Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026R1844

Rialachán (AE) 2026/1844 ón gComhairle an 23 Iúil 2026 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

ST/9960/2026/INIT

IO L, 2026/1844, 23.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/1844/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/1844/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1844

23.7.2026

RIALACHÁN (AE) 2026/1844 ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Iúil 2026

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

Ag féachaint do Chinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (1),

Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle (2), tugtar éifeacht do na bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/145/CBES.

(2)

An 23 Iúil 2026, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2026/1845 (3), lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES.

(3)

Le Cinneadh (CBES) 2026/1845 tugtar isteach maolú ar an reo sócmhainní agus ar an toirmeasc ar chistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil do roinnt eintitis ainmnithe shonracha. Tá an maolú sin ceaptha chun íocaíocht atá dlite ó dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a liostaítear san Iarscríbhinn nó ó sholáthraí árachais a cheadú mar thoradh ar riosca a bhfuil siad faoi dhliteanas ina leith.

(4)

Le Cinneadh (CBES) 2026/1845 tugtar isteach maoluithe breise ar an reo sócmhainní agus ar an toirmeasc ar chistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil do roinnt daoine ainmnithe sonracha. Tá na maoluithe sin teoranta go cúng chun cead a thabhairt d’oibreoir de chuid an Aontais oibleagáid chonarthach shonrach a bhí ann cheana a fheidhmiú, a eascraíonn as comhaontú a tugadh i gcrích in 2015 sular forchuireadh aon bheart sriantach is infheidhme. Ní bhaintear an bonn leis na maoluithe sin de chuspóirí ginearálta Chinneadh 2014/145/CBES agus Rialachán (AE) Uimh. 269/2014, agus an t aon bhonn cirt atá leo ná an gá atá le haghaidh a thabhairt ar iarmhairt dhíobhálach neamhbheartaithe d’oibreoir de chuid an Aontais.

(5)

Le Cinneadh (CBES) 2026/1845, tugtar maolú isteach ar an reo sócmhainní agus ar an toirmeasc ar chistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil do dhaoine ainmnithe chun oibriú leanúnach an iompair d’iarnród is gá, idir an Rúis agus an tAontas, tríd an Aontas, agus laistigh den Rúis a chumasú. Tá tabhairt isteach Airteagal 6g gan dochar don mheasúnú cás ar chás ar rialú daoine ainmnithe ar eintitis neamhainmnithe.

(6)

Le Cinneadh (CBES) 2026/1845 tugtar isteach díolúine ón reo sócmhainní agus ón toirmeasc ar chistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil d’eintitis ainmnithe áirithe chun oibriú leanúnach thionscadal Paks II a chumasú agus chun nach mbainfear an bonn den tsábháilteacht núicléach agus den tslándáil núicléach.

(7)

Le Rialachán (AE) 2026/511 ón gComhairle (4), leathnaíodh raon feidhme an toirmisc ar shásamh na n-éileamh i ndáil le haon chonradh nó idirbheart a ndearna bearta sriantacha an Aontais difear dá fheidhmiú, go díreach nó go hindíreach, go hiomlán nó go páirteach, maidir le héilimh arna ndéanamh ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá bunaithe i dtríú tíortha seachas tíortha comhpháirtíochta a liostaítear in Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle (5). Is féidir leis na daoine sin, áfach, éilimh a dhéanamh i ndlínsí tríú tír i dtaca le conarthaí agus idirbhearta a ndéanann na toirmisc sin difear dóibh, rud a dhéanfaidh damáistí do náisiúnaigh Ballstáit nó do dhaoine dlítheanacha atá ionchorpraithe faoi dhlí Ballstáit. Dá bhrí sin, is gá an fhéidearthacht na damáistí a aisghabháil os comhair cúirteanna Ballstáit a leathnú.

(8)

Le reachtaíocht agus cleachtas cúirte na Rúise, cuirtear ar a gcumas do dhaoine éileamh a thaisceadh os comhair cúirteanna áirithe de chuid na Rúise, a dhearbhaíonn dlínse ansin ar dhíospóidí agus a thugann breithiúnais lena gcáintear cuideachtaí de chuid an Aontais i ndáil le conarthaí nó idirbhearta a ndéanann bearta sriantacha an Aontais difear dóibh. Dá réir sin, maidir le daoine, eintitis nó comhlachtaí Rúiseacha nó daoine, eintitis nó comhlachtaí atá ag gníomhú trí bhíthin nó thar ceann ceann amháin de na daoine, na heintitis nó na comhlachtaí Rúiseacha sin, nó atá faoina n-úinéireacht nó faoina rialú, léirítear le fianaise go bhféachann siad nó go bhféadfadh sé go bhféachfaidís le himeachtaí dlíthiúla a thionscnamh agus a shaothrú i ndáil le bearta arna bhforchur faoi Rialacháin (AE) Uimh. 269/2014 agus (AE) Uimh. 833/2014, nó go bhféachann siad, nó go bhféadfadh sé go bhféachfadh siad, le haitheantas nó forfheidhmiú breithiúnas a fháil, ar breithiúnais iad arna ndeonú trí na himeachtaí dlíthiúla sin. Chun éifeachtacht bhearta sriantacha an Aontais a chaomhnú, is gá don Aontas gníomhaíocht a dhéanamh chun éifeacht an chleachtais sin a mhaolú, trína cheangal ar na Ballstáit gan aon urghaire, ordú, faoiseamh, breithiúnas ná cinneadh cúirte nó riaracháin eile arna thabhairt ag cúirt nó údarás Rúiseach a aithint nó a fhorfheidhmiú i dtaca le haon chonradh nó idirbheart a ndearnadh difear dá fheidhmiú, go díreach nó go hindíreach, go hiomlán nó go páirteach, leis na bearta a fhorchuirtear faoi Rialacháin (AE) Uimh. 269/2014 agus (AE) Uimh. 833/2014.

(9)

I gcás ina bhfuil baol ann go nginfidh cur i bhfeidhm na mbeart a fhorchuirtear faoi Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 seo sochair eacnamaíocha mhíchuí do dhaoine, d’eintitis nó do chomhlachtaí liostaithe, d’fhéadfadh sé an bonn a bhaint d’éifeachtacht agus de chuspóirí bhearta sriantacha an Aontais agus bac a chur ar athinfheistiú acmhainní ag oibreoirí an Aontais san Úcráin. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar na cásanna sin agus a mheasúnú a chur faoi bhráid na Comhairle gan moill mhíchuí agus, i gcomhpháirt leis an Ardionadaí, moltaí a dhéanamh, i gcás inarb iomchuí, chun teacht timpeall a chosc agus chun nach dtabharfar tairbhí neamhbheartaithe do dhaoine, d’eintitis nó do chomhlachtaí liostaithe. Ba cheart don Chomhairle na tograí sin a scrúdú go pras d’fhonn na bearta is gá sa chreat smachtbhannaí a ghlacadh a luaithe is féidir, ionas go ndéantar sochair eacnamaíocha mhíchuí a fhabhraíonn chuig daoine, eintitis nó comhlachtaí liostaithe a sheachaint.

(10)

Tagann na bearta sin faoi raon feidhme an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus, dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais, go sonrach d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go haonfhoirmeach i ngach Ballstát iad.

(11)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 6b mar a leanas:

(a)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

‘5ea.   De mhaolú ar Airteagal 2, féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit a údarú go scaoilfí cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe ar le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí iad a liostaítear in Iarscríbhinn I de bhun Airteagal 3(1), pointe (k), nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil do na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na heintitis nó na comhlachtaí sin, faoi na coinníollacha a mheasfaidh na húdaráis inniúla a bheith iomchuí, tar éis dóibh an méid seo a leanas a chinneadh:

(a)

go bhfuil gá leis na cistí nó acmhainní eacnamaíocha a scaoileadh nó a chur ar fáil chun go bhféadfar íocaíocht atá dlite ó na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na heintitis nó na comhlachtaí sin a liostaítear in Iarscríbhinn I de bhun Airteagal 3(1), pointe (k), nó ó sholáthraí árachais mar thoradh ar riosca a bhfuil na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na heintitis nó na comhlachtaí sin a liostaítear in Iarscríbhinn I de bhun Airteagal 3(1), pointe (k), faoi dhliteanas ina leith a dhéanamh le heintiteas atá bunaithe san Aontas, i dtír is comhalta den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, san Eilvéis nó i dtír chomhpháirtíochta mar a liostaítear in Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014, nó le náisiúnach nó cónaitheoir de Bhallstát, de thír is comhalta den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, den Eilvéis nó de thír chomhpháirtíochta mar a liostaítear in Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle, agus nach liostaítear in Iarscríbhinn I; agus

(b)

gurb éard atá in íocaíocht den sórt sin an tslánaíocht nó an sochar a sholáthraítear ar theacht ann do riosca a bhfuil na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na heintitis nó na comhlachtaí sin a liostaítear in Iarscríbhinn I de bhun Airteagal 3(1), pointe (k), faoi dhliteanas ina leith.’

;

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

‘5l.   De mhaolú ar Airteagal 2, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát, faoi choinníollacha a mheasfaidh siad a bheith iomchuí, an méid seo a leanas a údarú:

(a)

diúscairt nó aistriú scaireanna, rannpháirtíochtaí nó ionstraimí cothromais eile arna ndéanamh ag institiúid creidmheasa atá bunaithe san Aontas chuig eintiteas atá bunaithe san Aontas atá, roimh an aistriú sin, faoi úinéireacht mhionlaigh go díreach nó go hindíreach, ina n aonar nó go comhpháirteach, ag duine amháin nó ag an mbeirt daoine aonair a liostaítear faoi iontrálacha uimhir 674 agus 675 faoin gceannteideal “Daoine” in Iarscríbhinn I, i gcás ina mbeadh méadú ar scairshealbha duine amháin nó na beirte daoine aonair sin san eintiteas sin mar thoradh ar an aistriú tar éis dóibh a chinneadh go ndéantar an diúscairt nó an t aistriú sin ar bhonn céadrogha ar dhíol arna comhaontú go conarthach agus arna feidhmiú go cuí roimh an 28 Feabhra 2022, ach nach bhfuil curtha i gcrích fós ó dháta theacht i bhfeidhm an mhaolaithe seo, ar choinníoll go reofar aon scaireanna nó rannpháirtíochtaí de chuid na ndaoine aonair sin, lena n-áirítear iad siúd arb é is cúis leo méadú ar a scairshealbha tar éis an aistrithe;

(b)

cistí reoite áirithe nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil ar leis an duine aonair amháin nó leis an mbeirt daoine aonair a liostaítear faoi iontrálacha 674 agus 675 faoin gceannteideal “Daoine” san Iarscríbhinn iad, atá faoina n úinéireacht, ina seilbh nó faoina rialú, go díreach nó go hindíreach, nó atá faoi úinéireacht, faoi rialú nó faoi rialú díreach nó indíreach na ndaoine aonair sin, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha atá faoi úinéireacht, i seilbh nó faoi rialú na ndaoine aonair sin in eintitis nó in institiúidí creidmheasa a liostaítear (faoi iontrálacha 198 nó 270) faoin gceannteideal “Eintitis” san Iarscríbhinn tar éis dóibh an méid seo a leanas a chinneadh:

(i)

go ndéantar an scaoileadh nó an cur ar fáil cistí nó acmhainní eacnamaíocha sin sin chun a chur ar chumas an chontrapháirtí a oibleagáid íocaíochta a urscaoileadh, ar oibleagáid í atá dlite d’institiúid creidmheasa atá bunaithe san Aontas de bhun céadrogha ar dhíol arna comhaontú go conarthach agus arna feidhmiú go cuí roimh an 28 Feabhra 2022, agus chun na críche sin amháin, ach nach ndearnadh é fós ó dháta theacht i bhfeidhm an mhaolaithe seo;

(ii)

go ndéantar na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha a scaoiltear nó a chuirtear ar fáil amhlaidh a aistriú go díreach chuig an institiúid creidmheasa atá bunaithe san Aontas chun an oibleagáid chonarthach sin a chomhlíonadh; agus

(iii)

nach duine, eintiteas ná comhlacht a liostaítear san Iarscríbhinn í an institiúid creidmheasa atá bunaithe san Aontas lena n íoctar an chomaoin.’

;

(2)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 6g

1.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 2(1) maidir le cistí ná acmhainní eacnamaíocha JSC Russian Railways a bhfuil gá leo chun earraí nó daoine a iompar d’iarnród, nó chun bonneagar iarnróid gaolmhar a sholáthar, ag JSC Russian Railways idir an Rúis agus an tAontas, ar idirthuras tríd an Aontas, idir Réigiún Kaliningrad agus an Rúis, nó laistigh den Rúis, ná maidir le cistí nó acmhainní eacnamaíocha JSC Russian Railways a bhfuil gá leo chun seirbhísí a sholáthar a bhaineann le hoibriú, cothabháil nó slándáil an iompair iarnróid sin.

2.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 2(2) maidir le cistí ná acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil do JSC Russian Railways a bhfuil gá leo chun earraí nó daoine a iompar d’iarnród, nó chun bonneagar iarnróid gaolmhar a sholáthar, ag JSC Russian Railways idir an Rúis agus an tAontas, ar idirthuras tríd an Aontas, idir Réigiún Kaliningrad agus an Rúis, nó laistigh den Rúis, agus maidir le cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil do JSC Russian Railways a bhfuil gá leo chun seirbhísí a sholáthar a bhaineann le hoibriú, cothabháil nó slándáil an iompair iarnróid sin.

Airteagal 6h

1.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 2 maidir le cistí ná acmhainní eacnamaíocha ar leis na heintitis a liostaítear faoi uimhreacha iontrála 975, 976 agus 977 iad, nó atá faoi úinéireacht, i seilbh nó faoi rialú na n-eintiteas sin, faoin gceannteideal Eintitis in Iarscríbhinn I ná maidir le cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, go díreach nó go hindíreach, do na heintitis sin nó chun tairbhe na n-eintiteas sin, ar choinníoll go bhfuil géarghá leis na cistí nó leis na hacmhainní eacnamaíocha sin maidir le tionscadal Paks II le haghaidh gníomhaíochtaí is gá chun cumais núicléacha shibhialta a bhunú, a oibriú, a chothabháil, a sholáthar agus a athchóireáil agus a shábháilteacht, agus chun leanúint den dearadh, den tógáil agus den choimisiúnú is gá chun saoráidí núicléacha sibhialta sa tionscadal sin a chur i gcrích.

2.   Eintitis a chuireann cistí nó acmhainní eacnamaíocha ar fáil do na heintitis dá dtagraítear i mír 1, tabharfaidh siad fógra d’údarás inniúil na hUngáire faoi aon ghníomhaíocht ar dá bun a úsáidtear nó a chuirtear ar fáil cistí nó acmhainní eacnamaíocha laistigh de 2 sheachtain ó thús na gníomhaíochta sin. Cuirfidh an Ungáir na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon fhaisnéis a fhaightear faoin Airteagal seo laistigh de 2 sheachtain ón bhfaisnéis sin a fháil.’

;

(3)

in Airteagal 11a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Aon duine dá dtagraítear in Airteagal 17, pointe (c) nó (d), beidh sé i dteideal, in imeachtaí breithiúnacha os comhair cúirteanna inniúla Ballstáit, aon damáiste díreach nó indíreach a aisghabháil, lena n-áirítear costais dlí, a thabhaigh an duine sin nó duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá faoi úinéireacht nó faoi rialú an duine dá dtagraítear in Airteagal 17, pointe (d), mar thoradh ar éilimh arna dtaisceadh i gcúirteanna i dtríú tíortha ag daoine, eintitis agus comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (a), (b) nó (c), i dtaca le haon chonradh nó idirbheart a ndearnadh difear dá fheidhmiú, go díreach nó go hindíreach, go hiomlán nó go páirteach, leis na bearta a fhorchuirtear faoin Rialachán seo, ar choinníoll nach bhfuil rochtain éifeachtach ag an duine lena mbaineann ar na leigheasanna faoin dlínse ábhartha. Féadfar na damáistí sin a aisghabháil ó na daoine, na heintitis nó na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (a), (b) agus (c), a thaisc na héilimh leis na cúirteanna sa tríú tír, nó ó dhaoine, eintitis nó comhlachtaí ar leo na heintitis nó na comhlachtaí sin nó a bhfuil na heintitis nó na comhlachtaí sin faoina rialú.’

;

(4)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

‘Airteagal 11c

Aon urghaire, ordú, faoiseamh, breithiúnas, nó cinneadh cúirte nó riaracháin eile de bhun Airteagal 248.1 nó Airteagal 248.2 de Chód Nós Imeachta Eadrána Chónaidhm na Rúise nó reachtaíocht choibhéiseach na Rúise, nó a dhíorthaítear uathu, nó a thugann cúirt Rúiseach nó údarás Rúiseach de bhun aon dlí eile de chuid na Rúise, ina bhfuil duine dá dtagraítear in Airteagal 17, pointí (c) nó (d), á chur faoi dhliteanas, cibé acu i gconradh nó i dtort, nó ar aon bhunús dlí eile, nó lena dtugtar éifeacht, go díreach nó go hindíreach, d’aon éileamh, ceart nó oibleagáid líomhainte i gcoinne an duine sin, lena n-áirítear i gcomhthéacs dócmhainneachta, féimheachta, athstruchtúraithe nó imeachtaí comhchosúla leo, i dtaca le haon chonradh nó idirbheart a ndearnadh difear dá fheidhmiú, go díreach nó go hindíreach, go hiomlán nó go páirteach, leis na bearta a fhorchuirtear faoin Rialachán seo, ní aithneofar iad, ní thabharfar éifeacht dóibh ná ní fhorfheidhmeofar iad i mBallstát.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Iúil 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

T. BYRNE


(1)   IO L 78, 17.3.2014, lch. 16, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2014/145(1)/oj.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine (IO L 78, 17.3.2014. lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/269/oj).

(3)  Cinneadh (CBES) 2026/1845 ón gComhairle an 23 Iúil 2026 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’ iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L, 2026/1845, 23.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1845/oj).

(4)  Rialachán (AE) 2026/511 ón gComhairle an 23 Aibreán 2026 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L, 2026/511, 23.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/511/oj).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/833/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/1844/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top