ó chás an chromáin | Mura bhfuil astaíochtaí ann tá cás an chromáin druidte. Ní fhéadfar astaíochtaí ó chás an chromáin a sceitheadh amach go díreach san atmaisféar comhthimpeallach ó aon fheithicil i rith shaol úsáideach na feithicle sin. |

    IV | Astaíochtaí galaithe | Iarscríbhinn VI(C) |

    V | Marthanacht feistí rialaithe truaillithe | Iarcríbhinní VI agus VII |

    VI | Tástáil ísealteochta | Neamhbhainteach | Neamhbhainteach |

    VII | Astaíochtaí CO2 / ídiú breosla | Tomhas agus tuairisciú, níl aon luach teorantach maidir le cineálcheadú. |

    VIII | Diagnóisic ar bord (OBD) | Iarscríbhinn VI(B) |

    IX | Leibhéal fuaime | Iarscríbhinn VI(D) |

    X | Comhoiriúnacht leictreamaighnéadach | Rialachán Uimh. 10(11) de chuid an UNECE | Rialachán Uimh. 10 de chuid an UNECE |

    NB Féach an leathanach deireanach d'Iarscríbhinn VIII chun forléargas a fháil ar na nótaí a ghabhann leis na hIarscríbhinní

    IARSCRÍBHINN VI

    Luachanna teorantacha astaíochtaí truailleán, tairseacha OBD agus luachanna teorantacha do leibhéal fuaime maidir le cineálcheadú agus comhréireacht táirgeachta

    (A) Teorainneacha astaíochtaí sceithphíopa i ndiaidh fuarthosú

    (A1) Euro 3 (4)

    OT1 (mg / km) | OT2 (mg / km) | OT3 (mg / km) |

    L1Be L2e L6Ae | - Móipéid dhá roth - Móipéid trí roth - Cuad éadrom bóthair | PI, CI, nó Hibrideach | Euro 4 | 3610 | 2690 | 850 | Rialachán Uimh. 47 de chuid an UNECE |

    L3e(5) L4e(14) L5Ae L7Ae | - Gluaisrothar dhá roth le taobhcharr nó gan taobhcharr - Trírothach - Cuad trom bóthair | PI vmax < 130 km/h | Euro 4 | 2170 | 1400 | 350 | WMTC, céim 2 |

    PI vmax ≥ 130 km/h | 2170 | 630 | 450 | WMTC, céim 2 |

    CI nó Hibrideach | 2170 | 630 | 900 | WMTC, céim 2 |

    (B2) Euro 5 (6) , OBD ceim I, agus( 7) OBD céim II

    L3e(5) L4e(14) | - Gluaisrothar dhá roth(20) le taobhcharr nó gan taobhcharr | PI(18) | Euro 5 | 2 000 | SHED |

    L5Ae | Trírothach | PI(18) | Euro 4 |

    L6Ae | Cuad éadrom bóthair | PI(18) | Euro 4 |

    L7Ae | Cuad trom bóthair | PI(18) | Euro 4 |

    (C2) Euro 5 (6)

    Aicme Feithicle(19) | Ainm na catagóire feithicle | Aicme na tiomána | Leibhéal an euro | Tástáil tréscaoilte (mg / m2 / lá) | Mais lán-hidreacarbón (THC) i dtástáil SHED (mg / tástáil) |

    Umar breosla | Feadánra breosla | Feithicil |

    L1Ae | Rothar cumhachtaithe | PI(18) | Euro 5 | 1500 | 15000 | 1500 |

    L1Be | Móipéid dhá roth | Euro 5 | 1500 | 15000 | 1500 |

    L2e | Móipéid trí roth | Euro 5 | 1500 | 15000 | 1500 |

    L3e(6) L4e(14) | Gluaisrothar dhá roth le taobhcharr nó gan taobhcharr | Euro 6 | 1500 |

    L5Ae | Trírothach | Euro 5 | 1500 |

    L5Be | Trírothach tráchtála | Euro 5 | 1500 | 15000 | 1500 |

    L6Ae | Cuad éadrom bóthair | Euro 5 | 1500 |

    L6Be | Mioncharr éadrom | Euro 5 | 1500 | 15000 | 1500 |

    L7Ae | Cuad trom bóthair | Euro 5 | 1500 |

    L7Be | Mioncharr trom | Euro 5 | 1500 | 15000 | 1500 |

    NB Féach an leathanach deireanach d'Iarscríbhinn VIII chun forléargas a fháil ar na nótaí a ghabhann leis na hIarscríbhinní

    (D) Teorainneacha maidir le leibhéal fuaime — Euro 3 (4) , Euro 4 (5) , Euro 5 (6)

    Catagóir feithicle | Ainm na catagóire feithicle | Leibhéal fuaime(21) Euro 3(4) (dB(A)) | Euro 3(4) Nós imeachta tástála(23) | Euro 4(5) Leibhéal fuaime(21) (dB(A)) | Euro 4(5) Nós imeachta tástála(23) | Euro 5(6) Leibhéal fuaime(22) (dB(A)) | Euro 5(6) Nós imeachta tástála |

    L1Ae | Rothar cumhachtaithe | 63 | Gníomh tarmligthe / Rialachán Uimh. 63 de chuid an UNECE | 63(21) | Gníomh tarmligthe / Rialachán Uimh. 63 de chuid an UNECE | Rialachán Uimh. 63 de chuid an UNECE |

    L1Be | Móipéid dhá roth vmax ≤ 25 km/h | 66 | 66 |

    Móipéid dhá roth vmax ≤ 45 km/h | 71 | 71 |

    L2e | Móipéid trí roth | 76 | Gníomh tarmligthe / Rialachán Uimh. 9 de chuid an UNECE | 76 | Gníomh tarmligthe / Rialachán Uimh. 9 de chuid an UNECE | Rialachán Uimh. 9 de chuid an UNECE |

    L3e | Gluaisrothar dhá roth Toilleadh innill ≤ 80 cm3 | 75 | Gníomh tarmligthe / Rialachán Uimh. 41 de chuid an UNECE | 75 | Gníomh tarmligthe / Rialachán Uimh. 41 de chuid an UNECE | Rialachán Uimh. 41 de chuid an UNECE |

    Gluaisrothar dhá roth 80 cm3 < Toilleadh innill ≤ 175 cm3 | 77 | 77 |

    Gluaisrothar dhá roth Toilleadh innill > 175 cm3 | 80 | 80 |

    L4e | Gluaisrothar dhá roth le taobhcharr | 80 | 80 |

    L5Ae | Trírothach | 80 | Gníomh tarmligthe / Rialachán Uimh. 9 de chuid an UNECE | 80 | Gníomh tarmligthe / Rialachán Uimh. 9 de chuid an UNECE | Rialachán Uimh. 9 de chuid an UNECE |

    L5Be | Trírothach tráchtála | 80 | 80 |

    L6Ae | Cuad éadrom | 80 | Gníomh tarmligthe / Rialachán Uimh. 63 de chuid an UNECE | 80 | Gníomh tarmligthe / Rialachán Uimh. 63 de chuid an UNECE | Rialachán Uimh. 63 de chuid an UNECE |

    L6Be | Mioncharr éadrom | 80 | Gníomh tarmligthe / Rialachán Uimh. 9 de chuid an UNECE | 80 | Gníomh tarmligthe / Rialachán Uimh. 9 de chuid an UNECE | Rialachán Uimh. 9 de chuid an UNECE |

    L7Ae | Cuad bóthair | 80 | 80 |

    L7Be | Mioncharr trom | 80 | 80 |

    NB Féach an leathanach deireanach d'Iarscríbhinn VIII chun forléargas a fháil ar na nótaí a ghabhann leis na hiarscríbhinní

    IARSCRÍBHINN VII

    Marthanacht feistí rialaithe truaillithe

    (A) Míleáiste marthantachta feithiclí de chatagóir L

    Catagóir feithicle | Ainm na catagóire feithicle | Míleáiste mharthanacht Euro 3(4) (km) | Míleáiste mharthanacht Euro 4(5) (km) | Míleáiste mharthanacht(7) Euro 5(6) (km) |

    L1Ae | Rothar cumhachtaithe | 5 000 | 5 500 | 6 000 |

    L1Be L2e L6Ae | - Móipéid dhá roth - Móipéid trí roth - Cuad éadrom bóthair | 10 000 | 11 000 | 12 000 |

    L3e L4e(14) L5e L6Be L7Be | - Gluaisrothar dhá roth le taobhcharr nó gan taobhcharr (vmax < 130 km/h) - Trírothach - Mioncharr éadrom - Mioncharr trom | 18 000 | 20 000 | 30 000 |

    L3e L4e(14) L7Ae | - Gluaisrothar dhá roth le taobhcharr nó gan taobhcharr (vmax ≥ 130 km/h) - Cuad trom bóthair | 30 000 | 35 000 | 50 000 |

    (B) Tosca Meatha (TM)

    Catagóir feithicle | Ainm na catagóire feithicle | Euro 3(4) TM (-) | Euro 4(5) TM (-) | Euro 5(6) TM+(7) (-) |

    Feistiú éigeantach ardchóras coscánaithe(26) | Ceithre bliana tar éis an dáta dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 82. | (a) ní mór córas coscánaithe frithghlasa(28) nó córas comhcheangailte coscánaithe(29) a bheith ag gluaisrothair nua(27) d'fhochatagóir L3e-A1 a dhíoltar, a chláraítear agus a chuirtear i seirbhís nó ní mór an dá chineál ardchórais choscánaithe sin a bheith acu, ar rogha an mhonaróra; (b) ní mór córas coscánaithe frithghlasa a bheith ag gluaisrothair nua d'fhochatagóirí L3e-A2 agus L3e-A3 a dhíoltar, a chláraítear agus a chuirtear i seirbhís. |

    Cúinneáil shábháilte ar bhóithre a bhfuil dromchla crua orthu | An dáta dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 82. | Ní mór feithiclí de chatagóir L a thógáil sa dóigh gur féidir gach ceann de na rothaí rothlú ag luasanna éagsúla i gcónaí d'fhonn cúinneáil shábháilte a áirithiú ar bhóithre a bhfuil dromchlá crua orthu. Má tá difreálach inghlasaithe ag feithicil trí roth nó ag feithicil ceithre roth, ní mór é sin a cheapadh le gur féidir é a dhíghlasáil ar an ngnáthbhealach. |

    Infheictheacht na feithicle agus an rothaí a fheabhsú trí shoilse a mhalartú go huathoibríoch(30) | An dáta dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 82. | D'fhonn infheictheacht feithiclí de chatagóir L a fheabhsú, ní mór na nithe seo a leanas a bheith feistithe orthu: (a) feithiclí L1e: feistí soilsiúcháin agus solaschomharthaíochta i gcomhréir le rialachán 74 Rev 2 de chuid an UNECE, rialachán ina gceanglaítear go lastar an córas soilsiúcháin go huathoibríoch; (b) feithiclí L3e: ar rogha mhonaróir na feithicle, feistí soilsiúcháin agus solaschomharthaíochta i gcomhréir le rialachán 53 Rev 2 de chuid an UNECE agus leasuithe 1 agus 2 a rinneadh air, nó, lasadh tiomnaithe soilse i rith an lae (DRL) i gcomhréir le rialachan 87 Rev 2 de chuid an UNECE agus leasuithe 1 agus 2 a rinneadh air; (c) gach feithicil eile de chatagóir L: córas soilsiúcháin a lastar go huathoibríoch nó ar rogha an mhonaróra, lasadh tiomnaithe soilse i rith an lae a lastar go huathoibríoch(31) |

    NB Féach an leathanach deireanach d'Iarscríbhinn VIII chun forléargas a fháil ar na nótaí a ghabhann leis na hIarscríbhinní

    Nótaí míniúcháin d'Iarscríbhinní I go VIII

    (1) Is ar uaschumhacht rátaithe leantach atá neamhspleách ar chumraíocht tiomána na feithicle atá na teorainneacha cumhachta in Iarscríbhinn I bunaithe.

    (2) Maidir le feithiclí de chatagóir L3e a fho-aicmiú de réir mar atá luas dearaidh feithicle 130 km/h ar a mhéad nó luas dearaidh feithicle níos mó ná 130 km/h, tá sé sin neamhspleách ar an dóigh a bhfo-aicmítear iad in aicmí feidhmíochta tiomána A1 (cé nach dócha go mbainfidh na feithiclí sin luas 130 km/h amach), A2 nó A3.

    (3) Níl ardchórais choscánaithe éigeantach ach i gcás feithiclí L3e, mar atá leagtha síos in Iarscríbhinn VIII.

    (4) Catagóir L3e: Euro 4.

    (5) Catagóir L3e: Euro 5.

    (6) Catagóir L3e: Euro 6.

    (7) Féach Airteagal 21, mír 4 agus mír 5.

    (8) Má tá gné stoptha / tosaithe ag an inneall (hibrideach) nó ag na hinnill (hibrideacha), ní mór don mhonaróir a áirithiú go bhfuil an t-inneall dócháin ag rith ag luas réchasta agus ag luas méadaithe réchasta. Ní mór an fheithicil a bheith in ann an tástáil luasghéaraithe saorthitime a rith maidir le modhanna tiomána lena n-áirítear inneall CI.

    (9) IO L 282, 1.11.1996, lch. 64.

    (10) IO L 141, 6.6.2009, lch. 12.

    (11) IO L 116/1, 8.5.2010, lch. 1.

    (12) IO C[…], […], lch. […], lena n-áirítear ualú fuar.

    (13) IO C[…], […], lch. […].

    (14) Ní gá na teorainneacha astaíochtaí a chomhlíonadh ach amháin i gcás bonn-ghluaisrothair dhá roth le taobhcharr.

    (15) CI amháin, fiú amháin i gcás feithicle hibridí, mar shampla, ina bhfuil inneall inneall CI.

    (16) Infheidhme maidir le hinnill insteallta dírigh amháin.

    (17) Déanfaidh an staidéar ar an tionchar ar an gcomhshaol in Airteagal 21(4) measúnú freisin ar a indéanta atá sé tástálacha ar astaíochtaí a dhéanamh ar fheithiclí de chatagóir L nach feithiclí de chatagóirí L3e, L5Ae nó L7Ae iad de réir an timthrialla WMTC leasaithe.

    (18) Innill PI a oibrítear le gásailín, le cumaisc ghásailín nó le heatánól.

    (19) Déanfar a chostéifeachtaí atá rialú ar astaíochtaí galaithe a mheasúnú sa staidéar ar an tionchar ar an gcomhshaol atá le cur i gcrích don Choimisiún, dá dtagraítear in Airteagal 21(5). Sa staidéar céanna sin déanfar umar galaitheach breosla a d'fhéadfadh a bheith cost-éifeachtúil agus tástáil ar thréscaoileadh soláthair breosla a mheasúnú, ar mhodh tástála é sin a d'fhéadfadh ionad na tástála SHED a ghlacadh i gcás feithiclí d'fhochatagóirí nach raibh faoi réir tástála d'astaíochtaí galaithe roimhe sin (féach mír 4 agus mír 5 d'Airteagal 21).

    (20) vmax ≥ 130 km/h.

    (21) Go dtí go n-aontóidh an AE do rialacháin 9, 41, agus 63 de chuid an UNECE agus go nglacfar na rialacháin sin in UNECE WP29 agus san AE, lena n-áirítear na teorainneacha fuaime coibhéiseacha a bhaineann leo sin maidir le céimeanna Euro 3 agus Euro 4, comhlíonfaidh feithiclí na teorainneacha atá liostaithe in Iarscríbhinn VI(D). Nuair a ghlacfaidh an AE rialacháin 9, 41 agus 63 de chuid an UNECE, beidh siad éigeantach agus áireofar teorainneacha fuaime coibhéiseacha i measc na dteorainneacha atá liostaithe in Iarscríbhinn VI(D) agus glacfaidh siad ionad na nósanna imeachta tástála sa ghníomh tarmligthe.

    (22) Athrófar teorainneacha fuaime Euro 5 TBD i ngníomh comhchinnteoireachta ar leith.

    (23) Tá na nósanna imeachta maidir le fuaim a thástáil i ngníomh tarmligthe a ghabhann leis an Rialachán seo agus cuirfear rialacháin 9, 41 agus 63 de chuid an UNECE ina ionad.

    (24) Innill insteallta dírigh PI agus innill CI amháin.

    (25) Tá feidhm aige freisin maidir le feithiclí hibrideacha.

    (26) Ciallaíonn 'ardchóras coscánaithe' córas coscánaithe frithghlasa, córas comhcheangailte coscánaithe nó an dá cheann acu sin. Déanfar feidhmíocht ardchóras coscánaithe a thástáil de réir na gceanglas arna leagan síos i ngníomh tarmligthe.

    (27) Tá feithiclí de chatagóir L4e (gluaisrothair le taobhcharr) eisiata ó cheanglais (a) agus (b) maidir le feistiú éigeantach ardchóras coscánaithe.

    (28) Ciallaíonn 'córas coscánaithe frithghlasa' córas a aithníonn sciorradh rotha agus a mhodhnaíonn an brú a dhéanann na fórsaí coiscithe ag an roth/ na rothaí chun méid an sciorrtha rotha a theorannú.

    (29) Ciallaíonn 'córas comhcheangailte coscánaithe':

    (a) maidir le feithiclí de chatagóirí L1e agus L3e: córas coscánaithe ina n-oibrítear ar a laghad dhá choscán ar rothaí éagsúla trí rialaitheoir amháin a ghníomhú;

    (b) maidir le feithiclí de chatagóir L4e: córas coscánaithe ina n-oibrítear na coscáin ar na rothaí tosaigh agus na rothaí cúil ar a laghad trí rialaitheoir amháin a ghníomhú (má choisctear an rotha cúil agus rotha an taobhchairr leis an gcóras coscánaithe céanna, meastar gurb é sin an coscán cúil);

    (c) maidir le feithiclí de chatagóirí L2e, L5e, L6e agus L7e: córas coscánaithe ina n-oibrítear na coscáin ar na rothaí uile trí rialaitheoir amháin a ghníomhú.

    (30) Ciallaíonn 'lasadh go huathoibríoch' córas soilsiúcháin a lastar nuair atá an lasc adhainte nó lasc ann/as an innill sa suíomh 'ann'.

    (31) Chun inneall dócháin a chur ar siúl, is féidir an córas soilsiúcháin a mhúchadh le linn tréimhse cromáin an innill ar feadh tréimhse leantach nach mó ná 10 nóiméad.

    Iarscríbhinn IX

    Tábla comhghaoil ( 32)

    Treoir 2002/24/CE | An Rialachán seo |

    Fomhír 1 d'Airteagal 1(1) | Airteagal 2(1) |

    Fomhír 2 d'Airteagal 1(1) | Airteagal 2(2) |

    Airteagal 1(2)(a)(i) | Airteagal 4(2)(a)(B) |

    Airteagal 1(2)(a)(ii) | Airteagal 4(2)(b) |

    Airteagal 1(2)(b) | Airteagal 4(2)(c), Airteagal 4(2)(d) |

    Airteagal 1(2)2(c) | Airteagal 4(e) |

    Airteagal 1(3)(a) | Airteagal 4(f) |

    Airteagal 1(3)(a) | Airteagal 4(g) |

    Airteagal 2 | Airteagal 3 |

    Airteagal 3 | Airteagal 23 |

    Airteagal 4(1) | Airteagal 27(2) |

    Airteagal 4(2) | Airteagal 27(1) |

    Airteagal 4(3) | Airteagal 5(4) |

    Airteagal 4(4) | - |

    Airteagal 4(5) | Airteagal 31(1) |

    Airteagal 4(6) | Airteagal 27(3) |

    Airteagal 5(1) | Airteagal 27(10) |

    Airteagal 5(2) | Airteagal 28(2) |

    Airteagal 5(3) | Airteagal 28(1)(b) |

    Airteagal 6(1) | Airteagal 27(5) |

    Fomhír 1 d'Airteagal 6(2) | Airteagal 27(7) |

    Fomhír 2 d'Airteagal 6(2) | Airteagal 27(8) |

    Fomhír 1 d'Airteagal 7(1) | Airteagal 36(1) |

    Fomhír 2 d'Airteagal 7(1) | Airteagal 36(4) |

    Airteagal 7(2) | Airteagal 36(2) |

    Airteagal 7(3) | Airteagal 36(5) |

    Airteagal 7(4) | Airteagal 37(2) |

    Airteagal 7(5) | Fomhír 1 d'Airteagal 59(2) |

    Airteagal 7(6) | Fomhír 2 d'Airteagal 59(2) |

    Airteagal 8(1) | Airteagal 37(1) |

    Fomhír 1 d'Airteagal 8(2) | Airteagal 37(2) |

    Fomhír 2 d'Airteagal 8(2) | Airteagal 37(3) |

    Nóta (32): An tábla dá dtagraítear in Airteagal 81.

    Treoir 2002/24/CE | An Rialachán seo |

    Airteagal 9(1) | Airteagal 46 |

    Airteagal 9(2) | Airteagal 32(1) |

    Airteagal 9(3) | Airteagal 32(2) |

    Airteagal 9(4) | Airteagal 33 |

    Airteagal 9(5) | Airteagal 34(3) |

    Airteagal 10(1) | Airteagal 31(4) |

    Airteagal 10(2) | Airteagal 51(3) |

    Airteagal 10(3) | Airteagal 35(4) |

    Airteagal 10(4) | Airteagal 51(7) |

    Airteagal 11 | - |

    Airteagal 12 | Airteagal 50(1) |

    Airteagal 13 | - |

    Airteagal 14(1)(a) | Airteagal 5(1) |

    Airteagal 14(1)(b)(i) | Airteagal 66(9) |

    Airteagal 14(1)(b)(ii) | Airteagal 64(8) |

    Fomhír 1 d'Airteagal 14(2) | - |

    Fomhír 2 d'Airteagal 14(2) | Airteagal 66(10) |

    Airteagal 15(1) | Airteagal 45 |

    Airteagal 15(2) | Airteagal 47 |

    Fomhír 1(a)(i) d'Airteagal 15(3) | Airteagal 40 |

    Fomhír 1(a)(ii) d'Airteagal 15(3) | Airteagal 2(2)(e) |

    Fomhír 2 d'Airteagal 15(3) | - |

    Fomhír 1 d'Airteagal 15(3)(b) | - |

    Fomhír 2 d'Airteagal 15(3)(b) | - |

    Fomhír 3 d'Airteagal 15(3)(b) | - |

    Fomhír 4 d'Airteagal 15(3)(b) | - |

    Airteagal 15(4) | - |

    Fomhír 1 d'Airteagal 16(1) | - |

    Fomhír 2 d'Airteagal 16(1) | - |

    Fomhír 1 d'Airteagal 16(2) | - |

    Fomhír 2 d'Airteagal 16(2) | - |

    Airteagal 16(3) | Airteagal 38 |

    Airteagal 17 | Airteagal 39 |

    Airteagal 18(1) | Airteagal 74(1) |

    Airteagal 18(2) | Airteagal 74(2) |

    Airteagal 18(3) | - |

    Airteagal 19 | Airteagal 81 |

    Airteagal 20 | Airteagal 82(2) |

    Treoir 2002/24/CE | An Rialachán seo |

    Airteagal 21 | Airteagal 79(1) |

    Airteagal 22 | - |

    Airteagal 23 | Airteagal 82(1) |

    Airteagal 24 | - |

    [1] IO L 124, 9.5.2002, Lch. 1.

    [2] IO L 121, 15.5.1993, Lch. 1

    [3] IO L 188, 29.7.1993, lch 1

    [4] IO L 188, 29.7.1993, Lch. 32

    [5] IO L 311, 14.12.1993, Lch. 76

    [6] IO L 52, 8.3.1995, Lch. 1

    [7] IO L 226, 18.8.1997, Lch. 1

    [8] IO L 106, 3.5.2000, Lch. 1

    [9] IO L 252, 20.9.2002, Lch. 20

    [10] IO L 198, 30.7.2009, Lch. 20

    [11] IO L 222, 25.8.2009, Lch. 1

    [12] IO L 231, 3.9.2009, Lch. 8

    [13] IO L 201, 1.8.2009, Lch. 29

    [14] IO L 202, 4.8.2009, Lch. 16

    [15] IO L 322, 9.12.2009, Lch. 3

    [16] http://ec.europa.eu/enterprise/automotive/pagesbackground/competitiveness/cars21.htm.

    [17] http://ec.europa.eu/enterprise/automotive/pagesbackground/competitiveness/cars21finalreport.pdf.

    [18] COIM(2008) 33 leagan deireanach, 30.1.2008, togra Uimh. 49, Lch. 32.

    [19] http://ec.europa.eu/environment/archives/cafe/general/keydocs.htm.

    [20] http://www.erscharter.eu/.

    [21] IO L 218, 13.8.2008, Lch. 82.

    [22] http://ec.europa.eu/enterprise/automotive/consultation/2_3wheelers/index.htm.

    [23] http://ec.europa.eu/enterprise/automotive/consultation/2_3wheelers/contributions.htm.

    [24] http://circa.europa.eu/Public/irc/enterprise/automotive/library?l=/mcwg_motorcycle&vm=detailed&sb=Title.

    [25] http://ec.europa.eu/enterprise/automotive/consultation/2_3wheelers/results_report.pdf.

    [26] IO C[…], […], Lch. […]

    [27] IO C[…], […], Lch. […]

    [28] COM(2007) 22 leagan deireanach.

    [29] IO L 346, 17.12.1997, Lch. 78.

    [30] http://www.unece.org/trans/main/wp29/wp29wgs/wp29gen/wp29pub/wp29pub2002e.pdf.

    [31] [....nasc le cur isteach nuair a fhoilseofar an doiciméad]

    [32] IO L 218, 13.8.2008, Lch. 30.

    [33] IO L 184, 17.7.1999, Lch. 23.

    [34] IO L 322, 09.12.2009, Lch. 3.

    [35] IO L 202, 4.8.2009, Lch. 16.

    [36] IO L 201, 1.8.2009, Lch. 29.

    [37] IO L 231, 3.9.2009, Lch. 8.

    [38] IO L 222, 25.8.2009, Lch. 1.

    [39] IO L 198, 30.7.2009, Lch. 20.

    [40] IO L 252, 20.9.2002, Lch. 20.

    [41] IO L 124/1, 9.5.2002, Lch. 1.

    [42] IO L 106, 3.5.2000, Lch. 1.

    [43] IO L 226, 18.8.1997, Lch. 1.

    [44] IO L 52, 8.3.1995, Lch. 1.

    [45] IO L 311, 14.12.1993, Lch. 76.

    [46] IO L 188, 29.7.1993, Lch. 32.

    [47] IO L 188, 29.7.1993, Lch. 11.

    [48] IO L 121, 15.5.1993, Lch. 1.

    [49] IO L 171, 9.7.2003, Lch. 1.

    [50] IO L 157, 9.6.2006, Lch. 24.

    [51] IO L 59, 27.2.1998, Lch. 1.

    [52] IO L 263, 9.10.2007, Lch. 1.

    [53] IO L 403, 30.12.2006, Treoir maidir le Céadúnais Tiomána 2006/126/CE (athmhúnlú), Lch. 21, sainithe feidhmíochta, catagóirí A1 agus A2.

    [54] http://ec.europa.eu/enterprise/sectors/automotive/technical-harmonisation/global-harmonisation/index_en.htm#h2-1

    [55] IO L 138, 1.6.1999, lch. 57.

    [56] IO L 138, 1.6.1999, lch. 57.

    Top