This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52009PC0075
Communication from the Commission to the European Parliament pursuant to the second subparagraph of Article 251 (2) of the EC Treaty concerning the Common Position of the Council on the adoption of a Regulation of the European Parliament and of the Council concerning statistics relating to external trade with non-member countries and repealing Council Regulation (EC) No 1172/95
Teachtaireacht ón Gcoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa de bhun an dara fomhír d'Airteagal 251(2) de Chonradh CE maidir leis an gcomhsheasamh a ghlac an Chomhairle chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le trádáil eachtrach a dhéanamh le tíortha nach Ballstáit agus lena n aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1172/95 ón gComhairle
Teachtaireacht ón Gcoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa de bhun an dara fomhír d'Airteagal 251(2) de Chonradh CE maidir leis an gcomhsheasamh a ghlac an Chomhairle chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le trádáil eachtrach a dhéanamh le tíortha nach Ballstáit agus lena n aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1172/95 ón gComhairle
/* COIM/2009/0075 leagan deireanach - COD 2007/0233 */
Teachtaireacht ón Gcoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa de bhun an dara fomhír d'Airteagal 251(2) de Chonradh CE maidir leis an gcomhsheasamh a ghlac an Chomhairle chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le trádáil eachtrach a dhéanamh le tíortha nach Ballstáit agus lena n aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1172/95 ón gComhairle /* COIM/2009/0075 leagan deireanach - COD 2007/0233 */
[pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH | An Bhruiséil17.2.2009 COIM(2009) 75 leagan deireanach 2007/0233 (COD) TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun an dara fomhír d'Airteagal 251(2) de Chonradh CE maidir leis an gcomhsheasamh a ghlac an Chomhairle chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le trádáil eachtrach a dhéanamh le tíortha nach Ballstáit agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1172/95 ón gComhairle 2007/0233 (COD) TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun an dara fomhír d'Airteagal 251(2) de Chonradh CE maidir leis an gcomhsheasamh a ghlac an Chomhairle chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le trádáil eachtrach a dhéanamh le tíortha nach Ballstáit agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1172/95 ón gComhairle 1. CÚLRA Dáta seolta an togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (doiciméad COIM(2007)653 leagan deireanach – 2007/0233 (COD): | 30 Deireadh Fómhair 2007 | Dáta na tuairime ón mBanc Ceannais Eorpach: | 3 Márta 2008 | Dáta na tuairime ó Pharlaimint na hEorpa, an chéad léamh: | 23 Meán Fómhair 2008 | An dáta a glacadh an comhsheasamh: | 16 Feabhra 2009 | 2. CUSPÓIR AN TOGRA ÓN GCOIMISIÚN Coimeádtar taifead ar allmhairí agus ar onnmhairí earraí na mBallstát le tíortha nach Ballstáit sa staidreamh ar thrádáil eachtrach (Extrastat). Tá an fhaisnéis seo ríthábhachtach do bheartais eacnamaíocha agus trádála Eorpacha agus chun na forbairtí i margaí tráchtearraí ar leith a anailísiú. Is éard atá sa staidreamh ar thrádáil eachtrach taifid mhíosúla ar allmhairí agus ar onnmhairí arna sonrú i luach nó i méid, agus atá miondealaithe de réir na gceannteideal seo a leanas: an Ballstát atá i mbun tuairiscithe agus an tír chomhpháirtíochta, an tráchtearra i gcomhréir leis an Ainmníocht Chomhcheangailte, an chóir iompair agus an chóir tharaife. Tá an staidreamh bunaithe ar fhaisnéis bailithe ó dhearbhuithe custaim. Beidh tionchar ag na hathruithe a thug an Cód Custaim nuachóirithe isteach ar thiomsú staidrimh[1]. D'fhonn dea-cháilíocht an staidrimh sa todhchaí freisin a áirithiú, is gá an córas staidrimh a choigeartú. Is é seo an príomhchuspóir le Rialachán (CE) Uimh. 1172/95 ón gComhairle a aisghairm agus le Rialachán nua Extrastat a mholadh. - Leis an Rialachán soláthraítear faisnéis níos cruinne ar na foinsí sonraí i gcás ina gcuirtear simplithe custaim éagsúla i bhfeidhm. - Déantar foráil leis an Rialachán chomh maith do chóras um malartú sonraí idir Ballstaít, rud atá riachtanach faoin gcóras custaim nuachóirithe. - Trí bhíthin an Rialacháin féadfar staidreamh a thiomsú agus a scaipeadh de réir an Bhallstáit cinn scríbe agus an Bhallstáit onnmhairithe iarbhír. Sa chaoi seo seachnófar mí-leithdháileadh trádála a bhfuil tionchar ag Imréiteach Láraithe Custaim agus an 'éifeacht Rotterdam'[2] uirthi. - Trí bhíthin an Rialacháin freastalaítear freisin ar riachtanais nua na n-úsáideoirí trí staidreamh breise ar thrádáil de réir shaintréithe gnó a thiomsú agus trí mhiondealú trádála de réir airgeadra sonraiscthe agus chineál idirbhirt a sholáthar. Ní bheidh aon riachtanais tuairiscithe bhreise d'fhreagróirí mar thoradh air seo, nó ní bheidh ach cúpla riachtanas tuairiscithe breise mar thoradh air. - Trí bhíthin an Rialacháin bunaítear córas um measúnú cáilíochta níos fearr do staidreamh ar thrádáil eachtrach. 3. BARÚLACHA MAIDIR LEIS AN GCOMHSHEASAMH 3.1. Barúlacha ginearálta Thug Parlaimint na hEorpa a Tuairim ar thogra an Choimisiúin ag an gcéad léamh an 23 Deireadh Fómhair 2008, agus mhol 35 cinn de leasuithe a dhéanamh air. Ní raibh baint ag 8 leasú (1 – 4, 8, 16, 17 agus 19) le gach leagan teanga den togra agus ar an ábhar sin níor cuireadh chun vóta iad. Ghlac an Coimisiún, go hiomlán nó i bprionsabal le 24 leasú as 27 de na leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa ag an gcéad léamh. Leis na leasuithe seo, neartaítear córas an nós imeachta coiste nó baineann siad leis an téarmaíocht, na tagairtí dlí agus rún (na haithrisí) thogra an Choimisiúin gan na cuspóirí bunúsacha athchóirithe a athrú. Ní constaic mhór don Choimisiún iad. Maidir leis na trí leasú eile, glacann an Coimisiún agus an Chomhairle go páirteach le ceann acu (Uimh. 26 ar mhalartú sonraí), ionchorpraítear ceann eile sa Chomhsheasamh (Uimh. 18 ar scriosadh an taifid ar "cuótaí allmhairithe"), ach mhol 'comhsheasamh an Choimisiúin maidir le leasuithe PE ag an gcéad léamh' an 23 Meán Fómhair 2008 gan ghlacadh leis. Diúltaíonn an dá insitiúid, an Chomhairle agus an Coimisiún, don tríú leasú (27 ar bhailiú staidrimh a eisiamh má chuireann lucht Custaim féinmheasúnú i bhfeidhm). Le comhsheasamh na Comhairle tugtar isteach roinnt sonraíochtaí breise maidir le foinsí na sonraí, an córas um malartú sonraí agus sonraíochtaí de chineál teicniúil nó sonraíochtaí a bhaineann le dréachtú. Is féidir leis an gCoimisiún glacadh leis na leasuithe seo go léir. Measann an Coimisiún go ginearálta nach n-athraíonn an comhsheasamh cur chuige ná aidhmeanna an togra, agus dá bhrí sin, féadann sé tacú leis gan aon athrú air. 3.2. Barúlacha mionsonraithe 3.2.1. Leasuithe ón bParlaimint ar ghlac an Coimisiún leo agus a ionchorpraíodh go hiomlán, go páirteach nó i bprionsabal sa chomhsheasamh As na 27 leasuithe a glacadh tá na leasuithe 5, 6, 7, 9, 10, 11, 12, 13, 14, 15, 20, 21, 22, 23, 24, 25, 28, 29, 30, 31, 32, 33, 34, agus 35 ionchorpraithe go díreach mar a bhí molta sna leasuithe ón bParlaimint nó le friotal beagáinín difriúil sa chomhsheasamh. Is féidir leis an gCoimisiún glacadh leis na leasuithe sin go léir. Cuireann siad deireadh le débhríochas nó sonraíonn siad córas an nós imeachta coiste. Glactar go páirteach le leasú 26 , toisc go n-aontaíonn an Coimisiún le cuspóir ginearálta an leasaithe, lena sonraítear freagracht na n-údarás custaim sa mheicníocht um malartú sonraí staidrimh. Is fearr leis an gCoimisiún, áfach, an fhoclaíocht ghinearálta mar atá sé ionchorpraithe i gcomhsheasamh na Comhairle. 3.2.2. Leasuithe ón bParlaimint ar dhiúltaigh an Coimisiún dóibh ach a ionchorpraíodh go hiomlán, go páirteach nó i bprionsabal sa chomhsheasamh Trí bhíthin leasú 18 ón bParlaimint, baintear bailiú "cuótaí allmhairithe" den fhoireann sonraí. Ní chuirtear a mbailiú san áireamh sa chomhsheasamh ach oiread. Ós rud é go bhfuil na sonraí seo fíor-thábhachtach chun monatóireacht a dhéanamh ar thrádáil agus ar bheartais talmhaíochta an Chomhphobail i ndáil lena oibleagáidí Eagraíocht Domhanda Trádála/ World Trade Organisation , go háirithe chomh fada is a bhaineann sé le fógraí don EDT faoi líonadh taraif-chuótaí arna gceangal ag an AE, seasann an Coimisiún air go bhfuil gá leis an bhfaisnéis seo a chur ar fáil trí bhíthin an Rialacháin seo. 3.2.3. Leasuithe ón bParlaimint ar ghlac an Coimisiún leo go hiomlán, go páirteach nó i bprionsabal ach nár ionchorpraíodh sa chomhsheasamh Ceann ar bith 3.2.4. Leasuithe ón bParlaimint ar dhiúltaigh an Coimisiún agus an Chomhairle dóibh agus nár ionchorpraíodh sa chomhsheasamh Tá an Coimisiún ar aon dul leis an gComhairle maidir lena himní i dtaobh leasú 27 ina n-eisítear tarchur roinnt sonraí a bhaineann le hallmhairiú agus onnmhairiú chuig Eurostat i gcás ina gcuirtear simplithe custaim i bhfeidhm. Dá gcuirfí an leasú seo i bhfeidhm bheadh cuimsiú páirteach trádála mar thoradh air agus laghdófaí go mór cáilíocht na sonraí dá bhrí sin. 3.2.5. Athruithe a rinne an Chomhairle ar an Togra Seo a leanas na príomhathruithe a mhol an Chomhairle a dhéanamh ar thogra an Choimisiúin: - Staidreamh i gcás foirmiúlachtaí agus rialuithe simplithe custaim: chuir an Chomhairle aithris nua 3 isteach ina mínítear go gcothabhálfar freisin staidreamh iomlán do thrádáil a bhfuil tionchar ag simplithe custaim uirthi nach mbíonn dearbhuithe custaim ar fáil dá mbarr. Oiriúnaítear Airteagal 4 maidir le foinsí sonraí do na simplithe atá sonraithe sa Chód Custaim nuachóirithe. Go háirithe, sonraíonn Airteagal 4(2), atá nua, gur cheart d'oibreoirí dá ndeontar simplithe na sonraí i ndáil leis an staidreamh a chur ar fáil. Is é is aidhm d'Airteagal 4(5) agus d'Airteagal 5(4) an t-ualach riaracháin ar thrádáil a bhaineann leis an bpróiseas bailiúcháin sonraí a laghdú. - Malartú sonraí idir Ballstáit: chuir an Chomhairle sonraíochtaí isteach ionas go bhfeidhmeoidh córas um malartú sonraí sa todhcaí níos fearr. Déanann Aithris 4 tagairt don Chinneadh maidir le "r-chustaim" agus a impleachtaí do staidreamh. Deirtear in Airteagal 7(2) gur cheart d'údaráis custaim an malartú sonraí idir Ballstát an dearbhaithe agus an Ballstát cinn scríbe nó onnmhairithe iarbhír a chinntiú. Braitheann dáta tosaithe an chórais um malartú sonraí sin ar an dul chun cinn atá déanta i dtabhair isteach an uathchórais custaim allmhairithe agus onnmhairithe. - Athruithe eile: ina comhsheasamh, thug an Chomhairle roinnt athruithe isteach ar athruithe de chineál teicniúil amháin iad nó athruithe nach mbaineann ach amháin le dréachtú. Mar thoradh ar na hathruithe seo, déantar an togra a athstruchturú agus tá athuimhriú déanta ar aithrisí agus ar ailt i roinnt airteagal. 4. CONCLÚID Tá na hathruithe a chuir an Chomhairle isteach sa chomhsheasamh inghlactha ag an gCoimisiún, ach amháin scriosadh na "cuótaí allmhairithe" a n-éilíonn an Coimisiún go mbeadh fáil orthu. [1] Rialachán (CE) Uimh. 450/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 lena leagtar síos Cód Custaim an Chomhphobail (IO L 145, 4.6.2008, lch. 1) [2] Ciallaíonn an 'éifeacht Rotterdam' go dtuairiscítear idirbheart trádála eachtraí do staidreamh an AE i dtosach mar allmhairí ó thír nach Ballstát chuig Ballstát an AE inar thrasnaigh na hearraí teorainn an AE agus ar scaoileadh i saorchursaíocht iad. Is cuid d'Extrastat an taifead staidrimh seo. Ansin, tuairiscítear céad ghluaiseacht eile na n-earraí ón mBallstát seo chuig an mBallstát is allmhaireoir críochnaitheach iarbhír mar sheachadadh (onnmhairiú) agus teacht (allmhairiú) idir an dá Bhallstát seo laistigh d'Intrastat. Is ann don 'éifeacht Rotterdam' freisin maidir le honnmhairiú an Chomhphobail, ach níl tionchar an-mhór aici. Boilscíonn 'éifeacht Rotterdam' onnmhairiú agus allmhairiú Ballstát an AE atá i mbealach an fheiniméin seo.