This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52008PC0914
Communication from the Commission to the European Parliament pursuant to the second subparagraph of Article 251 (2) of the EC Treaty concerning the common position of the Council on the adoption of a Regulation of the European Parliament and the Council establishing common rules concerning the conditions to be complied with to pursue the occupation of road transport operator
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa de bhun an dara fomhír d'Airteagal 251(2) de Chonradh CE maidir le comhsheasamh na Comhairle maidir le glacadh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear comhrialacha maidir leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun gairm an oibreora iompair bóthair a chleachtadh
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa de bhun an dara fomhír d'Airteagal 251(2) de Chonradh CE maidir le comhsheasamh na Comhairle maidir le glacadh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear comhrialacha maidir leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun gairm an oibreora iompair bóthair a chleachtadh
/* COIM/2008/0914 leagan deireanach/2 - COD 2007/0098 */
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa de bhun an dara fomhír d'Airteagal 251(2) de Chonradh CE maidir le comhsheasamh na Comhairle maidir le glacadh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear comhrialacha maidir leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun gairm an oibreora iompair bóthair a chleachtadh /* COIM/2008/0914 leagan deireanach/2 - COD 2007/0098 */
[pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH | An Bhruiséil12.1.2009 COIM(2008) 914 leagan deireanach 2007/0098 (COD) TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun an dara fomhír d'Airteagal 251(2) de Chonradh CE maidir le comhsheasamh na Comhairle maidir le glacadh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear comhrialacha maidir leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun gairm an oibreora iompair bóthair a chleachtadh 2007/0098 (COD) TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun an dara fomhír d'Airteagal 251(2) de Chonradh CE maidir le comhsheasamh na Comhairle maidir le glacadh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear comhrialacha maidir leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun gairm an oibreora iompair bóthair a chleachtadh 1. CÚLRA Dáta tarchuir an togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (doiciméad COIM(2007)263 leagan deireanach – 2007/0098COD): | 23 Bealtaine 2007. | Dáta na tuairime ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa: | 16 Eanáir 2008. | Dáta na tuairime ó Pharlaimint na hEorpa, an chéad léamh: | 21 Bealtaine 2008. | Dáta tarchuir an togra leasaithe: | 13 Meitheamh 2008. | Dáta glactha an chomhsheasaimh: | 9.1.2009 | 2. CUSPÓIR AN TOGRA ÓN g COIMISIÚN Is é is cuspóir don togra comhrialacha a bhunú maidir le coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun gairm an oibreora iompair bóthair a chleachtadh. Is é is aidhm don togra rialachán nua a chur in áit Threoir 96/26/CE d'fhonn comhchuibhiú níos fearr a bhaint amach agus d'fhonn iomaíocht níos córa idir oibreoirí sa mhargadh inmheánach a chur chun cinn. 3. BARÚLACHA MAIDIR LEIS AN g COMHSHEASAMH 3.1. Barúlacha ginearálta maidir leis an gcomhsheasamh Bhí dhá ní ann a raibh ríthábhacht ag baint leo le linn na ndíospóireachtaí sa Chomhairle. Ar an gcéad dul síos, an nós imeachta nach mór do na húdaráis inniúla a leanúint i gcás na sáruithe sin atá aicmithe mar "na sáruithe is tromchúisí" agus atá ar áireamh in Iarscríbhinn III nua. Ar an dara dul síos, an clár leictreonach nach mór do na Ballstáit a bhunú, struchtúr agus inneachar an chláir sin mar aon le teorainneacha ama i dtaca le hidirnascadh agus tabhairt isteach na sonraí. 3.2. Barúlacha mionsonraithe an Choimisiúin Ar áireamh i gcomhsheasamh an Choimisiúin tá roinnt mhaith de na leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa ar an gcéad léamh (8, 9, 10, 11, 12, 13, 108, 16, 17, 18, 19, 20, 23, 24, 26, 29, 30, 32, 38, 39, 43, 45, 48, 49, 56, 61, 65, 67, 68, 69, 74, 75, 76, 77, 79, 81, 82, 83, 85, 89, 90, 91, 92, 93, 94, 97 agus 98). Bhí na leasuithe seo go léir inghlactha ag an gCoimisiún. Tá leasuithe eile ar áireamh go páirteach (35, 36, 44, 62, 80) nó ar áireamh le spriocdhátaí nua (73, 88, 100 agus 101). Tá na forálacha seo a leanas lánpháirtithe sa chomhsheasamh cheana féin: - sainiú ar an nasc idir an bainisteoir iompair agus an gnóthas (21) agus an iarraidh go mbeidh cónaí ar an mbainisteoir san AE (22, 25); - an bainisteoir seachtrach (airteagal 4, mír 2): sa chomhsheasamh glactar leis an nós caoi a thabhairt do na Ballstáit cabhlach iomlán 50 feithicil in aghaidh an bhainisteora sheachtraigh a údarú agus an figiúr sin a laghdú, ach gan caoi a thabhairt dóibh gan teorainn dá leithéid a thabhairt isteach (109); thairis sin, athfhoirmlítear sa chomhsheasamh an coinníoll maidir le neamhspleáchas an bhainisteora sheachtraigh (28); - an nós imeachta a leanann na sáruithe is tromchúisí, mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn III (40, 41, 42): sa chomhsheasamh déantar foráil do nós imeachta dá shamhail, ach ní áirítear spriocdhátaí ann mar a mhol an Pharlaimint i gcomhair liosta na sáruithe, ná ní áirítear an nós imeachta coiste d'fhonn Iarscríbhinn III a ghlacadh; - caoi a bheith ag na Ballstáit daoine a bhfuil táithí áirithe acu a dhíolmhú ón scrúdú (52); sa chomhsheasamh, áfach, iarrtar tuilleadh blianta taithí (15 bliana, airteagal 8a nua); - Iarscríbhinn III (leasú 104) maidir leis na sáruithe is tromchúisí, i leagan oiriúnaithe; - an cur chuige faoina gcuirtear tréimhsiúlacht na seiceálacha in oiriúint d'fhorbairtí teicniúla (59); sa chomhsheasamh, áfach, beartaítear na seiceálacha a dhíriú ar ghnóthais a mbeidh baol níos mó ag baint leo ó 2015 ar aghaidh; go dtí sin, ní mór seiceáil a dhéanamh gach cúig bliana. Ó thaobh an chláir de (airteagal 15, leasuithe 70, 71, 72, 73, 74), thacaigh an Pharlaimint agus an Chomhairle le bunú agus idirnascadh na gclár leictreonach de ghnóthais iompair bóthair ar bhonn céimnithe, ach mhol siad amchláir éagsúla. Mar aon le moladh an Choimisiúin, fágann an chéad léamh agus an comhsheasamh gur féidir clár ar leith a chruthú maidir le sáruithe agus maidir leis na bainisteoirí iompair a ndearbhófar ina leith nach bhfuil siad oiriúnach gnóthas a bhainistiú. Dar leis an gcomhsheasamh nach leor tréimhse dhá bhliain ann féin agus gur chóir go mbeadh na bainisteoirí seo ar an gclár go dtí go mbeidh dea-theist orthu arís. Ar an gcéad léamh mhol an Pharlaimint cuid phoiblí agus cuid phríobháideach a bheith sa chlár agus gan rochtain a bheith ar an gceann deireanach acu seo ach ag na húdaráis inniúla faoi choinníollacha speisialta (iad siúd a bhfuil cumhachtaí sonracha acu i réimse an iompair bhóthair agus oifigigh atá faoi mhionn). Lena chois sin, molann an Pharlaimint gur chóir go gcruthófaí clár bainisteoirí iompair. Níor lánpháirtíodh na moltaí seo sa chomsheasamh. Cé go n-iarrtar, thairis sin, i gcéad léamh na Parlaiminte go n-áireofar sa chlár marcanna clárúcháin feithicle na bhfeithiclí sin arna n-oibriú lasmuigh de Bhallstáit na bunaíochta, deirtear sa chomhsheasamh gur féidir leis an gCoimisiún moladh a dhéanamh in 2009 maidir le marcanna clárúcháin feithicle a chur san áireamh. Cuid den chomhréiteach deireanach ar ar thángthas le linn na caibidlíochta sa Chomhairle atá san fhoráil dheireanach. Chomh maith leis sin, níor lánpháirtíodh sa Chomhsheasamh na forálacha seo a leanas a d'fhéadfadh a bheith inghlactha, nó inghlactha i bprionsabal, ag an gCoimisiún: - coinníollacha níos déine maidir le hiompar neamhthráchtáil paisinéirí a dhíolmhú ón rialachán (leasú 107); - an tagairt do thacaíochtaí slána i gcomhair sonraí mar choinníoll a bhaineann leis an gceanglas maidir leis an mbunaíocht (31); - an iarraidh go gcuirfear an ráta malairte in oiriúint gach bliain seachas gach cúig bliana (46); - an iarraidh go mbeidh na critéir maidir le creidiúnú na gcomhlachtaí a chuireann oiliúint ar na hiarratasóirí ar phost bainisteora iompair agus a chuireann faoi scrúdú iad, go mbeidh siad comhoiriúnach dá chéile (51); - caoi a bheith ag na Ballstáit oiliúint rialta a chur chun cinn do na bainisteoirí iompair (53); - an iarraidh gurb é an t-údarás inniúil a bheidh freagrach as na cláir leictreonacha a nuashonrú agus a cothabháil (57); - giorrú na dteorainneacha ama atá ag gnóthas le cruthú go bhfuil bunaíocht éifeachtúil seasmhach aige (64); - an moladh go gcuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi na deimnithe a nglacann siad leo mar chruthúnas inniúlachta gairmiúla (86); - an tagairt do "nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus teorainneacha ama ciorraithe" a athfoirmliú (96); cuireadh deireadh leis an nós imeachta seo trí bhíthin an chomhsheasaimh. Na forálacha seo a leanas nach raibh inghlactha, nó nach raibh inghlactha i ngeall ar an bhfoclaíocht bheartaithe iontu, ag an gCoimisiún, níl siad ar áireamh sa chomhsheasamh: - an ceanglas maidir le háiteanna páirceála: seachas líon leordhóthaineach áiteanna páirceála a iarraidh, d'iarr an Pharlaimint go dtabharfaí le taispeáint na háiteanna in bhfuil na feithiclí páirceáilte (111); scrios an Chomhairle an fhoráil seo; - an tagairt do shonraí a chur i gcartlann agus a chosaint mar rialacha Comhphobail, rialacha trína bhféadfaí amhras a chaitheamh ar dhea-chlú bainisteora iompair mura gcloífí leo (37); - an dara cuid de leasú 44 ina ndeirtear nach mór na hacmhainní caipitiúla a léiriú trí chlár comhardaithe deimnithe nó trí chlár comhordaithe chun críche cánach; - an oibleagáid pas a fháil sa scrúdú inniúlachta gairmiúla sa Bhallstát cónaithe (50); - an oibleagáid ar bhainisteoirí iompair, tar éis cúig bliana neamhláithreachta, dul faoi oiliúint arís (113); - an tagairt do thoirmeasc ar aistriú an deimhnithe inniúlachta gairmiúla chuig daoine dlítheanacha (55); - seiceáil a dhéanamh "i gcás amhrais" amháin, fiú tar éis idirnascadh na gclár, d'fhonn a fhíorú nár dearbhaíodh go bhfuil an bainisteoir iompair neamhoiriúnach chun bainistiú (58); - ciorrú na dteorainneacha ama a cheadaítear do ghnóthais chun bainisteoir iompair a mhalartú (63); - deireadh a chur leis an bhféidearthacht idirnascadh na gclár náisiúnta a chur siar tríd an nós imeachta lena ngabhann grinnscrúdú (116); - an t-éileamh staidéar a dhéanamh ar an bhféidearthacht tacsaithe a áireamh i raon feidhme an rialacháin (99); - An dáta molta le haghaidh chur i bhfeidhm an rialacháin, i.e. an 1 Meitheamh 2009 (103): déantar foráil sa chomhsheasamh an rialachán a chur i bhfeidhm 24 mí i ndiaidh a theacht i bhfeidhm. Tá na forálacha nua seo a leanas ar áireamh sa chomhsheasamh freisin: - tagairt do na rialacha maidir le hiompar ainmhithe i measc na rialacha sin nach féidir a bheith sáruithe ag an mbainisteoir iompair nó ag an ngnóthas (Airteagal 6, mír 1, fomhír b); - an chaoi a bheith ag na Ballstáit cineálacha eile údaraithe a eisiúint do ghnóthais nach mbíonn ag plé ach le hiompar náisiúnta (Airteagal 10, mír 1); - an chaoi a bheith ag na Ballstáit an teorainn ama don scrúdú ar chur chun feidhme údarúcháin a shíneadh (Airteagal 10, mír 3); - an chaoi a bheith ag na Ballstáit an tréimhse ama arna ceadú do ghnóthais athruithe a bhaineann leis na sonraí arna n-úsáid le haghaidh chur chun feidhme an údarúcháin a chur in iúl (Airteagal 10, mír 5); - athrú san fhoirmliú i dtaca lena bhfuil le léiriú ag na gnóthais nuair nach gcomhlíontar an ceanglas maidir le seasamh airgeadais a thuilleadh (Airteagal 12, mír 1, pointe c); - tuairiscí níos mionsonraithe ar na rialacha maidir le cláir leictreonacha a bheidh le glacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta coiste (Airteagal 15, mír 5); - simpliú na tuairisce nach foláir do na Ballstáit a dhéanamh ar chleachtadh gairme (Airteagal 26). 4. CONCLÚID Ghlac an Chomhairle a comhsheasamh trí thromlach cáilithe. Measann an Coimisiún go luíonn an comhsheasamh le príomhchuspóirí a thogra agus dá bhrí sin féadann sé tacú leis.