EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 42009A0421(01)

An coinbhinsiún um imréiteach láraithe custaim, maidir le leithdháileadh na gcostas bailiúcháin náisiúnta a choinnítear agus acmhainní dílse traidisiúnta á gcur ar fáil do bhuiséad an AE

IO C 92, 21.4.2009, p. 1–11 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Foilsíodh an doiciméad seo in eagrán speisialta (HR)

Legal status of the document In force

21.4.2009   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C NaN/1


AN COINBHINSIÚN

um imréiteach láraithe custaim, maidir le leithdháileadh na gcostas bailiúcháin náisiúnta a choinnítear agus acmhainní dílse traidisiúnta á gcur ar fáil do bhuiséad an AE

2009/C 92/01

TÁ NA PÁIRTITHE CONARTHACHA, Ballstáit an Aontais Eorpaigh:

AG FÉACHAINT do Chinneadh 2007/436/CE, EURATOM ón gComhairle an 7 Meitheamh 2007 maidir le córas acmhainní dílse na gComhphobal Eorpach (dá ngairfear “an Cinneadh” anseo feasta),

AG FÉACHAINT do Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1150/2000 ón gComhairle an 22 Bealtaine 2000 lena ndéantar an Cinneadh thuasluaite maidir le hacmhainní dílse a chur chun feidhme (dá ngairfear “an Rialachán” anseo feasta),

ÓS É A dTUAIRIM, go bhféadfaí, le himréiteach láraithe, agus simplithe eile ar fhoirmiúlachtaí custaim, de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 450/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 lena leagtar síos Cód Custaim an Chomhphobail (dá ngairfear “an Cód Custaim Nuachóirithe” anseo feasta), dálaí a bheadh fabhrach don tráchtáil a chruthú,

DE BHRÍ go ndéantar leis an Údarú Aonair mar a shainmhínítear le hAirteagal 1(13) de Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93 ón gCoimisiún é na buntáistí céanna a chur ar fáil don tréimhse sin go dtí go mbeidh an Cód Custaim Nuachóirithe tagtha chun bheith infheidhme,

AG FÉACHAINT DON ráiteas ón gComhairle an 25 Meitheamh 2007 maidir le costais bhailiúcháin dleachta a roinnt, maidir le CBL agus maidir le staidreamh faoin gcóras láraithe imréitigh agus don ráiteas ón gComhairle agus ón gCoimisiún an 25 Meitheamh 2007 maidir le measúnacht ar fheidhmiú an chórais láraithe imréitigh,

AG CUR SAN ÁIREAMH Airteagal 17 agus Airteagal 120 den Chód Custaim Nuachóirithe lena bhforáiltear faoi seach d'aitheantas bhailíocht na gcinntí arna nglacadh ag na húdaráis custaim ar fud an Chomhphobail agus d'fheidhm dhochloíte thorthaí na bhfíoruithe ar fud chríoch an Chomhphobail,

DE BHARR AN MÉID SEO A LEANAS:

(1)

Leis an mbainistiú ar imréiteach láraithe, a bhféadfar simpliú a dhéanamh ar na foirmiúlachtaí custaim ina theannta, i gcás ina ndearbhófar gur le haghaidh saorchúrsaíochta i mBallstát atá earraí ach go dtíolacfar don chustam i mBallstát eile iad, beidh caiteachas riaracháin i gceist sa dá Bhallstát. Is údar é seo le hathdháileadh páirteach a dhéanamh ar na costais bhailiúcháin a choinnítear agus acmhainní dílse traidisiúnta á gcur ar fáil don bhuiséad Comhphobail i gcomhréir leis an Rialachán.

(2)

Is éard a bheidh san athdháileadh sin, a dhéanfaidh an Páirtí Conarthach i gcás ina dtaiscfear an dearbhú custaim chun tairbhe don Pháirtí Conarthach inar tíolacadh na hearraí, 50 % san iomlán de na costais bhailiúcháin a coinníodh.

(3)

Caithfear nósanna imeachta sonracha a ghlacadh i bhfoirm Coinbhinsiúin idir na Páirtithe Conarthacha, má táthar le hathdháileadh na gcostas bailiúcháin a chur chun feidhme go rianúil.

(4)

Caithfidh na Páirtithe Conarthacha an Coinbhinsiún seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir lena ndlíthe náisiúnta agus lena nósanna imeachta náisiúnta faoi seach,

TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:

CAIBIDIL I

RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

1.   Sainítear leis an gCoinbhinsiún seo na nósanna imeachta maidir le costais bhailiúcháin a athdháileadh agus acmhainní dílse á gcur ar fáil do bhuiséad an AE, ar nósanna imeachta iad a leanfaidh na Páirtithe Conarthacha i gcás imréitigh láraithe mar a shainmhínítear le hAirteagal 106 den Chód Custaim Nuachóirithe é, i gcás ina ndearbhófar gur le haghaidh scaoileadh i saorchúrsaíocht i mBallstát atá earraí ach go dtíolacfar don chustam i mBallstát eile iad.

2.   Beidh feidhm ag na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1 freisin nuair a bheidh coincheap an imréitigh láraithe ann i dteannta simplithe arna mbunú faoin gCód Custaim Nuachóirithe.

3.   Beidh feidhm ag na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1 freisin maidir leis an Údarú Aonair mar a shainmhínítear in Airteagal 1(13) de Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93 ón gCoimisiún é, le haghaidh scaoileadh i saorchúrsaíocht.

Airteagal 2

Chun críocha an Choinbhinsiúin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “údarú” aon údarú arna eisiúint ag na húdaráis chustaim lena gceadaítear earraí a scaoileadh i saorchúrsaíocht san oifig chustaim atá freagrach as an áit ina bhfuil sealbhóir an údaraithe bunaithe, beag beann ar an oifig chustaim ina ndéantar na hearraí a thíolacadh;

(b)

ciallaíonn “na hÚdaráis Chustaim um Údarú” Údaráis Chustaim an Bhallstáit rannpháirtigh a cheadaíonn na hearraí a scaoileadh i saorchúrsaíocht san oifig chustaim atá freagrach as an áit ina bhfuil sealbhóir an údaraithe bunaithe, beag beann ar an oifig chustaim ina ndéantar na hearraí a thíolacadh;

(c)

ciallaíonn “na hÚdaráis Chustaim Chúnta” Údaráis Chustaim an Bhallstáit rannpháirtigh a thugann cúnamh do na hÚdaráis Chustaim um Údarú agus maoirseacht á déanamh ar an nós imeachta agus i scaoileadh na n-earraí;

(d)

ciallaíonn “dleachtanna ar allmhairí ” dleachtanna custaim is iníoctha ar allmhairiú earraí;

(e)

ciallaíonn “costais bhailiúcháin” na méideanna a údaraítear do na Ballstáit a choinneáil, i gcomhréir le hAirteagal 2(3) den Chinneadh nó i gcomhréir le foráil chomhréire d'aon chinneadh ina dhiaidh sin a fhéadfaidh a ionad a ghabháil.

CAIBIDIL II

NA COSTAIS BHAILIÚCHÁIN A CHINNEADH AGUS A ATHDHÁILEADH

Airteagal 3

1.   Tabharfaidh Ballstát na nÚdarás Custaim um Údarú fógra do Bhallstát na nÚdarás Custaim Cúnta, trí mheán leictreonach nó, i gcás nach mbeidh sé sin ar fáil, trí aon mheán iomchuí eile, maidir leis an bhfaisnéis ábhartha a bhaineann le méid na gcostas bailiúcháin a bheidh le hathdháileadh.

2.   Cuirfidh na hÚdaráis Chustaim Chúnta an méid seo a leanas in iúl do na hÚdaráis Chustaim um Údarú:

(a)

ainm agus seoladh an údaráis atá inniúil chun an fhaisnéis a fháil faoi mhír 1;

(b)

tagairtí an chuntais bainc a n-íocfar méid na gcostas bailiúcháin a bheidh le hathdháileadh isteach ann.

3.   Is í seo a leanas an fhaisnéis ábhartha dá dtagraítear i mír 1:

(a)

aithinteoir an údaraithe;

(b)

an dáta a ndearnadh méid na n-acmhainní dílse a chur chun sochair cuntais i gcomhréir le hAirteagal 9 agus le hAirteagal 10 den Rialachán;

(c)

méid na n-acmhainní dílse a cuireadh ar fáil, ag cur san áireamh aon aisíoc a d'fhéadfaí a dhéanamh ar dhleachtanna ar allmhairí nó aon ghnóthú iar-imréitigh a d'fhéadfaí a dhéanamh orthu;

(d)

méid na gcostas bailiúcháin a coinníodh.

Airteagal 4

Is ionann méid na gcostas bailiúcháin a bheidh le hathdháileadh ag Ballstát na nÚdarás Custaim um Údarú ar Bhallstát na nÚdarás Custaim Cúnta agus caoga faoin gcéad (50 %) de mhéid na gcostas bailiúcháin a choinneofar.

Airteagal 5

1.   An íocaíocht dá dtagraítear in Airteagal 4, déanfar í an mhí ar lena linn a dhéanfar méid na n-acmhainní dílse arna suíomh a chur chun sochair cuntais i gcomhréir le hAirteagal 9 agus le hAirteagal 10 den Rialachán.

2.   Déanfar ús ar riaráistí a mhuirearú ar an méid dá dtagraítear i mír 1 ón dáta a rachaidh an tréimhse a forordaíodh in éag go dtí an dáta a ndéanfar an íocaíocht.

Is é an ráta úis ar fhiacha a bheidh ar an bhféichiúnaí a íoc ar riaráistí, suim an ráta úis a chuir an Banc Ceannais Eorpach i bhfeidhm ar an bpríomhoibríocht athairgeadaithe is deireanaí a rinne sé roimh an gcéad lá féilire den leathbhliain a bheidh i gceist (an ráta tagartha), móide dhá phointe céatadáin.

I gcás Ballstáit de chuid na nÚdarás Custaim um Údarú nach bhfuil rannpháirteach sa tríú céim den aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta, is é an ráta tagartha dá dtagraítear thuas an ráta coibhéiseach a bheidh leagtha síos ag a bhanc ceannais náisiúnta. Sa chás sin, beidh feidhm ar feadh na sé mhí ina dhiaidh sin ag an ráta tagartha a bheidh i bhfeidhm ar an gcéad lá féilire den leathbhliain a bheidh i gceist.

CAIBIDIL III

DÍOSPÓIDÍ A RÉITEACH

Airteagal 6

Aon díospóid a bheidh ann idir na Páirtithe Conarthacha maidir le léiriú nó feidhmiú an Choinbhinsiúin seo, réiteofar, a mhéid is féidir, trí chaibidlíocht í. Mura dtiocfar ar réiteach laistigh de thrí mhí, féadfaidh na Páirtithe Conarthacha lena mbaineann idirghabhálaí a roghnú, de thoil a chéile, chun an díospóid a réiteach.

CAIBIDIL IV

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 7

1.   Feidhmeoidh Ardrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh mar thaiscí an Choinbhinsiúin seo.

2.   Féadfaidh Ballstáit an Aontais Eorpaigh teacht chun bheith ina bPáirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún seo trí ionstraim dhaingniúcháin, ghlactha, formheasa nó aontachais a thaisceadh le hArdrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh, a luaithe a chomhlíonfar na nósanna imeachta inmheánacha is gá chun an Coinbhinsiún seo a ghlacadh.

3.   Tiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm nócha lá tar éis don Bhallstát sínitheach deireanach a dhearbhú go bhfuil na nósanna imeachta inmheánacha uile is gá chun an Coinbhinsiún seo a ghlacadh comhlíonta aige. Idir an dá linn, áfach, féadfaidh aon Bhallstát a mbeidh na nósanna imeachta sin comhlíonta aige a dhearbhú go gcuirfidh sé an Coinbhinsiún i bhfeidhm ina chaidreamh leis na Ballstáit sin a mbeidh an dearbhú céanna déanta acu, maidir leis na forálacha lena mbaineann an Coinbhinsiún seo.

4.   Cuirfear forálacha an Choinbhinsiúin seo in ionad na socruithe riaracháin uile atá idir Bhallstáit a bhaineann le méideanna na gcostas bailiúcháin a athdháileadh i staideanna a thagann faoi raon feidhme an Choinbhinsiúin seo, ón dáta a ndéanfar é a chur i bhfeidhm idir na Ballstáit lena mbaineann.

Airteagal 8

1.   Féadfaidh aon Pháirtí Conarthach leasuithe ar an gCoinbhinsiún seo a mholadh, go háirithe nuair a bheidh caillteanais mhóra bhuiséadacha i ndán don Pháirtí Conarthach de bharr an Coinbhinsiún seo a bheith á chur i bhfeidhm. Aon leasú a mholfar, cuirfear chuig an taiscí dá dtagraítear in Airteagal 7 é agus cuirfidh seisean in iúl do na Páirtithe Conarthacha é.

2.   Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha na leasuithe a ghlacadh de thoil a chéile.

3.   Maidir leis na leasuithe a ghlacfar i gcomhréir le mír 2, tiocfaidh siad i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 7.

Airteagal 9

Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha athbhreithniú ar an gCoinbhinsiún seo, tráth nach déanaí ná trí bliana tar éis an dáta a gcuirfear an Cód Custaim Nuachóirithe i bhfeidhm agus, más gá, féadfar é a leasú ar bhonn an athbhreithnithe sin, i gcomhréir le hAirteagal 8.

Airteagal 10

1.   Féadfaidh aon Pháirtí Conarthach an Coinbhinsiún seo a shéanadh ach fógra a thabhairt d'Ard-Rúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh éifeacht leis an séanadh nócha lá tar éis an dáta a bhfaighidh an tArd-Rúnaí fógra faoin séanadh.

Dá fhianú sin, chuir na Lánchumhachtaigh thíos-sínithe a lámh leis an gCoinbhinsiún seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an deichiú lá de Mhárta sa bhliain dhá mhíle is a naoi in aon scríbhinn bhunaidh amháin arna tarraingt suas sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris, agus comhúdarás ag na téacsanna go léir, agus taiscfear an scríbhinn bhunaidh i gcartlann Ard-Rúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh.

Voor de regering van het Koninkrijk België

Pour le gouvernement du Royaume de Belgique

Für die Regierung des Königreichs Belgien

Image

За правителството на Република България

Image

Za vládu České republiky

Image

For regeringen for Kongeriget Danmark

Image

Für die Regierung der Bundesrepublik Deutschland

Image

Eesti Vabariigi valitsuse nimel

Image

Thar ceann Rialtas na hÉireann

For the Government of Ireland

Image

Για την Κυβέρνηση της Ελληνικής Δημοκρατίας

Image

Por el Gobierno del Reino de España

Image

Pour le gouvernement de la République française

Image

Per il governo della Repubblica italiana

Image

Για την Κυβέρνηση της Κυπριακής Δημοκρατίας

Image

Latvijas Republikas valdības vārdā

Image

Lietuvos Respublikos Vyriausybės vardu

Image

Pour le gouvernement du Grand-Duché de Luxembourg

Image

A Magyar Köztársaság kormánya részéről

Image

Għall-Gvern ta’ Malta

Image

Voor de regering van het Koninkrijk der Nederlanden

Image

Für die Regierung der Republik Österreich

Image

W imieniu Rządu Rzeczypospolitej Polskiej

Image

Pelo Governo da República Portuguesa

Image

Pentru Guvernul României

Image

Za vlado Republike Slovenije

Image

Za vládu Slovenskej republiky

Image

Suomen hallituksen puolesta

På finska regeringens vägnar

Image

På svenska regeringens vägnar

Image

For the Government of the United Kingdom of Great Britain and Northern Ireland

Image


Top