Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 42026X1900

Leasuithe ar Rialachán Uimh. 168 ó na Náisiúin Aontaithe – Forálacha aonfhoirmeacha maidir le ceadú feithiclí paisinéirí agus tráchtála saothair éadroim i dtaca le hastaíochtaí fíorthiomána [2026/1900]

PUB/2026/409

IO L, 2026/1900, 15.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/1900/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/1900/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1900

15.6.2026

Ní bhíonn éifeacht dhlíthiúil ach ag téacsanna bunaidh UNECE faoin dlí poiblí idirnáisiúnta. Ba cheart stádas agus dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo a sheiceáil sa leagan is déanaí de dhoiciméad stádais TRANS/WP.29/343 UNECE, doiciméad atá ar fáil ag: https://unece.org/status-1958-agreement-and-annexed-regulations

Leasuithe ar Rialachán Uimh. 168 ó na Náisiúin Aontaithe – Forálacha aonfhoirmeacha maidir le ceadú feithiclí paisinéirí agus tráchtála saothair éadroim i dtaca le hastaíochtaí fíorthiomána [2026/1900]

Leasuithe ar Rialachán 168 a foilsíodh in Iris Oifigiúil 2024/211 an 12 Eanáir 2024

Ina n-ionchorpraítear an méid seo a leanas:

Forlíonadh 1 ar an leagan bunaidh den Rialachán – Dáta teacht i bhfeidhm: 26 Meán Fómhair 2025

Sraith leasuithe 01 – Dáta teacht i bhfeidhm: Meán Fómhair 2026 (le deimhniú)

This document is meant purely as documentation tool. The authentic and legally binding texts are:

ECE/TRANS/WP.29/2025/29

ECE/TRANS/WP.29/2026/27

Mír 1., le leasú chun go léifear mar a leanas í:

‘1.

Raon feidhme agus cur i bhfeidhm

Is é is aidhm don Rialachán seo modh comhchuibhithe domhanda a sholáthar chun leibhéil na n-astaíochtaí fíorthiomána ó chomhdhúile gásacha agus ó cháithníní gásacha ó fheithiclí saothair éadroim a chinneadh.

Déantar foráil sa Rialachán seo maidir le ceanglais le haghaidh trí leibhéal ceadaithe. Leis an gcéad leibhéal, éilítear go ndéanfar tástáil agus meastóireacht ar bhonn WLTC 4-chéim (íseal, meánach, ard agus fíor-ard) – Leibhéal 1A a thugtar air sin. Leis an dara leibhéal, éilítear go ndéanfar tástáil agus meastóireacht ar bhonn thimthriall WLTC 3-chéim (íseal, meánach, agus-ard) – Leibhéal 1B a thugtar air sin. Leis an tríú leibhéal, éilítear go ndéanfar tástáil agus meastóireacht ar bhonn thimthriall WLTC 4-chéim agus thimthriall WLTC 3-chéim araon – Leibhéal 2 a thugtar air sin.

Measfar gurb é Leibhéal 2 an ‘leibhéal déine is airde’ i gcomhthéacs mhír 2 d’Airteagal 1 de Chomhaontú 1958.

I gcás nach bhfuil feidhm ag na ceanglais sa Rialachán seo ach amháin maidir le Leibhéal 1A, Leibhéal 1B nó Leibhéal 2, tagraíonn an téacs rialála don leibhéal ábhartha chun tús na gceanglas a bhaineann go sonrach leis an leibhéal a chur in iúl.

Tá Feithiclí Lánleictreacha agus Feithiclí Cille Breosla lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin seo.

1.1.

Raon feidhme Leibhéal 1A;

Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le cineálcheadú feithiclí de chatagóirí M1 agus N1 i ndáil lena nAstaíochtaí Fíorthiomána.

I gcás feithiclí de chatagóir N2 idir 3,5 agus 5 thona uasmhais de thionscnamh cineál feithicle de chatagóir N1, féadfaidh an t-údarás ceadaithe cineálcheadú astaíochtaí a dheonú má chomhlíonann an fheithicil na ceanglais le haghaidh cineál feithicle de chatagóir N1, arna iarraidh sin don mhonaróir.

1.2.

Raon feidhme Leibhéal 1B;

Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le cineálcheadú feithiclí de chatagóirí M2 agus N1 nach mó ná 3 500 kg a n-uasmhais ualaithe atá incheadaithe go teicniúil agus maidir le gach feithicil de chatagóir M1 i ndáil lena nAstaíochtaí Fíorthiomána.

1.3.

Raon feidhme Leibhéal 2;

Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le cineálcheadú feithiclí de chatagóirí M1 agus N1 i ndáil lena nAstaíochtaí Fíorthiomána.’

Mír 3.1., le leasú chun go léifear mar a leanas í:

‘3.1.

Riarachán’

Míreanna nua 3.1.1. go 3.1.3. le cur isteach, chun go léifear mar a leanas iad:

‘3.1.1.

Ciallaíonn ‘cineál feithicle maidir le hAstaíochtaí Fíorthiomána’ grúpa feithiclí nach bhfuil éagsúil le chéile i leith na gcritéar arb éard atá iontu ‘aicme tástála PEMS’ mar a shainmhínítear i mír 6.3.1, nó mír 6.3.2. más infheidhme.

3.1.2.

Ciallaíonn ‘Astaíochtaí Fíorthiomána Uasta Dearbhaithe’ na luachanna astaíochta, a bheidh níos ísle ná na teorainneacha astaíochtaí is infheidhme, arna ndearbhú go roghnach ag an monaróir agus arna n-úsáid chun comhlíontacht teorainneacha astaíochtaí níos ísle a sheiceáil.

3.1.3.

Ciallaíonn ‘tríú páirtí’ páirtí ag a bhfuil leas dlisteanach agus na hacmhainní saoráidí tástála ag a bhfuil creidiúnú i gcomhréir le EN ISO/IEC 17020 agus EN ISO/IEC 17025.’

Mír 3.3.5., le leasú chun go léifear mar a leanas í:

‘3.3.5.

Forchoimeádta’

Mír 4.5 nua le cur isteach, a léifear mar a leanas:

‘4.5.

Le haghaidh Leibhéal 1A amháin:

Maidir le cineálacha feithiclí ag a bhfuil cineálcheadú bailí cheana arna eisiúint i gcomhréir leis an Leagan Bunaidh den Rialachán seo agus a n-iarrann monaróir cineálcheadú ina leith i ndáil le hAstaíochtaí Fíorthiomána i gcomhréir le Sraith Leasuithe 01, ní bheidh gá le tástáil chineálcheadaithe nua sna cásanna seo a leanas:

(a)

dearbhaíonn an monaróir don údarás cineálcheadaithe deonaithe go n-áirithítear go gcomhlíontar ceanglais Shraith Leasuithe 01 agus

(b)

aontaíonn an tseirbhís theicniúil atá freagrach as an tástáil gur féidir na torthaí tástála cineálcheadaithe roimhe sin a úsáid chun tuarascáil tástála astaíochtaí nua a ullmhú chun comhlíonadh cheanglais Shraith Leasuithe 01 a léiriú.’

Mír 5.2.1., le leasú chun go léifear mar a leanas í:

‘5.2.1.

Ceithre roinn a bheidh san uimhir cineálcheadaithe. Deighlfear gach roinn leis an gcarachtar ‘*’.

Roinn 1

:

An cheannlitir ‘E’ agus, ina diaidh, sainuimhir an Páirtí Conarthaigh a dheonaigh an cineálcheadú.

Roinn 2

:

Uimhir an Rialacháin seo ó na Náisiúin Aontaithe, agus ina dhiaidh sin, an litir ‘R’, agus na nithe seo a leanas i ndiaidh a chéile:

(a)

Dhá dhigit (a bhfuil roinnt nialas chun tosaigh orthu mar is infheidhme) a léiríonn sraith leasuithe lena gcuimsítear forálacha teicniúla an Rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe arna chur i bhfeidhm maidir leis an gceadú (00 le haghaidh an Rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe ina fhoirm bhunaidh);

(b)

Slais (/) agus dhá dhigit (a bhfuil roinnt nialas chun tosaigh orthu mar is infheidhme) a léiríonn uimhir na bhforlíontaí ar an tsraith leasuithe arna cur i bhfeidhm maidir leis an gceadú (00 le haghaidh na sraithe leasuithe ina foirm bhunaidh);

(c)

Slais (/) agus dhá charachtar a léiríonn céim/leibhéal an chur chun feidhme (e.g. 1A, 1B nó 2).

Roinn 3

:

Uimhir sheicheamhach ceithre dhigit (a bhfuil roinnt nialas chun tosaigh uirthi mar is infheidhme). Is ag 0001 a thosóidh an seicheamh.

Roinn 4

:

Uimhir sheicheamhach dhá dhigit (a bhfuil roinnt nialas chun tosaigh uirthi más infheidhme) chun an leathnú a chur in iúl. Is ag 00 a thosóidh an seicheamh.

Beidh na digití uile ina ndigití Arabacha.’

Mír 5.2.2., le leasú chun go léifear mar a leanas í:

‘5.2.2.

Sampla d’Uimhir Ceadaithe don Rialachán seo:

E11*168R01/02/1A*0123*01

An chéad leathnú leis an gCeadú a uimhrítear 0123 arna eisiúint ag an Ríocht Aontaithe ar Fhorlíonadh 2 a ghabhann le Sraith Leasuithe 01, ar Cheadú Leibhéal 1A é.’

Mír 5.4.3. nua le cur isteach, chun go léifear mar a leanas í:

‘5.4.3.

Sa mharc ceadaithe beidh cód breise i ndiaidh na huimhreach cineálcheadaithe, arb é is cuspóir dó an leibhéal (Leibhéal 1A, 1B nó 2) ar deonaíodh an ceadú lena aghaidh a idirdhealú. Ba cheart an cód a roghnú de réir Thábla A3/1 d’Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an Rialachán seo.’

Mír 6.1., le leasú chun go léifear mar a leanas í:

‘6.1.

Ceanglais chomhlíontachta

I gcás cineálacha feithiclí arna gceadú de réir Leibhéal 1A den Rialachán seo, na hastaíochtaí deiridh ag aon tástáil astaíochtaí fíorthiomána a d’fhéadfaí a dhéanamh i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo, déanfar iad a ríomh le haghaidh meastóireachta agus úsáid á baint as WLTC 4-chéim.

I gcás cineálacha feithiclí arna gceadú de réir Leibhéal 1B den Rialachán seo, na hastaíochtaí deiridh ag aon tástáil astaíochtaí fíorthiomána a d’fhéadfaí a dhéanamh ar fheithiclí a bhfuil inneall díosail acu i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo, déanfar iad a ríomh le haghaidh meastóireachta agus úsáid á baint as WLTC 3-chéim.

I gcás cineálacha feithiclí arna gceadú de réir Leibhéal 2 den Rialachán seo, na hastaíochtaí deiridh ag aon tástáil astaíochtaí fíorthiomána a d’fhéadfaí a dhéanamh i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo, déanfar iad a ríomh le haghaidh meastóireachta agus úsáid á baint as WLTC 4-chéim agus le haghaidh feithiclí ina bhfuil inneall díosail agus úsáid á baint as WLTC 3-chéim freisin.

Ceanglais maidir le meastóireacht a dhéanamh agus úsáid á baint as WLTC 4-chéim

Ceanglais maidir le meastóireacht a dhéanamh agus úsáid á baint as WLTC 3-chéim

Ní bheidh na hastaíochtaí deiridh le haghaidh na hanailíse 4-chéim níos airde ná aon cheann de na teorainneacha le haghaidh na n-astaíochtaí critéar ábhartha (i.e. NOX agus PN) atá i dTábla 1A de mhír 6.3.10. de shraith Leasuithe 04 ar Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe maidir le WLTP.

Ní bheidh na hastaíochtaí deiridh don anailís 3-chéim níos airde ná na teorainneacha NOX atá i dTábla 1B de mhír 6.3.10. de shraith Leasuithe 04 de Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe maidir le WLTP.

Comhlíonfar ceanglais na dteorainneacha astaíochta le haghaidh na hoibríochta uirbí agus le haghaidh thuras PEMS iomlán.

Féadfaidh an monaróir a dhearbhú, le haghaidh Leibhéal 1A agus Leibhéal 2 i gcás mheastóireacht WLTC 4-chéim, go bhfuil teorainneacha astaíochtaí níos ísle á gcomhlíonadh trí luachanna níos ísle ar a dtugtar ‘Astaíochtaí Fíorthiomána Uasta Dearbhaithe’ a dhearbhú, le haghaidh NOx nó PN nó an dá rud, i ndeimhniú comhlíontachta astaíochtaí fíorthiomána an Mhonaróra atá le fáil in Iarscríbhinn 12 a ghabhann leis an Rialachán seo. Úsáidfear luachanna na n-astaíochtaí fíorthiomána uasta dearbhaithe sin chun comhlíontacht gluaisteán a sheiceáil nuair is infheidhme.

Leis na tástálacha astaíochtaí fíorthiomána a cheanglaítear leis an Rialachán seo, soláthraítear toimhde comhréireachta. Féadfar athmheasúnú a dhéanamh ar an gcomhréireacht thoimhdithe le tástálacha astaíochtaí fíorthiomána breise.

Áiritheoidh an monaróir go gcomhlíonann gach feithicil laistigh d’aicme thástála PEMS Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe maidir le WLTP, lena n-áirítear ceanglais maidir le comhréireacht táirgeachta.

Léireofar feidhmíocht astaíochtaí fíorthiomána trí na tástálacha is gá in aicme tástála PEMS a dhéanamh ar an mbóthar arna n-oibriú thar a ngnáthphatrúin tiomána, a ngnáthdhálaí tiomána agus a ngnáthphálastaí tiomána. Beidh na tástálacha is gá ionadaíoch d’fheithiclí a oibrítear ar a bhfíorbhealaí iomána, lena ngnáthualach.’

Mír 6.4.1.2., le leasú chun go léifear mar a leanas í:

‘6.4.1.2.

Roghnóidh an t-údarás feithiclí breise de réir cheanglais mhír 6.4.3. le haghaidh thástáil PEMS a dhéanfaidh Seirbhís Theicniúil chun a léiriú go gcomhlíonann na feithiclí roghnaithe ceanglais na Rialacháin seo. Déanfar na critéir theicniúla chun feithicil bhreise a roghnú de réir mhír 6.4.3. a thaifeadadh leis na torthaí tástála.’

Mír 6.4.1.3., le leasú chun go léifear mar a leanas í:

‘6.4.1.3.

Le comhaontú an údaráis, is féidir le hoibreoir eile, arna fhianú ag Seirbhís Theicniúil, tástáil PEMS a thiomáint freisin, ar choinníoll gurb í an tSeirbhís Theicniúil a thiomáineann ar a laghad na tástálacha ar na feithiclí a cheanglaítear le míreanna 6.4.3.2. agus 6.4.3.6. agus, san iomlán, 50 faoin gcéad ar a laghad de thástálacha PEMS a cheanglaítear le mír 6.4.3.7. chun aicme tástála PEMS a bhailíochtú. Sa chás sin, is í an tSeirbhís Theicniúil atá freagrach i gcónaí as gach tástáil PEMS a fhorghníomhú go cuí de bhun cheanglais an Rialacháin seo.’

Mír 8.3.1., le leasú chun go léifear mar a leanas í:

‘8.3.1.

Staid na feithicle

Beidh bail mhaith mheicniúil ar an bhfeithicil, lena n-áirítear na comhpháirteanna a bhaineann le hastaíochtaí, agus beidh briseadh isteach agus tiomáint ar feadh 3 000 km ar a laghad déanta leis an bhfeithicil roimh an tástáil. Déanfar míleáiste agus aois na feithicle a úsáidtear le haghaidh thástáil astaíochtaí fíorthiomána a thaifeadadh.

Féadfar na feithiclí uile, agus go háirithe OVC-HEVanna, a thástáil in aon mhód inroghnaithe, lena n-áirítear mód luchtaithe ceallra. Ar bhonn na fianaise teicniúla arna soláthar ag an monaróir agus le comhaontú an údaráis fhreagraigh, ní mheasfar na modhanna atá inroghnaithe ag an tiománaí chun críocha speisialta teoranta (e.g. an modh cothabhála, tiomáint rása, an modh snámhaíola). Na modhanna uile atá fágtha a úsáidtear le haghaidh tiomána chun tosaigh agus le haghaidh tiomána cúil i gcás ina n-éilítear é sin le dálaí bóthair, féadfar iad a mheas agus déanfar na teorainneacha astaíochtaí critéar a chomhlíonadh sna modhanna sin uile.

Ní cheadaítear modhnuithe a dhéanann difear d’aeraidinimic na feithicle, cé is moite de shuiteáil PEMS. Beidh cineálacha agus brú na mbonn de réir na moltaí ó mhonaróir na feithicle. Déanfar brú na mbonn a sheiceáil roimh an réamhchóiriú agus déanfar é a choigeartú do na luachanna molta más gá. Ní cheadaítear an fheithicil a thiomáint le slabhraí sneachta.

Níor cheart feithiclí a thástáil le ceallraí tosaithe folmha. I gcás ina mbeidh fadhbanna ann maidir leis an bhfeithicil a thosú, athrófar an ceallra de réir na moltaí ó mhonaróir na feithicle.

Is éard atá i mais tástála na feithicle an tiománaí, finné ar an tástáil (más infheidhme), an trealamh tástála, lena n-áirítear an gaireas gléasta agus an gaireas soláthair cumhachta agus aon phálasta saorga. Beidh sí idir mais iarbhír na feithicle agus uasmhais tástála incheadaithe na feithicle ag tús na tástála agus ní thiocfaidh méadú uirthi le linn na tástála.

Ní dhéanfar na feithiclí tástála a thiomáint agus é mar rún tástáil ar éirigh léi nó nár éirigh léi a ghiniúint mar gheall ar thiomáint fhoircneach nach ionann í agus gnáthdhálaí úsáide. Más gá, féadfar fíorú na gnáththiomána a bhunú ar bhreithiúnas saineolach arna dhéanamh ag an údarás cineálcheadaithe deonúcháin nó thar a cheann trí thras-chomhghaolú maidir le roinnt comharthaí, lena bhféadfar an ráta sreafa sceite, teocht an sceite, CO2, O2 etc. a áireamh orthu i gcomhcheangal le luas, luasghéarú agus sonraí GNSS na feithicle agus paraiméadair bhreise a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le sonraí feithicle amhail luas an innill, giar, suíomh an luasaire etc.’

Mír 9.2., le leasú chun go léifear mar a leanas í:

‘9.2.

Sciartha den fhad is gá maidir le haicmí luas an turais

Seo a leanas dáileadh na n-aicmí luais i dturas astaíochtaí fíorthiomána a éilítear chun riachtanais na meastóireachta a urramú i gcás WLTC 4-chéim agus, i gcás inarb infheidhme, WLTC 3-chéim araon:

Ceanglais maidir le meastóireacht a dhéanamh agus úsáid á baint as WLTC 4-chéim

Ceanglais maidir le meastóireacht a dhéanamh agus úsáid á baint as WLTC 3-chéim

Is éard a bheidh sa turas thart ar 34 faoin gcéad d’aicme luais uirbeacha, 33 faoin gcéad d’aicmí luais tuaithe agus 33 faoin gcéad d’aicmí luais mótarbhealaigh. Ciallóidh ‘thart ar’ an t-eatramh de ± 10 bpointe céatadáin timpeall ar na céatadáin a luaitear. Ní bheidh an aicme luais uirbeach níos lú ná 29 faoin gcéad d’fhad iomlán an turais riamh, áfach.

Is éard a bheidh sa turas thart ar 55 faoin gcéad d’aicmí luais uirbeacha agus 45 faoin gcéad d’aicme luais luasbhealaigh. Ciallóidh ‘thart ar’ an t-eatramh de ± 10 bpointe céatadáin timpeall ar na céatadáin a luaitear. Is féidir leis an aicme luais uirbeach a bheith níos lú ná 45 faoin gcéad ach ní féidir leis a bheith níos lú ná 40 faoin gcéad d’fhad iomlán an turais riamh, áfach.

Déanfar na sciartha d’aicmí luais uirbeacha, tuaithe agus mótarbhealaigh a shloinneadh mar chéatadán d’fhad iomlán an turais le haghaidh anailís agus úsáid á baint as WLTC 4-chéim.

I gcás inarb infheidhme, déanfar na sciartha d’aicmí luais uirbeacha agus luasbhealaigh a shloinneadh mar chéatadán d’fhad an turais agus gan an luas a bheith thar 100 km/h le haghaidh anailís agus úsáid á baint as WLTC 3-chéim.

Is é 16 km a bheidh san fhad íosta maidir le gach aicme luais uirbeach, tuaithe agus mótarbhealaigh nó luasbhealaigh.’

Mír 9.3., le leasú chun go léifear mar a leanas í:

‘9.3.

Tástáil astaíochtaí fíorthiomána atá le déanamh

Léireofar feidhmíocht astaíochtaí fíorthiomána trí fheithiclí a thástáil ar an mbóthar, arna n-oibriú thar a ngnáthphatrúin tiomána, a ngnáthdhálaí tiomána agus a ngnáthphálastaí tiomána. Déanfar tástálacha astaíochtaí fíorthiomána ar bhóithre pábháilte (e.g. ní cheadaítear oibríocht easbhóthair). Tiomáinfear turas astaíochtaí fíorthiomána amháin nó dhá thuras thiomnaithe astaíochtaí fíorthiomána chun comhlíonadh na gceanglas astaíochta gaolmhar a chruthú, i.e.:

(a)

Le haghaidh Cheaduithe Leibhéal 1A i gcoinne WLTC 4-chéim

(b)

Le haghaidh Cheaduithe Leibhéal 1B i gcoinne WLTC 3-chéim

(c)

Le haghaidh Cheaduithe Leibhéal 2 i gcoinne WLTC 3-chéim agus WLTC 4-chéim araon’

Mír 10.7., le leasú chun go léifear mar a leanas í:

‘10.7.

I gcás inarb infheidhme, cruthófar tacair sonraí ar leithligh le haghaidh meastóireacht 3-chéim agus 4-chéim. Le haghaidh Cheaduithe Leibhéal 2, beidh na sonraí a bhaileofar le linn an turais ar fad mar bhonn le torthaí astaíochtaí fíorthiomána 4-chéim, agus beidh na sonraí, cé is moite d’aon phointe sonraí ar mó a luas ná 100 km/h, mar bhonn leis na ríomhanna ar bhailíocht agus torthaí astaíochtaí fíorthiomána turais 3-chéim de réir mhíreanna 8 agus 9 agus Iarscríbhinní 8, 9 agus 11. Ar mhaithe le leanúnachas anailíse sonraí, tosóidh Iarscríbhinn 10 leis an tacar sonraí iomlán don dá anailís.’

Mír 10.7.1., le leasú chun go léifear mar a leanas í:

‘10.7.1.

Maidir le feithiclí a bhfuil inneall díosail acu, i gcás nach féidir le turas astaíochtaí fíorthiomána aonair le haghaidh Cheadú Leibhéal 2 na ceanglais bhailíochta uile a bhfuil tuairisc orthu i míreanna 9.1.1., 9.2. agus 9.3., míreanna 4.5.1. agus 4.5.2. d’Iarscríbhinn 8 agus mír 4 d’Iarscríbhinn 9 a chomhlíonadh go comhuaineach, déanfar an dara turas astaíochtaí fíorthiomána ansin. Déanfar an dara turas a dhearadh chun riachtanais turais WLTC 3-chéim nó 4-chéim nach bhfuil comhlíonta fós a chomhlíonadh, chomh maith le gach ceanglas ábhartha eile maidir le bailíocht turais, ach ní gá ceanglais turais WLTC 4-chéim nó 3-chéim a bhí comhlíonta roimhe sin sa chéad turas a chomhlíonadh arís.’

Mír 10.7.2., le leasú chun go léifear mar a leanas í:

‘10.7.2.

Maidir le feithiclí a bhfuil inneall díosail acu, i gcás ina sáraíonn an astaíocht arna ríomh don turas astaíochtaí fíorthiomána 3-chéim na teorainneacha astaíochta don turas iomlán toisc go n-eisiatar na pointí sonraí uile ar mó a luas ná 100 km/h cé go bhfuil an turas comhlíontach, déanfar turas eile ar a mbeidh an luas teoranta do níos lú ná 100 km/h nó cothrom leis agus déanfar meastóireacht ar an turas sin maidir le comhlíonadh na gceanglas 3-chéim.’’

Mír 10.8., le leasú chun go léifear mar a leanas í:

‘10.8.

Tuairisciú Sonraí: Le haghaidh Leibhéal 1A agus Leibhéal 2 i gcás mheastóireacht WLTC 4-chéim, agus sa chás sin amháin, déanfar na sonraí uile maidir le tástáil astaíochtaí fíorthiomána aonair a thaifeadadh de réir na gcomhad malartaithe sonraí agus tuairiscithe sonraí atá le fáil ag an nasc gréasáin céanna leis an Rialachán seo3.

Ullmhóidh an tSeirbhís Theicniúil tuarascáil tástála i gcomhréir leis an gComhad um Thuairisciú Sonraí agus cuirfear ar fáil don Pháirtí Conarthach í.’

Míreanna nua 10.9. go 10.9.2.2. le cur isteach, chun go léifear mar a leanas iad:

‘10.9.

Tuairisciú agus scaipeadh faisnéise tástála maidir le cineálcheadú astaíochtaí fíorthiomána le haghaidh Leibhéal 1A agus Leibhéal 2 i gcás mheastóireacht WLTC 4-chéim agus sa chás sin amháin.

10.9.1.

Cuirfear tuarascáil theicniúil arna hullmhú ag an monaróir ar fáil don údarás ceadaithe. Tá ceithre mhír sa tuarascáil theicniúil:

(i)

an comhad Malartaithe Sonraí

(ii)

an comhad Tuairiscithe

(iii)

an tuairisc ar an bhFeithicil agus ar an inneall mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an Rialachán seo;

(iv)

ábhar tacaíochta amhairc (grianghraif agus/nó físeáin) de shuiteáil PEMS san fheithicil a ndearnadh tástáil uirthi de cháilíocht agus de chainníocht leordhóthanach chun an fheithicil a shainaithint agus chun measúnú a dhéanamh an leanann suiteáil phríomhaonad PEMS, shreabhmhéadar an sceite, aeróg GNSS agus an stáisiúin aimsire moltaí ó mhonaróirí na hionstraime agus dea-chleachtais ghinearálta thástáil PEMS.

10.9.2.

Áiritheoidh an monaróir go gcuirfear an fhaisnéis a liostaítear i mír 10.9.2.1. ar fáil ar shuíomh gréasáin a bhfuil rochtain ag an bpobal air gan chostais agus gan gá don úsáideoir a chéannacht a nochtadh ná clárú. Coinneoidh an monaróir an tÚdarás Cineálcheadaithe deonaithe agus, arna iarraidh sin, na Páirtithe Conarthacha ar an eolas faoi mar is féidir teacht ar an suíomh gréasáin.

10.9.2.1.

Leis an suíomh gréasáin, beifear in ann cuardach saoróige a dhéanamh ar an mbunachar sonraí foluiteach bunaithe ar cheann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas (de réir mar is infheidhme):

Déanamh, Cineál, Malairt, Leagan, Ainm tráchtála, nó Uimhir Chineálcheadaithe.

Cuirfear an fhaisnéis a bhfuil tuairisc uirthi thíos ar fáil le haghaidh gach feithicle i gcuardach:

Aitheantas na haicme PEMS lena mbaineann an fheithicil sin, i gcomhréir le Liosta Trédhearcachta 2 d’Fhoscríbhinn 5 d’Iarscríbhinn 4 a ghabhann le Rialachán Uimh. 83 ó na Náisiúin Aontaithe;

Más infheidhme, Luachanna na nAstaíochtaí Fíorthiomána Uasta Dearbhaithe i gcomhréir leis an Rialachán seo ó na Náisiúin Aontaithe.

10.9.2.2.

Cuirfidh an monaróir an tuarascáil theicniúil dá dtagraítear i mír 10.9.1. ar fáil d’aon Pháirtí Conarthach nó d’aon tríú páirtí aitheanta, arna iarraidh sin, gan chostais agus laistigh de 10 lá. Cuirfidh an monaróir an tuarascáil theicniúil dá dtagraítear i mír 10.9.1. ar fáil freisin arna iarraidh sin agus táille réasúnta chomhréireach á gearradh ar dhaoine eile, ar tuarascáil í nach ndíspreagann fiosraitheoir a bhfuil leas cuí aige an fhaisnéis faoi leith a iarraidh nó nach sáraíonn costais inmheánacha an mhonaróra chun an fhaisnéis a iarradh a chur ar fáil.

Cuirfidh an t-údarás cineálcheadaithe an fhaisnéis a liostaítear faoi mhíreanna 10.9.1. agus 10.9.2. ar fáil, arna iarraidh sin, gan chostais agus laistigh de 10 lá ón iarraidh a fháil, d’aon Pháirtí Conarthach nó d’aon tríú páirtí aitheanta. Cuirfidh an t-údarás cineálcheadaithe ar fáil do dhaoine eile freisin, arna iarraidh sin, an fhaisnéis a liostaítear faoi mhíreanna 10.9.1. agus 10.9.2. le táille réasúnta chomhréireach, ar táille í nach ndíspreagann fiosraitheoir a bhfuil leas cuí aige an fhaisnéis faoi leith a iarraidh nó nach sáraíonn costais inmheánacha an údaráis chun an fhaisnéis a iarradh a chur ar fáil.’

Mír 15., le leasú chun go léifear mar a leanas í:

‘15.

Forálacha Idirthréimhseacha agus Forálacha Speisialta’

Mír 15.2 nua le cur isteach, chun go léifear mar a leanas í:

‘15.2.

Forálacha maidir le feithiclí sainchuspóireacha

15.2.1.

Forálacha maidir le feithiclí armúrtha

Le haghaidh Leibhéal 1A amháin:

Féadfaidh an t-údarás freagrach cineálcheaduithe a dheonú, lena n-áirítear díolúine nó díolúintí ó cheanglais an Rialacháin seo, d’fheithiclí armúrtha i gcomhréir le pointe 2.5.2. den Rún Comhdhlúite maidir le Déanamh Feithiclí (R.E.3), má léiríonn an monaróir nach bhféadfaidh an fheithicil na ceanglais a chomhlíonadh mar gheall ar an sainchuspóir atá léi.

Tá tuairisc le tabhairt ar an gcineál feithicle sainchuspóirí agus ar na díolúintí a dheonaítear i bpointe 1.0 de roinn I den deimhniú ar chineálcheadú i gcomhréir le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an Rialachán seo.’

Iarscríbhinn 1, téacs Chuid 1 le leasú chun go léifear mar a leanas í:

‘Cuid 1

I gcás ina ndéanfar gach feithicil a áirítear sa cheadú a ghabhann leis an Rialachán seo a cheadú de réir Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe:

 

Uimhir cheadaithe (uimhreacha ceadaithe) Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe nó Sainaitheantóir(í) fine idirshuímh: …..’

Iarscríbhinn 1, Mír 0.2.2.1. de Chuid 1 agus Cuid 2, le leasú chun go léifear mar a leanas í:

‘0.2.2.1.

Luachanna Paraiméadair Ceadaithe le haghaidh cineálcheadú ilchéimneach (más infheidhme) chun luachanna astaíochta bonnfheithicle a úsáid (cuir isteach an raon más infheidhme):

Mais iarbhír na Feithicle Deiridh (in kg):

Uasmhais ualaithe atá incheadaithe go teicniúil le haghaidh na Feithicle Deiridh (in kg):

Limistéar tosaigh le haghaidh na feithicle deiridh (in cm2):

Friotaíocht rollach (kg/t):

Achar trasghearrtha an bhealaigh isteach don aer ar an ngreill tosaigh (in cm2):’

Iarscríbhinn 2, le leasú chun go léifear mar a leanas í:

‘…

i ndáil le cineál feithicle a mhéid a bhaineann lena hAstaíochtaí Fíorthiomána, de bhun Rialachán Uimh. 168 ó na Náisiúin Aontaithe

…’

Iarscríbhinn 3, le leasú chun go léifear mar a leanas í:

‘An marc ceadaithe a leagan amach

Sa mharc ceadaithe a eisítear agus a ghreamaítear den fheithicil i gcomhréir le mír 5 den Rialachán seo, beidh carachtar alfa-uimhriúil i dteannta leis an uimhir chineálcheadaithe ina léirítear an leibhéal a bhfuil an formheas teoranta dó.

Tugtar cuntas san iarscríbhinn seo ar chuma an mhairc seo, agus tugtar sampla faoin gcaoi a mbeidh sé comhdhéanta.

Léirítear sa ghrafaic scéimreach seo a leanas an leagan amach ginearálta, na comhréireanna agus inneachar na marcála. Sainaithnítear brí na n-uimhreacha agus an charachtair aibítrigh, agus tagraítear freisin d’fhoinsí chun na malairtí comhfhreagracha a chinneadh le haghaidh gach cáis cheadaithe.

Image 1

a = 8 mm (íosta)

Is sampla praiticiúil atá sa mhéid seo a leanas ar an gcaoi ar cheart go mbeadh an mharcáil comhdhéanta.

Image 2

Taispeántar sa mharc ceadaithe roimhe sin atá greamaithe d’fheithicil i gcomhréir le mír 5. den Rialachán seo gur ceadaíodh an cineál feithicle lena mbaineann sa Ríocht Aontaithe (E 11), de bhun Rialachán Uimh. 168 ó na Náisiúin Aontaithe faoi uimhir cheadaithe 2439, mar a shainítear i Roinn 3 de mhír 5.2.1. Tugtar le fios leis an marc sin gur tugadh an ceadú i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo, agus sraith leasuithe 01 cuimsithe ann. Thairis sin, léiríonn an cód a ghabhann leis (1A) go bhfuil ceadú tugtha don fheithicil le haghaidh Leibhéal 1A (an Eoraip).

Tábla A3/1

Carachtair le tagairt don leibhéal ceadaithe

Cód

Páirtí Conarthach ar a bhfuil na ceanglais bunaithe

1A

an tAontas Eorpach

1B

an tSeapáin

2

Comhchuibhithe’

Iarscríbhinn 4, Mír 6.1., le leasú chun go léifear mar a leanas í:

‘6.1.

Na hanailíseoirí a sheiceáil chun astaíochtaí gásacha a thomhas

Déanfar calabrú nialasach agus réise anailíseoirí na gcomhpháirteanna gásacha a sheiceáil trí úsáid a bhaint as gáis chalabrúcháin arb ionann iad agus na gáis arna gcur i bhfeidhm faoi mhír 4.5. chun meastóireacht a dhéanamh ar fhéithiú nialais agus ar fhéithiú freagartha an anailíseora i gcomparáid leis an gcalabrú réamhthástála. Is ceadmhach an t-anailíseoir a chur ag náid sula bhfíoraítear an féithiú réise, i gcás inar cinneadh go raibh féithiú an nialais laistigh den raon incheadaithe. Déanfar an tseiceáil iarthástála ar fhéithiú a chur i gcrích a luaithe is féidir tar éis na tástála agus sula múchfar an PEMS nó na hanailíseoirí nó na braiteoirí aonair, nó sula ndéanfar iad a mhalartú go modh neamhoibriúcháin. Comhlíonfaidh an difríocht idir na torthaí réamhthástála agus iarthástála na ceanglais a shonraítear i dTábla A4/2.

Tábla A4/2

Féithiú anailíseora incheadaithe thar thástáil PEMS

Truailleán

Dearbhféithiú freagartha nialais

Dearbhféithiú freagartha réise (1)

CO2

≤ 2 000  ppm in aghaidh na tástála

≤ 2 % den léamh nó ≤ 2 000  ppm in aghaidh na tástála, cibé acu is mó

CO

≤ 75 ppm in aghaidh na tástála

≤ 2 % den léamh nó ≤ 75 ppm in aghaidh na tástála, cibé acu is mó

NOX

≤ 3 ppm in aghaidh na tástála

≤ 2 % den léamh nó ≤ 3 ppm in aghaidh na tástála, cibé acu is mó

CH4

≤ 10 ppm C1 in aghaidh na tástála

≤ 2 % den léamh nó ≤ 10 ppm C1 in aghaidh na tástála, cibé acu is mó

THC

≤ 10 ppm C1 in aghaidh na tástála

≤ 2 % den léamh nó ≤ 10 ppm C1 in aghaidh na tástála, cibé acu is mó

(1)  Má tá féithiú an nialais laistigh den raon incheadaithe, is ceadmhach an t-anailíseoir a chur ag náid sula bhfíoraítear an féithiú réise.

Má tá an difríocht idir na torthaí réamhthástála agus iarthástála d’fhéithiú an nialais agus don fhéithiú réise níos airde ná mar a cheadaítear, beidh torthaí uile na tástála neamhbhailí agus déanfar an tástáil arís.

Féadfar dul thar na féithithe incheadaithe, arna iarraidh sin don mhonaróir agus le ceadú an údaráis ceadaithe, sna cásanna seo a leanas:

(i)

tá an difríocht idir na luachanna tiúchana neamhcheartaithe agus na luachanna tiúchana ceartaithe de réir mhír 5.0. d’Iarscríbhinn 7 níos ísle ná 6 faoin gcéad de na luachanna tiúchana neamhcheartaithe, agus

(ii)

tagtar ar an gconclúid chéanna leis na luachanna astaíochtaí neamhcheartaithe agus na luachanna astaíochtaí ceartaithe maidir le cé acu a sháraítear nó nach sáraítear na teorainneacha astaíochtaí.’

Iarscríbhinn 5, mír 6.1., le leasú chun go léifear mar a leanas í:

‘6.1.

Ginearálta

Is éard a bheidh san anailíseoir PN aonad réamhchóiriúcháin agus brathadóir cáithníní a áiríonn le héifeachtúlacht 50 faoin gcéad ó thart ar 10 nm. Tá sé incheadaithe réamhphróiseáil an aerasóil a dhéanamh leis an mbrathadóir cáithníní freisin. Beidh íogaireacht na n-anailíseoirí ar shuaití, ar chreathadh, ar aosú, ar athraitheacht sa teocht agus san aerbhrú agus ar thrasnaíocht leictreamaighnéadach agus tionchair eile a bhaineann le hoibriú feithicle agus anailíseora teoranta a mhéid is féidir agus déanfaidh monaróir an trealaimh í a lua go soiléir ina ábhar tacaíochta. Ní úsáidfear an t-anailíseoir PN ach amháin laistigh de pharaiméadair oibriúcháin dhearbhaithe an mhonaróra. Soláthraítear sampla de shocrú anailíseora PN i bhFíor A5/1.

Ceanglófar an t-anailíseoir PN leis an bpointe samplála trí thóireadóir samplála a eastóscann sampla ó lárlíne an fheadáin sceithphíopa. Mar a shonraítear i mír 3.5. d’Iarscríbhinn 4, mura gcaolaítear cáithníní ag an sceithphíopa, déanfar an líne shamplála a théamh go híosteocht 373 K (100 °C) go dtí pointe chéadchaolú an anailíseora PN nó go dtí brathadóir cáithníní an anailíseora. Beidh an t-aga cónaithe sa líne shamplála níos lú ná 3 s.

Coinneofar gach páirt a bheidh i dteagmháil leis an ngás sceite sampláilte i gcónaí ag teocht lena seachnaítear comhdhlúthú aon chomhdhúile sa ghaireas. Is féidir é seo a bhaint amach, mar shampla, trí théamh a dhéanamh ag teocht níos airde agus an sampla a chaolú nó an speiceas leath-shoghalaithe/soghalaithe a ocsaídiú.

Áireofar san anailíseoir líon cáithníní alt téite atá gníomhach go catalaíoch ag teocht bhalla ≥ 573 K. Rialóidh an t-aonad na céimeanna téite go teochtaí oibriúcháin ainmniúla tairiseacha, laistigh de lamháltas ± 10 K, agus soláthróidh sé tásc maidir le cibé an bhfuil céimeanna téite ag a dteocht cheart oibriúcháin nó nach bhfuil. Tá teochtaí níos ísle inghlactha fad a chomhlíonann éifeachtúlacht easbhainte na gcáithníní soghalaithe sonraíochtaí mhír 6.4.

Déanfaidh braiteoirí brú, teochta agus eile faireachán ar oibriú cuí na hionstraime le linn oibríochta agus gníomhachtóidh siad rabhadh nó teachtaireacht i gcás mífheidhme.

Is é ≤ 5 s an t-aga neamhfhónaimh a bheidh ag an anailíseoir PN.

Beidh aga éirithe ≤ 3,5 s ag an anailíseoir PN (agus/nó brathadóir cáithníní).

Déanfar tomhais tiúchana cáithnín a thuairisciú arna normalú go 273 K agus 101,3 kPa. Más gá, déanfar an brú agus/nó an teocht ag ionraon an bhrathadóra a thomhas agus a thuairisciú chun tiúchan na gcáithníní a normalú.

Córais PN a chomhlíonann ceanglais chalabrúcháin Rialachán Uimh. 83 nó 49 ó na Náisiúin Aontaithe nó Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe maidir le WLTP, comhlíonann siad go huathoibríoch ceanglais chalabrúcháin na hiarscríbhinne seo.’

Iarscríbhinn 5, ceannteideal fhíor A5/1 le leasú chun go léifear mar a leanas í:

‘Sampla de shocrú anailíseora PN: Leis na línte poncanna léirítear páirteanna roghnacha. Beidh an chuid théite gníomhach go catalaíoch. EFM = An Méadar Ollsreafa Sceite, d = trastomhas inmheánach, PND = Caolaitheoir Líon Cáithníní.’

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn 5, Tábla A5/3a:

Tábla A5/3a

Ceanglais éifeachtúlachta chórais an Anailíseora PN (lena n-áirítear an líne shamplála)

dp [nm]

10

15

30

50

70

100

200

E(dp) Anailíseoir PN

0,1 – 0,5

0,3 – 0,7

0,75 – 1,05

0,85 – 1,15

0,85 – 1,15

0,8 – 1,2

0,8 – 2,0’

Iarscríbhinn 5, mír 6.2, le leasú chun go léifear mar a leanas í:

‘6.2.

Ceanglais éifeachtúlachta

Comhlíonfaidh an córas iomlán anailíseora PN, lena n-áirítear an líne shamplála, ceanglais éifeachtúlachta Thábla A5/3a.

Sainmhínítear éifeachtúlacht E(dp) mar an cóimheas idir léamha an chórais anailíseora líon cáithníní (PN) agus léamha Áiritheoir Cáithníní Comhdhlúthúcháin (CPC) tagartha (ag a bhfuil éifeachtúlacht áirimh os cionn 90 faoin gcéad le haghaidh trastomhas soghluaisteachta leictrí coibhéiseach 10 nm, seiceáilte le haghaidh líneachta agus calabraithe le leictriméadar) nó tiúchan uimhreach Leictriméadair ag tomhas aerasól aoneasraithe comhthreomhar de thrastomhas soghluaisteachta dp agus arna normalú ag na dálaí teochta agus brú céanna.

Ba chóir an t-ábhar a bheith cobhsaí go teirmeach agus de chineál súiche (e.g. graifít faoi réir sceitheadh spréiche nó súiche lasrach idirleata le réamhchóireáil teirmeach). Má dhéantar an cuar éifeachtúlachta a thomhas le haerasól difriúil (e.g. NaCl), ní mór an comhghaol leis an gcuar de chineál súiche a sholáthar mar chairt ina ndéantar comparáid idir na héifeachtúlachtaí a fhaightear trí úsáid a bhaint as an dá aerasól tástála. Cuirfear na difríochtaí sna héifeachtúlachtaí comhairimh san áireamh trí na héifeachtúlachtaí tomhaiste a choigeartú bunaithe ar an gcairt arna soláthar chun éifeachtúlachtaí aerasóil de chineál súiche a chur ar fáil. Déanfar an ceartú le haghaidh cáithníní il-luchtaithe a chur i bhfeidhm agus a dhoiciméadú, ach ní rachaidh sé thar 10 faoin gcéad. Tagraíonn na héifeachtúlachtaí seo do na hanailíseoirí PN leis an líne shamplála. Is féidir an t-anailíseoir PN a chalabrú i bpáirteanna freisin (i.e. an t-aonad réamhchóiriúcháin ar leithligh ón mbrathadóir cáithníní) fad is go gcruthaítear go gcomhlíonann an t-anailíseoir PN agus an líne shamplála le chéile ceanglais Thábla A5/3a. Beidh an comhartha a thomhaistear ón mbrathadóir > 2 oiread na teorann braite (a shainítear anseo mar an leibhéal nialais móide 3 dhiall chaighdeánacha).’

Iarscríbhinn 5, mír 6.3, le leasú chun go léifear mar a leanas í:

‘6.3.

Ceanglais líneachta

Comhlíonfaidh an t-anailíseoir PN, lena n-áirítear an líne shamplála, na ceanglais líneachta i mír 3.2. d’Iarscríbhinn 5 trí úsáid a bhaint as cáithníní aoneasraithe nó poileasracha de chineál súiche. Beidh méid na gcáithníní (trastomhas soghluaisteachta nó trastomhas airmheánach comhairimh) níos mó ná 45 nm. Is é a bheidh san ionstraim thagartha Leictriméadar nó Áiritheoir Cáithníní Comhdhlúthúcháin (CPC) ag a bhfuil éifeachtúlacht áirimh os cionn 90 faoin gcéad le haghaidh trastomhas soghluaisteachta leictrí coibhéiseach 10 nm, arna fhíorú le haghaidh líneachta. De rogha air sin, córas líon cáithníní a chomhlíonann Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe maidir le WLTP ag a bhfuil éifeachtúlacht áirimh os cionn 90 faoin gcéad le haghaidh trastomhas soghluaisteachta leictrí coibhéiseach 10 nm, is féidir córas mar sin a úsáid mar uirlis tagartha le haghaidh na seiceála líneachta ar an gcóras iomlán.

Ina theannta sin, beidh na difríochtaí idir anailíseoir PN agus an ionstraim thagartha ag gach pointe a seiceálfar (seachas an pointe nialasach) laistigh de 15 faoin gcéad dá meánluach. Seiceálfar 5 phointe (móide an nialas) ar a laghad a bheidh dáilte go cothrom. Beidh an t-uastiúchan a sheiceálfar > 90 faoin gcéad de raon tomhais ainmniúil an anailíseora PN.

Má dhéantar an t-anailíseoir PN a chalabrú i bpáirteanna, ní féidir an líneacht a sheiceáil ach amháin le haghaidh an bhrathadóra PN, ach déanfar éifeachtúlachtaí na bpáirteanna eile agus an líne shamplála a mheas sa ríomh grádáin.’

Iarscríbhinn 5, mír 6.4, le leasú chun go léifear mar a leanas í:

‘6.4.

Éifeachtúlacht asghlanta cáithníní soghalaithe

Bainfear amach leis an gcóras > 99,9 faoin gcéad de cháithníní ≥ 30 nm teitreacontáin (CH3(CH2)38CH3) ag a bhfuil tiúchan ionraoin ≥ 10 000 cáithnín in aghaidh an cheintiméadair chiúbaigh ag an gcaolú íosta.

Bainfidh an córas amach freisin > 99,9 faoin gcéad d’éifeachtúlacht asghlanta teitreacontáin le trastomhas airmheánach comhairimh > 50 nm agus mais > 1 mg/m3.

Ní dhéanfar éifeachtúlacht asghlanta cáithníní soghalaithe le teitreacontán a chruthú ach aon uair amháin le haghaidh na haicme ionstraimí. Mar sin féin, soláthróidh monaróir na hionstraime an t-eatramh cothabhála nó athsholáthair lena n-áirithítear nach dtitfidh an éifeachtúlacht asghlanta faoi bhun na gceanglas teicniúil. Mura soláthraítear an fhaisnéis sin, déanfar éifeachtúlacht asghlanta na gcáithníní soghalaithe a sheiceáil go bliantúil le haghaidh gach ionstraime.’

Iarscríbhinn 8, Mír 1., le leasú chun go léifear mar a leanas í:

‘1.

Réamhrá

Úsáidfear an modh meánaithe astaíochtaí laistigh d’achar ama ar leith chun measúnú a dhéanamh ar dhinimic fhoriomlán an turais. Tá an tástáil roinnte i bhforanna (achair ama) agus is é is aidhm don anailís ina dhiaidh sin a chinneadh an bhfuil an turas bailí chun críocha astaíochtaí fíorthiomána. Déanfar ‘normáltacht’ na n-achar ama a mheasúnú trína n-astaíochtaí fadsonracha CO2 a chur i gcomparáid le cuar tagartha a gheofar ó astaíochtaí CO2 na feithicle arna dtomhas i gcomhréir leis an tástáil WLTP.

Chun an Rialachán seo a chomhlíonadh, cuirfear an modh i bhfeidhm trí úsáid a bhaint as ceanglais WLTC 4-chéim agus i gcás inarb infheidhme ceanglais WLTC 3-chéim.’

Iarscríbhinn 8, mír 4.4.1.2., le leasú chun go léifear mar a leanas í:

‘4.4.1.2.

Achair ama meánluais

Saintréith d’achair ama meánluais is ea meán-talamhluasanna feithicle atá

Image 3
níos mó ná 45 km/h nó cothrom leis agus níos lú ná 80 km/h.

I gcás na bhfeithiclí sin atá feistithe le gaireas lena dteorannaítear luas na feithicle go 90 km/h, saintréith d’achair ama meánluais is ea meánluasanna feithicle

Image 4
is lú ná 70 km/h.’

Iarscríbhinn 8, mír 4.4.1.3., le leasú chun go léifear mar a leanas í:

‘4.4.1.3.

Achair ama ardluais

Saintréith d’achair ama ardluais is ea meán-talamhluasanna feithicle atá

Image 5
níos mó ná 80 km/h nó cothrom leis agus níos lú ná 145 km/h

I gcás na bhfeithiclí sin atá feistithe le gaireas lena dteorannaítear luas na feithicle go 90 km/h, saintréith d’achair ama ardluais is ea meánluasanna feithicle

Image 6
is mó ná 70 km/h nó cothrom leis agus is lú ná 90 km/h.’

Iarscríbhinn 8, teideal Fhíor A8/5 le leasú chun go léifear mar a leanas í:

‘Cuar saintréitheach CO2 na feithicle: sainmhínithe ar íseal-luas, ar mheánluas agus ar ardluas (Léirithe le haghaidh ICE agus NOVC-HEV) seachas na feithiclí sin atá feistithe le gaireas lena dteorannaítear luas na feithicle go 90 km/h’

Iarscríbhinn 8, teideal Fhíor A8/6 le leasú chun go léifear mar a leanas í:

‘Cuar saintréitheach CO2 na feithicle: sainmhínithe ar íseal-luas, ar mheánluas agus ar ardluas (Léirithe le haghaidh OVC-HEV) seachas feithiclí atá feistithe le gaireas lena dteorannaítear luas na feithicle go 90 km/h’

Iarscríbhinn 9, mír 3.1.3.1., le leasú chun go léifear mar a leanas í:

‘3.1.3.1.

Na torthaí a aicmiú (le haghaidh anailís le WLTP 4-chéim)

Tar éis ríomh ai agus (v × a)i, déanfar na luachanna vi, di, ai agus (v × a)i a rangú in ord ardaitheach de réir luas na feithicle.

Baineann na tacair sonraí uile ag a bhfuil (vi ≤ 60 km/h) leis an aicme luais ‘uirbeach’, baineann gach tacar sonraí ag a bhfuil (60 km/h < vi ≤ 90 km/h) leis an aicme luais ‘tuaithe’ agus baineann gach tacar sonraí ag a bhfuil (vi > 90 km/h) leis an aicme luais ‘mótarbhealaigh’.

I gcás feithiclí atá feistithe le gaireas lena dteorannaítear luas na feithicle go 90 km/h), baineann na tacair sonraí uile ag a bhfuil

Image 7
≤ 60 km/h leis an aicme luais ‘uirbeach’, baineann gach tacar sonraí ag a bhfuil 60 km/h <
Image 8
≤ 80 km/h leis an aicme luais ‘tuaithe’ agus baineann na tacair sonraí uile ag a bhfuil
Image 9
> 80 km/h leis an aicme luais ‘mótarbhealaigh’.

Beidh an líon tacar sonraí a bhfuil luachanna luasghéaraithe ai > 0,1 m/s2 acu níos mó ná 100 nó cothrom leis i ngach aicme luais.

…’

Iarscríbhinn 10, mír 4.3.3., le leasú chun go léifear mar a leanas í:

‘4.3.3.

An toradh deiridh a ríomh

Déanfar an gnóthachan ingearchló dearfach carnach a bhaineann le turas iomlán a ríomh trí gach grádán idirshuite agus réitithe bóthair dearfach a chomhtháthú, i.e. roadgrade,2(d). Ba cheart an toradh a normalú leis an bhfad tástála iomlán d tot agus é a shloinneadh i méadair de ghnóthachan ingearchló carnach in aghaidh fad céad ciliméadar.

Déanfar luas na feithicle ag an bpointe bealaigh vw a ríomh ansin thar gach pointe bealaigh scoite 1 m:

Image 10

I gcás inarb infheidhme, le haghaidh mheastóireacht WLTP 3-chéim, úsáidtear na tacair sonraí uile le vw ≤ 100 km/h chun gnóthachan carnach dearfach airde an turais iomláin a ríomh.

Déanfar gach ceann de na...’

Iarscríbhinn 11, Mír 1., le leasú chun go léifear mar a leanas í:

‘1.

Réamhrá

Tugtar tuairisc san iarscríbhinn seo ar an nós imeachta chun astaíochtaí critéar deiridh a ríomh le haghaidh turas iomlán astaíochtaí fíorthiomána agus an chuid uirbeach de le haghaidh WLTP 4-chéim agus i gcás inarb infheidhme, le haghaidh WLTP 3-chéim.’

Iarscríbhinn 11, Mír 3., le leasú chun go léifear mar a leanas í:

‘3.

Torthaí Astaíochtaí Fíorthiomána Idirmheánacha a ríomh

Image 11
agus
Image 12

Gheofar fachtóirí meastóireachta na dtorthaí astaíochtaí fíorthiomána

Image 13
(k=t=iomlán, k=u=uirbeach) trí úsáid a bhaint as na feidhmeanna a leagtar síos i mír 3.1. i gcás feithiclí ICE agus NOVC-HEV, agus i mír 3.2. i gcás feithiclí OVC-HEV. Tá léaráid ghrafach den mhodh ar fáil i bhFíor A11/1 thíos, agus tá na foirmlí matamaiticiúla le fáil i dTábla A11/1:

…’

Iarscríbhinn 12, an dara pointe urchair le cur isteach mar a leanas:

‘…

Iarscríbhinn:

Liosta de na cineálacha feithiclí lena mbaineann an deimhniú seo

Liosta de luachanna na n-astaíochtaí fíorthiomána uasta dearbhaithe le haghaidh gach cineál feithicle arna shloinneadh mar mg/km nó an líon cáithníní/km de réir mar is iomchuí.’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/1900/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top