This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026R1940
Council Implementing Regulation (EU) 2026/1940 of 7 August 2026 implementing Regulation (EU) No 269/2014 concerning restrictive measures in respect of actions undermining or threatening the territorial integrity, sovereignty and independence of Ukraine
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1940 ón gComhairle an 7 Lúnasa 2026 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1940 ón gComhairle an 7 Lúnasa 2026 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin
ST/11759/2026/INIT
IO L, 2026/1940, 7.8.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1940/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1940 |
7.8.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1940 ÓN gCOMHAIRLE
an 7 Lúnasa 2026
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (1), go háirithe Airteagal 14(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 17 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 269/2014. |
|
(2) |
Sna conclúidí uaithi an 18 agus an 19 Meitheamh 2026, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach a tacaíocht dhaingean leanúnach bhuanseasmhach do neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine laistigh dá teorainneacha mar a aithnítear go hidirnáisiúnta iad. Chuir an Chomhairle Eorpach in iúl go leanfaidh an tAontas Eorpach, i gcomhar le comhpháirtithe agus comhghuaillithe a bhfuil an dearcadh céanna acu, de thacaíocht chuimsitheach pholaitiúil, airgeadais, eacnamaíoch, dhaonnúil, mhíleata agus taidhleoireachta a thabhairt don Úcráin agus do mhuintir na hÚcráine. Cháin an Chomhairle Eorpach go láidir an géarú tromchúiseach a rinne an Rúis le déanaí, lena n-áirítear ionsaithe mórscála diúracán agus drón ar shibhialtaigh san Úcráin. Chuir an Chomhairle Eorpach in iúl freisin go bhfuil an tAontas faoi réir i gcónaí chun tuilleadh brú a chur ar an Rúis, lena n-áirítear trí smachtbhannaí breise a ghlacadh. |
|
(3) |
I bhfianaise an fhogha leanúnaigh atá á thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin, agus go háirithe a feachtas míleata brúidiúil le déanaí lena ndírítear d’aon ghnó ar bhonneagar sibhialtach, arb é is cúis le fulaingt thromchúiseach an phobail shibhialta agus a fhéachann leis an mbonn a bhaint d’athléimneacht na hÚcráine, measann an Chomhairle gur gá bearta sriantacha breise a ghlacadh. |
|
(4) |
Go háirithe, measann an Chomhairle gur cheart cúigear a chur le liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Lúnasa 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
T. BYRNE
(1) IO L 78, 17.3.2014, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/269/oj.
IARSCRÍBHINN
Cuirtear na daoine seo a leanas le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014:
Daoine
|
|
Ainm |
Faisnéis aitheantais |
Cúiseanna |
Dáta an liostaithe |
|
‘2106. |
Ramil Nailevich BADGUTDINOV Rúisis: Рамиль Наилевич БАДГУТДИНОВ |
Feidhm: Ard-Stiúrthóir ar JSC Serpukhov Plant “Metallist” Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann Uimhir aitheantais chánach: 165047710567 |
Is é Ramil Badgutdinov an stiúrthóir ginearálta ar JSC Serpukhov Plant “Metallist”. Tá an chuideachta ina cuid de thionscal arm na Rúise, earnáil atá tábhachtach go straitéiseach do Chónaidhm na Rúise. Táirgeann JSC Serpukhov Plant “Metallist” mótair ghíreascóip, aonaid ghíreascóip, agus braiteoirí agus gairis ardchruinnis leictrimeicniúla éagsúla. Tá baint ag an gcuideachta le monarú chóras loingseoireachta 9B918 don diúracáin bhalaistíoch 9M723 “Iskander-M”, a úsáideann fórsaí na Rúise i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. Dá bhrí sin, tá Ramil Badgutdinov ag tacú go hábharach le coimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise, lena n-áirítear trí bheith rannpháirteach i bhforbairt, táirgeadh agus soláthar teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata. |
7.8.2026 |
|
2107. |
Sergey Aleksandrovich BASHKOV Rúisis: Сергей Александрович БАШКОВ |
Feidhm: Stiúrthóir ar Limited Liability Company “Irz-Svyaz” Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann Uimhir aitheantais chánach: 183502158784 |
Is é Sergey Bashkov an stiúrthóir ar Limited Liability Company (LLC) “Irz-Svyaz”. Tá an chuideachta ina cuid de thionscal arm na Rúise, earnáil atá tábhachtach go straitéiseach do Chónaidhm na Rúise. Is monaróir Rúiseach de chórais cumarsáide é LLC “Irz-Svyaz” a dhéanann feidhm an mhalartaithe, le haghaidh glacadóirí loingseoireachta den chuid is mó. Tá ceadúnais ag LLC “Irz-Svyaz” le haghaidh cothabháil agus seirbhísiú arm agus trealaimh mhíleata. Soláthraíonn an chuideachta comhpháirteanna chuig coimpléasc míleata agus tionsclaíoch Chónaidhm na Rúise, mar úsáidtear a tháirgí monaraithe in aerárthaí gan foireann “Orlan-10” agus “Tachion”, a úsáideann fórsaí armtha na Rúise san Úcráin. Díolann LLC “Irz-Svyaz” a earraí monaraithe le cuideachtaí choimpléasc míleata agus tionsclaíoch Chónaidhm na Rúise, amhail JSC “Votokinsk Plant”, monaróir aitheanta diúracán balaistíocha Iskander-M. Thairis sin, is cuideachta í LLC “Irz-Svyaz”, a bhfuil tábhacht chórasach sa Rúis ag baint léi sa réimse glacadóirí loingseoireachta a mhonarú le haghaidh GPS agus GLONASS, córas um loingseoireacht satailíte Rúiseach a ceapadh le tacaíocht loingseoireachta oibríochtúla agus ama a thabhairt do líon neamhtheoranta úsáideoirí ar talamh, ar muir, san aer agus spásbhunaithe. Dá bhrí sin, tá Sergey Bashkov ag tacú go hábharach le coimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise, lena n-áirítear trí bheith rannpháirteach i bhforbairt, táirgeadh agus soláthar teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata. |
7.8.2026 |
|
2108. |
Sergey Nikolaevich BESSONOV Rúisis: Сергей Николаевич БЕССОНОВ |
Feidhm: Ard-Stiúrthóir ar LLC “AEROMAKS” Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann Uimhir aitheantais chánach: 644914040799 |
Is é Sergey Bessonov an tArd-Stiúrthóir ar LLC “AEROMAKS”. Tá an chuideachta ina cuid de thionscal arm na Rúise, earnáil atá tábhachtach go straitéiseach do Chónaidhm na Rúise. Cruthaíonn LLC “AEROMAKS” bogearraí do dhróin chun oibríochtaí eitlíochta éagsúla a dhéanamh lena n-áirítear aerfótagrafaíocht, bailiú, próiseáil agus ullmhú sonraí cartagrafacha agus faisnéise spáis. Is monaróir drón de chineál héileacaptair SH-3000/-750/-450/-350 í LLC “AEROMAKS” freisin agus forbraíonn sé 11 chineál drón. In 2023, d’oscail an chuideachta a Lárionad Oiliúna Eitlíochta féin a d’fhormheas Aireacht Saothair Chónaidhm na Rúise. Faoi dheireadh 2024, bhí 13 chonradh rialtais sínithe ag an gcuideachta. Bhí Gazprom Neft, Russian Post agus Moscow City Department of Information Technology i measc a custaiméirí. Dá bhrí sin, tá Sergey Bessonov ag tacú go hábharach le coimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise, lena n-áirítear trí bheith rannpháirteach i bhforbairt, táirgeadh agus soláthar teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata. |
7.8.2026 |
|
2109. |
Viktor Evgenevich IVANOV Rúisis: Виктор Евгеньевич ИВАНОВ |
Feidhm: Ard-Stiúrthóir ar JSC Research Institute of Precision Instruments NII TP Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann Uimhir aitheantais chánach: 771676457404 |
Is é Viktor Ivanov an stiúrthóir ginearálta ar JSC Research Institute of Precision Instruments NII TP. Tá an chuideachta ina cuid de thionscal arm na Rúise, earnáil atá tábhachtach go straitéiseach do Chónaidhm na Rúise. Is eagraíocht í JSC Research Institute of Precision Instruments NII TP a dhéanann gníomhaíochtaí sa réimse spáis agus míleata agus a sholáthraíonn trealamh agus seirbhísí speisialta d’Aireacht Cosanta na Rúise agus don Aireacht Staideanna Éigeandála. Is cuid de chorparáid stáit “Roscosmos” an chuideachta agus is príomhfhiontar í i dtionscadail spáis éagsúla na Rúise atá á reáchtáil ag “Roscosmos”. Tá an chuideachta ag obair ar an gcóras satailíte nua d’arm na Rúise, radar spáis sintéiseach Kasatka-R. Ag Fóram Arm 2024, chuir an chuideachta radar Kasatka-R i láthair chomh maith leis an radar sintéiseach Compact-4 a forbraíodh chun íomhánna an-mhionsonraithe den tír-raon agus de réada a ghabháil. Ina theannta sin, i mí Mheán Fómhair 2025, úsáideadh trealamh eitilte faireacháin na cuideachta le linn eitilt na bithsatailít Bion-M Uimh. 2 amach sa spás. Dá bhrí sin, tá Viktor Ivanov ag tacú go hábharach le coimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise, lena n-áirítear trí bheith rannpháirteach i bhforbairt, táirgeadh agus soláthar teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata. |
7.8.2026 |
|
2110. |
Aleksandr Yurevich DYUKAREV Rúisis: Александр Юрьевич ДЮКАРЕВ |
Feidhm: Ard-Stiúrthóir ar Joint Stock Company “Krasnoyarsk Machine-Building Plant” Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann Uimhir aitheantais chánach: 246210181450 |
Is é Aleksandr Dyukarev an tArd-Stiúrthóir ar Joint Stock Company (JSC) “Krasnoyarsk Machine Building Plant”. Tá an chuideachta ina chuid de thionscal arm na Rúise, earnáil atá tábhachtach go straitéiseach do Chónaidhm na Rúise. Is cuideachta tógála meaisíní Rúiseach é JSC “Krasnoyarsk Machine Building Plant”. Ceann de ghníomhaíochtaí JSC “Krasnoyarsk Machine Building Plant” is ea diúracáin bhalaistíocha agus modúil le haghaidh feithiclí lainseála a tháirgeadh. Táirgeann JSC “Krasnoyarsk Machine Building Plant” an diúracán balaistíoch RS-28 “Sarmat”. Dá bhrí sin, tá Aleksandr Dyukarev ag tacú go hábharach le coimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise, lena n-áirítear trí bheith rannpháirteach i bhforbairt, táirgeadh agus soláthar teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata. |
7.8.2026’. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1940/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)