Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52009PC0113

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha ginearálta maidir le cabhair airgeadais Chomhphobail a dheonú i réimse na ngréasán traseorpach (leagan códaithe)

/* COIM/2009/0113 leagan deireanach - COD 2009/0037 */

52009PC0113

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha ginearálta maidir le cabhair airgeadais Chomhphobail a dheonú i réimse na ngréasán traseorpach (leagan códaithe) /* COIM/2009/0113 leagan deireanach - COD 2009/0037 */


[pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH |

An Bhruiséil 28.4.2009

COIM(2009) 113 leagan deireanach

2009/0037 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leagtar síos rialacha ginearálta maidir le cabhair airgeadais Chomhphobail a dheonú i réimse na ngréasán traseorpach

(leagan códaithe)

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1. I gcomhthéacs Eoraip na ndaoine, cuireann an Coimisiún tábhacht mhór le dlí an Chomhphobail a shimpliú agus a shoiléiriú ionas go mbeidh sé níos soiléire agus níos so-aimsithe don ghnáthshaoránach, sa chaoi go dtugtar deiseanna nua dó agus seans chun úsáid a bhaint as na cearta sonracha a thugtar dó.

Ní féidir an cuspóir seo a bhaint amach fad agus atá líon mór forálacha a leasaíodh roinnt uaireanta, leasuithe suntasacha go minic, scaipthe anseo agus ansiúd, agus go mbíonn gá le cuardach a dhéanamh orthu, cuid acu san ionstraim bhunaidh agus cuid eile acu in ionstraimí leasaitheacha níos déanaí. Is gá, dá bhrí sin, mórobair thaighde a dhéanamh, i bhfoirm comparáide idir go leor ionstraimí éagsúla, chun na rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair a aithint.

Ar an gcúis sin, tá sé bunriachtanach freisin códú a dhéanamh ar rialacha a leasaíodh go minic má tá dlí an Chomhphobail le bheith soiléir agus trédhearcach.

2. Chinn an Coimisiún[1], dá bhrí sin, an 1 Aibreán 1987, a chuid ball foirne a threorú gur chóir na gníomhartha reachtacha go léir a chódú i ndiaidh deich leasú ar a mhéad , á chur i bhfios dóibh gur bunriachtanas é seo agus gur chóir do ranna iarracht a dhéanamh na téacsanna a bhfuil siad freagrach astu a chódú laistigh d'agaí níos giorra fós lena chinntiú go bhfuil rialacha an Chomhphobail soiléir agus so-thuigthe.

3. Dearbhaíodh é seo i gConclúidí Uachtaránacht na Comhairle Eorpaí i nDún Éideann (Nollaig 1992)[2] agus cuireadh béim ar an tábhacht a bhaineann le códú mar go dtugann sé cinnteacht maidir leis an dlí is infheidhme maidir le hábhar ar leith ag tráth ar leith.

Ní foláir gnáthnós imeachta reachtach an Chomhphobail a chomhlíonadh go huile agus go hiomlán agus an códú á dhéanamh.

Ós rud é nach ceadmhach athruithe a dhéanamh ar shubstaint na n-ionstraimí ar a mbeidh éifeacht ag an gcódú , tháinig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar chomhaontú, i gcomhaontú idirinstitiúideach an 20 Nollaig 1994, go bhféadfaí nós imeachta brostaithe a úsáid chun ionstraimí códaithe a ghlacadh go mear.

4. Is é is cuspóir don togra seo códú a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 2236/95 ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 1995 lena leagtar síos rialacha ginearálta maidir le cabhair airgeadais Chomhphobail a dheonú i réimse na ngréasán traseorpach[3]. Glacfaidh an Rialachán nua ionad na ngníomhartha éagsúla a chuimsítear ann[4]; caomhnaíonn an togra seo go huile agus go hiomlán inneachar na ngníomhartha atáthar a chódú agus, ar an ábhar sin, ní dhéanann sé ach iad a thabhairt le chéile gan ach na leasuithe foirmiúla sin amháin a bhfuil gá leo don phróiseas códaithe féin a dhéanamh.

5. Tarraingíodh suas an togra um chódú bunaithe ar réamh-chomhdhlúthú Rialachán (CE) Uimh. 2236/95 agus na n-ionstraimí lena leasaítear é, sna teangacha oifigiúla go léir. Is í Oifig Foilseachán Oifigiúil na gComhphobal Eorpach a rinne an comhdhlúthú sin trí chóras próiseála sonraí . I gcás gur tugadh uimhreacha nua do na hAirteagail, léirítear an comhghaol idir an tseanuimhir agus an uimhir nua i dtábla atá leagtha amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán códaithe.

⎢ 2236/95 (oiriúnaithe)

2009/0037 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leagtar síos rialacha ginearálta maidir le cabhair airgeadais Chomhphobail a dheonú i réimse na ngréasán traseorpach (leagan códaithe)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 156 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[5],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[6],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh[7],

De bharr an méid seo a leanas:

(1) Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 2236/95 ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 1995 lena leagtar síos na rialacha ginearálta a bhaineann le cabhair airgeadais Chomhphobail a dheonú i réimse na ngréasán traseorpach[8] a leasú go substaintiúil roinnt uaireanta[9]. Ar mhaithe le soiléireacht agus le réasúnaíocht, ba chóir an Rialachán sin a chódú.

⎢ 2236/95 Aithris 4 agus Aithris 6 (oiriúnaithe)

(2) Is é a fhoráiltear le hAirteagal 155 den Chonradh go mbunóidh an Comhphobal sraith treoirlínte faoina gcumhdófar cuspóirí, tosaíochtaí agus imlínte na ngníomhaíochtaí arna mbeartú i réimse na ngréasán traseorpach agus go bhféadfaidh sé tacú le hiarrachtaí airgeadais na mBallstát chun gréasáin thraseorpacha a bhunú. Faoin Airteagal sin féadfar cabhair Chomhphobail a dheonú do thionscadail leasa choitinn a shonrófar faoi chuimsiú na dtreoirlínte.

⎢ 2236/95 Aithris 5 (oiriúnaithe)

(3) Ba chóir rialacha ginearálta a leagan síos maidir le maoiniú Comhphobail a thabhairt i réimse na ngréasán traseorpach, sa dóigh go gceadófaí Airteagal 155 a chur chun feidhme.

⎢ 2236/95 Aithris 8

(4) Ba chóir go méadófaí an bhaint atá ag an gcaipiteal príobháideach le maoiniú na ngréasán traseorpach agus ba chóir an chomhpháirtíocht idir an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach a fhorbairt.

⎢ 2236/95 Aithris 9 (oiriúnaithe)

(5) Féadfaidh cabhair Chomhphobail a bheith go sonrach i bhfoirm staidéar indéantachta, ráthaíochtaí iasachta nó fóirdheontas úis. Baineann na fóirdheontais agus na ráthaíochtaí sin go háirithe le tacaíocht airgeadais ón mBanc Eorpach Infheistíochta nó ó chomhlachtaí airgeadais príobháideacha nó poiblí eile. I gcásanna áirithe a mbeidh bonn cirt leo mar is cuí, féadfar deontais dhíreacha d'infheistíochtaí a mheas.

⎢ 2236/95 Aithris 10 (oiriúnaithe)

(6) Ba chóir go ndeonódh an Ciste Eorpach Infheistíochta nó eagraíochtaí airgeadais eile ráthaíochtaí iasachta ar bhonn tráchtála. Féadfaidh cabhair airgeadais Chomhphobail na préimheanna go léir nó cuid díobh a chumhdach a n-íocann tairbhithe na ráthaíochtaí sin iad.

⎢ 2236/95 Aithris 11

(7) Is é a bheartaítear go príomha le cabhair Chomhphobail aon chonstaicí airgeadais a shárú a d’fhéadfadh tarlú le linn tús a chur le tionscadal.

⎢ 2236/95 Aithris 12 agus 807/2004 Aithris 2 (oiriúnaithe)

(8) Is gá teorainn a chur le cabhair Chomhphobail i ndáil leis an gcostas iomlán infheistíochta. Mar sin féin, ba chóir ráta níos airde cabhrach Comhphobail a chur ar fáil chun cur i gcrích nasc trasteorann a chur chun cinn le haghaidh na dtionscadal tosaíochta.

⎢ 807/2004 Aithris 5

(9) Is gá ceangaltas airgeadais daingean ó infheisteoirí institiúideacha, atá tarraingteach go leor chun caipiteal príobháideach a chruinniú, chun comhpháirtíochtaí poiblí príobháideacha a bhunú (nó cineálacha eile comhoibrithe a bhunú idir an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach). Trí bhíthin cabhair airgeadais Chomhphobail a dheonú ar bhonn ilbhliantúil, cuirfear deireadh le haon éiginnteacht atá ag cur moille ar fhorbairt tionscadal. Mar sin, ba chóir bearta a dhéanamh chun cabhair airgeadais a dheonú, ar bhonn ceangaltais dhlíthiúil ilbhliantúil, do thionscadail a roghnaítear.

⎢ 2236/95 Aithris 13 (oiriúnaithe)

(10) Ba chóir cabhair airgeadais Chomhphobail a dheonú do thionscadail i gcomhréir lena mhéad a chuidíonn siad le gnóthú chuspóirí Airteagal 154 den Chonradh agus le gnóthú na gcuspóirí agus na dtosaíochtaí eile a chumhdaítear leis na treoirlínte dá dtagraítear in Airteagal 155 den Chonradh. Ba chóir gnéithe eile a chur san áireamh freisin, amhail an chaoi a spreagtar maoiniú poiblí agus príobháideach, na héifeachtaí socheacnamaíocha díreacha agus indíreacha atá le tionscadail, go háirithe ar an bhfostaíocht, agus na hiarmhairtí sin don chomhshaol.

⎢ 1655/1999 Aithris 4 (oiriúnaithe)

(11) Is iomchuí ranníocaíochtaí caipitil riosca a cheadú i gcistí infheistíochta arb é an chéad tosaíocht atá acu caipiteal riosca a sholáthar le haghaidh tionscadal gréasán traseorpach go dtí 1% den mhéid iomlán don tréimhse 2000 go 2006 chun taithí a fháil ar an gcineál maoinithe seo. Féadfar an teorainn seo a mhéadú go dtí 2% tar éis feidhmiú na hionstraime seo a athbhreithniú. Is iomchuí freisin scrúdú a dhéanamh chun féachaint an féidir í a shíneadh amach anseo.

⎢ 1655/1999 Aithris 5

(12) Tá sé inmhianaithe, chun an trédhearcacht a mhéadú agus chun ionchais a chomhlánú maidir le tionscadail nó grúpaí tionscadal a bhfuil riachtanais thábhachtacha airgeadais ar feadh tréimhse fada acu, go dtarraingeofar suas cláir ilbhliantúla tháscacha in earnálacha sonracha nó i réimsí sonracha. Ba chóir do na cláir sin an méid iomlán tacaíochta agus an méid bliantúil tacaíochta a léiriú a d'fhéadfaí a chionroinnt ar feadh tréimhse áirithe ar a leithéid de thionscadal nó ar a leithéidí de ghrúpaí tionscadal, agus a d'úsáidfí mar thagairt le haghaidh na gcinntí bliantúla maidir le cabhair airgeadais a dheonú laistigh de na leithreasuithe buiséadacha bliantúla, nuair atá siad i gcomhréir leis na cláir ilbhliantúla tháscacha ábhartha. Mar sin féin, ní hionann na méideanna ilbhliantúla a léirítear sna cláir sin agus ceangaltais bhuiséadacha.

⎢ 2236/95 Aithris 14

(13) Ní foláir don Choimisiún inmharthanacht eacnamaíoch acmhainneach na dtionscadal a mheasúnú go cúramach, agus anailís á déanamh aige ar na costais/ar na sochair agus ar chritéir iomchuí eile, chomh maith le brabúsacht airgeadais na dtionscadal sin a mheasúnú.

⎢ 2236/95 Aithris 15 (oiriúnaithe)

(14) Ní foláir go mbeidh cabhair airgeadais Chomhphobail faoin tríú fleasc d'Airteagal 155(1) den Chonradh ag luí le beartais an Chomhphobail, go háirithe maidir le gréasáin agus i ndáil le cosaint an chomhshaoil, leis an iomaíocht agus le conarthaí poiblí a dhámhachtain. Ba chóir go n-áireofaí le cosaint an chomhshaoil measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol.

⎢ 2236/95 Aithris 16

(15) Is gá cumhachtaí agus freagrachtaí na mBallstát agus an Choimisiúin faoi seach a shoiléiriú maidir le rialú airgeadais.

⎢ 2236/95 Aithris 17

(16) Ní foláir don Choimisiún a áirithiú go ndéanfar gníomhaíochtaí uile an Chomhphobail a chomhordú i gceart, go háirithe idir maoiniú faoi na gréasáin thraseorpacha agus maoiniú ó na Cistí Struchtúracha agus Comhtháthaithe, ón gCiste Eorpach Infheistíochta agus ón mBanc Eorpach Infheistíochta, a bhfuil tionchar acu ar na gréasáin thraseorpacha.

⎢ 2236/95 Aithris 18

(17) Ba chóir foráil a dhéanamh do mhodhanna oiriúnacha maidir le cabhair Chomhphobail a mheasúnú, a scrúdú tar éis a dámhachtana agus a rialú.

⎢ 2236/95 Aithris 19

(18) Ba chóir gurbh oiriúnach an fhaisnéis, an phoiblíocht agus an trédhearcacht maidir leis na gníomhaíochtaí a mhaoinítear.

⎢ 1655/1999 Aithris 12 (oiriúnaithe)

(19) I bhfianaise a thábhachtaí atá na gréasáin thraseorpacha, is iomchuí a áireamh sa Rialachán seo creat airgeadais de réir bhrí phointe 33 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 6 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le rialú buiséid agus maidir leis an nós imeachta buiséadach a fheabhsú[10], EUR 4 600 milliún chun é a chur chun feidhme don tréimhse 2000 go 2006.

⎢ 1655/1999 Aithris 13 (oiriúnaithe)

(20) Is iomchuí go scrúdóidh an Chomhairle cibé acu ba chóir leanúint leis na bearta nó ba chóir iad a leasú faoin Rialachán seo i bhfianaise na tuarascála cuimsithí a thíolaic an Coimisiún roimh dheireadh 2006.

(21) Ba chóir na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún[11],

⎢ 2236/95

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

⎢ 2236/95 (oiriúnaithe)

Airteagal 1

Sainmhíniú agus Raon Feidhme

Sainmhínítear leis an Rialachán seo na coinníollacha agus na nósanna imeachta a bhaineann le cabhair Chomhphobail a dheonú do thionscadail leasa choitinn i réimse na ngréasán traseorpach do bhonneagair an iompair, na teileachumarsáide agus an fhuinnimh faoin tríú fleasc d'Airteagal 155(1) den Chonradh.

Airteagal 2

Incháilitheacht

Ní fhéadfar cabhair Chomhphobail a dheonú ach amháin do thionscadail leasa choitinn (dá ngairfear anseo feasta 'tionscadail') a shonraítear faoi chuimsiú na dtreoirlínte dá dtagraítear sa tríú fleasc d'Airteagal 155(1) den Chonradh.

Beidh codanna de thionscadail incháilithe a mhéid arb aonaid neamhspleácha iad go teicniúil agus ó thaobh an airgeadais de.

⎢ 1655/1999 Airteagal 1 pointe 3 (oiriúnaithe)

Airteagal 3

Cineálacha cabhrach

1. Féadfar ceann amháin nó níos mó de na cineálacha cabhrach seo a leanas a úsáid chun cabhair Chomhphobail a dheonú do thionscadail:

(a) cómhaoiniú staidéar a bhaineann le tionscadail, lena n-áirítear staidéir ullmhúcháin, staidéir indéantachta agus staidéir mheastóireachta, agus bearta tacaíochta teicniúla eile le haghaidh na staidéar sin. De ghnáth, ní rachaidh ranníocaíocht an Chomhphobail thar 50% de chostas iomlán staidéir. I gcásanna eisceachtúla, a bhfuil bunús cuí leo, ar thionscnamh an Choimisiúin agus le toiliú na mBallstát lena mbaineann, féadfaidh ranníocaíocht an Chomhphobail dul thar theorainn 50%;

(b) fóirdheontais an úis ar iasachtaí arna dtabhairt ag an mBanc Eorpach Infheistíochta nó ag comhlachtaí airgeadais poiblí nó príobháideacha eile. De ghnáth, ní rachaidh ré an fhóirdheontais thar thréimhse níos faide ná cúig bliana;

(c) ranníocaíochtaí i leith préimheanna le haghaidh ráthaíochtaí iasachta arna dtabhairt ag an mBanc Eorpach Infheistíochta nó ag institiúidí eile airgeadais;

(d) deontais dhíreacha d'infheistíochtaí i gcásanna a mbeidh bonn cirt leo mar is cuí;

(e) ranníocaíocht chaipitil riosca le haghaidh cistí infheistíochta nó gealltanais airgeadais inchomparáide arb é an chéad tosaíocht atá acu caipiteal riosca a sholáthar le haghaidh tionscadal gréasán traseorpach agus lena mbaineann infheistíocht shuntasach ón earnáil phríobháideach; ní rachaidh an ranníocaíocht chaipitil riosca sin thar 1% de na hacmhainní buiséadacha faoi Airteagal 19. I gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 18(2), féadfar an teorainn seo a mhéadú go dtí 2% ó 2003 ar aghaidh i bhfianaise feidhmiú na hionstraime seo a athbhreithniú agus tíolacfaidh an Coimisiún an t-athbhreithniú sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Féadfar an ranníocaíocht a chur go díreach isteach sa chiste nó sa ghealltanas airgeadais inchomparáide nó i sásra comh-infheistíochta arna bainistiú ag na bainisteoirí ciste céanna. Tá rialacha mionsonraithe breise maidir le cur chun feidhme na ranníocaíochtaí caipitil riosca seo leagtha síos in Iarscríbhinn I.

2. Déanfar an chabhair Chomhphobail dá dtagraítear i mír 1 a chomhcheangal nuair is iomchuí, chun an spreagthach a sholáthraíonn na hacmhainní buiséadacha arna n-imscaradh a uasmhéadú, a úsáidfear ar an mbealach is coigiltí.

3. Úsáidfear na cineálacha cabhrach Comhphobail dá dtagraítear i mír 1 go roghnach chun go dtabharfar aird ar shaintréithe na gcineálacha éagsúla gréasán lena mbaineann agus chun a áirithiú nach gcuirfidh an chabhair sin an iomaíocht idir ghnóthais na hearnála lena mbaineann as a riocht.

4. Úsáidfear an maoiniú le haghaidh tionscadal bonneagair iompair ar feadh na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 19 sa chaoi go dtabharfar ar a laghad 55% de d'iarnróid (lena n-áirítear iompar comhcheangailte) agus uasmhéid 25% do bhóithre.

5. Taobhóidh an Coimisiún go sonrach le leas a bhaint as acmhainní príobháideacha maoinithe le haghaidh tionscadal arna maoiniú faoin Rialachán seo áit ar féidir éifeacht iolraitheora ionstraimí airgeadais an Chomhphobail a uasmhéadú i gcomhpháirtíochtaí poiblí príobháideacha. Scrúdóidh an Coimisiún gach cás go leithleach, ag cur san áireamh nuair is iomchuí malairt rogha a d’fhéadfadh a bheith ann agus a mhaoineofaí le hacmhainní poiblí amháin. Éileofar tacaíocht ó gach Ballstát lena mbaineann le haghaidh gach tionscadail i gcomhréir leis an gConradh.

⎢ 2236/95 Airteagal 5

Airteagal 4

Coinníollacha maidir le cabhair Chomhphobail a dheonú

1. Ní dheonófar cabhair Chomhphobail, i bprionsabal, ach amháin má chuirtear constaicí airgeadais ar thionscadal a chur i gcrích.

2. Ní rachaidh cabhair Chomhphobail thar an íosmhéid a mheastar a bheith riachtanach chun tionscadal a sheoladh.

⎢ 807/2004 Airteagal 1 pointe1(a)

3. Gan aird ar fhoirm na hidirghabhála a roghnófar, ní rachaidh méid iomlán na cabhrach Comhphobail faoin Rialachán seo thar 10% den chostas infheistíochta iomlán. Mar sin féin, féadfaidh méid iomlán na cabhrach Comhphobail 20% den chostas infheistíochta iomlán a shroicheadh ar bhonn eisceachtúil sna cásanna seo a leanas:

(a) tionscadail a bhaineann le córais suite agus loingseoireachta satailíte, dá bhforáiltear in Airteagal 17 de Chinneadh Uimh. 1692/96/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[12];

(b) tionscadail tosaíochta maidir leis na gréasáin fuinnimh;

(c) codanna de na tionscadail a bhaineann le leas na hEorpa arna sonrú in Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh Uimh. 1692/96/CE, ar an gcoinníoll go gcuirfear tús leo roimh 2010, a bhfuil sé de chuspóir acu baic a chealú, agus/nó codanna atá ar iarraidh a chur i gcrích, más rud é go mbeidh gné thrasteorann le feiceáil sna codanna sin nó más rud é go bhfuil gné iontu a sháróidh constaicí nádúrtha, agus go rannchuideoidh siad leis an margadh inmheánach a chomhtháthú i gComhphobal méadaithe, go dtaobhóidh siad leis an tsábháilteacht, go n-áiritheoidh siad idir-inoibritheacht na ngréasán náisiúnta agus/nó go rannchuideoidh siad go mór le neamhchothromaíochtaí idir modhanna iompair a laghdú, i bhfabhar na modhanna is fearr a oirfidh don chomhshaol. Déanfar difreáil ar an ráta seo de réir na sochar a bheidh do thíortha eile, go háirithe na Ballstáit chomharsanacha.

⎢ 1159/2005 Airteagal 1

I gcás tionscadal leasa choitinn atá sonraithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Uimh. 1336/97/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[13], féadfaidh méid iomlán na cabhrach Comhphobail arna dheonú faoin Rialachán seo 30% de chostas iomlán na hinfheistíochta a shroicheadh.

⎢ 2236/95

4. Ní shannfar na hacmhainní airgeadais dá bhforáiltear faoin Rialachán seo, i bprionsabal, do thionscadail nó do chéimeanna tionscadal a bhaineann leas as foinsí maoinithe eile Comhphobail.

⎢ 807/2004 Airteagal 1 pointe 1(b)

5. I gcás tionscadal dá dtagraítear i mír 3, laistigh de theorainneacha an Rialacháin seo, is ar bhonn ilbhliantúil a bheidh an ceangaltas dlíthiúil agus comhlíonfar na ceangaltais bhuiséadacha i dtráthchodanna bliantúla.

⎢ 1655/1999 Airteagal 1 pointe 5 (oiriúnaithe)

Airteagal 5

Clár ilbhliantúil táscach an Chomhphobail

1. Gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 6 agus chun éifeachtacht ghníomhaíocht an Chomhphobail a fheabhsú, féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 18(2), clár ilbhliantúil táscach a bhunú de réir earnála (dá dtagraítear mar 'clár' ina dhiaidh seo) ar bhonn na dtreoirlínte dá dtagraítear in Airteagal 155(1) den Chonradh. Beidh an clár bunaithe ar iarratais ar chabhair airgeadais faoi Airteagal 8 agus léireoidh sé inter alia faisnéis arna soláthar ag na Ballstáit, go háirithe an fhaisnéis atá leagtha amach in Airteagal 9.

⎢ 1655/1999 Airteagal 1 pointe 5

2. Beidh an clár comhdhéanta go heisiach as tionscadail leasa choitinn agus/nó as grúpaí comhtháite de thionscadail leasa choitinn, mar a sonraíodh roimhe seo faoi chuimsiú na dtreoirlínte dá dtagraítear in Airteagal 155(1) den Chonradh, i réimsí sonracha a mbeidh riachtanais airgeadais shuntasacha acu thar thréimhse fhada.

⎢ 1655/1999 Airteagal 1 pointe 5 (oiriúnaithe)

3. Le haghaidh gach tionscadail nó grúpa tionscadal, bunóidh an clár na méideanna táscacha maidir le cabhair airgeadais a dheonú faoi réir chinntí bliantúla an údaráis bhuiséadaigh. Ní úsáidfear níos mó ná 75% de na hacmhainní buiséadacha faoi Airteagal 19 chun críocha clár ilbhliantúil táscach.

4. Úsáidfear an clár mar thagairt le haghaidh na gcinntí bliantúla lena gcionroinntear cabhair Chomhphobail ar thionscadail laistigh de na leithreasaí bliantúla buiséadacha. Cuirfidh an Coimisiún an Coiste dá dtagraítear in Airteagal 18(1) ar an eolas go rialta maidir le dul chun cinn na gclár agus aon chinntí a ghlacfaidh an Coimisiún chun cabhair Chomhphobail a chionroinnt ar na tionscadail sin. Áireofar sna doiciméid tacaíochta a ghabhann le réamh-dhréachtbhuiséad an Choimisiúin tuarascáil maidir leis an dul chun cinn i gcur chun feidhme gach cláir ilbhliantúil tháscaigh i gcomhréir leis an Rialachán ón gComhairle (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002[14].

Caithfear athbhreithniú a dhéanamh ar an gclár, i lár téarma ar a laghad nó i bhfianaise an dul chun cinn éifeachtúil sna tionscadail, agus más gá, déanfar é a choigeartú, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 18(2).

⎢ 1655/1999 Airteagal 1 pointe 5

Tabharfar le fios sa chlár, freisin, na foinsí eile maoinithe le haghaidh na dtionscadal lena mbaineann, go háirithe ó ionstraimí eile Comhphobail agus ón mBanc Eorpach Infheistíochta.

⎢ 1655/1999 Airteagal 1 pointe 5 (oiriúnaithe)

5. Má dhéantar aon athruithe suntasacha i gcur chun feidhme na dtionscadal, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas gan mhoill.

Déanfar aon mhodhnuithe, a d'fhéadfadh a bheith riachtanach tar éis na n-athruithe seo, ar na méideanna comhchruinnithe táscacha a bhunaítear leis an gclár maidir leis na tionscadail, a chinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 18(2).

⎢ 2236/95 (oiriúnaithe)

Airteagal 6

Critéir maidir le tionscadail a roghnú

1. Tabharfar cúnamh do thionscadail i gcomhréir leis an méid a chuidíonn siad le gnóthú chuspóirí Airteagal 154 den Chonradh agus na gcuspóirí agus na dtosaíochtaí eile a shainmhínítear sna treoirlínte dá dtagraítear in Airteagal 155(1) den Chonradh.

⎢ 1655/1999 Airteagal 1 pointe 6

2. Agus an Rialachán seo á chur chun feidhme, áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh a chinntí maidir le cabhair Chomhphobail a dheonú i gcomhréir leis na tosaíochtaí atá leagtha síos sna treoirlínte do na hearnálacha difriúla arna mbunú de bhun Airteagal 155(1) den Chonradh. Áireofar leis seo go mbeidh siad i gcomhréir le haon cheanglais a d’fhéadfaí a leagan síos sna treoirlínte sin i dtéarmaí céatadáin de chabhair iomlán Chomhphobail.

⎢ 2236/95 (oiriúnaithe)

3. Sannfar cabhair Chomhphobail do thionscadail a d'fhéadfadh a bheith inmharthana go heacnamaíoch agus a meastar orthu nach bhfuil a mbrabúsacht airgeadais, tráth an iarratais, leordhóthanach.

4. Ba chóir na nithe seo a leanas a chur san áireamh chomh maith, agus cinneadh á dhéanamh maidir le cabhair Chomhphobail a dheonú:

(a) chomh haibí agus atá an tionscadal,

(b) an chaoi a spreagfaidh idirghabháil an Chomhphobail maoiniú poiblí agus maoiniú príobháideach,

(c) chomh fónta agus atá an pacáiste airgeadais,

(d) an tionchar socheacnamaíoch go díreach nó go hindíreach, go háirithe ar an bhfostaíocht,

(e) na hiarmhairtí ar an gcomhshaol.

5. Go háirithe i gcás tionscadal trasteorann, cuirfear san áireamh comhordú ar uainiú chodanna difriúla an tionscadail.

⎢ 2236/95

Airteagal 7

Comhoiriúnacht

Comhlíonfaidh na tionscadail a mhaoineofar faoin Rialachán seo dlí an Chomhphobail agus beartais an Chomhphobail, go háirithe maidir le cosaint an chomhshaoil, maidir leis an iomaíocht agus maidir le conarthaí poiblí a dhámhachtain.

⎢ 1655/1999 Airteagal 1 pointe 7 (oiriúnaithe)

Airteagal 8

Iarratais a thíolacadh ar chabhair airgeadais Chomhphobail

Is iad na Ballstáit lena mbaineann nó, le comhaontú an Bhallstáit/na mBallstát lena mbaineann, is iad na gnóthais nó comhlachtaí, idir phoiblí agus phríobháideach, lena mbaineann go díreach, a chuirfidh iarratais ar chabhair airgeadais faoi bhráid an Choimisiúin.

Bunóidh an Coimisiún an comhaontú idir na Ballstáit lena mbaineann.

⎢ 2236/95

Airteagal 9

An fhaisnéis a éilítear chun iarratais a mheasúnú agus a shainaithint

⎢ 2236/95 (oiriúnaithe)

1. Le gach iarratas ar chabhair airgeadais áireofar an fhaisnéis go léir is gá chun an tionscadal a scrúdú de réir Airteagail 4, 6 agus 7, agus go háirithe:

(a) má bhaineann an t-iarratas le tionscadal:

(i) an comhlacht atá freagrach as an tionscadal sin a chur i gcrích;

(ii) tuairisc ar an tionscadal lena mbaineann agus an cineál cabhrach Comhphobail a bheartaítear;

(iii) torthaí na n-anailísí costais is tairbhe, lena n-áirítear torthaí na hanailíse ar an inmharthanacht eacnamaíoch acmhainneach agus torthaí na hanailíse ar an mbrabúsacht airgeadais;

(iv) suíomh an tionscadail, de réir na dtreoirlínte, i réimse an iompair, ar na haiseanna agus na nóid;

(v) comhchuibheas le pleanáil réigiúnach;

(vi) tuairisc achomair ar an tionchar ar an gcomhshaol, bunaithe ar na measúnuithe a cuireadh i gcrích i gcomhréir le Treoir 85/337/CEE ón gComhairle[15];

(vii) ráiteas ina gcuirtear in iúl gur scrúdaíodh féidearthachtaí eile maoinithe phoiblí agus phríobháidigh, lena n-áirítear an Ciste Eorpach Infheistíochta agus an Banc Eorpach Infheistíochta;

⎢ 1655/1999 Airteagal 1 pointe 8 (oiriúnaithe)

(viii) plean airgeadais ina liostaítear, in euro nó san airgeadra náisiúnta, comhpháirteanna go léir an phacáiste airgeadais, lena n-áirítear an chabhair airgeadais a iarradh ar an gComhphobal, ina gcineálacha difriúla mar atá luaite in Airteagal 3(1), agus ar chomhlachtaí rialtais áitiúla, réigiúnacha nó náisiúnta, agus ar fhoinsí príobháideacha, agus an chabhair a deonaíodh cheana;

⎢ 2236/95

(b) má bhaineann an t-iarratas le staidéar, cuspóir agus aidhm an staidéir agus na modhanna agus na teicnící a bheartaítear;

(c) amchlár sealadach oibre;

(d) tuairisc ar na bearta rialaithe a fheidhmeoidh an Ballstát lena mbaineann maidir leis na cistí a iarrtar a úsáid.

⎢ 1655/1999 Airteagal 1 pointe 9

2. Soláthróidh na hiarratasóirí aon fhaisnéis bhreise ábhartha don Choimisiún a éilíonn sé, amhail paraiméadair, treoirlínte agus hipitéisí ar a mbunófar an anailís costais is tairbhe.

⎢ 2236/95

3. Féadfaidh an Coimisiún aon sainchomhairle is gá a lorg chun an t-iarratas a mheasúnú, lena n-áirítear tuairim an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta.

⎢ 1655/1999 Airteagal 1 pointe 10 (oiriúnaithe)

Airteagal 10

Cabhair airgeadais a dheonú

I gcomhréir le hAirteagal 274 den Chonradh, cinnfidh an Coimisiún cabhair airgeadais a dheonú faoin Rialachán seo de réir mar a mheasfaidh sé an t-iarratas i gcomhréir leis na critéir roghnúcháin. I gcás tionscadal atá sainaitheanta sa chlár ilbhliantúil táscach arna bhunú de bhun Airteagal 5, glacfaidh an Coimisiún na cinntí bliantúla chun cabhair a dheonú laistigh de na méideanna airgeadais táscacha dá bhforáiltear sa chlár sin. I gcás tionscadal eile, glacfar bearta i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 18(2). Tabharfaidh an Coimisiún fógra maidir lena chinneadh go díreach chuig na tairbhithe agus chuig na Ballstáit.

⎢ 2236/95

Airteagal 11

Forálacha airgeadais

1. Ní chumhdófar faoi chabhair Chomhphobail ach an caiteachas sin a bhaineann le tionscadail agus a thabhóidh na tairbhithe nó tríú páirtithe a bheidh freagrach as tionscadal a chur chun feidhme.

2. Ní chumhdófar caiteachas a thabhófar roimh an dáta a bhfaighidh an Coimisiún an t-iarratas ar chabhair airgeadais.

3. Beidh cinntí a ghlacfaidh an Coimisiún faoi Airteagal 10 maidir le cabhair airgeadais a dheonú ina gceangal mar cheangaltais maidir le caiteachas arna údarú leis an mBuiséad a thabhú.

4. Go ginearálta, déanfar íocaíochtaí i bhfoirm airleacan, íocaíochtaí idirmheánacha agus íocaíochta deiridh. Íocfar an t-airleacan, nach rachaidh thar 50% den chéad tráinse bliantúil de ghnáth, chomh luath agus a fhormheasfar an t-iarratas ar chabhair. Déanfar íocaíochtaí idirmheánacha ar an mbonn sin go n-iarrfar íocaíocht, á chur san áireamh an dul chun cinn arna dhéanamh i gcur chun feidhme an tionscadail nó an staidéir agus, más gá, á gcur san áireamh pleananna airgeadais arna n-athbhreithniú ar bhonn dianbheacht trédhearcach.

5. Ní foláir go gcuirfidh na híocaíochtaí san áireamh go gcuirfear na tionscadail bonneagair chun feidhme thar thréimhse blianta agus nach mór foráil a dhéanamh mar sin do mhaoiniú ilbhliantúil.

6. Déanfaidh an Coimisiún an íocaíocht deiridh tar éis formheas a dhéanamh ar an tuarascáil deiridh maidir leis an tionscadal nó leis an staidéar, a chuirfidh an tairbhí isteach agus a mhionsonróidh an caiteachas go léir a thabhófar.

⎢ 1655/1999 Airteagal 1 pointe11 (oiriúnaithe)

7. I gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 18(2), bunóidh an Coimisiún creat do na nósanna imeachta, amchlár agus méideanna le haghaidh íocaíochtaí fóirdheontas úis, fóirdheontas préimheanna ráthaíochta, agus do thacaíocht i bhfoirm ranníocaíochtaí caipitil riosca, do chistí infheistíochta nó gealltanais airgeadais inchomparáide arb é an chéad tosaíocht atá acu caipiteal riosca a sholáthar do thionscadail gréasán traseorpach.

⎢ 2236/95

Airteagal 12

Rialú airgeadais

⎢ 1655/1999 Airteagal 1 pointe 12 (oiriúnaithe)

1. D'fhonn a ráthú go gcuirfear na tionscadail arna maoiniú faoin Rialachán seo i gcrích go rathúil, glacfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún, gach aon ina réimse inniúlachta féin, na bearta is gá chun:

⎢ 2236/95 (oiriúnaithe)

(a) a fhíorú ar bhonn rialta gur cuireadh na tionscadail agus na staidéir arna maoiniú ag an gCoimisiún i gcrích i gceart;

(b) neamhrialtachtaí a chosc agus beart a dhéanamh ina gcoinne;

⎢ 1655/1999 Airteagal 1 pointe12(b) (oiriúnaithe)

(c) aon mhéideanna a cailleadh de dheasca neamhrialtachta a ghnóthú, lena n-áirítear ús de bharr aisíocaíochta déanaí i gcomhréir leis na rialacha a ghlac an Coimisiún. Ach amháin sa chás sin go soláthróidh an Ballstát agus/nó an t-údarás poiblí cur chun feidhme cruthúnas nach raibh siad freagrach as an neamhrialtacht, beidh an Ballstát faoi dhliteanas, ina mhalairt de chás, aon suimeanna a íocadh go míchuí a aisíoc.

⎢ 2236/95

2. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir leis na bearta arna nglacadh chun na gcríoch sin agus, tabharfaidh siad fógra don Choimisiún maidir leis an tuairisc ar na córais bainistithe agus rialaithe arna mbunú chun a áirithiú go gcuirfear na tionscadail agus na staidéir chun feidhme go héifeachtach.

3. Cuirfidh na Ballstáit aon tuarascálacha náisiúnta iomchuí maidir le rialú tionscadal ar fáil don Choimisiún.

⎢ 2236/95 (oiriúnaithe)

4. Gan dochar d'aon bhearta rialaithe a chuirfidh na Ballstáit i gcrích i gcomhréir le dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin náisiúnta agus gan dochar d’Airteagal 246 den Chonradh agus bearta rialaithe arna gcur i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 279 den Chonradh, féadfaidh oifigigh nó gníomhairí de chuid an Choimisiúin seiceálacha a chur i gcrích ar an láthair, lena n-áirítear seiceálacha samplacha, i ndáil le tionscadail arna maoiniú faoin Rialachán seo agus féadfaidh siad na córais agus na bearta rialaithe a scrúdú arna mbunú ag na húdaráis náisiúnta a chuirfidh an Coimisiún ar an eolas maidir le bearta arna ndéanamh chun na críche sin.

⎢ 2236/95

5. Sula gcuirfidh sé seiceáil i gcrích ar an láthair, tabharfaidh an Coimisiún fógra don Bhallstát lena mbaineann d'fhonn an cúnamh riachtanach go léir a fháil. Má chuireann an Coimisiún seiceálacha i gcrích ar an láthair gan fógra a thabhairt, beidh sé faoi réir comhaontuithe ar ar thángthas i gcomhréir le forálacha Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002. Féadfaidh oifigigh nó gníomhairí de chuid an Bhallstáit lena mbaineann páirt a ghlacadh sna seiceálacha sin.

Féadfaidh an Coimisiún ceangal a chur ar an mBallstát lena mbaineann seiceálacha a chur i gcrích ar an láthair chun cruinneas iarratas íocaíochta a fhíorú. Féadfaidh oifigigh nó gníomhairí de chuid an Choimisiúin páirt a ghlacadh sna seiceálacha sin, agus ní foláir dóibh é sin a dhéanamh má iarrann an Ballstát lena mbaineann amhlaidh.

Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar aon seiceálacha a chuirfidh sé i gcrích ar bhonn comhordaithe sa chaoi go seachnófar seiceálacha a dhéanamh an athuair i ndáil leis an ábhar céanna i rith na tréimhse céanna. Malartóidh an Ballstát lena mbaineann agus an Coimisiún láithreach aon fhaisnéis ábhartha le chéile a bhaineann le torthaí na seiceálacha arna gcur i gcrích.

⎢ 1655/1999 Airteagal 1 pointe 12(c)

6. I gcás cabhrach Comhphobail a deonaíodh do ghnóthais phoiblí nó phríobháideacha nó do chomhlachtaí poiblí nó príobháideacha lena mbaineann go díreach, cuirfidh an Coimisiún na bearta rialaithe i gcrích i gcomhar leis an mBallstát mar is iomchuí.

⎢ 1655/1999 Airteagal 1 pointe 12(d)

7. Coimeádfaidh na comhlachtaí agus na húdaráis atá freagrach, agus na gnóthais phoiblí nó phríobháideacha nó comhlachtaí poiblí nó príobháideacha lena mbaineann go díreach, na doiciméid tacaíochta go léir maidir le caiteachas ar aon tionscadal, agus cuirfidh siad na doiciméid tacaíochta sin ar fáil don Choimisiún ar feadh tréimhse cúig bliana tar éis na híocaíochta deiridh i ndáil leis an tionscadal.

⎢ 2236/95

Airteagal 13

An chabhair a laghdú, a fhionraí agus a chealú

1. Maidir le hoibríocht a chur chun feidhme, má fheictear nár chóir go ndearnadh an chabhair airgeadais, an méid iomlán nó aon pháirt de, a leithroinnt ina leith sin, déanfaidh an Coimisiún scrúdú iomchuí ar an gcás, go háirithe nuair a iarrfaidh sé ar an mBallstát, nó ar na húdaráis nó na comhlachtaí a shannfaidh sé chun an oibríocht a chur i gcrích, a dtuairimí a chur isteach laistigh den tréimhse shonraithe.

⎢ 2236/95 (oiriúnaithe)

2. Tar éis an scrúdaithe dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an Coimisiún an chabhair i ndáil leis an oibríocht i gceist a laghdú, a fhionraí nó a chealú má fhaightear amach ón scrúdú sin go bhfuil neamhrialtacht ann nó nach gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha atá leagtha síos sa chinneadh maidir leis an chabhair a dheonú, agus má fhaightear amach ón scrúdú sin, go háirithe aon athrú suntasach a rachaidh i bhfeidhm ar chineál an tionscadail nó ar na coinníollacha chun an tionscadal a chur i gcrích, nár iarradh formheas an Choimisiúin dó.

⎢ 2236/95

I gcás aon charnadh míchuí déanfar na suimeanna a íocfar go míchuí a ghnóthú.

⎢ 1655/1999 Airteagal 1 pointe 13 (oiriúnaithe)

3. Ach amháin i gcásanna a mbeidh bonn cirt leo os comhair an Choimisiúin, cealóidh an Coimisiún an chabhair airgeadais a dheonófar do thionscadail nach gcuirfear tús leo sa dá bhliain tar éis an dáta tosaigh a rabhthas ag súil leis, mar a léirítear sa chinneadh maidir leis an chabhair a dheonú.

⎢ 2236/95 (oiriúnaithe)

4. Aisíocfar leis an gCoimisiún aon suim atá le gnóthú de bharr easpa teidil chuí.

⎢ 807/2004 Airteagal 1 pointe 2 (oiriúnaithe)

5. Más rud é, 10 mbliana tar éis an chabhair airgeadais a dheonú, nach bhfuil an oibríocht i gceist curtha i gcrích, féadfaidh an Coimisiún a éileamh go n-aisíocfar an chabhair airgeadais a íocadh, ag féachaint go cuí do phrionsabal na comhréireachta agus ag cur gach toisce ábhartha san áireamh.

⎢ 1655/1999 Airteagal 1 pointe 14 (oiriúnaithe)

Airteagal 14

Comhordú

Beidh an Coimisiún freagrach as comhordú agus comhtháthú idir na bearta agus na tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 5(1) a ghabhfar de láimh faoin Rialachán seo agus tionscadail a ghabhfar de láimh le cabhair ranníocaíochtaí ó bhuiséad an Chomhphobail, ón mBanc Eorpach Infheistíochta, ón gCiste Eorpach Infheistíochta agus ó ionstraimí airgeadais eile de chuid an Chomhphobail.

⎢ 1655/1999 Airteagal 1 pointe 15

Airteagal 15

Breithmheas, monatóireacht agus meastóireacht

1. Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún go ndéanfar monatóireacht agus meastóireacht éifeachtach ar na tionscadail a chur chun feidhme faoin Rialachán seo. Féadfar tionscadail a oiriúnú de réir torthaí monatóireachta agus meastóireachta.

2. Chun a áirithiú go n-úsáidfear an chabhair Chomhphobail go héifeachtach, déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit lena mbaineann monatóireacht chórasach ar dhul chun cinn na dtionscadal nuair is iomchuí trí chomhar leis an mBanc Eorpach Infheistíochta agus le comhlachtaí iomchuí eile.

⎢ 1655/1999 Airteagal 1 pointe 15 (oiriúnaithe)

3. Nuair a gheobhaidh sé iarratas ar chabhair, agus sula ndéanfaidh sé é a fhormheas, cuirfidh an Coimisiún breithmheas i gcrích chun a mheasúnú go bhfuil an tionscadal i gcomhréir leis na coinníollacha agus leis na critéir atá leagtha síos in Airteagal 4 agus in Airteagal 6. Nuair is gá, tabharfaidh an Coimisiún cuireadh don Bhanc Eorpach Infheistíochta nó do chomhlachtaí iomchuí eile rannchuidiú leis an mbreithmheas seo.

⎢ 1655/1999 Airteagal 1 pointe 15

4. Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit measúnú ar an dóigh ina gcuirfear na tionscadail agus na cláir i gcrích agus déanfaidh siad meastóireacht ar thionchar a gcur chun feidhme, d'fhonn a mheasúnú an féidir na cuspóirí bunaidh a chur i gcrích, nó an amhlaidh gur cuireadh i gcrích iad. Cumhdófar sa mheastóireacht seo, inter alia , an tionchar a bheidh ag na tionscadail ar an gcomhshaol, ag féachaint do dhlíthe an Chomhphobail atá i bhfeidhm. Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis an mBallstát lena mbaineann, a cheangal ar an tairbhí meastóireacht shonrach a sholáthar ar thionscadail nó ar ghrúpaí tionscadal a gheobhaidh tacaíocht faoin Rialachán seo, nó an fhaisnéis nó an cúnamh a éilítear a sholáthar chun na tionscadail sin a mheasúnú.

5. Déanfar an mhonatóireacht, nuair is iomchuí, trí thagairt a dhéanamh do tháscairí fisiceacha agus airgeadais. Bainfidh na táscairí le cáil shonrach na dtionscadal agus lena gcuspóirí. Socrófar iad ar shlí go léireofar na nithe seo a leanas:

⎢ 1655/1999 Airteagal 1 pointe 15 (oiriúnaithe)

(a) an chéim atá bainte amach ag an tionscadal i gcoibhneas leis an bplean agus na cuspóirí oibríochta a leagadh síos i dtosach;

(b) an dul chun cinn atá déanta ar thaobh na bainistíochta agus aon fhadhbanna gaolmhara.

⎢ 1655/1999 Airteagal 1 pointe 15

6. Nuair a bheidh iarratais aonair ar chabhair á scagadh aige, cuirfidh an Coimisiún torthaí na mbreithmheasanna agus na meastóireachtaí a rinneadh i gcomhréir leis an Airteagal seo san áireamh.

7. Bunófar nósanna imeachta maidir le meastóireacht agus monatóireacht, dá bhforáiltear i mír 4 agus i mír 5, sna cinntí maidir leis na tionscadail a fhormheas agus/nó sna forálacha conarthacha a bhaineann le cabhair airgeadais.

⎢ 2236/95

Airteagal 16

Faisnéis agus poiblíocht

⎢ 1655/1999 Airteagal 1 pointe 16 (oiriúnaithe)

1. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta agus Choiste na Réigiún maidir leis na gníomhaíochtaí arna gcur i gcrích faoin Rialachán seo. Beidh sa tuarascáil seo meastóireacht ar na torthaí a baineadh amach mar gheall ar an gcabhair Chomhphobail i réimsí éagsúla cur i bhfeidhm, ag féachaint do na cuspóirí bunaidh, mar aon le caibidil maidir le substaint agus cur chun feidhme na gclár ilbhliantúil reatha, go háirithe de bharr na leasuithe dá bhforáiltear sa dara fomhír d'Airteagal 5(4).

⎢ 2236/95 (oiriúnaithe)

2. Áiritheoidh tairbhithe go dtabharfar poiblíocht oiriúnach don chabhair a dheonófar faoin Rialachán seo chun an pobal a chur ar an eolas faoi ról an Chomhphobail maidir leis na tionscadail a chur chun feidhme.

Rachaidh siad i gcomhairle leis an gCoimisiún maidir le cén chaoi ar chóir an méid sin a chur i gcrích.

⎢ 807/2004 Airteagal 1 pointe 3 (oiriúnaithe)

Airteagal 17

Cur chun feidhme

Beidh an Coimisiún freagrach as an Rialacháin seo a chur chun feidhme.

Airteagal 18

Coiste

1. Beidh coiste (dá ngairfear "an Coiste" anseo feasta) de chúnamh ag an gCoimisiún.

Ceapfaidh an Banc Eorpach Infheistíochta ionadaí nach mbeidh vóta aige ar an gCoiste.

2. I gcás ina dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse atá leagtha síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

⎢ 1655/1999 Airteagal 1 pointe 17

⎝1 788/2004 Airteagal 1 pointe 1

Airteagal 19

⎝1 Maoiniú ⎜

⎢ 788/2004 Airteagal 1 pointe 2

EUR 4 874,88 milliún a bheidh sa chreat airgeadais chun an Rialachán seo a chur chun feidhme don tréimhse 2000 go 2006.

⎢ 1655/1999 Airteagal 1 pointe 17

Údaróidh an t-údarás buiséadach na leithreasaí bliantúla laistigh de theorainneacha na peirspictíochta airgeadais.

⎢ 807/2004 Airteagal 1 pointe 4

Beidh cionroinnt na gcistí nasctha le leibhéal cáilíochtúil agus cainníochtúil an churtha chun feidhme.

⎢ 1655/1999 Airteagal 1 pointe 18 (oiriúnaithe)

Airteagal 20

Clásal um athbhreithniú

Roimh dheireadh 2006, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle, tuarascáil chuimsitheach ar an taithí a fuarthas ar na meicníochtaí faoin Rialachán seo chun cabhair airgeadais Chomhphobail a dheonú, go háirithe na meicníochtaí agus na forálacha atá leagtha síos in Airteagal 3.

Scrúdóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear sa chéad mhír d'Airteagal 156 den Chonradh, cibé acu a leanfar leis na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo nó a leasófar iad sin tar éis dheireadh na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 19 agus na coinníollacha faoina ndéanfar amhlaidh.

Airteagal 21

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2236/95.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn III.

⎢ 2236/95 (oiriúnaithe)

Airteagal 22

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

⎢ 1655/1999 Airteagal 1 pointe 20 agus Iarscríbhinn (oiriúnaithe)

IARSCRÍBHINN I

Rialacha mionsonraithe cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 3(1)(e)

1. Coinníollacha le haghaidh ranníocaíochta Comhphobail le caipiteal riosca

Áireofar in iarratais ar chabhair airgeadais faoi Airteagal 3(1)(e) an fhaisnéis seo a leanas, a bheidh sásúil don Choiste dá dtagraítear in Airteagal 18(1), mar bhonn do chinntí maidir le cabhair a dheonú:

- meamram faisnéise ina mbeidh na príomhfhorálacha a bhaineann le doiciméadú reachtúil an chiste, lena n-áirítear a bhonneagar dlíthiúil agus bainistíochta,

- a threoirlínte infheistíochta mionsonraithe, lena n-áirítear faisnéis ar spriocthionscadail,

- faisnéis ar rannpháirtíocht infheisteoirí príobháideacha,

- faisnéis ar limistéireacht réime,

- faisnéis ar inmharthanacht airgeadais an chiste,

- faisnéis ar chearta na n-infheisteoirí gníomh feabhais a ghlacadh sa chás nach gcomhlíonann an ciste na gealltanais a thugtar dóibh,

- faisnéis ar bheartais scoir an chiste agus socruithe chun an ciste a fhoirceannadh,

- cearta ionadaíochta ar choistí na n-infheisteoirí.

Sula ndéanfar cinneadh chun cabhair a dheonú, ní foláir don chiste infheistíochta idirmheánach nó don institiúid airgeadais inchomparáide eile a ghealladh go n-infheisteofar suim nach lú ná suim is ionann agus a dhá oiread go leith de ranníocaíocht an Chomhphobail, i dtionscadail a sainaithníodh roimh ré mar thionscadail leasa choitinn i gcomhréir leis an gcéad fhleasc d'Airteagal 155(1) den Chonradh.

⎢ 1655/99 Airteagal 1 pointe 20 agus Iarscríbhinn

Sa chás go ndeonófar cabhair Chomhphobail le haghaidh cistí infheistíochta nó gealltanais airgeadais inchomparáide i bhfoirm ranníocaíochta caipitil riosca, ní dheonófar í, i bprionsabal, ach amháin go rangófar ranníocaíocht an Chomhphobail pari passu i dtéarmaí riosca le hinfheistóirí eile sa chiste.

Ní foláir go leanfaidh cistí infheistíochta faighteoirí nó gealltanais airgeadais inchomparáide faighteoirí prionsabail airgeadais fhónta.

2. Teorainneacha le haghaidh idirghabhála agus infheistíochta uasta

⎢ 1655/1999 Airteagal 1 pointe 20 agus Iarscríbhinn (oiriúnaithe)

Ní rachaidh ranníocaíochtaí faoi Airteagal 3(1)(e) thar 1% den mhéid foriomlán le haghaidh na tréimhse atá luaite in Airteagal 19. Féadfar an teorainn seo a mhéadú, áfach, i gcomhréir le hAirteagal 3(1)(e) réamhluaite.

Ní rachaidh cabhair Chomhphobail faoi Airteagal 3(1)(e) thar 20% de chaipiteal iomlán ciste infheistíochta nó gealltanas airgeadais inchomparáide.

3. Ranníocaíocht an Chomhphobail a bhainistiú

Áiritheoidh an Ciste Eorpach Infheistíochta (CEI) go mbainisteofar ranníocaíocht an Chomhphobail. Leagfar síos na téarmaí agus coinníollacha mionsonraithe maidir le cabhair Chomhphobail a chur chun feidhme faoi Airteagal 3(1)(e), lena n-áirítear monatóireacht agus rialú uirthi, i gComhaontú Comhair idir an Coimisiún agus an CEI, agus cuirfear san áireamh na forálacha atá leagtha síos san Iarscríbhinn seo.

4. Forálacha eile

Beidh feidhm iomlán ag na forálacha a bhaineann le breithmheas, monatóireacht agus meastóireacht mar a shonraítear sa Rialachán seo maidir le hAirteagal 3(1)(e), lena n-áirítear na forálacha a bhaineann le coinníollacha chun cabhair Chomhphobail a dheonú, rialú airgeadais agus maidir leis an gcabhair a laghdú, a fhionraí agus a chealú. Áiritheofar an méid sin, inter alia , trí bhíthin forálacha iomchuí sa Chomhaontú Comhair idir an Coimisiún agus an CEI agus comhaontuithe iomchuí le cistí infheistíochta nó le gealltanais airgeadais inchomparáide, lena leagfar síos na rialuithe is gá ar leibhéal na dtionscadal leasa choitinn ar leith. Déanfar socruithe iomchuí chun go gceadófar don Chúirt Iniúchóirí a misean a fheidhmiú go háirithe chun rialtacht na n-íocaíochtaí a dhéantar a fhíorú.

Beidh íocaíochtaí faoi Airteagal 3(1)(e) á rialú le hAirteagal 11(7), d'ainneoin Airteagal 11(6). Tar éis dheireadh na tréimhse infheistíochta nó níos luaithe ná é sin de réir mar a bheidh, tabharfar ar ais do bhuiséad an Chomhphobail aon iarmhéideanna a thagann as toradh caipitil a infheistíodh nó dáileadh brabús agus gnóthachain chaipitiúla nó gach aon dáileadh atá dlite d’infheisteoirí.

Cuirfear gach cinneadh chun ranníocaíochtaí caipitil riosca a sholáthar faoi Airteagal 3(1)(e) faoi bhráid an Choiste dá dtagraítear in Airteagal 18(1).

Tuairisceoidh an Coimisiún go rialta don Choiste sin maidir le ranníocaíochtaí caipitil riosca a chur chun feidhme faoi Airteagal 3(1)(e).

Roimh dheireadh 2006, soláthróidh an Coimisiún faoi chuimsiú Airteagal 15 meastóireacht ar ghníomhaíochtaí arna gcur i gcrích faoi Airteagal 3(1)(e), go háirithe maidir lena húsáid, a tionchar ar chur chun feidhme na dtionscadal gréasán traseorpach dá dtugtar tacaíocht agus rannpháirtíocht infheisteoirí príobháideacha sna tionscadail a mhaoineofar.

_________

IARSCRÍBHINN II

An Rialachán Aisghairthe mar aon leis na leasuithe a rinneadh air

Rialachán (CE) Uimh. 2236/95 ón gComhairle (IO L 228, 23.9.1995, lch. 1) |

Rialachán (CE) Uimh. 1655/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 197, 29.7.1999, lch. 1) |

Rialachán (CE) Uimh. 788/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 138, 30.4.2004, lch. 17) | Airteagal 1 amháin |

Rialachán (CE) Uimh. 807/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 143, 30.4.2004, lch. 46) |

Rialachán (CE) Uimh. 1159/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. (IO L 191, 22.7.2005, lch. 16) |

_________

IARSCRÍBHINN III

AN TÁBLA COMHGHAOIL

Rialachán (CE) 2236/95 | An Rialachán seo |

Airteagal 1 | Airteagal 1 |

Airteagal 2(1) | Airteagal 2 |

Airteagal 4(1)(a) go (e) | Airteagal 3(1)(a) go (e) |

Airteagal 4(1)(f) | Airteagal 3(2) |

Airteagal 4(2) | Airteagal 3(3) |

Airteagal 4(3) | Airteagal 3(4) |

Airteagal 4(4) | Airteagal 3(5) |

Airteagal 5 | Airteagal 4 |

Airteagal 5a | Airteagal 5 |

Airteagal 6(1) | Airteagal 6(1) |

Airteagal 6(1a) | Airteagal 6(2) |

Airteagal 6(2) | Airteagal 6(3) |

Airteagal 6(3) na focail tosaigh | Airteagal 6(4) na focail tosaigh |

Airteagal 6(3) an chéad fhleasc | Airteagal 6(4)(a) |

Airteagal 6(3) an dara fleasc | Airteagal 6(4)(b) |

Airteagal 6(3) an tríú fleasc | Airteagal 6(4)(c) |

Airteagal 6(3) an ceathrú fleasc | Airteagal 6(4)(d) |

Airteagal 6(3) an cúigiú fleasc | Airteagal 6(4)(e) |

Airteagal 6(4) | Airteagal 6(5) |

Airteagal 7 | Airteagal 7 |

Airteagal 8 an chéad abairt | Airteagal 8 an chéad mhír |

Airteagal 8 an dara habairt | Airteagal 8 an dara mír |

Airteagal 9(1) na focail tosaigh | Airteagal 9(1) na focail tosaigh |

Airteagal 9(1)(a) na focail tosaigh | Airteagal 9(1)(a) na focail tosaigh |

Airteagal 9(1)(a) an chéad fhleasc | Airteagal 9(1)(a)(i) |

Airteagal 9(1)(a) an dara fleasc | Airteagal 9(1)(a)(ii) |

Airteagal 9(1)(a) an tríú fleasc | Airteagal 9(1)(a)(iii) |

Airteagal 9(1)(a) an ceathrú fleasc | Airteagal 9(1)(a)(iv) |

Airteagal 9(1)(a) an cúigiú fleasc | Airteagal 9(1)(a)(v) |

Airteagal 9(1)(a) an séú fleasc | Airteagal 9(1)(a)(vi) |

Airteagal 9(1)(a) an seachtú fleasc | Airteagal 9(1)(a)(vii) |

Airteagal 9(1)(b) an t-ochtú fleasc | Airteagal 9(1)(a)(viii) |

Airteagal 9(1)(b), (c) agus (d) | Airteagal 9(1)(b), (c) agus (d) |

Airteagal 9(2) agus (3) | Airteagal 9(2) agus (3) |

Airteagal 10 agus Airteagal 11 | Airteagal 10 agus Airteagal 11 |

Airteagal 12(1) na focail tosaigh | Airteagal 12(1) na focail tosaigh |

Airteagal 12(1) an chéad fhleasc | Airteagal 12(1)(a) |

Airteagal 12(1) an dara fleasc | Airteagal 12(1)(b) |

Airteagal 12(1) an tríú fleasc | Airteagal 12(1)(c) |

Airteagal 12(2) go (7) | Airteagal 12(2) go (7) |

Airteagal 13(1) agus (2) | Airteagal 13(1) agus (2) |

Airteagal 13(2a) | Airteagal 13(3) |

Airteagal 13(3) | Airteagal 13(4) |

Airteagal 13(4) | Airteagal 13(5) |

Airteagal 14 | Airteagal 14 |

Airteagal 15(1) go (4) | Airteagal 15(1) go (4) |

Airteagal 15(5) na focail tosaigh | Airteagal 15(5) na focail tosaigh |

Airteagal 15(5) an chéad fhleasc | Airteagal 15(5)(a) |

Airteagal 15(5) an dara fleasc | Airteagal 15(5)(b) |

Airteagal 15(6) agus (7) | Airteagal 15(6) agus (7) |

Airteagal 16(1) | Airteagal 16(1) |

Airteagal 16(2) an chéad abairt | Airteagal 16(2) an chéad fhomhír |

Airteagal 16(2) an dara habairt | Airteagal 16(2) an dara fomhír |

Airteagal 17(1) | Airteagal 17 |

Airteagal 17(2) an chéad abairt | Airteagal 18(1) an chéad fhomhír |

Airteagal 17(2) an dara habairt | Airteagal 18(1) an dara fomhír |

Airteagal 17(3) | Airteagal 18(2) |

Airteagal 17(4) | - |

Airteagal 18 | Airteagal 19 |

Airteagal 19 an chéad abairt | Airteagal 20 an chéad mhír |

Airteagal 19 an dara habairt | Airteagal 20 an dara mír |

- | Airteagal 21 |

Airteagal 20 | Airteagal 22 |

Iarscríbhinn | Iarscríbhinn I |

- | Iarscríbhinn II |

- | Iarscríbhinn III |

__________

[1] COIM(87) 868 Miontuairiscí.

[2] Féach Iarscríbhinn 3 a ghabhann le Cuid A de na Conclúidí sin.

[3] Arna dhéanamh de bhun na Teachtaireachta ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle – Códú an Acquis communautaire , COIM(2001) 645 leagan deireanach.

[4] Féach Iarscríbhinn II a ghabhann leis an togra seo.

[5] IO C […], […], lch. […].

[6] IO C […], […], lch. […].

[7] IO C […], […], lch. […].

[8] IO L 228, 23.9.1995, lch. 1.

[9] Féach Iarscríbhinn II.

[10] OI C 172, 18.6.1999, lch. 1.

[11] IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

[12] IO L 228, 9.9.1996, lch. 1.

[13] IO L 183, 11.7.1997, lch. 12.

[14] IO L 248, 16.9.2002, lch. 1.

[15] IO L 175, 5.7.1985, lch. 40.

Top