This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52008PC0401
Proposal for a Regulation of the European Parliament and of the Council on a Community Ecolabel scheme {SEC(2008) 2118} {SEC(2008) 2119}
Togra le haghaidh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéim Éicilipéid Comhphobail (arna thíolacadh ag an gCoimisiún) {SEC(2008) 2118} {SEC(2008) 2119}
Togra le haghaidh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéim Éicilipéid Comhphobail (arna thíolacadh ag an gCoimisiún) {SEC(2008) 2118} {SEC(2008) 2119}
/* COIM/2008/0401 leagan deireanach - COD 2008/0152 */
[pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH | An Bhruiséil 16.7.2008 COIM(2008) 401 leagan deireanach 2008/0152 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le scéim Éicilipéid Comhphobail (arna thíolacadh ag an gCoimisiún) {SEC(2008) 2118} {SEC(2008) 2119} MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA 1.1. Cuspóir Is é cuspóir foriomlán an Rialacháin seo tairgeadh agus tomhaltas inbhuanaithe táirgí, agus soláthar agus úsáid inbhuanaithe sheirbhísí a spreagadh, trí thagarmharcanna a leagan síos le haghaidh dea-fheidhmíochta comhshaoil táirgí agus seirbhísí, bunaithe ar na gníomhaithe is fearr feidhmíochta atá sa mhargadh. Trí thomhaltóirí a threorú chucu, ba chóir go gcuirfeadh lógó an Éicilipéid na táirgí agus na seirbhísí sin a bhfuil na tagarmharcanna seo bainte amach acu chun cinn i gcomórtas le táirgí agus seirbhísí eile sa chatagóir céanna. Bainfear úsáid astu freisin chun uirlisí beartas comhshaoil eile a fhorbairt agus a chur chun feidhme, i gcás ina bhfuil comhsheasmhacht laistigh den mhargadh aonair inmhianaithe, amhail critéir chomhshaoil a úsáidfidh soláthraithe poiblí a chur ar fáil agus moltaí a dhéanamh maidir le caighdeáin íosta a d'fhéadfadh a bheith sa todhchaí do tháirgí. 1.2. Comhthéacs ginearálta De réir Airteagal 20 den Rialachán Éicilipéid[1], ní mór athbhreithniú a dhéanamh ar scéim Éicilipéid an AE atá ann ó 1992 i leith, agus ansin ní mór don Choimisiún aon leasuithe iomchuí ar an Rialachán a mholadh. Mar atá aibhsithe i dtuarascálacha éagsúla arna bhfoilsiú ag an nGníomhaireacht Eorpach um an gComhshaol agus ag daoine eile, is mó ná riamh is cúis imní staid an chomhshaoil. Is saincheist amháin sa chomhthéacs seo an téamh domhanda – agus faoi láthair is í is suntasaí ach tá go leor eile amhail bithéagsúlacht, truailliú aeir agus uisce nó ídiú ózóin. Tá tuairisc níos mine ar chúlra an bheartais curtha ar fáil sa mheasúnú iarmharta agus cuirtear bonn cirt leis an rogha ionstraime. 1.3. Forálacha an Chomhphobail atá ann cheana Ceapadh an Togra chun a beith curtha ionad Rialachán (CE) Uimh. 1980/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Iúil 2000 maidir le scéim leasuithe dámhachtana Éicilipéid Comhphobail. 1.4. Comhchuibheas le polasaithe agus le rialacha eile Tá an togra seo maidir le scéim Éicilipéid nasctha agus comhtháite le creat beartas níos leithne an Choimisiúin Eorpaigh maidir le Tomhaltas agus Táirgíocht Inbhuanaithe. Tá gá leis na hiarmhairtí diúltacha don chomhshaol, do shláinte agus d'acmhainní nádúrtha a bhaineann le patrúin tomhaltais agus táirgíochta a laghdú. Tugann an Coimisiún ardtosaíocht do chreat foriomlán a leagan amach chun meascán d'ionstraimí a chur chun feidhme ar bhonn comhtháite a mbeidh sé d'aidhm leo an iarmhairt dhiúltach seo ar an gcomhshaol, ar shláinte agus ar acmhainní nádúrtha a laghdú. Mar atá pléite sa mheasúnú iarmharta, is féidir le héicilipéad ilchritéir atá creidiúnaithe ag tríú páirtí agus atá bunaithe ar 'smaointeoireacht saolré'[2] a bheith ina heilimint thábhachtach de chumasc ionstraimí beartais maidir le Tomhaltas agus Táirgíocht Inbhuanaithe dá leithéid, agus cuireadh béim i ndoiciméid beartais roimhe seo amhail Teachtaireacht an Choimisiúin maidir le Beartas Comhtháite um Tháirgí[3] agus an séú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil[4] ar thábhacht scéim éicilipéid. 2. TORTHAÍ COMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE IARMHARTA 2.1. Comhairliúcháin Cuireadh tús le próiseas an mheasúnaithe iarmharta agus an athbhreithnithe ar an Éicilipéad i mí Feabhra 2002 nuair a seoladh staidéar measúnaithe ar mhórscála ar an Éicilipéad[5]. Chomh maith leis an athbhreithniú, rinneadh roinnt comhairliúchán idir na páirtithe leasmhara agus chríochnaigh siad le comhairliúchán poiblí ar an idirlíon i dtús na bliana 2007. Cuireadh torthaí na gcomhairliúchán chun fónaimh don mheasúnú Iarmharta agus tá achoimriú déanta orthu thíos. 2.2. Measúnú iarmharta Buntáistí a d'fhéadfadh teacht as scéim an Éicilipéid: Laistigh de mhargadh aonair is é an bealach loighciúil chun tosaigh úsáid a bhaint as tacar treoirlínte a thagarmharcálann creidiúnacht chomhshaoil táirgí, seachas úsáid a bhaint as tagarmharcanna difriúla i ngach Ballstát. Le scéim uile-Eorpach, bheidh sé níos éascaí do ghnóthaí ar mian leo táirgí atá níos 'neamhdhíobhálaí don chomhshaol' a chur ar an margadh laistigh den AE é sin a dhéanamh agus ciallóidh sé gur féidir le tomhaltóirí táirgí 'níos glaise' mar a ghlaoitear orthu a cheannach, cibé áit ina mbeidh siad, lánmhuiníneach as go bhfuil creidiúnas coiteann comhshaoil ag gabháil leis na táirgí sin. Is é Éicilipéad an AE an t-aon scéim fhoirmiúil don mhargadh inmheánach ina iomláine – ní chlúdaíonn na scéimeanna éicilipéid náisiúnta nó réigiúnacha atá ann faoi láthair é ach go páirteach. Más amhlaidh go gcuirfidh tomhaltóirí, maille le soláthraithe príobháideacha agus poiblí, critéir chomhshaoil san áireamh nuair a roghnóidh siad táirgí agus seirbhísí ar an margadh, tá sé tábhachtach go bhféadfaidh siad teacht go héasca ar chritéir atá inchreidte agus sothuigthe a chuirfidh ar a gcumas táirgí atá 'glas' go fírinneach a idirdhealú ó tháirgí atá in iomaíocht leo. Féadfaidh ról tábhachtach a bheith ag éicilipéid in aon phacáiste beart ag bhfuil sé d'aidhm forbairt agus díolachán táirgí glasa a chur chun cinn; leagann siad amach tagarmharc soiléir don mhargadh agus, mar shampla, féadfaidh critéir éicilipéid a bheith ina chuid d'aon fhógra ina lorgaítear tairiscintí i ndáil le soláthar poiblí glas. Rath na scéime reatha: Léirigh meastóireacht agus comhairliúchán an Éicilipéid go bhfuil rath ar an scéim ag micrileibhéal toisc go bhfeabhsaíonn sé feidhmíocht chomhshaoil na n-eagraíochtaí rannpháirteacha. Léirigh an comhairliúchán freisin go bhfuil an smaoineamh bunaidh as ar fhás an scéim bailí agus inmhianaithe go fóill ó thaobh bheartas an AE de. Tugann sé deimhniúchán comhshaoil do thomhaltóirí an AE ar féidir leo bheith muiníneach as agus is féidir leis deis a thabhairt do ghnóthaí úsáid a bhaint as aon lipéad amháin le haghaidh a margaíochta uile-Eorpaí nó domhanda uile. Soláthraíonn Éicilipéad an AE freisin tagarmharc fóinteach maidir le feidhmíocht chomhshaoil ar bhealaí eile: - Deimhníonn an staidéar EVER[6] go n-úsáideann fiú na cuideachtaí nach bhfuil rannpháirteach critéir Éicilipéad an AE, agus dúirt níos mó ná a leath de na cuideachtaí a ndearnadh agallamh leo go n-úsáideann siad an tÉicilipéad chun a bhfeidhmíocht chomhshaoil a thagarmharcáil, fiú nuair nach gcuireann siad iarratas isteach ar an lipéad. - Faoin Treoir maidir le hÉicidhearthóireacht do tháirgí a úsáideann fuinneamh[7], meastar go huathoibríoch go bhfuil táirge ar bith a bhfuil an tÉicilipéad bainte amach aige ag comhlíonadh na mbeart cur chun feidhme. - Bhain scéimeanna éicilipéid eile úsáid as critéir Éicilipéid an AE freisin amhail Éicilipéad an Ostair nó an Eala Nordach. Roghnaíodh i gcás an dá scéim sin critéir an AE a ghlacadh focal ar fhocal le haghaidh roinnt dá ngrúpaí táirgí féin. - Ach cé go bhfuil fás tagtha le deireanas ar líon na gcuideachtaí atá i seilbh ceadúnais, níl fós ach 26 ghrúpa táirgí leagtha síos, agus níl ach thart ar 500 cuideachta ag táirgeadh táirgí Éicilipéid. Is é níos mó ná €1 billiún in aghaidh na bliana díolachán iomlán na dtáirgí Éicilipéadáithe, arb ionann é agus codán fíorbheag de mhargadh ionchasach an AE. An cur chuige a bheartaítear: Léiríonn an measúnú iarmharta nach bhfuil an scéim reatha ag baint na gcuspóirí atá léi amach de bhrí gur beag feasacht atá ag daoine ar an lipéad agus gur beag tionscal a ghlacann é, de dhroim próiseas agus bainistíochta atá rómhaorlathach Beartaíodh mar sin an pacáiste beart a leanas chun an scéim a mhodhnú agus a shimpliú: - An Rialachán a dhearadh ionas go luífidh sé níos fearr le gníomhartha eile an Choimisiúin i ndáil le táirgíocht agus tomhaltas inbhuanaithe eile - Raon feidhme an lipéid a fhairsingiú - Bearta a thabhairt isteach chun comhchuibhiú a spreagadh le scéimeanna eile i gcomhair éicilipéadú - Níos mó grúpaí táirgí / forbairt níos tapa critéar - Teimpléad a thabhairt isteach le haghaidh doiciméad critéar chun a áirithiú go mbeidh siad níos soláimhsithe don úsáideoir - Treorú maidir le Soláthar Poiblí Glas a ionchorprú i bhforbairt critéar - Na táillí bliantúla a dhíothú agus na nósanna imeachta um measúnú a shimpliú - Athbhreithniú piara le haghaidh Comhlachtaí Inniúla - Borradh a chur faoin margaíocht - Caighdeáin feidhmíochta comhshaoil éigeantacha do tháirgí a bheartú - Doiciméid chritéir a shimpliú, trí aird a dhíriú níos mó ar na hiarmhairtí is tábhachtaí atá ag na táirgí, a fhad is a choinnítear ardleibhéal uaillmhéine. Torthaí/Cuspóirí lena bhfuiltear ag súil: Té sé d'aidhm leis an athbhreithniú seo ar an Éicilipéad go dtabharfaí d'Éicilipéad an AE: - Ardfheasacht, tuiscint agus urraim i 27 tír an AE agus timpeall an domhain. Ba chóir go mbeadh sé mar thagarmharc meántéarmach i ndáil le rath go n-aithneodh tomhaltóirí agus cuideachtaí ar fud an AE an tÉicilipéad. - Is le haghaidh na dtáirgí agus na seirbhísí ar mó is féidir leis an Éicilipéad dul chun sochair dóibh atá na critéir, go háirithe grúpaí táirgí a bhfuil iarmhairt shubstaintiúil chomhshaoil ag baint leo agus ar mó is féidir leasuithe a dhéanamh orthu i ngeall air sin. (Ag dul ó 25 grúpa táirgí go 40-50 faoin mbliain 2015) - I bhfad níos mó táirgí Éicilipéid ar na seilfeanna mar rogha do chustaiméirí. (Le 10% de sciar an mhargaidh ag grúpaí táirgí a fholaítear leis an lipéad) - Doiciméid critéar ar furasta do sholáthraithe poiblí iad a úsáid. - Éicilipéad atá comhchuibhithe go han-mhaith le lipéid eile, ar an leibhéal domhanda agus ar an leibhéal náisiúnta. - Éicilipéad ar féidir le cuideachtaí a bhaint amach le costais agus obair theoranta dóibh agus a choinníonn uaillmhian ar leibhéal ard ag an am céanna d'fhonn creidiúnacht an lipéid a áirithiú i measc custaiméirí agus grúpaí comhshaoil sa lipéad. 3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA 3.1. Bunús dlí Is follasach go bhfuil an ionstraim spreagtha ag cúrsaí beartais chomhshaoil atá leagtha síos in Airteagal 175 de Chonradh CE. Bhí sin ina bhunús dlí cheana féin do Rialachán (CE) Uimh. 1980/2000 maidir le scéim leasuithe dámhachtana Éicilipéid Comhphobail. 3.2. Coimhdeacht agus comhréireacht Leagtar amach leis an togra seo maidir le Rialachán Éicilipéid creat chun tagarmharcanna ag leibhéal an AE a leagan síos do dhea-fheidhmíocht chomhshaoil táirgí atá bunaithe ar chritéir theicniúla. Soláthraíonn an togra ansin creat do chuideachtaí ar mian leo a thaispeáint go gcomhlíonann siad na critéir chun sin a dhéanamh faoi mhaoirseacht na mBallstát. 3.3. Rogha ionstraimí Dealraíonn sé gurb é Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an rogha is follasaí, i bhfianaise an ghá atá le rialacha coiteann agus soiléire maidir le hoibriú na scéime ar fud an Chomhphobail. San am atá caite bhí scéim dámhachtana an Éicilipéid Eorpaigh bunaithe i gcónaí ar Rialacháin (Uimh. 880/1992 agus Uimh. 1980/2000). Níor tháinig aon athrú ar choinníollacha an chreata maidir le hoibriú na scéime a thabharfadh údar d'athrú ionstraime. 4. IMPLEACHT BHUISÉADACH Féach na táblaí airgeadais san iarscríbhinn. 5. BREIS FAISNÉISE 5.1. Simpliú Soláthraítear leis an togra seo an tiomantas ábhartha a glacadh i gClár Rollach an Choimisiúin um Shimpliú, féach COIM (2008)33. Ní féidir na costais riaracháin iomlána a ríomh, ar a n-áirítear costais d'údaráis phoiblí as an scéim a riar, toisc go bhfuiltear ag déileáil le hionstraim dheonach agus go mbraitheann costais de chuid mhaith ar an méid a ghlacann lucht tionscail leis an lipéad agus ar na costais bhainteacha i ndáil le faireachán margaidh maidir le comhlíonadh ag lucht úsáide an lipéid. Is féidir breathnú freisin ar iarmhairt na micrearoghanna atá roghnaithe do chostais riaracháin na nósanna imeachta ar leith. Is gá a aibhsiú freisin nach leagann an Rialachán Éicilipéid, de réir shainmhíniú an Choimisiúin ar chostais riaracháin, aon chostais riaracháin ar chuideachtaí toisc gur scéim dheonach í ina bhfuil cead a gcinn ag cuideachtaí a bheith rannpháirteach nó gan a bheith rannpháirteach. An Rialachán a dhearadh ionas go luífidh sé níos fearr le gníomhartha eile an Choimisiúin i ndáil le táirgíocht agus tomhaltas inbhuanaithe eile: lena bhfuil sé i gceist gur féidir na sineirgí idir ionstraimí éagsúla beartais a bhaineann le táirge a fheabhsú agus dá bhrí sin beidh comhchuibhiú an chreata ina léireofar critéir i gceist leis. Laghdóidh sin an t-ualach riaracháin ar chuideachtaí. Bearta a thabhairt isteach chun comhchuibhiú a spreagadh le scéimeanna eile i gcomhair éicilipéadú: Do chuideachtaí ar mian leo cur isteach ar níos mó ná éicilipéad amháin, ní dhéanfaidh bearta comhchuibhithe ach an t-ualach riaracháin a laghdú. D'fhéadfaí costais tástálacha a ísliú de 100% dá mbeifí i seilbh aon lipéid amháin cheana féin toisc nach mbeadh aon tástáil nó fíorú breise ag teastáil. Féadfaidh sé go mbeidh leas ar leith do ghnóthais bheaga agus mheánmhéide ag baint leis an laghdú seo ar an ualach airgeadais. Níos mó grúpaí táirgí / forbairt níos tapa critéar: Le nós imeachta simplithe le haghaidh forbartha táirgí laghdófaí costais ar na páirtithe uile a bheadh páirteach (líon níos lú cruinnithe le freastail orthu) ach is léir go mbeadh costais ag baint le forbairt níos mó grúpaí táirgí. Gné amháin den rogha "an scéim a mhodhnú" is ea go gceadófaí go mbeadh sé ní ba furasta don Éicilipéad úsáid a bhaint as obair a rinne dreamanna eile - mar shampla obair lipéid náisiúnta na mBallstát, obair an Líonra Domhanda um Éicilipéadú nó i gcomhthéacs obair eile an Choimisiúin amhail obair na Treorach maidir le Táirgí a Úsáideann Fuinneamh nó obair an Phlean Ghníomhaíochta nua um Tháirgíocht agus Tomhaltas Inbhuanaithe. Spárálfaidh sin am agus airgead toisc go seachnófar go bhforbrófar critéir Éicilipéid i leithlis. Teimpléad a thabhairt isteach le haghaidh doiciméad critéar chun a áirithiú go mbeidh siad níos soláimhsithe don úsáideoir: Ciallóidh caighdeánú doiciméad critéar agus iad a dhéanamh níos soláimhsithe don úsáideoir go laghdófar an t-ualach riaracháin ar chuideachtaí agus ar chomhlachtaí soláthair a úsáideann na critéir le haghaidh sonraíochtaí teicniúla. Treorú maidir le Soláthar Poiblí Glas a ionchorprú i bhforbairt critéar: Mar a cuireadh in iúl sa phointe roimhe seo, beidh rochtain níos éasca ag oifigigh sholáthair ar chritéir chomhchuibhithe ag an leibhéal Eorpach agus beidh cúrsaí níos cothroime do chuideachtaí má bhíonn na critéir chéanna in úsáid ar fud na hEorpa i sonraíochtaí teicniúla do chonarthaí. Spárálfaidh na Ballstáit airgead freisin de bhrí gur féidir na critéir chéanna a úsáid le haghaidh éicilipéadú agus le haghaidh soláthair phoiblí. Táillí bliantúla a dhíothú: Is é thart ar €1 milliún in aghaidh na bliana an t-ioncam díreach reatha ó tháillí do chomhlachtaí inniúla i 27 tír an AE. Caillfear an t-ioncam díreach seo má dhíothaítear táillí, ach laghdófar an t-ualach riaracháin do chuideachtaí. D'fhéadfadh spáráil riaracháin de thart ar leath lá oibre duine a bheith ann in aghaidh na bliana do chuideachta maille leis an sochar as gan a bheith faoi cheangal táille bhliantúil a íoc. Maidir leis na Ballstáit, fanfaidh an t-ualach riaracháin a bhaineann le hoibriúchán na scéime mar atá sé toisc go mbeidh an obair a theastóidh chun faireachán margaidh a dhéanamh faoi na moltaí nua cothrom leis an obair a theastaíonn chun measúnú agus fíorú a dhéanamh agus a riar sa scéim reatha. D'fhéadfadh critéir níos simplí cuidiú leis an riarachán atá riachtanach a laghdú, áfach. 5.2. Aisghairm reachtaíochta láithrí Aisghairfear Rialacháin (CE) Uimh. 1980/2000 maidir le hÉicilipéad atá ann faoi láthair. 5.3. Clásal athbhreithnithe/leasaithe/luí gréine Tá clásail athbhreithnithe ar áireamh. 2008/0152 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le scéim Éicilipéid Comhphobail (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 175(1) de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún[8], Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[9], Ag féachant don tuairim ó Choiste na Réigiún[10], Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 251 den Chonradh[11], De bharr an méid seo a leanas: (1) Ba iad na haidhmeanna a bhí le Rialachán (CE) Uimh. 1980/2000 ón gComhairle an 17 Iúil 2000 maidir le scéim leasuithe dámhachtana éicilipéid Comhphobail[12] scéim dheonach dámhachtana éicilipéid Comhphobail a bhunú a raibh sé de rún aige táirgí le hiarmhairt laghdaithe chomhshaoil i gcaitheamh a saolré ar fad a chur chun cinn agus faisnéis le bonn eolaíoch, neamh-mhíthreorach agus chruinn a sholáthar do chustaiméirí maidir leis an iarmhairt chomhshaoil atá ag táirgí. (2) Léirigh an taithí a fuarthas le linn chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1980/2000 an gá a bhí le scéim éicilipéid an Chomhphobail a leasú chun a héifeachtúlacht a mhéadú agus a hoibriúchán a shimpliú. (3) D'fhonn iomadú na scéimeanna i gcomhair lipéadú comhshaoil a sheachaint agus d'fhonn feidhmíocht níos fearr ó thaobh an chomhshaoil a spreagadh sna hearnálacha uile ina bhfuil iarmhairt chomhshaoil ina toisc i ndáil le rogha an tomhaltóra, ba chóir síneadh a chur leis an bhféidearthacht úsáid a bhaint as Éicilipéad an Chomhphobail. Tá sé riachtanach, áfach, idirdhealú soiléir a áirithiú idir an Rialachán seo agus Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2007 maidir le tairgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2092/91[13]. (4) Is cuid de bheartas táirgíochta agus tomhaltais inbhuanaithe an Chomhphobail scéim Éicilipéid an Chomhphobail, a bhfuil sé d'aidhm léi iarmhairt dhiúltach an tomhaltais agus na táirgíochta don chomhshaol, do shláinte agus d'acmhainní nádúrtha a laghdú. Beartaítear leis an scéim na táirgí sin a bhfuil ardleibhéal feidhmíochta comhshaoil acu a chur chun cinn trí úsáid an Éicilipéid. Dá réir sin, is iomchuí go gceanglófaí go mbeidh na critéir nach foláir do na táirgí a chomhlíonadh chun an tÉicilipéad a bheith orthu bunaithe ar an bhfeidhmíocht chomhshaoil is fearr atá bainte amach ag táirgí ar mhargadh an Chomhphobail. Ba chóir go mbeadh na critéir sin sothuigthe agus so-úsáidte agus, dá bhrí sin, go mbeadh siad teoranta do na hiarmhairtí comhshaoil is tábhachtaí atá ag táirgí. (5) Tá sé inmhianaithe go dtreoróidh aon pháirtí leasmhara forbairt nó athbhreithniú na gcritéar Éicilipéid ar an gcoinníoll go gcloífear le rialacha nós imeachta comhchoiteanna agus go mbeidh an próiseas comhordaithe ag an gCoimisiún. Chun a áirithiú go mbeidh gníomh an Chomhphobail comhtháite ina iomlán, tá sé iomchuí freisin go gceanglófaí go gcuirfear san áireamh le linn fhorbairt na gcritéar Éicilipéid na haidhmeanna straitéiseacha is deireanaí atá ag an gComhphobail i réimse an chomhshaoil, amhail Cláir Ghníomhaíochta Comhshaoil, Straitéisí Forbartha Inbhuanaithe agus Cláir um Athrú Aeráide. (6) D'fhonn scéim Éicilipéid an Chomhphobail a shimpliú agus an t-ualach riaracháin a bhaineann le húsáid an Éicilipéid a laghdú, ba chóir go gcuirfí córas clárúcháin in ionad na nósanna imeachta fíoraithe agus measúnaithe. (7) D'fhonn úsáid an Éicilipéid a mhéadú agus le nach gcuirfear pionós orthu siúd a bhfuil a dtáirgí ag comhlíonadh na gcritéir Éicilipéid, ba chóir na costais a bhaineann le húsáid an Éicilipéid a laghdú. (8) I bhfianaise na nósanna imeachta simplithe le haghaidh úsáid an Éicilipéid, tá sé iomchuí go bhforálfaí do na coinníollacha faoinar féidir úsáid a bhaint as an Éicilipéad agus, chun a áirithiú go gcomhlíonfar na coinníollacha sin, ceangal a chur ar chomhlachtaí inniúla fíoruithe a dhéanamh agus úsáid an Éicilipéid a thoirmeasc i gcás nach bhfuil na coinníollacha i gcomhair a úsáide comhlíonta. Tá sé iomchuí freisin go gcuirfí ceangal ar Bhallstáit rialacha maidir le pionóis a bheidh infheidhmithe i leith sáruithe an Rialacháin seo a leagan síos agus a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. (9) Is gá freisin feasacht ar Éicilipéad an Chomhphobail a mhúscailt i measc an phobail trí ghníomhartha bolscaireachta ionas go dtuigfidh tomhaltóirí an chiall atá leis an lipéad agus chun a chur ar a gcumas roghanna feasacha a dhéanamh. (10) D'fhonn margaíocht táirgí a bhfuil lipéid chomhshaoil orthu a éascú ar leibhéal náisiúnta agus Comhphobail agus le nach gcuirfear mearbhall ar thomhaltóirí is gá freisin an comhtháthú idir scéim Éicilipéid an Chomhphobail agus scéimeanna Éicilipéid náisiúnta sa Chomhphobal a fheabhsú. (11) D'fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go comhchuibhithe ar fud an Chomhphobail an córas clárúcháin agus an faireachán margaidh agus an rialú ar úsáid an Éicilipéid, ba chóir go nglacfadh comhlachtaí inniúla páirt i gcóras meastóireachta piara. (12) Ba chóir go nglacfaí na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta i gcomhair feidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún[14]. (13) Ba chóir, go háirithe, go gcuirfí ar chumas an Choimisiúin na critéir nach mór do tháirgí a chomhlíonadh chun an tÉicilipéad a bheith orthu a ghlacadh, agus na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia , trína fhorlíonadh, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE. (14) Ar mhaithe le soiléire agus le cinnteacht dhlíthiúil, ba chóir an Rialachán seo a chur in ionad Rialachán (CE) Uimh. 1980/2000. (15) Ba chóir forálacha eatramhacha iomchuí a sholáthar chun athrú rianúil ó Rialachán (CE) Uimh. 1980/2000 chuig an Rialachán seo a áirithiú, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: Airteagal 1 Ábhar Leagtar rialacha síos leis an Rialachán seo maidir le bunú agus cur i bhfeidhm scéim Éicilipéid an Chomhphobail. Airteagal 2 Raon Feidhme Beidh feidhm ag an Rialachán seo i leith earraí nó seirbhísí a sholáthraítear lena ndáileadh, lena dtomhailt, nó lena n-úsáid i margadh an Chomhphobail ar íocaíocht nó saor in aisce (dá ngairtear "táirge" anseo feasta). I ndáil le táirgí mar a shainítear in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[15], ní bheidh feidhm aige ach amháin maidir le bia próiseáilte agus le táirgí ó iascaireacht agus ó uisceshaothrú. Airteagal 3 Sainmhínithe Chun críocha an Rialacháin seo beidh feidhm ag na sainmhínithe a leanas: 1. ciallaíonn "grúpa táirgí" raon earraí nó seirbhísí i gcomhair críocha comhchosúla atá cosúil lena chéile i dtéarmaí úsáide agus an dearcaidh atá ag an tomhaltóir orthu. 2. ciallaíonn "tomhaltóir" aon duine nádúrtha nó dlíthiúil a cheannaíonn nó a ghlacann táirge ar an margadh lena úsáid nó lena thomhailt, lena dháileadh nó lena mhonarú. 3. ciallaíonn "iarmhairt chomhshaoil" aon athrú ar an gcomhshaol ar cúis leis go hiomlán nó go páirteach táirge i gcaitheamh a shaolré. 4. ciallaíonn "feidhmíocht chomhshaoil" torthaí na bainistíochta a dhéanann an monaróir ar thréithe sin táirgí a bhfuil iarmhairt don chomhshaol ag baint leo. Airteagal 4 Comhlachtaí inniúla 1. Ainmneoidh gach Ballstát an comhlacht nó na comhlachtaí a bheidh freagrach as na cúraimí dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i ngníomh (dá ngairtear "an comhlacht inniúil" nó "na comhlachtaí inniúla" anseo feasta) agus cinnteoidh go bhfuil siad oibríochtúil. I gcás ina n-ainmneofar níos mó ná comhlacht inniúil amháin, cinnfidh an Ballstát cumhachtaí faoi seach na gcomhlachtaí sin agus na ceanglais i ndáil le comhordú a bheidh infheidhme ina leith. 2. Beidh comhdhéanamh na gcomhlachtaí inniúla de chineál a ráthóidh a neamhspleáchas agus a neodracht agus beidh a rialacha maidir le nósanna imeachta de chineál a áiritheoidh trédhearcacht i dtaca le stiúradh a ngníomhaíochtaí maille le rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara uile. Airteagal 5 Bord an Aontais Eorpaigh um Éicilipéadú 1. Bunóidh an Coimisiún Bord an Aontais Eorpaigh um Éicilipéadú (BAEE), agus ceapfaidh sé na comhaltaí arb ionadaithe na gcomhlachtaí inniúla dá dtagraítear in Airteagal 4 agus páirtithe leasmhara eile iad. Cuideoidh BAEE le forbairt agus le leasú chritéir an Éicilipéid agus le hathbhreithniú ar chur chun feidhme scéim Éicilipéid an Chomhphobail. Cuirfidh sé comhairle agus cúnamh ar fáil don Choimisiún freisin sna réimse seo agus, go háirithe, eiseoidh moltaí maidir le ceanglais feidhmíochta comhshaoil íosta. 2. Áiritheoidh an Coimisiún, agus a ghníomhaíochtaí á ndéanamh aige, go n-urramaíonn BAEE rannpháirtíocht chothrom na bpáirtithe leasmhara ábhartha uile a bhfuil baint acu le gach grúpa táirgí, amhail comhlachtaí inniúla, monaróirí, miondíoltóirí, allmhaireoirí, grúpaí cosanta comhshaoil agus eagraíochtaí tomhaltóirí. Airteagal 6 Ceanglais ghinearálta i gcomhair chritéir an Éicilipéid 1. Beidh critéir an Éicilipéid bunaithe ar fheidhmíocht chomhshaoil táirgí, ag cur na n-aidhmeanna straitéiseacha is deireanaí atá ag an gComhphobal i réimse an chomhshaoil san áireamh. 2. Cinnteofar feidhmíocht chomhshaoil táirgí ar bhonn na dtáirgí is fearr feidhmíochta ar mhargadh an Chomhphobail. Chun na críche sin, breithneofar na hiarmhairtí comhshaoil is suntasaí le linn shaolré na dtáirgí, go háirithe an iarmhairt d'athrú aeráide, an iarmhairt don nádúr agus don bhithéagsúlacht, do fhuinneamh agus do thomhaltas acmhainne, do chruthú dramhaíola, d'astíochtaí i leith na meán comhshaoil uile, do thruailliú trí éifeachtaí fisiceacha agus trí shubstaintí guaiseacha a úsáid agus a scaoileadh. 3. Leagfaidh critéir an Éicilipéid amach na ceanglais chomhshaoil nach foláir do tháirge a chomhlíonadh chun an tÉicilipéad a bheith air. 4. Agus na ceanglais chomhshaoil á leagan síos, breithneofar an chothromaíocht ghlan don chomhshaol idir na sochair chomhshaoil agus na hualaí comhshaoil, lena n-áirítear gnéithe sláinte agus sábháilteachta, ag céimeanna éagsúla i saol na dtáirgí atáthar a bhreithniú. 5. Cuimseoidh na critéir sin ceanglais lena mbeartaítear a áirithiú go bhfuil na táirgí ar a bhfuil an tÉicilipéad ag fheidhmiú de réir na húsáide atá beartaithe dóibh. 6. Cuirfidh critéir an Éicilipéid san áireamh na critéir atá leagtha síos do lipéid chomhshaoil eile más ann dóibh i gcás an ghrúpa táirgí sin. Airteagal 7 Forbairt agus athbhreithniú chritéir an Éicilipéid 1. Tar éis dul i gcomhairle le BAEE, leagfaidh an Coimisiún síos agus díreoidh sé forbairt nó athbhreithniú chritéir an Éicilipéid. Tar éis dul i gcomhairle le BAEE, féadfaidh Ballstáit, comhlachtaí inniúla agus páirtithe leasmhara eile forbairt nó athbhreithniú ar na critéir Éicilipéid a thionscnamh agus a threorú freisin. Is é an páirtí a thionscnóidh agus a threoróidh forbairt nó athbreithniú chritéir an Éicilipéid a leagfaidh síos na doiciméid a leanas i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha amach in Iarscríbhinn IA. 1. réamhthuarascáil; 2. dréacht-togra na gcritéar; 3. tuarascáil theicniúil ag tacú le dréacht-togra na gcritéar; 4. tuarascáil deiridh; 5. lámhleabhar d'úsáideoirí ionchasacha an Éicilipéid agus do chomhlachtaí inniúla; 6. lámhleabhar d'údaráis a dhámhann conarthaí poiblí. 2. I gcás ina mbeidh critéir arna bhforbairt cheana féin faoi scéim Éicilipéid eile do ghrúpa táirgí nach bhfuil aon chritéir Éicilipéid Comhphobail leagtha síos dó cheana, féadfaidh Ballstát ar bith ina bhfuil an scéim Éicilipéid eile aitheanta, i ndiaidh comhairliúcháin leis an gCoimisiún agus BAEE, a bheartú go bhforbrófar na critéir seo faoi scéim Éicilipéid an Chomhphobail. I gcás dá leithéid, féadfaidh feidhm a bheith ag an nós imeachta giorraithe maidir le forbairt critéar a leagtar síos in Iarscríbhinn IB ar an gcoinníoll gur forbraíodh na critéir atá beartaithe i gcomhréir le hIarscríbhinn IA. 3. I gcás ina bhforbrófar critéir i gcomhair bia próiseáilte seachas táirgí ó uisceshaothrú, is le próiseáil, iompar agus pacáistiú amháin a bhainfidh na critéir sin. Airteagal 8 Bunú chritéir an Éicilipéid 1. Glacfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle le BAEE, bearta chun critéir shonracha Éicilipéid a bhunú do gach grúpa táirgí. Glacfar na bearta sin ar ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 16(2). 2. Sna bearta dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Coimisiún: 7. ceanglais a leagan síos chun táirgí sonracha a mheasúnú maidir le comhlíonadh chritéir an Éicilipéid; 8. i gcás inar iomchuí, na trí bhuntréith chomhshaoil a chuirfear ar an Éicilipéad a chur in iúl; 9. tréimhse bailíochta na gcritéar agus na gceanglas measúnaithe a shonrú. 3. Sonrófar tréimhse bhailíochta na gcritéar agus na gceanglas measúnaithe laistigh de gach sraith chritéar Éicilipéid do gach grúpa táirgí. Airteagal 9 Clárúchán le haghaidh úsáid an Éicilipéad 1. Chun an tÉicilipéad a úsáid, cláróidh monaróirí, allmhaireoirí, soláthraithe seirbhísí, mórdhíoltóirí nó miondíoltóirí ar mian leo an tÉicilipéad a úsáid le ceann de na comhlachtaí inniúla dá dtagraítear in Airteagal 4 i gcomhréir leis na rialacha seo a leanas: 10. sa chás go mbeidh bunús táirge i mBallstát aonair, déanfar an clárúchán le comhlacht inniúil an Bhallstáit sin; 11. sa chás go mbeidh bunús táirge san fhoirm chéanna i roinnt Ballstát, féadfaidh an clárúchán a dhéanamh le comhlacht inniúil i gceann de na Ballstáit sin; 12. sa chás go mbeidh bunús táirge lasmuigh den Chomhphobal, déanfar an clárúchán le comhlacht inniúil i gceann ar bith de na Ballstát ina gcuirtear nó ina gcuirfear an táirge ar an margadh. Beidh ceann de na foirmeacha a thaispeántar in Iarscríbhinn II ag an Éicilipéad. Ní úsáidfear an tÉicilipéad ach i dtaca le táirgí a fholaítear le clárúchán agus a chomhlíonann na critéir Éicilipéid atá infheidhme i leith na dtáirgí lena mbaineann. 2. Sonróidh iarratais ar chlárúchán ainm agus seoladh an trádálaí, maille leis an ngrúpa táirge atá i gceist agus beidh tuairisc iomlán ar an táirge iontu. Áireofar le hiarratais ar chlárúchán an doiciméadúchán uile is ábhartha, mar a shonraítear sa bheart ábhartha ón gCoimisiún lena leagtar síos critéir Éicilipéid i gcomhair an ghrúpa táirgí i gceist. 3. Féadfaidh an comhlacht inniúil a ndéanfar iarratas ar chlárúchán chuige táille de suas go €200 a ghearradh chun an clárúchán a phróiseáil. Má ghearrtar táille beidh úsáid an Éicilipéid ag brath air go bhfuil an táille íoctha ag an tráth dlite. 4. Laistigh de dhá mhí d'iarratas ar chlárúchán a fháil, seiceálfaidh an comhlacht inniúil lena mbaineann an doiciméadúchán dá dtagraítear i mír 2. Ar an gcoinníoll go bhfuil an doiciméadúchán iomlán, sannfaidh an comhlacht inniúil uimhir chlárúcháin do gach táirge. 5. Tar éis dó an uimhir chlárúcháin a fháil, féadfaidh an trádálaí an lipéad a chur ar an táirge. I gcás dá leithéid, cuirfidh an trádálaí an uimhir chlárúcháin ar an táirge freisin. 6. Cuirfidh an comhlacht inniúil a chláraigh táirge gach clárúchán in iúl don Choimisiún. Bunóidh an Coimisiún clár coiteann agus tabharfaidh sé chun dáta go rialta é. Beidh an clár sin ar fáil go poiblí. 7. Féadfar an tÉicilipéad a úsáid ar na táirgí atá folaithe ag an gclárúchán agus ar an ábhar tionscaimh a bhaineann leo. 8. Beidh an clárúchán gan dochar do cheanglais chomhshaoil nó do cheanglais rialúcháin eile dlí an Chomhphobail nó dlí náisiúnta atá infheidhme i leith céimeanna éagsúla de shaolré an táirge. 9. Leis an gceart an tÉicilipéad a úsáid, ní fholófar úsáid an Éicilipéid mar chuid de trádmharc. 10. Sa chás go gcuirtear Eicilipéad ar bhia próiseáilte seachas ar na táirgí ó uisceshaothrú nach gcomhlíonann ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 834/2007, déanfar é a fhorlíonadh le tásc sa réimse radhairc céanna á rá nach mbaineann an lipéad ach amháin le feidhmíocht chomhshaoil phróiseáil, iompar nó phacáistiú an táirge. Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le bia próiseáilte atá lipéadaithe i gcomhréir le hAirteagal 24 de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007. Airteagal 10 Faireachán margaidh agus stiúradh úsáid an Éicilipéid 1. Toirmiscfear aon fhógraíocht bhréagach nó mhíthreorach, nó úsáid aon lipéid nó aon lógó is cúis le hiomrall aithne i ndáil le hÉicilipéad an Chomhphobail. 2. Rachaidh comhlachtaí inniúla a chláraigh an táirge i gcionn fíoruithe ar bhonn rialta, nó tar éis gearán a fháil, i ndáil le clárúchán a rinne siad. Féadfaidh na fíoruithe sin bheith i bhfoirm spotseiceálacha randamacha. Cuirfidh an comhlacht inniúil a chláraigh an táirge aon ghearán a rinneadh maidir leis an táirge ar a bhfuil an tÉicilipéad in iúl d'úsáideoir an Éicilipéid, agus féadfaidh sé a iarraidh ar an úsáideoir freagra a thabhairt ar na gearáin sin. Féadfaidh an comhlacht inniúil ainm an ghearánaí a choinneáil siar ón úsáideoir. 3. Ceadóidh úsáideoir an Éicilipéid don chomhlacht inniúil a chláraigh an táirge na himscrúduithe riachtanacha uile a dhéanamh chun monatóireacht a dhéanamh ar an úsáideoir i ndáil le comhlíonadh leanúnach chritéir an ghrúpa tháirgí agus Airteagal 9. 4. Ceadóidh úsáideoir an Éicilipéid don chomhlacht inniúil a chláraigh an táirge, ar a iarraidh sin uaidh, dul isteach san áitreabh ina dtáirgtear an táirge i gceist. Féadfar an t-iarratas a dhéanamh ag am réasúnta ar bith agus gan fógra. 5. I gcás ina bhfaighidh an comhlacht inniúil a chláraigh an táirge amach, tar éis deis a thabhairt d'úsáideoir an Éicilipéid a bharúlacha a chur faoina bhráid, nach bhfuil táirgí a bhfuil an tÉicilipéad orthu ag comhlíonadh na gcritéar grúpa tháirgí ábhartha nó nach bhfuiltear ag úsáid an Éicilipéid de réir Airteagal 9, toirmiscfidh sé úsáid an Éicilipéid ar na táirgí sin. Ní bheidh úsáideoir an Éicilipéid i dteideal an táille a leagtar amach in Airteagal 9(3) a fháil ar ais, ina iomlán ná i bpáirt. Cuirfidh an comhlacht inniúil an toirmeasc sin in iúl gan mhoill do gach comhlacht inniúil eile agus don Choimisiún. 6. Ní nochtfaidh an comhlacht inniúil a chláraigh an táirge ná ní úsáidfidh chun críche ar bith nach mbaineann le clárúchán i gcomhair úsáid an Éicilipéid, faisnéis a bhfuil rochtain faighte aige uirthi agus measúnú á dhéanamh aige ar úsáideoir an Éicilipéid i ndáil le comhlíonadh na rialacha maidir le húsáid an Éicilipéid atá leagtha amach in Airteagal 9. Glacfaidh sé gach beart réasúnta chun cosaint ar fhalsú agus ar mhídhilsiú a chinntiú do dhoiciméid a sholáthrófar dó. 7. Má chuirtear comhlacht inniúil ar an eolas maidir le táirge ar an margadh ar a bhfuil an tÉicilipéad agus ar féidir nach gcomhlíonann sé na critéir a bhaineann leis an grúpa táirgí agus Airteagal 9, cuirfidh sé sin in iúl don Choimisiún agus don chomhlacht inniúil a chláraigh an táirge gan mhoill. Déanfaidh an comhlacht inniúil a chláraigh an táirge na bearta a bheidh riachtanach chun comhlíonadh an táirge a fhiosrú i ndáil leis an grúpa táirgí agus Airteagal 9. Beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach i mír 5. Airteagal 11 Scéimeanna Éicilipéid sna Ballstáit I gcás inar foilsíodh critéir Éicilipéid Chomhphobail do ghrúpa táirgí ar leith, ní fhéadfaidh scéimeanna Éicilipéid eile atá aitheanta go náisiúnta agus nach gclúdaíonn an grúpa táirgí ag am a fhoilsithe a shíneadh chun an grúpa táirge sin a fholú, ach amháin má tá na critéir a forbraíodh faoi na scéimeanna sin ar a laghad chomh dian le critéir Éicilipéid an Chomhphobail. Airteagal 12 An tÉicilipéad a chur chun cinn Cuirfidh Ballstáit agus an Coimisiún, i gcomhoibriú le BAEE, úsáid Éicilipéad an Chomphhobail chun cinn trí ghníomhartha a mhúsclóidh feasacht agus trí fheachtais faisnéise do thomhaltóirí, do tháirgeoirí, do sholáthróirí poiblí, do thrádálaithe, do mhiondíoltóirí agus don phobal go ginearálta, ag tacú ar an dóigh sin le forbairt na scéime. Airteagal 13 Meastóireacht phiara Chun cur i bhfeidhm comhchuibhithe Airteagail 9 agus 10 a áirithiú, déanfar meastóireacht phiara ar na comhlachtaí inniúla. Oibreofar an mheastóireacht phiara ar bhonn critéar agus forálacha meastóireachta a bheidh trédhearcach agus fónta. Déanfaidh an Coimisiún maoirsiú ar rialacha agus ar fheidhmiú cuí na meastóireachta piara ar na comhlachtaí inniúla. Cuirfidh na comhlachtaí inniúla tuarascáil ar an meastóireacht phiara faoi bhráid an Choimisiúin, agus cuirfidh an Coimisiún ar aghaidh mar fhaisnéis í chuig BAEE agus cuirfidh sé ar fáil don phobal í. Airteagal 14 Tuarascáil Faoin [Cuir isteach dáta sonrach – cúig bliana ó dháta an fhoilsithe] ar a dheireanas, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar chur chun feidhme scéim Éicilipéid an Chomhphobail faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Ainmneoidh an tuarascáil freisin eilimintí le haghaidh athbhreithniú a d'fhéadfaí a dhéanamh ar an scéim. Airteagal 15 Iarscríbhinní a leasú Féadfaidh an Coimisiún an uastáille dá bhforáiltear in Airteagal 9(3) a mhéadú, agus na hIarscríbhinní a leasú. Glacfar na bearta sin ar ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 16(2). Airteagal 16 Coiste Beidh Coiste de chúnamh ag an gCoimisiún. I gcás go ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de. Airteagal 17 Pionóis Leagfaidh Ballstáit síos na rialacha maidir le pionóis a bheidh infheidhmithe i leith sáruithe fhorálacha an Rialacháin seo agus glacfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Caithfidh na pionóis dá bhforáiltear bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Cuirfidh na Ballstáit na forálacha sin in iúl don Choimisiún faoin… ag an deireanas agus cuirfidh siad aon leasú a dhéanfar orthu ina dhiaidh sin in iúl dó gan mhoill. Airteagal 18 Aisghairm Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1980/2000. Airteagal 19 Forálacha Eatramhacha Beidh feidhm i gcónaí ag Rialachán (CE) Uimh. 1980/2000 i leith conarthaí a cuireadh i gcrích faoi Airteagal 9 den Rialachán sin go dtí an dáta éagtha a shonraítear sna conarthaí sin. Airteagal 20 Teacht i bhfeidhm Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh . Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle An tUachtarán An tUachtarán IARSCRÍBHINN I Nós imeachta maidir le forbairt agus le hathbhreithniú ar na critéir Éicilipéid A. NÓS IMEACHTA CAIGHDEÁNACH Leagfar síos na doiciméid a leanas: 1. Réamhthuarascáil Beidh na heilimintí a leanas sa réamhthuarascáil: - Tásc cainníochtúil ar na sochair ionchasacha chomhshaoil a bhaineann leis an ngrúpa táirgí lena n-áirítear breithniú ar na sochair a thagann ó ghrúpaí táirgí éicilipéid náisiúnta agus Eorpacha eile dá samhail. - Réasúnú i leith rogha agus raon feidhme an ghrúpa táirgí; - Breithniú aon saincheisteanna trádála a d'fhéadfadh a bheith ann; - Anailís ar chritéir lipéad comhshaoil eile; - Dlíthe reatha agus tionscnaimh leanúnacha reachtaíochta a bhaineann le hearnáil an ghrúpa táirgí; - sonraí faoin margadh laistigh den chomhphobal don earnáil, lena n-áirítear méideanna agus láimhdeachas; - Cumas na dtáirgí Éicilipéadaithe chun dul i bhfeidhm ar an margadh reatha agus ar an margadh sa todhchaí. - Oiread agus ábharthacht foriomlán na n-iarmhairtí comhshaoil a bhaineann leis an ngrúpa táirgí, bunaithe ar staidéir measúnaithe saolré atá nua nó a bhí ann cheana. Féadfar úsáid a bhaint as fianaise eolaíoch eile freisin. Tuairisceofar saincheisteanna criticiúla agus conspóideacha go mion agus déanfar meastóireacht orthu. - Tagairtí na sonraí agus na faisnéise a bailíodh agus a úsáideadh chun an tuarascáil a eisiúint. Cuirfear an réamhthuarascáil ar fáil ar shuíomh idirlín Éicilipéid speisialaithe de chuid an Choimisiúin d'fhonn barúlacha a fháil agus mar ais tagartha le linn fhorbairt na gcritéar. 2. Dréacht-togra na gcritéar agus tuarascáil theicniúil lena mbaineann I ndiaidh fhoilsiú na réamhthuarascála, bunófar dréacht-togra agus tuarascáil theicniúil a thacóidh leis an dréacht-togra. Comhlíonfaidh na dréachtchritéir na ceanglais a leanas: - beidh siad bunaithe, ar feadh shaolré an táirge ar fad, ar fheidhmíocht chomhshaoil na dtáirgí is fearr feidhmíochta atá ar an margadh agus freagróidh siad, a oiread agus is féidir, do 10% de na táirgí is fearr feidhmíochta atá ar fáil ar an margadh; - beidh siad bunaithe ar na hiarmhairtí comhshaoil is tábhachtaí atá ag an táirge, cuirfear in iúl iad an oiread agus is féidir go réasúnta trí eochairtháscairí teicniúla feidhmíochta an táirge agus beidh siad oiriúnach do mheasúnú de réir rialacha an Rialacháin seo; - beidh siad bunaithe ar shonraí agus ar fhaisnéis fhónta a léireoidh a oiread agus is féidir margadh iomlán an Chomhphobail; - beidh siad bunaithe ar shonraí saolré agus ar iarmhairtí cainníochtúla comhshaoil, nuair is infheidhme i gcomhlíonadh na gCóras Tagartha Eorpach do Shonraí Saolré; - cuirfidh siad san áireamh tuairimí na bpáirtithe leasmhara uile atá páirteach sa phróiseas comhairliúcháin; - ráthóidh siad comhchuibhiú le reachtaíocht atá ann cheana agus atá infheidhme i leith an ghrúpa táirgí le linn sainmhínithe, modhanna tástála agus doiciméadúchán teicniúil agus riaracháin a bhreithniú; - cuirfidh siad san áireamh beartais ábhartha Chomhphobail agus obair atá déanta ar ghrúpaí táirgí gaolmhara eile. Beidh dréacht-togra na gcritéar scríofa ar bhealach ina mbeidh sé so-úsáidte dóibh siúd ar mian leo iad a úsáid. Cuirfidh sé bonn cirt le gach critéar agus míneoidh sé na sochair chomhshaoil a bhaineann le gach critéar. Beidh na heilimintí a leanas ar a laghad sa tuarascáil theicniúil: - mínithe eolaíocha na gceanglas agus na gcritéar ar fad; - tásc cainníochtúil ar an bhfeidhmíocht chomhshaoil fhoriomlán a bhfuil súil leis go mbainfidh na critéir amach ina n-iomláine, nuair a chuirfear i gcomórtas iad leis bhfeidhmíocht chomhshaoil fhoriomlán atá ag na meántáirgí ar an margadh; - meastachán ar iarmhairtí sóisialta/eacnamaíocha/comhshaoil lena bhfuiltear ag súil san iomlán; - na modhanna ábhartha tástála chun measúnú a dhéanamh ar na hábhair éagsúla; - meastachán ar chostais tástála; - do gach critéar, faisnéis faoi na tástálacha agus faoi na tuarascálacha agus faoi dhoiciméadúchán eile ar fad a sholáthróidh úsáideoirí arna iarraidh ag comhlacht inniúil faoi Airteagal 10(3). Cuirfear an tuarascáil theicniúil agus na dréacht-critéir ar fáil le haghaidh comhairliúcháin phoiblí ar shuíomh idirlín Éicilipéid speisialaithe de chuid an Choimisiúin d'fhonn barúlacha a fháil. Dáilfidh an páirtí atá i gceannas fhorbairt an ghrúpa táirgí an tuarascáil agus an togra ar na páirtithe leasmhara uile. Tionólfar ar a laghad dhá ghrúpchruinniú oibre oscailte i ndáil leis na dréachtchritéir, a mbeidh cuireadh ag na páirtithe leasmhara uile, amhail comhlachtaí inniúla, an tionscal (lena n-áirítear GBManna), ceardchumainn, miondíoltóirí, eagraíochtaí tomhaltóra agus comhshaoil chucu. Glacfaidh an Coimisiún páirt sna cruinnithe sin freisin. Cuirfear dréacht-togra na gcritéar agus an tuarascáil theicniúil ar fáil ar a laghad mí amháin roimh an gcéad cruinniú den ghrúpa oibre. Cuirfear aon dréacht-togra na gcritéar a dhéanfar ina dhiaidh sin ar fáil ar a laghad mí amháin roimh chruinnithe a thionólfar ina dhiaidh sin. Míneofar an réasúnú atá le hathruithe ar na critéir i ndréachtaí a thiocfaidh ina dhiaidh sin go hiomlán agus doiciméadófar iad faoi threoir pléanna sna cruinnithe grúpaí oibre oscailte agus faoi threoir thuairimí a gheofaí i gcomhairliúchán leis an bpobal. Tabharfar freagraí ar na tuairimí uile a gheofar le linn an phróisis fhorbartha critéar ina gcuirfear in iúl cibé acu ar glacadh leo nó ar diúltóidh dóibh agus cén fáth. 3. Tuarascáil agus critéir dheiridh Beidh na heilimintí a leanas sa tuarascáil deiridh; Tabharfar freagraí soiléire ar na barúlacha agus ar na moltaí uile, ina gcuirfear in iúl cibé acu ar glacadh leo nó ar diúltóidh dóibh agus cén fáth. Caithfear ar bhonn cothrom le páirtithe leasmhara nach ón Aontas Eorpach iad agus leosan ar ón Aontas Eorpach iad. Beidh na heilimintí seo a leanas ann freisin: - achoimre aonleathanaigh ar leibhéal na tacaíochta a thugann comhlachtaí inniúla do na dréachtchritéir; - liosta achoimir de na doiciméid a scaipeadh i gcúrsa na hoibre i ndáil leis na critéir a fhorbairt, maille le tásc ar dháta scaipthe gach doiciméid agus cé ar ar scaipeadh é, agus cóip de na doiciméid atá i gceist. - liosta de na páirtithe leasmhara atá páirteach san obair nó a ndeachthas i gcomhairle leo nó a chuir tuairim in iúl, maille le heolas teagmhála ina leith; - achoimre feidhmiúcháin; - togra maidir le straitéis chumarsáide agus margaíochta don ghrúpa táirgí. Cuirfear san áireamh aon bharúlacha a gheofar maidir leis an tuarascáil dheiridh, agus arna hiarraidh cuirfear faisnéis ar fáil faoin méid a lean ó na barúlacha. 4. Lámhleabhar d'úsáideoirí ionchasacha an Éicilipéid agus do chomhlachtaí inniúla Bunófar lámhleabhar úsáideora chun cúnamh a thabhairt d'úsáideoirí ionchasacha an Éicilipéid agus do chomhlachtaí inniúla measúnú a dhéanamh ar na táirgí i ndáil le comhlíonadh na gcritéar. 5. Lámhleabhar d'údaráis a dhámhann conarthaí poiblí Bunófar lámhleabhar úsáideora a thabharfaidh Treoir maidir le húsáid na gcritéar Éicilipéid d'údaráis a dhéanann conarthaí poiblí. Nóta: Cuirfidh an Coimisiún teimpléid le haghaidh an lámhleabhair úsáideora ar fáil d'iarratasóirí agus do chomhlachtaí inniúla agus le haghaidh an lámhleabhair úsáideora d'údaráis a dhámhann conarthaí poiblí. B. NÓS IMEACHTA GIORRAITHE I GCÁS INA MBEIDH CRITÉIR FORBARTHA CHEANA AG SCÉIMEANNA ÉICILIPÉID EILE Cuirfear tuarascáil amháin faoi bhráid an Choimisiúin. Beidh alt sa tuarascáil sin a léireoidh gur comhlíonadh na ceanglais theicniúla agus chomhairliúcháin a leagtar amach in Iarscríbhinn IA, maille le dréacht-togra na gcritéar, lámhleabhar úsáideora d'úsáideoirí ionchasacha an Éicilipéid agus do chomhlachtaí inniúla, agus lámhleabhar úsáideora d'údaráis a dhámhann conartha poiblí. Má tá an Coimisiún sásta go gcomhlíonann an tuarascáil agus na critéir na gceanglas atá leagtha amach in Iarscríbhinn IA, cuirfear an tuarascáil agus dréacht-togra na gcritéar ar fáil le haghaidh comhairliúcháin phoiblí ar shuíomh idirlín Éicilipéid speisialaithe de chuid an Choimisiúin ar feadh tréimhse dhá mhí d'fhonn barúlacha a fháil. Tabharfar freagraí ar na barúlacha uile a gheofar le linn thréimhse an chomhairliúcháin phoiblí ina gcuirfear in iúl cibé acu ar glacadh leo nó ar diúltóidh dóibh agus cén fáth. Faoi réir aon athruithe a dhéanfar le linn thréimhse an chomhairliúcháin phoiblí agus mura n-iarrfaidh aon Bhallstát cruinniú grúpa oibre oscailte, féadfaidh an Coimisiún na critéir a ghlacadh. Arna iarraidh do Bhallstát ar bith tionólfar cruinniú oscailte den ghrúpa oibre i ndáil leis na dréachtchritéir, a mbeidh na páirtithe leasmhara uile, amhail comhlachtaí inniúla, tionscal (lena n-áirítear GBManna), ceardchumainn, miondíoltóirí, allmhaireoirí, eagraíochtaí tomhaltóra agus comhshaoil páirteach ann. Glacfaidh an Coimisiún páirt sa chruinniú sin freisin. Faoi réir aon athruithe a dhéanfar le linn thréimhse an chomhairliúcháin phoiblí nó le linn chruinniú an ghrúpa oibre, féadfaidh an Coimisiún na critéir a ghlacadh. IARSCRÍBHINN II Foirm an Éicilipéid Beidh ceann de na foirmeacha a leanas ag Éicilipéad an Chomhphobail: 1.[pic]2.[pic] Múnla 1. le húsáid i gcás ina mbeidh na trí bhuntréith chomhshaoil a chuirfear ar an Éicilipéad i gcomhréir le hAirteagal 7 curtha in iúl ag an gCoimisiún. Beidh uimhir chlárúcháin an Éicilipéid ar taispeáint ar an táirge. Beidh an fhoirm a leanas aici: [pic] Ina ndéanann XX tagairt do thír an chlárúcháin agus ina ndéanann YYYYY tagairt don uimhir chlárúcháin atá tugtha ag an gcomhlacht inniúil. RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH 1. AINM AN TOGRA: RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le scéim Éicilipéid Comhphobail 2. CREAT ABM / ABB Réimse/Réimsí polasaí lena mbaineann agus Gníomhaíocht(aí) gaolmhar(a): 0703 – Beartas Comhshaoil a chur chun feidhme 3. NA LÍNTE BUISÉID 3.1. Na línte buiséid (línte oibríochtúla agus línte gaolmhara i gcomhair cúnaimh theicniúil agus riaracháin (na seanlínte B..A)) agus a gceannteidil san áireamh: 07 01 04 01: LIFE+ (Ionstraim Airgeadais don Chomhshaol - 2007 go 2013) - Caiteachas ar bhainistíocht riaracháin 07 03 07: LIFE+ (Ionstraim Airgeadais don Chomhshaol - 2007 go 2013) 3.2. Fad thréimhse an ghnímh agus na hiarmharta airgeadais: Meastar go dtiocfaidh an gníomh (Rialachán Éicilipéid) i bhfeidhm i 2009. Don tréimhse 2009 – 2013 beidh caiteachas oibríochtúil clúdaithe ag an ionstraim LIFE+. 3.3. Tréithe buiséadacha Líne buiséid | Saghas caiteachais | Nua | Ranníocaíocht CSTE | Ranníocaíochtaí na dtíortha is iarrthóirí | Ceannteideal sa Pheirspictíocht Airgeadais | 07010401 | Neamhéig-eantach | LN[16] | NÍ HEA | NÍL | TÁ | Uimh. 2 | 070307 | Neamhéig-eantach | LD | NÍ HEA | NÍL | TÁ | Uimh. 2 | 4. ACHOIMRE AR NA h ACMHAINNÍ 4.1. Acmhainní Airgeadais 4.1.1. Achoimre ar na leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí (LO) agus leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí (LÍ) EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil) Saghas caiteachais | Uimh. coda | 2009 | 2010 | 2011 | 2012 | 2013 | 2014 agus níos déanaí | Iomlán 2009-2013 | Caiteachas oibríochtúil[17] | Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí (LO) | 8.1. | a | 0,990 | 4,710 | 3,210 | 3,210 | 0,710 | - | 12,830 | Leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí (LÍ) | b | 0,660 | 3,338 | 3,214 | 3,410 | 1,543 | 0,665 | 12,830 | Caiteachas riaracháin laistigh den mhéid tagartha[18] | Cúnamh teicniúil agus riaracháin – (LN) | 8.2.4. | c | - | - | - | - | - | - | - | AN MÉID TAGARTHA IOMLÁN | Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí | a+c | 0,990 | 4,710 | 3,210 | 3,210 | 0,710 | - | 12,830 | Leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí | b+c | 0,660 | 3,338 | 3,214 | 3,410 | 1,543 | 0,665 | 12,830 | Caiteachas riaracháin nach n-áirítear sa mhéid tagartha[19] | Acmhainní daonna agus caiteachas gaolmhar (LN) | 8.2.5. | d | 0,424 | 0,940 | 1,156 | 1,156 | 1,156 | - | 4,832 | Speansais riaracháin amach ó acmhainní daonna agus costais ghaolmhara, nach n-áirítear sa mhéid tagartha (LN) | 8.2.6. | e | 0,200 | 0,200 | 0,200 | 0,200 | 0,200 | - | 1,000 | Costas táscach airgeadais iomlán na hidirghabhála | LO IOMLÁN agus costas na n-acmhainní daonna san áireamh | a+c+d+e | 1,614 | 5,850 | 4,566 | 4,566 | 2,066 | 18,662 | LÍ IOMLÁN agus costas na n-acmhainní daonna san áireamh | b+c+d+e | 1,284 | 4,478 | 4,570 | 4,766 | 2,899 | 0,665 | 18,662 | Sonraí an Chómhaoinithe Má tá cómhaoiniú ó na Ballstáit nó ó chomhlachtaí eile (sonraigh cé hiad) i gceist sa togra, ba cheart meastachán a thabhairt ar an leibhéal cómhaoinithe sa tábla thíos (is féidir línte breise a chur leis má táthar ag súil go mbeidh comhlachtaí éagsúla páirteach sa chómhaoiniú): EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil) Comhlacht cómhaoinithe | Bliain n | n + 1 | n + 2 | n + 3 | n + 4 | n +5 agus níos déanaí | Iomlán | …………………… | f | LO IOMLÁN lena n-áirítear cómhaoiniú | a+c+d+e+f | 4.1.2. Comhoiriúnacht leis an gClárú Airgeadais ( Tá an togra comhoiriúnach leis an gclárú airgeadais atá ann cheana. ( Beidh athchlárú an teidil ábhartha ag gabháil leis an togra seo sa pheirspictíocht airgeadais. ( Féadfaidh an togra a cheangal go mbeidh gá forálacha an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh[20] a chur chun feidhme (i.e. ionstraim sholúbthachta nó athbhreithniú ar an bpeirspictíocht airgeadais). 4.1.3. Iarmhairt Airgeadais ar Ioncam ( Níl impleachtaí airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam ( Tá iarmhairt airgeadais ag an togra seo –is í seo a leanas an éifeacht ar ioncam: EUR milliún (go dtí an 1ú deachúil) Roimh an ngníomh [bliain n-1] | Staid tar éis an ghnímh | Líon iomlán na n-acmhainní daonna | 5 | 13 | 15 | 15 | 15 | 15 | Faoi láthair tá 3,5 de ghrád AD, agus 1 de ghrád AST ag obair ar an Éicilipéad laistigh de DG ENV. 5. SAINTRÉITHE AGUS CUSPÓIRÍ 5.1. An riachtanas is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma Is é an cuspóir foriomlán leis an Rialachán leasaithe seo táirgíocht agus tomhaltas inbhuanaithe táirgí agus soláthar agus úsáid inbhuanaithe sheirbhísí a spreagadh níos fearr, trí thagarmharcanna do dhea-fheidhmíocht chomhshaoil táirgí agus seirbhísí a leagan síos. Trí thomhaltóirí a threorú chucu, ba chóir go gcuirfeadh an tÉicilipéad chun cinn na táirgí agus na seirbhísí sin a shásaigh na tagarmharcanna seo seachas cinn eile sa chatagóir céanna. Saineoidh scéim an Éicilipéid níos fearr na tagarmharcanna seo do dhea-fheidhmíocht comhshaoil táirgí agus seirbhísí ar bhonn na ngníomhaithe is fearr feidhmíochta sa mhargadh ag an am a shaineofar na critéir. 5.2. An breisluach toisc an Comhphobal a bheith páirteach ann, comhchuibheas an togra le hionstraimí airgeadais eile agus le sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann Laistigh de mhargadh aonair is é an bealach loighciúil chun tosaigh úsáid a bhaint as tacar treoirlínte a thagarmharcálann creidiúnacht chomhshaoil táirgí, seachas úsáid a bhaint as tagarmharcanna difriúla i ngach Ballstát. Éascóidh scéim ar an leibhéal Eorpach do ghnóthaí ar mian leo táirgí atá níos "neamhdhíobhálaí don chomhshaol" a chur ar an margadh laistigh den AE é sin a dhéanamh agus ciallóidh sé gur féidir le tomhaltóirí táirgí "níos glaise"' mar a ghlaoitear orthu a cheannach, cibé áit ina mbeidh siad, lánmhuiníneach as go bhfuil creidiúnas comhchoiteann comhshaoil ag gabháil leis na táirgí sin. Is é Éicilipéad an AE an t-aon lipéad dá leithéid don mhargadh inmheánach ina iomláine – ní chlúdaíonn na scéimeanna éicilipéid náisiúnta nó réigiúnacha atá ann faoi láthair é ach go páirteach. 5.3. Cuspóirí, torthaí a bhfuiltear ag súil leo agus táscairí bainteacha an togra i gcomhthéacs an chreata le haghaidh bhainistiú na ngníomhaíochtaí (ABM) Is iad na cuspóirí foriomlána le hathbhreithniú na scéime: 3. Táirgeadh agus tomhaltas inbhuanaithe táirgí agus soláthar agus úsáid inbhuanaithe sheirbhísí a spreagadh trí thagarmharcanna do dhea-fheidhmíocht chomhshaoil a leagan síos. Trí thomhaltóirí a threorú chucu, ba chóir go gcuirfeadh an tÉicilipéad na táirgí agus na seirbhísí sin a shásaigh na tagarmharcanna seo chun cinn seachas cinn eile sa chatagóir céanna. 4. Is gá an scéim athbhreithnithe Éicilipéid a dhearadh ar bhealach a áiritheoidh go mbeidh sí inúsáidte mar chuid bhunúsach agus éifeachtúil de chreat níos leithne beartais Táirgíochta agus Tomhaltais Inbhuanaithe an Choimisiúin Eorpaigh. Beidh solúbthacht de dhíth ar an Rialachán nua le go nascfaidh sé go héasca le hionstraimí eile amhail SPG, EMAS, Éicidhearthóireacht, ETAP, etc. 5. Éicilipéad a bhfuil i bhfad níos mó tionchair aige i dtéarmaí polasaithe eile CSP a thacú agus tagarmharcanna do dhea-fheidhmíocht chomhshaoil a leagan síos do lucht déanta beartas, do chuideachtaí nó chun aigne an phobail a mhúnlú. Is iad na cuspóirí oibríochtúil: - Ardfheasacht, tuiscint agus urraim san AE-27 agus timpeall an domhain. Ba chóir go mbeadh sé ina thagarmharc meántéarmach i ndáil le rathúlacht go mbeadh an t-aitheantas atá ag tomhaltóirí agus ag cuideachtaí ar fud an AE ar an Éicilipéad ar chomhleibhéal leis an aitheantas atá ar an Aingeal Gorm agus ar an Eala Nordach sna tíortha ina n-oibríonn siad faoi seach. Táscairí: - % an daonra ar eol dóibh an Éicilipéad agus an bhí atá leis laistigh de dheich mbliain. - % cuideachtaí ar eol dóibh an Éicilipéad laistigh de dheich mbliain - Tá sé tábhachtach freisin muinín sa lipéad a threisiú agus a chreidiúnacht a chothabháil. Ní mór don lipéad a bheith in a thagarmharc ardurramaithe maidir le feidhmíocht chomhshaoil. Táscaire: - Leibhéal creidiúnachta i gcomparáid le lipéid eile chomhshaoil - Tá gá le critéir do na táirgí agus do na seirbhísí uile ar féidir leis an Éicilipéad sochair a sholáthar ina leith, go háirithe grúpaí táirgí a bhfuil iarmhairt shubstaintiúil chomhshaoil ag baint leo agus ar mó is féidir leasuithe a dhéanamh orthu i ngeall air sin. Táscaire: - Líon na ngrúpaí táirgí; líon cuideachtaí in aghaidh an grúpa táirgí; líon na nithe díolta in aghaidh ghrúpa táirgí; méid díolacháin in aghaidh grúpa táirgí. - I bhfad níos mó táirgí Éicilipéid ar na seilfeanna chun rogha a thabhairt do chustaiméirí; Táscaire: - Díolachán Éicilipéid mar chéatadán de dhíolachán miondíola iomlán sa ghrúpa táirgí seo. - Doiciméid chritéir ar furasta do sholáthróirí poiblí agus lucht déanta beartais iad a úsáid. Táscairí: - Úsáid agus glacadh critéar Éicilipéid ag soláthróirí poiblí ar a ndéanfar monatóireacht trí cheisteanna a chuirfear ar Bhallstáit, amais ar shuíomh idirlín SPG agus ar dhoiciméid chritéir an Éicilipéid freisin . - Líon na mbeartas is féidir a chur síos don úsáid a baineadh as an obair ar fhaisnéis táirge an Éicilipéid . - Éicilipéad atá comhchuibhithe go han-mhaith le lipéid eile, ar an leibhéal domhanda agus ar an leibhéal náisiúnta. Táscaire: - A mhinice is a ghlacfaidh scéimeanna lipéadaithe náisiúnta critéir an Éicilipéid go díreach. - Éicilipéad ar féidir le cuideachtaí a bhaint amach le costais agus obair theoranta dóibh agus a choinníonn uaillmhian ar leibhéal ard ag an am céanna d'fhonn creidiúnacht an lipéid a áirithiú i measc custaiméirí agus grúpaí comhshaoil sa lipéad. Táscaire: - Líon na gclárúchán 5.4. Modh ina gcuirfear i gcrích (táscach) ( Bainistiú láraithe ( ag an gCoimisiún go díreach ( go hindíreach trína tharmligean chuig: ( Gníomhaireachtaí feidhmiúcháin ( comhlachtaí arna mbunú ag na Comhphobail dá dtagraítear in Airteagal 185 den Rialachán Airgeadais ( comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil seirbhís phoiblí mar mhisean acu ( Bainistiú comhpháirteach nó díláraithe ( leis na Ballstáit ( le Tríú tíortha ( Comhbhainistiú le heagraíochtaí idirnáisiúnta (sonraigh le do thoil) Barúlacha ábhartha: 6. MONATÓIREACHT AGUS MEASTÓIREACHT 6.1. Córas Monatóireachta Tá roinnt beart trína gceadófar monatóireacht a dhéanamh agus cur chun feidhme na scéime agus meastóireacht a dhéanamh ar ráthúlacht an Rialacháin Éicilipéid. - Leanfaidh an Coimisiún d'úsáid a bhaint as suirbhéanna an Eurobharaiméadair chun sonraí faoi fheasacht an Éicilipéid agus faoi mhuinín as an Éicilipéad i measc an phobail a fháil. - Tá tagairt do chritéir Éicilipéid ar leibhéil AE sa chonradh seirbhíse do bhailiúchán na faisnéise staitistiúla faoi Sholáthar Glas Poiblí atá á ullmhú faoi láthair ag an gCoimisiún. Soláthróidh an obair seo ionchur maidir le húsáid agus le glacadh le critéir Éicilipéid ag soláthraithe poiblí. - Leanfar ar an dóigh chéanna leis an gcleachtas staidrimh bliantúil: Iarrtar ar Chomhlachtaí Inniúla eolas a sholáthar faoin díol atá ar na táirgí Éicilipéid, faoi líon na dtáirgí a bhfuil an tÉicilipéad orthu, faoi na táillí a fuarthas ó úsáideoirí cláraithe agus faoi na hacmhainní (foireann agus airgead) atá tiomnaithe don scéim. - Tuairisceoidh na Comhlachtaí Inniúla ar bhonn leanúnach aon chlárúcháin nua don Choimisiún, a leanfaidh leis dá bhfoilsiú ar an idirlín sa siopa glas mar a ghlaoitear air (www.eco-label.com). - Beidh na cruinnithe rialta le Ballstáit agus le scairshealbhóirí ina fhoinse eolais go fóill maidir le cur chun feidhme na scéime. - Leis an meicníocht nua phiar-athbhreithnithe atá beartaithe agus a bhfuil sé d'aidhm leis cur chun feidhme comhchuibhithe an Rialacháin Éicilipéid a áirithiú agus monatóireacht a dhéanamh air, cuirfear le trédhearcacht an bhealaigh ina ndéileálann na Comhlachtaí Inniúla difriúla le saincheisteanna measúnaithe agus fíoraithe iarratas cuideachtaí. 6.2. Meastóireacht 6.2.1. Meastóireacht ex-ante Léiríonn an measúnú iarmharta a rinneadh ar an Rialachán Éicilipéid nach féidir leis an scéim atá ann faoi láthair na cuspóirí atá léi a bhaint amach de bhrí gur beag feasacht atá ag daoine ar an lipéad agus gur beag tionscal a ghlacann í, de thoradh an rómhaorlathais sna próisis agus sa bhainistiú. 6.2.2. Bearta arna nglacadh tar éis meastóireachta idirmheánaí/ex-post (ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí dá samhail a fuarthas roimhe seo) 6.2.3. Téarmaí agus minicíocht meastóireachta sa todhchaí Sa dréacht-togra beidh clásail athbhreithnithe. 7. BEARTA FRITHCHALAOISE Caighdeáin rialaithe inmheánacha Uimh. 14, 15, 16, 18, 19, 20, 21 a chur i bhfeidhm go hiomlán, maille le prionsabal Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle maidir leis an Rialachán Airgeadais atá infheidhme i leith bhuiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach. Áiritheoidh an Coimisiún go gcosnófar leasanna airgeadais an Chomhphobail, nuair a chuirfear gníomhartha maoinithe faoin togra atá i gceist faoi láthair chun feidhme, trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éillithe, agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhlíthiúla eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus trí shuimeanna a íocadh go míchuí a fháil ar ais, agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí phionóis éifeachtúla chomhréireacha agus athchomhairleacha, i gcomhréir le Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 agus (CE, Euratom) Uimh. 2185/96 ón gComhairle, agus le Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. 8. SONRAÍ NA nACMHAINNÍ 8.1. Cuspóirí an togra i dtéarmaí a gcostais airgeadais Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí in EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil) (Ba chóir Ceannteidil na gcuspóirí, na ngníomhartha agus na n-aschur a thabhairt) | Saghas aschuir | Meánchostas | 2009 | 2010 | 2011 | 2012 | 2013 | 2009-2013 | 2009 | 2010 | 2011 | 2012 | 2013 | Oifigigh nó foireann shealadach (XX 01 01) | A*/AD | 1 | 2 | 3 | 3 | 3 | B*, C*/AST | 2 | 3 | 4 | 4 | 4 | Foireann END arna maoiniú ag Airteagal XX 01 02 | 2 | 8 | 8 | 8 | 8 | Foireann eile arna maoiniú ag Airteagal XX 01 04/05 | IOMLÁN | 5 | 13 | 15 | 15 | 15 | 8.2.2. Cur síos ar na cúraimí a thagann as an ngníomh Bainistiú iomlán na scéime, forbairt agus athbhreithniú critéar táirge ghrúpa, bainistiú margaíochta. Ionas go mbeidh rath ar an Éicilipéad, beidh gá le iarracht mhór margaíochta nuair a ghlacfar an Rialachán nua. Déanfar sin faoi chuimse fheachtais uile-Eorpaigh níos leithne faoi chomhair tomhaltais agus táirgthe ghlais i gcomhpháirtíocht leis na Ballstáit, le gnó agus le hEagraíochtaí Neamhrialtasacha. 8.2.3. Foinsí na n-acmhainní daonna (reachtúla) ( Poist leithdháilte faoi láthair ar bhainistíocht an chláir agus a bheidh le hathrú nó le síneadh ( Poist leithdháilte laistigh de chleachtadh APS/PDB do bhliain n ( Poist a iarrfar sa chéad nós imeachta APS/PDB eile ( Poist a athimscarfar ag baint úsáide as na hacmhainní atá ann cheana laistigh den tseirbhís (athimscaradh inmheánach) ( Poist is gá do bhliain n cé nach raibh siad á dtuar i gcleachtadh APS/PDB na bliana a bhí i gceist 8.2.4. Caiteachas eile riaracháin a fholaítear sa mhéid tagartha (XX 01 04/05 – Caiteachas ar bhainistiú riaracháin) EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil) Líne buiséid (uimhir agus ceannteideal) | Bliain n | Bliain n+1 | Bliain n+2 | Bliain n+3 | Bliain n+4 | Bliain n+5 agus níos déanaí | IOMLÁN | Cúnamh teicniúil agus riaracháin eile | - intra muros | - extra muros | Cúnamh teicniúil agus riaracháin iomlán | 8.2.5. Costas airgeadais na n-acmhainní daonna agus costais ghaolmhara nach n-áirítear sa mhéid tagartha EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil) Cineál acmhainní daonna | 2009 | 2010 | 2011 | 2012 | 2013 | 2014 agus níos déanaí | Oifigigh agus foireann shealadach (XX 01 01) | 0,351 | 0,585 | 0,819 | 0,819 | 0,819 | 0,819 | Foireann atá á maoiniú ag Airteagal XX 01 02 (ENDanna) (sonraigh an líne sonrach buiséid) | 0,10116 | 0,40464 | 0,40464 | 0,40464 | 0,40464 | 0,40464 | Costas iomlán na nAcmhainní Daonna agus costais ghaolmhara (NACH n-áirítear sa mhéid tagartha) | 0,45216 | 0,98964 | 1,22364 | 1,22364 | 1,22364 | 1,22364 | Ríomh –Oifigigh agus Gníomhairí sealadacha | Ba cheart tagairt a dhéanamh do Phointe 8.2.1, más cuí | Is é 0,117 M€ an tuarastal caighdeánach do bhall foirne oifigiúil nó sealadach amháin mar a fhoráiltear i bPointe 8.2.1. | Ríomh – Foireann arna maoiniú faoi Airteagal XX 01 02 | Ba cheart tagairt a dhéanamh do Phointe 8.2.1, más cuí | Is é 0,05058 M€ an tuarastal caighdeánach d'fhoireann END mar a fhoráiltear i bPointe 8.2.1 | 8.2.6. Caiteachas eile riaracháin nach n-áirítear sa mhéid tagartha EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil) | 2009 | 2010 | 2011 | 2012 | 2013 | 2014 agus níos déanaí | 2009 - 2013 | XX 01 02 11 01 – Misin | 0,020 | 0,020 | 0,020 | 0,020 | 0,020 | 0,100 | XX 01 02 11 02 – Cruinnithe agus comhdhálacha | 0,090 | 0,090 | 0,090 | 0,090 | 0,090 | 0,450 | XX 01 02 11 03 -Coistí[23] | 0,090 | 0,090 | 0,090 | 0,090 | 0,090 | 0,450 | XX 01 02 11 04 – Staidéir agus Comhairliúcháin | XX 01 02 11 05 – Córais Faisnéise | 2 Caiteachas bainistíochta iomlán eile (XX 01 02 11) | 0,200 | 0,200 | 0,200 | 0,200 | 0,200 | 1,000 | 3 Caiteachas eile de chineál riaracháin (sonraigh agus cuir isteach tagairt don líne buiséid) | Iomlán an chaiteachais riaracháin cé is moite d'acmhainní daonna agus costais ghaolmhara (NACH n-áirítear sa mhéid tagartha) | 0,200 | 0,200 | 0,200 | 0,200 | 0,200 | 1,000 | Ríomh – Caiteachas eile riaracháin nach n-áirítear sa mhéid tagartha | Ríomhtar go mbeidh 20 misean in aghaidh na bliana ar chostas €1 000 an t-aonad le haghaidh forbartha grúpaí táirgí, rannpháirteachais i gcruinnithe le Ballstáit agus scéimeanna eile Éicilipéid (líonra domhanda um Éicilipéadú). Ríomhtar go mbeidh 6 chruinniú de Choiste Rialúcháin agus réamhchruinnithe don Choiste sin ar chostas €30 000 an t-aonad gach bliain. | Beidh na riachtanais maidir le hacmhainní daonna agus riaracháin clúdaithe sa leithdháileadh is féidir a dheonú don Ard-Stiúrthóireacht atá ag bainistiú faoi chuimsiú an nós imeachta um leithdháileadh bliantúil i bhfianaise srianta buiséid. [1] Rialacháin (CE) Uimh. 1980/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Iúil 2000 maidir le scéim leasuithe dámhachtana Éicilipéid Comhphobail(http://ec.europa.eu/environment/ecolabel/pdf/regulation/001980_en.pdf) [2] Is éard is smaointeoireacht saolré ann próiseas a chuireann san áireamh, chomh fada agus is féidir, na hacmhainní uile a thomhlaítear agus na himpleachtaí sláinte agus comhshaoil uile a bhaineann le saolré táirge (earra nó seirbhís), ag smaoineamh e.g. ar acmhainní a bhaint, a tháirgeadh, a úsáid, a iompar, a athchúrsáil, agus dramhaíl a chóireáil agus a dhiúscairt. Cuidíonn an próiseas seo chun "aistriú ualaí" a sheachaint, i.e. iarmhairtí nó tomhailt acmhainní, ó chéimeanna saolré, ó limistéir gheografacha, agus ó réimsí is fadhbanna sláinte daonna agus comhshaoil, amhail Athrú Aeráide, Toitcheo an tSamhraidh, Baisteach Aigéadach, nó Ídiú Acmhainní etc. go chéile. Is é an Measúnú Saolré an modh cainníochtúil caighdeánaithe chun ionchur, aschur agus [3]56`ana hiarmhairtí comhshaoil a d'fhéadfadh a bheith ag córas táirge ar feadh a shaolré (ISO 14040 ff) a thiomsú agus a mheasúnú. [4] (IPP) (COIM (2003) 302 críochnaitheach [5] (Cinneadh Uimh. 1600/2002/CE) [6] http://ec.europa.eu/environment/ecolabel/revision_en.htm [7] http://ec.europa.eu/environment/ecolabel/revision_en.htm [8] Féach http://ec.europa.eu/enterprise/eco_design/dir2005-32.htm [9] IO C […], […], lch. […] [10] IO C […], […], lch. […] [11] IO C […], […], lch. […] [12] IO C […], […], lch. […] [13] IO L 237, 21.9.2000, lch. 1 [14] IO L 189, 20.7.2007, lch. 1 [15] IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. [16] IO L 31, 1.2.2002, lch. 1 [17] Leithreasaí neamhdhifreáilte [18] Caiteachas nach dtagann faoi Chaibidil xx 01 de Theideal xx lena mbaineann. [19] Caiteachas laistigh d'Airteagal xx 01 04 de Theideal xx. [20] Caiteachas laistigh de Chaibidil xx 01, seachas Airteagail xx 01 04 agus xx 01 05. [21] Féach pointí 19 agus 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach. [22] Ba cheart colúin bhreise a chur leis más gá i.e. má théann tréimhse an ghnímh thar 6 bliana. [23] Ba cheart tagairt a dhéanamh don ráiteas airgeadais reachtach sonrach le haghaidh na Gníomhaireachta/na nGníomhaireachtaí Feidhmiúcháin lena mbaineann. [24] C12000 – An coiste chun an scéim dámhachtana éicilipéid Comhphobail (ECO-LABEL) a oiriúnú do dhul chun cinn teicniúil agus a chur i bhfeidhm.