This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52010PC0526
Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL amending Regulation (EC) No 1466/97 on the strengthening of the surveillance of budgetary positions and the surveillance and coordination of economic policies
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 maidir leis an bhfaireachas ar riochtaí buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú, a neartú
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 maidir leis an bhfaireachas ar riochtaí buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú, a neartú
/* COIM/2010/0526 leagan deireanach */
[pic] | AN COIMISIÚN EORPACH | An Bhruiséil 29.9.2010 COIM(2010) 526 leagan deireanach 2010/0280 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 maidir leis an bhfaireachas ar riochtaí buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú, a neartú MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA De bharr na géarchéime eacnamaíche agus airgeadais ar leibhéal domhanda is léir go bhfuil gá agus gá breise ann anois le níos mó comhordaithe agus faireachais ar bheartais eacnamaíocha san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (AEA). I ngeall ar na hionstraimí agus na modhanna comhordaithe agus faireachais atá ag an AE faoi láthair, d'éirigh leis an Aontas teacht slán as an ngéarchéim, rud nach bhféadfadh le Ballstát a dhéanamh as a stuaim féin. Thug na hinstitiúidí Eorpacha agus na Ballstáit freagairt thapa ar an ngéarchéim agus tá siad ag obair go dlúth le chéile fós chun teacht ar ais chucu féin tar éis géarchéim nach raibh a leithéid ann cheana lenár linnse. Mar sin féin, tá sé tugtha le fios tríd an taithí is deireanaí go bhfuil bearnaí agus laigí ann fós sa chóras reatha comhordaithe agus sna nósanna imeachta faireachais atá againn. Tá comhaontú ginearálta ann nach mór an creat oibre atá ag an AEA a neartú go luath chun cobhsaíocht mhacraiceacnamaíoch agus inbhuaine an airgeadais phoiblí a chur i dtaca, rud atá réamhchoinníollach i gcomhair fáis inbhuanaithe aschuir agus fostaíochta. Tá na dálaí fabhracha eacnamaíocha agus airgeadais a bhí i réim go dtí 2007 díbeartha ag an ngéarchéim agus tá sé léirithe arís nár úsáideadh an saibhreas a cruinníodh (amhantar) nuair a bhí an saol go maith dúinn chun lamháil inlíochta a chruthú don uair sin a tharlaíonn cor chun donais. Beidh comhdhlúthú ar mhórscála ag teastáil i bhformhór na mBallstát chun an treo ina bhfuil an fiachas poiblí ag dul a iompú droim ar ais. Is léir go mbeidh níos mó práinne ag baint leis sin de réir is a bheidh ar shochaí agus ar gheilleagair na hEorpa aghaidh a thabhairt ar na héifeachtaí a bhíonn ag daonraí ag dul in aois, rud a chuireann brú breise ar an soláthar saothair agus ar na buiséid phoiblí. Is an-ábhartha é an laghdú ar leibhéil na bhfiachas i bhformhór na mBallstát i bhfianaise na n-éifeachtaí diúltacha a bhíonn acu ar dhreasachtaí eacnamaíocha agus ar fhás eacnamaíoch trí chánacha agus préimheanna riosca a ardú. Is é an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis (CCF), trína gcuirtear forálacha an Chonartha a bhaineann le smacht buiséadach chun feidhme, an phríomhionstraim atá ann i gcomhair comhordú agus faireachais ar an mbeartas fioscach. Tá neartú an Chomhshocraithe tábhachtach chun creidiúnacht na straitéise scoir fioscaí comhordaithe agus comhaontaithe a mhéadú agus lena sheachaint nach ndéanfar na botúin chéanna a rinneadh cheana. Is é is aidhm do na tograí atá á dtíolacadh an Comhshocrú a neartú mar a leanas: (i) forálacha an Chomhshocraithe a fheabhsú i bhfianaise taithí, agus taithí a fuarthas ón ngéarchéim dar ndóigh; (ii) ionstraimí forfheidhmithe atá níos éifeachtaí a chuimsiú ann; agus (iii) é a chomhlánú trí fhorálacha i gcreataí fioscacha náisiúnta. Tá na tograí seo ina gcuid d'athchóiriú níos leithne ar rialachas eacnamaíoch faoi scáth na straitéise Eoraip 2020 , lena n-áirítear tograí a théann i ngleic le míchothromachtaí maicreacnamaíocha trí fhaireachas níos géire, lena n-áirítear meicníochtaí rabhaidh agus smachtbhannaí. Déanfar na gnéithe éagsúla den chomhordú ar an mbeartas eacnamaíoch, lena n-áirítear faireachas ar athchóirithe struchtúracha, a chomhtháthú i dtimthriall faireachais nua, an Seimeastar Eorpach, ina gcruinneofar próisis le chéile faoi scáth an CCF agus na dTreoirlínte Ginearálta maidir le Beartais Eacnamaíocha, lena n-áirítear na cláir chobhsaíochta agus na cláir um chóineasú agus na cláir athchóirithe náisiúnta a thíolacadh le chéile. 2. TORTHAÍ ÓN g COMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA D'fhógair an Coimisiún an leagan amach a bheadh ar na tograí seo in dhá Theachtaireacht uaidh: Reinforcing economic policy coordination an 12 Bealtaine 2010 agus Enhancing economic policy coordination for stability, growth and jobs – Tools for stronger EU economic governance an 30 Meitheamh 2010. Roghnaigh an Coimisiún próiseas foirmiúil cumarsáide mar go raibh sé ag iarraidh a thiomantas a léiriú go gcothófaí comhphlé leis na Ballstáit, le Parlaimint na hEorpa agus leis na páirtithe leasmhara ar fad, ach ag an am céanna tograí praiticiúla a bheartú. I Meitheamh 2010, tháinig an Chomhairle Eorpach ar chomhaontú faoin ngéarghá atá ann an comhordú a dhéantar ar ár mbeartais eacnamaíocha a neartú. Áirítear sa chomhaontú na chéad treoirlínte a bhaineann leis an CCF agus le faireachas buiséadach. Tháinig an Chomhairle Eorpach ar chomhaontú, go háirithe, faoin méid seo a leanas: (i) na codanna coisctheacha agus ceartaitheacha den CCF a neartú, lena n-áirítear smachtbhannaí agus an staid ar leith atá sna Ballstáit i limistéar an euro a chur san áireamh; (ii) ról níos tábhachtaí a thabhairt, san fhaireachas buiséadach, do na leibhéil agus na hathruithe fiachais agus don inbhuanaitheacht fhoriomlán; (iii) féachaint chuige go bhfuil rialacha buiséadacha náisiúnta agus creataí buiséid meántéarmacha ag na Ballstáit uile agus go bhfuil na rialacha agus na creataí sin ag teacht leis an CCF; (iv) cáilíocht na sonraí staidrimh a áirithiú. Thug an Chomhairle Eorpach cuireadh don Tascfhórsa um rialachas eacnamaíoch a bhfuil Uachtarán na Comhairle ina chathaoirleach air agus a bunaíodh i Márta 2010 agus don Choimisiún treoirlínte breise a ullmhú agus na treoirlínte sin a chur i bhfeidhm. Tháinig caidreamh dearfach chun cinn idir an Coimisiún agus an Tascfhórsa. Chuidigh an Coimisiún le hobair an Tascfhórsa trí na Teachtaireachtaí dá dtagraítear thuas agus trí rannchuidiú ad hoc. 3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA Tá bunús dlí an CCF leagtha síos in Airteagail 121 agus 126 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Seo a leanas an reachtaíocht atá sa CCF: Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir leis an bhfaireachas ar riochtaí buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú, a neartú (dá ngairtear 'an chuid choisctheach'); Rialachán (CE) Uimh. 1467/94 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air (dá ngairtear 'an chuid cheartaitheach'); agus an Rún ón gComhairle Eorpach an 17 Meitheamh 1997 maidir leis an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis. Leasaíodh na Rialacháin sin in 2005 le Rialachán (CE) Uimh. 1055/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1056/2005 agus tá comhlánú breise déanta sa Tuarascáil ón gComhairle an 20 Márta 2005 dar teideal ‘ Improving the implementation of the Stability and Growth Pact ’. Déantar iarracht leis na tograí seo leasuithe breise a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 agus Rialachán (CE) Uimh. 1467/97. Tá ionstraimí forfheidhmithe breise molta sa togra le haghaidh Rialacháin nua ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faireachas buiséadach a fhorfheidhmiú go héifeachtach i limistéar an euro, bunaithe ar Airteagal 136 den Chonradh, i gcomhar le hAirteagal 121(6). Tá na ceanglais maidir le creataí buiséid na mBallstát mar ábhar i dTreoir nua ón gComhairle atá bunaithe ar Airteagal 126(14): tá an Treoir dírithe go háirithe ar na hoibleagáidí atá ar na húdaráis náisiúnta cloí le forálacha Airteagal 3 de Phrótacal Uimh. 12 a ghabhann leis na Conarthaí a shonrú maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach. Is éard atá i gceist leis an gcuid choisctheach den CCF a áirithiú go leanfaidh na Ballstáit beartais fhioscacha stuama ionas nach mbeidh aon ghá foirmeacha comhordaithe níos déine a ghlacadh lena sheachaint go gcuirfear inbhuaine an airgeadais phoiblí i mbaol, agus d'fhéadfadh iarmhairtí diúltacha a bheith aige sin don AEA ar an iomlán. Dá réir sin, ceanglaítear ar na Ballstáit cláir chobhsaíochta agus cláir um chóineasú a thíolacadh ina leagfar amach a bpleananna maidir le cuspóirí buiséadacha meántéarmacha a bhaint amach, a shainítear mar chéatadán den OTI i dtéarmaí struchtúracha (i.e. oiriúnú a dhéanamh d'éifeacht an timthrialla agus bearta aonuaire agus sealadacha a eisiamh) agus déanfar iad a dhifreálú idir na tíortha bunaithe ar riocht atá gar do riocht cothrom ar mhaithe le leibhéal an fhiachais phoiblí agus na ndliteanas a bhaineann le haosú a léiriú. Mura mbainfidh Ballstáit na cuspóirí buiséadacha meántéarmacha amach tá súil go ndéanfaidh siad cóineasú ina dtreo ag ráta bliantúil 0.5 % den OTI i dtéarmaí struchtúracha. Ní leor an dul chun cinn atá déanta go dtí seo, áfach, i dtreo na gcuspóirí sin, agus bíonn an t-airgeadas poiblí neamhchosanta ar an gcor chun donais eacnamaíoch dá dheasca. Thairis sin, is léir nach leor an chothromaíocht struchtúrach, sa chleachtas, mar thomhas ar an riocht fioscach atá mar bhun le tír, i ngeall ar an deacracht a bhaineann le riocht timthriallach an gheilleagair a mheas i bhfíor-am agus i ngeall nach gcuirtear amhantar ioncaim agus gannchion ioncaim nach mbaineann go díreach leis an timthriall eacnamaíoch (go háirithe forbairtí tithíochta agus forbairtí ar mhargaí airgeadais) san áireamh i gceart. Dá bharr sin is uile, cheil riochtaí buiséadacha fónta a bhí ann roimh an ngéarchéim i dtíortha áirithe an spleáchas láidir ar amhantair ioncaim i gcaiteachas airgeadais, agus cruthaíodh móreasnaimh sa bhuiséad nuair a chlis ar na hamhantair sin. Chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh sin, cé go gcoimeádtar na cuspóirí buiséadacha meántéarmacha atá ann faoi láthair agus an ceanglas 0.5 % den OTI le haghaidh cóineasú bliantúil, is éard é an tionchar a bheidh ag an leasú atá beartaithe ar an gcuid choisctheach go mbeidh feidhm leis na cuspóirí sin maidir le prionsabal nua de bheartas fioscach stuama. Is éard a chiallaíonn an prionsabal sin nár cheart don fhás ar an gcaiteachas bliantúil ráta fáis meántéarmach stuama an OTI a shárú, agus mura mbaintear amach an cuspóir sin ba cheart don fhás a bheith faoi bhun an ráta fáis sin, ach amháin má sáraíodh an cuspóir go mór os cionn an chuspóra a bhí súil leis nó má rinneadh an farasbarr ar an bhfás ar chaiteachas a sháraigh an ráta meántéarmach stuama a mheaitseáil le bearta lánroghnacha ar thaobh an ioncaim. Is é an aidhm bhunúsach atá leis a áirithiú nach gcaitear amhantair ioncaim ach go leithdháiltear iad chun an fiachas a laghdú. Cuirfidh an prionsabal nua tagarmharc ar fáil is féidir a úsáid mar thagarmharc d'aon scrúdú a dhéanfar ar phleananna fioscacha na mBallstát sa chlár cobhsaíochta agus sa chlár um chóineasú. Ina theannta sin, mura n-urramaítear an ráta fáis ar chaiteachas a comhaontaíodh, in éineacht leis na bearta ioncaim a bhfuil foráilte dóibh, féadfaidh an Coimisiún rabhadh a thabhairt don Bhallstát lena mbaineann agus, más sárú leanúnach agus/nó tromchúiseach go leor atá ann, féadfaidh an Chomhairle moladh a dhéanamh beart ceartaitheach a dhéanamh faoi Airteagal 121 den Chonradh. Cé gur leis an gcuid choisctheach a bhainfeadh moladh den sórt sin, bheadh meicníocht forfheidhmithe faoi Airteagal 136 den Chonradh, i bhfoirm taisce úsmhaire, cothrom le 0.2 % den OTI, mar bhunús leis den chéad uair riamh ach i gcás na dtíortha atá i limistéar an euro amháin. Tugtar isteach nós imeachta 'cúlvótáil' maidir le taisce úsmhar a fhorchur: agus moladh á eisiúint, bheadh an taisce dlite ar thogra ón gCoimisiún, ach amháin má chinneann an Chomhairle a mhalairt trí thromlach cáilithe laistigh de dheich lá. Ní fhéadfadh an Chomhairle suim na taisce a laghdú ach d'aontoil nó bunaithe ar thogra ón gCoimisiún agus ar iarraidh chuí-réasúnaithe ón mBallstát lena mbaineann. Aisíocfar an taisce in éineacht leis an ús fabhraithe a luaithe is a bheidh an Chomhairle sásta go bhfuil deireadh leis an gcás a chruthaigh í. Is éard is aidhm don chuid cheartaitheach den CCF earráidí ollmhóra a sheachaint i mbeartais bhuiséadacha, a d'fhéadfadh inbhuaine an airgeadais phoiblí a chur i mbaol agus an AEA a chur i gcontúirt. Cruthaíonn sé sin oibleagáid ar na Ballstáit easnaimh iomarcacha rialtais a sheachaint, easnaimh a shainítear bunaithe ar thairseach uimhriúil easnaimh (3 % den OTI) agus fiachais (60 % den OTI nó go bhfuil a dhóthain laghdaithe á dhéanamh ina threo sin). Foráiltear leis an nós imeachta um easnamh iomarcach lena gcuirtear chun feidhme toirmeasc ar easnaimh iomarcacha, do shraith céimeanna, lena n-áirítear, i gcás thíortha limistéar an euro, go bhféadfaí smachtbhannaí airgeadais a fhorchur. Tá an nós imeachta um easnamh iomarcach á chur i bhfeidhm go rialta i gcomhréir leis na forálacha ábhartha, fiú ar bhonn na n-imthosca eisceachtúla a bhí ann le linn na géarchéime airgeadais, agus sa tslí sin cuidíonn sé leis na hionchais maidir lena réiteach ar shlí ordúil a chur i dtaca. Tá easnaimh áirithe tagtha chun cinn áfach. Cé go bhfuil na critéir a bhaineann le heasnamh agus le fiachas cothrom i bprionsabal, agus gur bagairt níos tromchúisí d'inbhuaine an airgeadais phoiblí iad na leibhéil arda fiachais a leanann ar aghaidh go fadtéarmach ná na heasnaimh arda a tharlaíonn anois is arís, is é an tairseach ‘3 % den OTI’ a bhí mar fhócas eisiach beagnach sa nós imeachta um easnamh iomarcach sa chleachtas, agus ní raibh ach ról an-teoranta ag an bhfiachas ann go dtí seo. Is de thoradh an chuma dhíreach atá ar an easnamh i gcomparáid leis an tairseach fiachais, lena n-áirítear an athbhrí a bhaineann leis an gcoincheap an luas laghdaithe a ísliú a dhóthain agus an tionchar níos mó ar chóimheas fiachais na n-athróg nach bhfuil faoi smacht ag an rialtas, go háirithe an boilsciú. Tá meicníocht láidir forfheidhmithe mar bhunús leis an nós imeachta um easnamh iomarcach i bprionsabal, ós rud é gur féidir, agus gur cheart, smachtbhannaí airgeadais a fhorchur i gcás teipe arís is arís eile easnamh iomarcach a cheartú. Mar sin féin, ní bhíonn tionchar ag smachtbhannaí den sórt sin ach deireanach sa phróiseas, agus ní díspreagadh éifeachtach é, dá bhrí sin, earráidí ollmhóra a sheachaint sna beartais fhioscacha, agus d'fhéadfadh fiú an staid airgeadais sa tír lena mbaineann a bheith imithe chun donais a mhéid sin nárbh leor bagairt fíneála mar dhíspreagadh an tráth ar cheart an fhíneaíl a fhorchur. Léiríodh le linn na géarchéime is deireanaí má chuidíonn an oibleagáid easnaimh iomarcacha a cheartú leis na hionchais go gcoimeádfar sócmhainneacht an rialtais a chur i dtaca, d'fhéadfadh gá a bheith le comaoineacha uile-AEA a chur san áireamh san amlíne don cheartúchán agus i bpróifíl an choigeartaithe. Chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh sin tá na príomhthograí seo a leanas le haghaidh an chuid cheartaitheach a leasú á moladh. Cuirfear an critéar a bhaineann le fiachas atá luaite sa nós imeachta um easnamh iomarcach i bhfeidhm, go háirithe trí thagarmharc uimhriúil a ghlacadh lena mheas an bhfuil an cóimheas fiachais ag laghdú a dhóthain i dtreo na tairsí 60 % den OTI. Go sonrach, meastar go bhfuil cóimheas fiachais/OTI os cionn 60 % i mbun a dhóthain laghdaithe má laghdaigh an fad maidir leis an 60 % de thagarluach an OTI feadh na trí bliana roimhe sin ag ráta d'aon fhichiú in aghaidh na bliana. Mura gcomhlíontar an tagarmharc uimhriúil, áfach, ní hionann sin is a rá go ndéanfar an tír lena mbaineann a aicmiú mar easnamh iomarcach, ós rud é go gcaithfí na fachtóirí uile a bhaineann leis an gcás a chur san áireamh i gcinneadh den sórt sin, go háirithe maidir leis an measúnú ar fhorbairtí fiachais, mar shampla faoina bhfuil fás ainmniúil atá an-íseal ag cur bac ar laghdú an fhiachais, mar aon leis na fachtóirí riosca atá ceangailte le struchtúr an fhiachais, féichiúnas na hearnála príobháidí agus dliteanais intuigthe a bhaineann le haosú. I gcomhréir leis an mbéim níos mó ar fhiachas, ba cheart aird bhreise a thabhairt ar fhachtóirí ábhartha i gcás neamhchomhlíonadh an chritéir fiachais, má tá fiachas faoi bhun na tairsí 60 % den OTI ag an tír lena mbaineann. D'fhéadfadh cur chuige níos solúbtha atá á mholadh maidir le fachtóirí ábhartha a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh faoina bhfuil easnamh iomarcach ann, a bheith chun leasa tíortha atá ag déanamh leasuithe sistéamacha ar phinsin, a mhairfidh níos faide ná an idirthréimhse cúig bliana a bhfuil foráil déanta di faoi láthair. Cuimseofar freisin an critéar fiachais faoi na forálacha speisialta atá in CCF i gcomhair leasuithe sistéamacha ar phinsin a bhaineann leis an gcritéar easnaimh faoi láthair; tríd an idirthréimhse cúig bliana chéanna a bhunú maidir leis na glanchostais a bhíonn ar leasuithe den sórt sin a mheas agus an measúnú á dhéanamh ar chomhlíonadh an chritéir fiachais. Ar deireadh, déanfar freaschur páirteach nó iomlán na leasuithe sistéamacha ar phinsin a cuireadh chun feidhme roimhe seo a mheas ar bhonn cothrom le linn sheoladh agus aisghairm nós imeachta um easnamh iomarcach. Déantar an forfheidhmiú a neartú trí smachtbhannaí airgeadais nua a thabhairt isteach do Bhallstáit limistéar an euro, smachtbhannaí a mbeadh feidhm leo níos luaithe sa phróiseas de réir chur chuige céimnithe. Go sonrach, bheadh feidhm ag taisce neamhúsmhar cothrom le 0.2 % den OTI maidir le cinneadh faoi thír a aicmiú mar easnamh iomarcach, agus thiontófaí é go fíneáil i gcás nach gcomhlíontar an moladh tosaigh an t-easnamh a cheartú. Tá an tsuim sin cothrom leis an eilimint neamhathraitheach de na smachtbhannaí dá bhforáiltear cheana sa chéim dheireanach den nós imeachta um easnamh iomarcach. Tá nasc ann freisin idir é agus buiséad an AE, rud a d'éascódh an t-athrú atá beartaithe go córas forfheidhmithe atá bunaithe ar bhuiséad an AE mar a leagtar amach sa Teachtaireacht thuasluaite ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2010. Is é an toradh a bheadh ar neamhchomhlíonadh breise go gcuirfí dlús breise leis an smachtbhanna, i gcomhréir leis na forálacha atá ann cheana in CCF. Chun lánrogha maidir le forfheidhmiú a laghdú, beartaítear meicníocht ‘cúlvótáil’ chun smachtbhannaí nua a fhorchur maidir leis na céimeanna leantacha sa nós imeachta um easnamh iomarcach. Go sonrach, ag gach céim den nós imeachta um easnamh iomarcach, déanfaidh an Coimisiún togra le haghaidh smachtbhanna iomchuí, agus measfar go bhfuil sé glactha, mura gcinneann an Chomhairle a mhalairt trí thromlach cáilithe laistigh de dheich lá. Is í an Chomhairle d'aon toil nó bunaithe ar thogra sonrach ón gCoimisiún ar fhorais imthosca eacnamaíocha eisceachtúla nó tar éis iarraidh chuí-réasúnaithe a fháil ón mBallstát lena mbaineann is féidir méid na taisce neamhúsmhaire nó na fíneála a laghdú nó a chur ar ceal. Thairis sin, na critéir a bhaineann le comhlíonadh na moltaí ag gach céim ar leith a mheasúnú, lena n-áirítear an deis fadú na sprioc-amanna a cheadú maidir leis an easnamh iomarcach a cheartú, déantar iad a shoiléiriú trí bhéim shainráite a chur ar na hathróga fioscacha ar féidir glacadh leis go bhfuil siad faoi rialú díreach an rialtais, go háirithe caiteachas, de réir analaí leis an gcur chuige atá beartaithe don chuid choisctheach. Thar na cúinsí a bhaineann go sonrach leis an tír, tugtar isteach an deis na sprioc-amanna a fhadú tuilleadh i gcás géarchéime eacnamaíche ginearálta. Ní féidir bheith ag súil go dtiocfaidh forfheidhmiú éifeachtach chreat an AEA i dtaobh comhordú buiséadach ó fhorálacha atá leagtha síos ar leibhéal an AE amháin. I ngeall ar an gcuma dhíláraithe atá ar an mbeartas fioscach san AE agus i ngeall ar an ngá le húinéireacht náisiúnta a fháil ar rialacha an AE, is ríthábhachtach go mbeidh cuspóirí chreat comhordaithe buiséid an AEA léirithe sna creataí buiséid náisiúnta. Is sa chreat buiséid náisiúnta atá na heilimintí atá mar bhunús leis an rialachas fioscach náisiúnta, i.e. is é leagan amach an bheartais insititiúidigh de réir tíre a chruthaíonn an beartas fioscach ar an leibhéal náisiúnta. Ar na heilimintí sin tá na córais chuntasaíochta poiblí, staidreamh, cleachtais réamhaisnéisithe, rialacha fioscacha uimhriúla, nósanna imeachta buiséadacha lena rialaítear gach céim de phróiseas an bhuiséid agus creataí buiséid meántéarmacha go háirithe, agus an caidreamh fioscach idir fo-earnálacha an rialtais. Cé gur gá riachtanais shonracha agus tosaíochtaí sonracha na mBallstát a urramú, tá gnéithe áirithe is léir gur gá iad chun íoscháilíocht agus comhsheasmhacht le creat buiséid an AEA a áirithiú. Tá na gnéithe sin mar ábhar sa Treoir um chreataí buiséid náisiúnta atá beartaithe mar chomhlánú ar leasú an CCF. Éilíonn gnéithe den sórt sin, i dtosach, go mbeidh na heilimintí is bunúsaí den chreat buiséid náisiúnta, eadhon saincheisteanna cuntasaíochta agus staidrimh agus cleachtais réamhaisnéisithe, ag obair i gcomhréir le híoschaighdeáin na hEorpa chun trédhearcacht agus monatóireacht ar fhorbairtí fioscacha a éascú. Is gá freisin do na creataí buiséid náisiúnta cur chuige ilbhliantúil a úsáid sa phleanáil fhioscach ar mhaithe lena áirithiú go mbainfear amach na cuspóirí meántéarmacha atá leagtha síos ar leibhéal an AE. Lena chois sin, ní mór do na Ballstáit rialacha fioscacha uimhriúla a chabhródh le comhlíonadh na dtairseach easnaimh agus fiachais a chur i bhfeidhm. Ní mór do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh feidhm ag na gnéithe sin maidir le fo-earnálacha uile an rialtais ghinearálta. Ní mór do na húdaráis náisiúnta trédhearcacht phróiseas an bhuiséid a urramú trí fhaisnéis mhionsonraithe a sholáthar faoi na cistí seachbhuiséadacha, na caiteachais fhioscacha agus na dliteanais theagmhasacha atá ann faoi láthair. 2010/0280 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 maidir leis an bhfaireachas ar riochtaí buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú, a neartú TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 121(6) de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta, Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1) Is ceart go mbéarfaidh an comhordú ar bheartais eacnamaíocha na mBallstát san Aontas, mar a fhoráiltear dó sa Chonradh, go ndéanfar na treoirphrionsabail maidir le praghsanna cobhsaí, airgeadas poiblí fónta, dálaí airgeadaíochta fónta agus comhardú cobhsaí íocaíochtaí a urramú. (2) Is éard a bhí sa Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis i dtosach Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir leis an bhfaireachas ar riochtaí buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú, a neartú[1], Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air[2] agus an Rún ón gComhairle Eorpach an 17 Meitheamh 1997 maidir leis an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis[3]. Leasaíodh Rialacháin (CE) Uimh. 1466/97 agus (CE) Uimh. 1467/97 sa bhliain 2005 le Rialacháin (CE) Uimh. 1055/2005 agus (CE) Uimh. 1056/2005 faoi seach. Lena gcois sin, glacadh Tuarascáil ón gComhairle an 20 Márta 2005 dar teideal 'Cur chun feidhme an Chomhshocraithe Chobhsaíochta agus Fáis a fheabhsú'. (3) Tá an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis bunaithe ar an gcuspóir um airgeadas poiblí fónta mar bhealach chun na coinníollacha a neartú a bhaineann le praghsanna cobhsaí agus le fás inbhuanaithe láidir a bheidh i dtaca i gcobhsaíocht airgeadais agus a chuideoidh le cruthú fostaíochta. (4) Ceanglaítear leis an gcuid choisctheach den Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis gur cheart do na Ballstáit cuspóir buiséadach meántéarmach a bhaint amach agus a chothabháil agus clár cobhsaíochta agus clár um chóineasú a thíolacadh chuige sin. (5) Ba cheart inneachar na gclár cobhsaíochta agus na gclár um chóineasú, mar aon leis na critéir maidir lena scrúdú, a chur in oiriúint tuilleadh i bhfianaise na taithí a fuarthas tríd an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis a chur chun feidhme. (6) Má chloítear leis an gcuspóir buiséadach meántéarmach do na riochtaí buiséadacha ba cheart go mbeadh na Ballstáit in acmhainn lamháil sábháilteachta a bheith acu maidir leis an luach tagartha, arb é 3 % den OTI é, d'fhonn a áirithiú go ndéanfar dul chun cinn tapa i dtreo inbhuanaitheachta agus d'fhonn lamháil inlíochta buiséadaí a bheith acu, agus go háirithe na riachtanais le hinfheistíocht phoiblí a chur san áireamh. (7) Ní mór an oibleagáid maidir leis an gcuspóir buiséadach meántéarmach a ghnóthú agus a chothabháil a chur i ngníomh trí phrionsabail an bheartais fhioscaigh stuama a shonrú. (8) Ba cheart an fheidhm chéanna a bheith leis an oibleagáid an cuspóir meántéarmach a ghnóthú agus a chothabháil maidir leis na Ballstáit rannpháirteacha agus leis na Ballstáit a bhfuil maolú acu araon. (9) Is éard a chiallaíonn beartas fioscach stuama nach sáraíonn ráta fáis chaiteachas an rialtais ráta fáis stuama meántéarmach an OTI, go meaitseáiltear na méaduithe a sháraíonn an caighdeán sin le méaduithe lánroghnacha ar ioncam rialtais agus go ndéantar laghduithe ar ioncam lánroghnach a chúiteamh trí laghduithe caiteachais. (10) Ba cheart go gceadófaí imeacht ar feadh tréimhse sealadaí ón mbeartas fioscach stuama i gcás cora chun donais eacnamaíoch de chineál ginearálta d'fhonn téarnamh geilleagrach a éascú. (11) I gcás diallta shuntasaigh ón mbeartas fioscach stuama ba cheart rabhadh a thabhairt don Bhallstát lena mbaineann agus i gcás ina leantar den diall suntasach nó má tá tromchúis ar leith ag baint leis, ba cheart moladh a chur chuig an mBallstát lena mbaineann na bearta ceartaitheacha iomchuí a dhéanamh. (12) Ar mhaithe le comhlíonadh chreat faireachais fhioscaigh an Aontais a áirithiú do na Ballstáit rannpháirteacha, ba cheart meicníocht forfheidhmithe shonrach a bhunú ar bhonn Airteagal 136 den Chonradh i gcásanna ina maireann diall seasmhach agus suntasach ón mbeartas fioscach stuama. (13) Ba cheart aird a thabhairt ar uimhriú na nAirteagal nua sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh sna tagairtí atá i Rialachán (CE) Uimh. 1466/97. (14) Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 a leasú dá réir, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: Airteagal 1 Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 mar seo a leanas: 1. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2: 'Airteagal 2 Chun críche an Rialacháin seo ciallóidh 'Ballstáit rannpháirteacha' na Ballstáit sin a bhfuil an euro mar airgeadra acu agus ciallóidh 'Ballstáit a bhfuil maolú acu' Ballstáit seachas na Ballstáit sin a bhfuil an euro mar airgeadra acu.' 2. Leasaítear Airteagal 3 mar seo a leanas: (a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: '1. Cuirfidh gach Ballstát rannpháirteach an fhaisnéis is gá chun críche faireachais iltaobhaigh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún go tráthrialta faoi Airteagal 121 den Chonradh i bhfoirm clár cobhsaíochta a sholáthróidh bonn ríthábhachtach le praghsanna cobhsaí agus fás inbhuanaithe láidir a chabhróidh le cruthú fostaíochta.' (b) leasaítear mír 2 mar seo a leanas: (i) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a): '(a) cuspóir buiséadach meántéarmach agus an bealach coigeartaithe i dtreo an chuspóra sin a bhaint amach maidir le comhordú an rialtais ghinearálta mar chéatadán den OTI, an bealach a bhfuil súil go n-athróidh cóimheas fiachais an rialtais ghinearálta, an bealach fáis atá beartaithe do chaiteachas an rialtais, an bealach fáis atá beartaithe don ioncam rialtais bunaithe ar bheartas neamhathraithe agus cainníochtú na mbeart lánroghnach atá beartaithe maidir le hioncam;' (ii) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c): '(c) measúnú cainníochtúil ar bhearta buiséadacha agus ar bhearta eile an bheartais eacnamaíoch atá á ndéanamh nó atá beartaithe chun cuspóirí an chláir a bhaint amach, lena gcuimsítear anailís chostais/sochair ar na mórathchóirithe struchtúracha a bhfuil éifeachtaí díreacha fadtéarmacha acu ar choigilteas costais, lena n-áirítear tríd an acmhainneacht fáis a ardú;' (c) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: '3. Is ar bhonn bliantúil a thabharfar an fhaisnéis faoi na bealaí do chomhordú an rialtais ghinearálta agus an cóimheas fiachais, faoin bhfás ar chaiteachas an rialtais, faoin mbealach fáis atá beartaithe don ioncam rialtais bunaithe ar bheartas neamhathraithe, faoi na bearta lánroghnacha atá beartaithe maidir le hioncam agus na príomhthoimhdí eacnamaíocha dá dtagraítear i mír 2(a) agus (b) agus cuimseoidh sí an bhliain roimhe sin, an bhliain reatha agus na trí bliana ina diaidh sin ar a laghad.' 3. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4: ' Airteagal 4 1. Déanfar cláir chobhsaíochta a thíolacadh gach bliain idir an 1 agus an 30 Aibreán. Tíolacfaidh Ballstát atá ag glacadh an euro clár cobhsaíochta laistigh de shé mhí ón gCinneadh ón gComhairle maidir lena rannpháirtíocht sa euro. 2. Poibleoidh na Ballstáit a gcláir chobhsaíochta.' 4. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5: 'Airteagal 5 1. Bunaithe ar mheasúnuithe a rinne an Coimisiún agus an Coiste Eacnamaíoch agus Airgeadais, déanfaidh an Chomhairle, faoi chuimsiú an fhaireachais iltaobhaigh faoi Airteagal 121 den Chonradh, na cuspóirí buiséadacha meántéarmacha arna dtíolacadh ag na Ballstáit lena mbaineann a scrúdú, déanfaidh sí measúnú féachaint an bhfuil na toimhdí eacnamaíocha ar a bhfuil an clár bunaithe sochreidte, faoina bhfuil an bealach coigeartaithe i dtreo an chuspóra bhuiséadaigh mheántéarmaigh iomchuí agus faoina bhfuil na bearta atá á ndéanamh nó atá beartaithe chun an bealach coigeartaithe sin a urramú leordhóthanach chun an cuspóir buiséadach meántéarmach a bhaint amach feadh an timthrialla. Scrúdóidh an Chomhairle, agus í ag déanamh measúnú ar an mbealach coigeartaithe i dtreo an chuspóra bhuiséadaigh mheántéarmaigh, an bhfuil an Ballstát lena mbaineann ag saothrú feabhas bliantúil iomchuí ar an gcomhordú buiséid a choigeartaítear go timthriallach, agus atá glan ó bhearta aonuaire agus ó bhearta sealadacha eile, a theastaíonn chun a chuspóir buiséadach meántéarmach a bhaint amach, le tagarmharc 0.5 % den OTI. I gcás Ballstát a bhfuil leibhéal ard fiachais nó míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha iomarcacha nó an dá rud ag dul dóibh, scrúdóidh an Chomhairle an sáraíonn an feabhas bliantúil ar an gcomhordú buiséid atá coigeartaithe go timthriallach, agus atá glan ó bhearta aonuaire agus ó bhearta sealadacha eile, 0.5 % den OTI. Cuirfidh an Chomhairle san áireamh má dhéantar iarracht choigeartaithe níos airde le linn dea-thréimhsí eacnamaíocha, agus d'fhéadfadh an iarracht sin a bheith níos teoranta le linn cora chun donais sa gheilleagar. D'fhonn a áirithiú go mbainfear amach agus go gcothabhálfar an cuspóir buiséadach meántéarmach ar bhealach éifeachtach, fíoróidh an Chomhairle go bhfuil an bealach fáis do chaiteachas an rialtais, in éineacht leis an éifeacht atá ag na bearta atá á ndéanamh nó atá beartaithe ar thaobh an ioncaim, comhsheasmhach le beartas fioscach stuama. Measfar gur stuama é an beartas fioscach agus go gcabhraíonn sé, dá bhrí sin, leis an gcuspóir buiséadach meántéarmach a bhaint amach agus lena chothabháil le himeacht ama má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas: (a) i gcás Ballstát a bhfuil cuspóir buiséadach meántéarmach bainte amach acu, ní sháraíonn an fás bliantúil ar chaiteachas ráta stuama meántéarmach fáis an OTI, ach amháin má mheaitseáiltear an sárú sin le bearta lánroghnacha ioncaim; (b) i gcás Ballstát nach bhfuil cuspóir buiséadach meántéarmach bainte amach acu go fóill, ní sháraíonn an fás bliantúil ar chaiteachas ráta atá faoi bhun ráta stuama meántéarmach fáis an OTI, ach amháin má mheaitseáiltear an sárú sin le bearta lánroghnacha ioncaim. Tá méid an ghanncheana sa ráta fáis ar chaiteachas an rialtais, i gcomparáid le ráta meántéarmach stuama fáis an OTI, socraithe ar bhealach lena n-áiritheofar coigeartú iomchuí i dtreo an chuspóra bhuiséadaigh mheántéarmaigh; (c) déantar laghduithe lánroghnacha ar ítimí ioncaim an rialtais a mheaitseáil le laghduithe ar chaiteachas nó le méaduithe lánroghnacha in ítimí eile d'ioncam an rialtais nó leis an dá cheann. Ba cheart an meántéarma stuama fáis a mheasúnú bunaithe ar thoimhdí feadh amscála deich mbliana a dhéanfar a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta. Tabharfaidh an Chomhairle aird ar chur chun feidhme mórathchóirithe struchtúracha a bhfuil éifeachtaí díreacha fadtéarmacha acu ar choigilteas costais, lena n-áirítear acmhainneacht fáis a ardú, agus, dá bhrí sin, an tionchar infhíoraithe ar inbhuaine fhadtéarmach an airgeadais phoiblí a mhéadú, le linn di sainiú a dhéanamh ar an mbealach coigeartaithe i leith an chuspóra bhuiséadaigh mheántéarmaigh le haghaidh Ballstát nach bhfuil an cuspóir sin bainte amach acu go fóill agus diall sealadach ón gcuspóir sin a cheadú i gcás Ballstát a bhfuil an cuspóir bainte amach acu cheana, ar choinníoll go gcaomhnófar lamháil sábháilteachta iomchuí i leith luach tagartha an easnaimh agus go meastar go bhfillfidh an riocht buiséadach ar an gcuspóir buiséadach meántéarmach laistigh de thréimhse an chláir. Tabharfar aird speisialta ar leasuithe ar phinsin lena dtugtar isteach córas ilcholúin lena n-áirítear colún éigeantach atá maoinithe go hiomlán. Ceadófar do na Ballstáit a chuirfidh na leasuithe sin chun feidhme diall ón mbealach coigeartaithe chuig a gcuspóir buiséadach meántéarmach nó ón gcuspóir féin, agus léireoidh an diall sin glanchostas an leasaithe ar an gcolún atá faoi bhainistiú poiblí, ar choinníoll go bhfanfaidh an diall ar bhonn sealadach agus go gcoimeádfar lamháil sábháilteachta iomchuí maidir le luach tagartha an easnaimh. Thairis sin, scrúdóidh an Chomhairle an éascaíonn inneachar an chláir chobhsaíochta cóineasú inbhuanaithe a bhaint amach i limistéar an euro agus comhordú níos dlúithe ar na beartais eacnamaíocha agus an bhfuil beartais eacnamaíocha an Bhallstáit lena mbaineann ag teacht leis na treoirlínte ginearálta i mbeartais eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais. I dtréimhsí ina dtarlaíonn cor chun donais eacnamaíoch de chineál ginearálta féadfar a cheadú do na Ballstáit imeacht go sealadach ón mbealach coigeartaithe atá intuigthe ón mbeartas fioscach stuama dá dtagraítear sa cheathrú fomhír. 2. Déanfaidh an Chomhairle scrúdú ar an gclár cobhsaíochta taobh istigh de thrí mhí ón dáta a thíolactar an clár ar a mhéid. Tabharfaidh an Chomhairle tuairim uaithi ar an gclár, más gá sin, agus ar mholadh ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais. I gcás ina measann an Chomhairle, i gcomhréir le hAirteagal 121 den Chonradh, gur cheart cuspóirí agus inneachar an chláir a neartú trí thagairt ar leith a dhéanamh don bheartas fioscach stuama, iarrfaidh an Chomhairle, sa tuairim uaithi, ar an mBallstát lena mbaineann a chlár a oiriúnú. 5. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6: 'Airteagal 6 1. Mar chuid den fhaireachas iltaobhach i gcomhréir le hAirteagal 121(3) den Chonradh, déanfaidh an Chomhairle monatóireacht ar chur chun feidhme na gclár cobhsaíochta, ar bhonn faisnéis arna soláthar ag na Ballstáit rannpháirteacha agus ar bhonn measúnuithe arna ndéanamh ag an gCoimisiún agus ag an gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais, go háirithe d'fhonn dibhéirseachtaí suntasacha iarbhír nó a bhfuil súil leo ar an riocht buiséadach ón gcuspóir buiséadach meántéarmach a aithint, nó ón mbealach coigeartaithe iomchuí a leanann as dialltaí ón mbeartas fioscach stuama. 2. I gcás ina dtarlaíonn diall suntasach ón mbeartas fioscach stuama dá dtagraítear sa cheathrú fomhír d'Airteagal 5(1) den rialachán seo, agus d'fhonn a chosc go dtarlaíonn easnamh iomarcach, féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 121(4) den Chonradh rabhadh a thabhairt don Bhallstát lena mbaineann. Measfar gur suntasach é diall ó bheartas fioscach stuama i gcás ina mbeidh na himthosca seo a leanas ann: sárú ar an bhfás ar chaiteachas atá comhsheasmhach le beartas fioscach stuama, nach bhfuil fritháirithe trí bhearta lánroghnacha méadaithe ioncaim; nó bearta lánroghnacha laghdaithe ioncaim nach bhfuil fritháirithe trí laghduithe ar chaiteachas; agus i gcás ina bhfuil tionchar iomlán 0.5 % den OTI in aon bhliain amháin ar a laghad nó 0.25 % den OTI ar an meán in aghaidh na bliana in dhá bhliain i ndiaidh a chéile ag an diall. Ní chuirfear an diall san áireamh má sháraigh an Ballstát lena mbaineann an cuspóir go mór os cionn an chuspóra bhuiséadaigh mheántéarmaigh, ag tabhairt airde ar mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha iomarcacha atá ann, agus nach ndéanfaidh na pleananna buiséid a leagtar síos sa chlár cobhsaíochta dochar don chuspóir seo feadh thréimhse an chláir. Ní gá an diall a chur san áireamh ach an oiread i gcás ina dtarlaíonn cor chun donais eacnamaíoch de chineál ginearálta. 3. I gcás ina leantar den diall suntasach ón mbeartas fioscach stuama nó má tá tromchúis ar leith ag baint leis an diall, cuirfidh an Chomhairle, ar mholadh ón gCoimisiún, moladh chuig an mBallstát lena mbaineann na bearta coigeartaithe is gá a dhéanamh. Poibleoidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, an moladh sin.' 6. Leasaítear Airteagal 7 mar a leanas: (a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: '1. Cuirfidh gach Ballstát a bhfuil maolú aige an fhaisnéis is gá chun críche faireachais iltaobhaigh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún go tráthrialta faoi Airteagal 121 den Chonradh i bhfoirm chláir um chóineasú a sholáthróidh bonn ríthábhachtach le praghsanna cobhsaí agus fás inbhuanaithe láidir a chabhróidh le cruthú fostaíochta.' (b) leasaítear mír 2 mar seo a leanas: (i) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a): '(a) cuspóir buiséadach meántéarmach agus an bealach coigeartaithe i dtreo an chuspóra maidir le comhordú an rialtais ghinearálta mar chéatadán den OTI, an bealach a bhfuil súil le cóimheas fiachais an rialtais ghinearálta, an bealach fáis atá beartaithe do chaiteachas an rialtais, an bealach fáis atá beartaithe d'ioncam an rialtais bunaithe ar bheartas neamhathraithe agus cainníochtú na mbeart lánroghnach atá beartaithe maidir le hioncam, cuspóirí meántéarmacha an bheartais airgeadaíochta, an gaol idir na cuspóirí sin agus praghsanna cobhsaí agus cobhsaíocht an ráta malairte agus le cóineasú inbhuanaithe a bhaint amach;' (ii) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c): '(c) measúnú cainníochtúil ar bhearta buiséadacha agus ar bhearta eile an bheartais eacnamaíoch atá á ndéanamh nó atá beartaithe chun cuspóirí an chláir a bhaint amach, lena gcuimsítear anailís chostais/sochair ar na mórathchóirithe struchtúracha a bhfuil éifeachtaí díreacha fadtéarmacha acu ar choigilteas costais, lena n-áirítear tríd an acmhainneacht fáis a ardú;' (c) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: '3. Is ar bhonn bliantúil a thabharfar an fhaisnéis faoi na bealaí do chomhordú agus do chóimheas fiachais an rialtais ghinearálta, faoin mbealach fáis atá beartaithe d'ioncam an rialtais bunaithe ar bheartas neamhathraithe, faoi na bearta lánroghnacha atá beartaithe maidir le hioncam agus na príomhthoimhdí eacnamaíocha dá dtagraítear i mír 2(a) agus (b) agus cuimseoidh sí an bhliain roimhe sin, an bhliain reatha agus na trí bliana ina diaidh sin ar a laghad.' 7. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8: ' Airteagal 8 1. Déanfar cláir um chóineasú a thíolacadh gach bliain idir an 1 agus an 30 Aibreán. 2. Poibleoidh na Ballstáit a gcláir um chóineasú.' 8. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9: ' Airteagal 9 1. Bunaithe ar mheasúnuithe a rinne an Coimisiún agus an Coiste Eacnamaíoch agus Airgeadais, déanfaidh an Chomhairle, faoi chuimsiú an fhaireachais iltaobhaigh faoi Airteagal 121 den Chonradh, na cuspóirí buiséadacha meántéarmacha arna dtíolacadh ag na Ballstáit lena mbaineann a scrúdú, déanfaidh sí measúnú féachaint an bhfuil na toimhdí eacnamaíocha ar a bhfuil an clár bunaithe sochreidte, faoina bhfuil an bealach coigeartaithe i dtreo an chuspóra bhuiséadaigh mheántéarmaigh iomchuí agus faoina bhfuil na bearta atá á ndéanamh agus/nó atá beartaithe chun an bealach coigeartaithe sin a urramú leordhóthanach chun an cuspóir buiséadach meántéarmach a bhaint amach feadh an timthrialla agus cóineasú inbhuanaithe a bhaint amach. Le linn don Chomhairle an bealach coigeartaithe i dtreo an chuspóra bhuiséadaigh mheántéarmaigh a mheasúnú, cuirfidh sí san áireamh má dhéantar iarracht choigeartaithe níos airde le linn dea-thréimhsí eacnamaíocha, agus d'fhéadfadh an iarracht sin a bheith níos teoranta le linn cora chun donais sa gheilleagar. I gcás Ballstát a bhfuil leibhéal ard fiachais nó míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha iomarcacha nó an dá rud ag dul dóibh, scrúdóidh an Chomhairle an sáraíonn an feabhas bliantúil ar an gcomhordú buiséid atá coigeartaithe go timthriallach, agus atá glan ó bhearta aonuaire agus ó bhearta sealadacha eile, 0.5 % den OTI. I gcás Ballstát atá rannpháirteach sa mheicníocht rátaí malairte (ERM 2), scrúdóidh an Chomhairle an bhfuil an Ballstát lena mbaineann ag saothrú feabhas bliantúil iomchuí ar an gcomhordú a choigeartaítear go timthriallach, agus atá glan ó bhearta aonuaire agus sealadacha eile, a theastaíonn chun a chuspóir buiséadach meántéarmach a bhaint amach, le tagarmharc 0.5 % den OTI. D'fhonn a áirithiú go mbainfear amach agus go gcothabhálfar an cuspóir buiséadach meántéarmach ar bhealach éifeachtach, fíoróidh an Chomhairle go bhfuil an bealach fáis do chaiteachas an rialtais, in éineacht leis an éifeacht atá ag na bearta atá á ndéanamh nó atá beartaithe ar thaobh an ioncaim, comhsheasmhach le beartas fioscach stuama. Measfar gur stuama é an beartas fioscach agus go gcabhraíonn sé, dá bhrí sin, leis an gcuspóir buiséadach meántéarmach a bhaint amach agus lena chothabháil le himeacht ama má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas: (a) i gcás Ballstát a bhfuil cuspóir buiséadach meántéarmach bainte amach acu, ní sháraíonn an fás bliantúil ar chaiteachas ráta stuama meántéarmach fáis an OTI, ach amháin má mheaitseáiltear an sárú sin le bearta lánroghnacha ioncaim; (b) i gcás Ballstát nach bhfuil cuspóir buiséadach meántéarmach bainte amach acu go fóill, ní sháraíonn an fás bliantúil ar chaiteachas ráta atá faoi bhun ráta stuama meántéarmach fáis an OTI, ach amháin má mheaitseáiltear an sárú sin le bearta lánroghnacha ioncaim. Tá méid an ghanncheana sa ráta fáis ar chaiteachas an rialtais, i gcomparáid le ráta meántéarmach stuama fáis an OTI, socraithe ar bhealach lena n-áiritheofar coigeartú iomchuí i dtreo an chuspóra bhuiséadaigh mheántéarmaigh; (c) déantar laghduithe lánroghnacha ar ítimí ioncaim an rialtais a mheaitseáil le laghduithe ar chaiteachas nó le méaduithe lánroghnacha in ítimí eile d'ioncam an rialtais nó leis an dá cheann. Ba cheart an meántéarma stuama fáis a mheasúnú bunaithe ar thoimhdí feadh amscála deich mbliana a dhéanfar a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta. Tabharfaidh an Chomhairle aird ar chur chun feidhme mórathchóirithe struchtúracha a bhfuil éifeachtaí díreacha fadtéarmacha acu ar choigilteas costais, lena n-áirítear acmhainneacht fáis a ardú, agus, dá bhrí sin, an tionchar infhíoraithe ar inbhuaine fhadtéarmach an airgeadais phoiblí a mhéadú, le linn di sainiú a dhéanamh ar an mbealach coigeartaithe i leith an chuspóra bhuiséadaigh mheántéarmaigh le haghaidh Ballstát nach bhfuil an cuspóir sin bainte amach acu go fóill agus diall sealadach ón gcuspóir sin a cheadú i gcás Ballstát a bhfuil an cuspóir bainte amach acu cheana, ar choinníoll go gcaomhnófar lamháil sábháilteachta iomchuí i leith luach tagartha an easnaimh agus go meastar go bhfillfidh an riocht buiséadach ar an gcuspóir buiséadach meántéarmach laistigh de thréimhse an chláir. Tabharfar aird speisialta ar leasuithe ar phinsin lena dtugtar isteach córas ilcholúin lena n-áirítear colún éigeantach atá maoinithe go hiomlán. Ceadófar do na Ballstáit a chuirfidh na leasuithe sin chun feidhme diall ón mbealach coigeartaithe chuig a gcuspóir buiséadach meántéarmach nó ón gcuspóir féin, agus léireoidh an diall sin glanchostas an leasaithe ar an gcolún atá faoi bhainistiú poiblí, ar choinníoll go bhfanfaidh an diall ar bhonn sealadach agus go gcoimeádfar lamháil sábháilteachta iomchuí maidir le luach tagartha an easnaimh. Thairis sin, scrúdóidh an Chomhairle an éascaíonn inneachar an chláir um chóineasú comhordú níos dlúithe ar na beartais eacnamaíocha agus an bhfuil beartais eacnamaíocha an Bhallstáit lena mbaineann comhsheasmhach leis na treoirlínte ginearálta i mbeartais eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais. Lena chois sin, i gcás na mBallstát atá rannpháirteach in ERM 2, scrúdóidh an Chomhairle an áirithíonn inneachar an chláir um chóineasú rannpháirtíocht rianúil in ERM 2. I dtréimhsí ina dtarlaíonn cor chun donais eacnamaíoch de chineál ginearálta féadfar a cheadú do na Ballstáit imeacht go sealadach ón mbealach coigeartaithe atá intuigthe ón mbeartas fioscach stuama dá dtagraítear sa cheathrú fomhír. 2. Déanfaidh an Chomhairle scrúdú ar an gclár um chóineasú taobh istigh de thrí mhí ón dáta a thíolactar an clár ar a mhéid. Tabharfaidh an Chomhairle tuairim uaithi ar an gclár, más gá sin, agus ar mholadh ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais. I gcás ina measann an Chomhairle, i gcomhréir le hAirteagal 121 den Chonradh, gur cheart cuspóirí agus inneachar an chláir a neartú trí thagairt ar leith a dhéanamh don bheartas fioscach stuama, iarrfaidh an Chomhairle, sa tuairim uaithi, ar an mBallstát lena mbaineann a chlár a oiriúnú. 9. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10: ' Airteagal 10 1. Mar chuid den fhaireachas iltaobhach i gcomhréir le hAirteagal 121(3) den Chonradh, déanfaidh an Chomhairle monatóireacht ar chur chun feidhme na gclár um chóineasú, ar bhonn faisnéise arna soláthar ag na Ballstáit sin a bhfuil maolú acu agus ar bhonn measúnuithe arna ndéanamh ag an gCoimisiún agus ag an gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais, go háirithe d'fhonn dibhéirseachtaí suntasacha iarbhír nó a bhfuil súil leo ar an riocht buiséadach ón gcuspóir buiséadach meántéarmach a aithint, nó ón mbealach coigeartaithe iomchuí a leanann as dialltaí ón mbeartas fioscach stuama. Lena chois sin, déanfaidh an Chomhairle monatóireacht ar bheartais eacnamaíocha na mBallstát a bhfuil maolú acu i bhfianaise chuspóirí an chláir um chóineasú d'fhonn a áirithiú go bhfuil a mbeartais giaráilte chun cobhsaíochta agus, ar an dóigh sin, mí-ailíniú ar na rátaí malairte iarbhír agus luaineachtaí iomarcacha ar na rátaí malairte ainmniúla a sheachaint. 2. I gcás ina dtarlaíonn diall suntasach ón mbeartas fioscach stuama dá dtagraítear sa cheathrú fomhír d'Airteagal 9(1) den Rialachán seo, agus d'fhonn a chosc go dtarlaíonn easnamh iomarcach, féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 121(4) den Chonradh rabhadh a thabhairt don Bhallstát lena mbaineann. Measfar gur suntasach é diall ó bheartas fioscach stuama i gcás ina mbeidh na himthosca seo a leanas ann: sárú ar an bhfás ar chaiteachas atá comhsheasmhach le beartas fioscach stuama, nach bhfuil fritháirithe trí bhearta lánroghnacha méadaithe ioncaim; nó bearta lánroghnacha laghdaithe ioncaim nach bhfuil fritháirithe trí laghduithe ar chaiteachas; agus i gcás ina bhfuil tionchar iomlán 0.5 % den OTI in aon bhliain amháin ar a laghad nó 0.25 % den OTI ar an meán in aghaidh na bliana in dhá bhliain i ndiaidh a chéile ag an diall. Ní chuirfear an diall san áireamh má sháraigh an Ballstát lena mbaineann an cuspóir go mór os cionn an chuspóra bhuiséadaigh mheántéarmaigh, ag tabhairt airde ar mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha iomarcacha atá ann, agus nach ndéanfaidh na pleananna buiséid a leagtar síos sa chlár cobhsaíochta dochar don chuspóir seo feadh thréimhse an chláir. Ní gá an diall a chur san áireamh ach an oiread i gcás ina dtarlaíonn cor chun donais eacnamaíoch de chineál ginearálta. 3. I gcás ina leantar den diall suntasach ón mbeartas fioscach stuama nó má tá tromchúis ar leith ag baint leis an diall, cuirfidh an Chomhairle, ar mholadh ón gCoimisiún, moladh chuig an mBallstát lena mbaineann na bearta coigeartaithe is gá a dhéanamh. Poibleoidh an Chomhairle an moladh sin, ar thogra ón gCoimisiún.' 10. Cuirfear tagairtí do 'Airteagal 121' in ionad na dtagairtí ar fad sa Rialachán do 'Airteagal 99'. Airteagal 2 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh . Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle An tUachtarán An tUachtarán RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH 1. LEAGAN AMACH AN TOGRA/AN TIONSCNAIMH 1.1. Teideal an togra/an tionscnaimh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an bhfaireachas ar riochtaí buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú, a neartú; 1.2. Réimse/réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB [4] Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais 1.3. An cineál togra/tionscnaimh ( Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht nua ( Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht nua tar éis treoirthionscadail/réamhghníomhaíochta[5] ( Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar ghníomhaíocht atá ann cheana ( Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht a atreoraíodh i dtreo gníomhaíochta nua 1.4. Cuspóirí 1.4.1. Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe Forás, cruthú fostaíochta agus forbairt inbhuanaithe a chothú san AE 1.4.2. Cuspóirí sonracha agus an ghníomhaíocht nó na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann Cuspóirí sonracha : Uimhreacha 1 agus 3. Comhordú éifeachtach ar bheartais agus comhsheasmhacht idir beartais a áirithiú maidir le freagairt AE ar an ngéarchéim airgeadais a fhorbairt, i gcás clár 2020 an AE a bhaint amach mar aon le forbairt inbhuanaithe agus ar mhaithe le hacmhainneacht fáis na mBallstát a ardú agus an AE a dhéanamh níos iomaíche; An saothrú a dhéanann na Ballstáit ar riochtaí buiséadacha fónta agus ar airgeadas poiblí fónta a chur chun cinn mar aon le cáilíocht ard i gcás an rannchuidiú a dhéanann siad le fás. Gníomhaíocht nó gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann An tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta 1.4.3. An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leis Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe. Cuireadh béim sa Teachtaireacht COIM(2010) 367 ón gCoimisiún ar an ngá le cur chuige dea-shainithe i leith bheartais an AE ar mhaithe le (i) téarnamh geilleagrach a spreagadh, (ii) an t-airgeadas poiblí a chur ar bhonn fónta arís agus (iii) fás inbhuanaithe agus poist a chur chun cinn. Tá an leasú atá beartaithe ar an Rialachán mar chuid choisctheach den Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis cuimsithe sna tograí foirmiúla reachtacha a fógraíodh sa Teachtaireacht thuasluaite. Tá na leasuithe sin dírithe ar an gcomhordú a dhéantar ar bheartais eacnamaíocha a neartú, go háirithe trí aghaidh a thabhairt ar an ngá le forfheidhmiú éifeachtach an fhaireachais eacnamaíoch a dhéantar ar bheartais fhioscacha na mBallstát trí dhreasachtaí iomchuí agus smachtbhannaí agus trí dhíriú níos mó ar an bhfiachas poiblí agus ar inbhuanaitheacht fhioscach. 1.4.4. Táscairí a léiríonn toradh agus tionchar Sonraigh na táscairí a léiríonn monatóireacht ar chur chun feidhme an togra/an tionscnaimh. Déantar an tslí ina ngnóthaíonn an Coimisiún an cuspóir ginearálta maidir le forás, cruthú fostaíochta agus forbairt inbhuanaithe san AE a chothú a thomhas trí na táscairí seo a leanas: - an méid a ndéanfaidh na Ballstáit toradh buiséadach a thaifeadadh i gcomhréir leis an CCF; - acmhainneacht fáis/aschuir. Déantar an tslí ina ngnóthaítear cuspóir sonrach uimh. 3 thuas a thomhas tríd an táscaire seo a leanas: céatadán na moltaí aonair ón gCoimisiún a bhaineann leis an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis (CCF) a chuirfidh na Ballstáit chun feidhme (ag brath ar ghlacadh na moltaí sin sa Chomhairle). 1.5. Na forais leis an togra/an tionscnamh 1.5.1. An ceanglas/na ceanglais is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma Tá an togra reachtach ina chuid de na bearta a d'fhógair an Coimisiún sa Teachtaireacht (2010) 367 an 30 Meitheamh 2010, lena ndéantar forbairt bhreise ar na smaointe beartais a leagadh amach sa Teachtaireacht COIM(2010) 250 ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2010 agus is forbairt é ar an méid a comhaontaíodh sa Chomhairle Eorpach an 17 Meitheamh 2010. 1.5.2. Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an AE Tá comhordú bheartais eacnamaíocha na mBallstát ina chuid lárnach de shainordú an AE i dTeideal VIII (ar bheartas eacnamaíoch agus airgeadaíochta) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. 1.5.3. Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí chosúil roimhe seo Tá sé léirithe ag an taithí a fuarthas go dtí seo nach mór comhordú na mbeartas eacnamaíoch a fheabhsú agus nach mór an chuid choisctheach agus an chuid cheartaitheach den CCF a neartú. 1.5.4. Comhchuibheas agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí ábhartha eile Tá an togra reachtach ar cheann de na heilimintí den phacáiste cuimsitheach athchóirithe eacnamaíoch a tíolacadh in COIM(2010) 367 an 30 Meitheamh 2010. 1.6. Ré agus tionchar airgeadais ( Togra/tionscnamh de ré theoranta - ( Togra/tionscnamh in éifeacht ón [DD/MM]YYYY go dtí an [DD/MM]YYYY - ( Tionchar airgeadais ó YYYY go YYYY ( Togra/tionscnamh de ré neamhtheoranta - Cur chun feidhme le tréimhse thosaigh idir YYYY agus YYYY, - agus feidhm iomlán ina dhiaidh sin. 1.7. Modh(anna) bainistíochta atá beartaithe [6] ( Bainistíocht dhíreach láraithe ag an gCoimisiún ( Bainistíocht indíreach láraithe trí na cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuig: - ( gníomhaireachtaí feidhmiúcháin - ( comhlachtaí arna mbunú ag na Comhphobail[7] - ( comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean de sheirbhís phoiblí acu - ( daoine a bhfuil sé de chúram orthu gníomhaíochtaí ar leith a chur chun feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus atá sainaitheanta sa ghníomh bunaidh ábhartha de réir bhrí Airteagal 49 den Rialachán Airgeadais ( Bainistíocht chomhpháirteach leis na Ballstáit ( Bainistíocht dhíláraithe le tríú tíortha ( Comhbhainistíocht le heagraíochtaí idirnáisiúnta (tabhair sonraí) I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil. Nótaí 2. BEARTA BAINISTÍOCHTA 2.1. Rialacha monatóireachta agus tuairiscithe Sonraigh cé chomh minic agus na coinníollacha. N/B 2.2. Córas bainistíochta agus rialúcháin 2.2.1. An riosca/na rioscaí a aithníodh N/B 2.2.2. Modh(anna) rialúcháin atá beartaithe N/B 2.3. Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe. N/B 3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 3.1. Ceannteideal/ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus an líne/na línte buiséid ar a n-imrítear tionchar Ní theastaíonn aon acmhainní breise daonna ná airgeadais ón togra reachtach. - Línte buiséid don chaiteachas reatha In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil. Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil | Líne buiséid | Saghas caiteachais | Ranníocaíocht | Uimhir [Tuairisc………………………...……….] | LD /LN ([8]) | ó thíortha an CSTE[9] | ó thíortha is iarrthóirí[10] | ó thríú tíortha | de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais | [XX.YY.YY.YY] | LD /LN | TÁ/ NÍL | TÁ/NÍL | TÁ/ NÍL | TÁ/NÍL | - Línte buiséid nua atá iarrtha: Dada In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil. Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil | Líne buiséid | Saghas caiteachais | Ranníocaíocht | Uimhir [Ceannteideal……………………………………..] | LD/LN | ó thíortha an CSTE | ó thíortha is iarrthóirí | ó thríú tíortha | de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais | [XX.YY.YY.YY] | TÁ/ NÍL | TÁ/NÍL | TÁ/ NÍL | TÁ/NÍL | 3.2. An tionchar a mheastar ar chaiteachas 3.2.1. Achoimre ar an tionchar a mheastar ar chaiteachas EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: | Uimhir | [Ceannteideal ……………...……………………………………………………………….] | EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) - 3.2.3.2. Riachtanais a mheastar in acmhainní daonna - ( Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear acmhainní daonna - ( Éilíonn an togra/an tionscnamh go n-úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos: Sloinnfear an meastachán i méideanna iomlána (nó go dtí an 1ú deachúil ar a mhéid) Bliain N | Bliain N+1 | Bliain N + 2 | Bliain N + 3 | ... tabhair na blianta ar fad a theastaíonn le ré an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) | ( Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach) | XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) | XX 01 01 02 (Toscaireachtaí) | XX 01 05 01 (Taighde indíreach) | XX 01 05 01 (Taighde díreach) | ( Pearsanra seachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE)[18] | XX 01 02 01 (CA, INT, SNE ón "clúdach iomlánaíoch") | XX 01 02 02 (CA, INT, JED, LA agus SNE sna toscaireachtaí) | 10 01 05 02 (CA, INT, SNE Taighde díreach) | Línte buiséid eile (sonraigh) | IOMLÁN | XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann. Comhlíonfar na riachtanais acmhainní daonna le foireann ón DG a bhfuil bainistiú na gníomhaíochta faoina cúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe taobh istigh den DG, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don DG atá i mbun na bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha. Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh: Oifigigh agus gníomhairí sealadacha | Pearsanra seachtrach | 3.2.4. Comhoiriúnacht leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil reatha - ( Tá an togra/an tioscnamh comhoiriúnach leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil reatha. - ( Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo sa chreat airgeadais ilbhliantúil. Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha. - ( Éilíonn an togra/an tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil[21]. Mínigh céard a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha. 3.2.5. Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe - ( Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh do chómhaoiniú le tríú páirtithe - ( Déantar foráil sa togra/tionscnamh don chómhaoiniú atá réamh-mheasta thíos: Leithreasaí in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) Bliain N | Bliain N+1 | Bliain N+2 | Bliain N+3 | ... tabhair na blianta ar fad a theastaíonn le ré an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) | Iomlán | Bliain N | Bliain N+1 | Bliain N+2 | Bliain N+3 | ... iontráil na colúin ar fad a theastaíonn le ré an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) | Airteagal …........... | | | | | | | | | |I gcás ioncaim ilghnéithigh shannta, sonraigh na línte caiteachais buiséid a n-imrítear tionchar orthu. Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh. [1] IO L 209, 2.8.1997, lch. 1. [2] IO L 209, 2.8.1997, lch. 6. [3] IO C 236, 2.8.1997, lch. 1. [4] ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí – ABB: Bunú an bhuiséid de réir gníomhaíochtaí. [5] Mar a thagraítear dó in Airteagal 49(6)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais. [6] Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Budg: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html [7] Dá dtagraítear in Airteagal 185 den Rialachán Airgeadais. [8] LD = Leithreasaí difreáilte / LN = Leithreasaí neamhdhifreáilte [9] CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa. [10] Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha a d'fhéadfadh a bheith ina n-iarrthóirí ó na Balcáin Thiar. [11] Is í bliain N an bhliain ina gcuirtear tús le cur chun feidhme an togra/an tionscnaimh. [12] Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó gníomhaíochtaí AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme. [13] Is í bliain N an bhliain ina gcuirtear tús le cur chun feidhme an togra/an tionscnaimh. [14] Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.). [15] Mar a thuairiscítear i Roinn 1.4.2. "Cuspóirí sonracha..." [16] Is í bliain N an bhliain ina gcuirtear tús le cur chun feidhme an togra/an tionscnaimh. [17] Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó gníomhaíochtaí AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme. [18] CA=Gníomhaire ar conradh; INT=foireann gníomhaireachta (" Intérimaire "); JED= " Jeune Expert en Délégation" (Saineolaí óg i dToscaireachtaí); LA=Gníomhaire áitiúil; SNE=Saineolaí náisiúnta ar iasacht; [19] Faoin uasteorainn maidir le pearsanra seachtrach ó leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA"). [20] Le haghaidh na gCistí Struchtúracha, an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an Chiste Eorpaigh Iascaigh (CEI) go bunúsach. [21] Féach pointí 19 agus 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach. [22] A fhad a bhaineann le hacmhainní traidisiúnta dílse (dleachta talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána tar éis 25 % de chostais bhailiúcháin a bheith bainte astu.