Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52010PC0377

Proposal for a REGULATION (EU) No …/… OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL on the professional cross border transportation of euro cash by road between euro-area Member States

52010PC0377




[pic] | AN COIMISIÚN EORPACH |

An Bhruiséil 14.7.2010

COIM(2010)377 leagan deireanach

2010/0204 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN (AE) Uimh .../ … Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le hiompar trasteorann gairmiúil airgid thirim in euro de bhóthar idir na Ballstáit i limistéar an euro

SEC(2010)877 SEC(2010)878

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

COMHTHÉACS AN TOGRA

Tugadh nótaí agus boinn airgid an euro isteach in 2002 agus is meán íocaíochta fíor-Phan-Eorpach iad a chuireann ar chumas shaoránaigh na hEorpa a gcuid fiach a ghlanadh in euro ar fud limistéar an euro, limistéar a chuimsíonn 16 Bhallstát faoi láthair. Tá méadú nach beag dá réir ar an ngá atá le hiompar trasteorann airgid thirim de bhóthar. Laistigh de limistéar an euro, ba cheart go bhféadfadh bainc, na miondíoltóirí móra agus láimhseálaithe airgid thirim gairmiúla eile conradh a dhéanamh leis an gcuideachta airgid idirthurais (CIT) is fearr praghas agus/nó seirbhís, fiú má tá sí suite trasna na teorann i mBallstát eile. Cuirfidh sé seo ar a gcumas leas a bhaint as an gcúrsa bailithe-seachadta airgid is éifeachtaí (agus is giorra) agus as seirbhísí airgid an bhrainse den bhanc ceannais náisiúnta nó an ionaid airgid CIT is cóngaraí. Ina theannta sin, tá líon mór Ballstát sa limistéar euro atá tar éis, nó atá ag iarraidh, socruithe a dhéanamh d’fhonn nótaí agus boinn airgid a tháirgeadh i stát eile. De bhun phrionsabal féin an airgeadra aonair, ba cheart go bhféadfaí nótaí bainc agus boinn airgid a chur i gcúrsaíocht agus a iompar a shaoire agus is féidir idir na Ballstáit a bhfuil an euro glactha acu.

De dheasca na neamh-chomhoiriúnachtaí atá ann idir na reachtaíochtaí náisiúnta, áfach, is iondúil go mbíonn sé thar a bheith deacair do na hiompróirí gairmiúla airgead tirim in euro a aistriú idir Ballstáit sa limistéar euro agus is beag dá réir sin an t-iompar trasteorann de thalamh a dhéantar. Baineann na difríochtaí rialála seo le raon leathan fadhbanna, amhail an fhoireann CIT a bheith ag sealbhú agus ag iompar arm tine, na modhanna iompair atá údaraithe, armúr agus fearas na bhfeithiclí CIT, líon na mball foirne ar bord etc. De dheasca na mbacainní rialála atá ann faoi láthair, tá an margadh aonair neamhiomlán san earnáil seo.

Tá tionchar ag na bacainní seo ar iompar gairmiúil airgid thirim in euro ar éifeachtúlacht na timthrialla airgid thirim agus ina dhiaidh sin ar chostas an airgid thirim do na gnólachtaí agus do na saoránaigh. Ba cheart go bhféadfadh na bainc agus an earnáil mhiondíola a gcuid airgid thirim a fháil ar an mbealach is éifeachtaí trasna na dteorainneacha náisiúnta taobh istigh de limistéar an euro. Ach soláthar éifeachtúil airgid thirim a éascú trasna na dteorainneacha agus ar an gcaoi sin feidhmiú na timthrialla airgid a fheabhsú, comhlánófar mar is ceart agus mar is gá plean oibre an Bhainc Cheannais Eorpaigh maidir le seirbhísí airgid thirim na mbanc ceannais náisiúnta a chóinbheirsiú. Ar an mbealach sin, ní fhéadfar leas iomlán a bhaint as tionscnaimh an chórais euro, amhail an chianrochtain ar sheirbhísí airgid thirim na mbanc ceannais náisiúnta - mar ar féidir le hinstitiúid chreidmheasa i mBallstát rannpháirteach amháin seirbhísí airgid bainc cheannais náisiúnta i mBallstát rannpháirteach eile a úsáid - má fhanann an cás mar atá. Má chuirtear i gcrích plean oibre an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus má chruthaítear limistéar aonair airgid thirim euro, comhlánófar ar a uain féin an limistéar aonair d'íocaíochtaí euro , arb aidhm dó na híocaíochtaí leictreonacha trasteorann in euro a dhéanamh chomh héasca le híocaíochtaí náisiúnta.

Tá an margadh CIT arna eagrú de réir ionad airgid thirim, mar ar féidir feithiclí CIT a luchtú agus a dhíluchtú le hairgead tirim go sábháilte. De ghnáth filleann feithicil CIT ar a ionad airgid bunaidh ag deireadh an lae d’fhonn an oíche a chaitheamh in áit dhaingean, agus braitheann an limistéar geografach ar féidir freastal air ó ionad airgid ar an achar is féidir le feithicil a thaisteal in aon lá amháin. Mar sin, is margadh áitiúil den chuid is mó é an margadh CIT agus is sna réigiúin teorann idir Ballstáit i limistéir an euro is mó a dhéanfaidh sé forás. Dá réir sin, ní gá go gcuimseodh aon bheartas ar leibhéal AE na hoibríochtaí úd arb oibríochtaí náisiúnta amháin iad.

Is minic iarrtha ag an mBanc Ceannais Eorpach, ag na bainc agus ag na miondíoltóirí móra go lainseálfaí tionscnamh arbh aidhm dó na bacainní úd a dhíbirt atá anois ar iompar trasteorann gairmiúil airgid thirim in euro de bhóthar san Eoraip. Is láidre de an argóint ar son a leithéid de thionscnamh, an méadú a tháinig agus a thiocfaidh ar limistéar an euro.

Sa chomhthéacs seo, chuir an Coimisiún tús le comhairliúcháin i mBealtaine na bliana 2008 d’fhonn obair a chur ar bun arís chun na bacainní rialála atá sa tslí ar iompar trasteorann airgid tirim in euro de bhóthar a dhíbirt agus, ar an gcaoi sin, saorchúrsaíocht an euro a éascú.

Torthaí na g COMHAIRLIÚCHÁN LE PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNÚ IARMHARTA

Mar chéim thosaigh agus chun saineolas agus ionchur na bpáirtithe leasmhara go léir san earnáil a chur chun tairbhe, sa bhliain 2008 cuireadh ar bun agus chuathas i gcomhairle le Grúpa Oibre ar iompar trasteorann airgid thirim in euro de bhóthar , arbh é an Coimisiún a chathaoirleach agus a raibh eagraíochtaí Eorpacha na bpríomhpháirtithe leasmhara go léir páirteach ann[1]. Phléigh sé na príomhcheisteanna uile, amhail an gá a bhí le bearta ar leibhéal an AE, na deiseanna éagsúla ó thaobh an dlí de le hiompar trasteorann airgid thirim a éascú, raon feidhme na gcomhrialacha a d’fhéadfaí a dhéanamh amach anseo, na difríochtaí idir na reachtaíochtaí náisiúnta agus na deiseanna rialacha trasteorann comhchuibhithe a déanamh sna réimsí i gceist.

Ar an mbonn sin, ghlac an Coimisiún le Páipéar Bán ar iompar trasteorann gairmiúil airgid thirim in euro de bhóthar idir na Ballstáit i limistéar an euro[2] an 18 Bealtaine 2009, d’fhonn próiseas comhairliúcháin leathan a chur ar bun faoi shraith comhrialacha a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm ar iompar trasteorann gairmiúil airgid thirim in euro de bhóthar idir na Ballstáit i limistéar an euro. Tá an Páipéar Bán agus na freagraí ar aontaigh an páirtí lena mbaineann a fhoilsiú le fáil ar shuíomh gréasáin Europa an Choimisiúin ag an seoladh seo http://ec.europa.eu/economy_finance/articles/euro/article15105_en.htm

Nuair a foilsíodh an Páipéar Bán, bunaíodh agus chuathas i gcomhairle le Grúpa Saineolaithe ar iompar trasteorann gairmiúil airgid thirim in euro de bhóthar idir na Ballstáit i limistéar an euro in 2009. Sa ghrúpa sin bhí ionadaithe ó riaracháin ábhartha Bhallstáit an limistéir euro. Phléigh sé go mion na comhrialacha a d’fhéadfaí a dhéanamh maidir le hiompar trasteorann airgid agus bhí siad ar comhthoil nach beag faoi théacs deiridh thogra an Choimisiúin. Tá liosta na rannpháirtithe sa ghrúpa ag gabháil leis an togra mar dhoiciméad tionlacain.

Chuathas i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta le linn an phróisis ullmhúcháin ar fad. Bhí siad páirteach sa ghrúpa oibre agus chuathas i gcomhairle leo ina dhiaidh sin trí bhíthin cruinnithe déthaobhacha agus ceistneora scríofa.

Tuigeann na páirtithe leasmhara go léir san earnáil go bhfuil margadh an airgid idirthurais Á eagrú faoi láthair ar bhonn náisiúnta de bharr na ndifríochtaí idir na reachtaíochtaí náisiúnta. Maidir le tacaíocht don tionscnamh, níor mhór idirdhealú a dhéanamh, áfach, idir taobh an tsoláthair (i.e. na cuideachtaí CIT) agus taobh an éilimh (i.e. na bainc agus na miondíoltóirí).

Tá earnáil na mbanc go mór ar son an tionscnaimh agus ba mhaith leo go gcuirfí chuige go hardaidhmeannach, sa chaoi is gur ghiorra agus gurbh éifeachtúla na cúrsaí iompair agus gur lú an riosca agus na costais agus gur mhó an iomaíocht san earnáil dá bharr. Tá eagraíocht ghairmiúil na gcuideachtaí CIT sásta nach mbeidh sé i gceist comhchuibhiú iomlán a dhéanamh ar iompar airgid thirim ach dar leo go bhfuil an staid láithreach, is é sin an margadh ilroinnte, chomh sásúil céanna mar go bhfuil eagar curtha ag cuideachtaí CIT orthu féin dá réir, laistigh de na teorainneacha náisiúnta.

Leagann fostóirí na hearnála CIT béim freisin ar an tábhacht a bhaineann le hiomaíocht éagórach bunaithe ar dhifríochtaí sa phá agus i dtaobh téarmaí agus coinníollacha fostaíochta eile a sheachaint, go háirithe toisc costais an phá a bheith mar chuid chomh hard sin de chostais iomlána na gcuideachtaí CIT. Maidir leis na fostaithe, is é an t-ábhar imní is mó ag na ceardchumainn nár cheart go dtiocfadh aon mheath ar na coinníollacha sóisialta de dheasca reachtaíocht an AE sa réimse seo amach anseo ach, a mhalairt sin, go mbeadh claonadh ann na tuarastail agus na coinníollacha oibre eile a chothromú in airde. Aontaíonn na páirtithe sóisialta ina theannta sin, gur cheart an tuarastal is airde idir tuarastal an Bhallstáit tionscnaimh agus tuarastal an Bhallstáit aíochta a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs trasteorann.

Tacaíonn an Banc Ceannais Eorpach agus an tEorachóras go hiomlán le tionscnamh an Choimisiúin toisc go bhfuil sé i gcomhréir leis an aidhm straitéiseach atá acu cóinbhéirsiú nach beag a bhaint amach idir seirbhísí airgid thirim na mBanc Ceannais Náisiúnta. Ní féidir prionsabal na cianrochtana atá glactha (i.e. gur cheart go mbeadh banc in ann airgead tirim in euro a aistarraingt ó/a thaisceadh in aon banc náisiúnta ceannais i limistéar an euro), mar shampla, a chur chun feidhme mura mbíonn aon deis éasca ann an t-airgead a iompar de bhóthar trasna na dteorainneacha.

Is é cuspóir ginearálta thogra seo an Choimisiúin saorchúrsaíocht airgid thirim in euro a éascú laistigh de limistéar an euro, trí na bacainní a dhíbirt atá sa tslí ar iompar gairmiúil airgid thirim in euro de bhóthar idir na Ballstáit i limistéir an euro, ach ag féachaint chuige freisin go ndéanfar an t-iompar seo faoi choinníollacha a chosnaíonn slándáil na foirne CIT agus an phobail i gcoitinne. Ós rud é gur margadh áitiúil go bunúsach é margadh an CIT, ba cheart gurbh é an príomhchuspóir an t-iompar a éascú sna ceantair ábhartha teorann, mar, i bprionsabal, is lú a théann na difríochtaí rialála lasmuigh den spás geografach seo i gcion ar shaorchúrsaíocht an euro.

Scrúdaigh an measúnú iarmharta (MI) cúig rogha leathana d’fhonn an cuspóir sin a bhaint amach: (1) Cás bonnlíne: gan aon athrú a dhéanamh; (2) Comhaontuithe déthaobhacha/iltaobhacha idir na Ballstáit úd is mó is dócha a mbaineann an t-iompar trasteorann leo; (3) Sraith comhrialacha don iompar trasteorann amháin; (4) Aitheantas iomlán frithpháirteach; agus (5) Comhchuibhiú iomlán ar rialáil an iompair CIT ina iomláine. De réir an mheasúnaithe iarmharta, ní bheadh na roghanna 1 agus 2 éifeachtach maidir le cuspóir seo saorchúrsaíocht an airgid thirim in euro a bhaint amach, mar is beag an seans go ndéanfaí a leithéid de chomhaontuithe go spontáineach ar scála mór, agus bheadh aitheantas iomlán frithpháirteach agus comhchuibhiú iomlán an iompair CIT ina iomláine ag dul thar cuimse i gcomparáid leis an gcuspóir a sonraíodh agus, i gcás an aitheantais iomláin fhrithpháirtigh, d’fhéadfaí rioscaí slándála nach beag a chruthú.

Le rogha 3 a bhaineann an anailís mhionsonraithe ar na hiarmhairtí: sraith comhrialacha don iompar trasteorann. Chomhlíonfadh an rogha sin an cuspóir saorchúrsaíocht airgid thirim in euro a éascú. Toisc nach mbaineann sé ach leis an iompar trasteorann, ní rachadh sé níos faide ná a bhfuil ag teastáil chun na cuspóirí a bhaint amach.

Cuireadh trí fhorogha san áireamh freisin: (a) Raon feidhme na rialachán a leathnú chun Ballstáit an AE nach bhfuil sa limistéar euro mar atá a chuimsiú; (b) An raon feidhme a leathnú chun airgead tirim eile agus nithe luachmhara eile a chuimsiú agus (c) An raon feidhme a shrianadh go hiompar pointe go pointe[3] amháin.

Braitheann iarmhairtí na gcomhrialacha cuid mhór ar mhéid an mhargaidh a d’fhéadfadh a bheith ann agus ar a mhéad is féidir é a bhaint amach. D'fhonn faisnéis a bhailiú ar an margadh CIT mar atá sé faoi láthair agus méid an mhargaidh a d’fhéadfadh a bheith ann d’iompar airgid thirim trasteorann de bhóthar a thomhais i gcás go ndíbreofaí na bacainní rialála atá ann, cuireadh staidéar seachtrach ar bun, atá le fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin[4].

Léiríonn an staidéar, cé go bhfuil an margadh trasteorann teoranta ina cháilíocht féin, go bhfuil an cumas ann go dtiocfaidh méadú nach beag ar iompar airgid thirim trasteorann de bhóthar, sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma, má thugtar isteach sraith comhrialacha trasteorann a dhíbreodh na bacainní rialála.[5]

Is dócha go rachaidh éascú seo an iompair airgid thirim trasteorann i gcion go tairbheach ar an gcomhshaol, de bharr na dturas iompair a bheith níos giorra ar an iomlán.

Mar sin féin, d'fhéadfadh méadú suntasach ar na turais trasteorann dul i gcion go diúltach ar choinníollacha sóisialta na mBallstát aíochta. Baineann sé sin go háirithe leis an éifeacht fhéideartha ar na leibhéil phá agus/nó ar an bhfostaíocht san earnáil CIT i mBallstát aíochta ar leith, más amhlaidh go bhfuil difríochtaí móra tuarastail ann i gcomparáid leis na Ballstáit chomharsanachta. Léiríonn an measúnú iarmharta gur cosúil go bhfuil difríochtaí nach beag ann i gcásanna áirithe idir roinnt Ballstát comharsanachta i limistéar an euro. Tá difríochtaí móra tuarastail freisin idir roinnt Ballstát nár ghlac an euro fós agus a gcomharsana i limistéar an euro. Cé nár cheart go ginearálta bac a chur ar na Ballstáit leas a bhaint as na buntáistí comparáideacha seo, is féidir a rá mar sin féin gur cheart an iarmhairt shóisialta fhéideartha a mhaolú sa Bhallstát aíochta trí bhíthin bunchosanta ar na hoibrithe, i gcomhréir le prionsabail Threoir 96/71/CE maidir le hoibrithe a phostú. Is éard is aidhm don Treoir seo foráil a dhéanamh don bhunchosaint a chaithfeadh na fostóirí a chur ar fáil agus iad ag postú oibrithe d’fhonn obair shealadach a dhéanamh ann.

Mar sin féin, i bhfianaise nádúr sonrach na seirbhísí iompair CIT, agus go háirithe na sealanna oibre iomadúla agus gearrthéarmacha thar lear agus na coinníollacha conartha éagsúla, ba cheart an Treoir a chur i bhfeidhm de bhun analaí ar na seirbhísí iompair airgid thirim trasteorann go léir. Dá bhrí sin áirítear sa togra roinnt forálacha ar leith arb aidhm dóibh cinnteacht dlí a chur ar fáil do na hoibreoirí atá i gceist agus infheidhmeacht phraiticiúil na Treorach san earnáil CIT a áirithint. Leagann siad seo síos go háirithe nár mhór bunchosaint a ráthú do na hoibrithe CIT atá teoranta d'íosrátaí pá - lena n-áirítear rátaí ragoibre - an Bhallstáit aíochta de réir na Treorach. D'fhonn ríomh casta pro-rata a sheachaint, ba cheart freisin na rátaí sin a ráthú don lá oibre iomlán, fiú amháin mura gcaitheann an t-oibrí ach cuid den lá oibre ar an gcoigríoch. Mar sin féin, más é is dóichí, ar bhonn na gconarthaí, na rialachán, na bhforálacha riaracháin nó na socruithe praiticiúla atá ann cheana go mbeidh an t-oibrí i mbun iompair thrasteorann ar feadh breis agus 100 lá oibre in aon bhliain féilire amháin i mBallstát eile, ba cheart go gcuimseodh an bhunchosaint na cúrsaí eile atá liostaithe sa Treoir.

De bharr shainghnéithe na hearnála CIT, déanann an togra foráil do rialacha nach ionann iad agus rialacha ginearálta earnáil an iompair maidir leis an gcabatáiste. Cé go ndéantar foráil sa togra síos gur cheart don iompróir CIT filleadh ar a Bhallstát tionscnaimh an lá céanna a bhfágann sé é, ní chuirtear aon teorainn le líon na seachadtaí/mbailithe airgid toisc gur féidir d’fheithicil CIT a dhéanann seirbhísí den chineál sin do bhainc agus do mhiondíoltóirí cuid mhór stopanna dá leithéid (e.g. 20) a dhéanamh in aon lá amháin.

Is léir freisin ar an gcomhairliúchán a rinneadh leis na páirtithe leasmhara, nach mór foráil a dhéanamh do shrianta áirithe ar raon feidhme na gcomhrialacha AE agus roinnt eisceachtaí agus maoluithe náisiúnta a cheadú chun fadhbanna a bhaineann le slándáil agus chun cheisteanna íogaire eile a chur san áireamh. Le ceithre phríomhcheist a bhaineann siad seo: (i) Fanfaidh na rialacha náisiúnta ar iompar arm tine ag lucht foirne CIT i bhfeidhm go hiomlán; (ii) Bunófar roinnt cineálacha iompair CIT, agus deiseanna ag aon Bhallstát aonair diúltú dóibh; (iii) Ní cheadófar aon iompar trasteorann níos faide ná aon lá, is é sin le rá, go gcaithfidh an fheithicil CIT imeacht ón mBallstát tionscnaimh agus filleadh air an lá céanna agus go ndéanfar é seo uile i solas an lae; (iv) Ní mór an chuid is mó de na hoibríochtaí seachadta/bailithe airgid a dhéanfaidh an fheithicil CIT le linn an lae a chur i gcrích sa Ballstát/sna Ballstáit aíochta.

Is léir ar an anailís, cé go bhféadfaidh laghdú áirithe teacht ar chumas an mhargaidh trasteorann de bharr na roghanna sin, nach gceapfar go gcuirfidh siad aon bhacainní móra sa tslí ar an iompar trasteorann agus déantar foráil sa togra do réitigh, i ngach cás, chun an t-iompar trasteorann á éascú (bosca daingean d’airm thine san fheithicil nach féidir a oscailt ach trí bhíthin cianrialaithe ón seomra rialaithe, roghanna caighdeánaithe iompair, aitheantas ar cháilíochtaí oiliúna comhchosúla i láimhseáil arm etc.).

Maidir leis na foroghanna, meastar gur cheart go mbainfeadh na comhrialacha le críoch na mBallstát AE atá ag brath ar dhul isteach i limistéar an euro ar an dáta a rinne an Chomhairle cinneadh an maolú maidir le páirt a ghlacadh san euro a aisghairm. Níor mhór é sin a dhéanamh mar is mó an call a bheidh le hiompar airgid thirim in euro sa tréimhse go díreach roimh an athrú airgeadra.

Ní bhaineann sé go díreach le sainchuspóir an tionscnaimh a raon feidhme a leathnú chun airgeadraí eile a chuimsiú ach tagann sé le cuspóirí ginearálta an AE agus cuirfidh sé leis an éifeachtúlacht má laghdaíonn sé na costais. D'fhéadfadh sé freisin gur chasta dá bharr na comhrialacha a ghlacadh agus gur bheag an luach breise. Ach an raon feidhme a theorannú is gan ach an t-iompar pointe go pointe a chur san áireamh, laghdófaí go mór tairbhe na gcomhrialacha mar ní áireofaí an chuid is mó den iompar i dtéarmaí na gciliméadar a taistealaíodh, na n-uaireanta a oibríodh agus na bpointí airgid thirim a bhfreastalaíodh orthu. Ar an ábhar sin, níor cuireadh na foroghanna sin san áireamh sa togra.

Ar deireadh, moltar Coiste a chur ar bun ar iompar trasteorann airgid thirim in euro d'fhonn monatóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na gcomhrialacha trasteorann. Moltar freisin athbhreithniú foirmiúil a dhéanamh agus tuarascáil ón gCoimisiún a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle dhá bhliain ar a dhéanaí tar éis do na comhrialacha teacht i bhfeidhm.

MÍNIÚ AR PHRÍOMHGHNÉITHE AN CHÓRAIS ATÁ BEARTAITHE

Leagann an Rialachán atá beartaithe síos sraith comhrialacha maidir le hiompar trasteorann gairmiúil airgid thirim in euro laistigh de limistéar an euro. Tá sé bunaithe ar an bprionsabal go mbeadh ceadúnas ar leith ann don iompar trasteorann CIT a bhronnfadh an Ballstát tionscnaimh ar na cuideachtaí CIT a bheadh ag iarraidh airgead tirim in euro a iompar trasna teorainneacha. Cuirtear seacht gcineál éagsúla iompair údaraithe san áireamh – cúig cinn d'iompar nótaí bainc agus dhá cheann d'iompar bonn airgid – agus deiseanna do na Ballstáit diúltú do roghanna ar leith ina gcríoch féin.

Maidir leis an raon feidhme, is cuid suntais iad na pointí seo:

- Bhainfeadh an Rialachán atá beartaithe le hiompar trasteorann gairmiúil airgid thirim in euro de bhóthar idir na Ballstáit i limistéar an euro. Beartaítear freisin go gclúdóidh an Rialachán na Ballstáit nár thug an euro isteach fós, ón dáta a aisghairfidh an Chomhairle an maolú atá acu gan bheith rannpháirteach san euro. Tá Rialachán eile beartaithe ina ndéileálfar le méadú raon feidhme an Rialacháin.

- Bainfidh an Rialachán atá beartaithe leis an iompar ar a dtugtar pointe go pointe (i.e. iompar ó phointe sábháilte amháin go pointe sábháilte eile gan stopadh ar an mbealach) agus freisin leis an iompar ar a dtugtar iompar miondíola airgid (stopanna iomadúla ag freastal ar chustaiméirí deiridh).

- I gcás an iompair mhiondíola, tá sé riachtanach go ndéanfaí an chuid is mó de na stopanna sa Bhallstát/sna Ballstáit aíochta ach níl aon teorainn le líon na stopanna is féidir a dhéanamh sa Bhallstát tionscnaimh ná sa Bhallstát aíochta.

- Ní mór de ghnáth an t-iompar a dhéanamh i solas an lae, ach gur féidir eisceachtaí a cheadú i gcás an iompair pointe go pointe;

- Ní mór don fheithicil CIT filleadh ar a Ballstát tionscnaimh an lá céanna.

An ceadúnas trasteorann CIT

Ní mór do na cuideachtaí CIT ar mian leo dul i mbun iompair thrasteorann airgid thirim de bhun théarmaí an Rialacháin cur isteach ar cheadúnas ar leith ó údarás deonúcháin a mBallstáit tionscnaimh. Chun an ceadúnas a fháil, ní mór don chuideachta, dá lucht bainistíochta agus dá ball foirne coinníollacha áirithe a chomhlíonadh atá leagtha síos sa Rialachán. Má sháraítear na rialacha, is ag an údarás a dheonaigh an ceadúnas atá an chumhacht pionós a ghearradh, i.e. údarás an Bhallstáit tionscnaimh. Mar sin féin, tá cumhachtaí cosanta ag an mBallstát atá á thrasnú nó ag an mBallstát aíochta i gcás éigeandála nó más léir go bhfuil na rialacha á sárú (e.g. mura bhfuil íoslíon na mball foirne ann nó má sháraítear na rialacha a bhaineann le hiompar arm tine etc.). Tá dualgas ar na Ballstáit freisin faisnéis a thabhairt dá chéile faoi na gnéithe seo go léir.

Na cineálacha iompair atá údaraithe

I gcás nótaí bainc, údarófaí na cúig chineál iompair seo a leanas d’iompar trasteorann airgid thirim:

- Nótaí bainc á n-iompar i bhfeithicil neamharmúrtha nach cuid suntais a dealramh ach go bhfuil córas meabhrach neodraithe nótaí bainc (IBNS) feistithe inti;

- Nótaí bainc á n-iompar i bhfeithicil neamharmúrtha ar a bhfuil marcáil shoiléir a thugann le fios go bhfuil IBNS feistithe inti ;

- Nótaí bainc á n-iompar i bhfeithicil ina bhfuil urrann na bpaisinéirí armúrtha agus a bhfuil IBNS feistithe inti freisin;

- Nótaí bainc á n-iompar i bhfeithicil atá armúrtha go hiomlán ach nach bhfuil IBNS feistithe inti;

- Nótaí bainc á n-iompar i bhfeithicil atá armúrtha go hiomlán i bhfuil IBNS feistithe inti

I gcás bonn airgid, cuirtear an dá chineál iompair seo a leanas san áireamh:

- Boinn á n-iompar i bhfeithicil neamharmúrtha;

- Boinn á n-iompar i bhfeithicil ina bhfuil urrann na bpaisinéirí armúrtha.

I ngach cás, caithfidh ar a laghad beirt bhall foirne slándála ar bheith ar bord, ach amháin i gcás iompair i bhfeithicil lánarmúrtha nach bhfuil IBNS feistithe inti, mar a bhfuil triúr ag teastáil.

Féadfaidh na Ballstáit diúltú do roinnt roghanna ina gcríoch féin ar chuntar go nglacann siad le ceann amháin ar a laghad de na roghanna thuasluaite do nótaí bainc agus le ceann amháin de na roghanna do bhoinn airgid agus ar chuntar nach gceadaíonn siad a leithéid de mhodhanna iompair don iompar CIT náisiúnta.

Cur chun feidhme na rialacha náisiúnta

I réimsí áirithe atá thar a bheith íogair ó thaobh na slándála de, bheadh feidhm i gcónaí leis na rialacha náisiúnta. Baineann na réimsí seo le hiompar agus le húsáid arm tine, leis an gcumarsáid leis na fórsaí póilíneachta agus leis na rialacha faoi ghníomhaíochtaí na foirne slándála CIT taobh amuigh den fheithicil, mar aon le cúrsaí slándála sna háiteanna a seachadtar nó a mbailítear an t-airgead.

GNÉITHE DLÍ

Luaitear in Airteagal 133 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh: '… bunóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle síos, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, na bearta is gá chun an euro a úsáid mar airgeadra aonair. …'. Tá sé le tuiscint as an Airteagal seo go bhfuil an ceart ag an AE, agus go bhfuil an dualgas air, na bearta iomchuí a dhéanamh d’fhonn saorchúrsaíocht éifeachtach an euro a áirithiú, toisc go gcuireann cúrsaí mar atá faoi láthair bacainní sa tslí ar iompar trasteorann an euro, agus dá réir sin ar a úsáid.

De rogha ar bhearta ar leibhéal an AE, d’fhéadfaí comhaontuithe déthaobhacha deonacha a dhéanamh idir na Ballstáit, nó comhaontuithe iltaobhacha fiú amháin. Mar sin féin, cruthaíonn bearta ar leibhéal an AE barainneachtaí scála nach beag i gcomparáid le bearta déthaobhacha nó iltaobhacha. Ní féidir ach le bearta ar leibhéal an AE an méadú a thiocfaidh ar limistéar an euro a chur san áireamh, mar féadfaidh aon Bhallstát rannpháirteach nua úsáid a bhaint as rialacha an AE maidir le hiompar trasteorann, ní hionann agus i gcás comhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha.

Ina theannta sin, cé go bhfuil an t-éileamh ann, mar atá curtha in iúl go háirithe ag na bainc, níl comhaontú ar bith tugtha i gcrích fós ag na Ballstáit d’fhonn iompar trasteorann gairmiúil airgid thirim in euro a éascú, cé go bhfuil an euro i gcúrsaíocht le breis agus ocht mbliana. Thuigfeá as sin gurb iad bearta an AE an t-aon bhealach praiticiúil amháin chun córais rialála éagsúla (16 cheann díobh ann faoi láthair) a thabhairt le chéile, córais a chuimsíonn raon leathan saincheisteanna casta ina mbíonn cúrsaí slándála agus margadh an tsaothair ag idirghníomhú.

Dá réir sin, tá na bearta ar leibhéal an AE i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta.

Ní bhaineann an togra ach le hiompar trasteorann airgid thirim toisc gurb é an t-iompar sin a dtéann na córais éagsúla rialála náisiúnta i bhfeidhm air, agus ní bhaineann sé le hiompar náisiúnta. Géilleann sé mar sin do phrionsabal na comhréireachta. Teastaíonn ionstraim seo an rialacháin lena áirithint go gcuirfear sraith cheart comhrialacha in ionad na rialacha náisiúnta maidir le hiompar trasteorann gairmiúil airgid thirim in euro i limistéar an euro.

2010/0204 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN (AE) Uimh .../ … Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le hiompar trasteorann gairmiúil airgid thirim in euro de bhóthar idir na Ballstáit i limistéar an euro

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 133 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach[6],

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach[7],

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

1. Ó tugadh an euro isteach tá méadú nach beag ar an ngá atá le hiompar trasteorann airgid thirim de bhóthar. Laistigh de limistéar an euro, ba cheart go bhféadfadh earnáil na miondíoltóirí móra agus láimhseálaithe airgid thirim gairmiúla eile conradh a dhéanamh leis an gcuideachta airgid idirthurais (CIT) is fearr praghas agus/nó seirbhís, agus leas a bhaint as seirbhísí airgid thirim an bhrainse den bhanc ceannais náisiúnta nó an ionaid airgid CIT is gaire dóibh, fiú amháin má tá sé suite i mBallstát eile. Ina theannta sin, tá líon mór de na Ballstáit atá ag glacadh páirte sa tríú staid den aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta (dá ngairtear 'Ballstáit rannpháirteacha' anseo feasta) tar éis socruithe a dhéanamh nó a d’fhéadfadh socruithe a dhéanamh d’fhonn nótaí agus boinn airgid a tháirgeadh i stát eile. Luíonn sé le prionsabal féin an airgeadra aonair gur féidir airgead tirim a aistriú gan bhac idir na Ballstáit rannpháirteacha.

2. De bharr na ndifríochtaí suntasacha idir na reachtaíochtaí náisiúnta, is iondúil go mbíonn sé thar a bheith deacair iompar trasteorann gairmiúil airgid thirim in euro de bhóthar a dhéanamh idir na Ballstáit rannpháirteacha. Sáraíonn sé sin prionsabal shaorghluaiseacht an airgeadra aonair agus téann sé chun dochar do phrionsabal shaorsholáthar na seirbhísí, ar ceann de bhunphrionsabail an Aontais Eorpaigh é.

3. Freagra é an Rialachán seo ar an bhféidearthacht ionstraimí comhchuibhithe a thíolacadh ar mhaithe le hiompar airgid thirim, mar atá leagtha amach in Airteagal 38(b) de Threoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach.

4. I bhfianaise na gcontúirtí ar leith a bhíonn ag bagairt ar bheatha agus ar shláinte oibrithe CIT agus ar an bpobal i gcoitinne i gcás airgid thirim a iompar, b'iomchuí go gcuirfí iompar trasteorann airgid thirim faoi réir saincheadúnais trasteorann CIT. Ba cheart gur cheadúnas de bhreis é sin ar an gceadúnas náisiúnta CIT atá riachtanach sa chuid is mó de na Ballstáit rannpháirteacha, ceadúnais nach gcomhchuibhítear leis an Rialachán seo. Sa bheagán sin Ballstáit nach bhfuil nós imeachta formheasa ar leith acu do chuideachtaí CIT de bhreis ar na rialacha ginearálta d’earnálacha na slándála nó an iompair, agus d'fhonn iontaoibh na mBallstát as a chéile a mhéadú, b'iomchuí ina theannta sin go dtaispeánfadh na cuideachtaí CIT atá bunaithe sna Ballstáit sin go bhfuil taithí dhá mhí déag ar a laghad acu ag iompar airgid thirim go rialta sa Bhallstát ina bhfuil siad bunaithe agus gan aon sárú déanta acu ar an reachtaíocht náisiúnta sula bhféadfaidh an Ballstát sin ceadúnas trasteorann a dheonú orthu.

5. Ionas nach mbeidh na hoibleagáidí ag teacht isteach ina chéile agus ionas nach mbeidh an nós imeachta róthrom gan chúis, b'iomchuí a fhoráil nach mbeidh ar shealbhóir ceadúnais trasteorann CIT ceadúnas Comhphobail a bheith ina sheilbh freisin aige d’fhonn earraí a iompar de bhóthar go hidirnáisiúnta mar atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón Comhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtana ar an margadh idirnáisiúnta tarlaithe de bhóthar.[8]

6. Chaithfeadh an t-iompar trasteorann airgid thirim in euro de bhóthar idir na Ballstáit rannpháirteacha rialacha an Rialacháin nó reachtaíochtaí an Bhallstáit tionscnaimh, an Bhallstáit aíochta agus, más infheidhme, an Bhallstáit a thrasnaítear a chomhlíonadh go hiomlán.

7. Tá an Rialachán seo leagtha amach sa chaoi is go bhféadfar an t-iompar trasteorann airgid thirim in euro de bhóthar idir na Ballstáit rannpháirteacha a dhéanamh faoi choinníollacha a ráthaíonn slándáil an idirbhirt, sábháilteacht na foirne lena mbaineann agus sábháilteacht an phobail, agus saorghluaiseacht an airgeadra.

8. I ngeall ar choinníollacha sonracha na hearnála CIT, tá sé fíordheacair seachadtaí airgid il-laethúla a eagrú go sábháilte. B'iomchuí mar sin, d'fheithicil atá ag iompar airgid thirim in euro de bhóthar trasna teorann go gairmiúil filleadh ar a Ballstát tionscnaimh an lá céanna ar fhág sí é.

9. Ba cheart go molfadh an Coimisiún togra d’fhonn sainmhíniú an téarma 'solas an lae' a mhodhnú, agus/nó íosfhad na hoiliúna tosaigh ad hoc a theastaíonn de réir an Rialacháin seo, i gcás ina dtagann na páirtithe sóisialta ar chomhaontú le chéile ar leibhéal an Aontais gur fearr a d’oirfeadh sainmhíniú eile.

10. De réir Rialachán (CE) Uimh.1072/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ní féidir níos mó ná trí oibríocht chabatáiste a dhéanamh in imeacht seacht lá sa Bhallstát aíochta tar éis iompair idirnáisiúnta ó Bhallstát eile. Mar sin féin, de bharr shainghnéithe na hearnála CIT, is é an gnáthchleachtas é go ndéanfaidh feithicil CIT líon i bhfad níos mó oibríochtaí seachadta/bailithe airgid in aghaidh an lae. Dá bhrí sin, ba cheart maolú ó Rialachán (CE) 1072/2009 agus gan aon teorainn a chur le líon na n-oibríochtaí bailithe/seachadta airgid ar féidir le feithicil CIT a dhéanamh i dtír aíochta in aon lá amháin.

11. Níl sé beartaithe go gcumhdóidh cur i bhfeidhm na rialacha náisiúnta maidir leis an gcaoi a n-oibríonn foireann slándála CIT lasmuigh den fheithicil, ná maidir le slándáil na n-ionad seachadta/bailithe airgid, leis an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as córais neodraithe nótaí bainc nuair a bheidh na nótaí bainc á n-iompar i bhfeithicil lánarmúrtha nach bhfuil córas meabhrach neodraithe nótaí bainc (IBNS) feistithe inti.

12. Ag cuimhneamh dóibh go gcumhdaíonn Airteagal 1(3)(a) de Threoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1996 maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar, na cineálacha sin post ina soláthraíonn gnóthas seirbhísí trasnáisiúnta thar a cheann féin agus faoina treoir de bhun conartha a rinneadh idir an gnóthas agus an páirtí a bhfuil na seirbhísí beartaithe dóibh.

13. I bhfianaise nádúr shonrach sheirbhísí iompair CIT, ba cheart Treoir 96/71/CE a chur i bhfeidhm de bhun analaí ar gach seirbhís iompair thrasteorann airgid thirim d’fhonn cinnteacht dlí a chur ar fáil do na hoibreoirí agus d'fhonn a áirithiú go gcuirtear an Treoir i bhfeidhm go praiticiúil san earnáil sin.

14. I bhfianaise nádúr shonrach na ngníomhaíochtaí iompair atá i gceist agus cuid díobh sin a bheith ócáideach, níor cheart rialacha na bunchosanta atá leagtha síos in Airteagal 3(1) a chur i bhfeidhm de bhun analaí ach maidir leis na híosrátaí pá, lena n-áirítear na rátaí ragoibre, dá dtagraítear in Airteagal 3(1)(c) den Treoir, agus ba cheart iad sin a ráthú don lá oibre ar fad ionas nach gcuirfear ualach riaracháin róthrom ar na hoibreoirí. Más amhlaidh, de bharr an chonartha, na rialachán, na bhforálacha riaracháin nó na socruithe praiticiúla go gcaithfidh oibrí CIT turas iompair thrasteorann a dhéanamh a mhairfidh breis agus 100 lá oibre i mbliain féilire i mBallstát eile, ba cheart i gcás a leithéid d’oibrí na rialacha bunchosanta atá leagtha síos sa Treoir a chur i bhfeidhm go hiomlán de bhun analaí.

15. Ba cheart na rialacha bunchosanta sa Bhallstát aíochta a chur i bhfeidhm sa chaoi is nach ndéanfar dochar do chur i bhfeidhm na dtéarmaí agus na gcoinníollacha fostaíochta is fabhraí don oibrí de réir an dlí, de réir an chomhaontaithe chomhchoiteann nó de réir an chonartha fostaíochta i mBallstát tionscnaimh an oibrí.

16. Chun críche rialacha bunchosanta ábhartha a bhunú, ba cheart go mbeadh feidhm de bhun analaí ag na forálacha ar chomhar faisnéise in Airteagal 4 de Threoir 96/71/CE. Maidir leis seo féadfaidh na Ballstáit leas a bhaint as an gcomhar riaracháin agus an malartú faisnéise a ndéantar foráil dóibh i dTreoir 96/71/CE.

17. Tá an Rialachán seo gan dochar do chur i bhfeidhm rialacha an AE ar an airgead tirim a thagann isteach nó a fhágann an Comhphobal.[9].

18. Tagraíonn an Rialachán seo do rialacha agus do chaighdeáin teicniúla maidir le IBNS, armúr na feithicle, na boscaí daingne agus na veisteanna piléardhíonacha. Is iomchuí foráil a dhéanamh do nós imeachta maidir le cumhachtaí a tharmligean ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chuig an gCoimisiúin d’fhonn na rialacha sin a leasú chun an dul chun cinn teicneolaíochta agus aon chaighdeán nua Eorpach a chur san áireamh.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CUID 1: RIALACHA COMHCHOITEANNA A RIALAÍONN GACH IOMPAR TRASTEORANN GAIRMIÚIL AIRGID THIRIM IN EURO DE BHÓTHAR

Airteagal 1 - Sainmhínithe

(a) Ciallaíonn 'iompar trasteorann airgid thirim in euro de bhóthar' iompar gairmiúil - thar ceann tríú páirtithe faoi choinne cúitimh airgid nó laistigh de chuideachta airgid idirthurais (dá ngairtear CIT anseo feasta) - nótaí agus/nó bonn airgid in euro, i bhfeithicil, de bhóthar, ó Bhallstát rannpháirteach, mar a shainítear é i Rialachán (CE) Uimh. 974/98 ón gComhairle an 3 Bealtaine 1998 maidir le tabhairt isteach an euro,[10] d’fhonn nótaí agus/nó boinn airgid in euro a sholáthar d'áiteanna i mBallstát rannpháirteach nó i mBallstáit rannpháirteacha nó a bhailiú ó na áiteanna sin nó ó a sholáthar nó a bhailiú ón mBallstát tionscnaimh freisin. Ní mór ar a laghad bunáite na n-oibríochtaí seachadta/bailithe airgid a dhéantar i rith an lae a chur i gcrích i gcríoch an Bhallstáit/na mBallstát aíochta le go measfaí gur iompar trasteorann é faoi bhrí théarmaí an Rialacháin seo. Meastar gur iompar trasteorann é an t-iompar pointe go pointe má dhéantar an t-iompar idir dhá Bhallstát rannpháirteacha.

(b) Ciallaíonn 'ceadúnas trasteorann CIT' ceadúnas a dheonaíonn údarás deonúcháin an Bhallstáit tionscnaimh a thugann an t-údarás don sealbhóir iompar trasteorann airgid thirim in euro a dhéanamh de bhóthar idir na Ballstáit rannpháirteacha i gcomhréir leis na coinníollacha a leagann an Rialachán seo síos.

(c) Ciallaíonn 'údarás deonúcháin' údarás an Bhallstáit tionscnaimh atá freagrach as an gceadúnas trasteorann CIT a eisiúint.

(d) Ciallaíonn 'Ballstát tionscnaimh' an Ballstát rannpháirteach a bhfuil an chuideachta CIT bunaithe ina chríoch. Meastar go bhfuil an chuideachta CIT bunaithe má tá sí i mbun gníomhaíochta eacnamaíche, de réir mar a luaitear in Airteagal 49 den Chonradh ar Fheidhmiú an AE, ar feadh tréimhse éiginnte trí bhíthin bonneagair sheasta mar a gcuirtear obair an tsoláthair sheirbhísí i gcrích.

(e) Ciallaíonn 'Ballstát aíochta' Ballstát rannpháirteach ina soláthraíonn cuideachta CIT an tseirbhís seachadta/bailithe airgid thirim nach é Ballstát tionscnaimh na cuideachta é.

(f) Ciallaíonn 'Ballstát a thrasnaítear' Ballstát rannpháirteach nó Ballstáit rannpháirteacha nach Ballstát tionscnaimh na cuideachta é a chaithfidh an fheithicil CIT a thrasnú le go sroichfidh sí an Ballstát nó na Ballstáit aíochta nó le go bhfillfidh sí ar an mBallstát tionscnaimh.

(g) Ciallaíonn iompar i 'solas an lae' iompar a dhéantar idir 6:00 agus 22:00.

(h) Ciallaíonn 'foireann slándála CIT' na fostaithe a dtugtar treoir dóibh an fheithicil ina bhfuil an t-airgead á iompar a thiomáint nó gach a bhfuil san fheithicil a chosaint.

(i) Ciallaíonn 'feithicil CIT' feithicil a úsáidtear le haghaidh iompair ghairmiúil airgid thirim de bhóthar.

(j) Ciallaíonn 'gnáthfheithicil' feithicil CIT nach aon chuid suntais a dealramh agus nach bhfuil aon mharcáil ar leith uirthi a thabharfadh le fios gur le cuideachta CIT í nó go n-úsáidtear í chun airgead a iompar.

(k) Ciallaíonn 'iompar pointe go pointe' turas iompair ó ionad sábháilte amháin go ionad sábháilte eile gan stopadh ar an mbealach.

(l) Ciallaíonn 'limistéar daingean' pointe bailithe airgid/seachadta airgid taobh istigh d’fhoirgneamh agus arna chosaint in aghaidh rochtana neamhúdaraithe ó thaobh an fhearais de (córais frithionraidh) agus ó thaobh nósanna imeachta rochtana i gcás daoine.

(m) Ciallaíonn 'suíomh daingean' suíomh taobh istigh le limistéar daingean a bhfuil rochtain ar fheithiclí air agus inar féidir feithiclí a luchtú agus a dhíluchtú go sábháilte.

(n) Ciallaíonn 'córas meabhrach neodraithe nótaí bainc' (IBNS)' córas a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:

- cosnaíonn gabhdán na nótaí bainc go leanúnach trí bhíthin córais díghrádaithe airgid thirim ó limistéar daingean go dtí an pointe seachadta airgid nó ón bpointe bailithe airgid go dtí an limistéar daingean;

- níl an fhoireann slándála CIT in ann an gabhdán a oscailt lasmuigh de na tréimhsí agus/nó na suímh réamhchláraithe ná na tréimhsí agus/nó na suímh réamhchláraithe inar féidir an gabhdán a oscailt a athrú nuair a bheidh tús curtha leis an oibríocht iompair airgid;

- tá meicníocht feistithe sa ghabhdán a neodróidh na nótaí bainc go buan má dhéantar iarracht neamhúdaraithe ar bith an gabhdán a oscailt;

- comhlíonann an IBNS na riachtanais atá leagtha síos in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo. Neodraítear nóta bainc nuair a loitear é nó nuair a dhéantar damáiste dó trí bhíthin smálaithe nó ar bhealach eile mar a shonraítear in Iarscríbhinn III.

(o) Ciallaíonn 'IBNS ó cheann go ceann' IBNS a bheidh, sa bhreis ar an méid atá thuasluaite, i bhfeidhm ó cheann go ceann, is é sin le rá, nach mbeidh aon teacht ag an bhfoireann CIT ar na nótaí bainc am ar bith agus go mbeidh siad sin faoi chosaint leanúnach ag córas díghrádaithe airgid ó limistéar daingean amháin go limistéar daingean eile nó, i gcás uathmheaisín bainc (ATM)), ón limistéar daingean go dtí taobh istigh den ATM.

(p) Ciallaíonn leibhéil teanga 'A1' agus 'B1' na leibhéil atá leagtha síos ag Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha de chuid Chomhairle na hEorpa.

(q) Ciallaíonn 'teanga ábhartha' an teanga/na teangacha a úsáideann na húdaráis áitiúla agus an pobal sna háiteanna ina bhfuil an t-iompar CIT á dhéanamh.

(r) Ciallaíonn 'teangacha oifigiúla an AE' na teangacha a shonraítear i Rialachán Uimh. 1 a shainíonn na teangacha atá le húsáid ag Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa[11].

Airteagal 2 – Eisiaimh

1. Eiseofar as raon feidhme an Rialacháin seo iompar nótaí bainc agus bonn airgid euro a dhéantar thar ceann na mBanc Ceannais, clólanna nótaí bainc agus/nó miontaí sna Ballstáit rannpháirteacha nó eatarthu sin, agus iompar nótaí bainc a bhfuil coimhdeacht mhíleata nó póilíní ag gabháil leis.

2. Eiseofar as raon feidhme an Rialacháin seo iompar bonn airgid euro amháin a dhéantar thar ceann Bhainc Cheannais nó mhiontaí na mBallstát rannpháirteach nó eatarthu, agus coimhdeacht mhíleata, póilíní nó foirne slándála príobháidí ag gabháil leis i bhfeithiclí ar leith.

Airteagal 3 – Pointe imeachta, uasfhad ama agus líon na n-oibríochtaí seachadta/bailithe airgid thirim

1. Déanfar iompar trasteorann airgid thirim in euro a chuirtear ar fáil i gcomhréir leis an Rialachán seo i solas an lae.

2. Cuirfidh an fheithicil CIT atá i mbun iompair thrasteorann airgid thirim in euro tús lena thuras óna Ballstát tionscnaimh agus fillfidh sé air an lá céanna.

3. Mar mhaolú ar Mhír 1 agus ar Mhír 2, féadfar an t-iompar pointe go pointe a dhéanamh laistigh de thréimhse 24 uair an chloig, ar chuntar go bhfuil iompar airgead tirim san oíche ceadaithe cheana faoi na rialacha náisiúnta sa Bhallstáit tionscnaimh, sa Bhallstát/sna Ballstáit a thrasnaítear agus sa Bhallstát/sna Ballstáit aíochta.

4. De mhaolú ar Rialachán (CE) 1072/2009 ní bheidh aon teorainn le líon na n-oibríochtaí bailithe/seachadta airgid thirim a fhéadfaidh feithicil CIT a dhéanamh i dtír/i dtíortha aíochta in aon lá amháin.

Airteagal 4 - Ceadúnas trasteorann CIT

1. Ní mór do chuideachta CIT ar mian léi dul i mbun iompair thrasteorann airgid thirim in euro cur isteach ar cheadúnas trasteorann CIT ó údarás deonúcháin a Ballstáit tionscnaimh.

2. Deonóidh an t-údarás deonúcháin an ceadúnas trasteorann CIT ar feadh tréimhse cúig bliana, ar chuntar go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) Ceadaítear don chuideachta is iarratasóir an t-iompar CIT a dhéanamh taobh istigh dá Ballstát tionscnaimh. Mura bhfuil nós imeachta formheasta ar leith ag an mBallstát do chuideachtaí CIT de bhreis ar na rialacha ginearálta don earnáil slándála nó iompair, ní mór don chuideachta faisnéis a thabhairt ar aird go bhfuil taithí rialta aici ar iompar airgid ina Ballstát tionscnaimh le dhá mhí dhéag ar a laghad roimh an iarratas agus nach bhfuil an reachtaíocht náisiúnta a rialaíonn na gníomhaíochtaí sin sáraithe aici.

(b) Ní bheidh aon choir dá leithéid déanta ag na bainisteoirí ná ag baill an bhoird agus is daoine dea-chlú macánta a bheidh iontu.

(c) Beidh árachas dliteanais shibhialta bailí ag an gcuideachta is iarratasóir.

(d) Géillfidh an chuideachta is iarratasóir, a cuid fostaithe, na feithiclí a úsáidtear agus na nósanna imeachta slándála a chuireann an chuideachta i bhfeidhm ar mhaithe le hiompar trasteorann airgid thirim in euro, do na rialacha a leagann an Rialachán seo síos, nó, má thagraíonn an Rialachán seo go sainráite dóibh, don reachtaíocht náisiúnta a bhaineann go sonrach le iompar airgid thirim.

3. Dréachtófar an ceadúnas trasteorann CIT i gcomhréir leis an tsamhail agus leis na gnéithe fisiceacha arna sainiú in Iarscríbhinní I-II. Beidh an fhoireann CIT i bhfeithiclí atá i mbun iompair thrasteorann ghairmiúil airgid thirim in euro in ann an ceadúnas bailí bunaidh nó cóip dheimhnithe de a thaispeáint do na húdaráis chigireachta i gcónaí.

4. Cuirfidh an ceadúnas trasteorann CIT ar chumas na cuideachta dul i mbun iompair thrasteorann airgid thirim de réir théarmaí an Rialacháin seo. De mhaolú ar Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009, ní bheidh sé de cheangal ar shealbhóir ceadúnais dá leithéid ceadúnas Comhphobail a bheith aige le haghaidh iompair idirnáisiúnta earraí de bhóthar.

Airteagal 5 - Foireann slándála CIT

1. Comhlíonfaidh foireann slándála CIT na riachtanais seo a leanas:

(b) Ní bheidh aon choir ábhartha déanta acu agus is daoine dea-chlú macánta a bheidh iontu.

(b) Beidh teastas dochtúra acu a dhearbhaíonn go bhfuil an tsláinte choirp agus intinne acu atá de dhith don chineál oibre atá le déanamh.

(c) Beidh oiliúint tosaigh ad hoc 200 uair an chloig ar a laghad curtha i gcrích acu, gan aon oiliúint ar láimhseáil arm tine a áireamh.

Freagróidh ábhar na hoiliúna tosaigh ad hoc dá bhfuil sonraithe in Iarscríbhinn IV, ar a laghad. Beidh oiliúint rialta sna réimsí sin riachtanach uair amháin in aghaidh gach trí bliana ar a laghad.

2. Beidh scileanna teanga ar leibhéal A1 ar a laghad ag ball amháin ar a laghad d'fhoireann slándála CIT ar bord na feithicle sa teanga/sna teangacha a úsáidtear sna réigiúin ábhartha den Bhallstát/de na Ballstáit a thrasnaítear agus i dteanga/teangacha an Bhallstáit aíochta. Ina theannta sin, beidh an fheithicil i dteagmháil raidió go leanúnach, trí lárionad rialaithe na cuideachta, le duine ag a bhfuil scileanna teanga ar leibhéal B1 ar a laghad sa teanga atá i gceist, lena áirithiú gur féidir cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach leis na húdaráis náisiúnta uair ar bith.

Airteagal 6 -Iompar arm

1. Comhlíonfaidh foireann slándála CIT an reachtaíocht náisiúnta sa Bhallstát tionscnaimh, sa Bhallstát/sna Ballstáit a thrasnaítear agus sa Ballstát/sna Ballstáit aíochta maidir le hiompar arm agus leis an gcalabra is mó a cheadaítear.

2. Ag teacht isteach dóibh i gcríoch Ballstáit nach gceadaíonn a reachtaíocht d'fhoireann slándála CIT a bheith armáilte, cuirfear aon arm atá i seilbh fhoireann slándála CIT i mbosca daingean ar bord na feithicle, ar bosca é a fhreagraíonn don chaighdeán Eorpach EN 1143-1. Ní bheidh rochtain ar na hairm seo ag foireann slándála CIT le linn an aistir thar chríoch an Bhallstáit sin. Féadfar iad a bhaint as an mbosca daingean ag teacht isteach dóibh i gcríoch Ballstáit a gceadaíonn a reachtaíocht go mbeadh foireann slándála CIT faoi arm agus caithfear iad a bhaint as ag teacht isteach dóibh i gcríoch Ballstát a gceadaíonn a reachtaíocht d'fhoireann slándála CIT a bheith armáilte. Ní fhéadfar an bosca daingean arm a oscailt gan cian-idirghabháil ó lárionad rialaithe na feithicle agus ní dhéanfar é sin ach tar éis don lárionad suíomh geografach cruinn na feithicle a dheimhniú.

Beidh feidhm ag na hoibleagáidí céanna más amhlaidh nach gceadaítear cineál ná calabra an airm de réir reachtaíocht an Bhallstáit a thrasnaítear nó an Bhallstáit aíochta.

3. Nuair a thagann feithicil CIT, nach gceadaíonn a Ballstát tionscnaimh d'fhoireann CIT airm a iompar, isteach i gcríoch Ballstáit a leagann a reachtaíocht an dualgas ar fhoireann CIT a bheith armáilte, féachfaidh an chuideachta CIT chuige go dtabharfar na hairm is gá d’fhoireann na feithicle agus go gcomhlíonann siad bunriachtanais oiliúna an Bhallstáit aíochta.

4. Déanfaidh foireann slándála armáilte CIT iarratas ar cheadúnas arm ó údaráis náisiúnta an Bhallstáit/na mBallstát a thrasnaítear agus/nó an Bhallstáit aíochta más amhlaidh a cheadaíonn na Ballstáit sin d’fhoireann slándála CIT a bheith armáilte.

5. Bunóidh na Ballstáit aon phointe teagmhála láir náisiúnta amháin mar ar féidir le foirne slándála CIT Ballstát eile iarratais ar cheadúnas arm náisiúnta a chur isteach. Cuirfidh na Ballstáit an t-iarratasóir ar an eolas faoi thoradh an iarratais faoi cheann 3 mhí ar a dhéanaí ó chuirtear an comhad iarratais iomlán isteach.

6. Ionas go mbeidh foireann CIT atá fostaithe ag cuideachta atá bunaithe i mBallstát eile agus a bhfuil a n-áit chónaithe bhuan acu i mBallstát eile in ann na riachtanais náisiúnta le haghaidh ceadúnais arm a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit foráil do bhailíochtú oiliúna coibhéisí a rinneadh sa Bhallstát ina bhfuil fostóir an iarratasóra bunaithe. Mura bhfuil an méid sin indéanta, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an oiliúint riachtanach ar fáil ina gcríoch féin i dteanga oifigiúil AE an Bhallstáit ina bhfuil fostóir an iarratasóra bunaithe.

Airteagal 7 - Fearas na feithicle

1. Beidh córas loingseoireachta domhanda feistithe ar na feithiclí uile a úsáidfear. Beidh lárionad rialaithe na cuideachta CIT in ann a cuid feithiclí a aimsiú go beacht i gcónaí.

2. Beidh gléasanna cumarsáide iomchuí feistithe ar na feithiclí ionas gur féidir teagmháil a dhéanamh am ar bith le lárionad rialaithe na cuideachta atá ag oibriú na bhfeithiclí agus leis na húdaráis náisiúnta inniúla. Beidh na huimhreacha éigeandála a úsáidtear le teagmháil a dhéanamh le húdaráis phóilíneachta sna Ballstáit a thrasnaítear nó sa Bhallstát/sna Ballstáit aíochta le fáil san fheithicil.

3. Beidh na feithiclí feistithe sa chaoi go bhféadfar am agus suíomh gach seachadta/bailithe airgid a chlárú ionas gur féidir scrúdú a dhéanamh am ar bith ar choibhneas na seachadtaí/mbailithe dá dtagraítear in Airteagal 1, Pointe (a).

4. Nuair atá feithiclí feistithe le IBNS, comhlíonfaidh an IBNS a úsáidfear na prionsabail atá leagtha síos in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo agus beidh sé tar éis a fhormheasta i mBallstát rannpháirteach. Mar fhreagra ar aon iarratas ar dheimhniú a dhéanfaidh údaráis an Bhallstáit tionscnaimh, an Bhallstáit aíochta nó an Bhallstáit a thrasnaítear, soláthróidh na gnóthais atá i mbun iompair thrasteorann cistí i bhfeithiclí a úsáideann IBNS cruthúnas scríofa ar fhormheas an chineáil IBNS atá á úsáid faoi cheann 48 uair an chloig.

Airteagal 8 - Ról na bhfórsaí náisiúnta póilíneachta

Tá an Rialachán seo gan dochar do chur i bhfeidhm na rialacha náisiúnta a cheanglaíonn an méid seo a leanas:

- go dtabharfar fógra faoi oibríochtaí iompair airgid do na póilíní roimh ré;

- go mbeidh feithiclí CIT feistithe le gaireas a chuireann ar chumas na bpóilíní iad a rianú de chéin;

- go mbeidh aon iompar 'pointe go pointe' ar luach ard á thionlacan ag na póilíní.

Airteagal 9 – Rialacha le slándáil na suíomhanna seachadta/bailithe airgid a áirithiú sa Bhallstát/sna Ballstáit aíochta

Tá an Rialachán seo gan dochar do chur i bhfeidhm na rialacha náisiúnta a rialaíonn gníomhaíochtaí fhoireann slándála CIT taobh amuigh den fheithicil agus slándáil na suíomhanna a seachadtar an t-airgead chucu nó óna mbailítear an t-airgead sa Bhallstát atá i gceist.

Airteagal 10 – Nótaí bainc neodraithe a bhaint as cúrsaíocht

Bainfidh cuideachtaí CIT a oibríonn de bhun an Rialacháin seo na nótaí bainc a aimsíonn siad le linn dóibh a bheith ar dualgas agus ar fhág an IBNS smál orthu, nó atá neodraithe ar bhealach eile ag an IBNS, as cúrsaíocht. Tabharfaidh siad na nótaí bainc sin don bhrainse cuí de bhanc ceannais a mBallstát tionscnaimh. Más i mBallstát aíochta a bhailítear na nótaí bainc neodraithe, cuirfidh banc ceannais Bhallstát tionscnaimh cuideachta CIT banc ceannais an Bhallstáit aíochta ar an eolas.

Airteagal 11 - Faisnéis fhrithpháirteach

1. Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún na rialacha a luaitear in Airteagal 8 agus in Airteagal 9 mar aon leis an bhfaisnéis ar fhormheas siad an IBNS ar a bonn, agus cuirfidh siad ar an eolas láithreach é má thagann athrú ar bith ar na rialacha nó ar an bhformheas seo. Áiritheoidh an Coimisiún go bhfoilseofar na rialacha sin mar aon le liosta de na IBNS formheasta i ngach teanga oifigiúil AE de chuid na mBallstát rannpháirteach trí na bealaí iomchuí, d’fhonn na páirtithe leasmhara a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí trasteorann CIT a chur ar an eolas gan mhoill.

2. Coinneoidh na Ballstáit clár de na cuideachtaí ar dheonaigh siad ceadúnas trasteorann CIT orthu agus cuirfidh siad a chéile ar an eolas faoina bhfuil ann. Nuashonróidh siad an clár le hathrú ar bith a bhaineann leis, lena n-áirítear aon chinneadh ceadúnas a chur ar fionraí nó a tharraingt siar de bhun Airteagal 22 agus cuirfidh siad a chéile ar an eolas faoin nuashonrú láithreach.

3. Agus Airteagal 5(1)(a) á chur chun feidhme, cuirfidh an Ballstát tionscnaimh san áireamh mar is cuí an fhaisnéis a bhaineann le taifead coiriúil, le clú agus le macántacht na foirne CIT a chuirfidh an Ballstát aíochta in iúl dó.

4. Cuirfidh na Ballstáit chomharsanachta a chéile ar an eolas faoin tsainoiliúint a éilíonn siad ó fhoireann CIT i gcomhthéacs na hoiliúna ad hoc tosaigh dá bhfuil tagairt in Airteagal 5(1)(c).

5. Foilseoidh na Ballstáit seoladh agus sonraí teagmhála eile na bpointí teagmhála náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 6 pointe (5) mar aon le haon reachtaíocht náisiúnta ábhartha eile agus cuirfidh siad a chéile ar an eolas faoin méid sin.

6. Má chinneann Ballstát ceadúnas arm a dheonaigh sé ar bhall foirne CIT de chuid cuideachta atá bunaithe i mBallstát eile a tharraingt siar, cuirfidh sé an méid sin in iúl d’údarás deonúcháin an Bhallstáit tionscnaimh.

Airteagal 12 – Faisnéis roimh thús an iompair thrasteorann

1. Cuirfidh cuideachta a bhfuil ceadúnas trasteorann CIT aici in iúl d’údarás deonúcháin an cheadúnais luath go leor roimh ré cén Ballstát/cé na Ballstáit ina bhfuil rún aici iompar CIT a chur i gcrích. Ansin inseoidh an Ballstát tionscnaimh láithreach don Bhallstát/do na Ballstáit atá i gceist go bhfuil an t-iompar trasteorann ar tí tosú.

2. Cuideachta a bhfuil sé beartaithe aici iompar trasteorann airgid thirim a dhéanamh, cuirfidh sí in iúl roimh ré don údarás/do na húdaráis ábhartha arna lua ag an mBallstát/na Ballstáit aíochta ainmneacha na ndaoine a fhéadfaidh a leithéid d’iompar a dhéanamh ina chríoch/ina gcríoch.

CUID 2: RIALACHA SONRACHA DO GACH CINEÁL IOMPAIR

Airteagal 13 - Nótaí bainc á n-iompar i bhfeithicil neamharmúrtha nach cuid suntais a dealramh agus a bhfuil IBNS feistithe inti

Féadfaidh na cuideachtaí atá i seilbh ceadúnais trasteorann CIT dul i mbun iompair thrasteorann nótaí bainc euro de bhóthar, ag baint leasa dóibh as feithicil neamharmúrtha ina bhfuil IBNS feistithe, ar chuntar go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) Feithicil nach cuid suntais a dealramh.

(b) Beidh ar a laghad beirt bhall foirne slándála CIT ar bord gach feithicle, nach gceadófar dóibh éide a chaitheamh.

Airteagal 14 - Nótaí bainc á n-iompar i bhfeithicil neamharmúrtha ar a bhfuil marcáil shoiléir a thugann le fios go bhfuil IBNS feistithe inti

Féadfaidh na cuideachtaí atá i seilbh ceadúnais trasteorann CIT dul i mbun iompair thrasteorann nótaí bainc euro de bhóthar, ag baint leasa dóibh as feithicil neamharmúrtha ina bhfuil IBNS feistithe, ar chuntar go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) Beidh marcáil shoiléir ar an bhfeithicil a thugann le fios go bhfuil IBNS feistithe inti. Freagróidh an mharcáil don phicteagram atá léirithe in Iarscríbhinn IV.

(b) Beidh ar a laghad beirt bhall foirne slándála CIT ar bord gach feithicle.

Airteagal 15 - Nótaí bainc á n-iompar i bhfeithicil ina bhfuil urrann na bpaisinéirí armúrtha agus a bhfuil IBNS feistithe inti

Féadfaidh na cuideachtaí atá i seilbh ceadúnais trasteorann CIT dul i mbun iompair thrasteorann nótaí bainc euro de bhóthar ag baint leasa dóibh as feithicil ina bhfuil urrann na bpaisinéirí armúrtha agus a bhfuil IBNS feistithe inti, ar chuntar go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) Beidh urrann armúrtha na feithicle in ann lámhach gunnaí den chineál Kalashnikov, calabra 7.62 mm, a sheasamh, ar a laghad ar bith.

(b) Beidh marcáil shoiléir ar an bhfeithicil a thugann le fios go bhfuil IBNS feistithe inti. Freagróidh an mharcáil don phicteagram atá léirithe in Iarscríbhinn IV.

(c) Caithfidh an fhoireann slándála CIT veisteanna piléardhíonacha a chomhlíonann an caighdeán VPAM aicme 5, NIJ IIIA ar a laghad, nó a gcomhchaighdeán.

(d) Beidh ar a laghad beirt bhall foirne slándála CIT ar bord gach feithicle.

Airteagal 16 - Nótaí bainc á n-iompar i bhfeithicil atá armúrtha go hiomlán ach nach bhfuil IBNS feistithe inti

Féadfaidh na cuideachtaí atá i seilbh ceadúnais trasteorann CIT dul i mbun iompair thrasteorann nótaí bainc euro de bhóthar ag baint leasa dóibh as feithicil lánarmúrtha nach bhfuil IBNS feistithe inti, ar chuntar go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) Beidh na codanna den fheithicil ina bhfuil an fhoireann slándála CIT armúrtha sa chaoi go mbeidh siad in ann lámhach gunnaí den chineál Kalashnikov, calabra 7.62 mm, a sheasamh, ar a laghad ar bith.

(b) Caithfidh an fhoireann slándála CIT veisteanna piléardhíonacha a chomhlíonann an caighdeán VPAM aicme 5, NIJ IIIA ar a laghad, nó a gcomhchaighdeán.

(c) Beidh ar a laghad triúr ball foirne slándála CIT ar bord gach feithicle.

Airteagal 17 - Nótaí bainc á n-iompar i bhfeithicil lánarmúrtha a bhfuil IBNS feistithe inti

Féadfaidh na cuideachtaí atá i seilbh ceadúnais trasteorann CIT dul i mbun iompair thrasteorann nótaí bainc euro de bhóthar ag baint leasa dóibh as feithicil lánarmúrtha a bhfuil IBNS feistithe inti, ar chuntar go gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagail 15(b), 16(a) agus 16(b) den Rialachán seo.

Beidh ar a laghad beirt bhall foirne slándála CIT ar bord gach feithicle.

Airteagal 18 - Boinn airgid á n-iompar i bhfeithicil neamharmúrtha

Féadfaidh na cuideachtaí atá i seilbh ceadúnais trasteorann CIT dul i mbun iompair thrasteorann bonn airgid euro de bhóthar ag baint leasa dóibh as feithicil nach bhfuil ach boinn airgid á n-iompar aici, ar chuntar go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) Feithicil nach cuid suntais a dealramh.

(b) Beidh ar a laghad beirt bhall foirne slándála CIT ar bord gach feithicle nach gceadófar dóibh éide a chaitheamh.

Maidir leis na cineálacha iompair a áiríonn boinn airgid agus nótaí bainc araon, beidh siad sin faoi réir Airteagail 13 go 17, gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 20, de réir chineál na feithicle agus an fhearais a úsáidtear.

Airteagal 19 - Boinn airgid á n-iompar i bhfeithicil ina bhfuil urrann na bpaisinéirí armúrtha

Féadfaidh na cuideachtaí atá i seilbh ceadúnais trasteorann CIT dul i mbun iompair thrasteorann bonn airgid euro de bhóthar ag baint leasa dóibh as feithicil nach bhfuil ach boinn airgid á n-iompar aici, ar chuntar go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) Beidh urrann na feithicle armúrtha agus beidh marcáil shoiléir ar an bhfeithicil a thugann le fios nach bhfuil ach boinn airgid á n-iompar aici. Freagróidh an mharcáil don phicteagram atá léirithe in Iarscríbhinn V.

(b) Beidh urrann armúrtha na feithicle in ann lámhach gunna den chineál Kalashnikov, calabra 7.62 mm, a sheasamh ar a laghad ar bith.

(c) Caithfidh an fhoireann slándála CIT veisteanna piléardhíonacha a chomhlíonann an caighdeán VPAM aicme 5, NIJ IIIA ar a laghad, nó a gcomhchaighdeán.

(d) Beidh ar a laghad beirt bhall foirne slándála CIT ar bord gach feithicle.

Maidir leis na cineálacha iompair a áiríonn boinn airgid agus nótaí bainc araon, beidh siad seo faoi réir Airteagail 13 go 17, gan dochar do chur chun feidhme Airteagal 20, de réir chineál na feithicle agus an fhearais a úsáidtear.

Airteagal 20 – Maoluithe náisiúnta

(a) Féadfaidh Ballstát a chinneadh nach bhfuil feidhm ag Airteagail 13, 14, 15, 16 ná 17 maidir le hiompar trasteorann nótaí bainc de bhóthar ina chríoch féin, ar chuntar nach gceadaíonn sé a leithéidí de mhodhanna inchurtha iompair don iompar CIT náisiúnta agus ar chuntar go bhfuil feidhm ag ceann amháin ar a laghad de na hAirteagail sin ina chríoch. Ní chuimseoidh aon mhaolú féideartha ó Airteagal 16 an t-iompar pointe go pointe.

(b) Féadfaidh Ballstát a chinneadh nach bhfuil feidhm ag Airteagal 18 nó Airteagal 19 maidir le hiompar trasteorann bonn airgid de bhóthar ina chríoch féin, ar chuntar nach gceadaíonn sé a leithéidí de mhodhanna inchurtha iompair don iompar CIT náisiúnta.

(c) Maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 13, 14, 15 agus 17, féadfaidh Ballstát a chinneadh nach n-úsáidfear ach IBNS ó cheann go ceann ina chríoch féin d’fhonn fónamh a dhéanamh ar ATM seacháitribh, ar an gcoinníoll go gcuirtear na rialacha céanna i bhfeidhm ar an iompar CIT náisiúnta.

(d) Tabharfaidh an Ballstát atá i gceist fógra don Choimisiún faoi aon chinneadh a dhéanann sé úsáid a bhaint as ceann ar bith de na maoluithe thuasluaite san Airteagal seo, agus áiritheofar dá bharr go bhfoilseofar nóta faisnéise dá réir in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh . Tiocfaidh an maolú i bhfeidhm mí amháin tar éis fhoilsiú an nóta faisnéise. Féadfaidh an Ballstát maolú a chur i leataobh ach leas a bhaint as an nós imeachta céanna.

(e) Más léir do Bhallstát aíochta nó do Bhallstát a thrasnaítear go bhfuil fabhtanna nach beag i ngléas IBNS ó thaobh na ngnéithe teicniúla a theastódh de ghnáth, is é sin le rá go bhfuil rochtain ar an airgead gan an mheicníocht neodraithe a chur ag obair nó go bhfuil modhnú déanta ar an IBNS i ndiaidh an fhormheasta sa chaoi is nach gcomhlíonann sé critéir an fhormheasta a thuilleadh, cuirfidh sé é sin in iúl don Choimisiún agus don Bhallstát a thug an formheas agus féadfaidh sé a iarraidh go ndéanfar trialacha nua ar an IBNS sin. Ag feitheamh dó ar thorthaí na dtrialacha nua sin, féadfaidh an Ballstát úsáid an IBNS a thoirmeasc go sealadach ina chríoch. Cuirfidh sé an méid sin in iúl gan mhoill don Choimisiún agus do na Ballstáit eile lena mbaineann an Rialachán seo.

CUID 3: FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 21 - Rialú

Áiritheoidh na Ballstáit tionscnaimh agus na Ballstáit aíochta go gcomhlíonfar na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo, trí bhíthin cigireachtaí randamacha gan fógra a thabhairt don chuideachta, i measc rudaí eile. Déanfar na rialuithe sin ar a laghad uair amháin in aghaidh na bliana.

Airteagal 22 - Pionóis

1. Más léir do na húdaráis náisiúnta inniúla gur sáraíodh ceann de na téarmaí ar deonaíodh ceadúnas trasteorann CIT faoi, déanfaidh an t-údarás deonúcháin cinneadh an dtabharfaidh sé rabhadh don chuideachta atá i gceist, an ngearrfaidh sé fíneáil, an gcuirfidh sé an ceadúnas ar fionraí ar feadh tréimhse idir dhá seachtain agus dhá mhí nó an dtarraingeoidh sé an ceadúnas siar go hiomlán, ag brath ar chineál nó ar thromchúis an tsáraithe. Féadfaidh an t-údarás deonúcháin an chuideachta atá i gceist a chosc ar iarratas a dhéanamh ar cheadúnas nua ar feadh tréimhse suas go 5 bliana freisin.

2. Cuirfidh an Ballstát a trasnaíodh nó an Ballstát aíochta aon sárú a rinneadh ar an Rialachán seo - lena n-áirítear sáruithe ar na rialacha náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 8 agus in Airteagal 9 - in iúl d’údaráis náisiúnta inniúla an Bhallstáit tionscnaimh, a chinnfidh pionós iomchuí. Ina theannta sin, féadfaidh an Ballstát a trasnaíodh nó an Ballstát aíochta fíneáil a ghearradh má sháraítear na rialacha náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 8 agus in Airteagal 9 nó na maoluithe náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 20 den Rialachán seo. Féadfaidh sé freisin gan cead a thabhairt don fhoireann CIT a rinne na sáruithe iompar trasteorann airgid thirim a dhéanamh ina chríoch más féidir an sárú a chur ina leith.

3. Féadfaidh an Ballstát a trasnaíodh nó an Ballstát aíochta an ceart atá ag cuideachta CIT airgead tirim in euro a iompar de bhóthar ina chríoch a chur ar fionraí ar feadh tréimhse nach faide ná dhá mhí, ag feitheamh dó ar chinneadh údarás deonúcháin an Bhallstáit tionscnaimh, sna cásanna seo a leanas:

(a) Murar comhlíonadh forálacha an Rialacháin seo a bhaineann le híoslíon ball foirne slándála CIT i ngach feithicil, nó a bhaineann le hairm.

(b) Má chuireann an chuideachta CIT a cuid gníomhaíochtaí iompair i gcrích ar bhealach a chuireann an t-ord poiblí i mbaol.

(c) Má sháraítear an Rialachán seo go mion minic.

4. Ina theannta sin, féadfaidh an Ballstát a d'eisigh an ceadúnas arm pionós a leagan ar an bhfoireann slándála CIT i gcomhréir lena rialacha náisiúnta féin má sháraítear a reachtaíocht náisiúnta maidir le hairm.

5. Ba cheart go mbeadh na pionóis i gcomhréir i gcónaí le tromchúis an tsáraithe.

Airteagal 23 – Bearta slándála i gcás éigeandála

1. De mhaolú ar an ngnáthriail, féadfaidh Ballstát bearta slándála sealadacha a thabhairt isteach sa bhreis orthu siúd a ndéantar foráil dóibh sna rialacha seo i gcás faidhbe práinní a mbeidh tionchar suntasach aici ar shlándáil oibríochtaí CIT. Cuirfear na bearta sealadacha sin i bhfeidhm ar gach iompar CIT sa chríoch iomlán nó i gcuid di, beidh feidhm leo ar feadh ceithre sheachtain ar a fhad agus cuirfear fógra ina dtaobh chuig an gCoimisiúin láithreach. Áiritheoidh an Coimisiún go bhfoilseofar gan mhoill iad trí na bealaí cuí.

2. Ní féidir síneadh a chur leis na bearta sealadacha dá ndéantar foráil i mír 1 thar thréimhse cheithre sheachtain gan údarúchán a fháil roimh ré ón gCoimisiún. Cinnfidh an Coimisiún an dtabharfaidh sé an t-údarúchán 72 uair an chloig ar a dhéanaí ón am a fhaigheann sé an t-iarratas.

Airteagal 24 – Luach saothair na foirne CIT a dhéanann iompar trasteorann

Cinnteofar go bhfaighidh an fhoireann CIT a dhéanann iompar trasteorann de réir bhrí an Rialacháin seo na bunrátaí ábhartha pá, lena n-áirítear rátaí ragoibre, sa Bhallstát aíochta i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos in Airteagal 3(1)(c) de Threoir 96/71/CE. Más airde bunrátaí ábhartha pá an Bhallstáit aíochta ná an pá a íoctar leis an bhfostaí sa Bhallstát tionscnaimh, is iad bunrátaí ábhartha pá an Bhallstáit aíochta, lena n-áirítear na rátaí ragoibre, a íocfar don lá oibre iomlán. Má dhéantar an t-iompar i mbreis agus aon Bhallstát aíochta amháin agus más airde an bunráta pá i mbreis agus aon cheann díobh seo ná bunráta pá an Bhallstáit tionscnaimh, is é an bunráta pá is airde, lena n-áirítear rátaí ragoibre, a íocfar don lá oibre iomlán.

Mar sin féin, más amhlaidh, ar bhonn na gconarthaí, na rialachán, na bhforálacha riaracháin nó na socruithe praiticiúla atá ann cheana go ndéanfaidh oibrí CIT iompar trasteorann ar feadh breis agus 100 lá oibre, a chaithfear go hiomlán nó i bpáirt i mBallstát eile in aon bhliain féilire amháin, cuirfear na téarmaí agus na coinníollacha dá dtagraítear i bhforálacha Threoir 96/71/CE i bhfeidhm go hiomlán ar na laethanta oibre ar fad a caitheadh go hiomlán nó i bpáirt sa Bhallstát aíochta sin sa bhliain féilire sin.

Chun críche na téarmaí agus na coinníollacha fostaíochta ábhartha a leagan síos, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Threoir 96/71/CE de bhun analaí.

Airteagal 25 - Coiste ar iompar trasteorann airgid thirim in euro

1. Cuirfear Coiste ar iompar trasteorann airgid thirim in euro ar bun. Is é an Coimisiún a bheidh ina chathaoirleach air agus cuimseoidh sé beirt ionadaí ó gach Ballstát lena mbaineann an Rialachán seo, mar aon le beirt ionadaí ón mBanc Ceannais Eorpach.

2. Tiocfaidh baill an Choiste le chéile ar a laghad uair amháin in aghaidh na bliana lena dtuairimí a chur in iúl faoi chur chun feidhme an Rialacháin seo. Chun na críche sin, rachaidh siad i gcomhairle le páirtithe leasmhara na hearnála, lena n-áirítear na páirtithe sóisialta, agus cuirfidh siad a dtuairimísean san áireamh de réir mar is iomchuí. Rachfar i gcomhairle leis an gCoiste agus an t-athbhreithniú dá bhfuil tagairt in Airteagal 26 á ullmhú.

Airteagal 26 - Athbhreithniú

Tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo dhá bhliain ar a dhéanaí tar éis dó teacht i bhfeidhm agus, ina dhiaidh sin, uair amháin gach cúig bliana. Chun na críche sin, rachaidh sé i gcomhairle le páirtithe leasmhara na hearnála, lena n-áirítear na páirtithe sóisialta. Cuimseoidh an tuarascáil sin, go háirithe, scrúdú ar an bhféidearthacht comhriachtanais oiliúna a leagan síos maidir le hiompar arm ag foireann CIT agus cuirfidh sí san áireamh, mar is cuí, aon dul chun cinn teicneolaíochta i réimse an IBNS agus measúnóidh sí an gcaithfear an Rialachán a athbhreithniú dá réir.

Airteagal 27 – Na rialacha teicniúla a leasú

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 28, le hAirteagal 29 agus le hAirteagal 30, leasuithe ar na rialacha teicniúla a ghlacadh faoi na caighdeáin is infheidhme maidir le harmúr a chur ar an bhfeithicil, na boscaí daingne agus na veisteanna piléardhíonacha ba cheart a úsáid, agus freisin ar Iarscríbhinn III d’fhonn an dul chun cinn teicneolaíochta agus aon chaighdeáin nua Eorpacha a bheadh ar fáil a chur san áireamh.

Airteagal 28 – An tarmligean a fheidhmiú

1. Tabharfar na cumhachtaí don Choimisiún ar feadh tréimhse neamhchinntithe na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 27 a ghlacadh.

2. A luaithe agus a ghlacann sé gníomh tarmligthe, cuirfidh an Coimisiún é sin in iúl go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

3. Tá na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 29 agus in Airteagal 30.

Airteagal 29 – Tarmligean na gcumhachtaí a chúlghairm

1. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 27 a chúlghairm am ar bith.

2. Cuirfidh an institiúid a chuir tús leis an nós imeachta inmheánach chun a chinneadh an ceart tarmligean na gcumhachtaí a chúlghairm an méid sin in iúl don institiúid eile agus don Choimisiún laistigh de thréimhse réasúnta ama sula ndéanfar an cinneadh deiridh, ag tabhairt le fios cé na cumhachtaí tarmligthe a d’fhéadfaí a chúlghairm agus cúiseanna na cúlghairme.

3. Cuirfidh cinneadh seo na cúlghairme deireadh le tarmligean na gcumhachtaí a shonraítear sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm láithreach nó ar dháta eile a shonraítear ann. Ní rachaidh sé i gcion ar bhailíocht na ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana. Foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é.

Airteagal 30 – Agóid in aghaidh gníomhartha tarmligthe

1. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle agóid a dhéanamh in aghaidh an ghnímh tharmligthe laistigh de thréimhse 3 mhí ó dháta an fógra. Ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle, cuirfear síneadh míosa leis an tréimhse sin.

2. Nuair a rachaidh an tréimhse sin in éag agus gan aon agóid a bheith déanta ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle in aghaidh an ghnímh tharmligthe, foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é agus tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an dáta a shonraítear ann.

Féadfar an gníomh tarmligthe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus féadfaidh sé teacht i bhfeidhm roimh dheireadh na tréimhse sin má chuireann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún nach bhfuil rún acu aon agóid a dhéanamh.

3. Má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid in aghaidh an ghnímh tharmligthe a glacadh, ní thiocfaidh sé i bhfeidhm. Sonróidh an institiúid atá ag déanamh na hagóide na fáthanna atá leis an agóid.

Airteagal 31 - Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm sé mhí tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an […]

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán […] […]

IARSCRÍBHINN I GNÉITHE SLÁNDÁLA AN CHEADÚNAIS TRASTEORANN CIT

Ní mór dhá cheann de na gnéithe slándála seo a leanas ar a laghad a bheith ag an gceadúnas trasteorann CIT:

- holagram;

- snáithíní ar leith sa pháipéar is féidir a fheiceáil faoi sholas UV;

- líne mhícrea-chló amháin ar a laghad (cló nach féidir a fheiceáil ach le gloine mhéadaithe agus nach féidir a atáirgeadh le meaisín fótachóipeála);

- carachtair, siombail nó patrúin tadhaill;

- uimhriú dúbailte: sraithuimhir an cheadúnais trasteorann CIT, na cóipe deimhnithe nó an deimhnithe tiomána agus, i ngach cás, an uimhir eisithe;

- cúlra slándála le patrúin fhíneálta guilloche agus priontáil stua ceatha.

IARSCRÍBHINN II SAMHAIL DE CHEADÚNAS TRASTEORANN CIT

AN tAONTAS EORPACH

(Dath Pantone bándearg 176, formáid DIN A4 páipéar ceallalóis 100g/m2 nó níos mó)

(An chéad leathanach den cheadúnas)

(Téacs i dteanga oifigiúil AE (i gceann de theangacha oifigiúla AE) an Bhallstáit atá ag eisiúint an cheadúnais)

Suaitheantas[12] an Bhallstáit atá ag eisiúint an cheadúnais Ainm an údaráis deonúcháin |

Uimhir an CHEADÚNAIS

(nó)

Uimhir na CÓIPE DÍLSE DEIMHNITHE

le haghaidh iompair thrasteorann ghairmiúil airgid thirim in euro de bhóthar

Tugann an ceadúnas seo an ceart do[13] | ................................................................................................................. |

............................................................................................................................................................................................. |

dul i mbun iompair thrasteorann ghairmiúil airgid thirim in euro de bhóthar ar chúrsa ar bith, i gcás aistear nó cuid d’aistir a dhéantar taobh istigh de chríoch an Aontais, mar atá leagtha síos i Rialachán (AE) Uimh. .../20xx ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an... maidir le hiompar trasteorann gairmiúil airgid thirim in euro de bhóthar idir na Ballstáit i limistéir an euro agus sa Rialachán ón gComhairle (AE) Uimh. .../20xx maidir le méadú raon feidhme Rialachán (AE) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle Uimh. /20xx agus i gcomhréir le forálacha ginearálta an cheadúnais seo.

Nótaí ar leith: | ............................................................................................................................................................ |

Beidh an ceadúnas seo bailí ar feadh tréimhse cúig bliana, ó ........................................... | go dtí...................................................... |

Arna eisiúint i .............................................................., | an.......................................................................................................... |

[14].................................................................

(An dara leathanach den cheadúnas)

(Téacs i dteanga oifigiúil AE (i gceann de theangacha oifigiúla AE) an Bhallstáit atá ag eisiúint an cheadúnais)

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Eisítear an ceadúnas seo de bhun Rialachán (AE) Uimh. .../20xx maidir le hiompar trasteorann gairmiúil airgid tirim in euro de bhóthar idir na Ballstáit i limistéar an euro.

Tugann sé an ceart don sealbhóir dul i mbun iompair trasteorann ghairmiúil airgid thirim in euro de bhóthar, mar atá leagtha síos i Rialachán (AE) Uimh. .../20xx, ar chúrsa ar bith, i gcás aistear nó cuid d’aistir a dhéantar taobh istigh de chríoch an Aontais atá faoi réir Rialachán (AE) Uimh. .../20xx agus atá faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos sa cheadúnas seo.

Is é ceadúnas pearsanta an tsealbhóra é agus níl sé inaistrithe.

Ní mór don ghnóthas iompair bunchóip an cheadúnais a choinneáil.

Ní mór cóip dheimhnithe den cheadúnas a choinneáil ar bord na feithicle CIT.

Ní mór an bhunchóip nó cóip dheimhnithe den cheadúnas a thabhairt ar aird ar iarraidh aon oifigigh chigireachta údaraithe.

Gan dochar d’fhorálacha Rialachán (AE) Uimh..../20xx, ní mór don sealbhóir na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin atá i bhfeidhm i gcríoch gach Ballstáit a chomhlíonadh, go mór mór maidir leis an iompar agus an trácht.

IARSCRÍBHINN III CÓRAS MEABHRACH NEODRAITHE NÓTAÍ BAINC - (IBNS)

I. Sainmhínithe agus forálacha ginearálta

Le sainmhínithe a fháil ar na téarmaí 'limistéar daingean', 'suíomh daingean', 'córas meabhrach neodraithe nótaí bainc (IBNS)' agus 'IBNS ó cheann go ceann': féach Airteagail 1(l), 1(m), 1(n) agus 1(o) den Rialachán seo, faoi seach.

Féadfaidh nótaí bainc (pacáistithe nó gan a bheith pacáistithe) nó caiséad ATM a bheith san IBNS.

Ní mór don IBNS formheas a fháil i mBallstát i limistéar an euro chun go n-úsáidfear é le haghaidh iompair thrasteorann airgid thirim in euro de bhun an Rialacháin seo. Déanfar an formheas de réir sainchaighdeáin Eorpaigh atá ann cheana. In éagmais a leithéid de chaighdeán, ní mór an formheas a dhéanamh de réir fhorálacha na hIarscríbhinne seo.

II. Nós imeachta formheasta an IBNS

a) Chun go bhformheasfar é, ní mór don IBNS tástálacha éagsúla a sheasamh i saotharlann tástála atá formheasta nó aitheanta ag Ballstát atá i limistéar an euro.

Ní mór a bheith in ann a dheimhniú ar bhonn na dtástálacha sin go bhfuil na gnéithe teicniúla seo a leanas den IBNS sásúil:

i) Príomhfheidhmeanna riachtanacha an chórais mhonatóireachta

- Monatóireacht agus taifead leanúnach a dhéanamh ar na treoracha a bhaineann le rochtain ar an IBNS agus le húsáid an IBNS.

- A dheimhniú go leanúnach go bhfuil na treoracha sin á gcomhlíonadh agus a bheith in ann dálaí aimhrialta a bhrath.

- Na nótaí bainc a neodrú láithreach agus go huathoibríoch mura bhfuil na treoracha á gcomhlíonadh, má bhraitear dálaí aimhrialta nó má osclaítear an gabhdán lasmuigh de na tréimhsí agus/nó na suíomhanna réamhchláraithe.

ii) Suíomh inar féidir an córas monatóireachta a ríomhchlárú agus tionchar na foirne slándála CIT ar an gcaoi a n-oibríonn an IBNS

Ní fhéadfar IBNS a ríomhchlárú ach i limistéar daingean. Ní fhéadfar IBNS ó cheann go ceann a ríomhchlárú ach i suíomh daingean.

Ní bheidh an fhoireann slándála CIT in ann ar chaoi ar bith dul i gcion ar fheidhmiú an IBNS taobh amuigh de na tréimhsí agus/nó na suíomhanna réamhchláraithe. Mar sin féin, má tá córas moille ama ann chun an neodrú a chur ar siúl, féadfaidh an fhoireann slándála CIT an mhoill ama a ath-thionscnamh uair amháin.

iii) Suíomh inar féidir an IBNS a oscailt (i gcás córas ó cheann go ceann)

Ní fhéadfar an IBNS a oscailt ach sna cinn scríbe réamhchláraithe.

b) Déanfar ath-thástáil ar an IBNS uair amháin gach cúig bliana, fiú amháin mura bhfuil aon teorainn ama leis an bhformheas náisiúnta a eisíodh. Mura mbíonn toradh dearfach ar na tástálacha nua, ní bheidh an formheas bailí a thuilleadh don iompar trasteorann de bhun an Rialacháin seo.

c) Le pas a fháil sna tástálacha, ní mór ceann amháin de na torthaí seo a bhaint amach:

- tar éis na tástálacha a dhéanamh, níorbh fhéidir teacht ar na nótaí bainc agus ní dhearnadh aon dochar don IBNS, a raibh an mheicníocht aige ag feidhmiú i gcónaí;

- tar éis na tástálacha a dhéanamh, rinneadh damáiste don IBNS ach níorbh fhéidir teacht ar na nótaí bainc gan an córas neodraithe a chur ar siúl.

III. Nósanna imeachta tástála

Tá an modh a úsáidtear chun na tástálacha a dhéanamh agus na caighdeáin a shainíonn an toradh nach mór do na córais atá á dtástáil a bhaint amach leagtha síos san Iarscríbhinn seo. Mar sin féin, féadfar coigeartuithe a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta chun iad a chur i gcomhréir leis na prótacail tástála a chleachtann na saotharlanna i ngach Ballstát.

a) Tástáil ar frithsheasmhacht an IBNS in aghaidh cineálacha éagsúla ionsaithe

As measc na dtástálacha éagsúla a ionsamhlaíonn ionsaithe, ní mór do na Ballstáit sé cinn a chur i gcrích, agus féadfar na cinn eile a dhéanamh freisin i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta is infheidhme.

I ngach ceann de na tástálacha a chuirtear i gcrích, ní mór pas a fháil de réir bhrí II(c) thuas.

- tástálacha éigeantacha:

- 1 - scoitheadh an tsoláthair leictreachais;

- 2 - briseadh isteach sa ghabhdán;

- 3 - an gabhdán á oscailt le tréan scriosta (le hord);

- 4 - gearradh gasta (‘gilitíniú’);

- 5 - tumadh in ábhar leachtach;

- 6 - é a chur go tobann agus de réir a chéile faoi réir teochtaí foircneacha (teas agus fuacht): e.g. á fhuarú i nítrigin leachtach agus á théamh in oigheann réamhthéite.

- trialacha inmholta is féidir a dhéanamh freisin:

- 7 - frithsheasmhacht in aghaidh arm tine (e.g. le cartúis 12 chró);

- 8 - úsáid ceimiceán;

- 9 - saorthitim;

- 10 - é a nochtadh do bhorradh mór leictreamaighnéadach;

- 11 - é a nochtadh do bhorradh mór leictreastatach.

b) Éifeachtacht neodrú na nótaí bainc

Is iad na próisis neodraithe a chleachtar faoi láthair ná smálú, scrios ceimiceach agus scrios piritheicniúil. Toisc gur féidir go dtiocfaidh bláth eile fós ar an teicneolaíocht, níl liosta na bpróiseas a úsáidtear uileghabhálach agus níl sé ach táscach.

Má dhéantar aon iarracht teacht ar na cistí trí bhíthin na gcineálacha éagsúla ionsaí, ní foláir na nótaí bainc a scriosadh nó a smálú. Ní mór ar a laghad trí thriail a dhéanamh.

Ní mór 100 % de na nótaí bainc a neodrú ar bhealach dochúlaithe. Ina theannta sin ní mór é a bheith soiléir do dhuine ar bith a mbeidh na nótaí bainc ina sheilbh go bhfuil siad neodraithe.

Ní mór 10% ar a laghad de dhromchla dhá thaobh gach aon nóta bainc a smálú más i málaí sábháilte atá na nótaí bainc. Mura bhfuil siad i málaí sábháilte, ní mór 20% ar a laghad de dhromchla dhá thaobh gach aon nóta bainc a smálú. Maidir le córais scriosta, ní mór 20% ar a laghad de dhromchla dhá thaobh gach nóta a scriosadh i ngach cás.

c) Ábhar na dtástálacha a dhéantar ar fhrithsheasmhacht na nótaí bainc in aghaidh glanta - i gcás IBNS a úsáideann smálú

Le haghaidh a leithéid seo de 'ghlanadh', ní mór táirgí nó teaglamaí de tháirgí éagsúla a úsáid. Ní mór cásanna éagsúla a shamhlú sa chaoi is go n-athrófar teocht agus fad an ghlanta. Ní mór dhá nós imeachta a úsáid le haghaidh na dtástálacha glanta sin:

- ní mór an glanadh a dhéanamh go díreach tar éis an smálaithe;

- agus ní mór an glanadh a dhéanamh 24 uair an chloig tar éis an smálaithe.

Ní mór na tástálacha sin a dhéanamh ar shampla ionadaíoch de na nótaí dílse a úsáidtear i limistéar an euro.

Ní mór ceann amháin ar a laghad de na torthaí seo a bhaint amach ag deireadh na dtástálacha:

- Scriostar na nótaí bainc de bharr an ghlanta.

- Fágann an glanadh dúch go sofheicthe ar 10% ar a laghad de dhromchla gach aon nóta bainc (tástáil ar dhlús an dúigh a úsáideadh).

- De bharr an ghlanta níl dathanna bunaidh na nótaí bainc le feiceáil a ndóthain níos mó.

IV. Bearta sábháilteachta le haghaidh na gcóras a úsáidtear

Féadfaidh na substaintí ceimiceacha a scaoiltear as IBNS chun nótaí bainc a neodrú a bheith faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH)[15]. Pléann an Rialachán seo leis na rioscaí do shláinte an duine agus do thimpeallacht na substaintí arna monarú, arna allmhairiú, nó arna úsáid leo féin, i meascán nó in earra.

Chun gur féidir an IBNS a fhormheas, deimhneoidh an monaróir an gcaithfidh sé na substaintí atá ina chuid táirgí a chlárú nó fógra a thabhairt fúthu nó faisnéis a thabhairt do na custaiméirí faoina n-úsáid shábháilte. Féadfaidh freisin go mbeidh dualgais dlí ar an monaróir de bharr na substaintí seo a bheith ar 'liosta iarrthóirí' na substaintí is díol imní nó ar liosta na substaintí atá faoi réir údaraithe mar atá leagtha amach i REACH. Baineann na dualgais seo ní hamháin leis na substaintí liostaithe iontu féin nó i meascáin, ach freisin iad a bheith le fáil in earraí.

Ní mór don mhonaróir IBNS teastas a chur ar fáil d’údarás formheasta an Bhallstáit a chuimsíonn torthaí an deimhnithe seo agus a thugann le fios nach aon riosca suntasach don tsláinte na substaintí ná na heilimintí a úsáidtear chun na cistí a scriosadh nó a neodrú má ion-análaítear iad nó má theagmhaíonn siad le craiceann na foirne slándála CIT.

Chuige sin, féadfaidh anailís a bheith sa teastas ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do na ceimiceáin, i.e. an uastréimhse nochta a cheadaítear do chainníocht den cheimiceán arna sainiú.

- IARSCRÍBHINN IV PICTEAGRAIM IBNS

Picteagram d’fheithicil CIT a bhfuil IBNS feistithe inti

[pic] |

Picteagram de ghabhdán nótaí bainc a bhfuil IBNS feistithe inti

[pic] |

- IARSCRÍBHINN V PICTEAGRAM D’FHEITHICIL CIT NACH BHFUIL ACH BOINN AIRGID Á nIOMPAR AICI

[pic]

IARSCRÍBHINN VI ÁBHAR NA hOILIÚNA TOSAIGH DON FHOIREANN CIT A THÉANN I mBUN IOMPAIR THRASTEORANN AIRGID THIRIM

Beidh na hoibrithe CIT a ghlacann páirt san iompar trasteorann gairmiúil airgid thirim in euro de bhóthar idir na Ballstáit i limistéar an euro tar éis an méid a leanas a dhéanamh:

19. An oiliúint tosaigh chuí a dhéanamh agus a chomhlánú de réir a gcuid rialachán tagartha náisiúnta, agus/nó na gcomhaontuithe comhchoiteanna saothair nó - murab ann dóibh sin - cúrsaí oiliúna an chomhlachais náisiúnta CIT/slándála nó cúrsaí oiliúna inmheánacha na cuideachta;

20. Pas a fháil sna scrúduithe a leanann an oiliúint tosaigh seo nó aon nós imeachta arb aidhm dó toradh na foghlama a thástáil;

21. An modúl oiliúna breise éigeantach a dhéanamh agus a chomhlánú mar a leagtar amach é san Iarscríbhinn seo agus a chuimsíonn ar a laghad:

22. Nósanna imeachta trasteorann CIT .

23. Reachtaíocht Eorpach maidir le CIT.

24. Reachtaíocht náisiúnta is infheidhme a bhaineann le CIT an Bhallstáit/na mBallstát a thrasnaítear agus ar a bhfreastalaítear.

25. Rialacha tiomána náisiúnta CIT an Bhallstáit/na mBallstát a thrasnaítear agus ar a bhfreastalaítear (lena n-áirítear an ceart ag na feithiclí CIT lánaí tiomána sonracha a úsáid).

26. Prótacail slándála náisiúnta i gcás ionsaí sa Bhallstát/sna Ballstáit a thrasnaítear agus ar a bhfreastalaítear.

27. Eagrúchán agus nósanna imeachta oibríochta an iompair CIT arna chosaint ag teicneolaíocht IBNS[16] an Bhallstáit/na mBallstát a thrasnaítear agus ar a bhfreastalaítear.

28. Prótacail oibríochta náisiúnta, rialacha agus rialacháin is infheidhme sa Bhallstát/sna Ballstáit a thrasnaítear agus ar a bhfreastalaítear.

29. Prótacail slándála náisiúnta i gcás éigeandála sa Bhallstát/sna Ballstáit a thrasnaítear agus ar a bhfreastalaítear má chliseann ar an bhfeithicil, i gcás timpiste bóthair nó má chliseann ar aon ghné theicniúil nó mheicniúil den fhearas CIT nó den fheithicil.

30. Nósanna imeachta riaracháin agus rialacha cuideachta sa Bhallstát/sna Ballstáit a thrasnaítear agus ar a bhfreastalaítear maidir leis an gcumarsáid le pointe rialaithe etc. gach tíre a thrasnaítear agus ar a bhfreastalaítear.

31. Faisnéis agus oiliúint maidir leis na prótacail iomchuí agus leis an gcomhar leis na fórsaí póilíneachta náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, i dtaobh na ndeimhnithe a dhéantar ar fheithiclí agus ar fhoireann CIT i measc rudaí eile.

32. An reachtaíocht Eorpach agus náisiúnta agus/nó na comhaontuithe comhchoiteanna is infheidhme maidir le huaireanta oibre, líon na sosanna atá riachtanach, dálaí oibre, na tuarastail is infheidhme.

33. An reachtaíocht Eorpach agus náisiúnta agus/nó na comhaontuithe comhchoiteanna is infheidhme maidir le tréimhsí sosa na foirne CIT – cén uair is gá iad, cé chomh minic, fad gach tréimhse sosa, suíomh daingean, cumarsáid leis na lárionaid rialaithe, etc.

34. Rialacha slándála is infheidhme maidir le seachadadh/bailiú (suíomh daingean, bainistiú riosca pábhála etc.).

35. Reachtaíocht tagartha náisiúnta maidir le húsáid agus stóráil arm tine.

36. Teicníochtaí tiomána ionsaithe agus cosanta.

37. Oiliúint chuí maidir le húsáid GPS, na dteileafón agus an fhearais theicniúil/na gcóras teicniúil eile a úsáidtear san iompar trasteorann CIT.

38. Rialáil sláinte agus sábháilteachta náisiúnta sa Bhallstát/sna Ballstáit a thrasnaítear agus ar a bhfreastalaítear a bhaineann leis na hoibrithe a bhíonn ag iompar nithe luachmhara i bhfeithiclí móra de bhóthar agus na prótacail i gcás gortaithe nó tinnis na bhfostaithe.

39. Oiliúint sa gharchabhair.

Ba cheart go gcuimseodh an oiliúint na nithe seo a leanas freisin:

- Bearta coisctheacha agus leasúcháin i réimsí na bainistíochta struis agus an fhoréigin tríú páirtí.

- Measúnú riosca (ag an obair).

- Oiliúint teanga de réir mar is gá d’fhonn na riachtanais teanga atá leagtha amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh (féach Airteagal 5 pointe 2).

IARSCRÍBHINN COMHLEIBHÉIL TAGARTHA CHOMHAIRLE NA hEORPA

Úsáideoir B1: Tuigeann sé na príomhphointí i gcás ábhair shoiléir chaighdeánaigh a bhaineann le gnáthchúrsaí lena bpléitear go rialta san obair, ar scoil, le linn caitheamh aimsire, etc. D'fhéadfadh sé plé le bunáite na gcásanna a d'fhéadfadh teacht chun cinn agus é ag taisteal i limistéar ina labhraítear an teanga. Is féidir leis téacs simplí leanúnach a scríobh ar ábhar a bhfuil taithí aige air nó ar ábhar suime pearsanta dó é. Is féidir leis cuntas a thabhairt ar eachtraí agus ócáidí, ar bhrionglóidí, ar na hábhair dhóchais agus na hardaidhmeanna aige agus cúiseanna agus mínithe a thabhairt go hachomair ar a chuid tuairimí agus pleananna.

Úsáideoir A1: Tá sé in ann gnáthleaganacha cainte a thuiscint agus a úsáid mar aon le habairtí bunúsacha a úsáidtear chun riachtanais nithiúla a chomhlíonadh. Tá sé in ann é féin agus daoine eile a chur in aithne agus ceisteanna a fhreagairt faoi chúrsaí pearsanta, amhail an áit a bhfuil sé ina chónaí, daoine a bhfuil aithne aige orthu agus rudaí atá aige. Tá sé in ann idirghníomhú go simplí ar chuntar go labhraíonn an duine eile go mall soiléir agus go bhfuil sé réidh cabhrú leis.

[1] Bhí an heagraíochtaí seo leanas páirteach ann: CEA (Cónaidhm Eorpach Árachais agus Athárachais), CoESS (Cónaidhm Sheirbhísí Slándála na hEorpa), EBF (Cónaidhm Baincéireachta na hEorpa), an tEurachóras, EPC (Comhairle Íocaíochtaí na hEorpa), ESTA (Comhlachas Iompair Shlándála na hEorpa), EURICPA (Comhlachas Eorpach um Chosaint Mheabhrach Airgid Thirim), EuroCommerce, Europol (an Oifig Eorpach Póilíní), MDWG (Grúpa Oibre Stiúrthóirí Miontaí) agus UNI-Europa (Líonra Aontais Idirnáisiúnta – Europa).

[2] COIM(2009) 214 leagan deireanach.

[3] Is éard atá iontu seo turais iompair le hairgead tirim i mbulc a iompraítear idir ionaid airgid go díreach ó phointe go pointe gan aon stopadh a dhéanamh eatarthu (mar shampla ó bhrainse de bhanc ceannais náisiúnta go hionad airgid CIT). Ní fhreastalaíonn an t-iompar seo ar an gcustaiméir deiridh agus go hiondúil bíonn méideanna móra i gceist.

[4] Féach http://ec.europa.eu/economy_finance/articles/euro/2010-02-26-cross-border-cash_en.htm

[5] De réir an staidéir, ag glacadh leis go ndíbreofar gach bacainn atá sa tslí ar iompar trasteorann gairmiúil airgid thirim de bhóthar, is ionann cumas an mhargaidh san fhadtéarma agus timpeall 2.6 % den mhargadh iomlán (arna áireamh i dtéarmaí luach na n-orduithe ar airgead tirim in euro a dhéantar leis na cuideachtaí CIT), rud a bheadh ag freagairt do thart ar 77 000 turas iompair thrasteorann (ciallaíonn turas iompair sa chás seo feithicil CIT a thrasnaíonn an teorainn faoi dhó: uair amháin ar an mbealach amach agus uair eile ag teacht ar ais) a d'fhéadfaí a dhéanamh gach bliain sna 11 tír i limistéar an euro a bhfuil teorainneacha talún acu le chéile.

[6] IO C ..., lch...

[7] IO C ..., lch...

[8] IO L 300, 14.11.2009, lch. 72.

[9] Rialachán (CE) Uimh. 1889/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2005 maidir le rialuithe ar airgead tirim a thiocfaidh isteach sa Chomhphobal nó a imeoidh amach as (IO L 309, 25.11.2005, lch. 9.

[10] IO L 139, 11.5.1998, lch. 1.

[11] IO L 17, 6.10.1958, lch. 385, arna leasú.

[12] Is iad seo a leanas suaitheantais na mBallstát: (BE) an Bheilg, (BG) an Bhulgáir, (CZ) Poblacht na Seice, (DK) an Danmhairg, (DE) an Ghearmáin, (EE) an Eastóin, (IE) Éire, (EL) an Ghréig, (ES) An Spáinn, (FR) An Fhrainc, (IT) an Iodáil, (CY) an Chipir, (LV) an Laitvia, (LT) an Liotuáin, (LU) Lucsamburg, (HU) an Ungáir, (MT) Málta, (NL) an Ísiltír, (AT) an Ostair, (PL) an Pholainn, (PT) an Phortaingéil, (RO) an Rómáin, (SI) an tSlóivéin, (SK) an tSlóvaic, (FI) an Fhionlainn, (SE) an tSualainn, (UK) an Ríocht Aontaithe.

[13] Ainm nó ainm gnólachta agus seoladh iomlán an iompróra.

[14] Síniú agus séala an údaráis deonúcháin.

[15] Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Mheastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) (IO L 396, 30.12.2006.

[16] Mar a shainmhínítear in Airteagal 1(n) den Rialachán seo.

Top