This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52008PC0143
Communication from the Commission to the European Parliament pursuant to the second subparagraph of Article 251 (2) of the EC Treaty concerning the common position of the Council on the adoption of a Regulation of the European Parliament and of the Council on food additives
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa de bhun an dara fomhír d’Airteagal 251(2) de Chonradh an CE maidir le comhsheasamh na Comhairle ar Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a ghlacadh maidir le breiseáin bia
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa de bhun an dara fomhír d’Airteagal 251(2) de Chonradh an CE maidir le comhsheasamh na Comhairle ar Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a ghlacadh maidir le breiseáin bia
/* COIM/2008/0143 leagan deireanach */
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa de bhun an dara fomhír d’Airteagal 251(2) de Chonradh an CE maidir le comhsheasamh na Comhairle ar Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a ghlacadh maidir le breiseáin bia /* COIM/2008/0143 leagan deireanach */
[pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH | An Bhruiséil 11.3.2008 COIM(2008) 143 leagan deireanach 2006/0145 (COD) TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun an dara fomhír d’Airteagal 251(2) de Chonradh an CE maidir le comhsheasamh na Comhairle ar Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a ghlacadh maidir le breiseáin bia (arna thíolacadh ag an gCoimisiún) 2006/0145 (COD) TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun an dara fomhír d’Airteagal 251(2) de Chonradh an CEmaidir lecomhsheasamh na Comhairle ar Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a ghlacadh maidir le breiseáin bia 1. CÚLRA Dáta tharchur an togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (doiciméad COIM(2006)428 críochnaitheach – 2006/0145 COD): | 28 Iúil 2006. | Dáta na tuairime ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa: | 25 Aibreán 2007. | Dáta na tuairime ó Pharlaimint na hEorpa, an chéad léamh: | 10 Iúil 2007. | Dáta tharchur an togra leasaithe: | 24 Deireadh Fómhair 2007. | Dáta an chomhaontaithe pholaitiúil | 17 Nollaig 2007. | Dáta glactha an chomhsheasaimh: | 10 Márta 2008. | 2. CUSPÓIRÍ AN TOGRA ÓN GCOIMISIÚN D’fhógair an Coimisiún sa Pháipéar Bán ar Shábháilteacht Bia (COIM (1999)719 críochnaitheach) go dtabharfadh sé suas chun dáta agus go simpleodh sé an reachtaíocht reatha a bhaineann le breiseáin bia (Gníomh 11 sa Pháipéar Bán). Is iad cuspóirí an togra seo: - Reachtaíocht breiseán bia a shimpliú trí ionstraim aonair a chruthú le haghaidh prionsabal, nósanna imeachta agus formheasa; - Na cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun liosta údaraithe breiseán bia an Chomhphobail a nuashonrú; - Dul i gcomhairle leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) maidir le meastóireacht ó thaobh sábháilteachta ar bhreiseáin bia; - Clár ath-mheastóireachta a bhunú le haghaidh breiseán bia atá ann cheana; - Údarú breiseán atá comhdhéanta de nó a chuimsíonn nó a tháirgtear ó orgánaigh ghéinmhodhnaithe a éileamh faoi Rialachán (CE) Uimh 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le bia agus le beatha géinmhodhnaithe. 3. BARÚLACHA FAOIN GCOMHSHEASAMH 3.1. Barúil Ghinearálta Tacaíonn an Coimisiún leis an gcomhsheasamh a ghlac an Chomhairle an 10 Márta 2008. Tá sé i gcomhréir leis na haidhmeanna agus leis an gcur chuige i dtogra bunaidh an Choimisiúin agus léiríonn sé freisin na prionsabail roinnt leasuithe atá molta ag Parlaimint na hEorpa. 3.2. Leasuithe a rinne Parlaimint na hEorpa ar an gcéad léamh ar ghlac an Coimisiún leo agus atá i gcomhréir leis an gcomhsheasamh Sa chomhsheasamh léirítear spiorad fhormhór na 39 leasú lenar ghlac an Coimisiún go hiomlán, i bpáirt, i bprionsabal nó faoi réir athruithe dréachtaithe. Maidir leis na critéir um údarú breiseán bia, agus go háirithe cad atá i gceist leis an tomhaltóir a chur amú, sa chomhsheasamh áirítear athruithe a dhéileálann le roinnt de na gnéithe i leasuithe 3 agus 30 ó Pharlaimint na hEorpa (PE). Áirítear leasuithe sa chomhsheasamh freisin (in aithris 7 agus Airteagail 1 agus 6) lena léirítear, cé nach bhfuil an tionchar ar an gcomhshaol i measc na gcoinníollacha ginearálta le haghaidh breiseáin bia a údarú, gur fachtóir dlisteanach é ar ndóigh ar chóir é a chur san áireamh. Mar shampla nuair a aithnítear iarmhairtí dochracha don chomhshaol, is féidir iad a chur san áireamh nuair a bhíonn na coinníollacha úsáide á n-údarú nó á n-athbhreithniú. Áiríonn na hathruithe seo tagairtí do na prionsabail eile sa Dlí Ginearálta Bia, i.e., go n-áiritheoidh na rialacha um breiseáin bia a úsáidtear i mbianna feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh inmheánaigh agus ardleibhéal cosanta sláinte daonna agus cosaint leasanna tomhaltóirí, lena n-áirítear cóirchleachtais thrádála, agus an comhshaol á chur san áireamh. Léiríonn na hathruithe seo na gnéithe a bhaineann leis an gcomhshaol i leasuithe 1, 7 agus 25 ó PE. Leasaíodh aithris 7 sa chomhsheasamh freisin maidir le húsáid breiseán bia a d’fhéadfadh a bheith ailléirgineach; léiríonn an t-athrú seo an prionsabal i leasú 1 ó PE go feadh méid éigin. Tá sé beartaithe ag an gComhairle an togra a leasú ionas go n-áireofar an sainiú ar quantum satis in Airteagal 3 agus rinne sí athruithe iarmhartacha ar Airteagal 11. Bheartaigh PE athruithe comhchosúla ar leasuithe 21 agus 36. Is féidir leis an gCoimisiún glacadh leis na tograí seo faoi réir athruithe teangeolaíocha atá áirithe in Airteagail 3 agus 12 den togra leasaithe ón gCoimisiúin. Le hAirteagal 5 nua den chomhsheasamh soiléirítear nach gcuirfidh duine ar bith breiseán bia nó bia ina n-úsáidtear breiseán bia ar an margadh mura gcomhlíonann a úsáid an Rialachán. D’iarr PE an soiléiriú seo freisin i leasuithe 9 agus 22. Maidir leis an idirghníomhú idir an Rialachán molta agus Rialachán (CE) Uimh 1829/2003 maidir le bia agus beatha GM, shoiléirigh PE i leasuithe 4, 38 agus 63 gur féidir leis na nósanna imeachta um meastóireacht agus um údarú faoin dá Rialachán seo feidhmiú ag an am céanna. Léiríodh an prionsabal tábhachtach seo sa chomhsheasamh freisin. Modhnaíodh Aithrisí 20 agus 21 agus na hairteagail éagsúla sa chomhsheasamh chun an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a thabhairt isteach agus chun an Rialachán molta a ailíniú go ginearálta le Cinneadh 2006/512/CE ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh 1999/468/CE lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú cumhachtaí forfheidhmiúcháin atá tugtha don Choimisiún. Tá na forálacha seo comhtháite le leasuithe PE 64rev, 47, 48, 67rev, 79, 68rev, 80, 51 agus 69rev ar an ábhar seo; is í an difríocht, ámh, go n-áirítear sa chomhsheasamh úsáid ciorrúchán ar thréimhsí ama i gcásanna áirithe. Níor léiríodh an ghné seo sa togra leasaithe ón gCoimisiúin. Áiritear foráil sa chomhsheasamh in Airteagal 28 chun a shoiléiriú fad a bhíonn na húdaruithe reatha le haghaidh breiseán bia á n-aistriú go dtí na hiarscríbhinní nua nár chóir na breiseáin bia nó na húsáidí díobh nach bhfuil riachtanach a thuilleadh a aistriú. Léiríonn sé seo prionsabal leasú 55 ó PE. Ar an dóigh chéanna léirítear sa chomhsheasamh athrú atá riachtanach ar Airteagal 28 mar thoradh ar an gcinneadh breiseáin i mblastáin a áireamh in Iarscríbhinn III den Rialachán agus ní in Iarscríbhinn II. Molann PE an prionsabal seo freisin i leasuithe 58 agus 59. 3.3. Leasuithe a rinne Parlaimint na hEorpa ar an gcéad léamh ar ghlac an Coimisiún leo agus nár áiríodh sa Chomhsheasamh Le Leasú 28 ó PE moladh gur chóir go dtagródh formheas breiseán bia don mhachnamh a rinneadh ar na critéir um údarú agus don chúis leis an gcinneadh. Ina thogra leasaithe ghlac an Coimisiún le prionsabal an leasaithe sa mhéid gur chóir do chinneadh ar bith um breiseán bia a údarú a inspreagadh a mhíniú agus dá bhrí sin d’áirigh an Coimisiún aithris 8 nua sa thogra leasaithe. 3.4. Forálacha nua a thug an Chomhairle isteach a nglacann an Coimisiún leo Mar a dhéantar i gcás gach breiseáin bia, measúnaítear milseoirí a úsáidtear i milseoirí boird maidir lena sábháilteacht sula gceadaítear iad. Ba chóir an fhaisnéis a thugtar do thomhaltóirí ar lipéid bhia a bheith soiléir agus furasta a thuiscint. Má tá fianaise ar fáil go mbíonn grúpaí áirithe tomhaltóirí ag dul thar an iontógáil inghlactha laethúil mar thoradh ar mhilseoirí boird a úsáid, d’fhéadfaí modhanna neamhreachtacha eile a úsáid go háitiúil chun an fhaisnéis riachtanach a chur ar fáil do thomhaltóirí. Tá sé tugtha faoi deara go soláthraíonn monaróirí áirithe fianaise 'lasmuigh den lipéad' cheana féin. Leis an leasú a áirítear sa chomhsheasamh (Aithris 18 agus Airteagal 22), faoina mbeadh sé de dhualgas ar mhonaróirí an fhaisnéis riachtanach a chur ar fáil i slí iomchuí ar bith, chuirfí faisnéis úsáideach ar fáil le haghaidh an tomhaltóra agus do na Ballstáit freisin chun cuidiú le feachtais um oideachas tomhaltóra nuair a bhíonn siad riachtanach. Bhain an Chomhairle an ceanglas gur chóir go gcomhlíonfadh breiseáin bia na critéir (sonraíochtaí) íonachta sonracha a leagadh síos i gcónaí agus dúirt go simplí gur chóir go gcomhlíonfaidís na sonraíochtaí. Ag an am céanna agus a chinntíonn sé go gcomhlíonann breiseáin bia na ceanglais maidir le leibhéil na n-ábhar salaithe, soiléirítear leis an athrú seo nach gá do bhreiseáin i gcónaí nuair a mheasctar le chéile iad nó nuair a ullmhaítear i dtuaslagán iad critéir cháilíochta eile a chomhlíonadh amhail cion taise nó aigéadacht. Moladh leasú dá shamhail i dtosach i PE ach níor tacaíodh leis sa vótáil ar an gcéad léamh. Tugadh aithris 16 nua isteach sa chomhsheasamh chun cur síos breise a dhéanamh ar phrionsabal na tabhartha anonn a leagadh amach in Airteagal 17. Maidir le lipéadú breiseán bia a dhíolann gnólacht le gnólacht nó go díreach leis an tomhaltóir deiridh, ghlac PE roinnt leasuithe sa thogra maidir le heinsímí bia ar an gcéad léamh le súil na forálacha don lipéadú a shimpliú. Leis an gcomhsheasamh tugadh isteach simpliú comhchosúil. In ainneoin na ndifríochtaí ó thaobh struchtúir agus foclaíochta, tá na ceanglais lipéadaithe do bhreiseáin bia i gcomhréir den chuid is mó leo siúd a mhol PE maidir le heinsímí. Leis an gcomhsheasamh freisin áirítear forálacha cosúil leosan a moladh le leasuithe 42 agus 44 ó PE maidir leis an dáta marthanachta/seilfré íosta agus maoluithe le haghaidh breiseán bia a sheachadtar trí bhulciompair e.g. tancaer. Sa chomhsheasamh freisin chuathas níos faide maidir le simpliú a dhéanamh ar na forálacha lipéadaithe le haghaidh breiseán bia a dhíoltar go díreach leis an tomhaltóir deiridh a meastar gur bia atá iontu agus dá bhrí sin go dtagann siad faoi réir fhorálacha lipéadaithe Threoir 2000/13/CE maidir le lipéadú, cur i láthair agus fógraíocht bia-ábhar. Le togra leasuithe an Choimisiúin tógadh príomhsmaointe na leasuithe ó PE agus léirítear na forálacha lipéadaithe a d’fhormhuinigh an Chomhairle sa chomhsheasamh. Ina comhsheasamh rinne an Chomhairle coigeartuithe áirithe ar aithris 13 agus Airteagal 24 lena shoiléiriú maidir le foirm nua nanascála de bhreiseán bia go bhféadfaí a mheas gur modh táirgthe é a mbaineann difríocht shuntasach leis agus dá bhrí sin go mbeadh measúnú nua sábháilteachta ag teastáil ina leith. Le leasú 35 ó PE freisin tairgeadh luachanna teorantacha ar leith a thabhairt isteach le haghaidh breiseán bia ar an nanascála. Mheas an Coimisiún nach raibh an leasú ó PE riachtanach, toisc go bhféadfaí sain-shrianta a leithdháileadh cheana féin faoi na coinníollacha má bhíonn siad seo riachtanach tar éis measúnú sábháilteachta. Aontaíonn an Coimisiún, ámh, le spiorad na leasuithe a moltar sa chomhsheasamh. Meastar, ámh, go ndéileálfaí níos fearr leis an bprionsabal seo in Airteagal ar leith mar a áirítear in Airteagal 11 den togra leasaithe ón gCoimisiúin. Le linn na tréimhse ina mbíonn na húdaruithe reatha le haghaidh breiseán bia á n-athbhreithniú agus á n-aistriú go dtí an Iarscríbhinn nua, tá seans ann go gcuirfí iarratais atá ar feitheamh, le haghaidh breiseán nua nó le haghaidh úsáidí nua de bhreiseáin bia, ar coimeád. Cuirfeadh gníomh dá leithéid stop le nuálaíocht agus bheadh droch-thionchar aige ar thionscal an bhia. Dá bhrí sin, mhol an Chomhairle leasú a cheadódh go leasófaí na Treoracha reatha trí nós imeachta coiste le linn na hidirthréimhse seo ionas gur féidir na breiseáin bia sin atá ag teacht agus a bhfuil tuairim dheimhnitheach ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia faighte acu cheana féin a údarú. Sa chomhsheasamh dá bhrí sin áirítear Airteagal 29 nua agus athruithe dá réir sin ar Airteagal 33. Sa chomhsheasamh áirítear modhnú chun a shoiléiriú cad is brí le 'seilfré a shíneadh trí shiúcraí a ionadú' ionas go sainítear an coincheap seo níos fearr (Airteagal 7 (b). A mhalairt ar fad, mhol Parlaimint na hEorpa an téacs seo a scriosadh (leasú 73). Is féidir leis an gCoimisiún glacadh leis an bhfoclaíocht nua a moltar sa chomhsheasamh. Sa chomhsheasamh freisin áirítear soiléiriú breise ar na coinníollacha sonracha le haghaidh dathanna (Airteagal 8 b) sa mhéid is go n-úsáidtear iad chun cuidiú a thabhairt blasanna a shamhlaítear de ghnáth le bianna áirithe a shainaithint . I dtogra an Choimisiúin i dtosach moladh mar riail ghinearálta go mbainfeadh leibhéil na mbreiseán bia leis na bianna agus iad réidh le hithe, toisc go bhféadfadh sé seo a bheith ábhartha maidir le risíocht a ríomh. Tá an Chomhairle den tuairim, ámh, ar mhaithe le héascacht an fhorfheidhmithe go mbeadh sé níos soiléire na leibhéil i mbia a shuíomh agus é á chur ar an margadh, cé go n-áirítear leasú sa chomhsheasamh, ar mhaithe le soiléireacht, a shonraíonn maidir le bianna ar gá iad a athdhéanamh nó a chaolú gur chóir na leibhéil a shuíomh le haghaidh an bhia agus é athdhéanta nó caolaithe. Le leasú 37 ó PE freisin áirítear tagairt don staid chaolaithe. Leis an soiléiriú breise a mhol an Chomhairle, is féidir leis an gCoimisiún glacadh leis an athrú go dtí 'agus é á chur ar an margadh'. Leis an gcomhsheasamh modhnaíodh Airteagal 18 chun na cinntí sainithe go léir a chur san áireamh, lena n-áirítear an cinneadh a áiríodh i dtosach in Airteagal 2, maidir le an gcomhlíonann substaint áirithe an sainiú ar bhreiseán bia. Is ionann na forálacha in Airteagal 18 a chur i bhfeidhm agus feidhmiú na rialacha a áirítear san acht bunúsach (e.g. an sainiú ar bhreiseán bia). Dá bhrí sin ní thagann sé faoin nós imeachta rialúcháin nua lena ngabhann grinnscrúdú agus tá sé seo léirithe sa chomhsheasamh. Le leasuithe 12, 40 agus 47 ó PE moltar nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú le haghaidh cinntí dá leithéid. Áirítear foráil nua sa chomhsheasamh in Airteagal 29 a léiríonn an gá atá ann de bharr na n-athruithe ar na forálacha lipéadaithe go gcuirfear idirthréimhse idir ar fáil le haghaidh táirgí nach gcomhlíonann na rialacha nua a thuilleadh. D’áirigh an Coimisiún foráil dá leithéid in Airteagal 32 dá thogra leasaithe ar féidir go bhfuil sé lonnaithe níos fearr. 4. CONCLÚID Tá an Coimisiún den tuairim go léirítear go hiomlán sa chomhsheasamh na heochaireilimintí dá thogra bunaidh agus an spiorad atá i mórán de na leasuithe ó Pharlaimint na hEorpa a rinneadh ar an gcéad léamh. Dá bhrí sin, aontaíonn an Coimisiún leis an gcomhsheasamh faoi mar ar glacadh é ag an gComhairle d’aon toil.