Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52008PC0908

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa de bhun an dara fomhír d'Airteagal 251(2) de Chonradh CE maidir leis an gcomhsheasamh ón gComhairle maidir le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a ghlacadh lena mbunaítear an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialtóirí Fuinnimh

/* COIM/2008/0908 leagan deireanach - COD 2007/0197 */

52008DC0908




[pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH |

An Bhruiséil12.1.2009

COIM(2008) 908 leagan deireanach

2007/0197 (COD)

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun an dara fomhír d'Airteagal 251(2) de Chonradh CE maidir leis

an gcomhsheasamh ón gComhairle maidir le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a ghlacadh lena mbunaítear an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialtóirí Fuinnimh

2007/0197 (COD)

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun an dara fomhír d'Airteagal 251(2) de Chonradh CE maidir leis

an gcomhsheasamh ón gComhairle maidir le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a ghlacadh lena mbunaítear an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialtóirí Fuinnimh

1. CÚLRA

An dáta ar seoladh an togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (doiciméad COIM(2007) 530 - 2007/0197/COD): | 19.9.2007 |

An dáta ar tugadh an tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa: | 22.4.2008 |

An dáta ar tugadh an tuairim ó Choiste na Réigiún: | 10.4.08 |

An dáta ar tugadh an tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (ar an gcéad léamh): | 18.6.2008 |

An dáta ar glacadh an comhsheasamh d'aon toil: | [9.1.2009] |

2. AN AIDHM LEIS AN TOGRA ÓN GCOIMISIÚN

Is cuid den tríú pacáiste reachtaíochta le haghaidh mhargadh inmheánach AE sa ghás agus sa leictreachas ("An Tríú Pacáiste") é an togra seo. Áirítear dhá Threoir agus trí Rialachán ann.

Is é is príomhchuspóir don phacáiste, áfach, an creat rialúcháin is gá a bhunú chun lánéifeacht a thabhairt d'oscailt an mhargaidh agus chun margadh aonair AE sa ghás agus sa leictreachas a chruthú ar mhaithe le saoránaigh agus le lucht tionscail an Aontais Eorpaigh. Cuideoidh an méid seo le praghsanna a choimeád chomh híseal agus is féidir agus le caighdeáin seirbhíse agus cinnteacht soláthair a ardú.

Is trí na príomhbhearta seo a leanas a dhéanfar amhlaidh:

- maoirseacht níos éifeachtúla ar rialáil ag na rialtóirí náisiúnta neamhspleácha;

- Gníomhaireacht a bhunú chun comhar éifeachtúil a áirithiú idir rialtóirí náisiúnta agus chun cinntí a dhéanamh faoi na saincheisteanna trasteorann go léir is ábhartha;

- comhar éigeantach idir na hoibreoirí líonraí chun na rialacha go léir a bhaineann le hiompar fuinnimh feadh na hEorpa a chomhchuibhiú agus chun pleanáil infheistíochta a chomhordú;

- díchuachadh éifeachtúil ar ghiniúint agus ar tharchur fuinnimh ionas go ndíchuirfear coinbhleacht leasa, go gcuirfear infheistíocht sna líonraí chun cinn agus go seachnófar aon iompraíocht idirdhealaitheach;

- méadú ar thrédhearcacht an mhargaidh miondíola agus feabhas ar a fheidhmiú;

- méadú ar an dlúthpháirtíocht agus ar an gcomhar réigiúnach idir na Ballstáit chun breis cinnteachta soláthair a áirithiú.

3. BARÚLACHA MAIDIR LEIS AN GCOMHSHEASAMH

3.1. Barúlacha ginearálta

Tá na comhpháirteanna ríthábhachtacha go léir atá sa togra ón gCoimisiún agus a theastaíonn chun feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh sa ghás agus sa leictreachas a áirithiú agus, ar dhóigh níos ginearálta, chun na cuspóirí ríthábhachtacha atá leagtha amach thuas a bhaint amach, ar áireamh sa chomhsheasamh a ghlac an Chomhairle maidir leis na cúig théacs atá sa Tríú Pacáiste. Ar an ábhar sin, féadfaidh an Coimisiún a thacaíocht a thabhairt don chomhsheasamh i gcoitinne (féach 3.2 thíos).

Dhírigh an chéad léamh ar chomhaontú a chur i gcrích laistigh den Chomhairle. Níor corpraíodh na leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa, dá bhrí sin, sa chomhsheasamh ar bhonn foirmiúil. Déanfar caibidlíocht chun na críche sin le linn an dara léamh. Tá roinnt leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa curtha san áireamh, áfach, sa chomhsheasamh (féach 3.3 thíos). Tá an Coimisiún den tuairim gur cheart roinnt de na leasuithe nach bhfuil clúdaithe a chur san áireamh ar an dara léamh (féach 3.4 thíos).

3.2. Barúlacha faoi leith

Is iad seo a leanas na príomhathruithe ar thogra an Choimisiúin:

Tá forálacha ar áireamh sa chomhsheasamh a ceapadh chun caidreamh oibre a choinneáil cothrom idir an Ghníomhaireacht, Líonra Eorpach na nOibreoirí Córas Tarchurtha (ENTSO) agus an Coimisiún maidir le cóid líonra a bhunú agus monatóireacht a dhéanamh orthu [1].

1. Airteagal 6(4), an dara fomhír: Cuirfidh an Ghníomhaireacht dréacht-treoirlíne réime neamhcheangailteach faoi bhráid an Choimisiúin, ina leagfar amach prionsabail follasacha oibiachtúla le haghaidh forbairt na gcód líonra. Leis an treoirlíne seo déantar creat do na cóid líonra gan an neamhspléachas atá ag na ENTSOanna na cóid a dhréachtadh a bhaint díobh.

2. Airteagal 6(4), an tríú fomhír agus an ceathrú fomhír: Tabharfaidh an Ghníomhaireacht tuairim lena bhfuil call do na ENTSOanna maidir leis na dréacht-chóid arna n-ullmhú acu seo. A luaithe agus a bheidh an Ghníomhaireacht sásta go gcloíonn na cóid líonra leis na treoirlínte ábhartha réime, cuirfidh sí iad faoi bhráid an Choimisiúin agus féadfaidh sí a mholadh go nglacfar iad. Sa chás nach ndéanfaidh na ENTSOanna cód líonra a fhorbairt, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an nGníomhaireacht dréacht-chód líonra a ullmhú.

3. Airteagal 6(5) agus (6): Déanfaidh an Ghníomhaireacht monatóireacht ar chur chun feidhme na gcód líonra ag na ENTSOanna agus tabharfaidh sí tuairisc don Choimisiún.

Faoi thogra an Choimisiúin, d'fhéadfadh an Ghníomhaireacht cinntí aonair a dhéanamh ar bhonn na dtreorlínte arna nglacadh tríd an nós imeachta coiste tar éis theacht i bhfeidhm an Tríú Pacáiste, i.e. maidir le saincheisteanna nach raibh tuartha ó thús sna Treoracha agus/ná sna Rialacháin. Ba cheart go dtabharfadh sé sin solúbthacht áirithe do chúram na Gníomhaireachta i gcomhthéacs margaidh inmheánaigh sa ghás agus sa leictreachas a bhfuil forbairt shocair faoi. Leis an gcomhsheasamh, scriostar na tagairtí do threoirlínte in Airteagal 7(1) agus ar an dóigh sin cuirtear srian ar scóip an Choimisiúin agus na Gníomhaireachta forbairtí sa mhargadh a fhreagairt.

Tá cumhachtaí na Gníomhaireachta mar atá siad leagtha síos in Airteagal 9 srianta go mór ag an gComhairle, ionas nár cheart don Ghníomhaireacht díolúintí a dheonú (e.g. ó cheanglais maidir le díchuachadh a bhaineann le córais tarchurtha trasteorann) ach mar rogha dheireanach . Cuireann an t-athrú seo srian mór ar mhaoirseacht rialála na Gníomhaireachta maidir le saincheisteanna trasteorann .

De réir an chomhsheasaimh, beidh 6 chomhalta (5 ón gComhairle, 1 ón gCoimisiún) ar an m Bord Riaracháin seachas 12 chomhalta (6 ón gComhairle, 6 ón gCoimisiún) mar a mhol an Coimisiún. Leis an athrú seo, ní urramaítear prionsabal na hionadaíochta comhionann idir dhá bhrainse fheidhmeannas an Chomhphobail laistigh den Bhord Riarachán. Tá leasú Pharlaimint na hEorpa ina leith seo (Uimh. 44) níos cothroime.

Cuireann an Chomhairle le cumhachtaí an Bhoird Rialtóirí ach an Stiúrthoir atá thíos leis (Airteagail 15(2), 14(1) agus 16(3)). Comhlacht Comhphobail neamhspleách dá ndéanann an Stiúrthoir ionadaíocht is ea an Ghníomhaireacht. Ba cheart go mbeadh an t-údarás agus na cumhachtaí is gá ag an Stiúrthóir chun an Ghníomhaireacht a stiúradh. Cuirfear srian mór ar na cumhachtaí sin dá mbeadh na cumhachtaí, a thugann an comhsheasamh don bhord, ag an mBord Rialtóirí, bord a dhéanann ionadaíocht do na húdaráis rialála náisiúnta.

3.3. Gnéithe den chomhsheasamh a léiríonn na leasuithe a rinne Parlaimint na hEorpa

Cuirtear substaint na leasuithe a leanas, nó codanna díobh, san áireamh sa chomhsheasamh: Uimh. 19 maidir le moltaí a eisiúint chuig Oibreoirí Córas Tarchurtha (OCTanna), Uimh. 23 maidir le treoirlínte a dhréachtadh lena mbunaítear prionsabail le haghaidh rialacha líonra a chomhchuibhiú agus na moltaí don Choimisiún sa chás nach gcuirfidh OCTanna cód líonra chun feidhme, Uimh. 40 maidir le comhairle le rannpháirtithe sa mhargadh, tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh, Uimh. 44 maidir le laghdú an Bhoird Riaracháin ó 12 go dtí 6 chomhalta, Uimh. 45 maidir le Stiúrthóir na Gníomhaireachta agus Cathaoirleach an Bhoird Rialtóirí ag freastal ar chruinnithe an Bhoird Riaracháin, Uimh. 47 agus 48 maidir le neamhspleáchas chomhaltaí an Bhoird Riaracháin, Uimh. 49 maidir leis an neamhfhéidearthacht a bheith mar chomhalta ar an mBord Riaracháin agus an Bord Rialtóirí ag an am céanna, Uimh. 51 maidir le ról an Bhoird Rialtóirí agus Stiúrthóir á cheapadh, Uimh. 53 maidir le clár oibre na Gníomhaireachta a fhoilsiú, Uimh. 54 maidir leis an gcumhacht smachtúil atá ag an mBord Riaracháin i gcomhairle leis an mBord Rialtóirí ar an Stiúrthóir, Uimh. 58 maidir le rialacha vótála an Bhoird Rialtóirí, Uimh. 59 maidir le rialacha nós imeachta an Bhoird Rialtóirí, Uimh. 64 maidir leis an measúnú roimh shíneadh féideartha ar théarma an Stiúrthóra, Uimh. 65 ról an Bhoird Rialtóirí a neartú, Uimh. 66 maidir le ceart Pharlaimint na hEorpa iarraidh ar Stiúrthóir na Gníomhaireachta tuairisc a thabhairt faoi chur i bhfeidhm a chuid dualgas, agus Uimh. 68 maidir leis an gcoinníoll nach mór an glaoch um spéise i gcomhaltas den Bhord Achomhairc a phoibliú.

3.4. Leasuithe a rinne Parlaimint na hEorpa arna gceadú ag an gCoimisiún ach gan formhuiniú ón gComhairle

Is féidir leis an gCoimisiún – i gcásanna áirithe faoi réir foclaíochta níos cruinne nó a n-athdhréachtaithe – glacadh le formhór na leasuithe a rinne Parlaimint na hEorpa ina iomláine nó ar a laghad i bpáirt. Baineann sé sin leis na príomhshaincheisteanna a leanas:

Molann an Pharlaimint na nithe seo a leanas a chur isteach i liosta chúraimí na Gníomhaireachta: comhar idir-réigiúnach a chothú idir margaí fuinnimh (Uimh. 19), cumarsáid a chomhardú idir an AE, OCTanna agus OCTanna ó thríú tíortha (Uimh. 24), tuairim a thabhairt don Choimisiún, na Ballstáit agus na húdaráis rialála i gceist maidir le comhlíonadh cinnidh ó údarás rialála i leith reachtaíocht fuinnimh an CE (Uimh. 32 agus 33) agus monatóireacht ar imthosca áirithe sna margaí sa ghás agus sa leictreachas (Uimh. 35 agus 41).

Molann an Pharlaimint freisin gur cheart go ndéanfadh an Ghníomhaireacht cinntí fionraíochta i ndáil le OCTanna nach gcuirfeadh cóid líonra chun feidhme (Uimh. 26), gur cheart di monatóireacht a dhéanamh ar an bpróiseas údarúcháin le haghaidh bonneagar nua trasteorann a thógáil (Uimh. 27) agus gur cheart di acmhainn OCTanna i leith córas dá leithéidí a ríomh (Uimh. 28). D'fhéadfadh an Coimisiún glacadh le sannadh na gcumhachtaí thuas don Ghníomhaireacht, ar choinníoll nach mbeadh na cumhachtaí seo lánroghnach dáiríre agus ar choinníoll nach nglacfadh an Ghníomhaireacht ach cinntí aonair trí chaighdeáin Chomhphobail a chur i bhfeidhm ar chásanna faoi leith agus ar choinníoll go gcleachtfadh sí na cumhachtaí seo faoi choinníollacha arna sainiú go follasach.

Glacann an Coimisiún leis go mbeidh sé de chúram ar an mBord Riaracháin tuairisc bhliantúil a ghlacadh maidir le forbairtí sna margaí sa ghás agus sa leictreachas (Uimh. 43).

4. CONCLÚIDÍ

Sa chomhsheasamh, caomhnaítear príomhphointí thogra an Choimisiúin. Maidir le saincheisteanna substainteacha baineann sé cothromaíocht amach agus tagann sé ar chomhréiteach indéanta, a chuirfidh ar chumas an mhargaidh inmheánaigh sa ghás agus sa leictreachas oibriú go rianúil. Mar sin féin, ba cheart ról maoirseachta ní ba láidre a thabhairt don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht chun cur i bhfeidhm comhchuibhithe a áirithiú don Tríú Pacáiste agus chun margadh inmheánach a fheidhmíonn go rianúil a ráthú. Dá bhrí sin, tacaíonn an Coimisiún leis an gcomhsheasamh ach molann sé go mór go ndéanfar ról maoirseachta an Choimisiúin agus na Gníomhaireachta a threisiú. Measann an Coimisiún freisin maidir le roinnt leasuithe a ghlac Parlaimint an hEorpa ar an gcéad léamh, nár cheart iad a chur isteach ach ar an dara léamh.

[1] Tá an córas ginearálta lena mbunaítear cóid líonraí arna leagan amach in Airteagal 6 den chomhsheasamh maidir le Rialachán maidir le coinníollacha le haghaidh rochtana ar an líonra le haghaidh malartuithe trasteorann sa leictreachas agus an comhsheasamh a chomhfhreagraíonn dó maidir le malartuithe trasteorann sa ghás.

Top