Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026R2376

Rialachán (AE) 2026/2376 ón gCoimisiún an 28 Deireadh Fómhair 2026 lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/1616 a mhéid a bhaineann le bainistiú chlár an Aontais, doiciméadacht maidir le comhlíonadh, modhanna tástála, agus doiciméid atá le cur i láthair tráth a scaoilte i saorchúrsaíocht

C/2026/7474

IO L, 2026/2376, 29.10.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/2376/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force., Date of effect: 18/11/2026

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/2376/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/2376

29.10.2026

RIALACHÁN (AE) 2026/2376 ÓN gCOIMISIÚN

an 28 Deireadh Fómhair 2026

lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/1616 a mhéid a bhaineann le bainistiú chlár an Aontais, doiciméadacht maidir le comhlíonadh, modhanna tástála, agus doiciméid atá le cur i láthair tráth a scaoilte i saorchúrsaíocht

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le hábhair agus earraí atá beartaithe lena dteacht i dteagmháil1 le bia agus lena n-aisghairtear Treoracha 80/590/CEE agus 89/109/CEE (1), agus go háirithe Airteagal 5(1), an dara fomhír, pointí (h), (i), agus (k), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2022/1616 ón gCoimisiún (2), leagtar síos rialacha maidir le forbairt agus oiriúnacht teicneolaíochtaí athchúrsála agus maidir le próisis athchúrsála a údarú, agus maidir le hearraí agus ábhair déanta as plaisteach ina bhfuil plaisteach de thionscnamh dramhaíola a mhonarú, a mhargú agus a úsáid.

(2)

Léirítear leis an taithí a fuarthas ó tháinig an Rialachán sin i bhfeidhm gur gá na rialacha maidir le clárú suiteálacha athchúrsála a leagan síos ar bhealach níos mionsonraithe agus gur gá úsáid doiciméadachta comhlíontachta sa slabhra soláthair a shoiléiriú.

(3)

Ceanglaítear le Rialachán (AE) 2022/1616 go n-eiseoidh athchúrsálaithe agus tiontairí dearbhú comhlíontachta. Tá an Dearbhú ar a dtugtar tuairisc i gCuid A d’Iarscríbhinn III (Dearbhú A) le soláthar ag athchúrsálaithe, agus tá an Dearbhú ar a dtugtar tuairisc i gCuid B d’Iarscríbhinn III (Dearbhú B) le soláthar ag tiontairí. Mar sin féin, chun go mbeidh na hoibreoirí gnólachta uile sa slabhra soláthair in ann comhlíonadh Rialachán (AE) 2022/1616 a fhíorú agus a áirithiú, inrianaitheacht a choinneáil ar bun agus obair na n-údarás inniúil a éascú, ba cheart d’oibreoirí dearbhú comhlíontachta a sholáthar freisin ag céimeanna eile den mhodh monaraíochta laistigh den slabhra soláthair seachas do thomhaltóirí. Mar sin féin, chun ualach iomarcach ar oibreoirí ag deireadh an tslabhra soláthair a sheachaint, níor cheart oibleagáid a bheith ar oibreoirí gnólachta bia a úsáideann plaisteach ina bhfuil cion athchúrsáilte chun bia a phacáil dearbhú comhlíontachta a sholáthar i gcás ina soláthraíonn siad na treoracha agus an fhaisnéis is gá maidir le cion athchúrsáilte trí bhíthin lipéadaithe.

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004, agus dearbhú comhlíontachta á eisiúint acu, ní mór doiciméadacht tacaíochta a bheith ar fáil d’oibreoirí lena léirítear comhlíonadh. Chun comhlíonadh na hoibleagáide sin a éascú, is iomchuí a shoiléiriú, chun críocha Rialachán (AE) 2022/1616, gur cheart a chuimsiú sa doiciméadacht sin dearbhuithe a fuarthas ó chéimeanna den mhodh monaraíochta roimhe sin agus doiciméadacht eile a bhaineann le comhlíonadh Rialachán (AE) 2022/1616 ag an bplaisteach athchúrsáilte, agus gur cheart í a bheith ar fáil cheana féin tráth a eisíonn oibreoirí a ndearbhú comhlíontachta agus gur cheart í a chur faoi bhráid an údaráis inniúil, arna iarraidh sin dó, laistigh de 10 lá oibre.

(5)

Is léir ón taithí a fuarthas go bhfuil sé casta baiscuimhreacha a léiriú sa dearbhú comhlíontachta atá le soláthar do thiontairí agus d’oibreoirí a úsáideann plaisteach athchúrsáilte ag an gcéim dheiridh táirgthe, agus nach bhfuil gá leis sin tar éis an phointe sa slabhra monaraíochta nach ndéantar comhdhéanamh an phlaistigh a mhodhnú a thuilleadh ós rud é gur féidir an inrianaitheacht a áirithiú go leordhóthanach ansin bunaithe ar na dearbhuithe comhlíontachta a fuarthas. Dá bhrí sin, tiontairí agus oibreoirí a úsáideann plaisteach athchúrsáilte iarphróiseáilte ag a chéim tháirgthe deiridh, ba cheart cead a bheith acu dearbhú simplithe (‘Dearbhú C’) a eisiúint, gan baiscuimhreacha nua a shannadh, agus iad oiriúnaithe do na céimeanna deiridh den mhodh monaraíochta. Chun forfheidhmiú éifeachtúil a áirithiú, áfach, ba cheart a liostú sa dearbhú sin na suiteálacha athchúrsála a úsáidtear i monarú na gcomhpháirteanna de na hearraí atá déanta as cion athchúrsáilte.

(6)

Ionas go mbeidh athchúrsálaithe a fhaigheann ionchur plaisteach atá réamhphróiseáilte go páirteach agus ionchur plaisteach le haghaidh údaráis inniúla in ann a shuíomh an gcomhlíonann an t-ionchur plaisteach Rialachán (AE) 2022/1616 agus chun é a rianú i gcás ina bhfuil ceisteanna ann maidir lena cháilíocht nó lena thionscnamh, ba cheart Dearbhú comhlíontachta a eisiúint ag gach céim mhargaíochta de chéimeanna réamhphróiseála agus le haghaidh baisceanna ionchuir phlaistigh a eascraíonn as sin. Ba cheart tagairt a dhéanamh don dearbhú sin mar Dhearbhú P. Ba cheart na baisceanna faoi seach a lipéadú le baiscuimhir chun a sainaithint a éascú.

(7)

Le Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 ón gCoimisiún (3) ceadaítear athphróiseáil fuíollghearrthóga agus fuíll. Ní cheadaítear é sin go sainráite le Rialachán (AE) 2022/1616. Mar sin féin, ós rud é go bhféadfar athphróiseáil den sórt sin a dhéanamh freisin le fuíollghearrthóga agus fuíll de phlaisteach athchúrsáilte, ba cheart rialacha ina leith sin a leagan síos i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 10/2011.

(8)

Dramhaíl phlaisteach, ionchur plaisteach réamhphróiseáilte go páirteach, ionchur plaisteach, plaisteach athchúrsáilte, plaistigh athchúrsáilte iarphróiseáilte go páirteach, ábhair agus earraí plaisteacha athchúrsáilte agus táirgí a dhéantar astu, déantar iad a allmhairiú isteach san Aontas níos mó agus níos mó, agus tá siad le Rialachán (AE) 2022/1616 a chomhlíonadh nuair a chuirtear ar mhargadh an Aontais iad. Chun cosc a chur ar scaoileadh earraí agus ábhar neamhchomhlíontach atá déanta as plaisteach ina bhfuil cion athchúrsáilte i saorchúrsaíocht ar mhargadh an Aontais, agus chun inrianaitheacht thionscnamh na n-ábhar allmhairithe a choinneáil ar bun, ba cheart d’údaráis chustaim an Aontais an dearbhú comhlíontachta ábhartha a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2022/1616 a fháil tráth a iarrtar an scaoileadh i saorchúrsaíocht ar mhargadh an Aontais. Chun na críche sin, is iomchuí cóid tráchtearraí a thabhairt isteach le haghaidh na bplaisteach sin. Mar sin féin, chun cóid tráchtearraí a thabhairt isteach le haghaidh na bplaisteach athchúrsáilte uile ag céimeanna éagsúla dá slabhra monaraíochta, bheadh gá le difreáil mhionsonraithe le haghaidh polaiméirí aonair, bianna pacáilte agus táirgí áirithe eile amhail fearais, chomh maith le difreáil chuig céimeanna margaíochta. Chuige sin, bheadh gá le roinnt mhaith cód a thabhairt isteach, rud lena mbainfeadh ualach rómhór agus a mhéadódh an riosca go mbainfí míthuiscint as ag an teorainn. I bhfianaise an líon cód a theastódh agus nach dtáirgtear faoi láthair ach teireataláit phoileitiléine (‘PET’) le teicneolaíocht oiriúnach agus faoi réir spriocanna maidir le cion athchúrsáilte faoi reachtaíocht chomhshaoil an Aontais, níor cheart cóid den sórt sin a thabhairt isteach ach amháin le haghaidh earraí cistine agus gréithe agus le haghaidh PET lena n-áirítear más cuid d’ábhair ilsraitheanna iad, ach ní le haghaidh bia pacáilte, fearas pacáilte agus trealamh próiseála bia pacáilte fiú má phacáiltear in PET iad nó má mhonaraítear as PET iad.

(9)

Chun cúram na n-údarás custaim a éascú, agus chun sainaithint mhícheart agus calaois a chosc, ba cheart na cóid tráchtearraí a úsáidtear chun ábhair phlaisteacha athchúrsáilte a allmhairiú i gcomhréir le reachtaíocht chustaim an Aontais a lua sna dearbhuithe comhlíontachta a sholáthraítear le plaisteach ina bhfuil cion athchúrsáilte de thionscnamh tríú tíortha.

(10)

Tá tionchar mór ag stádas clárúcháin na suiteálacha dí-éillithe ar úsáid faoi seach na suiteálacha sin agus is coimirce thábhachtach é chun nach gcuirfear plaisteach neamhshábháilte athchúrsáilte ar mhargadh an Aontais. Mar sin féin, cuirtear bac ar chur chun feidhme iomlán an stádais clárúcháin i gcomhréir le hAirteagal 24(2), pointe (g) de Rialachán (AE) 2022/1616 mar gheall ar easpa nósanna imeachta atá sainithe go soiléir agus mar gheall ar liosta na stádas suiteála a d’fhéadfadh a bheith ann sa Chlár, ní féidir idirdhealú a dhéanamh idir cásanna éagsúla agus ní mór é a chur i gcrích chun gach cás a d’fhéadfadh a bheith ann le linn saolré suiteála a léiriú. Thairis sin, leis an gclárú atá ann faoi láthair, ní cheadaítear d’oibreoirí ná d’údaráis inniúla an stádas a athrú nuair a thagann athrú ar úsáid suiteála, rud a chuireann moill ar a cur chun feidhme ó thaobh riaracháin de agus a mhéadaíonn na rioscaí maidir le botúin. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach chun bainistiú a dhéanamh ar chlár an Aontais de theicneolaíochtaí núíosacha, athchúrsálaithe, próisis athchúrsála, scéimeanna athchúrsála agus suiteálacha dí-éillithe (‘an Clár’) rochtain ar an gcóras a éascú d’oibreoirí agus d’údaráis inniúla trí chóras clárúcháin leictreonach a chruthú ina bhfuil oibreoirí lena bhfaisnéis faoi seach a iontráil agus a mhodhnú go díreach faoi mhaoirseacht na n-údarás inniúil.

(11)

Níl aon riail shainithe ann faoi láthair a mhéid a bhaineann le sonraíochtaí mionsonraithe an ionchuir phlaistigh réamhphróiseáilte amhail iad siúd a thuairiscítear i bhfoscríbhinn A a ghabhann le tuairimí maidir le próisis athchúrsála a fhoilsíonn an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia. Chun sábháilteacht a áirithiú, ba cheart uasteorainneacha maidir leis na sonraíochtaí sin agus na modhanna sin chun comhlíonadh a fhíorú a leagan síos. Tá foráil déanta cheana féin maidir le modh chun na críche sin in Iarscríbhinn A a ghabhann le ISO 12418-2:2012 ar cheart a mheas go bhfuil sé iomchuí chun na críche sin. Tá modhanna breise á bhforbairt chun na críche céanna agus ba cheart iad a cheadú freisin ar choinníoll go bhfuil feidhmíocht chomhionann nó feidhmíocht níos fearr acu.

(12)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2022/1616 ón gComhairle a leasú dá réir sin.

(13)

Chun gur féidir le hoibreoirí oiriúnú do na hathruithe a bhunaítear leis an Rialachán seo ach i bhfianaise gur gá na hathruithe sin chun sláinte an duine a chosaint agus gur de chineál riaracháin amháin iad, táirgí a chomhlíonann Rialachán (AE) 2022/1616, de réir mar is infheidhme roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus a gceanglaítear Dearbhuithe A nó B ina leith, ba cheart cead a thabhairt iad a chur ar an margadh ar feadh tréimhse 3 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo fiú mura gcomhlíonann siad na rialacha a bhaineann leis na Dearbhuithe sin a leagtar síos sa Rialachán seo. Mar sin féin, ós rud é go dteastaíonn faisnéis ó oibreoirí ó chéimeanna níos luaithe chun Dearbhú C a eisiúint agus nach raibh gá le dearbhú ag céimeanna réamhphróiseála roimhe sin, ba cheart cead a thabhairt táirgí a chomhlíonann Rialachán (AE) 2022/1616, de réir mar is infheidhme roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus a gceanglaítear Dearbhuithe C nó P ina leith leis an Rialachán seo, a chur ar an margadh gan na dearbhuithe sin ar feadh tréimhse 6 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Chun aistriú rianúil a áirithiú, ba cheart é a bheith indéanta ábhair agus earraí plaisteacha athchúrsáilte a mhonarú ó tháirgí den sórt sin a chuirtear ar an margadh le linn na n-idirthréimhsí agus iad a chur ar an margadh go dtí go n-ídeofar na stoic.

(14)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2022/1616

Leasaítear Rialachán (AE) 2022/1616 mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 2(3) mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (13):

‘(13)

ciallaíonn “suiteáil dí-éillithe” trealamh sonrach idirnasctha a shuiteáiltear i saoráid athchúrsála a bhfuil próiseas dí-éillithe á oibriú aici.’

(b)

cuirtear isteach pointí (21) agus (22) seo a leanas:

‘(21)

ciallaíonn “scaoileadh i saorchúrsaíocht” an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 201 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1);

(22)

ciallaíonn “leathán” earraí plaisteacha idirmheánacha atá easbhrúite ina gcruth cothrom ar mhéid agus ar thiús leordhóthanach chun iad a bheith righin ag teocht chomhthimpeallach agus atá oiriúnach chun tráidirí teirmidheilbhithe a mhonarú.

(*1)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/952/oj).’;"

()  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/952/oj).’;

(2)

in Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

‘8.   Maidir leis an stádas clárúcháin a léirítear sa chlár a bunaíodh le hAirteagal 24 le haghaidh na suiteála dí-éillithe tráth mhonarú gach baisce plaistigh athchúrsáilte atá san ábhar plaisteach athchúrsáilte nó san earra plaisteach athchúrsáilte, déanfar é a chlárú mar ‘nuachláraithe’, “á shuíomh” nó “gníomhach”.’

;

(3)

leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheannteidil:

‘Ceanglais maidir le lipéadú’;

(b)

scriostar míreanna 1 agus 2;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e) de mhír 3:

‘(e)

nuair a thugtar treoracha breise sa dearbhuithe dá dtagraítear in Airteagal 5a, an tsiombail a shainmhínítear in ISO 7000 ag a bhfuil uimhir thagartha 1641.’

(4)

cuirtear isteach an t-Airteagal 5a seo a leanas:

‘Airteagal 5a

Ceanglais maidir le doiciméadacht chomhlíontachta

1.   Ag céimeanna margaíochta cé is moite den chéim mhiondíola, soláthróidh oibreoirí gnólachta dearbhú comhlíontachta i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 maidir le hábhair agus earraí atá faoi réir an Rialacháin seo.

2.   Suífidh oibreoirí gnólachta na dearbhuithe comhlíontachta dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir le hAirteagal 29.

3.   Ní ghlacfaidh oibreoirí gnólachta ach le hábhair phlaisteacha, earraí nó bia lena ngabhann pacáistíocht atá faoi réir an Rialacháin seo, a bhfuil an dearbhú comhlíontachta iomchuí ag gabháil leo.

4.   De mhaolú ar mhír 1, ní bheidh sé d’oibleagáid ar oibreoirí gnólachta bia a úsáideann táirgí ina bhfuil cion athchúrsáilte chun bia a phacáil dearbhú comhlíontachta a sholáthar do mhiondíoltóirí ná do na dáileoirí a sholáthraíonn do mhiondíoltóirí i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

faisnéis agus treoracha ábhartha is gá do na miondíoltóirí chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú agus do thomhaltóirí chun a áirithiú go soláthrófar úsáid shábháilte na dtáirgí ina bhfuil plaistigh athchúrsáilte trí lipéadú nó trí dhoiciméadacht iomchuí eile;

(b)

nach bhfuil aon difríocht idir aon fhaisnéis maidir le plaistigh athchúrsáilte na dtáirgí a bhfuil cion athchúrsáilte iontu agus an fhaisnéis atá sa dearbhú a fuair an t-oibreoir gnólachta bia i gcomhréir le mír 1.

Sa chás sin, ní bheidh feidhm ag mír 3.

Arna iarraidh sin d’údarás inniúil, nó do mhiondíoltóir nó dáileoir a sholáthraíonn sé d’oibreoir gnólachta bia a úsáideann ábhair agus earraí plaisteacha athchúrsáilte chun bia a phacáil, déanfaidh sé ceann amháin de na dearbhuithe comhlíontachta seo a leanas a sholáthar laistigh de 10 lá oibre ón iarraidh, i gcás ina ndéantar an iarraidh i gcomhthéacs rialaithe ag údarás inniúil, nó ar shlí eile laistigh de 20 lá oibre ón iarraidh:

(a)

an dearbhú comhlíontachta a fuair siad óna soláthróir;

(b)

dearbhú comhlíontachta nua arna eisiúint acu.

5.   Áiritheoidh oibreoirí gnólachta go stórálfar ina gcórais doiciméadachta, tráth eisiúna an dearbhaithe comhlíontachta, doiciméadacht tacaíochta chun a léiriú go gcomhlíonann na táirgí a chuireann siad ar an margadh ceanglais an Rialacháin seo. I gcás plaisteach athchúrsáilte, sa doiciméadacht beidh na taifid ábhartha uile a choimeádtar i gcomhréir le hAirteagal 7(4).

Cuirfear doiciméadacht tacaíochta ar fáil do na húdaráis inniúla laistigh de 10 lá oibre arna iarraidh sin dóibh.

6.   Féadfar dearbhú comhlíontachta a sholáthar mar dhoiciméad digiteach sínithe, ar choinníoll gur féidir é a chur ar fáil gan mhoill mar dhoiciméad aonair is féidir a léamh agus a phriontáil le bogearraí atá ar fáil go coitianta.

7.   Tá scaoileadh na dtáirgí seo a leanas i saorchúrsaíocht faoi réir an doiciméadacht a liostaítear i dTábla 6 d’Iarscríbhinn I a chur faoi bhráid na n-údarás custaim, faoi na cóid tráchtearraí shonraithe:

(a)

táirgí ina bhfuil plaisteach athchúrsáilte a mhonaraítear le teicneolaíocht athchúrsála oiriúnach i gcás ina léirítear ‘tá’ i gcolún 11 de Thábla 1 d’Iarscríbhinn I, chomh maith le hionchur plaisteach atá réamhphróiseáilte go páirteach, ionchur plaisteach agus plaisteach athchúrsáilte atá beartaithe lena úsáid chun iad a mhonarú, seachas bia pacáistithe, trealamh próiseála bia agus fearais bhia;

b)

gréithe agus earraí cistine a thagann faoi réim chód AC ex 3924 10 00 agus chód AC ex 3924 90 00 , más rud é go bhfuil plaisteach athchúrsáilte iontu;

c)

leatháin ilsraitheanna ina bhfuil sraith amháin ar a laghad de PET athchúrsáilte a úsáidtear taobh thiar de shraith bacainne feidhmiúla, gan beann ar chomhdhéanamh na sraithe bacainne, chomh maith le hionchur plaisteach agus PET athchúrsáilte atá beartaithe chun sraitheanna den sórt sin de PET athchúrsáilte a mhonarú.’

(5)

leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:

(a)

cuirtear an mhír 1a seo a leanas isteach:

‘1a.   Ní ghlacfar le baisceanna d’ábhar ionchuir plaisteach ach amháin chun dí-éilliú a dhéanamh ar choinníoll go bhfuil Dearbhú P, arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 29(1), ag gabháil leo.

I gcás ina bhfaigheann an t-athchúrsálaí dramhaíl phlaisteach nó ionchur plaisteach atá réamhphróiseáilte go páirteach go díreach agus ina gcuireann sé aon oibríochtaí réamhphróiseála breise i bhfeidhm chun ionchur plaisteach a tháirgeadh, áiritheoidh an t-athchúrsálaí go stórálfar taifead maidir leis an ionchur plaisteach sin ina chóras doiciméadachta nuair a thosóidh athchúrsáil na baisce ionchuir agus go mbeidh sonraí agus ráitis ann atá coibhéiseach leis na sonraí agus na ráitis a leagtar síos in Airteagal 29(1) le haghaidh Dhearbhú P.

Coinneoidh an t-athchúrsálaí Dearbhú P, nó an taifead coibhéiseach, ar feadh tréimhse 5 bliana ar a laghad.

Cuirfidh an t-athchúrsálaí Dearbhú P ar fáil do na húdaráis inniúla náisiúnta laistigh de 10 lá oibre ón iarraidh a fháil uathu.’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Beidh gach baisc de phlaisteach faoi réir taifead aonair maidir lena cáilíocht, agus sainaithneofar í le huimhir uathúil agus le hainm céime den mhodh monaraíochta as a dtagann sí. Comhfhreagróidh na baisceanna do na sainmhínithe i Roinn 2.4 den bhileog achoimre faireacháin ar chomhlíonadh dá dtagraítear i mír 3, pointe (c).

Coinneofar stór de na taifid sin ar bun i gcomhréir leis an bhformáid a leagtar síos i Roinn 4.1 den bhileog achoimre faireacháin ar chomhlíonadh dá dtagraítear i mír 3, pointe (c).

Coinneofar gach taifead ar feadh tréimhse 5 bliana ar a laghad.’

;

(6)

leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Beidh feidhm ag na hoibleagáidí seo a leanas maidir le tiontairí:

(a)

déanfaidh tiontairí plaisteach athchúrsáilte a iarphróiseáil i gcomhréir leis na treoracha i roinn 3 den dearbhú comhlíontachta a fuair siad i gcomhréir le hAirteagal 5a; agus,

(b)

i gcás ina mbeidh gá le treoracha chun a áirithiú go n-úsáidfear an plaisteach athchúrsáilte nó ábhair agus earraí plaisteacha athchúrsáilte go sábháilte nó go gcomhlíonfar an Rialachán seo go sábháilte, cuirfidh tiontairí na treoracha sin in iúl do thiontairí agus d’úsáideoirí ina dhiaidh sin trí bhíthin roinn 3 den dearbhú a sholáthraíonn siad i gcomhréir le hAirteagal 5a.’

(b)

cuirtear isteach na míreanna 1a agus 1b seo a leanas:

‘1a.   Fuíollghearrthóga agus fuíll de phlaisteach athchúrsáilte agus d’ábhair agus earraí plaisteacha athchúrsáilte a mhonaraítear i gcomhréir leis an Rialachán seo, féadfar iad a chur le plaisteach athchúrsáilte le linn oibríochtaí iarphróiseála i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go gcomhlíontar na forálacha is infheidhme maidir le hathphróiseáil a leagtar síos in Airteagal 10(2) de Rialachán (AE) Uimh. 10/2011, seachas Airteagal 10(2), pointe (c)(i), de;

(b)

go bhfuil Dearbhú B nó Dearbhú C, arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 29, ag gabháil leis na fuíollghearrthóga agus na fuíll, agus go n-áirítear sa Dearbhú sin an fhaisnéis a cheanglaítear i gcomhréir le pointe 10 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 10/2011.

1b.   Ag gach céim den mhodh monaraíochta atá faoi réir fhíorú na cáilíochta, lena n-áirítear ag céimeanna idirmheánacha más ann dóibh, beidh baisceanna de phlaisteach athchúrsáilte arna bpróiseáil ag an tiontaire faoi réir taifead aonair maidir lena gcáilíocht, agus sainaithneofar iad le huimhir uathúil agus le hainm céime den mhodh monaraíochta óna dtionscnaíonn siad.

Coinneoidh an tiontaire stór de na taifid sin ar bun agus coinneoidh sé gach taifead ar feadh tréimhse 5 bliana ar a laghad.’

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Úsáidfidh oibreoirí gnólachta bia ábhair agus earraí plaisteacha athchúrsáilte i gcomhréir leis na treoracha a áirítear i roinn 3 den dearbhú a fuair siad i gcomhréir le hAirteagal 5a nó leis na treoracha a fuarthas i gcomhréir le hAirteagal 5a(4).

Déanfaidh siad na treoracha ábhartha uile maidir le bia atá pacáilte sna hábhair agus sna nithe sin, agus/nó oibreoirí gnó bia eile a chur in iúl do thomhaltóirí.’

;

(7)

Leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

(a)

in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Gníomhóidh eintiteas dlíthiúil amháin i gcáil bainisteora ar scéim athchúrsála agus beidh sé freagrach as feidhmiú foriomlán na scéime athchúrsála.

Ar a laghad 15 lá oibre sula gcuirfear tús le hoibriú scéime athchúrsála, cuirfidh bainisteoir na scéime athchúrsála é sin in iúl, tríd an gcóras clárúcháin leictreonach don údarás inniúil sa chríoch ina bhfuil sí lonnaithe agus don Choimisiún chun críche a cláraithe i gclár an Aontais a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 24.

Soláthróidh an bainisteoir, sa chóras clárúcháin leictreonach, a ainm, a sheoladh, a dhaoine teagmhála, ainm na scéime, achoimre ar an scéim nach faide ná 300 focal, an mharcáil dá dtagraítear i mír 5, liosta de na críocha ina bhfuil oibreoirí gnó atá rannpháirteach sna scéimeanna, agus tagairtí d’aon suiteálacha dí-éillithe a úsáidtear sa scéim. Ina dhiaidh sin, áiritheoidh an bainisteoir go gcoimeádfar an fhaisnéis sin cothrom le dáta.’

b)

i mír 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

ní úsáidtear iad ach amháin chun na bianna a bhfuil siad beartaithe dóibh a tháirgeadh, a dháileadh, a stóráil, a thaispeáint agus a dhíol;’;

(8)

leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Sé mhí ar a laghad roimh thús oibriú na chéad suiteála dí-éillithe a oibrítear ar bhonn Airteagal 4(3), pointe (b), cláróidh an forbróir an teicneolaíocht núíosach trí bhíthin an chórais clárúcháin leictreonaigh dá dtagraítear in Airteagal 24a. Beidh stádas ‘nuashuite ag an ‘teicneolaíocht núíosach’.

Chun an teicneolaíocht núíosach a chlárú sa chlár a bhunaítear le hAirteagal 24, áireoidh an forbróir sa chlárlann leictreonach a ainm, a sheoladh, a dhaoine teagmhála, ainm na teicneolaíochta núíosaí, achoimre ar an teicneolaíocht núíosach nach faide ná 300 focal, Aimsitheoir Aonfhoirmeach Acmhainne (‘URL’) ina n-aimseoidh sé na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 4 agus in Airteagal 13(4), agus ainmneacha agus seoltaí nó uimhreacha aon saoráidí athchúrsála ina bhfuil sé beartaithe go dtarlóidh forbairt na teicneolaíochta.’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

‘8.   Laistigh de 5 mhí ón bhfógra a fháil, fíoróidh údarás inniúil ar tugadh fógra dó i gcomhréir le mír 2 an bhfuil na ceanglais a leagtar amach i míreanna 1 go 6 á gcomhlíonadh, agus fíoróidh sé na ceanglais a thagann ó mhír 7 go tráthrialta ina dhiaidh sin.

I gcás ina measann an t-údarás inniúil go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach i míreanna 1 go 6, athróidh an t-údarás inniúil stádas na teicneolaíochta núíosaí go “fíoraithe” sa chóras clárúcháin leictreonach.

I gcás nach féidir leis an údarás inniúil comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach i míreanna 1 go 6 a fhíorú, tabharfaidh sé fógra don fhorbróir maidir lena ábhair imní. Fanfaidh an teicneolaíocht núíosach ar tugadh fógra ina leith ‘nuashuite’ ansin go dtí go dtabharfaidh an forbróir aghaidh go sásúil ar ábhair imní an údaráis inniúil.

Nuair a bheidh stádas na teicneolaíochta núíosaí “fíoraithe”, liostófar an teicneolaíocht núíosach sa Chlár.’

(9)

leasaítear Airteagal 24 mar a leanas:

(a)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

‘(g)

stádas clárúcháin suiteálacha dí-éillithe agus teicneolaíochtaí núíosacha agus stair stádas clárúcháin gach eintitis den sórt sin trí dháta an mhodhnaithe agus an stádas roimh an modhnú a thaispeáint;’

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 3 agus 4:

‘3.   Beidh uimhreacha aitheantais uathúla sa Chlár mar a leanas:

(a)

uimhir údaraithe athchúrsála (“RAN”) le haghaidh próisis athchúrsála údaraithe;

(b)

uimhir an oibreora athchúrsála (“RON”) le haghaidh athchúrsálaithe;

(c)

uimhir suiteála athchúrsála (“RIN”) le haghaidh suiteálacha dí-éillithe;

(d)

uimhir na scéime athchúrsála (“RSN”) le haghaidh scéimeanna athchúrsála;

(e)

uimhir na saoráide athchúrsála (“RFN”) le haghaidh saoráidí athchúrsála; agus

(f)

uimhir na teicneolaíochta núíosaí (“NTN”) le haghaidh teicneolaíochtaí athchúrsála núíosacha.

4.   Chun críocha mhír 2, pointe (g), ciallóidh stádas clárúcháin suiteála:

(a)

“nuachláraithe”: cláraíodh an tsuiteáil agus féadfaidh sí a bheith ag oibriú, ach níor chuir an t-athchúrsálaí an bhileog achoimre faireacháin ar chomhlíonadh isteach;

(b)

“á shuíomh”: tá an tsuiteáil cláraithe agus ag oibriú, agus tá an t-athchúrsálaí tar éis an bhileog achoimre faireacháin ar chomhlíonadh a chur faoi bhráid an údaráis inniúil sa chríoch ina bhfuil sé lonnaithe ach níl an t-iniúchadh dá dtagraítear in Airteagal 26(3) curtha i gcrích go fóill;

(c)

“gníomhach”: tá an tsuiteáil ag oibriú, cuireadh isteach an bhileog achoimre faireacháin ar chomhlíonadh agus tá an t-iniúchadh dá dtagraítear in Airteagal 26(3) curtha i gcrích ag an údarás inniúil;

(d)

“neamhghníomhach”: níl an tsuiteáil in úsáid ar chúiseanna seachas na cúiseanna sin faoi phointí (e), (f) agus (g);

(e)

“curtha ar fionraí”: chuir údarás inniúil úsáid na suiteála ar fionraí mar gheall ar neamhchomhlíonadh an Rialacháin seo;

(f)

“iniúchadh ar feitheamh”: níor cuireadh an t-iniúchadh dá dtagraítear in Airteagal 26(3) i gcrích laistigh den spriocdháta is infheidhme;

(g)

“díchoimisiúnaithe”: stad an t-athchúrsálaí go buan den tsuiteáil a úsáid.

5.   Chun críocha mhír 2, pointe (g), ciallóidh stádas clárúcháin teicneolaíochta núíosaí:

(a)

“nuashuite”: chláraigh an forbróir an teicneolaíocht núíosach i gcomhréir le hAirteagal 10(2);

(b)

“fíoraithe”: fíoraíodh sainchomhad na teicneolaíochta núíosaí i gcomhréir le hAirteagal 10(8);

(c)

“measúnú arna iarraidh ag an bhforbróir”: d’iarr an forbróir an measúnú i gcomhréir le hAirteagal 14(2);

(d)

“measúnú arna iarraidh ag an gCoimisiún”: d’iarr an Coimisiún ar an Údarás measúnú a dhéanamh ar an teicneolaíocht núíosach i gcomhréir le hAirteagal 14(1);

(e)

“forbairt tréigthe”: chuir an forbróir in iúl nach leanfar leis an bhforbairt;

(f)

“ní mheastar gur oiriúnach é”: measadh nach raibh an teicneolaíocht oiriúnach i gcomhréir le hAirteagal 15(1);

(g)

“oiriúnach”: suíodh gur teicneolaíocht oiriúnach í an teicneolaíocht in Iarscríbhinn I.

6.   Beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas maidir le hiontrálacha sa Chlár a scriosadh:

(a)

i gcás inarb é stádas clárúcháin suiteála dí-éillithe “curtha ar fionraí” nó “iniúchadh ar feitheamh” agus nach n-athraítear é ar feadh bliana, scriosfar an iontráil maidir leis an tsuiteáil ábhartha go huathoibríoch ón gClár;

(b)

i gcás inarb é stádas clárúcháin suiteála dí-éillithe “díchoimisiúnaithe”, scriosfar an iontráil maidir leis an tsuiteáil ábhartha go huathoibríoch ón gClár bliain amháin tar éis dháta foilsithe an stádais sin sa Chlár;

(c)

i gcás inarb é stádas clárúcháin teicneolaíochta “forbartha tréigthe”, ‘ní mheastar gur oiriúnach é’ nó “oiriúnach”, scriosfar an iontráil maidir leis an teicneolaíocht núíosach ábhartha go huathoibríoch ón gClár bliain amháin tar éis dháta foilsithe an stádais sin sa Chlár;

(d)

iontrálacha a bhaineann le “hoibreoirí”, “saoráidí”, “teicneolaíochtaí núíosacha” agus “scéimeanna athchúrsála” atá nasctha le hiontráil scriosta maidir le suiteáil dí-éillithe nó teicneolaíocht núíosach, fanfaidh siad sa Chlár go dtí go scriosfar gach iontráil spleách ón gClár;

(e)

Tar éis scriosadh na n-iontrálacha, déanfar iad a chartlannú sa chóras clárúcháin leictreonach faoi réir Airteagal 24a agus beidh rochtain ag an gCoimisiún agus ag údaráis inniúla na mBallstát orthu i gcónaí.’

(10)

cuirtear isteach an t-Airteagal 24a seo a leanas:

‘Airteagal 24a

Córas clárúcháin leictreonach

1.   Chun an Clár a bhainistiú, úsáidfidh údaráis inniúla agus oibreoirí córas clárúcháin leictreonach neamhphoiblí.

Beidh sa chóras clárúcháin leictreonach an fhaisnéis a shonraítear in Airteagal 10(2) agus in Airteagal 24(2) agus (4), chomh maith le faisnéis teagmhála lena n-áirítear teagmhálaithe, liosta d’údaráis inniúla, agus aon fhaisnéis eile is gá chun an Clár a bhainistiú.

Beidh údaráis inniúla in ann an fhaisnéis maidir leis na ‘hoibreoirí’, ‘saoráidí’, “suiteálacha dí-éillithe”, forbróirí “teicneolaíochtaí núíosacha” agus eintitis a bhainistíonn ‘scéimeanna athchúrsála’ atá lonnaithe ina gcríoch a mhodhnú.

Ní bheidh ach údaráis inniúla ó na Ballstáit in ann an fhaisnéis uile a choimeádtar sa chóras clárúcháin leictreonach a léamh.

2.   Áiritheoidh na húdaráis inniúla iomláine agus cruinneas na faisnéise atá sa chóras clárúcháin leictreonach maidir leis na “hoibreoirí”, na “saoráidí”, na “suiteálacha dí-éillithe”, forbróirí “teicneolaíochtaí núíosacha” agus eintitis a bhainistíonn “scéimeanna athchúrsála” atá lonnaithe ina gcríoch.’

(11)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 25:

‘Airteagal 25

Lucht athchúrsála agus suiteálacha dí-éillithe a chlárú

1.   Tríocha lá oibre ar a laghad roimh dháta tosaigh tháirgeadh an phlaistigh athchúrsáilte i suiteáil dí-éillithe, cláróidh an t-athchúrsálaí an tsuiteáil trí úsáid a bhaint as an gcóras clárúcháin leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 24a(2) ina luafar an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

an tsaoráid athchúrsála chláraithe ina bhfuil an tsuiteáil lonnaithe;

(b)

an t-athchúrsálaí cláraithe atá freagrach as an tsuiteáil a oibriú;

(c)

uimhir údaraithe athchúrsála, más ann di;

(d)

an teicneolaíocht núíosach chláraithe, mura n-oibríonn an tsuiteáil ar bhonn teicneolaíocht oiriúnach;

(e)

an scéim athchúrsála chláraithe, más cuid de cheann í an tsuiteáil;

(f)

an t-údarás inniúil cláraithe sa chríoch ina bhfuil an tsuiteáil lonnaithe.

2.   In ainm na suiteála dí-éillithe beidh ainm próisis an phróisis athchúrsála ar a n-oibríonn sé.

Ceann díobh seo a leanas a bheidh in ainm an phróisis:

a)

i gcás go n-oibrítear an próiseas ar bhonn próisis údaraithe, ainm an phróisis sin;

b)

i gcás ina n-oibrítear an próiseas ar bhonn teicneolaíochta núíosaí, an t-ainm a sholáthraíonn forbróir na teicneolaíochta núíosaí sin;

c)

in aon chás eile, ainm a shannfaidh an t-oibreoir.

3.   Tar éis an clárú a chur i gcrích de réir mhír 1, déanfar stádas ‘nuachláraithe’ den stádas clárúcháin agus beidh feidhm ag Airteagal 26.

4.   Déanfaidh an t-athchúrsálaí dáta tosaigh tháirgeadh an phlaistigh athchúrsáilte a chur in iúl sa chóras clárúcháin leictreonach faoin lá a chuirfear tús leis an monarú sin.’

;

(12)

leasaítear Airteagal 26 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid a leanas seo in ionad mhíreanna 2, 3 agus 4:

‘2.   Laistigh de 30 lá ó dháta tosaigh tháirgeadh an phlaistigh athchúrsáilte le suiteáil, déanfaidh athchúrsálaithe an bhileog achoimre faireacháin ar chomhlíonadh a chur isteach sa chóras clárúcháin leictreonach. Déanfaidh athchúrsálaithe a úsáideann suiteáil atá bunaithe ar theicneolaíocht núíosach an fhaisnéis fhorlíontach agus an doiciméadacht tacaíochta dá dtagraítear in Airteagal 11(6) a uaslódáil freisin.

Tar éis an bhileog achoimre faireacháin ar chomhlíonadh a chur isteach, athrófar stádas an chlárúcháin go huathoibríoch go “á shuíomh”. Ní fhéadfar bileog achoimre faireacháin ar chomhlíonadh a ionadú sa chóras clárúcháin leictreonach ach amháin tar éis formheas a fháil ón údarás inniúil. I gcás athraithe, déanfar an fhaisnéis fhorlíontach agus an doiciméadacht tacaíochta dá dtagraítear in Airteagal 11(6) a ionadú.

3.   Fíoróidh an t-údarás inniúil an bhfuil an fhaisnéis a chuirfear ar fáil ar an mbileog achoimre faireacháin maidir le comhlíonadh i gcomhréir leis an Rialachán seo agus déanfaidh sé iniúchadh ar an tsuiteáil athchúrsála chun na críche sin i gcomhréir le hAirteagal 27.

Nuair a shuitear comhlíonadh, athróidh an t-údarás inniúil an stádas sa chóras clárúcháin leictreonach go stádas “gníomhach2.

I gcás nach féidir comhlíonadh a shuíomh, iarrfaidh an t-údarás inniúil ar an athchúrsálaí faisnéis bhreise a sholáthar nó foirmíocht nó oibriú na suiteála a athrú. Nuair is gá, tabharfaidh an t-athchúrsálaí an bhileog achoimre faireacháin ar chomhlíonadh cothrom le dáta gan mhoill.

I gcás ina measfaidh an t-údarás inniúil ina dhiaidh sin nach bhfuil foirmíocht nó oibriú na suiteála athchúrsála fós i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo, athróidh an t-údarás inniúil stádas an chláraithe sa chlár leictreonach go “curtha ar fionraí”.

4.   Ón dáta a bheidh an stádas clárúcháin “gníomhach”, cuirfidh an t-athchúrsálaí an t-údarás inniúil ar an eolas gan mhoill faoi aon athrú riaracháin nó oibríochtúil a dhéanann difear don fhaisnéis sa chóras clárúcháin leictreonach.

Fíoróidh an t-athchúrsálaí gach 6 mhí an bhfuil an fhaisnéis sa chóras clárúcháin leictreonach fós cruinn agus deimhneoidh sé don údarás inniúil í tríd an gcóras clárúcháin leictreonach.’

;

(b)

cuirtear an mhír 5 seo a leanas isteach:

‘5.   Más rud é, tar éis bliain amháin ón dáta tosaigh ar tháirgeadh plaisteach athchúrsáilte sa tsuiteáil dí-éillithe, go bhfuil stádas suiteála den sórt sin fós ‘á shuíomh’, déanfar “iniúchadh ar feitheamh” den chlárú sa chóras clárúcháin leictreonach go huathoibríoch.

Tabharfar rabhadh go huathoibríoch don údarás inniúil agus don athchúrsálaí 30, 10 agus 3 lá sula ndéanfar “iniúchadh ar feitheamh” de stádas na suiteála.’

;

(13)

cuirtear isteach an t-Airteagal 26a seo a leanas:

‘Airteagal 26a

Díghníomhachtú agus díchoimisiúnú suiteálacha dí-éillithe agus athrú ar an bpróiseas athchúrsála a oibrítear

1.   Éireoidh stádas suiteála dí-éillithe “neamhghníomhach” go huathoibríoch i gceachtar de na cásanna seo a leanas:

(a)

nach gcuirtear isteach an bhileog achoimre faireacháin ar chomhlíonadh agus an fhaisnéis agus an doiciméadacht is gá sa chóras clárúcháin leictreonach laistigh de 3 mhí ó rinneadh an stádas “nuachláraithe”, i gcomhréir le hAirteagal 26(2);

(b)

ní dheimhníonn an t-athchúrsálaí cruinneas an chlárúcháin laistigh de 30 lá oibre tar éis na tréimhse 6 mhí dá dtagraítear in Airteagal 26(4), an dara fomhír.

Tabharfar rabhadh go huathoibríoch don údarás inniúil agus don athchúrsálaí 30, 10 agus 3 lá sula n-éireoidh an stádas suiteála “neamhghníomhach”.

2.   Déanfar stádas suiteála dí-éillithe “díchoimisiúnaithe” go huathoibríoch 6 mhí tar éis an dáta a tháinig sé chun bheith ‘neamhghníomhach’ de bhun mhír 1. Beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach i mír 4, an dara fomhír.

Tabharfar rabhadh go huathoibríoch don Choimisiún, don údarás inniúil, agus don athchúrsálaí 30, 10 agus 3 lá sula ndéanfar stádas suiteála ‘díchoimisiúnaithe’ de.

3.   Féadfaidh athchúrsálaí stádas clárúcháin suiteála dí-éillithe a athrú go stádas ‘neamhghníomhach’ ar choinníoll go raibh an stádas clárúcháin “gníomhach” nó ‘á shuíomh’ ar feadh 5 mhí as a chéile ar a laghad díreach roimh an athrú sin.

4.   Tar éis 6 mhí ar a laghad ón dáta a tháinig an stádas chun bheith “neamhghníomhach” i gcomhréir le mír 3, féadfaidh an t-athchúrsálaí a ghníomhaíocht athchúrsála a atosú trí úsáid a bhaint as an tsuiteáil dí-éillithe.

I gcás inar mhair an tréimhse neamhghníomhach níos lú ná 20 mí, athróidh an stádas clárúcháin go huathoibríoch go dtí an stádas céanna a bhí aige sular tháinig sé chun bheith “neamhghníomhach”. Más rud é go raibh an stádas roimh an athrú “á shuíomh”, cuirfear moill ar dháta éaga na tréimhse bliana dá dtagraítear in Airteagal 26(5) de réir fhad na tréimhse ina raibh stádas ‘neamhghníomhach’ aige.

I gcás inar mhair an tréimhse neamhghníomhach 20 mí nó níos mó, athróidh an stádas clárúcháin go “á shuíomh”. Beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 26 agus is é dáta tosaigh an táirgthe an lá a athraítear an stádas clárúcháin go ‘á shuíomh’.

5.   I gcás nach n-oibríonn an t-athchúrsálaí suiteáil dí-éillithe a thuilleadh, athróidh sé a stádas clárúcháin go “díchoimisiúnaithe”.

Bliain amháin tar éis an dáta a athraíodh an stádas go “díchoimisiúnaithe”, scriosfar an iontráil a bhaineann leis an tsuiteáil dí-éillithe go huathoibríoch ón gClár de bhun Airteagal 24(6)(b).

6.   Má tá sé beartaithe suiteáil dí-éillithe, a bhfuil a stádas clárúcháin athraithe go “díchoimisiúnaithe” i gcomhréir le mír 4, a oibriú de réir próiseas athchúrsála nua, cláróidh an t-athchúrsálaí í faoi ainm difriúil i gcomhréir le hAirteagal 26 lá amháin ar a laghad roimh thús an táirgthe.

7.   I gcás ina n-úsáidtear suiteáil dí-éillithe chun plaisteach athchúrsáilte a mhonarú bunaithe ar níos mó ná próiseas athchúrsála amháin, clárófar an tsuiteáil i gcomhréir le hAirteagal 26 le haghaidh gach próisis athchúrsála a n-úsáidtear é lena aghaidh.’

(14)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 27:

‘Airteagal 27

Rialuithe oifigiúla ar shuiteálacha athchúrsála

Go háirithe, mar chuid de na rialuithe oifigiúla ar shuiteálacha athchúrsála agus ar athchúrsálaithe déanfar iniúchtaí i gcomhréir le hAirteagal 14, pointe (i), de Rialachán (AE) 2017/625.

(1)

Comhlánófar na hiniúchtaí sin leis an méid seo a leanas:

(a)

measúnú ar nósanna imeachta maidir le dea-chleachtais mhonaraíochta i gcomhréir le hAirteagal 14, pointe (d), de Rialachán (AE) 2017/625;

(b)

scrúdú i gcomhréir le hAirteagal 14, pointí (a) agus (e), de Rialachán (AE) 2017/625, ar an mbileog achoimre faireacháin ar chomhlíonadh a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 26, agus, ar bhonn na bileoige achoimre sin, ar na rialuithe atá curtha i bhfeidhm ag oibreoirí agus ar na doiciméid agus na taifid dá dtagraítear sa bhileog achoimre sin.

‘2.

Rialuithe oifigiúla ó údaráis inniúla náisiúnta ná rialuithe ó údaráis inniúla tríú tíortha ar shuiteálacha athchúrsála seachas an fíorú nach bhfuil an tsuiteáil á húsáid i gcomhréir leis an Rialachán seo, ní dhéanfar na rialuithe sin nuair is é “neamhghníomhach”, nó “díchoimisiúnaithe” an stádas clárúcháin.’

;

(15)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 29:

‘Airteagal 29

Ceanglais shonracha maidir le dearbhuithe comhlíontachta

1.   Nuair a chuirtear ionchur plaisteach atá réamhphróiseáilte go páirteach agus ionchur plaisteach ar an margadh san Aontas, beidh dearbhú comhlíontachta ag gabháil le baisceanna ina sonrófar go gcomhlíontar na coinníollacha agus na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 6 agus i gcomhréir leis an tuairisc agus leis an teimpléad a leagtar amach i gCuid P d’Iarscríbhinn III. Déanfar tagairt don dearbhú sin mar “Dearbhú P”.

2.   Nuair a chuirtear plaisteach athchúrsáilte ar an margadh san Aontas, beidh dearbhú comhlíontachta i gcomhréir leis an tuairisc agus leis an teimpléad a leagtar amach i gCuid A d’Iarscríbhinn III ag gabháil le gach baisc a thagann go díreach ó phróiseas dí-éillithe nach ndearnadh a iarphróiseáil. Déanfar tagairt don dearbhú comhlíontachta sin mar “Dearbhú A” agus eiseoidh an t-athchúrsálaí é.

3.   Nuair a chuirtear plaisteach athchúrsáilte ar an margadh agus nuair is de thionscnamh oibríochtaí iarphróiseála é, beidh dearbhú comhlíontachta i gcomhréir leis an tuairisc agus leis an teimpléad a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn III ag gabháil le baisceanna. Déanfar tagairt don dearbhú comhlíontachta sin mar “Dearbhú B” agus is é an tiontaire a mhonaraigh an bhaisc a eiseoidh é.

I gcás ina ndéanann tiontaire a eisíonn Dearbhú B na hoibríochtaí dí-éillithe freisin, ba cheart dó a áirithiú go stóráiltear taifead atá coibhéiseach le Dearbhú A ina chóras doiciméadachta.

4.   De mhaolú ar mhír 3, maidir le plaisteach athchúrsáilte nach bhfuil a chomhdhéanamh le hathrú in oibríochtaí próiseála ina dhiaidh sin, féadfaidh dearbhú comhlíontachta a bheith ag gabháil leis i gcomhréir leis an tuairisc agus leis an teimpléad a leagtar amach i gCuid C d’Iarscríbhinn III. Déanfar tagairt don dearbhú comhlíontachta sin mar ‘Dearbhú C’.

Ní fhéadfaidh ach oibreoir a bhfuil Dearbhú A nó Dearbhú B faighte aige óna sholáthróir, nó oibreoir a d’eisigh agus a stóráil go hinmheánach ina chóras doiciméadachta taifead atá coibhéiseach ar a laghad le Dearbhú A sínithe nó le Dearbhú B sínithe, Dearbhú C a eisiúint.

Beidh Dearbhú C ag gabháil le hábhair agus earraí plaisteacha athchúrsáilte ag gach céim mhargaíochta atá fágtha ag a sholáthrófar Dearbhú i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Ní dhéanfar comhdhéanamh ábhar agus earraí plaisteacha athchúrsáilte lena ngabhann Dearbhú C a mhodhnú d’aon ghnó le linn aon chéim mhargaíochta ina dhiaidh sin. Ní mheasfar gur athrú é substaintí a chur leis an bplaisteach athchúrsáilte le linn céimeanna margaíochta ina dhiaidh sin faoi suas le 1 % (w/w) san iomlán. Sonrófar an méid a chuirfear leis ag gach céim ina dhiaidh sin i nDearbhú C.

Chun críocha na míre seo, measfar nach n-athrófar comhdhéanamh ábhar agus earraí plaisteacha athchúrsáilte trí leatháin a theirmidheilbhiú agus a ghearradh, trí choimeádáin a shéideadh ó réamhfhoirmeacha, trí lipéid agus caipíní a cheangal, trí iad a líonadh le bia, a lipéadú, a dhúnadh, a ghliúáil agus a ghearradh agus trí oibríochtaí eile nach modhnaíonn comhdhéanamh ceimiceach an ábhair phlaistigh athchúrsáilte.

5.   Oibreoirí a dhéanann oibríochtaí nach n-athraíonn comhdhéanamh ábhair nó earra phlaistigh athchúrsáilte, féadfaidh siad an dearbhú comhlíontachta a fuair siad leis an ábhar nó earra plaisteach athchúrsáilte óna soláthróir a chur ar aghaidh chuig an gcéad oibreoir eile sa slabhra soláthair, gan a ndearbhú féin a eisiúint.

6.   I nDearbhuithe A, B agus C beidh treoracha iomchuí bunaithe ar na sonraíochtaí, na ceanglais nó na srianta a leagtar amach le haghaidh na teicneolaíochta athchúrsála a cuireadh i bhfeidhm agus, i gcás inarb infheidhme, le haghaidh an phróisis athchúrsála a úsáideadh, chomh maith leis na treoracha a sholáthraítear in Iarscríbhinn III.

7.   Cuirfidh oibreoirí an dearbhú comhlíontachta a fuair siad óna soláthróir ar fáil d’údaráis inniúla arna iarraidh sin dóibh.’

(16)

Leasaítear Iarscríbhinní I agus III i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Bearta idirthréimhseacha

1.   Táirgí a chomhlíonann Rialachán (AE) 2022/1616, de réir mar is infheidhme roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus a gceanglaítear Dearbhuithe A nó B ina leith, féadfar iad a chur ar an margadh go dtí an 18 Feabhra 2027 fiú mura gcomhlíonann siad na rialacha maidir leis na Dearbhuithe sin a leagtar síos sa Rialachán seo.

2.   Táirgí a chomhlíonann Rialachán (AE) 2022/1616, de réir mar is infheidhme roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus a gceanglaítear Dearbhuithe C nó P ina leith leis an Rialachán seo, féadfar iad a chur ar an margadh gan na dearbhuithe sin go dtí an 18 Bealtaine 2027.

3.   Ábhair agus earraí plaisteacha athchúrsáilte a mhonaraítear as táirgí a chuirtear ar an margadh i gcomhréir le míreanna 1 nó 2, féadfar iad a chur ar an margadh go dtí go n-ídeofar na stoic.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Deireadh Fómhair 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 338, 13.11.2004, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2004/1935/oj.

(2)  Rialachán (AE) 2022/1616 ón gCoimisiún an 15 Meán Fómhair 2022 maidir le hábhair phlaisteacha athchúrsáilte agus earraí plaisteacha athchúrsáilte atá beartaithe lena dteacht i dteagmháil le bianna agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 282/2008 (IO L 243, 20.9.2022, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/1616/oj).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2011 maidir le hábhair phlaisteacha agus earraí plaisteacha atá beartaithe lena dteacht i dteagmháil le bia (IO L 12, 15.1.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/10/oj).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinní I agus III a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/1616 mar a leanas:

1.

Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 1:

‘(1)

(2)

(3)

(4)

(5)

(6)

(7)

(8)

(9)

(10)

(11)

Uimhir teicneolaíochta athchúrsála

Ainm na teicneolaíochta

Cineál polaiméire (sonraíocht mhionsonraithe i dTábla 2)

Tuairisc ghairid ar theicneolaíocht na hathchúrsála (sonraíocht mhionsonraithe i dTábla 3)

 

Sonraíocht ar ionchur plaisteach

Sonraíocht an aschuir

Faoi réir údarú na bpróiseas aonair

Sonraíochtaí agus ceanglais (tagairt do thábla 4)

Maoluithe (tagairt do thábla 5)

Tá feidhm ag an scéim athchúrsála

Ceanglas doiciméadachta tráth a scaoilte i saorchúrsaíocht (tagairt do Thábla 6)

1

Athchúrsáil PET meicniúil iarthomhaltais

PET (2.1)

Athchúrsáil mheicniúil (3.1)

 

PET PCW nite agus triomaithe ina bhfuil 5 % ar a mhéad d’ábhair agus d’earraí a úsáideadh i dteagmháil le hábhair nó substaintí neamhbhia. Seo a leanas torthaí tástála de thástáil i gcomhréir le hIarscríbhinn A de ISO-12418-2:2012 nó le modh inar féidir feidhmíocht choibhéiseach nó níos airde a léiriú: m1/m0 ≤ 500 csm, m2/m0 ≤ 200 csm, agus m3/m0 ≤ 500 csm.

PET dí-éillithe, ábhair agus earraí deiridh nach bhfuil le húsáid in oighinn micreathonnta agus i ngnáthoighinn; d’fhéadfadh feidhm a bheith ag sonraíochtaí breise maidir le haschur ó phróisis aonair

Tá

-

-

Níl

Tá (6.1)

2

Athchúrsáil ó lúba táirge atá i slabhra iata agus rialaithe

Na polaiméirí uile a monaraíodh mar ábhair phríomhúla i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 10/2011

Glanadh bunúsach agus dí-éilliú micribhitheolaíoch le linn athmhúnlú (3.2)

 

Ábhair phlaisteacha nach bhfuil éillithe go ceimiceach agus earraí a tháirgtear ó pholaiméir aonair nó ó pholaiméirí comhoiriúnacha a úsáideadh nó a ceapadh lena n-úsáid faoi na coinníollacha úsáide céanna agus a fhaightear ó lúb táirge amháin atá i slabhra iata agus rialaithe, agus lena n-eisiatar bailiú ó thomhaltóirí

Ábhair agus earraí athbhriste atá beartaithe lena n-úsáid chun na críche céanna agus faoi na coinníollacha céanna úsáide leis na hábhair agus na hearraí a scaiptear sa scéim athchúrsála óna bhfuarthas an t-ionchur plaisteach

Níl

4.1

-

Tá

Níl’

(b)

cuirtear isteach an tábla seo a leanas:

‘Tábla 6

Ceanglas doiciméadachta tráth a scaoilte i saorchúrsaíocht i gcomhréir le hAirteagal 5a(4)

Uimhir thagartha 6.1 Cóid AC is infheidhme maidir le PET

Dearbhú comhlíontachta

 

ex 3907 61 00

Teireataláit phoileitiléine ag a bhfuil uimhir shlaodachta 78 ml/g nó níos airde, arna haisghabháil ó dhramhaíl, atá oiriúnach nó beartaithe lena húsáid i dteagmháil le bia

Dearbhú P, A nó B

ex 3907 69 00

Teireataláit phoileitiléine eile, arna haisghabháil ó dhramhaíl, atá oiriúnach nó beartaithe lena húsáid i dteagmháil le bia

Dearbhú P, A nó B

ex 3915 90 20

Dramhaíl teireataláite poileitiléine, atá beartaithe lena húsáid i dteagmháil le bia

Dearbhú P

ex 3923 30 10

Carbáigh, buidéil, fleascanna agus nithe de chineál céanna: ina bhfuil toilleadh nach mó ná dhá lítear, as teireataláit phoileitiléine, ina bhfuil cion athchúrsáilte atá oiriúnach lena úsáid i dteagmháil le bia

Dearbhú C

ex 3923 30 90

Carbáigh, buidéil, fleascanna agus nithe de chineál céanna: ina bhfuil toilleadh níos mó ná dhá lítear, as teireataláit phoileitiléine, ina bhfuil cion athchúrsáilte atá oiriúnach lena úsáid i dteagmháil le bia

Dearbhú C

 

ex 3920 62 19

Plátaí, leatháin, scannán, scragall agus stiallacha eile, as plaistigh neamhcheallacha, nach bhfuil treisithe, lannaithe, faoi thacú nó i gcumasc ar an gcuma chéanna le hábhair eile, as teireataláit phoileitiléine nach mó ná 0,35 mm ar tiús, ina bhfuil cion athchúrsáilte atá oiriúnach lena úsáid i dteagmháil le bia

Dearbhú C

 

ex 3920 62 90

Plátaí, leatháin, scannán, scragall agus stiallacha eile, as plaistigh neamhcheallacha, nach bhfuil treisithe, lannaithe, faoi thacú nó i gcumasc ar an gcuma chéanna le hábhair eile, as teireataláit phoileitiléine, atá níos mó ná 0,35 mm ar tiús, ina bhfuil cion athchúrsáilte atá oiriúnach lena úsáid i dteagmháil le bia

Dearbhú C

 

ex 3919 10 80

Plátaí, leatháin, scannán, scragall agus cruthanna cothroma eile atá féinghreamaitheach, as plaistigh, i rollaí nach mó ná 20 cm ar leithead, as teireataláit phoileitiléine ina bhfuil cion athchúrsáilte atá oiriúnach lena úsáid i dteagmháil le bia

Dearbhú C

 

ex 3919 90 80

Plátaí, leatháin, scannán, scragall agus cruthanna cothroma eile atá féinghreamaitheach, as plaistigh, as teireataláit phoileitiléine, ina bhfuil cion athchúrsáilte atá oiriúnach lena úsáid i dteagmháil le bia

Dearbhú C

 

ex 3923 10 90

Nithe chun earraí a iompar nó a phacáil, as plaistigh; boscaí, cásanna, cliathbhoscaí agus earraí comhchosúla, as teireataláit phoileitiléine, ina bhfuil cion athchúrsáilte atá oiriúnach lena úsáid i dteagmháil le bia

Dearbhú C

 

ex 3923 90

Earraí eile chun earraí a iompar nó a phacáil, as plaistigh; déanta as teireataláit phoileitiléine ina bhfuil cion athchúrsáilte atá oiriúnach lena úsáid i dteagmháil le bia

Dearbhú C

 

ex 3924 10 00

Gréithe agus earraí cistine, as teireataláit phoileitiléine ina bhfuil cion athchúrsáilte atá oiriúnach lena úsáid i dteagmháil le bia

Dearbhú C

 

ex 3924 90 00

Earraí teaghlaigh eile, as plaistigh, as teireataláit phoileitiléine ina bhfuil cion athchúrsáilte atá oiriúnach lena úsáid i dteagmháil le bia

Dearbhú C‘

2.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn III:

‘

IARSCRÍBHINN III

Teimpléid le haghaidh Dearbhuithe comhlíontachta

Is ar mhaithe le míniú amháin atá an fhaisnéis a thugtar i gCuid A go Cuid C agus i gCuid P i gcló iodálach agus fágfar amach as aon réimse inlíonta í i nDearbhú arna eisiúint i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Líonfar isteach gach réimse sna teimpléid sin, mura sonraítear a mhalairt sa réimse.

CUID P

Dearbhú P: Dearbhú atá le húsáid ag oibreoirí i gcomhréir le hAirteagal 6(1)

DEARBHÚ COMHLÍONTACHTA i gcomhréir le hAirteagal 6(1) de RIALACHÁN (AE) 2022/1616 (‘Dearbhú P’)

Dearbhaímse, a bhfuil mo shíniú anseo thíos, in ainm [CUIR AINM AN OIBREORA LEIS] mar a shainaithnítear i Roinn 1.1, gur táirgeadh an plaisteach réamhphróiseáilte go páirteach nó t-ionchur plaisteach a shainaithnítear i Roinn 1.2 i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/1616. Dearbhaím leis seo go bhfuil ábhar an dearbhaithe seo ceart chomh fada agus is eol dom agus i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/1616.

Roinn 1: Sainaithint

1.1.1

Céannacht an oibreora a eisíonn an dearbhú

 

1.1.2

Seoladh an oibreora a eisíonn an dearbhú

 

1.2.1

Céannacht an táirge lena mbaineann an dearbhú

 

1.2.2

Baiscuimhir

 

1.2.3

Cineál polaiméire (*)

 

1.3

Cód tráchtearra a úsáidtear chun an táirge lena mbaineann an dearbhú na scaoileadh i saorchúrsaíocht, más rud é gur allmhairíodh é

 

Roinn 2: Comhlíonadh (féach na treoracha faoin teimpléad seo)

2.1

Tionscnamh

☐

AE

☐

Neamh-AE

2.2

An modh bailithe

(I gcás inar meascán de SAÉ [scéim aisíoctha éarlaise], PCW agus ‘teicneolaíocht núíosach’ é an t-ábhar bailithe, soláthrófar céatadáin gach codáin)

…%

Scéim aisíoctha éarlaise (SAÉ)

 

 

…%

PCW

 

…%

Córas bailithe teicneolaíochta núíosaí, uimhir NTN (más ann di):

 

2.3.1

Comhlíonann an dramhaíl phlaisteach atá faoi réir an dearbhaithe seo ceanglais uile Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2022/1616

COMHLÍONANN / NÍ CHOMHLÍONANN (†)

2.3.2

Deimhniú an chórais dearbhaithe cáilíochta i gcomhréir le hAirteagal 6(3) de Rialachán (AE) 2022/1616

(Sonraigh an comhlacht deimhniúcháin agus soláthair cruthúnas ar dheimhniúchán an chórais dearbhaithe cáilíochta a chuirtear i bhfeidhm)

 

Roinn 3: Treoracha agus faisnéis d’úsáideoirí an táirge

 

3.1

An chéim réamhphróiseála:

(Sonraigh céim reatha an ábhair ar bhonn na gcéimeanna próiseála a rinneadh)

☐

plaisteach réamhphróiseáilte go páirteach ach nach bhfuil oiriúnach go fóill mar ionchur plaisteach

☐

ionchur plaisteach

3.3

Treoracha sonracha eile, más ann dóibh

 

Roinn 4: Síniú

 

4.1

Síniú agus stampa na cuideachta

 

4.2

Ainm an duine a shínigh

 

4.3

Ról/post an duine atá ag síniú

 

4.4

Dáta agus áit

 

(*)  Ceann díobh seo a leanas a bheidh sa chineál polaiméire: PET (Teireataláit Phoileitiléine), PEAD (Poileitiléin Ard-Dlúis), LDPE (Poileitiléin Ísealdlúis), PP (Polapróipiléin), PS (Polaistiréin), PA (Polaimíd), APL (Aigéad polalachtach), PVC (Clóiríd pholaivinile) nó E (eile).

(†)  cuir líne tríd an gcuid nach mbaineann le hábhar.

Treoracha le haghaidh roinn 2; chun críocha réimsí 2.1 agus 2.2 den Dearbhú seo:

(1)

Is éard a bheidh sa tionscnamh: “AE”; nó “neamh-AE”.

Úsáidfear ‘neamh-AE’ le haghaidh ionchur plaisteach ina bhfuil 10 % ar a laghad de phlaisteach de thionscnamh dramhaíola a bailíodh nó a réamhphróiseáladh i dtríú tír.

I gcás inarb é “neamh-AE” an tionscnamh a léirítear i réimse 2.1, áireofar an cód tráchtearra faoina n-allmhairítear an t-ábhar plaisteach i réimse 1.3 den Dearbhú sin.

(2)

Ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas a bheidh sa mhodh bailithe:

—

“SAÉ”, a chiallaíonn “Scéim Aisíoctha Éarlaise” mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (62), de Rialachán (AE) 2025/40 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [ Rialachán (AE) 2025/40 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2024 maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht, lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020 agus Treoir (AE) 2019/904, agus lena n-aisghairtear Treoir 94/62/CE (IO L, 2025/40, 22.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/40/oj)], atá le húsáid más rud é gur bailíodh an t-ionchur plaisteach i gcomhréir le hAirteagal 6 nó le hAirteagal 9, de réir mar is iomchuí, agus trí chóras aisíoctha éarlaise nó aisíocaíochta a úsáid;

—

“PCW”, a chiallaíonn “Dramhaíl Iarthomhaltais” mar a shainmhínítear sa réamhchuid d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, atá le húsáid murab é “SAÉ” an modh bailithe, ach tagann an t-ionchur plaisteach ó dhramhaíl iarthomhaltais agus bailíodh é i gcomhréir le hAirteagal 6; nó

—

“BTN” (Bailiúchán teicneolaíochta núíosaí), murab é “SAÉ” ná “PCW” modh bailithe an ionchuir phlaistigh, ach gur bailíodh é ar bhealach a bhaineann go sonrach le teicneolaíocht núíosach atá á forbairt i gcomhréir le hAirteagal 10(1).

I gcás “BTN”, soláthrófar leis an dearbhú comhlíontachta uimhir na teicneolaíochta núíosaí dá dtagraítear in Airteagal 24(3), más ann di.

I gcás inar meascán de SAÉ, PCW nó ‘teicneolaíocht núíosach’ é an t-ábhar bailithe, soláthrófar céatadáin gach codáin.

PCW a bheadh in ábhar de thionscnamh SAÉ freisin, ach mar sin féin, chun críoch na roinne seo ní úsáidfear ach an t-ainmniú ‘SAÉ’ le haghaidh ábhar de thionscnamh córais aisíoctha éarlaise, agus ní bheidh sé san áireamh i gcion ‘PCW’, más ann dó.

CUID A

Dearbhú A: Dearbhú comhlíontachta atá le húsáid ag athchúrsálaithe i gcomhréir le hAirteagal 29(2)

DEARBHÚ COMHLÍONTACHTA ATHCHÚRSÁLAITHE i gcomhréir le hAirteagal 29(2) de RIALACHÁN (AE) 2022/1616 (“Dearbhú A”)

Déanaimse, a bhfuil mo shíniú anseo thíos, a dhearbhú in ainm [CUIR ISTEACH AINM AN ATHCHÚRSÁLAÍ] mar a shainaithnítear i Roinn 1.1, gur táirgeadh an t-ábhar plaisteach athchúrsáilte a shainaithnítear i Roinn 1.2 i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/1616. Níl an plaisteach athchúrsáilte lena mbaineann an Dearbhú seo oiriúnach lena úsáid i dteagmháil le bia ach amháin má úsáidtear é i gcomhréir leis na treoracha agus na srianta a leagtar amach i Roinn 3 den Dearbhú seo, agus leis an lipéadú ar an táirge.

Dearbhaím leis seo go bhfuil ábhar an dearbhaithe seo ceart chomh fada agus is eol dom agus i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/1616.

Roinn 1: Sainaithint

1.1

Athchúrsálaí

1.2

Táirge athchúrsáilte

1.3

Údarás inniúil

1.1.1

Ainm an eintitis

 

1.2.1

Trádainm/ainmniú

 

1.3.1

Ainm an eintitis

 

1.1.2

FCM-RON (*)

 

1.2.2

Baiscuimhir

 

1.3.2

Seoladh

 

1.1.3

Tír

 

1.2.3

FCM-RIN (*)

 

1.3.3

Tír/réigiún

 

1.1.4

FCM-RFN (*)

 

1.2.4

Faisnéis eile, más ann di

 

1.3.4

Cláruimhir shannaithe, más ann di

 

 

 

1.2.5

stádas clárúcháin na suiteála

☐

☐

☐

nuachláraithe

á shuíomh

gníomhach

(sonraigh ceann amháin)

 

 

 

 

1.2.6

Cineál polaiméire (****)

 

 

 

 

 

1.2.7

Cód/cóid tráchtearra a úsáidtear chun an táirge lena mbaineann an dearbhú a scaoileadh i saorchúrsaíocht má tá cion ann de thionscnamh ábhair allmhairithe

 

 

 

Roinn 2: Comhlíonadh

2.1 Bonn le haghaidh údarú nó cead chun oibriú (ná cuir tic ach i mbosca amháin)

 

 

 

 

 

2.1.1

☐

Cinneadh Údaraithe

RAN (*)

(cuir isteach tagairt d’uimhir EFSA Q má dhéantar iarratas ar údarú agus má tá sé fós ar siúl)

2.1.2

☐

Scéim athchúrsála

RSN (*)

 

2.1.3

☐

Níl gá le húdarú ná le scéim athchúrsála

(mínigh an chúis)

 

2.1.4

☐

Teicneolaíocht núíosach

NTN (*)

 

2.2

Torthaí an mheasúnaithe comhlíontachta mar a liostaítear iad sna céimeanna éigeantacha measúnaithe cáilíochta i dTábla 3.1 d’Iarscríbhinn II; éigeantach i gcás ina gcuirtear tic le réimse 2.1.1 agus sa chás sin amháin

Tábhachtach: Is féidir réimsí 2.2.2 go 2.2.4 a fhágáil bán, ar choinníoll go bhfuil tic curtha le “Cuirfidh” i réimse 2.2.5

Céim (**)

Critéir chinnidh agus toradh/torthaí

Uimhir/Uimhreacha Baisce

2.2.1

Imeacht

 

 

2.2.2

Iontráil

 

 

2.2.3

Ionchur

 

 

2.2.4

Aschur

 

 

2.2.5

Cuirfidh an duine thíos-sínithe an fhaisnéis a cheanglaítear i réimsí 2.2.2 go 2.2.4 ar fáil don údarás inniúil arna iarraidh sin dó, laistigh de 10 lá oibre

☐

Neamhbhainteach, soláthraítear an fhaisnéis i réimsí 2.2.2 go 2.2.4

☐

Cuirfidh

Roinn 3: Treoracha agus faisnéis d’úsáideoirí an táirge

3.1

Treoracha do tiontairí

3.1.1

Uaschion athchúrsáilte (w/w%)

%

 

3.1.2

Cion reatha athchúrsáilte (w/w%)

%

 

3.1.3

Srianta ar úsáid (***)

 

3.1.4

Treoracha eile, más ann dóibh

 

3.2

Treoracha d’úsáideoirí an slabhra soláthair a laghdú tuilleadh, lena n-áirítear úsáideoirí deiridh

3.2.1

Srianta ar úsáid (***)

 

3.2.2

Achoimre ar lipéadú, más ann dó

 

3.2.3

Treoracha eile, más ann dóibh

 

Roinn 4: Síniú

4.1

Síniú agus stampa na cuideachta

 

4.2

Ainm an duine atá ag síniú

 

4.3

Ról/post an duine atá ag síniú

 

4.4

Dáta agus áit

 

(*)  RAN – uimhir údaraithe athchúrsála; RON – uimhir an oibreora athchúrsála (athchúrsálaithe); RIN – uimhir suiteála athchúrsála; RSN – uimhir na scéime athchúrsála; NTN – uimhir na teicneolaíochta núíosaí; RFN – Uimhir na saoráide athchúrsála.

(**)  Tá sé éigeantach na réimsí don chéim amach (an bhaisc a chuirtear ar an margadh agus a bhfuil an dearbhú seo ag gabháil leis) a líonadh isteach. Tá líonadh isteach na réimsí eile deonach, ach i gcás nach soláthraítear an fhaisnéis sin trí bhíthin an dearbhaithe seo, cuirfear ar fáil d’údarás inniúil í, arna iarraidh sin dó, laistigh de 10 lá oibre.

(***)  Beidh srianta úsáide ag freagairt d’aon choinníoll is infheidhme maidir le cur i bhfeidhm an phlaistigh athchúrsáilte, i gcomhréir le hIarscríbhinn I maidir leis an teicneolaíocht i bhfeidhm, le hAirteagail 7, 8 nó 9 den Rialachán seo, leis an bpróiseas athchúrsála, más ann dó, a údarú, nó le haon srian eile a mheasann an t-athchúrsálaí a bheith riachtanach. Mura bhfuil srian ann, fág bán é le do thoil.

(****)  Ceann díobh seo a leanas a bheidh sa chineál polaiméire: PET (Teireataláit Phoileitiléine), PEAD (Poileitiléin Ard-Dlúis), LDPE (Poileitiléin Ísealdlúis), PP (Polapróipiléin), PS (Polaistiréin), PA (Polaimíd), APL (Aigéad polalachtach), PVC (Clóiríd pholaivinile) nó E (eile).

CUID B

Dearbhú B: Dearbhú comhlíontachta atá le húsáid ag tiontairí i gcomhréir le hAirteagal 29(3)

DEARBHÚ COMHLÍONTACHTA TIONTAIRÍ i gcomhréir le hAirteagal 29(3) de RIALACHÁN (AE) 2022/1616 (‘Dearbhú B’)

Déanaimse, a bhfuil mo shíniú anseo thíos, a dhearbhú in ainm [CUIR ISTEACH AINM AN TIONTÓRA] mar a shainaithnítear i Roinn 1.1, gur táirgeadh an t-ábhar plaisteach athchúrsáilte a shainaithnítear i Roinn 1.2 i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/1616. Níl an plaisteach athchúrsáilte lena mbaineann an Dearbhú seo oiriúnach lena úsáid i dteagmháil le bia ach amháin má úsáidtear é i gcomhréir leis na treoracha agus na srianta a leagtar amach i Roinn 3 den Dearbhú seo, agus leis an lipéadú ar an táirge.

Dearbhaím leis seo go bhfuil ábhar an dearbhaithe seo ceart chomh fada agus is eol dom agus i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/1616.

Roinn 1 Sainaithint

1.1

Tiontaire

1.2

Táirge ina bhfuil plaisteach athchúrsáilte

1.3

Údarás inniúil

1.1.1

Ainm an eintitis

 

1.2.1

Trádainm/ainmniú

 

1.3.1

Ainm an eintitis

 

1.1.2

Seoladh

 

1.2.2

Baiscuimhir

 

1.3.2

Seoladh

 

1.1.3

Tír

 

1.2.4

Faisnéis eile

 

1.3.3

Tír/réigiún

 

 

 

1.2.6

Cineál polaiméire (*)

 

1.3.4

Cláruimhir, más ann di

 

 

 

1.2.7

Cód tráchtearra a úsáidtear chun an táirge lena mbaineann an dearbhú maidir leis a scaoileadh i saorchúrsaíocht má tá inneachar ann de thionscnamh ábhair allmhairithe

 

 

 

Roinn 2: Comhlíonadh

2.1

2.1.1

Foinse an phlaistigh athchúrsáilte; Uimhir RIN

 

2.1.2

Baiscuimhreacha plaisteach athchúrsáilte ó shuiteáil dí-éilliú

 

2.1.3

Uaschion athchúrsáilte léirithe ag athchúrsálaí (Dearbhú A, 3.1.1)

% w/w

2.1.4

Cion iarbhír athchúrsáilte an táirge seo

% w/w

2.1.5

Comhlíontar na srianta dá bhforáiltear sa Dearbhú comhlíontachta a fuarthas ón athchúrsálaí

☐

Neamhbhainteach

☐

Comhlíontar

2.1.6

Breiseáin nó substaintí tosaithe a chur leo

☐

Tá breiseáin bhreise nó substaintí tosaithe i gcomhréir le hAirteagal 5 nó le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 10/2011

☐

Níl aon rud breise ann

2.1.7

Stádas clárúcháin na suiteála

☐

☐

☐

nuachláraithe

á shuíomh

gníomhach

 

2.1.8

Uimhir NTN (má mhonaraítear í trí úsáid a bhaint as teicneolaíocht núíosach)

 

Roinn 3: Treoracha agus faisnéis d’úsáideoirí an táirge

3.2

Treoracha d’úsáideoirí an slabhra soláthair a laghdú tuilleadh, lena n-áirítear úsáideoirí deiridh

3.2.1

Is é seo a leanas atá sa táirge a shainaithnítear i Roinn 1.2:

(cuir tic le ceann amháin de réir mar is infheidhme)

(A)

plaisteach athchúrsáilte le haghaidh céimeanna eile tiontaithe

☐

(mar shampla, beidh sé sin amhlaidh má sháraíonn an cion athchúrsáilte iarbhír i réimse 2.1.4 an t-uaschion athchúrsáilte i réimse 2.1.3, nó má cuireadh substaintí leis an bplaisteach athchúrsáilte)

(B)

ábhar plaisteach nó earra plaisteach deiridh atá oiriúnach chun teagmháil a dhéanamh le bia gan tuilleadh próiseála.

☐

(má chuirtear tic le (B), eiseoidh oibreoirí a fhaigheann an dearbhú seo Dearbhú C lena dtáirgí mura rud é gur mhodhnaigh siad comhdhéanamh an phlaistigh)

 

 

3.2.2

Cineál nó cineálacha bia lena mbeartaítear é a chur i dteagmháil

 

3.2.3

Am agus teocht na cóireála agus stórála i dteagmháil leis an mbia

 

3.2.4

An t-achar dromchla teagmhála bia is airde agus an cóimheas toirte a bhfuil comhlíonadh fíoraithe ina leith

 

3.2.5

Liosta na substaintí a cuireadh leis faoi phointe 2.1.6 ag a bhfuil teorainneacha ascnaimh; más ann dóibh, cuir rónna leis de réir mar is gá

(nóta: Féadfaidh sé nach ann d’uimhir FCM ná do theorainn ascnaimh shonrach (‘SML’) i gcás substaintí áirithe)

Uimh. FCM (**)

Ainmníocht eile (Uimh. CAS, ainm ceimiceach)

TAS (**)

(mg/kg bia)

 

 

 

 

 

 

3.2.6

Faisnéis agus treoracha ábhartha eile, lena n-áirítear i gcomhréir le pointí 6 go 11 d’Iarscríbhinn IV de Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 ón gCoimisiún, más ann dó

 

3.2.7

Tá an plaisteach athchúrsáilte lena mbaineann an Dearbhú seo i sraith, in ábhar nó in earra ilsraitheanna faoi réir Airteagail 13 nó 14 faoi seach de Rialachán (AE) Uimh. 10/2011. Sa chás sin, i gcás gach sraithe, coinnítear dearbhú comhlíontachta arna eisiúint i gcomhréir leis an Rialachán seo, le Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 nó leis an reachtaíocht náisiúnta faoi seach mar dhoiciméadacht tacaíochta i gcomhréir le hAirteagal 5a(3).

COINNÍTEAR / NÍ CHOINNÍTEAR

Roinn 4: Síniú

4.1 Síniú agus stampa na cuideachta

 

4.2 Ainm an duine atá ag síniú

 

4.3 Ról/post an duine atá ag síniú

 

4.4 Dáta agus áit

 

(*)  Ceann díobh seo a leanas a bheidh sa chineál polaiméire: PET (Teireataláit Phoileitiléine), PEAD (Poileitiléin Ard-Dlúis), LDPE (Poileitiléin Ísealdlúis), PP (Polapróipiléin), PS (Polaistiréin), PA (Polaimíd), APL (Aigéad polalachtach), PVC (Clóiríd pholaivinile) nó E (eile).

(**)  Uimhir FCM mar a shonraítear i gcolún 1 de thábla 1 a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 10/2011, agus TAS mar a shonraítear i gcolúin 8 agus 9 de, más ann dóibh.

CUID C

Dearbhú C: Dearbhú comhlíontachta atá le húsáid ag oibreoirí i gcomhréir le hAirteagal 29(4)

DEARBHÚ COMHLÍONTACHTA i gcomhréir le hAirteagal 29(4) de RIALACHÁN (AE) 2022/1616 (‘Dearbhú C’)

Déanaimse, a bhfuil mo shíniú anseo thíos, a dhearbhú in ainm [CUIR ISTEACH AINM AN OIBREORA] mar a shainaithnítear i Roinn 1.1, gur táirgeadh an t-ábhar nó an t-earra plaisteach athchúrsáilte a shainaithnítear i Roinn 1.2.1 i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/1616. Níl an t-ábhar athchúrsáilte nó an t-earra athchúrsáilte lena mbaineann an Dearbhú seo oiriúnach lena úsáid i dteagmháil le bia ach amháin má úsáidtear é i gcomhréir leis na treoracha agus na srianta a leagtar amach i Roinn 3 den Dearbhú seo, agus leis an lipéadú ar an táirge.

Dearbhaím leis seo go bhfuil ábhar an dearbhaithe seo ceart chomh fada agus is eol dom agus i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/1616.

Roinn 1: Sainaithint

1.1.1

Céannacht an oibreora a eisíonn an dearbhú

 

1.1.2

Seoladh an oibreora a eisíonn an dearbhú

 

1.2.1

Céannacht an táirge lena mbaineann an dearbhú

 

1.2.2

Cód tráchtearra a úsáidtear chun an táirge lena mbaineann an dearbhú a scaoileadh i saorchúrsaíocht má tá ábhar ann de thionscnamh ábhair allmhairithe

 

Roinn 2: Comhlíonadh

2.1.1

Iomlán an ábhair phlaistigh i dtáirge

 

gram (meáchan iomlán na bpáirteanna plaisteacha uile sa táirge, bíodh cion athchúrsáilte iontu nó ná bíodh)

2.1.2

Céannacht, agus cion plaisteach athchúrsáilte i bpáirt, lena n-áirítear an cineál polaiméire  (*) (cuir rónna leis de réir mar is gá chun gach cuid ina bhfuil ábhar athchúrsáilte a chumhdach)

Páirt

Cion athchúrsáilte de réir meáchain

(meáchan an phlaistigh athchúrsáilte i ngach páirt phlaisteach ina bhfuil níos mó ná 5 % den phlaisteach iomlán sa táirge de réir meáchain)

Tionscnamh

(ná cuir isteach ach RINanna a rannchuidíonn le níos mó ná 5 % den ábhar a athchúrsáiltear i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/1616, fágfar ar lár suiteálacha a rannchuidíonn le níos lú ná 5 % den chion a athchúrsáiltear; cuir isteach uimhir FCM na substainte/substaintí a mhonaraítear as dramhaíl, má tá ábhar athchúrsáilte san ábhar freisin a mhonaraítear i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 10/2011)

 

e.g. Caidhp PEAD

A

 

Uimh. RINanna/FCM (e.g. Uimh. FCM 125)

e.g. buidéal PET

B

 

RINanna (e.g. EU1-123-0I2)

2.2

Céatadán an chion phlaistigh athchúrsáilte fhoriomláin i dtáirge

 

(∑ 2.1.2 / 2.1.1) x 100 % (†)

 

2.3

Comhlíonann gach ábhar agus earra plaisteach athchúrsáilte sa táirge seo Rialachán (AE) 2022/1616 cé is moite de pháirteanna a mhonaraítear le plaisteach a mhonaraítear as dramhaíl i gcomhréir le hAirteagal 1(3) den Rialachán sin

COMHLÍONANN / NÍ CHOMHLÍONANN (††)

2.4.1

Comhlíonann gach ábhar agus earra plaisteach athchúrsáilte sa táirge seo Rialachán (AE) Uimh. 10/2011

COMHLÍONANN / NÍ CHOMHLÍONANN (††)

Tabhair faoi deara, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/1616, nach mór do phlaistigh athchúrsáilte Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 a chomhlíonadh freisin. Mar sin féin, féadfar glacadh leis go bhfuil comhlíonadh ann má mhonaraítear an plaisteach athchúrsáilte go hiomlán i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/1616, agus má chomhlíonann substaintí/plaistigh bhreise (más ann dóibh) Rialachán (AE) Uimh. 10/2011. Tabhair faoi deara nach mór Airteagail 11 agus 12 den Rialachán sin a chomhlíonadh freisin, ach níl aon oibleagáid ann an comhlíonadh sin a fhíorú.

2.4.2

Faisnéis, sonraíochtaí nó ráitis leordhóthanacha a cheanglaítear i gcomhréir le pointí 6 go 10 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 ón gCoimisiún; is infheidhme maidir le páirteanna a mhonaraítear go hiomlán i gcomhréir leis an Rialachán sin, más ann dóibh, agus maidir leis na páirteanna sin amháin.

(soláthair faisnéis anseo nó i ndoiciméad i gceangal)

2.4.3

Páirteanna a mhonaraítear le substaintí a monaraíodh as dramhaíl, comhlíonann siad mír 1 d’Airteagal 8 de Rialachán (AE) 10/2011

COMHLÍONANN / NÍ CHOMHLÍONANN (††)

2.4.4

Substaintí a chuirtear leis i gcomhréir le hAirteagal 29(4); ní fhéadfaidh an méid iomlán a chuirtear leis ag gach céim táirgthe ina dhiaidh sin atá faoi réir Dhearbhú C le chéile (‘amach’) a bheith níos mó ná 1 % (w/w) in aghaidh na páirte; sloinntear w/w mar an cóimheas idir meáchan na substainte a cuireadh leis agus meáchan na páirte plaistí ar cuireadh na substaintí léi.

Páirt (mar atá in 2.1.2)

Colún ‘Isteach’: An méid atá in ábhar isteach má tá sé faoi réir Dhearbhú C, mar a shonraítear i réimse ‘amach’ in 2.4.4 den dearbhú a fuarthas.

Isteach

+

Curtha leis

=

Amach

A

…% w/w

…% w/w

…% w/w

(cuir línte leis de réir mar is gá)

 

 

 

Roinn 3: Treoracha agus faisnéis d’úsáideoirí an táirge

3.1.1

Treoracha ábhartha d’úsáideoirí an táirge, más ann dóibh

(cuimsigh treoracha i gcónaí i ndoiciméadacht maidir le comhlíonadh a fuarthas má tá siad ábhartha d’úsáideoirí níos faide sa slabhra soláthair)

 

Roinn 4: Síniú

4.1

Síniú agus stampa na cuideachta

 

4.2

Ainm an duine a shínigh

 

4.3

Ról/post an duine atá ag síniú

 

4.4

Dáta agus áit

 

(†)  Anseo déantar suim mheáchan an chion athchúrsáilte uile i bpáirteanna plaisteacha ina bhfuil os cionn 5 % den phlaisteach sa táirge ina bhfuil cion athchúrsáilte a roinnt ar mheáchan iomlán na bpáirteanna plaisteacha uile sa táirge chun céatadán foriomlán an chion athchúrsáilte a chinneadh.

(††)  cuir líne tríd nó scrios an chuid nach mbaineann le hábhar

(*)  Ceann díobh seo a leanas a bheidh sa chineál polaiméire: PET (Teireataláit Phoileitiléine), PEAD (Poileitiléin Ard-Dlúis), LDPE (Poileitiléin Ísealdlúis), PP (Polapróipiléin), PS (Polaistiréin), PA (Polaimíd), APL (Aigéad polalachtach), PVC (Clóiríd pholaivinile) nó E (eile).

’

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/2376/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top