This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52008PC0052
Communication from the Commission to the European Parliament pursuant to the second subparagraph of Article 251(2) of the EC Treaty concerning the Common Position of the Council on the adoption of a proposal for a Regulation of the European Parliament and the Council establishing the European Institute of Innovation and Technology
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa de bhun an dara fomhír d'Airteagal 251(2) de Chonradh CE maidir le Comhsheasamh na Comhairle maidir le togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa de bhun an dara fomhír d'Airteagal 251(2) de Chonradh CE maidir le Comhsheasamh na Comhairle maidir le togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht
/* COIM/2008/0052 leagan deireanach - COD 2006/0197 */
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa de bhun an dara fomhír d'Airteagal 251(2) de Chonradh CE maidir le Comhsheasamh na Comhairle maidir le togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht /* COIM/2008/0052 leagan deireanach - COD 2006/0197 */
[pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH | An Bhruiséil29.1.2008 COIM(2008) 52 leagan deireanach 2006/0197 (COD) TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun an dara fomhír d'Airteagal 251(2) de Chonradh CE maidir le Comhsheasamh na Comhairle maidir le togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht 2006/0197 (COD) TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun an dara fomhír d'Airteagal 251(2) de Chonradh CE maidir le Comhsheasamh na Comhairle maidir le togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht 1. CÚLRA Dáta tharchur an togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle [(COIM/2006/604/Críochnaitheach 2006/0197/COD)]: | 20 Deireadh Fómhair 2006 | Dáta na tuairime ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa: 2007/C 161/06 | 14 Márta 2007 | Dáta glactha Cur Chuige Ginearálta (doic. 11058/07) | 25 Meitheamh 2007 | Dáta na tuairime ó Pharlaimint na hEorpa, an chéad léamh: | 26 M. Fómhair 2007 | Dáta glactha Comhaontaithe Pholaitiúil | 23 Samhain 2007 | Dáta glactha an Chomhsheasaimh: | 21 Eanáir 2008 | 2. CUSPÓIR AN TOGRA ÓN g COIMISIÚN I gcomhthéacs Straitéis Liospóin, is tionscnamh nua é EIT (Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht) lena mbeartaítear cumas nuálaíochta an Aontais agus na mBallstát a neartú, trí na gníomhaithe is fearr atá ag oibriú i dtriantán an eolais a thabhairt le chéile. Beidh an Institiúid mar eiseamláir de scothchleachtas sa nuálaíocht agus mar shamhail tagartha sa chaoi ina dtugann sí le chéile lucht acadúil, lucht taighde agus lucht gnó chun go mbeidh an Eoraip in ann aghaidh a thabhairt ar dhúshláin gheilleagair dhomhanda atá, i mbun domhandaithe, eolasbhunaithe ar bhealach níos éifeachtúla. Eagrófar í ar bhonn 'Pobail Eolais agus Nuálaíochta' (comhpháirtíochtaí le hollscoileanna, eagraíochtaí taighde, cuideachtaí agus geallsealbhóirí eile sa phróiseas nuálaíochta). Déanfaidh Bord Rialaithe, déanta de dhaoine den scoth ón lucht gnó, an lucht acadúil agus an lucht taighde iad seo a stiúradh, a chomhordú agus a bhreithniú. Beidh rannpháirtíocht gnó ar gach leibhéal straitéiseach agus oibríochtúil mar eochair sa tionscnamh seo. 3. BARÚLACHA MAIDIR LEIS AN g COMHSHEASAMH 3.1 Barúil Ghinearálta maidir leis an gComhsheasamh Tá téacs an Chomhsheasaimh, go substaintiúil agus don chuid is mó, i gcomhréir le togra an Choimisiúin agus is féidir lántacaíocht a thabhairt dó dá réir. 3.2 Comhaontú ag Céim an Chomhsheasaimh Tá an Comhsheasamh mar thoradh ar dhian-idirbheartaíochtaí idir-institiúideacha, tar éis togra an Choimisiúin maidir le creat airgeadais an 19 Meán Fómhair 2007 a athbhreithniú, chomh maith le rún a ghlac PE maidir le EIT an 26 Meán Fómhair 2007. De réir an chomhthéacs seo, d'aimsigh na cruinnithe neamhfhoirmiúla agus teicniúla bealaí comhréitigh maidir le líon áirithe saincheisteanna reachtacha atá ann fós. I gcomhthreo leis sin, cuireadh pléití maidir le maoiniú EIT (agus Galileo) ar siúl i gCoiste Bhuiséad na Comhairle agus idir an dá bhrainse den Údarás um Buiséid i gcomhthéacs nós imeachta buiséid 2008 An 20 Samhain 2007, dhearbhaigh cathaoirleach an Choiste ITRE, Ms Angelika Niebler, comhaontú na Parlaiminte leis an téacs a chomhaontaigh Coreper an 14 Samhain 2007 agus leis an Dearbhú ón gCoimisiún (faoi réir comhaontaithe maidir le maoiniú EIT – féach thíos). Tháinig an Chomhairle Iomaíochais ar chomhaontú polaitiúil maidir le EIT a bhunú Dé hAoine an 23 Samhain 2007. An lá céanna, tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú maidir le maoiniú Galileo agus EIT, le EUR 309 milliún curtha in áirithe le haghaidh EIT don tréimhse 2008-2013. Is iad seo na príomhábhair idirbheartaíochta ar thángthas ar chomhaontú orthu: An gné oideachasúil: Thángthas ar chomhdhearcadh maidir le sainmhíniú instiúidí ardoideachais agus ar chéimeanna agus dioplómaí. Rannpháirtíocht PENanna (Pobail Eolais agus Nuálaíochta/Knowledge and Innovation Communities) i gcláir an Chomhphobail (aithris 17 agus Airteagal 14) Rinneadh téacs Airteagal 14 a athdhréachtú chun nach mbeifí ag súil gur cinnte go maoineofaí costais riaracháin go léir na PENanna, a d'fhéadfadh a bheith suntasach, trí bhuiséad an Chomhphobail. An sainmhíniú ar Stáit Rannpháirteacha (sainmhínithe Airteagal 2): Scriosadh an focal "Eorpach" de thoil a chéile mar fhreagairt ar thogra ó PE, cé go bhfuil an éirim Eorpach á neartú in Airteagal 7(3). An lipéad EIT (aithris 12 agus Airteagal 8): Thángthas ar chomhréiteach idir seasamh PE agus na Comhairle (úsáid éigeantach versus úsáid dheonach). An coincheap de "treoirthréimhse" : a athrú go "tréimhse tosaigh" (aithris 24 agus Airteagal 19). Réimsí na chéad PENanna (aithris 24): Chomhaontaigh an Chomhairle, mar fhreagairt ar an iarraidh ón bParlaimint, "fuinneamh inathnuaite" agus "an chéad ghlúin eile de TFCanna (teicneolaíochtaí na faisnéise agus na cumarsáide/ICTs, information and communication technologies)" a chur le haithris 24. Giorraíodh an tréimhse roghnúcháin le haghaidh na chéad PENanna (aithris 24 agus Airteagal 18) go 18 mí (ó 24) mar fhreagairt ar an iarraidh ó PE. Meastóireacht agus athbhreithniú an Choimisiúin ar an togra (Airteagal 16(3)): Comhaontaíodh go ndéanfaí nasc idir an tagairt do chumhacht an Choimisiúin an rialachán a athbhreithniú "nuair is iomchuí" agus meastóireacht EIT. An struchtúr tacaíochta a bhunú (Airteagal 6 den Iarscríbhinn): I rith na n-idirbheartaíochtaí, thángthas ar an tuiscint go raibh gá le foráil sa Rialachán chun an struchtúr tacaíochta a ullmhú. D'fhéach an Coimisiún, le comhaontú na gcomhreachtóirí, ar roghanna éagsúla agus measann sé gurb é an bealach ar aghaidh is fearr airteagal nua a áireamh sna Reachtanna a ligfeadh dó cinntí dlíthiúla agus airgeadais a ghlacadh go sealadach thar cheann EIT go dtí go gceapfaidh an Bord stiúrthóir. An Coiste Aitheantais (Airteagal 1 sna Reachtanna): D'fhonn béim a chur ar bhonn "ad hoc" Coiste Aitheantais, comhaontaíodh nach n-úsáidfí é ach le haghaidh na chéad chomhaltaí Boird a cheapadh. Mar fhreagairt ar an iarraidh ón bParlaimint ar phróiseas aitheantais níos oscailte agus níos faisnéisí (vis-à-vis an Pharlaimint agus an Chomhairle), cuireadh an Dearbhú ón gCoimisiún seo a leanas le miontuairiscí na Comhairle: Cuirfidh an Coimisiún an Chomhairle agus PE ar an eolas maidir le comhaltaí an Choiste Aitheantais a ainmniú agus maidir lena shainordú. Cuirfidh an Coimisiún an Chomhairle agus PE ar an eolas maidir le critéir roghnúcháin a úsáidfidh an Coiste Aitheantais chun chéad chomhaltaí an Bhoird a roghnú, tar éis próisis comhairliúcháin oscailte. Cuirfidh an Coimisiún PE agus an Chomhairle ar an eolas gan mhoill maidir le toradh an phróisis roghnúcháin a rna dhéanamh ag an gCoiste Aitheantais chun chéad chomhaltaí an Bhoird Rialaithe a cheapadh agus arna dhéanamh ag an mBord Rialaithe chun comhaltaí a cheapadh ina dhiaidh sin. Tabharfaidh an Coimisiún tréimhse d'aon mhí amháin do PE agus don Chomhairle chun a bheith ar an eolas maidir le toradh an phróisis roghnúcháin. Tar éis seo, ceapfaidh an Coimisiún comhaltaí an Bhoird Rialaithe. Cuirfidh an Coimisiún an Chomhairle agus PE ar an eolas maidir leis an gCathaoirleach a thoghfaidh an Bord Rialaithe. Féadfar go mbeidh malartú tuairimí leis an gCathaoirleach tar éis dó/di a bheith tofa agus roimh dó/di dul i seilbh oifige. 4. CONCLÚID Baineann an Comhsheasamh cuspóirí togra tosaigh an Choimisiúin amach. Tacaíonn an Coimisiún mar sin leis an téacs.