Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52007PC0670

Togra leasaithe le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le heinsímí bia agus lena leasaítear Treoir 83/417/CEE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999 ón gComhairle, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2001/112/CE ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (arna thíolacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 250(2) de Chonradh CE)

/* COIM/2007/0670 leagan deireanach - COD 2006/0144 */

52007PC0670

Togra leasaithe le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le heinsímí bia agus lena leasaítear Treoir 83/417/CEE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999 ón gComhairle, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2001/112/CE ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (arna thíolacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 250(2) de Chonradh CE) /* COIM/2007/0670 leagan deireanach - COD 2006/0144 */


GA

An Bhruiséil, 24.10.2007

COIM(2007) 670 leagan deireanach

2006/0144 (COD)

Togra leasaithe le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le heinsímí bia agus lena leasaítear Treoir 83/417/CEE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999 ón gComhairle, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2001/112/CE ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(arna thíolacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 250(2) de Chonradh CE)

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

I. NÓS IMEACHTA

1. An 28 Iúil 2006, ghlac an Coimisiún an togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le heinsímí bia agus lena leasaítear Treoir 83/417/CEE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999 ón gComhairle, Treoir 2000/13/CE, agus Treoir 2001/112/CE ón gComhairle [Doiciméad (COIM (2006)1425 críochnaitheach)] mar chuid de phacáiste ceithre thogra maidir le hoibreáin feabhsaithe bia. Cuireadh an togra faoi bhráid na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa an 28 Iúil 2006.

2. Ghlac an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta a thuairim an 25 Aibreán 2007.

3. Chomhaontaigh an Chomhairle ar 'chur chuige ginearálta' maidir leis an togra ag cruinniú EPSCO an 31 Bealtaine 2007.

4. An 9 Iúil 2007 tá Parlaimint na hEorpa tar éis tuairim fhabhrach a thabhairt ar thogra sa chéad léamh.

5. Leasaíonn an togra seo an buntogra [COIM (2006)0425 – 2006/0144(COD) chun leasuithe ó Pharlaimint na hEorpa ar ghlac an Coimisiún leo a thabhairt i gcuntas.

Maidir leis an mbuntogra, ghlac Parlaimint na hEorpa 33 leasú. Chuir an Coimisinéir Kyprianou in iúl don chruinniú iomlánach an 9 Iúil 2007 go bhféadfadh an Coimisiún glacadh leis an gcuid is mó de na leasuithe, go hiomlán nó go páirteach, agus faoi réir a n-athfhoclaíochta. As na leasuithe ar glacadh leo ní féidir leis an gCoimisiún glacadh leis an cinn seo a leanas: 6, 9, 13, 16, 32, 37, 38.

Is i gcló trom agus líne futhu atá na leasuithe sa togra coigeartaithe. Rinneadh athfhoirmliú ar roinnt leasuithe d'fhonn comhréireacht na téarmaíochta a úsáidtear sa togra nó sna tograí eile sa phacáiste a áirithiú, nó chun an téacs a chur ar chomhrian le cur chuige na Comhairle maidir le leasuithe cosúla.

Rinneadh oiriúniú ar uimhriú na nAirteagal chun roinnt leasuithe a thabhairt i gcuntas. Laistigh d'Airteagail áirithe, oiriúnaíodh uimhriú na míreanna chun na heilimintí atá le cur leis nó atá le scriosadh sa togra ón gCoimisiún a thabhairt i gcuntas.

II. CUSPÓIRÍ AN TOGRA

6. Sa Pháipéar Bán maidir le Sábháilteacht Bia d'fhógair an Coimisiún togra lena leasaítear Treoir-réime 89/107/CEE maidir le breiseáin bia d'fhonn forálacha sonracha a leagan síos i ndáil le heinsímí bia. Mar thoradh ar ghrinnmheasúnú ar an staid, forbraíodh togra sonrach maidir le heinsímí bia.

7. Faoi láthair ní fholaíonn raon feidhme Threoir 89/107/CEE ach amháin einsímí a úsáidtear mar bhreiseáin bia. Na heimsímí atá fágtha, ní rialaítear ar chor ar bith iad nó rialaítear iad mar áiseanna próiseála faoi reachtaíocht na mBallstát, rud atá éagsúil. I ndáil le sábháilteacht, níl aon mheasúnacht sábháiltachta ná údarú einsímí bia ag leibhéal Eorpach, ach amháin i gcás na gceann a mheastar mar bhreiseáin bia. Is í aidhm an togra ná rialacha comhchuibhithe maidir le heinsímí bia a bhunú ag leibhéal Eorpach, d'fhonn cóirthrádáil agus feidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh a chur chun cinn agus chun sláinte an duine agus leas tomhaltóirí a áirithiú.

III. FORBHREATHNÚ AR NA LEASUITHE Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

8. Leasuithe eagarthóireachta/ teicniúla

Is é is aidhm do Leasuithe 2, 8, 10 agus 17 ná an togra a fheabhsú ó thaobh eagarthóireachta agus teicniúlachta de agus tá siad á dtabhairt de láimh ag an gCoimisiún, faoi réir roinnt athruithe eagarthóireachta i gcásanna áirithe. Glacadh le Leasú 19 go páirteach.

Le Leasú 31 leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 maidir le bianna núíosacha chun a shoiléiriú go n-eiseofar ó raon feidhme an Rialacháin maidir le bia núíosach einsímí bia a fholaítear sa Rialachán beartaithe maidir le heinsímí bia.

9. Bunús dlí

Le Leasú 35 scriostar Airteagal 37 den Chonradh ó bhunús dlí an Rialacháin bheartaithe. Ós rud é nach bhfuil i ngnéithe talmhaíochta den togra (leasuithe do théacsanna talmhaíochta ingearacha) ach cuspóirí tánaisteacha an rialacháin bheartaithe, ceadaítear scriosadh Airteagal 37 sa togra leasaithe.

10. Raon feidhme (Airteagal 2)

Is é is aidhm do Leasuithe 3, 11 agus 12 soiléiriú nach bhfuil feidhm ag an togra maidir le heinsímí bia a bheartaítear díreach don duine, amhail heinsímí chun críocha beathaithe nó einsímí a úsáidtear mar áiseanna díleácha. Tá prionsabal na leasuithe seo i gcomhréir le togra an Choimisiúin. Toisc nach gcuirtear na heinsímí seo le bia chun feidhm theicniúil a chur i gcrích, ní shainmhínítear iad mar einsímí bia. An téacs atá beartaithe faoi Leasú 11, áfach, ní ceart dó bheith curtha faoi Airteagal 2(2) agus is amhlaidh is fearr a d'fholódh Leasú 12 an t-eisiamh atá beartaithe. Dá bhrí sin, tá Leasú 11 iomarcach agus ní chuirfear san áireamh é sa togra leasaithe.

Maidir le Leasú 12, coimeádann an Coimisiún an t-eisiamh ar shaothráin a úsáidtear 'go traidisiúnta' i dtáirgeacht bianna amhail cáis, fíon etc. agus a d'fhéadfadh einsímí a dhéanamh go teagmhasach. Mhéadófaí raon feidhme an eisiata le scriosadh an fhocail 'traidisiúnta' agus d'fhéadfaí mar thoradh air nach rialófaí saothráin, a chuirtear le bia le haghaidh feidhme teicneolaíochta na heinsíme a tháirgeann siad (m.sh. caomnhú).

11. Sainmhínithe (Airteagal 3)

Tugann Leasú 14 roinnt sainmhínithe nua isteach. Ionchorpraítear na sainmhínithe 'einsím' agus 'ullmhóid einsíme bia' i dteannta le roinnt athruithe eagarthóireachta sa togra leasaithe.

Mar sin féin níl gá leis an sainmhíniú 'arna dtáirgeadh ag GMOanna' le haghaidh raon feidhme an Rialacháin beartaithe, Rialachán a fholaíonn na heinsímí bia go léir is cuma má thagann siad faoi raon feidhme an Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 nó nach dtagann. Baineann a leithéid de shainmhíniú le bia géinmhodhnaithe (GM) go ginearálta agus níl sé oiriúnachmar sin an sainmhíniú seo a chur isteach sa Rialachán sainiúil don earnáil atá beartaithe maidir le heinsímí bia.

Tá an sainmhíniú ar 'quantum satis' leagtha síos i sainmhínithe an togra maidir le breiseáin bia. Ós rud é go bhfuil feidhm ag na sainmhínithe breiseán bia go léir maidir le heinsímí bia freisin, ní gá é a lua arís sa togra maidir le heinsímí bia.

12. Toirmeasc ar einsímí bia neamhchomhlíontacha (Airteagal 5)

Tá sé d'aidhm ag Leasú 15 a shoiléiriú nár chóir einsím bia nó bia ina n-úsáidtear einsím a chur ar an margadh, mura gcomhlíonann an einsím nó úsáid na heinsíme an Rialachán beartaithe. Formhuinítear an soileiriú seo sa togra leasaithe.

13. Critéir ghinearálta maidir le heinsímí bia a chur ar an liosta Comhphobail agus maidir le húsáid na n-einsímí (Airteagal 6)

Leagann an Coimisiún amach na critéir maidir le heinsímí bia a údarú. Ní foláir do na heinsímí a bheith sabháilte; ní foláir go mbeidh riachtanas teicneolaíochta lena n-úsáid; agus ní ceart go gcuirfidh a n-úsáid amú an tomhaltóir.

Tugann an dara cuid de Leasú 4 isteach soiléiriú ar cad is ciall le cur amú an tomhaltóra. Áirítear an chuid seo de Leasú 4 sa togra leasaithe.

Ceanglaíonn Leasuithe 6 agus 16 go mbeidh údarú einsímí bia bunaithe ar phrionsabal an réamhchúraim. Tá prionsabal an réamhchúraim agus na coinníollacha maidir lena chur i bhfeidhm leagtha síos cheana féin i nDlí Ginearálta an Bhia (Rialachán (CE) Uimh. 178/2002) agus ní cóir é a lua arís anseo.

Ceanglaíonn Leasúithe 4 agus 16 go dtabharfaidh einsímí bia tairbhe soiléir don tomhaltóir le go n-údarófar iad. Úsáidtear an chuid is mó de na heinsímí mar áiseanna próiseála. Is féidir le húsáidí dá leithéid feabhas a chur leis na próisis táirgeachta, trí thomhaltas níos lú fuinnimh, níos lú amhábhar, níos lú drámhaíola agus trí bhithdhíghrádaitheacht níos fearr. Ní féidir i gcónaí an méid seo a iompú go díreach ina thairbhe don tomhaltóir, cé go bhfuil tairbhe indíreach ón mbuntáiste comhshaoil. Níor ghabh an Coimisiún na forálacha seo chuige féin.

14. An baint le Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 maidir le bia agus beathú GM (Airteagal 9) agus Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 (Airteagal 7)

Bhí sé d'aidhm ag an togra ón gCoimisiún na heinsímí bia go léir a fholú lena n-áirítear na heinsímí a thairgtear ó orgánaigh ghéinmhodhnaithe (GMOanna) nó trí choipeadh ag úsáid miocrorgánaigh ghéinmhodhmaithe. I gcás einsímí bia a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, i.e. einsímí a thairgtear ó GMOanna, beidh siad faoi réir an Rialacháin sin maidir le measúnú sábháilteachta an mhodhnaithe ghéinitigh, cé go bhfuil gnéithe eile sábháilteachta agus údaráithe chríochnaithigh á bplé faoin Rialachán maidir le heinsímí. Is féidir an dá mheastóireacht agus an dá údarú a reáchtáil i gcomhthreo lena chéile.

Soiléiríonn Leasú 7 agus 34 gur féidir an dá nós imeachta a reáchtáil go comhuaineach i gcomhréir le dea-chleachtas riaracháin. Formhuiníonn an Coimisiún an soiléiriú beartaithe, faoi réir roinnt athruithe dréachtála chun na forálacha a dhéanamh níos comhoiriúnaí le Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.

Bhí sé d'aidhm ag an togra ón gCoimisiún freisin a áirithiú go n-áireofar an t-aitheantóir uathúil a shanntar do GMO i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 i sonraíochtaí na heinsíme a tháirgtear ón GMO.

Tá sé d'aidhm ag Leasuithe 18 agus 38 an fhoráil seo a shoiléiriú, níl an fhoclaíocht mholta comhoiriúrach áfach le Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003. Ghlac an Coimisiún i bprionsabal leis an soiléiriú molta, athraíodh an fhoclaíocht áfach chun go mbeidh sé comhsheasmhach leis an Rialachán sin.

15. Coisteolaíocht (Airteagal 2§5, Airteagal 15 and Airteagal 17)

Ós rud é gur glacadh an togra timpeall an ama ar glacadh Treoir 2006/512/CE lena leasaítear Treoir 1999/468/CE lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le forghníomhú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún, thagair an togra ón gCoimisiún don ghnáthnós imeachta rialúcháin. Ar an ábhar sin is gnách go bhformhuiníonn an Coimisiún ailíniú an togra leasaithe le Treoir 2006/512/CE. Tá Leasuithe 10, 28 agus 30 inghlactha.

Tugann Leasú 13 isteach an nós imeachta lena ngabhann grinnscrúdú áfach d'fhonn a shocrú cibé acu an dtagann substaint tugtha faoi raon feidhme an Rialacháin nó nach dtagann. Is é atá i gcur i bhfeidhm na forála seo ná cur chun feidhme na rialacha san ionstraim bhunaidh ('sainmhíniú einsíme bia') agus ní thagann sé faoin nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú. Ba chóir ar an ábhar sin go mbeadh feidhm ag an ngnáthnós imeachta rialúcháin.

16. Athbhreithniú 10 mbliana

Tugann Leasú 9 isteach athbhreithniú rialta ar mheastóireacht agus ar údarú na n-einsímí bia gach 10 mbliana. Chruthódh ceanglais dá leithéid ualach suntasach riaracháin. Ar chúiseanna a bhaineann le comhréireacht agus toisc go ndéantar foráil cheana sa togra do shubstaintí a bheith faoi shíorbhreathnú agus á meas aon uair is gá i bhfianaise faisnéise nua eolaíche nó teicneolaíche, níor glacadh leis an leasú seo sa togra leasaithe.

17. Údarú mear (Airteagal 17)

Déanann Leasú 29 foráil do einsímí atá ar an margadh láithreach a haistriú díreach go liosta an Chomhphobail, má tá an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (UESB) sásta leis an measúnú sábháilteachta a seoladh roimhré ag leibhéal Comhphobail nó náisiúnta.

Is é an UESB comhlacht mheasúnú riosca an Chomhphobail. Níl sé oiriúnach einsímí bia a aistriú go huathoibreach go liosta an Chomhphobail, gan mheastóireacht a bheith déanta roimhré ag an UESB. Mar chuid den ghnáthchleachtas, nuair a dhéanann an UESB meastóireacht ar shubstaintí déanann siad aon mheastóireachtaí eolaíocha ábhartha a rinne comhlachtaí eile a bhreithniú. Tá an Coimisiún tar éis foclaíocht a thabhairt isteach sa togra leasaithe chun a shoiléiriú go bhféadfadh an UESB tuairimí atá ann cheana a bhreithniú mar chuid dá measúnú.

18. Lipéadú (Airteagail 10 go 13 agus Airteagal 22)

Lipéadú einsímí bia a dhíoltar ó ghnó go gnó nó don tomhaltóir deiridh

Tá sé d'aidhm ag Leasuithe 21-27 cur i láthair agus simpliú na bhforálacha lipéadaithe maidir le heinsímí bia a dhíoltar ó ghnó go gnó nó don tomhaltóir deiridh a áirithiú. Tá an Coimisiún tar éis glacadh le príomhsmaointe na leasuithe seo ach rinne siad athdhréachtú ar an téacs chun leasuithe cosúil leo ón gComhairle a thabhairt i gcuntas agus chun comhchuibheas le tograí eile an phacáiste oibreán feabhsaithe bia a áirithiú.

Mar sin féin, níl foráil Leasú 21 lena n-éilítear faisnéis ar "sheachthorthaí á n-úsáid i gcainníochtaí iomarcacha" ábhartha, mar go ndéanfaidh an UESB einsímí bia a mheas i dtaca lena sábháilteacht agus thógfaí aon seachthorthaí san áireamh agus an einsím bia á húdarú, más gá, le coinníollacha iomchuí le haghaidh úsáide ar ceart do na hoibreoirí go léir a urramú. Dá bhrí sin níl an fhoráil seo inghlactha.

Sa bhreis air sin, ceanglaíonn Leasú 21 nach ceart einsímí a chur le bianna ach amháin i ndáileog a bhfuil fíorghá léi chun an cuspóir lena n-úsáidtear iad a chur i gcrích. Seo prionsabal an quantum satis atá i gcomhréir le togra an Choimisiúin. Tionscnaíodh é dá bhrí sin sa togra leasaithe, faoi réir athdhréachtú agus faoi Airteagal 7 a bhaineann le hinneachar liosta einsímí bia an Comhphobail.

Maidir le lipéadú einsímí bia a bheartaítear a dhíol don tomhaltóir deiridh, meastar gur bia iad agus ní mór dóibh cloí le forálacha lipéadaithe ábhartha Threoir 2000/13/CE maidir le lipéadú, cur i láthair agus fógraíocht earraí bia. Dá bhrí sin, rinneadh tuilleadh simplithe ar Airteagal 12 chun nach ndéanfaí forálacha Threoir 2000/13/CE a lua arís.

Le Leasú 37 ceanglaítear lipéadú feidhme teicneolaíche einsímí bia a dhíoltar go díreach leis an tomhaltóir deiridh. Foráiltear cheana i dTreoir 2000/13/CE go n-áireofar treoracha maidir le húsáid ar lipéad bia, lena n-áirítear einsím bia. Beidh an fhaisnéis seo níos úsáidí don tomhaltóir ná cur síos teicniúil ar fheidhm einsíme a d'fhéadfadh bheith ina ábhar mearbhaill agus míthuisceana. Dá bhrí sin, ní ghlactar leis an leasú seo.

Lipéadú einsímí bia i mbia

Úsáidtear an chuid is mó de na heinsímí bia mar áiseanna próiseála i dtáirgeadh bia agus tá siad i láthair i mbia i bhfoirm iarmhair, más ann dóibh, agus níl aon fheidhm teicneolaíoch acu ar an táirge críochnaithe. Ag tabhairt san áireamh go ndéanfar na heinsímí bia go léir a mheasúnú i dtaca lena sábháilteacht, rinne togra ón gCoimisiún foráil do eisiamh ó lipéadú einsímí bia a úsáidtear mar áiseanna próiseála. Do dhéanfaí einsímí bia a úsáidtear chun feidhm theicneolaíoch a chur i gcrích sa bhia críochnaitheach a lipéadú lena bhfeidhm (m.s. cobhsaitheoir etc.) agus a n-ainm sonrach.

Le Leasú 32 tionscnaítear lipéadú na n-einsímí bia atá i láthair sa bhia críochnaitheach, gan spleáchas do leibhéal na n-iarmhar agus cibé an leanann siad ag feidhmiú nó nach leanann. Ba chóir don lipéadú a léiriú chomh maith cibé an bhfuil na heinsímí gníomhach fós sa táirge críochnaitheach nó nach bhfuil.

Ceanglaíonn Leasú 37 go gcuirtear faisnéis maidir leis na heinsímí bia go léir a úsáidtear sa phróiseas táirgeachta ar fáil do na tomhaltóirí, agus mura mbíonn sí ar lipéad go mbeadh sí ar fáil trí bealaí faisnéise eile ar a laghad. Níl an dá Leasú comhoiriúnach le Treoir 2001/13/CE lena n-eisítear áiseanna próiseála ó lipéadú, i.e. substaintí nach bhfuil i láthair sa táirge críochnaitheach ach amháin mar iarmhair dhosheachanta go teicniúil agus nach bhfuil aon éifeacht theicneolaíoch acu ar an táirge críochnaithe. Dá bhrí sin bheadh lipéadú einsímí bia a úsáidtear mar áiseanna próiseála díréireach. Sa bhreis air sin d'fhéadfadh lipéadú einsímí bia mar 'gníomhach' nó 'éigníomhach' faisnéis mhíthreorach a thabhairt don tomhaltóir maidir le cad is brí le 'gníomhach' nó 'éigníomhach', m.s. d'fhéadfaí é a mheascadh le héifeacht cothaitheach.

Maidir le lipeadú GMOanna, déanann Airteagal 12 de Rialachán 1829/2003 foráil cheana do lipéadú bia, lena n-áirítear einsímí bia, arna dtáirgeadh ó GMOanna. Dá bhrí sin tá sé iomarcach iad a áireamh anseo.

Dá bhrí sin, ní ghlacann an Coimisiún le Leasuithe 32 agus 37.

19. Bearta idirthréimhseacha (Airteagal 18)

Tionscnaíonn Leasú 36 bearta idirthréimhseacha maidir le einsímí bia, ullmhóidí einsíme bia agus bia ina bhfuil einsímí bia a cuireadh ar an margadh nó a ndearnadh lipéadú orthu roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin bheartaithe. Tá a leithéid d'fhoráil iomchuí agus d'fhormhuinigh an Coimisiún an togra leasaithe.

20. Athruithe sa phróiseas táirgthe nó sna hábhair tosaigh in einsím bia (Airteagal 8)

Áirítear sa togra leasaithe ón gCoimisiún Airteagal 8 nua lena dtionscnaítear ceanglais maidir le heinsímí bia a áirítear cheana ar liosta an Chomhphobail a ullmhaítear le modhanna táirgthe nó le hábhair tosaigh atá difriúil go maith ó na cinn a áirítear i measúnú riosca an Údaráis. Léiríonn an tAirteagal seo an prionsabal in aithris (12) i dtogra ón gCoimisiún agus tá sé comhsheasmhach leis an togra maidir le breiseáin bia, áit ar tionscnaíodh an téacs céanna chun aghaidh a thabhairt ar leasú maidir le substaintí 'nano'.

21. De bhun Airteagal 250(2) de Chonradh an CE, leasaíonn an Coimisiún a thogra de réir mar a leagtar amach thuas.

2006/0144 (COD)

Togra leasaithe le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le heinsímí bia agus lena leasaítear Treoir 83/417/CEE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999 ón gComhairle, Treoir 2000/13/CE, Treoir 2001/112/CE ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs is ábhartha leis LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobal Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 37 agus Airteagal 95 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún [1],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa [2],

Ag gníomhú de réir an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 251 den Chonradh,

De bharr an méid seo a leanas:

(1) Is gné riachtanach den mhargadh inmheánach é saorghluaiseacht bia atá sábháilte agus a bhfuil maitheas ann agus cuireann sé go mór le sláinte agus le folláine saoránach agus lena leasanna sóisialta agus eacnamaíocha.

(2) Ba cheart go n-áiritheofaí leibhéal ard cosanta do bheatha agus do shláinte an duine nuair a bhíonn beartais an Chomhphobail á saothrú.

(3) Ní rialaítear einsímí seachas na heinsímí a úsáidtear mar bhreiseáin bia, nó má rialaítear, is mar áiseanna próiseála a rialaítear iad, faoi reachtaíocht na mBallstát. D'fhéadfadh go gcuirfeadh Cuireann difríochtaí idir dhlíthe náisiúnta, idir rialacháin náisiúnta agus idir fhorálacha riaracháin náisiúnta maidir le measúnú agus údarú einsímí bia bac ar shaorghluaiseacht eisímí, rud a bhainfeadh fód don iomaíocht éagothrom agus don iomaíocht éagórach. Is gá, dá réir sin, rialacha Comhphobail a ghlacadh lena ndéanfaí comhchuibhiú ar na forálacha náisiúnta a bhaineann le húsáid einsímí i mbianna.

(4) Níor cheart don Rialachán a chumhdach ach einsímí a chuirtear le bia d'fhonn feidhm theicneolaíoch a fheidhmiú i monarú, i bpróiseáil, in ullmhú, i gcóireáil, i bpacáistiú, in iompar agus i stóráil an bhia sin, lena n-áirítear einsímí a úsáidtear mar áiseanna próiseála ("einsímí bia"). Mar sin, ní cheart go mbeadh réim ag raon feidhme an Rialacháin seo maidir le heinsímí nach gcuirtear le bia d'fhonn feidhm theicneolaíoch a chur i gcrích ach a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine, amhail einsímí chun críocha cothaitheacha nó díleácha. Níor chóir go measfaí gurb einsímí bia iad na saothráin mhiocróbacha a úsáidtear go traidisiúnta chun bia amhail cáis agus fíon a tháirgeadh agus a bhféadfadh einsímí a bheith iontu, ach nach go sonrach le haghaidh einsimí a tháirgeadh a úsáidtear iad.

(5) Ba chóir einsímí bia a úsáidtear go heisiach i dtáirgeadh breiseán bia a thagann faoi raon feidhme Rialachán [...] maidir le breiseáin bia, blastáin a thagann faoi raon feidhme Rialachán [...] maidir le blastáin [...] agus bianna núíosacha a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 258/97/ ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Eanáir 1997 maidir le bianna núíosacha agus comhábhair bia núíosach [3] a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo, ós rud é go bhfuil measúnú agus rialú déanta cheana i dtaca leis an bianna seo. Ach nuair a úsáidtear na heinsímí bia seo mar einsímí i mbia, cumhdóidh an Rialachán seo iad.

(6) Níor chóir einsímí bia a fhormheas ná a úsáid ach má chomhlíonann siad na critéir a leagtar síos sa Rialachán seo. Ba chóir go mbeadh einsímí bia sábháilte nuair a úsáidtear iad, ba chóir go mbeadh gá teicneolaíoch ann lena n-úsáid agus níor chóir go gcuirfeadh a n-úsáid amú an tomhaltóir. Áirítear leis an tomhaltóir a chur amú saincheisteanna a bhaineann le cineál, le húire, agus le cáilíocht na gcomhábhar a úsáidtear, le nádúrthacht táirge nó le nádúrthacht an phróisis táirgthe, nó le cáilíocht cothúcháin an táirge, ach ní gá gurb iad sin amháin a bheadh i gceist leis.

(7) Ceadaítear roinnt einsímí bia d'úsáidí sonracha, mar shampla, i súnna torthaí agus i dtáirgí áirithe den tsamhail sin agus i lachtphróitéiní áirithe a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine agus le húsáid i gcleachtais agus i bpróiseas údaraithe áirithe fíoneolaíochta. Ba chóir na heinsímí bia seo a úsáid i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na forálacha sonracha a leagtar síos sa reachtaíocht ábhartha Chomhphobail. Ba chóir go leasófaí, dá réir sin, Treoir 2001/112/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2001 maidir le súnna torthaí agus maidir le táirgí áirithe den tsamhail sin a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine [4], Treoir 83/417/CEE ón gComhairle an 25 Iúil 1983 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát maidir le lachtphróitéiní áirithe (cáiséiní agus cáiséineáití) a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine [5] agus Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999 ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le comheagrú mhargadh an fhíona [6]. Ós rud é gur chóir go gcumhdódh an Rialachán seo na heinsímí bia uile, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 258/1997 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Eanáir 1997 maidir le bianna núíosacha agus comhábhair núíosacha bia [7] a leasú dá réir.

(8) Einsímí a gceadaítear a n-úsáid laistigh den Chomhphobal, ba chóir go gcuirfí ar liosta Comhphobail iad a thabharfadh tuairisc shoiléir orthu, a shonródh aon choinníollacha a rialaíonn a n-úsáid, agus go bhforlíontar é le sonraíochtaí, go háirithe maidir lena n-ionad tionscnaimh agus critéir ghlaine. Nuair atá a tháirgtear an einsím bia déanta as nó go bhfuil ó organach géinmhodhnaithe ("GMO") ann laistigh de bhrí Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le inrianaitheacht agus lipéadú orgánach géinmhodhnaithe agus maidir le inrianaitheacht agus lipéadú táirgí bia agus beathaithe ó orgánaigh géinmhodhnaithe agus lena leasaítear Treoir 2001/18/CE [8], ba chóir an t-aitheantóir uathúil a shanntar don GMO faoin i gcomhréir leis an Rialachán sin a áireamh sna sonraíochtaí.

(9) Ag féachaint don chomhchuibhiú, ba chóir gur i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. [...] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [...] lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann um údarú do bhreiseáin bia, d'einsímí bia agus do bhlastáin bia [9] a dhéanfaí measúnú riosca ar einsímí bia agus a chuirfí ar an liosta Comhphobail iad.

(10) Faoi Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta an dlí bia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar amach nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia [10] ní mór dul i gcomhairle leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia ("an tÚdarás") maidir le hábhair ar dóigh go mbeadh tionchar acu ar shláinte an phobail.

(11) Einsím bia a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le bia agus beatha [11] atá géinmhodhnaithe, ba chóir go mbeadh sí údaraithe i gcomhréir leis an Rialachán sin roimh a fhormheas faoin rialachán seo faoi réir an nós imeachta um údarú faoin Rialachán sin maidir le measúnú sábháilteachta ar an modhnú géiniteach, ach ba chóir gur faoin Rialachán seo a dheonófaí údarú críochnaitheach na heinsíme bia.

(12) Einsím bia atá ar an liosta Comhphobail cheana féin faoin Rialachán seo, agus a tháirgtear le modhanna táirgthe nó le hábhair tosaigh a bhfuil difríocht shuntasach eatarthu agus na modhanna a chuimsítear i measúnú riosca an Údaráis, nó nach ionann agus na heinsimí bia a chumhdaíonn an t-údarú agus sonraíochtaí an Rialacháin seo, ba chóir iad a chur faoi bhráid an Údaráis d'fhonn go ndéanfaí meastóireacht orthu agus béim ar na sonraíochtaí. D'fhéadfadh go gciallódh modhanna táirgthe nó ábhair tosaigh a bhfuil difríocht shuntasach eatarthu athrú sa mhodh táirgthe ón eastóscadh ó phlandaí go dtí táirgeadh trí choipeadh ag baint úsáid as microrganach nó modhnú géiniteach an mhicrorgánaigh bhunaidh.

(13) Ós rud é go bhfuil go leor einsímí bia ar mhargadh an Chomhphobail cheana féin, ba chóir go bhforálfaí go n-áiritheofaí go ndéanfaí an t-athrú chuig liosta Comhphobail d'einsímí bia ar bhealach rianúil agus nach gcuirfí isteach ar an margadh einsímí bia atá anois ann. Ba chóir an oiread ama a thabhairt d'iarratasóirí agus a cheadódh dóibh an fhaisnéis is gá a chur ar fáil chun mheasúnú riosca a dhéanamh ar na táirgí seo. Ba chóir, mar sin, tréimhse tosaigh dhá bhliain a cheadú tar éis dháta chur i bhfeidhm na mbeart cur chun feidhme a leagfar síos i gcomhréir le hAirteagal 9(1) de Rialachán (CE) Uimh. [...] [lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann um údarú ar na breiseáin bia, ar na heinsímí bia agus ar na blastáin bia], d'fhonn an oiread ama a thabhairt d'iarratasóirí agus a theastóidh uathu chun an fhaisnéis a sholáthar faoi na einsímí bia atá ann cheana féin agus a fhéadfar a áireamh ar an liosta Comhphobail a dhréachtófar faoin Rialachán seo. Ba chóir freisin go bhféadfaí iarratais a chur isteach ar údarú einsímí nua le linn na tréimhse tosaigh dhá bhliain. Ba chóir go ndéanfadh an tÚdarás meastóireacht gan mhoill ar gach iarratas i ndáil le heinsímí ar cuireadh faisnéis leordhóthanach ar fáil fúthú le linn na tréimhse sin. I gcás einsímí atá curtha ar mhargadh an Chomhphobail cheana agus a ndearna comhlacht inniúl Comhphobail nó náisiúnta measúnú sábháilteachta leordhóthanach orthu, féadfaidh an tÚdarás an measúnú sábháilteachta seo a thabhairt i gcuntas.

(14) Le go dtabharfar cothrom na féinne do na hiarratasóirí ar fad, ba chóir an liosta Comhphobail a dhréachtú in aon chéim amháin. Ba chóir an liosta sin a bhunú tar éis don mheasúnú riosca ar na heinsímí bia uile ar cuireadh isteach faisnéis leordhóthanach fúthu le linn na tréimhse tosaigh dhá bhliain a bheith críochnaithe. Ba chóir áfach, tuairmí an Údaráis a fhoilsiú chomh luath agus is féidir tar éis don mheasúnú eolaíoch a bheith críochnaithe.

(15) Meastar go gcuirfear isteach líon suntasach iarratas le linn na tréimhse tosaigh dhá bhliain. D'fhéadfadh sé, dá bhrí sin, go dteastódh tréimhse fhada sula gcríochnófaí an measúnú riosca orthu seo agus sula dtarraingeofaí aníos an liosta Comhphobail. Chun rochtain chomhionann ar an margadh d'einsímí bia nua a áirithiú tar éis na tréimhse tosaigh dhá bhliain, ba chóir foráil a dhéanamh d'idirthréimhse ina bhféadfaí einsímí bia agus bia ina mbaintear úsáid as einsímí bia a chur ar an margadh agus a úsáid lena linn, i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta atá ann sna Ballstáit, go dtí go ndréachtófaí an liosta Comhphobail.

(16) Ba chóir na heinsímí bia E 1103 Inbhéartáis agus E 1105 Líosóisím, atá údaraithe mar bhreiseáin bia faoi Threoir 95/2/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Feabhra 1995 maidir le breiseáin bia amach ó dhathanna agus ó mhilsitheoirí [12], agus na coinníollacha a rialaíonn a n-úsáid a thabhairt anonn ó Threoir 95/2/EC go liosta an Chomhphobail nuair a dhréachtófar é leis an Rialachán seo. Sa bhreis ar sin, údaraíonn Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999 ón gComhairle úsáid úiréáise, béite-glúcanáise and líosóisíme i bhfíon faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh.1622/2000 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2000 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe áirithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999 maidir le comheagraíocht an fhíonmhargaidh agus lena mbunaítear cód Comhphobail um chleachtais agus próisis fíoneolaíochta [13]. Is einsímí bia iad na substaintí sin agus ba chóir go dtiocfaidh siad faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Ba chóir dá bhrí sin iad a chur le liosta an Chomhphobail nuair a dhréachtófar é maidir lena n-úsáid i bhfíon i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999 agus Rialachán (CE) Uimh. 1622/2000.

(17) Leanann einsímí bia de bheith faoi réir na n-oibleagáidí ginearálta maidir le lipéadú dá bhforáiltear i Rialachán 2000/13/EC agus, de réir mar a bheidh, i Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 agus i Rialachán 1830/2003 mar atá infheidhme. Ina theannta sin, ba chóir forálacha sonracha maidir le lipéadú a leagan síos sa Rialachán seo d'einsímí bia a dhíoltar mar einsímí bia leis an monaróir nó leis an tomhaltóir.

(18) Tagann einsímí bia faoin sainmhíniú a dhéantar ar bhia i Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus dá réir sin, nuair a úsáidtear i mbia iad, ceanglaítear iad a shonrú mar chomhábhair ar lipéid bia i gcomhréir le Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Márta 2000 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát maidir le lipéadú, cur i láthair agus fógraíocht ar earraí bia [14]. Ba chóir einsímí bia a ainmniú de réir a bhfeidhme teicneolaí i mbia, agus ainm sonrach na heinsíme bia ina dhiaidh sin. Ba chóir go bhforálfaí, áfach, do mhaolú ar na forálacha maidir le lipéadú i gcásanna nach mbeidh aon fheidhm theicneolaíoch ag an einsím bia sa táirge deiridh agus nach ann ach mar gur mar iarmhairt ar cheann amháin nó níos mó de chomhábhair an earra bia atá sí ann nó i gcás ina n-úsáidtear mar áis próiseála í. Ba chóir Treoir 2000/13/CE a leasú dá réir.

(19) Ba chóir go ndéanfaí monatóireacht leanúnach ar einsímí bia agus go ndéanfaí athmheastóireacht aon uair is gá i bhfianaise na gcoinníollacha athraitheacha a rialaíonn a n-úsáid agus i bhfianaise faisnéise eolaíche nua.

(20) Ba chóir na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999, ina leagtar amach na nósanna imeachta chun na cumhachtaí cur chun feidhme a bronnadh ar an gCoimisiún a fheidhmiú [15].

(21) Ba cheart, go háirithe, an chumhacht a bhronnadh ar an gCoimisiún bearta idirthréimhseacha iomchuí a ghlacadh. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh míreanna neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú a ceapadh iad, agus/nó lena fhorlíonadh trí mhíreanna neamhriachtanacha nua a chur leis, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

(22) Chun an reachtaíocht Chomhphobail maidir le heinsímí bia a fhorbairt agus a thabhairt cothrom le dáta ar bhealach comhréireach agus éifeachtach, is gá sonraí a bhailiú, faisnéis a roinnt agus obair a chomhordú idir na Ballstáit. Chuige sin, d'fhéadfadh sé gur mhaith an rud staidéar a dhéanamh ar shaincheisteanna ar leith d'fhonn an próiseas cinnteoireachta a éascú. Is iomchuí don Chomhphobal an staidéar sin a mhaoiniú mar chuid dá nós imeachta buiséadach. Tagann maoiniú beart den sórt sin faoi Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le feidhmiú rialuithe oifigiúla chun comhlíonadh dlí beatha agus bia, rialacha sláinte ainmhithe agus leasa ainmhithe [16] a áirithiú agus dá réir sin is é Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 a bheidh mar bhunús dlí do mhaoiniú na mbeart thuasluaite.

(23) Cuirfidh na Ballstáit rialuithe oifigiúla i gcrích d'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 882/2004.

(24) Ós rud é nach féidir cuspóir na gníomhaíochta atá le glacadh, eadhon, rialacha Comhphobail a leagan síos maidir le heinsímí bia, a bhaint amach go leordhóthanach ar leibhéal na mBallstát agus dá bhrí sin, ar mhaithe le haontacht an mhargaidh agus ar mhaithe leis an ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí, gur fearr is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh é. De réir phrionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha amach san Airteagal seo, ní dhéanann an Rialachán seo níos mó ná an méid atá riachtanach leis na cuspóirí sin a bhaint amach.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH

Caibidil I

Ábhar, raon feidhme agus sainmhínithe

Airteagal 1

Ábhar

Leagann an Rialachán seo amach rialacha maidir le heinsímí bia a úsáidtear i mbia, lena n-áirítear einsímí cosúil leo siúd a úsáidtear mar áiseanna próiseála, chun feidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh agus ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus cosanta tomhaltóra a áirithiú.

Chun na gcríoch sin, forálann an Rialachán seo do:

(a) liosta Comhphobail d'einsímí bia a formheasadh;

(b) coinníollacha úsáide einsímí bia i mbianna;

(c) rialacha maidir le lipéadú ar einsímí bia atá á ndíol mar einsímí bia.

Airteagal 2

Raon feidhme

1. Beidh feidhm ag an Rialachán maidir le heinsímí bia.

2. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le heinsímí bia a úsáidtear go heisiach i dtáirgeadh:

(a) breiseáin bia a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. ... [maidir le breiseáin bia];

(b) blastáin a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. ...[maidir le blastáin];

(c) Bianna núíosacha a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 258/97.

3. Beidh feidhm ag an Rialachán seo gan dochar d'aon rialacha sonracha Comhphobail maidir le húsáid einsímí bia:

(a) i mbianna sonracha;

(b) chun críocha seachas na críocha a chumhdaíonn an Rialachán seo.

4. Ní beidh feidhm ag an Rialachán maidir le:

(a) saothráin mhiocróbacha a úsáidtear go traidisiúnta chun bia a tháirgeadh agus a d'fhéadfadh einsímí a bheith ann a tháirgeadh go teagmhasach ach nach go sonrach le haghaidh einsimí a tháirgeadh a úsáidtear iad.

(b) Einsímí bia atá le caitheamh ag an duine, cosúil le heinsímí chun críocha cothaitheacha nó einsímí a úsáidtear mar áiseanna díleácha.

5. Nuair is gá, féadfar a chinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 1516(2) cibé an dtagann substaint faoi raon feidhme an Rialacháin seo nó nach dtagann.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, i Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 agus i Rialachán (CE) Uimh. [...] [Rialachán maidir le breiseáin bia].

Beidh feidhm ag na sainmhínithe a leanas freisin:

1. ciallaíonn 'einsím' aon phróitéin de bhunadh glasra, ainmhí nó micróbach, ar féidir léi imoibriú bithcheimiceach ar leith a chatalú, gan a struchtúr féin a athrú sa phróiseas, lena n-áirítear "pró-einsímí", i.e. comhdhúile atá éigníomach nó réamhtheachtaithe einsímí atá beagnach éigníomhach agus ar féidir iad a thiontú go heinsímí gníomhacha má chuirtear iad faoi athrú catalach ar leith.

2. ciallaíonn "einsím bia" táirge a fhaightear trí eastóscadh ó phlandaí, nó ó ainmhithe nó ó mhiocrorgánaigh nó ó tháirgí miocrorgánach, lena n-áirítear táirge a fhaightear trí phróiseas coipthe ina n-úsáidtear miocrorgánaigh:

(a) ina bhfuil einsím amháin nó níos mó ná sin atá in ann imoibriú sonrach bithcheimiceach a chatalú; agus

(b) a chuirtear le bia ar mhaithe le feidhm theicneolaíoch a chur i gcrích agus bianna á monarú, á bpróiseáil, á n-ullmhú, á gcóireáil, á bpacáistiú, á n-iompar nó á stóráil.

3. ciallaíonn "ullmhóid einsímí bia" foirmliú arb éard atá ann ceann ámháin nó níos mó d'einsímí bia ina gcorpraítear substaintí amhail breiseáin bia agus/nó comhábhair eile bia d'fhonn a stóráil, a ndíol, a gcaighdeánú, a gcaolú nó a dtuaslagadh a éascú.

Caibidil II

Liosta Comhphobail d'einsímí bia a formheasadh

Airteagal 4

Liosta Comhphobail d'einsímí bia

Ní fhéadfar ach na heinsímí bia sin atá ar an liosta Comhphobail a chur ar an margadh mar einsímí bia nó a úsáid i mbia, i gcomhlíonadh na sonraíochtaí agus na gcoinníollacha úsáide dá bhforáiltear in Airteagal 67(2).

Airteagal 5

Cosc ar einsímí bia neamhchomhlíontacha agus/nó ar earraí bia neamhchomhlíontacha

Ní chuirfear einsím bia nó bia inar úsáideadh an einsím bia sin ar an margadh mura gcomhlíonfaidh an einsím nó úsáid na heinsíme bia sin an Rialachán seo agus a bhearta cur chun feidhme.

Airteagal5 6

Coinníollacha ginearálta maidir le heinsímí bia a chur ar an liosta Comhphobail agus maidir lena n-úsáid

Ní fhéadfar einsím bia a chur ar an liosta Comhphobail mura gcomhlíonfaidh sí na coinníollacha seo a leanas:

(a) nach údar imní í, ar bhonn na fianaise eolaíche atá ar fáil, ó thaobh shláinte na dtomhaltóirí de, ar an leibhéal a bheartaítear í a úsáid;

(b) go bhfuil gá teicneolaíoch réasúnta ann léi;

(c) nach gcuireann a húsáid amú na tomhaltóirí.

Airteagal6 7

Inneachar an liosta Comhphobail d'einsímí bia

1. Féadfar einsím bia a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 5 6 a chur ar an liosta Comhphobail, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. [...] [lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann um údarú do bhreiseáin bia, d'einsímí bia agus do bhlastáin bia].

2. Agus einsím bia á cur ar an liosta, sonrófar an méid seo a leanas:

(a) an t-ainm tuairisc ar an einsím bia, lena n-áirítear a hainm choiteann nó molta, ainm corasúil agus comhchiallaigh, más féidir de réir ainmníocht an Aontais Idirnáisiúnta um Bitheolaíocht Bhithcheimiceach agus Mhóilíneach agus, i gcás einsímí bia coimpléascacha, arna roghnú ar bhonn na gníomhaíochta einsíme a chinntíonn feidhm na heinsíme;

(b) sonraíochtaí na heinsíme bia, lena n-áirítear a tionscnamh, a critéir íonachta agus aon fhaisnéis eile atá riachtanach; Nuair a thagann tháirgtear an einsím bia ó orgánach géinmhodhnaithe ("GMO") laistigh de bhrí laistigh de raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003, áireofar tagairt don aitheantóir uathúil a shanntar don orgánach géinmhodhnaithe de bhun an Rialacháin sin sna sonraíochtaí.

(c) más gá, na bianna ar féidir an einsím bia a chur leo;

(d) más gá, na coinníollacha faoinar féidir an einsím bia a úsáid; nuair is iomchuí, ní shocrófar aon uasleibhéal le haghaidh einsíme bia. Sa chás sin, úsáidfear an einsím i gcomhréir le prionsabal an quantum satis.

(e) más iomchuí, an bhfuil aon srianta ar an einsím bia a dhíol go díreach leis na tomhaltóirí;

(f) i gcás inar gá, ceanglais shonracha maidir le lipéadú ar bhia inar úsáideadh na heinsímí bia, d'fhonn a áirithiú go gcuirfí an tomhaltóir deiridh ar an eolas faoi riocht fisiciúil an bhia nó faoin gcóireáil shonrach a rinneadh air.

3. Leasófar an liosta Comhphobail i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. [...] lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann um údarú do bhreiseáin bia, d'einsímí bia agus do bhlastáin bia.

Airteagal 8

Athruithe sa phróiseas táirgeachta nó sna hábhair tosaigh in einsím bia a áirítear cheana i liosta Comhphobail

Nuair atá, maidir le heinsím bia a áirítear cheana i liosta Comhphobail, athrú suntasach sna modhanna táirgeachta nó sna hábhair tosaigh, measfar an einsím bia a ullmhaítear de réir na modhanna nó na hábhair nua seo a bheith ina heinsím dhifriúil agus ina hiontráil nua i liostaí an Chomhphobail nó éileofar athrú sna sonraíochtaí sular féidir í a chur ar an margadh.

Airteagal7 9

Einsímí bia a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 Éinsímí géinmhodhnaithe a áireamh i liosta an Chomhphobail

Ní fhéadfar einsím bia a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 a chur ar an liosta Comhphobail i gcomhréir leis an Rialachán seo ach amháin nuair a chumhdaítear faoi údarú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 í.tar éis di a bheith údaraithe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 7 den Rialachán sin.

Caibidil III

Lipéadú

Section 1

Lipéadú ar einsímí bia agus ar ullmhóidí einsímí bia nach lena ndíol leis an tomhaltóir deiridh a ceapadh iad

Airteagal8 10

Lipéadú ar einsímí bia agus ar ullmhóidí einsímí bia nach lena ndíol leis an tomhaltóir deiridh a ceapadh iad

1. Einsímí bia agus ullmhóidí einsímí bia nach lena ndíol leis an tomhaltóir deiridh a ceapadh iad, bídís á ndíol ina gceann agus ina gceann nó measctha lena chéile agus/nó le comhábhair eile bia mar a shainmhínítear in Airteagal 6(4) de Threoir 2000/13/CE, ní féidir iad a chur ar an margadh ach amháin má tá an fhaisnéis ar an bpacáistiú nó ar na coimeádáin má chomhlíonfaidh siad an lipéadú dá bhforáiltear in Airteagal 9 go 12 11 den Rialachán seo, nach mór dó a bheith sofheicthe, soléite agus doscriosta. Beidh an fhaisnéis dá bhforáiltear in Airteagal 11 i dteanga is furasta do cheannaitheoirí a thuiscint.

2. Laistigh dá gcríoch féin, is féidir le Ballstáit ina bhfuil an t-earra á chur ar an margadh, a ordú, i gcomhréir le rialacha an Chonartha, go dtabharfar an fhaisnéis sin i ceann amháin nó i níos mó de theangacha oifigiúla an Chomhphobail, a chinnfidh an Ballstát sin. Ní choiscfidh sé sin an fhaisnéis sin a bheith á tabhairt le fios i líon teangacha.

Arteagal 911

Ceanglais ghinearálta maidir le lipéadú d'einsímí bia agus d'ullmhóidí einsímí bia nach lena ndíol leis an tomhaltóir deiridh a ceapadh iad

Ceanglais faisnéise maidir le heinsímí bia a aithint

1. I gcás ina ndíolfar einsímí bia agus ullmhóidí einsímí bia nach lena ndíol leis an tomhaltóir deiridh a ceapadh iad, ina gceann agus ina gceann nó measctha lena chéile agus/nó le comhábhair eile bia, beidh an fhaisnéis a leanas ar a bpacáistiú nó ar a gcoimeádáin i leith gach einsíme bia:

(a) An t-ainm a leagtar síos sa faoin Rialachán seo i leith gach einsíme bia, agus tuairisc de réir ainmníocht an Aontais Idirnáisiúnta um Bitheolaíocht Bhithcheimceach agus Mhóilíneach; Nó, cheal ainm, tuairisc ar an einsím bia atá cruinn go leor chun go n-idirdhealóidh sí ó tháirgí í a bhféadfaí í a thógáil ina n-ainriocht.

(b) an ráiteas "le húsáid i mbia" nó an ráiteas "úsáid shrianta i mbia" nó tagairt níos sainiúla don úsáid a bheartaítear di i mbia;

(c) na coinníollacha speisialta stórála agus/nó úsáide, más gá;

(d) marc a shainaithníonn an bhaisc nó an luchtóg;

(e) treoracha úsáide, dá mba rud é go gcuirfí cosc ar cheartúsáid na heinsíme bia toisc na treoracha a bheith fágtha ar lár;

(f) ainm nó ainm gnó agus seoladh an mhonaróra, an phacálaithe nó an díoltóra;

(g) nuair is infheidhme, sonrú maidir le líon uasta gach comhpháirte nó gach grúpa comhpháirteanna atá faoi réir srianta cainníochta i mbia agus/nó faisnéis iomchuí atá soiléir agus sothuigthe agus a chuirfidh ar chumas an cheannaitheora an Rialachán seo nó reachtaíocht Chomhphobail ábhartha eile a chomhlíonadh; i gcás ina mbainfidh an teorainn cainníochta chéanna le grúpa comhpháirteanna a úsáidtear ina gceann agus ina gceann nó i dteannta a chéile, féadfar an céatadán iomlán a thabhairt mar fhigiúr amháin; cuirfear an teorainn ar chainníocht in iúl trí uimhreacha nó trí phrionsabal an quantum satis;

(h) an chainníocht ghlan;

(i) gníomhaíocht na heinsíme bia nó na n-einsímí bia;

(j) an dáta íosmharthanachta;

(k) i gcás ina mbeidh sí ábhartha, faisnéis ar einsím bia nó ar shubstaintí eile dá dtagraítear san Airteagal seo [...] agus atá liostaithe in Iarscríbhinn IIIa a ghabhann le Treoir 2000/13/CE chun chur ar chumas an cheannaitheora cloí leis an Treoir.

2. I gcás ina ndíolfar einsímí bia agus/nó ullmhóidí einsímí bia measctha lena chéile agus/nó le comhábhair eile bia, beidh liosta de na comhábhair uile ar a bpacáistiú nó ar a gcoimeádáin, tabharfar an fhaisnéis go léir dá foráiltear i mír 1 i leith gach einsíme bia in ord íslitheach a gcéatadáin de réir mheáchan an iomláin.

3. Beidh liosta de na comhpháirteanna uile in ord íslitheach a gcéatadáin de réir mheáchan an iomláin ar phacáistí nó ar choimeádáin ullmhóidí einsíme bia.

4. De mhaolú ar mhír 1, ar mhír 2, agus ar mhír 3, an fhaisnéis a cheanglaítear a thabhairt i mír 1 pointí (e) go (g), (i), (k) agus i mír 2 agus i mír 3, d'fhéadfadh sé gur ar na doiciméid sin amháin a bhaineann leis an gcoinsíneacht a bheidís, a sholáthrófar leis an seachadadh nó roimhe, ar choinníoll go mbeidh an sonrú "le haghaidh monarú bia agus ná miondíolfar" le feiceáil in áit shofheicthe ar phacáistiú nó ar choimeádán an táirge a bheidh i gceist.

5. De mhaolú ar mhír 1, ar mhír 2, agus ar mhír 3 den Airteagal seo, i gcás ina soláthrófar einsímí i dtancaeir, féadfaidh an fhaisnéis uile a bheith ar na doiciméid sin amháin a ghabhann leis an gcoinsíneacht agus a sholáthrófar leis an seachadadh.

Airteagal 10

Ceanglais faisnéise nuair a ionchorpraítear substaintí, ábhair nó comhábhair bia eile in einsímí bia

Nuair a ionchorpraitear substaintí, ábhair nó comhábhair bia eile seachas einsímí bia in einsímí bia nach lena ndíol leis an tomhaltóir a ceapadh iad d'fhonn a stóráil, a ndíol, a gcaighdeánú, a gcaolú nó a dtuaslagadh a éascú, beidh an fhaisnéis dá bhforáiltear in Airteagal 9 agus sonrú maidir le gach comhpháirt in ord íslitheach a chéadatáin de réir mheachan an iomláin ar an bpacáistiú, coimeadáin nó doiciméid a ghabhann leo.

Airteagal 11

Ceanglas faisnéise nuair a mheasctar einsímí bia le comhábhair bia eile

Nuair a mheasctar einsímí bia nach lena ndíol leis an tomhaltóir deiridh a ceapadh iad le comhábhair bia eile, beidh liosta na gcomhpháirteanna go léir in ord íslitheach a gcéatadáin de réir mheachan a n-iomláin ar phacáistiú nó ar choimeádáin na n-einsímí bia.

Airteagal 12

Ceanglais faisnéis ghinearáltale haghaidh einsímí bia

1. Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar phacáistiú nó ar choimeádáin na n-einsímí bia nach lena ndíol leis an tomhaltóir deiridh a ceapadh iad:

(a) an ráiteas "le húsáid i mbia" nó an ráiteas "úsáid shrianta i mbia" nó tagairt níos sainiúla don úsáid a bheartaítear di i mbia;

(b) na coinníollacha speisialta stórála agus/nó úsáide, más gá;

(c) treoracha úsáide, dá mba rud é go gcuirfí cosc ar cheartúsáid na heinsíme bia toisc na treoracha a bheith fágtha ar lár;

(d) marc a shainaithníonn an bhaisc nó an luchtóg;

(e) ainm nó ainm gnó agus seoladh an mhonaróra, an phacálaithe nó an díoltóra;

(f) nuair atá comhpháirt den einsím bia faoi réir theorainn maidir le cainníocht i mbia, tuairisc ar chéatadán chomhpháirt na heinsíme bia nó faisnéis leordhóthanach ar chomhshuíomh einsíme bia chun a chur ar chumas an cheannaitheoira comhlíonadh na teorainne maidir le cainníocht i mbia a áirithiú; i gcás ina mbainfidh an teorainn cainníochta chéanna le grúpa comhpháirteanna a úsáidtear ina gceann agus ina gceann nó i dteannta a chéile, féadfar an céatadán iomlán a thabhairt mar fhigiúr amháin; cuirfear an teorainn ar chainníocht in iúl trí uimhreacha nó trí phrionsabal an quantum satis;

(g) an chainníocht ghlan;

(h) i gcás ina mbeidh sí ábhartha, faisnéis ar einsím bia nó ar shubstaintí eile dá dtagraítear in Airteagal 9, 10 agus 11den rialachán seo agus atá liostaithe in Iarscríbhinn IIIa a ghabhann le Treoir 2000/13/CE.

2. De mhaolú ar mhír 1, an fhaisnéis a cheanglaítear a thabhairt i bpointí (c) go (f) agus (h) sa mhír sin, d'fhéadfadh sé gur ar na doiciméid sin amháin a bhaineann leis an gcoinsíneacht a bheidís, a sholáthrófar leis an seachadadh nó roimhe, ar choinníoll go mbeidh an sonrú "le haghaidh monarú bia agus ná miondíolfar" le feiceáil in áit shofheicthe ar phacáistiú nó ar choimeádán an táirge a bheidh i gceist.

Roinn 2

Lipéadú ar einsímí bia lena ndíol leis an tomhaltóir deiridh a ceapadh iad

Airteagal13 12

Lipéadú ar einsímí bia agus ar ullmhóidí einsímí bia ar lena ndíol leis an tomhaltóir deiridh a ceapadh iad

1. Gan dochar do Threoir 2000/13/CE, do Threoir 89/396/CEE ná do Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, einsímí bia agus ullmhóidí einsímí bia a dhíoltar ina gceann agus ina gceann nó measctha lena chéile agus/nó le comhábhair eile bia agus ar lena ndíol leis an tomhaltóir deiridh a ceapadh iad, ní fhéadfar iad a chur ar an margadh mura mbeidh an fhaisnéis a leanas ar an bpacáistiú:

(a) an t-ainm a leagtar síos faoin Rialachán seo do gach einsím bia, nó tuairisc díolacháin ina luaitear ainm gach einsíme bia, nó cheal ainm, tuairisc ar an einsím bia atá a bheidh chomh cruinn agus go n-idirdhealóidh sí ó tháirgí í a bhféadfaí í a thógáil ina n-ainriocht faoina ndíoltar an einsím bia; Déanfar an t-ainm leis an t-ainm arna leagan síos ag aon cheann de fhorálacha an Chomhphobail a bhfuil feidhm aige maidir leis an einsím atá i gceist;;

(b) an ráiteas 'le haghaidh bia' nó 'úsáid srianta i mbia' nó tagairt níos sonraí don úsáid a bheartaítear di i mbia an fhaisnéis a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagail 9,10 agus 11 agus pointí (a) go (e) agus (g) agus (h) d'Airteagal 12(1).

2. Dá réir sin, don fhaisnéis dá bhforáiltear i mír (1), beidh feidhm ag Airteagal 13(2) de Threoir 2000/13/CE.

Roinn 3

Ceanglais eile maidir le lipéadú

Airteagal 14 13

Ceanglais eile maidir le lipéadú

Ní dochar Airteagal 8 10 go hAirteagal 12 13 do dhlíthe, do rialacháin, ná d'fhorálacha riaracháin níos mionsonraithe agus níos cuimsithí a bhaineann le meáchain agus le tomhais, nó a bhfuil feidhm acu maidir le cur i láthair, le haicmiú, le pacáistiú agus le lipéadú ar shubstaintí agus ar ullmhóidí contúirteacha, nó a bhfuil feidhm acu maidir le substaintí den sórt sin a iompar.

2. Beidh an fhaisnéis dá bhforáiltear in Airteagal 8 go 13 i dteanga is furasta do cheannaitheoirí a thuiscint.

Laistigh dá gcríoch féin, is féidir le Ballstáit ina bhfuil an t-earra á chur ar an margadh, a ordú, i gcomhréir le rialacha an Chonartha, go dtabharfar an fhaisnéis sin i ceann amháin nó i níos mó de theangacha oifigiúla an Chomhphobail, a chinnfidh an Ballstát sin.

Ní choiscfidh an chéad agus an dara fomhír den mhír seo a leithéid de fhaisnéis a léiriú i go leor teangacha.

Caibidil IV

Forálacha nós imeachta agus cur chun feidhme

Airteagal15 14

Oibleagáid maidir le faisnéis

1. Aon fhaisnéis eolaíoch nó aon fhaisnéis theicniúil nua a d'fhéadfadh difríocht a dhéanamh do mheasúnú ar shábháilteacht na heinsíme bia, cuirfidh táirgeoir nó úsáidire einsíme bia in iúl don Choimisiún láithreach í.

2. Ar iarratas ón gCoimisiún, cuirfidh táirgeoir nó úsáidire einsíme bia ar an eolas é maidir leis an úsáid atá á baint as an einsím bia.

Airteagal16 15

Coiste

1. Tabharfaidh an Buanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe (dá ngairfear "an Coiste" anseo feasta) cúnamh don Choimisiún.

2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 5 agus 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (3) agus (4), agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de. Glacfaidh an Coiste a Rialacha Nós Imeachta.

Airteagal17 16

Maoiniú Comhphobail ar bheartais chomhchuibhithe

Is é Airteagal 66(1)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 a bheidh mar bhunús dlí do mhaoiniú beart a eascróidh as an Rialachán seo.

CAIBIDIL V

Forálacha idirthréimhseacha agus críochnaitheacha

Airteagal18 17

An liosta Comhphobail d'einsímí bia a bhunú

1. Tarraingeofar suas an liosta Comhphobail d'einsímí bia ar bhonn iarratas a dhéanfar de bhun mhír 2.

2. Féadfaidh páirtithe leasmhara iarratais a chur isteach le go gcuirfear einsím bia ar an liosta Comhphobail.

Titfidh an spriocdháta d'iarratais den sórt sin 24 mhí tar éis dháta chur i bhfeidhm na mbeart feidhmiúcháin a leagfar síos i gcomhréir le hAirteagal 9(1) de Rialachán (CE) Uimh. [...] [lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann um údarú do bhreiseáin bia, d'einsímí bia agus do bhlastáin bia].

3. Bunóidh an Coimisiún Clár de na heinsímí bia uile a bheidh le breithniú lena n-áireamh ar an liosta Comhphobail agus ar tíolacadh iarratas ina leith a chomhlíonann na critéir bailíochta a leagfar síos i gcomhréir le hAirteagal 9(1) de Rialachán (CE) Uimh. [...] [lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann um údarú] i gcomhréir le mír 2 ("an Clár"). Cuirfear an Clár ar fáil don phobal.

Cuirfidh an Coimisiún na hiarratais faoi bhráid an Údaráis d'fhonn a thuairim a fháil.

4. Glacfaidh an Coimisiún an liosta Comhphobail i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. [...] [ lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann um údarú do bhreiseáin bia, d'einsímí bia agus do bhlastáin bia], a luaithe a eiseoidh an tÚdarás tuairim faoi gach einsím bia a airítear sa Chlár. I gcás na n-einsímí bia sin, féadfaidh an tÚdarás agus a thuairim á ullmú aige, nuair is ábhartha, measúnaithe eolaíocha arna nglacadh de láimh ag na heagraíochtaí inniúla náisiúnta sna Ballstáit a bhreithniú.

De mhaolú ar an nós imeachta sin, áfach:

(a) Ní bheidh feidhm ag Airteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. […] [lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann um údarú] maidir leis an nós imeachta trína nglacfaidh an tÚdaras a thuairim;

(b) glacfaidh an Coimisiún an liosta Comhphobail den chéad uair tar éis don Údarás a thuairim a thabhairt uaidh maidir leis na heinsímí bia uile atá liostaithe sa Chlár.

5. Más gá, aon bhearta idirthréimhseacha chun críocha an Airteagail seo a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, d'fhéadfadh go nglacfar i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 15(3)16 (2) iad.

Airteagal19 18

Bearta idirthréimhseacha le haghaidh einsímí bia áirithe atá folaithe cheana ag reachtaíocht an Chomhphobail

1. D'ainneoin Airteagal 6 7 agus Airteagal 18 17 den Rialachán seo, áireofar na heinsímí bia seo a leanas ar an liosta Comhphobail, nuair a dhréachtófar é:

(a) E 1103 Inbhéartáis agus E 1105 Lísisím, mar aon leis na coinníollacha a rialaíonn a n-úsáid mar a shonraítear in Iarscríbhinn I agus i gCuid C d'Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 95/2/CE iad;

(b) Úiréáis, béite-glúcanáis agus lísisím le húsáid i bhfíon i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999 agus le rialacha cur chun feidhme an Rialacháin sin.

2. Einsímí bia, ullmhóidí einsímí bia agus bia ina bhfuil einsímí bia nach gcomhlíonann forálacha Airteagal 10 go hAirteagal 13 agus ar cuireadh ar an margadh nó ar lipéadaíodh iad roimh [12 mhí tar éis dháta foilseacháin an Rialacháin seo], féadfar iad a chur ar an margadh go dtí a ndáta íosmharthanachta.

Airteagal20 19

Leasuithe ar Threoir 83/417/CEE

I dTreoir 83/417/CEE, in Iarscríbhinn I, Roinn III(d), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na n-eangach:

“– binid a chomhlíonfaidh ceanglais [an togra le haghaidh Rialacháin] Rialachán [.../...] maidir le heinsímí bia

– einsímí téachta bainne eile a chomhlíonfaidh ceanglais [an togra le haghaidh Rialacháin] Rialachán [.../...] maidir le heinsímí bia".

Airteagal 20

Leasú do Rialachán (CE) Uimh. 258/1997

Cuirtear an pointe (d) seo a leanas le hAirteagal 2(1) de Rialachán (CE) Uimh. 258/1997:

– "(d) einsímí bia a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. ... [maidir le heinsímí bia]".

Airteagal 21

Leasú do Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999

Cuirtear an mhír 3 seo a leanas le hAirteagal 43 de Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999:

“3. Einsímí agus ullmhóidí einsímeacha a úsáidtear sna cleachtais agus sna próisis fíoneolaíochta atá údaraithe agus a liostaítear in Iarscríbhinn IV, comhlíonfaidh siad ceanglais [an togra le haghaidh Rialacháin] Rialachán [.../...] maidir le heinsímí bia.".

Airteagal 22

Leasuithe ar Threoir 2000/13/CE

Leasaítear mar a leanas Treoir 2000/13/CE:

1. Leasaítear mar seo a leanas Airteagal 6(4):

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a) Ciallóidh "comhábhar" aon substaint, lena n-áirítear breiseáin agus einsímí, a úsáidtear i monarú nó in ullmhú earra bia agus atá fós ann san earra críochnaithe, más i bhfoirm athraithe féin é.";

(b) I bpointe (c)(ii), cuirtear "breiseáin agus einsímí" in ionad an fhocail "breiseáin";

2. Cuirtear an eanga a leanas le hAirteagal 6(6):

“− einsímí seachas na heinsímí dá dtagraítear in mír 4(c)(ii), ní mór iad a shainiú le hainm ceann de na catagóirí comhábhar atá liostaithe in Iarscríbhinn II, agus a n-ainm sonrach ina dhiaidh sin,";

Airteagal 23

Leasuithe ar Threoir 2001/112/CE

I dTreoir 2001/112/CEE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ceathrú, an cúigiú agus an séú heanga d'Iarscríbhinn I, Roinn II (2):

“– Einsímí peicteolaíocha a chomhlíonfaidh ceanglais [an togra le haghaidh Rialacháin ] Rialachán [.../...] maidir le heinsímí bia

– Einsímí peicteolaíocha a chomhlíonfaidh ceanglais [an togra le haghaidh Rialacháin ] Rialachán [.../...] maidir le heinsímí bia

– Einsímí aimeolaíocha a chomhlíonfaidh ceanglais [an togra le haghaidh Rialacháin ] Rialachán [.../...] maidir le heinsímí bia".

Airteagal 24

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 4 ó dháta cur i bhfeidhm an liosta Comhphobail. Go dtí an dáta sin, beidh feidhm i gcónaí sna Ballstáit ag forálacha náisiúnta maidir le heinsímí bia agus bia a tháirgtear le heinsímí bia a chur ar an margadh agus a úsáid.

Beidh feidhm ag Airteagal 10 go 13 8 to 14 [12 mhí tar éis dháta foilsithe an Rialacháin seo].

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Do Pharlaimint na hEorpa Don Chomhairle

An tUachtarán An tUachtarán

[1] IO C […], […], lch. […].

[2] IO C 168, 20.7.2007, lch. 34.

[3] IO L 43, 14.2.1997, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1).

[4] IO L 10, 12.1.2002, lch. 58.

[5] IO L 237, 26.8.1983, lch. 25. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 807/2003 (IO L 122, 16.5.2003, lch. 36).

[6] IO L 179, 14.7.1999, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 2165/2005 (IO L 345, 28.12.2005, lch. 1).

[7] 7 IO L 43, 14.2.1997, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1).

[8] IO L 268, 18.10.2003, lch. 24.

[9] IO L […], […], lch. […].

[10] IO L 31, 1.2.2002, lch. 1. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1642/2003 (IO L 245, 29.9.2003, lch. 4).

[11] IO L 268, 18.10.2003, lch. 1.

[12] IO L 61, 18.3.1995 lch. 1. Treoir mar atá arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003.

[13] IO L 194, 31.7.2000, lch. 1. Rialachán mar atá arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1163/2005 (IO L 188, 20.7.2005, lch. 3).

[14] IO L 109, 6.5.2000, lch. 29. Treoir mar atá arna leasú le Treoir 2003/89/CE (IO L 308, 25.11.2003, lch. 15).

[15] OJ L 184, 17.7.1999, p. 23. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/EC (IO L 200, 22.7.2006, lch. 1)

[16] IO L 165, 30.4.2004, lch. 1. Leagan ceartaithe (IO L 191, 28.5.2004, lch. 1).

--------------------------------------------------

Top