Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52009PC0348R(01)

Togra leasaithe le haghaidh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú bonn i leith éifeachtachta breosla agus bunpharaiméadar eile {SEC(2008) 2860} {SEC(2008) 2861}

/* COIM/2009/0348 leagan deireanach/2 - COD 2008/0221 */

52009PC0348R(01)

Togra leasaithe le haghaidh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú bonn i leith éifeachtachta breosla agus bunpharaiméadar eile {SEC(2008) 2860} {SEC(2008) 2861} /* COIM/2009/0348 leagan deireanach/2 - COD 2008/0221 */


[pic] | COMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH |

An Bhruiséil, 14.7.2009

COIM (2009) 348 leagan deireanach/2

2008/0221 (COD)

CORRIGENDUMAnnule et remplace le document COM(2009)348 final du 30.6.2009Concerne toutes les versions linguistiques

Togra leasaithe le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le lipéadú bonn i leith éifeachtachta breosla agus bunpharaiméadar eile

{SEC(2008) 2860}{SEC(2008) 2861}

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

Tíolacann an Coimisiún togra leasaithe le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú bonn i leith éifeachtachta breosla agus bunpharaiméadar eile. Tá leasuithe atá molta ag Parlaimint na hEorpa ag a céad léamh, atá inghlactha ag an gCoimisiún, corpraithe sa togra leasaithe chomh maith le feabhsuithe teicniúla is gá d'fhonn an fhormáid a athrú ó Threoir go Rialachán.

1. CÚLRA

An 13 Samhain 2008, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh Treorach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú bonn i leith éifeachtachta breosla agus bunpharaiméadar eile. Seoladh an Togra go dtí Parlaimint na hEorpa agus go dtí an Chomhairle an 13 Samhain 2008.

Thug Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa a thuairim uaidh an 12 Bealtaine 2009 agus mhol sé leasuithe ar thogra an Choimisiúin.

Ghlac Parlaimint na hEorpa rún reachtach ar a céad léamh an 22 Aibreán 2009.

2. CUSPÓIR AN TOGRA ÓN g COIMISIÚN

Is dúshlán mór don AE laghdú ar éifeachtacht fuinnimh agus astaíochtaí feithiclí a bhaint amach mar gheall ar suas le 23% d'iomlán na n-astaíochtaí CO2 a bheith ag teacht ó iompar de bhóthar[1].

Sa togra lipéadaithe leantar cur chuige níos comhtháite lena n-áiritheofar soláthar faisnéise caighdeánaithe ní hamháin ar éifeachtacht bhreosla ach ar fhliuchghreim agus ar thorann rollta seachtrach, ionas go mbeidh sé ar chumas úsáideoirí deiridh rogha eolasach a dhéanamh. Is é is aidhm dó feabhsú gach paraiméadar, thar na híoscheanglais atá leagtha síos maidir le cineálcheadú (an nós imeachta lena gceadaítear rochtain ar mhargadh an AE), a chur chun cinn ar bhealach fuinniúil agus trína bhíthin sin éifeachtacht iompair de bhóthar a fheabhsú ó thaobh fuinnimh de.

3. BARÚLACHA ÓN g COIMISIÚN MAIDIR LEIS NA LEASUITHE A GHLAC PARLAIMINT NA h EORPA

An 22 Aibreán 2009, ghlac Parlaimint ha hEorpa 42 leasú ar an togra. Measann an Coimisiún go bhfuil tromlach leasuithe Pharlaimint na hEorpa inghlactha mar nach n-athraíonn siad aidhmeanna agus inmharthanacht pholaitiúil an togra agus in go leor cásanna feabhsaíonn siad an bundréacht. Dá bhrí sin, glacann an Coimisiún leis na leasuithe seo a leanas ó Pharlaimint na hEorpa go hiomlán, go páirteach, nó i ndiaidh athdhréachtú.

3.1. Leagan amach an togra

Is saintréith phríomhúil de na leasuithe ó Pharlaimint na hEorpa leagan amach an togra a athrú ó Threoir go Rialachán ( Leasú 1 ). Aithníonn an Coimisiún an t-athrú seo, ag cur san áireamh go ndéanfar laghdú ar chostais trashuímh le Rialachán agus go n-áiritheofar go mbainfidh cur chun feidhme dáta na scéime lipéadaithe le gach geallsealbhóir ag an am céanna.

3.2. Raon feidhme an cur chun feidhme agus forálacha ginearálta eile(Airteagail 1-3)

Aidhm agus ábhar: Le Leasú 11 soiléirítear gurb é aidhm an togra fliuchghreim agus torann frithíochta rollta seachtrach chomh maith le héifeachtacht bhreosla, rud atá i gcomhréir le cur chuige an scéim lipéadaithe iomláin a chur chun cinn. Dá bhrí sin, glacann an Coimisiún leis an leasú sin ina iomláine, chomh maith le Leasú 30 a chloínn leis an loighic chéanna. Tá foclaíocht Aithris 20 atá molta i Leasú 7 modhnaithe freisin ar mhaithe le comhsheasmhacht.

Le Leasú 13 baintear bonn atá i stóras amach as an sainmhíniú díolphointe . Tá sé inghlactha an fhoclaíocht a shoiléiríu chun cur in iúl nach n-áirítear sa sainmhíniú díolphointe na stoc sa chás nach mbíonn na boinn sin ar díol le úsáideoirí deiridh (mar shampla áiteanna stórais soláthróirí). Measann an Coimisiún áfach go bhfuil sé ríthábhachtach lipéid a bheith ar na boinn sin atá i stóras ag an díolphointe a bhfuil rochtain ag úsáideoirí deiridh orthu (sé sin boinn i stóras na ndáileoirí ). Áiritheofar leis sin a oiread infheictheachta is féidir don scéim lipéadaithe agus seachnófar cásanna ina mbeidh na boinn is fearr ar taispeáint agus lipéid orthu sa seomra taispeántais (más ann dó) agus na boinn sin amháin. Lagódh an cás deireannach sin éifeachtúlacht iomlán na scéime atá bunaithe ar an dualgas atá ar sholáthróirí aicme gach boinn a thaispeáint, iad sin ag a bhfuil droch-ghrádú san áireamh. Dá bhrí sin, glacann an Coimisiún le cuid den leasú sin agus le hathdhréachtú chun bonn atá i stóras a choimeád sa sainmhíniú ar dhíolphointe ach chun nach n-áirítear bonn i stóras ag soláthróirí a shoiléiriú.

Le Leasú 14 laghdaítear raon an tsainmhínithe ar dhoiciméad teicniúil bolscaireachta (déantar liosta dúnta den liosta de shamplaí de 'dhoiciméad teicniúil bholscaireachta') agus eisiatar 'fógraíocht sna meáin chumarsáide' ó aon sainmhíniú dá leithéid. Creideann an Coimisiún gur cheart an t-eisiamh sin 'fógraíocht sna meáin chumarsáide' a bhaint amach ar mhaithe le soléireacht mar nach soláthraítear aon sainmhíniú ar 'fhógraíocht sna meáin chumarsáide' agus gur féidir a mheas gur bhileoga agus suímh soláthróirí 'fógraíocht sna meáin chumarsáide'. Chomh maith leis sin, soiléirítear cheana leis an bhfoclaíocht tosaigh sa togra go meastar gurb iad na huirlisí margaíochta amháin lena ndéantar cur síos ar na paraiméadair ar leith atá ag bonn atá ina ndoiciméid theicniúla bholscaireachta. Dá bhrí sin, is é ábhar na faisnéise a thaispeántar leis an uirlis mhargaíochta seachas an uirlis féin atá ábhartha maidir leis an gcaoi a gcinntear cad is doiciméad teicniúil bolscaireachta ann.

3.3. Na freagrachtaí atá ar sholáthróirí agus ar dháileoirí (Airteagail 4 go 6)

An lipéad a mhíniú d'úsáideoirí deiridh: Ceanglaítear le Leasú 6 foráil faisnéise caighdeánaithe sa bhreis d'úsáideoirí deiridh lena mhínítear comhpháirteanna an lipéid. Glacann an Coimisiún leis sin i bprionsabal. Mar a leagtar síos i bpointe 3 (i) d'Iarscríbhinn III, iarrtar ar sholáthróirí míniú ar na picteagraim atá clóbhuailte ar an lipéad a sholáthar. Is Is cosúil go bhfuil na ceanglais ar eolas breise amhail áireamhán do laghdú ar úsáid bhreosla agus suíomh gréasáin de chuid an AE díréireach. Bheadh sé an-chostasach monatóireacht a dhéanamh ar shuíomh gréasáin agus áireamhán do laghdú ar úsáid bhreosla feadh an AE ar fad agus ní bheadh ach beagán éifeachtúlachta aige. D'ardódh sé saincheisteanna freisin maidir le nuashonrú agus le hiontaofacht na sonraí a sholáthrófaí air. Is fearr a dhéileálfaí le faisnéis do thomhaltóirí ag an leibhéal náisiúnta. Dá bhrí sin glactar le cuid den leasú agus le hathdhréachtú aithrise nua 18.

Na freagrachtaí atá ar sholáthróirí bonn: Ceanglaítear le Leasú 19 go soláthróidh soláthróirí comhéifeacht na fritíochta rollta tomhaiste ar dhoiciméad teicniúil bolscaireachta i gcás bonn C2 agus C3 freisin. Féadfaidh an Coimisiún glacadh leis an leasú seo ina iomláine toisc nach gcruthóidh sé ualach nó costais bhreise don tionscal. Ceanglaítear ar sholáthróirí le Leasú 20 dearbhú a thabhairt, i mbunachar sonraí a bhfuil rochtain ag an bpobal air ar chomhfhéifeacht fritíochta rollta, ar threoiruimhir don fhliuchghreim agus ar astaíochtaí torann rollta na mbonn mar a bhí siad nuair a glacadh a dtomhais le linn cineáil-cheadaithe. Ní gá go mbeidh na luachanna tomhaiste atá dearbhaithe ar an lipéad mar an gcéanna leis na luachanna cineál-cheadaithe. Ina theannta sin, ní thacaíonn an Coimisiún le bunachar sonraí poiblí a bhunú (féach na barúlacha maidir le Leasú 6 thuas). Dá bhrí sin, glacann an Coimisiún leis go mbeidh an chomhéifeacht fritíochta rollta, an treoiruimhir don fhliuchghreim agus na hastaíochtaí torainn rollta seachtracha dearbhaithe á soláthar go poiblí ar shuíomh greasáin an tsoláthróra ach gan aon eolas maidir le cé acu an de bhunús an nós imeachta cineál-cheadaithe atá na luachanna nó nach bhfuil.

Na freagrachtaí atá ar dháileoirí bonn: Le Leasú 24 ceanglaítear go dtabharfaidh dáileoirí 'leagan míniúcháin den lipéad' d'úsáideoirí deiridh 'ar nó leis' an mbille chomh maith leis an bhfaisnéis a gceanglaítear le hAirteagal 5 (3) atá ann faoi láthair. Measann an Coimisiún nach mbainfí mórán úsáide as an 'faisnéis mhiniúcháin ar an lipéad' (i.e. eolas a thugtar don úsáideoir deiridh tar éis dó cinneadh ceannaigh a dhéanamh) agus nach ceart í a cheangal, d'fhonn an t-ualach ar dháileoirí a laghdú a oiread is féidir. Glacann an Coimisiún áfach leis an bhfoclaíocht molta 'ar nó leis' an mbille, ní a thugann níos mó solúbhthachta do dháileoirí maidir leis an mbealach a chomhlíonfaidh siad Airteagal 5 (3).

Na freagrachtaí atá ar sholáthróirí agus ar dháileoirí feithiclí: Le Leasuithe 25 agus 44 feabhsaítear an fhoclaíocht tosaigh. Glacann an Coimisiún leo sin ina n-iomláine.

3.4. Na ceanglais maidir le faisnéis a chomhlíonadh (Airteagail 7, 8 agus 12)

Modhanna tástála: I Leasú 26 ceanglaítear go háirithe go soláthófrar, leis na modhanna tástála, faisnéis iontaofa agus inatáirgthe d'úsáideoirí deiridh. Cé go n-aontaíonn an Coimisiún go hiomlán leis an tuairim sin, is gá an fhoclaíocht a athdhréactú le go mbeidh sí i gcomhréir leis na tionscnaimh lipéadaithe atá ann faoi láthair. Tugtar isteach leasú chun na críche sin in Aithris 19.

Faireachas margaidh agus píonóis : Is é is aidhm do Leasuithe 8, 27, 28, 29 agus 33 forálacha maidir le faireachas margaidh agus píonóis a dtugann an Coimisiún lán-tacaíocht dóibh i bprionsabal a threisiú. Tugann an Coimisiún dá aire gur ábhar mór imní é sin do na geallsealbhóirí. Ní féidir leis an gCoimisiúin, áfach, glacadh leis an bhfoclaíocht lena ndéantar idirdhealú idir smachtbhannaí agus píonóis. I ndlí an AE áirítear leis an téarma 'píonós' píonóis riaracháin agus píonóis choiriúil cheana féin. Fairis sin, leagtar amach cheana féin i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008, ina leagtar síos na ceanglais maidir le creidiúniú agus faireachais mhargaidh i ndáil le táirgí a mhargú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93, na rialacha infheidhmithe maidir le faireachas mhargaidh ón 1 Eanáir 2010. Toisc go leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 rialacha an-bheacht maidir le faireachas margaidh agus maidir le píonóis ina mbeadh freagra ar an méid atá i gceist leis na leasuithe a ndéantar tagairt dóibh thuas, moltar tagairt don Rialachán sin a thabhairt isteach in Aithris 21 agus in Airteagal 12 nua ar fhorfheidhmiú. Scriostar Airteagal 12 atá ann ar phíonóis mar cuirtear as feidhm é le hAirteagal 41 den Rialachán sin.

3.5. An Nós Imeachta Coiste agus Athbhreithniú (Airteagal 11 agus 14)

Boinn sneachta agus boinn gheimhridh Nordaigh: Tugtar isteach le Leasuithe 4, 12 agus 31 an chaoi a mbeadh sé indéanta an scéim lipéadaithe a chur in oiriúint do na sonraíochtaí teicniúla atá ag boinn sneachta agus gheimhridh Nordaigh trí bhíthin an nós imeachta. Cé go dtacaíonn an Coimisiún leis na leasuithe sin i bprionsabal, ardaítear fadhb maidir le gan sainmhíniú beacht ar bhoinn sneachta a bheith ann (sainmhíniú atá idir lámha ag leibhéal Chomhairle Eacnamaíoch agus Shóisialta na Náisiún Aontaithe). Ag cur na neamhchinnteachtaí sin san áireamh, moltar tagairt a dhéanamh do " bhoinn atá deartha go príomha chun feidhmíocht a bheadh níos fearr ná feidhmíocht gnáthbhoinn a bhaint amach faoi dhálaí seaca nó sneachta nó sa dá dháil sin le chéile, maidir lena gcumas chun gluaiseacht na feithicle a thosú nó a choimeád ar bun" seachas do bhoinn sneachta nó gheimhridh Nordaigh, ní a ligfidh don choiste rialacháin an lipéad a chur in oiriúint mar is ceart nuair a bheidh na sainmhínithe ar eolas ag cách. Ina theannta sin, tá foclaíocht Leasú 31 aithrithe chun mandáid Choimisiún na gComhphobal Eorpach laistigh den nós imeachta coiste. Cuirtear in iúl leis an bhfoclaíocht nua atá molta d'Airteagal 11 gur féidir grádáil ghreama na mbonn sin a chur in oiriúint dá sonraíochtaí teicniúla leis an nós imeachta coiste a shoilériú. Ciallaíonn sé sin, go praiticiúil, go n-áireofar na boinn sin i raon feidhme na scéime lipéadaithe agus go gcaithfear faisnéis ar éifeachtacht bhreosla, ar fhliuchghreim agus ar thorann rollta seachtrach a thaispeáint orthu mar a dhéantar i gcás gach boinn eile go dtí go dtabharfar isteach beartas cur chun feidhme don chuspóir sin. Tugtar isteach freisin foclaíocht athbhreithnithe in Aithrisí 10 agus 24 chun an rún sin a léiriú.

Paraiméadar nua ar an lipéad a thabhairt isteach: Le scrios Airteagail 11 (2) le Leasú 32 baintear amach an chaoi paraiméadair nua a chur ar an lipéad tríd an nós imeachta coiste a nglacann an Coimisiún leis. Athraítear Aithris 24 dá réir sin.

Tráthúlacht agus raon feidhme an athbhreithnithe: Liostaítear cuid de na gnéithe a bheidh á meas san athbhreithniú ar an togra i Leasuithe 10 agus 34 agus ceanglaítear go ndéanfar an t-athbhreithniú sin trí bliana tar éis teacht i bhfeidhm an togra in ionad na gcúig bliana a moladh ar dtús. Tá an liosta inghlactha ag an gCoimisiún i bprionsabal ach tá 'trí bliana' ró-luath chun athbhreithniú a dhéanamh. De ghnáth tógann sé ocht mbliana scéim lipéadaithe a chur i bhfeidhm go hiomlán d'fhonn an margadh a athrú; faoi cheann trí bliana, ní bheidh na húsáideoirí deiridh go léir tar éis na boinn a athrú aon uair amháin, fiú. Ina theannta sin, féadtar cheana leis an nós imeachta coiste in Airteagal 11 an scéim lipéadaithe a chur in oiriúint d'athruithe teicneolaíochta más gá.

3.6. Dáta cur i bhfeidhm (Airteagal 17)

Cur chun fheidhme luath: Le Leasú 5 sonraítear gur cheart geallsealbhóirí a spreagadh le boinn a lipéadú roimh dháta sainordaitheach cur chun feidhme an togra. Níl aon ní sa téacs reatha a thoirmeascann boinn a bhfuil an lipéad orthu a chur ar an margadh roimh a dháta cur i bhfeidhm. Dá bhrí sin, glacann an Coimisiún leis an leasú sin.

Díolúine ó na ceanglais lipéadaithe do bhoinn a tháirgtear roimh 1 Iúil 2012: Fágtar as an áireamh le Leasú 45 gach bonn a tháirgtear roimh 1 Iúil 2012 maidir leis an gceanglas go mbeadh lipéad air ón 1 Samhain 2012. Ní fheictear don Choimisiún go bhfuil gá le díolúine maidir le boinn a tháirgtear roimh 1 Iúil 2012. Faoin am sin beidh idir dhá agus trí bliana ag an tionscal chun ullmhúchán a dhéanamh don scéim lipéadaithe, agus ba cheart gur leor sin. Ina theannta sin, tá an chuma ar an leasú sin nach bhfuil sé comhréireach leis na costais a bhaineann leis nó le castacht faireachais margaidh ó thaobh na mBallstát de.

4. CONCLÚID

Ag féachaint d' Airteagal 250(2) de Chonradh CE, déanann an Coimisiún an togra a leasú mar atá leagtha amach thíos:

2008/0221 (COD)

Togra leasaithe le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le lipéadú bonn i leith éifeachtachta breosla agus bunpharaiméadar eile (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 95 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún[2],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialach na hEorpa[3],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[4],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh[5],

De bharr an méid seo a leanas:

(1) Dúshlán mór roimh an gComhphobal is ea an tsoghluaisteacht inbhuanaithe nach mór a bhaint amach i ngeall ar athrú aeráide agus ar an ngá atá ann a iomaíche atá an Eoraip a neartú, rud a bhfuil béim ar sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le hIompar a Dhéanamh níos Glaise[6].

(2) Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal 'Plean Gníomhaíochta maidir le hÉifeachtacht Fuinnimh – An Cumas a Fhíorú'[7], tarraingíodh aird ar an bhféidearthacht ídiú iomlán fuinnimh a laghdú le 20% faoi cheann 2020 trí bhíthin gníomhaíochtaí spriocdhírithe, lena n-áirítear lipéadú bonn.

(3) I ngeall ar an bhfriotaíocht rollach atá iontu thar aon rud eile, is iad na boinn is cúis le 20% go 30% d'ídiú breosla feithiclí. Dá bhrí sin, d'fhéadfaí éifeachtacht fuinnimh iompair de bhóthar a mhéadú go mór, agus dá bharr sin astaíochtaí a laghdú, ach friotaíocht rollach bonn a laghdú.

(4) Is é is príomhthréith na mbonn ná roinnt paraiméadar atá gaolmhar. D'fhéadfadh sé gurb é toradh a bheidh ar aon pharaiméadar ar leith amhail friotaíocht rollach a fheabhsú tionchar díobhálach a bheith ar pharaiméadair eile amhail fliuchghreim, agus gurb é toradh a bheidh ar fhliuchghreim a fheabhsú tionchar díobhálach a bheith ar thorann seachtrach rollta. Ba cheart go spreagfaí monaróirí bonn na paraiméadair go léir a fheabhsú a oiread is féidir.

(5) Tá boinn atá éifeachtach ó thaobh breosla de cost-éifeachtúil toisc go gcealaíonn siad go huile is go hiomlán an méadú a thagann ar phraghas ceannaigh bonn arb iad costais níos airde táirgthe is cúis leis.

(6) Tá leagtha amach i [Rialachán (CE) Uimh …/… maidir le ceanglais i gcomhair cineálcheadú le haghaidh sábháilteachta ginearálta mótarfheithiclí][8] na híoscheanglais maidir le friotaíocht rollach bonn. Is féidir caillteanais fhuinnimh arb í friotaíocht rollach bonn is cúis leo a laghdú go mór de bharr forbairtí teicniúla, thar na híoscheanglais sin. D'fhonn an iarmhairt atá ag iompar de bhóthar ar an gcomhshaol a laghdú, is iomchuí, dá bhrí sin, forálacha a leagan síos le húsáideoirí deiridh a spreagadh boinn atá níos éifeachtaí ó thaobh breosla de a cheannach, trí bhíthin faisnéis chomhchuibhithe faoin bparaiméadar sin a sholáthar.

(7) Núis mhór atá i dtorann an tráchta agus tá éifeacht dhochrach aige ar an tsláinte. Tá leagtha amach i [Rialachán (CE) Uimh …/… maidir le ceanglais i gcomhair cineálcheadú le haghaidh sábháilteachta ginearálta mótarfheithiclí] na híoscheanglais maidir le torann seachtrach rollta bonn. Is féidir an torann seachtrach rollta a laghdú go mór de bharr forbairtí teicniúla, thar na híoscheanglais sin. D'fhonn torann na tráchta a laghdú is iomchuí, dá bhrí sin, forálacha a leagan síos le húsáideoirí deiridh a spreagadh boinn ag a bhfuil torann seachtrach rollta íseal a cheannach, trí bhíthin faisnéis chomhchuibhithe faoin bparaiméadar sin a sholáthar.

(8) Ina theannta sin, ach faisnéis chomhchuibhithe faoi thorann seachtrach rollta bonn a sholáthar d'éascófaí cur chun feidhme bhearta i gcoinne thorann an tráchta agus rannchuideofaí le hardú feasachta i ndáil leis an éifeacht atá ag boinn ar thorann an tráchta faoi chuimsiú Threoir 2002/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir le torann timpeallachta a mheasúnú agus a bhainistiú[9].

(9) Tá leagtha amach i [Rialachán (CE) Uimh …/… maidir le ceanglais i gcomhair cineálcheadú le haghaidh sábháilteachta ginearálta mótarfheithiclí] na híoscheanglais maidir le feidhmíocht fliuchghreama bonn. Is féidir an fheidhmíocht fliuchghreama a fheabhsú go mór de bharr forbairtí teicniúla, thar na híoscheanglais sin, agus ar an dóigh sin achair choscánaithe ar dhromchla fliuch a ghiorrú. D'fhonn sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú is iomchuí, dá bhrí sin, forálacha a leagan síos le húsáideoirí deiridh a spreagadh boinn ina bhfuil ardfheidhmíocht fliuchghreama a cheannach, trí bhíthin faisnéis chomhchuibhithe faoin bparaiméadar sin a sholáthar.

(10) D'fhéadfadh sé nach léireofar san fhaisnéis príomhfheidhmíocht na mbonn sin a ceaptar lena n-úsáid i ndálaí sneachta agus seaca. Nuair a chuirtear san áireamh nach bhfuil modhanna comhchuibhithe tástála le haghaidh bonn dá leithéidí ar fáil, is iomchuí foráil a dhéanamh don fhéidearthacht an grádú greama a athrú tríd an nós imeachta coiste níos faide anonn, más gá.

(11) Is dealraitheach go n-imreoidh soláthar faisnéise i bhfoirm lipéid chaighdeánaigh faoi pharaiméadar boinn tionchar ar na cinntí a dhéanann úsáideoirí deiridh ag am an cheannaigh i bhfabhar boinn atá níos sábháilte, níos ciúine agus níos éifeachtaí ó thaobh breosla de. Fágfaidh sé sin gur dócha gur spreagfar monaróirí bonn leis an úsáid is fearr is féidir a bhaint as na paraiméadair sin, rud a réiteodh an bealach roimh thomhaltas agus tháirgeadh níos inbhuanaithe.

(12) Chuirfeadh an iliomad rialacha maidir le lipéadú bonn ar fud na mBallstát bac ar thrádáil laistigh den Chomhphobal agus mhéadódh sé an t-ualach riaracháin agus na costais tástála ar mhonaróirí bonn.

(13) Is ionann boinn athsholáthair agus 78% de mhargadh na mbonn. Bheadh call, dá bhrí sin, leis an úsáideoir deiridh a chur ar an eolas faoi pharaiméadair na mbonn athsholáthair agus faoi pharaiméadair na mbonn atá feistithe ar fheithiclí nua.

(14) Tá gá ag tomhaltóirí, lena n-áirítear bainisteoirí cabhlaigh agus cuideachtaí iompair, le tuilleadh faisnéise ar éifeachtacht boinn ó thaobh breosla de agus ar pharaiméadair eile, óir ní féidir leosan paraiméadair brandaí éagsúla bonn a chur i gcomparáid ceal córais lipéadaithe agus córais chomhchuibhithe tástála. Is iomchuí, dá bhrí sin, boinn de chatagóirí C1, C2, agus C3 a áireamh faoi raon feidhme an Rialacháin.

(15) Tá aithne mhaith ag tomhaltóirí ar an lipéad fuinnimh lena rangaítear táirgí ar scála A go G, mar a chuirtear i bhfeidhm é i ndáil le fearais tí[10] de bhun Threoir 1992/75/CE maidir le tomhaltas fuinnimh agus acmhainní eile i bhfearais tí a chur in iúl trí lipéadú agus trí fhaisnéis chaighdeánach ar tháirgí agus tá éirithe go maith leis an lipéad fearais níos éifeachtaí a chur chun cinn. Ba cheart go n-úsáidfí an dearadh céanna chun éifeachtacht boinn ó thaobh breosla de a chur in iúl ar lipéad.

(16) Ba cheart go n-áiritheofaí trí lipéad a bheith ar bhoinn ag an díolphointe agus trí dhoiciméid theicniúla bholscaireachta go bhfaighfidh dáileoirí agus úsáideoirí ionchasacha deiridh faisnéis chomhchuibhithe faoi éifeachtacht boinn ó thaobh breosla de, faoin bhfeidhmíocht fliuchghreama agus faoi thorann seachtrach rollta.

(17) Tá úsáideoirí áirithe deiridh ann a roghnaíonn boinn roimh dóibh dul go dtí an díolphointe nó a cheannaíonn trí phostdíol iad. D'fhonn a áirithiú go mbeidh na húsáideoirí deiridh sin go léir in ann rogha eolasach a dhéanamh ar bhonn faisnéise comhchuibhithe faoi éifeachtacht boinn ó thaobh breosla de, faoin bhfeidhmíocht fliuchghreama agus faoi thorann seachtrach rollta, ba cheart go mbeadh lipéid ar taispeáint ar an uile dhoiciméad teicniúil bholscaireachta, lena n-áirítear doiciméad den chineál sin a chuirtear ar fáil ar an Idirlíon.

(18) Ba cheart faisnéis lena mínítear gach cuid den lipéad agus a ábhartha atá an chuid sin a sholáthar d'úsáideoirí ionchasacha deiridh. Ba cheart go soláthrófaí an fhaisnéis sin i ndoiciméid theicniúla bholscaireachta amhail doiciméid atá ar shuímh ghréasáin na solathróirí.

(19) Ba cheart go soláthrófaí faisnéis i gcomhréir le modhanna comhchuibhithe tástála atá iontaofa, cruinn, agus inatáirgthe ionas go mbeidh úsáideoirí deiridh in ann boinn éagsúla a chur i gcomparáid agus ionas go gcuirfear srian ar na costais tástála a ar mhonaróirí.

(20) D'fhonn astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus sábháilteacht iompair de bhóthar a mhéadú, d'fhéadfadh Ballstáit áirithe dreasachtaí ar mhaithe le boinn atá éifeachtach ó thaobh breosla de agus atá sábháilte a chur i bhfeidhm. Is iomchuí íosaicmí éifeachtachta breosla agus fliuchghreama a chinneadh nach bhféadfar dreasachtaí dá leithéidí a dheonú faoina mbun ionas go seachnófar ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh. D'fhéadfadh dreasachtaí dá leithéidí a bheith ina státchabhair. Tá an Rialachán seo gan dochar do thoradh aon nós imeachta amach anseo maidir le státchabhair a d'fhéadfaí a thionscnamh i gcomhréir le hAirteagail 87 agus 88 den Chonradh ina leith.

(21) Tá sé fíor-riachtanach go gcomhlíonfaidh soláthróirí agus dáileoirí na forálacha maidir le lipéadú d'fhonn aidhmeanna na bhforálacha sin a bhaint amach agus d'fhonn cothromaíocht laistigh den Chomhphobal a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart go ndéanfadh na Ballstáit monatóireacht ar chomhlíonadh dá leithéid trí fhaireachas margaidh agus rialuithe ex-post rialta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 ina leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93[11].

(22) Ba cheart go spreagfaí soláthróirí agus dáileoirí bonn le forálacha an Rialacháin seo a chomhlíonadh roimh 2012 ionas go dtapófar aitheantas an lipéid agus réadú shochair an lipéid.

(23) Ba cheart na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún[12].

(24) Go háirithe, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún ceanglais maidir le grádú fliuchghreama bonn de chatagóirí C2 agus C3 a thabhairt isteach, d'fhonn grádú greama bonn atá ceaptha go sonrach lena n-úsáid i ndálaí sneachta agus seaca a oiriúnú agus d'fhonn na hIarscríbhinní a oiriúnú d'fhorbairtí teicniúla. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

(25) Ba cheart athbhreithniú ar an Rialachán seo a ghabháil de láimh chun an tuiscint atá ag úsáideoirí deiridh ar an lipéad agus an cumas atá ann an margadh a chlaochlú a mheas.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Aidhm agus ábhar

Is é is aidhm don Rialachán seo sábháilteacht agus éifeachtacht eacnamaíoch agus chomhshaoil iompair de bhóthar a mhéadú trí bhíthin boinn atá éifeachtach ó thaobh breosla de, sábháilte agus ar beagán torainn a chur chun cinn.

Bunaítear leis an Rialachán seo creat chun faisnéis chomhchuibhithe faoi pharaiméadair bonn a sholáthar trí lipéadú, rud a ligeann do thomhaltóirí rogha eolasach a dhéanamh agus boinn á gceannach aige.

Airteagal 2 Raon feidhme

1. Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le boinn C1, C2 agus C3.

2. De mhaolú ar mhír 1, ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo thíos:

(a) boinn ar cuireadh trácht nua orthu;

(b) boinn phroifisiúnta easbhóthair;

(c) boinn atá ceaptha lena bhfeistiú ar fheithiclí a cláraíodh don chéad uair roimh 1 Deireadh Fómhair 1990, agus orthu sin amháin;

(d) boinn spártha de chineál T le haghaidh úsáide sealadaí;

(e) boinn a bhfuil a rátáil luais níos lú ná 80 km/u;

(f) boinn nach mó ná 254 mm trastomhas ainmniúil a n-imill, nó ar 635 mm nó níos mó trastomhas ainmniúil a n-imill;

(g) boinn ar a bhfuil gléasanna breise feistithe chun airíonna tarraingthe a fheabhsú, e.g. boinn bhocóideacha.

Airteagal 3 Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo:

(1) ciallaíonn 'boinn C1, C2 agus C3' na haicmí boinn atá sainmhínithe in Airteagal 8 de [Rialachán (CE) Uimh. .../... maidir le ceanglais i gcomhair cineálcheadú le haghaidh sábháilteachta ginearálta mótarfheithiclí][13];

(2) ciallaíonn 'bonn spártha de chineál T le haghaidh úsáide sealadaí' aon bhonn spártha le haghaidh úsáide sealadaí atá ceaptha le haghaidh úsáide ag brúnna teannta atá níos airde ná na brúnna teannta atá bunaithe i gcomhair bonn caighdeánach agus bonn treisithe;

(3) ciallaíonn 'díolphointe' aon áit ina dtaispeántar agus ina stóráiltear boinn agus ina dtairgtear iad lena ndíol le húsáideoirí deiridh, áiteanna lena n-áirítear seomraí taispeántais gluaisteán a fhad a bhaineann le boinn a thairgtear lena ndíol le húsáideoirí deiridh agus nach bhfuil feistithe ar na gluaisteáin;

(4) ciallaíonn 'doiciméid theicniúla bholscaireachta' lámhleabhair theicniúla, bróisiúir, bileoga agus catalóga, bíodh siad clóbhuailte nó i bhfoirm leictreonach mar aon le margú idirlín, a úsáidtear chun boinn nó feithiclí a chur chun cinn agus atá dírithe ar úsáideoirí deiridh nó ar dháileoirí agus ina bhfuil tuairisc ar pharaiméadair shonracha boinn.

(5) ciallaíonn 'doiciméadacht theicniúil' aon fhaisnéis a bhaineann le boinn, lena n-áirítear faisnéis faoi mhonaróir agus branda an bhoinn; tuairisc ar an gcineál boinn ar cinneadh air nó ar an ngrúpáil bonn ar cinneadh uirthi don dearbhú maidir leis an aicme éifeachtachta breosla, an aicme fliuchghreama agus luach tomhaiste an torainn sheachtraigh rollta; tuarascálacha tástála agus cruinneas na dtástálacha;

(6) ciallaíonn 'monaróir' aon duine nádúrtha nó dlítheanach a mhonaraíonn táirge nó a chuireann táirge á dhearadh nó á mhonarú, agus a mhargaíonn an táirge sin faoina ainm nó faoina thrádmharc;

(7) ciallaíonn 'allmhaireoir' aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe sa Chomhphobal agus a chuireann táirge ó thríú tír ar mhargadh an Chomhphobail;

(8) ciallaíonn 'soláthróir' an monaróir nó ionadaí údaraithe an mhonaróra laistigh den Chomhphobal, nó an t-allmhaireoir;

(9) ciallaíonn 'dáileoir' aon duine nádúrtha nó dlítheanach i slabhra an tsoláthair, seachas an monaróir nó an t-allmhaireoir, a chuireann bonn ar fáil ar an margadh;

(10) ciallaíonn 'a chur ar fáil ar an margadh' aon soláthar táirge lena dháileadh nó lena úsáid ar mhargadh an Chomhphobail le linn gníomhaíochta tráchtála, ar íocaíocht nó saor in aisce;

(11) ciallaíonn 'úsáideoir deiridh' aon tomhaltóir, lena n-áirítear bainisteoir cabhlaigh nó cuideachta iompair bóthair a bhfuil bonn á cheannach aige nó a bhfuiltear ag súil leis go gceannóidh sé bonn;

(12) ciallaíonn 'paraiméadar fíor-riachtanach' paraiméadar boinn amhail friotaíocht rollach, fliuchghreim nó torann seachtrach rollta, ag a bhfuil iarmhairt mhór ar an gcomhshaol, ar shábháilteacht ar bhóithre nó ar an tsláinte agus an bonn á úsáid.

Airteagal 4 Na freagrachtaí atá ar sholáthróirí bonn

1. Áiritheoidh soláthróirí go mbeidh greamaithe ar bhoinn C1 agus C2, ar thrácht an bhoinn, greamán ar a bhfuil lipéad ar a bhfuil an aicme éifeachtachta breosla ar taispeáint air mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn I, Cuid A, agus luach tomhaiste an torainn sheachtraigh rollta mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn I, Cuid C.

Déanfar an aicme fliuchghreama mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn I, Cuid B, a lua freisin ar lipéid bonn C1.

2. Is mar atá sí forordaithe in Iarscríbhinn II a bheidh formáid an ghreamáin dá dtagraítear i mír 1.

3. Déanfaidh soláthróirí an aicme éifeachtachta breosla, luach tomhaiste an torainn sheachtraigh rollta, agus, nuair is iomchuí, aicme fliuchghreama bonn C1, C2, C3, a lua ar dhoiciméid theicniúla bholscaireachta mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn I san ord atá sonraithe in Iarscríbhinn III; i gcás bonn C1 agus C3 luafar comhéifeacht na friotaíochta rollaí tomhaiste freisin.

4. Déanfaidh soláthróirí comhéifeacht friotaíochta rollach, luach tomhaiste torainn sheachtraigh rollta, agus nuair is iomchuí, treoiruimhir fliuchghreama, bonn C1, C2, C3, a chur ar fáil don phobal ar a suímh ghréasáin.

5. Cuirfidh soláthróirí doiciméadacht theicniúil ar fáil d'údaráis na mBallstát, má iarrtar sin, go ceann tréimhse cúig bliana tar éis don bhonn deireanach de chineál áirithe boinn a bheith curtha ar fáil ar an margadh; beidh an doiciméadacht theicniúil mionsonraithe a dóthain sa chruth is go mbeidh na húdaráis in ann cruinneas na faisnéise a sholáthraítear ar an lipéad faoin éifeachtacht breosla, faoin bhfliuchghream, agus faoin torann seachtrach rollta a fhíorú.

Airteagal 5 Na freagrachtaí atá ar dháileoirí bonn

1. Áiritheoidh dáileoirí go mbeidh ar bhoinn, ag an díolphointe, an greamán arna sholáthar ag soláthróirí i gcomhréir le hAirteagal 4(1) agus go mbeidh sé le feiceáil go soiléir.

2. Más rud é nach bhfuil boinn a thairgtear lena ndíol infheicthe ag an úsáideoir deiridh, soláthróidh dáileoirí faisnéis d'úsáideoirí deiridh faoi aicme éifeachtachta breosla, aicme fliuchghreama agus luach tomhaiste torainn sheachtraigh rollta na mbonn sin.

3. I gcás bonn C1, C2 agus C3, luafaidh dáileoirí an aicme éifeachtachta breosla, luach tomhaiste an torainn sheachtraigh rollta, agus nuair is iomchuí, an aicme fliuchghreama, mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn I, ar na billí a sheachadtar ar úsáideoirí deiridh nuair a cheannaíonn siad boinn, nó in éineacht leis na billí sin.

Airteagal 6 Na freagrachtaí atá ar sholáthróirí feithiclí agus ar dháileoirí feithiclí

1. Soláthróidh soláthróirí feithiclí agus dáileoirí feithiclí faisnéis faoi bhoinn a fheistítear ar fheithiclí nua. Ar áireamh san fhaisnéis sin beidh an aicme éifeachtachta breosla mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn I, Cuid A, luach tomhaiste an torainn sheachtraigh rollta mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn I, Cuid C, agus, i gcás bonn C1 an aicme fliuchghreama mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn I, Cuid B, san ord atá sonraithe in Iarscríbhinn III. Beidh an fhaisnéis sin ar áireamh sna doiciméid theicniúla bholscaireachta ar a laghad i bhfoirm leictreonach agus soláthrófar d'úsáideoirí deiridh í sula ndíoltar an fheithicil.

2. Más rud é gur féidir cineálacha éagsúla bonn a fheistiú ar fheithicil nua agus nach mbíonn rogha ag úsáideoirí deiridh eatarthu, luafar san fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 an aicme is ísle éifeachtachta breosla, an aicme fliuchghreama, agus luach tomhaiste torainn sheachtraigh rollta is airde na mbonn sin.

3. Más rud é go mbíonn rogha ag úsáideoirí deiridh idir na cineálacha éagsúla bonn is féidir feistiú ar fheithicil, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(a) más rud é go mbíonn rogha ag úsáideoirí deiridh i dtaca le méideanna éagsúla imeall boinn ach nach mbíonn rogha acu i dtaca le paraiméadair eile de chuid an chineáil bhoinn i dtrácht, luafar san fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, i gcás gach boinn, méid an imill, an aicme éifeachtachta breosla is ísle, an aicme fliuchghreama, agus luach tomhaiste is airde an torainn sheachtraigh rollta.

(b) amach ó chásanna atá cumhdaithe faoi phointe (a) den mhír seo, luafar san fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 an aicme éifeachtachta breosla, an aicme fliuchghreama agus luach tomhaiste torainn sheachtraigh rollta na gcineálacha bonn sin go léir a d'fhéadfadh an t-úsáideoir deiridh a roghnú.

Airteagal 7 Modhanna comhchuibhithe tástála

Is trí bhíthin na modhanna comhchuibhithe tástála dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a chur i bhfeidhm a gheofar an fhaisnéis atá le soláthar faoi Airteagail 4, 5 agus 6 faoi aicme éifeachtachta breosla, faoi luach tomhaiste an torainn sheachtraigh rollta, agus faoi aicme fliuchghreama na mbonn.

Airteagal 8 An nós imeachta fíorúcháin

Déanfaidh na Ballstáit measúnú ar chomhréireacht na n-aicmí dearbhaithe maidir le héifeachtacht breosla agus fliuchghream, laistigh de bhrí Iarscríbhinn I, Cuid A agus Cuid B, agus ar luach tomhaiste dearbhaithe an torainn sheachtraigh rollta laistigh de bhrí Iarscríbhinn I, Cuid C, i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Iarscríbhinn IV.

Chun an measúnú ar chomhréireacht a dhéanamh, féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as an doiciméadacht maidir le cineálcheadú bonn arna soláthar i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. .../... [maidir le ceanglais i gcomhair cineálcheadú le haghaidh sábháilteachta ginearálta mótarfheithiclí][14] maille le doiciméadacht theicniúil arna soláthar i gcomhréir le hAirteagal 4(5).

Airteagal 9 An margadh inmheánach

1. Más rud é go gcomhlíontar forálacha an Rialacháin seo, ní thoirmeascfaidh ná ní shrianfaidh na Ballstáit boinn a chur ar fáil ar an margadh ar fhorais a bhaineann le faisnéis faoi tháirgí atá cumhdaithe faoin Rialachán seo.

2. Mura bhfuil faisnéis acu lena dtugtar a mhalairt le fios, measfaidh na Ballstáit go gcomhlíonann lipéid agus faisnéis faoi tháirgí forálacha an Rialacháin seo. Féadfaidh siad a cheangal ar sholáthróirí doiciméadacht theicniúil a sholáthar, i gcomhréir le hAirteagal 4(5), d'fhonn cruinneas na luachanna dearbhaithe a mheasúnú.

Airteagal 10 Dreasachtaí

I gcás bonn atá i in aicme faoi bhun aicme C, ní chuirfidh na Ballstáit dreasachtaí ar fáil i leith éifeachtachta breosla ná fliuchghreama laistigh de bhrí Iarscríbhinn I, Codanna A agus B faoi seach.

Airteagal 11 Leasuithe agus oiriúnuithe do fhorás teicniúil

Na bearta seo a leanas, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 13(2):

(1) ceanglais maidir le grádú fliuchghreama bonn C2 agus C3 a thabhairt isteach, ar chuntar go bhfuil modhanna comhchuibhithe tástála atá inghlactha ar fáil;

(2) nuair is iomchuí, an grádú greama a chur in oiriúint do shaintréithe teicniúla bonn atá ceaptha, go príomha, feidhmíocht níos fearr ná feidhmíocht gnáthbhoinn a bhaint amach i ndálaí seaca nó sneachta, nó i ndálaí seaca agus sneachta, a fhad a bhaineann leis an gcumas atá iontu gluaiseacht a thionscnamh nó a choimeád.

(3) Iarscríbhinní I agus IV a chur in oiriúint do fhorás teicniúil.

Airteagal 12 Forfheidhmiú

Áiritheoidh na Ballstáit go bhfíoróidh na húdaráis atá freagrach as faireachas margaidh go bhfuil ceanglais an Rialacháin seo á gcomhlíonadh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, go háirithe i gcomhréir le hAirteagal 41 den Rialachán sin ina leagtar síos pionóis.

Airteagal 13 Coiste

1. Beidh coiste de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. I gcás go ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Airteagal 14 Athbhreithniú

1. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an ngá atá leis an Rialachán seo a athbhreithniú agus na nithe seo thíos, inter alia , á gcur san áireamh:

(a) a éifeachtaí atá an lipéad a fhad a bhaineann le feasacht an úsáideora deiridh;

(b) cé acu ba cheart nó nár cheart an scéim lipéadaithe a leathnú d'fhonn boinn ar cuireadh trácht nua orthu a chur san áireamh;

(c) cé acu ba cheart nó nár cheart paraiméadair nua boinn a thabhairt isteach;

(d) an fhaisnéis faoi pharaiméadair boinn a sholáthraíonn soláthróirí feithiclí agus dáileoirí d'úsáideoirí deiridh.

2. Tíolacfaidh an Coimisiún toradh an mheasúnaithe do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle tráth nach déanaí ná cúig bliana tar éis dáta cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 15 Teacht i bhfeidhm

3. Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

4. Beidh feidhm ag an Rialachán seo amhail ón 1 Samhain 2012.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

Iarscríbhinn I Grádú pharaiméadair na mbonn

Cuid A: Aicmí éifeachtachta breosla

Ní mór an aicme éifeachtachta breosla a chinneadh ar bhonn chomhéifeacht na friotaíochta rollaí ( RRC ) de réir an scála 'A go G' atá sonraithe thíos agus í a thomhas i gcomhréir le Rialachán UNECE Uimh. 117[15] agus na leasuithe iardain air.

Más rud é go bhfaomhtar cineál boinn le haghaidh níos mó ná aon aicme boinn amháin (e.g. C1 agus C2), ba cheart gurbh é an scála grádaithe atá infheidhme maidir leis an aicme is airde boinn (e.g. C2 seachas C1) an scála grádaithe a d'úsáidfí chun aicme éifeachtachta breosla an chineáil sin boinn a chinneadh.

Boinn C1 | Boinn C2 | Boinn C3 |

RRC i kg/t | Aicme éifeachtachta breosla | RRC i kg/t | Aicme éifeachtachta breosla | RRC i kg/t | Aicme éifeachtachta breosla |

RRC≤6.5 | A | RRC≤5.5 | A | RRC≤4.0 | A |

6.6≤RRC≤7.7 | B | 5.6≤RRC≤6.7 | B | 4.1≤RRC≤5.0 | B |

7.8≤RRC≤9.0 | C | 6.8≤RRC≤8.0 | C | 5.1≤RRC≤6.0 | C |

Folamh | D | Folamh | D | 6.1≤RRC≤7.0 | D |

9.1≤RRC≤10.5 | E | 8.1≤RRC≤9.2 | E | 7.1≤RRC≤8.0 | E |

10.6≤RRC≤12.0 | F | 9.3≤RRC≤10.5 | F | RRC≥8.1 | F |

RRC≥12.1 | G | RRC≥10.6 | G | Folamh | G |

Part B: Aicmí fliuchghreama

Ní mór aicmí fliuchghreama na mbonn C1 a chinneadh ar bhonn na treoiruimhreach fliuchghreama ( G ) de réir an scála 'A go G' atá sonraithe thíos agus iad a thomhas i gcomhréir le Rialachán UNECE Uimh. 117 agus na leasuithe iardain air.

G | Aicmí fliuchghreama |

155≤G | A |

140≤G≤154 | B |

125≤G≤139 | C |

Folamh | D |

110≤G≤124 | E |

G≤109 | F |

Folamh | G |

Part C: Torann Seachtrach Rollta

Déanfar luach tomhaiste an torainn sheachtraigh rollta a dhearbhú i ndeicibeilí agus tomhaisfear é de réir Rialachán UNECE 117 agus na leasuithe iardain air.

Iarscríbhinn II: Formáid an lipéid

Tá dhá chuid sa ghreamán dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus 5(1): (1) an lipéad arna chlóbhualadh san fhormáid a bhfuil tuairisc uirthi thíos agus (2) spás ina dtaispeántar ainm an tsoláthróra agus an raon boinn, toisí an bhoinn, an treoiruimhir ualaigh, an rátáil luais, agus sonraíochtaí teicniúla ('spás don bhranda' anseo feasta)

1. Dearadh an lipéid

1.1 Ní mór don lipéad arna chlóbhualadh ar an ngreamán, dá dtagraítear in Airteagail 4(1) agus 5(1), a bheith i gcomhréir leis an léaráid thíos:

[pic]

[pic]

1.2 Seo thíos sonraíochtaí an lipéid:

[pic]

[pic]

1.3 Ní mór an lipéad a bheith ar a laghad 75 mm ar leithead agus 110 mm ar airde. Más rud é go gclóbhuailtear an lipéad i bhformáid níos mó, ní mór a bhfuil air a bheith i gcomhréir i gcónaí leis na sonraíochtaí thuas.

1.4 Ní mór an lipéad a bheith de réir na gceanglas seo a leanas:

(a) CYMK is ea iad na dathanna – cian, maigeanta, buí agus dubh – agus luafar iad mar atá siad luaite sa sampla seo: 00-70-X-00: 0 % cian, 70 % maigeanta, 100 % buí, 0 % dubh;

(b) Is do na heochracha eolais atá luaite in alt 1.2 a thagraíonn na huimhreacha atá liostaithe thíos;

[pic] Éifeachtacht breosla

Picteagram, mar atá léirithe: leithead: 19.5 mm, airde: 18.5 mm – Fráma don phicteagram: fleasc: 3.5 pt, leithead: 26 mm, airde: 23 mm – Fráma don ghrádú: fleasc; 1 pt – Foirceann an fhráma: fleasc; 3.5 pt, leithead: 36 mm – Dath: X-10-00-05;

[pic] Fliuchghream

Picteagram, mar atá léirithe: leithead: 19 mm, airde: 19 mm – Fráma don phicteagram: fleasc: 3.5 pt, leithead: 26 mm, airde: 23 mm – Fráma don ghrádú: fleasc; 1 pt – Foirceann an fhráma: fleasc; 3.5 pt, leithead: 26 mm – Dath: X-10-00-05;

[pic] Torann seachtrach rollta

Picteagram, mar atá léirithe: leithead: 23 mm, airde: 15 mm – Fráma don phicteagram: fleasc: 3.5 pt, leithead: 26 mm, airde: 24 mm – Fráma don luach: fleasc: 1 pt – Foirceann an fhráma: fleasc: 3.5 pt, airde: 24 mm – Dath: X-10-00-05;

[pic] Imeall an lipéid: fleasc: 1.5 pt – Dath: X-10-00-05;

[pic] Scála A go G

- Saigheada: airde: 4.75 mm, bearna: 0.75 mm, fleasc dubh: 0.5 pt – dathanna:

? A: X-00-X-00;

? B: 70-00-X-00;

? C: 30-00-X-00;

? D: 00-00-X-00;

? E: 00-30-X-00;

? F: 00-70-X-00;

? G: 00-X-X-00.

- Téacs: Helvetica Bold 12 pt, 100% bán, imlíne dhubh: 0.5 pt;

[pic] Grádú

- Saighead: leithead: 16 mm, airde: 10 mm, 100% dubh;

- Téacs: Helvetica Bold 27 pt, 100% bán;

[pic] Línte an scála: fleasc; 0.5 pt, spás idir na línte daisithe: 5.5 mm, 100% dubh;

[pic] Scála an téacs: Helvetica Bold 11 pt, 100% dubh;

[pic] Luach an torainn

- Bosca: leithead: 25 mm, airde: 10 mm, 100% dubh;

- Téacs: Helvetica Bold 20 pt, 100% bán;

- Téacs an aonaid: Helvetica Bold 13 pt, 100% bán;

[pic] Lógó an AE: leithead: 9 mm, airde: 6 mm;

[pic] Tagairt don Rialachán : Helvetica Regular 7.5 pt, 100% dubh;

Tagairt don aicme boinn: Helvetica Bold 7.5 pt, 100% dubh;

(c) Ní mór an cúlra a bheith bán.

1.5 Ní mór an aicme boinn (C1, C2 agus C3) a lua ar an lipéad san fhormáid atá forordaithe sa léaráid in alt 1.2.

2. Spás don bhranda

2.1 Ní mór do sholáthróirí a n-ainm, an raon boinn, toisí an bhoinn, an treoiruimhir ualaigh, an rátáil luais agus sonraíochtaí teicniúla eile a chur ar an ngreamán maille leis an lipéad, is cuma cad é an dath, an fhormáid agus an dearadh a úsáidtear, ar chuntar nach sáraíonn méid chomhréireach an spáis don bhranda cóimheas 4:5 de mhéid an lipéid agus nach gcuireann an teachtaireacht a fhoilsítear in éineacht leis an lipéad isteach ar theactaireacht an lipéid.

Iarscríbhinn III Faisnéis a sholáthraítear i ndoiciméid theicniúla bholscaireachta

1. Is san ord atá sonraithe thíos a sholáthrófar faisnéis faoi bhoinn:

(i) an aicme éifeachtachta breosla (litir A go G); i gcás bonn C2 agus C3, luafar comhéifeacht na friotaíochta rollaí freisin;

(ii) an aicme fliuchghreama (litir A go G);

(iii) luach tomhaiste an torainn sheachtraigh rollta (dB).

2. Ní mór don fhaisnéis a sholáthraítear i bpointe 1 na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh:

(i) soléiteacht;

(ii) sothuigtheacht;

(iii) más rud é go bhfuil grádú éagsúil ar fáil le haghaidh cineáil ar leith boinn de réir toise nó paraiméadar eile, luafar an raon idir an bonn is fearr feidhmíocht agus an bonn is measa feidhmíocht.

3. Ní mór do sholáthróirí na nithe seo a leanas a chur ar fáil ar a suíomh gréasáin:

(i) míniú ar na picteagraim a chlóbhuailtear ar an lipéid;

(ii) ráiteas ina dtugtar le fios gur ar iompraíocht an tiománaí, na nithe seo thíos go háirithe, a bhraitheann coigilt breosla agus sábháilteacht ar bhóithre:

- is féidir ídiú breosla a laghdú go mór ach a bheith ag tiomáint ar bhealach éiceolaíoch;

- ba cheart brú na mbonn a sheiceáil go rialta chun an fliuchghreim agus feidhmíocht ó thaobh éifeachtachta breosla de a mhéadú;

- ba cheart faid stoptha a urramú i gcónaí.

Iarscríbhinn IV: An nós imeachta fíorúcháin

Déanfar comhréireacht na n-aicmí dearbhaithe maidir le héifeachtacht breosla agus fliuchghream mar aon le luach tomhaiste an torainn sheachtraigh rollta a mheasúnú i gcás gach cineáil bhoinn nó i gcás gach grúpála boinn, mar a chineann an soláthróir, de réir an nós imeachta seo a leanas:

(1) tástálfar aon bhonn amháin ar dtús. Má tá an luach tomhaiste comhréireach leis an aicme dearbhaithe nó le luach tomhaiste an torainn sheachtraigh rollta, measfar go bhfuil toradh an tástála sásúil;

(2) más rud é nach bhfuil an luach tomhaiste comhréireach leis an aicme dearbhaithe nó le luach tomhaiste an torainn sheachtraigh rollta, tástálfar trí bhonn eile. Úsáidfear meánluach thomhais na gceithre bonn a tástáladh chun comhréireacht leis an bhfaisnéis dhearbhaithe a mheasúnú.

[1] An Ghníomhaireacht Eorpach um Chomhshaol, Fardal Bliantúil Gás Ceaptha Teasa 1990-2005 agus Tuarasáil Fardail 2007, lch 88.

[2] IO C , , lch .

[3] IO C , , lch .

[4] IO C , , lch .

[5] IO C , , lch .

[6] COIM(2008) 433

[7] (COIM(2006)545).

[8] [Togra COIM(2008) 316 á ghlacadh,] IO C, , lch .

[9] IO L [10]%&'45>?HIKN`bcrst€¾èé : < Š ? Ž œ ïäÕäÅä±Å¤™äŤŤŤäÅŒ?y?y?ÅälÅäÅädÅ

189, 18.7.2002, lch 12.

[11] IO L 297, 13.10.1992, lch 16.

[12] IO L 218, 13.8.2008, lch 30.

[13] IO L 184, 17.7.1999, lch 23.

[14] [N.B.: San aicmiú reatha bonn atá i dtogra le haghaidh Rialacháin (COIM(2008)316) fágtar feithiclí saothair éadroim ar lár (N1). Tá comhaontú ann ar leibhéal na Comhairle an sainmhíniú atá molta in Airteagal 8 de COIM(2008) 316 a athbhreithniú d'fhonn boinn N1 a chur san áireamh; cuirfear an comhaontú i gcrích faoi cheann Dheireadh Fómhair ar a dhéanaí, sula nglacfar an togra seo le haghaidh Treorach maidir le lipéadú bonn. Is chun críche faisnéise é seo le linn an nós imeachta reachtaigh agus ní mór é a scriosadh tráth a ghlacfar é].

[15] IO …, …2009, lch .

[16] IO L 231, 29.8.2008, lch 19.

Top