Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52010PC0120

Teachtaireacht ón gcoimisiún chuig parlaimint na heorpa de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a bhaineann leis an seasamh a ghlac an Chomhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cearta paisinéirí agus iad ag taisteal ar muir agus ar uiscebhealaí intíre agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 maidir le comhar idir údaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú

/* COIM/2010/0120 leagan deireanach - COD 2008/0246 */

52010DC0120

Teachtaireacht ón gcoimisiún chuig parlaimint na heorpa de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a bhaineann leis an seasamh a ghlac an Chomhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cearta paisinéirí agus iad ag taisteal ar muir agus ar uiscebhealaí intíre agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 maidir le comhar idir údaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú /* COIM/2010/0120 leagan deireanach - COD 2008/0246 */


[pic] | AN COIMISIÚN EORPACH |

An Bhruiséil 24.3.2010

COIM(2010)120 leagan deireanach

2008/0246 (COD)

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a bhaineann leis

an seasamh a ghlac an Chomhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cearta paisinéirí agus iad ag taisteal ar muir agus ar uiscebhealaí intíre agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 maidir le comhar idir údaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú

2008/0246 (COD)

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a bhaineann leis

an seasamh a ghlac an Chomhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cearta paisinéirí agus iad ag taisteal ar muir agus ar uiscebhealaí intíre agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 maidir le comhar idir údaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú

1. CÚLRA

An dáta ar seoladh an togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (doiciméad COIM(2008)816 leagan deireanach – 2008/0246/COD): | 5 Nollaig 2008 |

An dáta ar tugadh an tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa: | 16 Iúil 2009 |

An dáta ar tugadh an seasamh ó Pharlaimint na hEorpa ar an gcéad léamh: | 23 Aibreán 2009 |

An dáta ar glacadh seasamh na Comhairle ar an gcéad léamh: | 11 Márta 2010 |

2. CUSPÓIR AN TOGRA ÓN g COIMISIÚN

Is éard is cuspóir don togra a ghlac an Coimisiún an 4 Nollaig 2008 cearta a leagan síos do phaisinéirí agus iad ag taisteal ar muir agus ar uiscebhealaí intíre chun iompar paisinéirí ar long a dhéanamh níos tarraingtí agus chun go mbeadh níos mó muiníne ag na paisinéirí as. Cuideoidh na rialacha nua a thabharfar isteach le cosaint níos fearr a thabhairt do phaisinéirí i gcoitinne, agus, go háirithe, do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe. Socrófar caighdeáin cháilíochta, freisin, atá inchomparáide leis na caighdeáin sin atá bunaithe cheana in earnáil an aeriompair agus in earnáil an iompair d'iarnród.

3. BARÚLACHA FAOI SHEASAMH NA COMHAIRLE

Dar leis an gCoimisiún tá codanna áirithe den togra uaidh leasaithe go mór ag an gComhairle.

Ar an gcéad dul síos, tá seasamh na Comhairle dírithe ar na longa seo a leanas a eisiamh ó raon feidhme an togra: longa a iompraíonn 36 paisinéir ar a mhéad, a bhfuil criú nach mó ná triúr ar bord acu, nó a thairgeann turais nach faide iad ná 500 méadar aontreo. Thairis sin, tugadh isteach díolúine shealadach bhreise – dhá bhliain tar éis chur i bhfeidhm an Rialacháin – i gcás longa a bhfuil ollmheáchan ar lú é ná 300 tonna acu agus a oibrítear san iompar baile, ar an gcoinníoll go bhfuil cearta paisinéirí á ráthú ar bhealach leordhóthanach faoin dlí náisiúnta. Ní bheadh clúdaithe ach turais mhara a mhairfeadh níos faide ná dhá oíche ar bord. Chruthódh an méid sin srian shuntasach ar an raon feidhme a bheadh ag baint le cur i bhfeidhm an Rialacháin.

Ar an dara dul síos, i gcás roinnt de na coinníollacha a bhainfeadh le cúnamh a cheanglófaí le seasamh na Comhairle, bhainfeadh siad ó chearta daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus chuirfí roinnt saincheanglas breise orthu. Thairis sin, nuair a dhéantar tagairt i gcomhghéilleadh na Comhairle don oibleagáid cóiríocht a chur ar fáil saor in aisce do phaisinéirí tréigthe i gcás cealú nó i gcás moille ar imeachtaí, tugtar isteach idirdhealú nua idir dhálaí aimsire a chuireann oibriú sábháilte na loinge i mbaol (dálaí gur dóigh a n-eisiafadh an oibleagáid cúnamh den sórt sin a chur ar fáil) agus cúinsí eisceachtúla (nuair nach n-eisiatar an oibleagáid cúnamh iomlán a chur ar fáil). Bheadh dualgas ar na hiompróirí, áfach, cineálacha eile cúnaimh (i.e. béilí agus sóláistí) a chur ar fáil i ngach cás gan choinníoll, fiú i gcás na ndálaí aimsire nó na gcúinsí eisceachtúla atá luaite thuas, ach amháin sa chás go gcuirtear an paisinéir ar an eolas faoin gcás agus an ticéad á cheannach aige nó aici. Mar sin féin, tá suim nua uasta €120 in aghaidh an phaisinéara luaite i seasamh na Comhairle, i gcás ina gcuirfí cóiríocht ar fáil i gcás moille nó i gcás cealú turais.

Mar dheireadh, tugann an Coimisiún cinneadh na Comhairle dá aire, is é sin go mbeadh an Rialachán infheidhme tar éis trí bliana tar éis dó teacht i bhfeidhm.

4. barúlacha sonraithe ón g COIMISIÚN MAIDIR LEIS NA LEASUITHE A GHLAC PARLAIMINT NA h EORPA

4.1. Leasuithe Pharlaimint na hEorpa ar ghlac an Coimisiún leo agus atá ar áireamh go hiomlán nó i bpáirt i seasamh na Comhairle

- go dtabharfaí isteach foráil do shábháilteacht daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus iad ag taisteal maidir le hAirteagal 8 a bhaineann le maolú agus le coinníollacha speisialta (leasú 29, cuid a dó);

- leasú 30 a thagraíonn do na coinníollacha maidir lena gceanglófaí go mbeadh duine i dtionlacan na ndaoine sin a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe;

- leasuithe 4, 32, 33, 46, 52, 63, 64 atá dírithe ar fhoclaíocht an togra a athchóiriú chun éifeachta agus ar chearta faisnéise do phaisinéirí a threisiú;

- leasú 36 lena gcealaítear an oibleagáid ar iompróirí cuntais ar leith a bheith acu do ghníomhaíochtaí a bhaineann le cúnamh a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe;

- soiléiriú a thabhairt isteach maidir le cúnamh do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe (leasú 53, cuid a haon);

- leasú 57 ar an airteagal a bhaineann le cúiteamh.

4.2. Leasuithe Pharlaimint na hEorpa ar ghlac an Coimisiún leo ach nach bhfuil ar áireamh i seasamh na Comhairle

- soiléiriú ar na haithrisí (leasuithe 2, 5, 6);

- aithris nua a thabhairt isteach trína soiléirítear an gaol idir an Rialachán seo atá beartaithe agus dlí eile idirnáisiúnta, Comhphobail nó náisiúnta a bhaineann le daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe (leasú 3);

- an moladh gur cheart don Choimisiún rialacha a bheartú do chearta paisinéirí ag pointí aistrithe paisinéirí idir córas iompair ar talamh agus córas iompair ar uisce (leasú 7);

- aithris nua lena moltar cur chuige reachtach cothrománach i leith gach modha iompair don todhchaí (leasú 8);

- soiléiriú teanga ar an Airteagal maidir leis an raon feidhme don chur i bhfeidhm (leasú 9);

- foráil a thabhairt isteach le go n-eisiafaí an t-iompar uirbeach agus fo-uirbeach ó raon feidhme chur i bhfeidhm an Rialacháin, má áirithítear aidhmeanna an Rialacháin agus leibhéal cearta paisinéirí a bheadh inchomparáide leis an leibhéal a cheanglaítear faoin Rialachán seo (leasú 10);

- soiléiriú ar an sainmhíniú a thugtar ar chonradh iompair (leasú 14), 'miondíoltóir' a chur isteach sa sainmhíniú ar thionscnóir turais (leasú 16), agus sainmhínithe nua ar 'formáidí inrochtana', 'paisinéir' agus 'praghas ticéid' (leasuithe 18, 19, 22);

- fáil níos fearr ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe ar fhaisnéis agus ar chúnamh (leasuithe 31, 34 agus 35);

- soiléiriú ar na coinníollacha faoina gcuirfí cúnamh ar fáil do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, agus treisiú na gceart chun faisnéise (leasú 38, cuid a haon agus cuid a trí, leasuithe 39, agus 41, cuid a haon);

- sonrú ar na coinníollacha faoina gcuirfí cúnamh ar fáil do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus iad ag taisteal ar thurais mhara (leasú 42);

- soiléiriú ar uainíocht tharchur na faisnéise chuig tríú páirtí (leasú 45);

- cúiteamh i leith cathaoireacha rothaí agus trealaimh shoghluaiseachta (leasuithe 49 agus 50);

- treisiú na n-oibleagáidí atá ar an iompróir faisnéis a thabhairt i gcás ina gcuirtear isteach ar thaisteal (leasú 51);

- praghas an ticéid a aisíoc i gcás moille nó cealú (leasuithe 54 agus 56);

- cúiteamh le paisinéirí turas mara (leasú 58);

- coincheap an force majeure a thabhairt isteach(leasú 60);

- cúiteamh a asbhaint i gcás ina gceadaítear cúiteamh breise faoi aon reachtaíocht eile atá infheidhme (leasú 61);

- ainmniú agus inniúlachtaí na gComhlachtaí Náisiúnta Forfheidhmithe (leasuithe 62, 65, 66, 67 agus 68);

- inneachar na tuarascála ar an bhforfheidhmiú (leasú 69);

- na cineálacha pionóis (leasú 70);

- treisiú cearta daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe (leasuithe 71 agus 72).

4. 3. Leasuithe Pharlaimint na hEorpa nár ghlac an Coimisiún leo ach atá ar áireamh i seasamh na Comhairle

- an sainmhíniú ar long paisinéirí róró a scriosadh (leasú 17);

- gnéithe nua a chur isteach a mbeidh gá aird a thabhairt orthu agus taisteal á dhiúltú do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe (leasú 27);

- teorannú ar an deis a bheadh ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe ainmhí cúnaimh eile seachas madra a úsáid (leasuithe 43, 73, 74 agus 75);

- teorannú ar na páirtithe fochonraitheoireachta a d'fhéadfadh fógra faoi dhuine a bhfuil a soghluaiseachta laghdaithe a thabhairt i gcás ina bhfuil gá ag an duine sin le cúnamh (leasú 44);

- teorannú ar an gcostas a bhaineann le cúnamh do phaisinéirí (leasú 53, cuid a dó).

4.4. Leasuithe Pharlaimint na hEorpa nár ghlac an Coimisiún leo agus nach bhfuil ar áireamh i seasamh na Comhairle

- leasuithe 1, 11, 25, 26, 28 agus 29, cuid a haon a dhéanann difear do cheart taistil daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe;

- leasú ar an sainmhíniú ar 'díoltóir ticéad' (leasú 15) agus sainmhínithe nua a thabhairt isteach maidir le 'teacht', 'imeacht' agus 'force majeure' (leasuithe 20, 21 agus 23);

- freagrachtaí nua ar chomhlachtaí bainistithe calafoirt agus cúnamh á chur ar fáil do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe (leasú 37);

- teorannú na gcoinníollacha faoina gcuirtear cúnamh ar fáil (leasú 38, cuid a dó, 41);

- teorannú líon an phearsanra ar cheart oiliúint a chur orthu maidir le cúnamh a thabhairt do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe (leasú 48);

- na coinníollacha faoina n-íoctar aisíocaíochtaí i gcás moille nó cealú agus maolú nua ar chúiteamh a chur isteach (leasuithe 55, 59).

5. CONCLÚID

Tá imní ar an gCoimisiún faoi na leasuithe suntasacha atá tugtha isteach ag an gComhairle i gcomparáid leis an gcéad togra ón gCoimisiún, agus faoi roinnt leasuithe a rinne Parlaimint na hEorpa, a mhéid is a laghdaíonn na leasuithe sin go mór an raon feidhme a bheidh ag cur i bhfeidhm an dréacht-Rialacháin agus, dá bharr sin, an méid cosanta a bheidh ag paisinéirí an AE. Tugann an Coimisiún an seasamh a ghlac an Chomhairle d'aon toil dá aire, áfach, agus measann sé gur cheart leibhéal na spriocanna a ardú arís ar shlí dhearfach faoi chuimsiú díospóireachta breise idirinstitiúidí ar mhaithe le glacadh deireanach an Rialacháin.

Top