Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026R1810

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1810 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2026 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/901 a mhéid a bhaineann leis na substaintí céataconasól, míodasólam agus seavóflurán a chur leis, agus Rialachán (CE) Uimh. 1950/2006 a mhéid a bhaineann leis na substaintí diogocsain, dorsólaimíd, gríseofuilvin, imiopraimín, céataconasól, feineatóin agus tiocaircillin a scriosadh

C/2026/5113

IO L, 2026/1810, 27.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1810/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1810/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1810

27.7.2026

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1810 ÓN gCOIMISIÚN

an 24 Iúil 2026

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/901 a mhéid a bhaineann leis na substaintí céataconasól, míodasólam agus seavóflurán a chur leis, agus Rialachán (CE) Uimh. 1950/2006 a mhéid a bhaineann leis na substaintí diogocsain, dorsólaimíd, gríseofuilvin, imiopraimín, céataconasól, feineatóin agus tiocaircillin a scriosadh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/82/CE (1), agus go háirithe Airteagal 115(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/901 ón gCoimisiún (2), bunaítear liosta substaintí atá fíor-riachtanach le cóireáil a chur ar speicis eachaí, nó a bhfuil sochar cliniciúil breise ag baint leo i gcomparáid le cineálacha eile cóireála atá ar fáil do speicis eachaí agus a mbeidh an tréimhse aistarraingthe do speicis eachaí 6 mhí.

(2)

Faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/901, ní cháilíonn substaint mar ‘shubstaint fhíor-riachtanach’ ach amháin i gcás nach bhfuil aon rogha mhalartach shásúil ar fáil chun tásc a chóireáil nó a dhiagnóisiú agus i gcás ina gcruthódh an riocht, i gcás ina mbeadh riocht neamhchóireáilte i gceist, fulaingt gan ghá don ainmhí. Ní cháilíonn substaint mar shubstaint ‘a bhfuil sochar cliniciúil breise ag baint léi’ ach amháin i gcás ina mbíonn buntáiste i gceist léi atá ábhartha go cliniciúil bunaithe ar éifeachtúlacht nó sábháilteacht fheabhsaithe nó ar rannchuidiú mór i dtaca le cóireáil nó diagnóisiú. D’fhéadfadh an méid sin a bheith mar thoradh, inter alia, ar mhodhanna éagsúla gníomhaíochta, ar phróifílí cógaschinéiteacha nó cógasdinimiciúla éagsúla, ar fhaid éagsúla cóireála nó ar bhealaí éagsúla tabhartha.

(3)

Ó glacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/901, tá faisnéis nua tagtha chun cinn lena léirítear go bhféadfadh gríseofuilvin, céatconasól, míodasólam, riofaimpicin agus seavóflurán na critéir maidir le substaintí fíor-riachtanacha a chomhlíonadh nó go bhfuil sochar cliniciúil breise ag baint leo i gcomparáid le roghanna cóireála eile atá ar fáil do speicis eachaí nuair a úsáidtear iad le haghaidh tásca sonracha.

(4)

D’iarr an Coimisiún (3) ar an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach (‘an Ghníomhaireacht’) scrúdú a dhéanamh ar an bhfaisnéis sin agus treoraíocht a thabhairt i gcomhréir le hAirteagal 141(1), pointe (f), de Rialachán (AE) 2019/6. Sa treoraíocht uaithi a tháinig as sin (4), tháinig an Ghníomhaireacht ar an gconclúid gur féidir a mheas go bhfuil na substaintí gríseofuilvin, céatconasól, míodasólam agus seavóflurán fíor-riachtanach nó go bhfuil sochar cliniciúil breise ag baint leo i gcomparáid le roghanna cóireála eile atá ar fáil do speicis eachaí nuair a úsáidtear iad le haghaidh na dtásc atá beartaithe.

(5)

Mar chuid den iarraidh ón gCoimisiún, rinne an Ghníomhaireacht measúnú freisin ar cé acu a bheadh nó nach mbeadh tréimhse aistarraingthe 6 mhí leordhóthanach i leith na n-eachainmhithe a cóireáladh leis na substaintí a fuarthas a bheith fíor-riachtanach nó chun sochar cliniciúil breise a thabhairt le haghaidh na dtásc atá beartaithe. Níorbh fhéidir leis an nGníomhaireacht na rioscaí a bhaineann le gríseofuilvin agus céatconasól a chur as an áireamh nuair a úsáidtear iad le haghaidh na dtásc uile nó le haghaidh cuid de na tásca a mholtar le haghaidh gach ceann de na substaintí sin, fiú má chloítear le tréimhse aistarraingthe 6 mhí. Leis an gcomhairle eolaíoch ón nGníomhaireacht (5), comhairle a bhí mar bhonn eolais do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/901, thángthas ar chonclúidí comhchosúla maidir le diogocsain, dorsólaimíd, imiopraimín agus feineatóin.

(6)

Leanfaidh Rialachán (CE) Uimh. 1950/2006 ón gCoimisiún (6) d’fheidhm a bheith aige go dtí an 21 Bealtaine 2027. Chun ardleibhéal sábháilteachta do thomhaltóirí a choinneáil ar bun, is iomchuí scor d’úsáid na substaintí sin i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1950/2006.

(7)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1255 ón gCoimisiún (7), forchoimeádadh an aicme carbocsaipeinicilliní chun ionfhabhtuithe áirithe i ndaoine a chóireáil. Dá bhrí sin, ní cheadaítear an tsubstaint tiocaircillin a úsáid in ainmhithe san Aontas. Ós rud é go bhfuil feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1950/2006 go dtí an 21 Bealtaine 2027 agus chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú do na húdaráis inniúla, tréidlianna, coimeádaithe ainmhithe agus oibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann, is iomchuí an tsubstaint sin a bhaint den liosta san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1950/2006.

(8)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/901 agus Rialachán (CE) Uimh. 1950/2006 a leasú dá réir sin.

(9)

Chun rioscaí do shábháilteacht an tomhaltóra a sheachaint, infhaighteacht táirgí íocshláinte le haghaidh bia-ainmhithe den speiceas eachaí a mhéadú agus fulaingt dho-ghlactha na n-ainmhithe sin a sheachaint, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(10)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Íocshláinte Tréidliachta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/901

Cuirtear an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/901.

Airteagal 2

Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 1950/2006

Scriosfar na hiontrálacha a bhaineann leis na substaintí diogocsain, dorsólaimíd, gríseofuilvin, imiopraimín, céatconasól, feineatóin agus tiocaircillin san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1950/2006.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Iúil 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 4, 7.1.2019, lch. 43, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/6/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/901 ón gCoimisiún an 19 Bealtaine 2025 lena mbunaítear liosta substaintí atá fíor-riachtanach le cóireáil a chur ar speicis eachaí, nó a bhfuil sochar cliniciúil breise ag baint leo i gcomparáid le cineálacha eile cóireála atá ar fáil do speicis eachaí agus a mbeidh sé mhí i gceist lena dtréimhse aistarraingthe do speicis eachaí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1950/2006 (IO L, 2025/901, 20.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/901/oj).

(3)  Ares(2025)10199539; https://link.europa.eu/p4F9hp.

(4)  Treoraíocht faoi Airteagal 141(1)(f) de Rialachán (AE) 2019/6 maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta a mhéid a bhaineann le cúig shubstaint nach n-áirítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/901 ón gCoimisiún (EMA/CVMP/382370/2025, an 16 Aibreán 2026)

(5)  Comhairle eolaíoch faoi Airteagal 115(5) de Rialachán (AE) 2019/6 maidir le liosta substaintí a bhunú, ar substaintí iad atá fíor-riachtanach le cóireáil a chur ar speicis eachaí, nó a bhfuil sochar cliniciúil breise ag baint leo i gcomparáid le cineálacha eile cóireála atá ar fáil do speicis eachaí agus a mbeidh 6 mhí i gceist lena dtréimhse aistarraingthe do speicis eachaí (EMA/CVMP/159047/2023, 18 Iúil 2024).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 1950/2006 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2006 lena mbunaítear, i gcomhréir le Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte tréidliachta, liosta substaintí atá fíor-riachtanach chun cóireáil a chur ar eachainmhithe agus liosta substaintí a bhfuil sochar cliniciúil breise ag baint leo (IO L 367, 22.12.2006, lch. 33, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2006/1950/oj).

(7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1255 ón gCoimisiún an 19 Iúil 2022 lena n-ainmnítear frithmhiocróbaigh nó grúpaí frithmhiocróbach arna bhforchoimeád chun ionfhabhtuithe áirithe i ndaoine a chóireáil, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 191, 20.7.2022, lch. 58, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/1255/oj).


IARSCRÍBHINN

Grúpaí substaintí

I.   Ainéistéisigh

Substaint ghníomhach (1)

Tásca

Roghanna malartacha a sainaithníodh

Míniú ar an úsáid / buntáistí sonracha

Ocsabúprócaona

Ainéistéise logánta a úsáidtear sa tsúil

Níor sainaithníodh aon roghanna malartacha

Taithí chliniciúil leathan

Prileacaonb

Ainéistéise logánta a úsáidtear roimh instealladh infhéitheach nó cataitéarú

Lídeacaon

In ullmhóidí sonracha (meascán eoiteicteach d’ainéistéisigh áitiúla) úsáidtear é go logánta ar an gcraiceann; is féidir é a úsáid chun instealladh infhéitheach nó cataitéarú a éascú

Seavófluránb

Masc-ionduchtú ainéistéise i searraigh

Iseaflurán

Níos oiriúnaí do mhasc-ionduchtú toisc nach bhfuil an boladh chomh géar leis an rogha mhalartach

(1)  Is substaintí riachtanacha iad na substaintí gníomhacha a shainaithnítear le ‘a’. Substaintí a shainaithnítear le “b”, is substaintí iad a bhfuil sochar cliniciúil breise ag baint leo.

II.   Anailgéisigh

Substaint ghníomhach (1)

Tásca

Roghanna malartacha a sainaithníodh

Míniú ar an úsáid / buntáistí sonracha

Bróimfeineacb

Úibhéíteas agus athlasadh súl a chóireáil

Drugaí frith-athlastacha neamhstéaróideacha sistéamacha (NSAIDanna) (e.g. fluinicsin); céatarólac lóganta (súileach)

Is féidir NSAIDanna logánta a úsáid chun míchompord a laghdú, athlasadh iarobráide a laghdú, agus mióis a sheachaint in othair, agus chun feabhas a chur ar an ngéire amhairc sa tréimhse díreach tar éis na hobráide

Feantainilb

Cur chuige ilmhódach le haghaidh géar-riochtaí measartha pianmhara nó an-phianmhara

Bútorfanól, moirfín

Cruthaíonn sí anailgéise níos fearr i gcomparáid le hanailgéisigh ópóideacha áirithe eile agus is féidir í a úsáid le haghaidh riochtaí an-phianmhara; tá luach aitheanta aici i gcineálacha cuir chuige ilmhódacha

Céatarólacb

Pian sa tsúil agus athlasadh sa tsúil a chóireáil

Teiripe shistéamach le NSAIDanna (e.g. fluinicsin)

Tá sé foirmlithe lena úsáid go logánta

Meatacarbamólb

Mar chuid de phrótacail chóireála le haghaidh dian-spasmaí matáin pianmhara nó riochtaí tromchúiseacha athlasta matáin

NSAIDanna sistéamacha (e.g. fluinicsin)

Bíonn éifeacht láidir socrachta aige ar na matáin chnámharlaigh; gníomhaíonn sé go sonrach ar na néaróin idirtheorcacha i gcorda an dromlaigh chun spasmaí sna matáin chnámharlaigh a laghdú gan athrú coimhdeachtach a spreagadh i dteannas na matán

Moirfínb

Anailgéise

Bútorfanól, feantainil

Tá sé níos láidre ná anailgéisigh eile

Aicéitiníd trí-aimcionólóinb

Athlasadh alt a chóireáil

Meitilpreidneasólón

Níl a éifeachtaí chomh díobhálach céanna ar an meitibileacht loingeáin

III.   Frithmhiocróbaigh

Substaint ghníomhach (1)

Tásca

Roghanna malartacha a sainaithníodh

Míniú ar an úsáid / buntáistí sonracha

I. Antaibheathaigh

Aimíocaicinb

Séipticéime a chóireáil i gcapaill agus i searraigh

Geantaimicin, ceiftiafar

Próifíl sábháilteachta níos fearr sa spriocainmhí

Aisitrimícinb

Ionfhabhtuithe le Rhodococcus equi atá soghabhálach i leith aisítrimícine a chóireáil

Clairitrimícin, eiritrimícin, gaimitrimícin, tulaitrimícin, docsaiciglín

Bíonn sochar cliniciúil breise i gceist i gcás ionfhabhtuithe le Rhodococcus equi i searraigh is féidir a réiteach le monaiteiripe nó in éineacht le docsaiciglín

Clairitrimícinb

Ionfhabhtuithe le Rhodococcus equi atá soghabhálach i leith clairitrimícine a chóireáil

Aisitrimícin, eiritrimícin, gaimitrimícin, tulaitrimícin, docsaiciglín

Tá sí níos gníomhaí in aghaidh Rhodococcus equi in vitro ná eiritrimícin nó aisitrimícin; baintear amach tiúchan níos airde i sreabhán líneáil eipitéiliach na scamhóg agus i macrafagaigh ailbhileacha ná mar a bhaintear amach le heiritrimícin nó le haisitrimícin, cé go bhfuil leathré níos giorra i gceist

Aigéad fúisídeachb

Cóireáil logánta ar ionfhabhtuithe sa tsúil arb é is cúis leo baictéir ghram-dheimhneacha atá soghabhálach i leith aigéid fhúisídigh

Oflocsaicin, mocsaflocsaicin

Tá speictream leathan aige chun ionfhabhtuithe gram-dheimhneacha a chóireáil; is é an chéad rogha é chun othrais choirneacha dhromchlacha neamhchasta agus géar-thoinníteas a chóireáil i gcapaill

Mocsaflocsaicinb

Cóireáil logánta ar ionfhabhtuithe seachtracha sa tsúil arb é is cúis leo cocais ghram-dheimhneacha, baictéir ghram-dhiúltacha, baictéir neamhthipiciúla agus baictéir anaeróbacha amhail Pseudomonas aeruginosa atá soghabhálach i leith mocsaflocsaicine

Oflocsaicin

Tá próifíl bhuntáisteach chógaschinéiteach ag baint léi; cuimsíonn a speictream gníomhaíochta cocais gram-dheimhneacha agus baictéir anaeróbacha a d’fhéadfadh a bheith frithsheasmhach in aghaidh cuineolóin eile

Oflocsaicinb

Cóireáil ar ionfhabhtuithe seachtracha sa tsúil, arb é is cúis leo miocrorgánaigh ghram-dheimhneacha agus ghram-dhiúltacha atá soghabhálach i leith oflocsaicine

Mocsaflocsaicin

Taithí chliniciúil; téann sé isteach sa choirne iomlán suas go dtí cuasán tosaigh na súile

Polaimicsin Bb

Ceirtitíteas baictéarach a chóireáil, úsáid logánta

Oflocsaicin, mocsaflocsaicin

Is rogha mhalartach éifeachtach í ar chóireálacha sistéamacha; tá meicníocht ghníomhaíochta éagsúil i gceist i gcomparáid le roghanna malartacha logánta eile

II. Frithfhungasaigh

Amfaiteiricin Ba

Niúmóine fungasach a chóireáil, úsáid shistéamach

Níor sainaithníodh aon roghanna malartacha

Is í an rogha chóireála í

Céataconasólb

Teiripe bhreisíoch i gcóireáil míocóise púitse scornúil, úsáid logánta

Einealconasól

Níl sé chomh greannach céanna leis an rogha mhalartach; tá sé foirmlithe lena úsáid go logánta

Mioconasólb

Ionfhabhtú fungasach sa tsúil a chóireáil

Nataimícin, niostaitin, voracónasól

Tá raon leathan gníomhaíochta i gceist; níl sé chomh greannúil i gcomparáid le frithfhungasaigh logánta eile

Niostaitinb

Ionfhabhtuithe fungais agus giosta sa tsúil agus sa chonair ghiniúna a chóireáil

Mioconasól

Is í an rogha chóireála í chun ionfhabhtuithe giosta a chóireáil

Voracónasólb

Ceirtitíteas baictéarach a chóireáil, úsáid logánta

Mioconasól

Tá raon leathan gníomhaíochta i gceist

III. Frithvíreasaigh

Aicioglaivír b

Cóireáil a dhéanamh ar chásanna d’ionfhabhtuithe leis an víreas heirpéis eachaí a bhfuil castachtaí ag baint leo, úsáid logánta amháin

Gaincioglaivír

Is é an rogha chóireála é chun othrais súilí a chóireáil nuair a mheastar go bhfuil pataigin víreasach i gceist

Gaincioglaivírb

Cóireáil a dhéanamh ar chásanna d’ionfhabhtuithe leis an víreas heirpéis eachaí a bhfuil castachtaí ag baint leo, úsáid logánta

Aicioglaivír, valaicioglaivír

Tá saibhreas fianaise ann maidir lena úsáid chun cineálacha éagsúla víreas is cúis le hionfhabhtuithe heirpéasacha a chóireáil

Valaicioglaivírb

Cóireáil a dhéanamh ar chásanna d’ionfhabhtuithe leis an víreas heirpéis eachaí a bhfuil castachtaí ag baint leo, úsáid béil

Aicioglaivír

Tá próifíl chógaschinéiteach níos fearr agus bealach tabhartha malartach i gceist

IV.   Substaintí le haghaidh neamhoird riospráide

Substaint ghníomhach (1)

Tásca

Roghanna malartacha a sainaithníodh

Míniú ar an úsáid / buntáistí sonracha

Ambrocsalb

Dromchlaghníomhaithe a spreagadh i searraigh réamhaibí

Stéaróidigh, bróimheicsín, deimbreicsín, aistriú dromchlaghníomhaithe ó dheontóir sláintiúil

Is é an chéad rogha chliniciúil é le haghaidh searraigh réamhaibí

Flútúcasónb

Galar scamhógach ailléirgeach a rialú trína ionanálú, lena n-áirítear cásanna éadroma asma eachaí, cásanna tromchúiseacha asma eachaí agus fochineálacha asma eachaí

Béaclóimeiteasón

Nuair a análaítear é, is é an toradh a bhíonn ann ná srianadh aidréineacortach níos ísle, téarnamh níos tapúla tar éis dheireadh na teiripe agus níos lú fo-éifeachtaí sistéamacha ná mar a bhíonn i gceist le teiripe chortacaistéaróideach shistéamach, ós rud é go bhfuil ionsú sistéamach teoranta i gceist; tá sé úsáideach go háirithe chun asma éadrom, asma measartha agus asma frithleighis a rialú, agus le haghaidh teiripe chothabhála fhadtéarmach

Bróimíd iopratróipiamb

Mar bhroncaileatheoir i gcapaill a bhfuil asma éadrom nó asma measartha orthu

Cleanbútaról

Bíonn gníomhaíocht frithchoilíneirgeacha i gceist, is rogha eile í ar bhéite-agónaithe

Ocsaimeiteasóilínb

Éidéime sróine a chóireáil

Feinileifrín

Agónaí alfa-aidréineaghabhdóra, a bhfuil airíonna láidre soitheach-chraptha agus éifeacht ghníomhach níos faide i gceist leis

Feinileifrínb

Éidéime sróine a chóireáil

Ocsaimeiteasóilín

Laghdaítear an gá le feadáin sróine a chur isteach le linn téarnaimh

V.   Substaintí cairdeolaíochta

Substaint ghníomhach (1)

Tásca

Roghanna malartacha a sainaithníodh

Míniú ar an úsáid / buntáistí sonracha

Aimiódarónb

Cóireáil shistéamach agus cóireáil tríd an mbéal ar fhibriliú atrialach, ar thaiceacairde fhormhéadailíneach agus ar thaiceacairde mhéadailíneach

Sulfáit/glúcónáit chuinidín, sotalól, véarapamal

Tá modh gníomhaíochta éagsúil i gceist: is oibreán frith-neamhrithimeach aicme III é

Própaifeanónb

Taiceacairde mhéadailíneach agus taicea-aimhrithim mhéadailíneach a chóireáil

Sulfáit/glúcónáit chuinidín

Tá modh gníomhaíochta éagsúil i gceist: is freasaitheach cainéil sóidiam é lena laghdaítear infhuascailteacht an chroí

Cuiniprila

Cliseadh croí a chóireáil; cosaint chardashoithíoch i gcapaill a bhfuil fibriliú aitriach nó frithshruthú comhla beannaí orthu

Níor sainaithníodh aon roghanna malartacha

Tá modh gníomhaíochta éagsúil i gceist: is coscaire einsímí tiontaithe angaitheannaine (ACE) é

Sulfáit/glúcónáit chuinidínb

Aimhrithimí cairdiacha a chóireáil

Aimiódarón, sotalól, véarapamal

Is í an rogha chóireála í chun fibriliú aitriach a chóireáil

Sotalólb

Cóireáil fhadtéarmach ar aimhrithimí cairdiacha

Aimiódarón, sulfáit/glúcónáit chuinidín

Tá sé níos oiriúnaí i gcapaill a bhfuil teiripe fhrith-aimhrithime fhadtéarmach ag teastáil uathu; úsáidtear é le haghaidh teagmhais nach bhfuil chomh díobhálach i gcomparáid le haimiódarón

Véarapamalb

Aimhrithimí formhéadailíneacha a chóireáil

Aimiódarón, sulfáit/glúcónáit chuinidín, sotalól

Tá modh gníomhaíochta éagsúil i gceist: is blocálaí cainéal cailciam é

VI.   Substaintí le haghaidh nósanna imeachta diagnóiseacha

Substaint ghníomhach (1)

Tásca

Roghanna malartacha a sainaithníodh

Míniú ar an úsáid / buntáistí sonracha

Sulfáit bhairiama

An radharc ar an gconair ghastraistéigeach a fheabhsú le linn scrúduithe radagrafaíochta

Níor sainaithníodh aon roghanna malartacha

Níl aon chóireáil mhalartach shásúil ann chun an radharc ar an gconair ghastraistéigeach a fheabhsú le linn scrúduithe radagrafaíochta

Fluaraisinb

Ceiritíteas coirneach nó othrasú coirneach a dhiagnóisiú, úsáid logánta

Rósdearg Beangál

Is é seo an uirlise dhiagnóiseach is oiriúnaí nuair a bhíonn gá le cultúr víreasach ina dhiaidh sin

Iaiheacsóla

Oibreán codarsnachta le haghaidh radagrafaíocht ar chonair an fhuail íochtair, artragrafaíocht, miaileagrafaíocht, cuasagrafaíocht nó fiostúlagrafaíocht agus daicrióicisteagrafaíocht

Níor sainaithníodh aon roghanna malartacha

Is oibreán codarsnachta uiscethuaslagtha neamh-ianach é

Feinileifrína

Tinneas féir eachaí a dhiagnóisiú

Níor sainaithníodh aon roghanna malartacha

Cur chuige diagnóiseach coimhdeach i leith polainéarapaite tinnis féir eachaí

Rósdearg Beangálb

Ceiritíteas coirneach nó othrasú coirneach a dhiagnóisiú, úsáid logánta

Fluaraisin

Is é seo an uirlis dhiagnóiseach is fearr chun ceiritíteas/othrais sa tsúil a dhiagnóisiú

Hormón scaoilte tíreatróifinea

Mífheidhmiú piotútach pars intermedia a dhiagnóisiú

Níor sainaithníodh aon roghanna malartacha

Níl aon rogha mhalartach shásúil ann chun mífheidhmiú piotútach pars intermedia a dhiagnóisiú

VII.   Substaintí le haghaidh neamhoird riospráide

Substaint ghníomhach (1)

Tásca

Roghanna malartacha a sainaithníodh

Míniú ar an úsáid / buntáistí sonracha

Meataclópraimídb

Iléas iarobráide a chóireáil

Ionadú sreabháin infhéithigh, pianmhúcháin (e.g. fluinicsin), lídeacaon

Is druga próicinéiteach é

Miseaprostólb

Galar gastrach faireogach agus drólainníteas a chóireáil

Óimeipreasól, siúcralfáit

Tá sé níos fearr ná óimeipreasól chun galar faireach gastrach eachaí a chóireáil

Feinileifrína

Sáinniú neifriliathánach a chóireáil

Níor sainaithníodh aon roghanna malartacha

Tá luach cliniciúil aige maidir le sáinniú neifriliathánach a réiteach; spreagann sé crapadh spiléineach a bhraitheann ar an dáileog

Rainitidínb

Othrais ghastracha a chóireáil i searraigh nuabheirthe a bhfuil tinneas criticiúil orthu, úsáid infhéitheach

Óimeipreasól

Bíonn sochar cliniciúil breise i gceist leis an mbealach tabhartha infhéitheach i gcomparáid le cineálacha eile cógas frithothrais béil

Siúcralfáitb

Othrais ghastracha a chóireáil agus a chosc i gcapaill

Óimeipreasól

Tá modh gníomhaíochta difriúil i gceist i gcomparáid le hóimeipreasól (greamaitheach múcóis), rud a chruthaíonn cobhsaíocht fhisiciúil lot

VIII.   Substaintí le haghaidh neamhoird mheitibileacha

Substaint ghníomhach (1)

Tásca

Roghanna malartacha a sainaithníodh

Míniú ar an úsáid / buntáistí sonracha

Inslinb

Mar chúnamh chun hipirlipidéime nach bhfreagraíonn do theiripe ghlúcóis nó chun hipirlipidéime dhian a chóireáil, in éineacht le glúcós agus teiripí eile

Neamhoird mheitibileacha a dhiagnóisiú (e.g. frithsheasmhacht insline a bhaineann le siondróm meitibileach eachaí nó le mífheidhmiú piotútach pars intermedia)

Is féidir heipirin a bhfuil meáchan íseal móilíneach aici a úsáid i gcásanna hipirlipidéime

Is í inslin an rogha chliniciúil is fearr

IX.   Substaintí le haghaidh neamhoird mhatánchnámharlaigh

Substaint ghníomhach (1)

Tásca

Roghanna malartacha a sainaithníodh

Míniú ar an úsáid / buntáistí sonracha

Atraiciúiriamb

Pairilis matáin a spreagadh faoi ainéistéise ghinearálta

Ciosatraiciúiriam, guaidhfeineisin

Bíonn sochar cliniciúil breise i gceist leis i gcapaill faoi ainéistéise ghinearálta i gcásanna ina bhfuil gá le scíth matán níos láidre, amhail obráidí oftalmacha, deisiúcháin ortaipéideacha áirithe agus nuair a bhíonn rochtain dhomhain ar chuas an bhoilg ag teastáil.

Ciosatraiciúiriamb

Pairilis matáin a spreagadh faoi ainéistéise ghinearálta

Atraiciúiriam, guaidhfeineisin

Bíonn sochar cliniciúil breise i gceist leis i gcapaill faoi ainéistéise ghinearálta i gcásanna ina bhfuil gá le scíth matán níos láidre, amhail obráidí oftalmacha, deisiúcháin ortaipéideacha áirithe agus nuair a bhíonn rochtain dhomhain ar chuas an bhoilg ag teastáil.

Soidiam dantrailéineb

Rabdamalú a chosc

Hipirteirme urchóideach a chosc le linn ainéistéise

NSAIDanna, sreabháin infhéitheacha, vitimín E/seiléiniam

Tá tionchar coisctheach aige, lena gcuirtear bac ar scaoileadh cailciam ón reiticealam sarcaplasmach, rud a chruthaíonn dícheangal leis an nasc flosctha-craptha

Eadrafóiniama

Na héifeachtaí a bhaineann le pairilis matáin atraiciúiriam a aisiompú

Níor sainaithníodh aon roghanna malartacha

Cuireann sé cosc ar choilíneistearáis, rud atá fíor-riachtanach chun blocáil néarmhatánach a aisiompú; tá an líon is lú fo-iarmhairtí aige i gcapaill i measc na gcoscairí coilíneistearáise

Guaidhfeineisinb

Ainéistéise ghinearálta a chruthú agus a chothabháil i ndálaí allamuigh

Atraiciúiriam, ciosatraiciúiriam

Úsáidtear í go háirithe i ndálaí allamuigh (lasmuigh den ospidéal) ina bhféadfadh ainéistéise a bheith riachtanach; cruthaíonn sé éifeacht lagaithe chardascamhógach, rud a éascaíonn ainéistéise shábháilte gan trealamh ardleibhéil monatóireachta ná aeráil mheicniúil

X.   Substaintí le haghaidh neamhoird néarchórais

Substaint ghníomhach (1)

Tásca

Roghanna malartacha a sainaithníodh

Míniú ar an úsáid / buntáistí sonracha

Déiseapama

Frith-bhaoth-thonnán gearrthéarmach a úsáidtear chun taomanna a chóireáil

Níor sainaithníodh aon roghanna malartacha

Is frith-bhaoth-thonnán den dara glúin é

Míodasólama

Frith-bhaoth-thonnán gearrthéarmach a úsáidtear chun taomanna a chóireáil

Níor sainaithníodh aon roghanna malartacha

Is frith-bhaoth-thonnán den dara glúin é

XI.   Substaintí oftailmeolaíochta

Substaint ghníomhach (1)

Tásca

Roghanna malartacha a sainaithníodh

Míniú ar an úsáid / buntáistí sonracha

Aicéatasólaimídb

Glácóma a chóireáil, úsáid béil

Feinileifrín

Is é cosc ainhiodráise carbónaí an mheicníocht ghníomhartha atá i gceist

Cioglaipeantóláitb

Oibreán midriátach

Atraipín, feinileifrín

Spreagann sé midriáis shuntasach gan difear a dhéanamh do tháirgeadh deor, do bhrú ionsúileach, don fheidhm díleá (i.e. inghluaisteacht stéige agus táirgeadh faecas), ná don ráta croí

Cioglaspóirín Ab

Ionfhabhtú uath-imdhíonachta sa tsúil a chóireáil

Stéaróidigh logánta

Cruthaíonn sí éifeacht imdhíon-sochtach trí chosc a chur ar iomadú T-limficítí agus trí léiriú na ngéin cíticín a laghdú

Feinileifrínb

Glácóma agus eipifeara a chóireáil

Atraipín agus tropacaimíd

Ní mhéadaíonn sé brú ionsúileach (nó ní mhéadaíonn sé ach beagán é)

Sineifrínb

Seicní múcasacha sa tsúil a chóireáil, i bhfoirm dhíchaochtáin

Feinileifrín, teitreasóilín

Éifeacht logánta thapa; feabhsaíonn sé doimhneacht na teiripe áitiúla, rud a chruthaíonn éifeachtaí sineirgisteacha e.g. le teiripe fhrithmhiocróbach logánta

Teitreasóilínb

Seicní múcasacha sa tsúil a chóireáil, i bhfoirm dhíchaochtáin

Feinileifrín, sineifrín

Éifeacht logánta thapa

Mailéáit tiomolóilb

Glácóma a chóireáil, úsáid logánta

Aicéatasólaimíd

Tá modh sonrach gníomhaíochta i gceist, is oibreán neamhroghnaitheach blocála gabhdóra béite-aidréineirgigh í, rud a chiallaíonn go bhfuil sí ina rogha theiripeach thábhachtach chun glácóma a chóireáil

Aicéitiníd trí-aimcionólóinb

Úibhéíteas athfhillteach a chóireáil i gcásanna atá fulangach ar chóireálacha eile

Atraipín, tropacaimíd

Cóireáil éifeachtach a bhfuil galracht íseal ag baint léi i gcásanna atá fulangach ar chóireálacha eile

Tropacaimídb

Úibhéíteas athfhillteach a chóireáil

Atraipín, cioglaipeantóláit, aicéatóiníd trí-aimcionólóin

Gníomhaíocht thapa

XII.   Substaintí támhúcháin agus substaintí réamhchógais (agus substaintí freasaitheachta)

Substaint ghníomhach (1)

Tásca

Roghanna malartacha a sainaithníodh

Míniú ar an úsáid / buntáistí sonracha

Aicéaprómaisínb

Cur chuige ilmhódach le haghaidh suaimhniú agus réamhchógasú in éineacht le hoibreáin támhúcháin eile

Déataimidín, roimifidín, xiolaisín, déiseapam

Ní féidir modh gníomhaíochta aicéaprómaisín ná a cáilíocht uathúil támhúcháin a bhaint amach le támhacháin agónaí alfa-2 ná le beinsidhé-asaipíní

Atapaimeasóla

Éifeachtaí agónaithe alfa-2 a aisiompú

Níor sainaithníodh aon roghanna malartacha

Aisiompaíonn sé éifeachtaí támhaíocha agus anailgéiseacha mar aon le frithghníomhuithe cardashoithíocha díobhálacha

Deismeidéataimidínb

Támhú nó ainéistéise ghinearálta mar chuid de phrótacail ainéistéiseacha infhéitheacha pháirteacha nó iomlána

Déataimidín, roimifidín, xiolaisín, déiseapam

Is é seo an t-agónaí alfa-2 is roghnaí; tá leathré ghearr agus athdháileadh tapa aige, rud a thacaíonn go háirithe lena úsáid mar insileadh ar ráta leanúnach

Déiseapamb

Réamhchógas agus ionduchtú ainéistéise, suaimhniú éadrom gan mórán fo-iarmhairtí cardashoithíocha agus riospráide

Aicéaprómaisín, déataimidín, roimifidín, xiolaisín

Soláthraíonn an modh gníomhaíochta (ag an ngabhdóir aigéid gáma-aimíneabútaraigh) suaimhniú uathúil nach bhfuil aon lagú cardairiospráideach i gceist leis, rud nach féidir a bhaint amach le támhachán agónaí alfa-2 (déataimidín, roimifidín agus xiolaisín) nó aicéaprómaisín

Míodasólamb

Réamhchógas agus ionduchtú ainéistéise, suaimhniú éadrom gan mórán fo-iarmhairtí cardashoithíocha agus riospráide

Aicéaprómaisín, déataimidín, roimifidín, xiolaisín

Soláthraíonn an modh gníomhaíochta (ag an ngabhdóir aigéid gáma-aimíneabútaraigh) suaimhniú uathúil nach bhfuil aon lagú cardairiospráideach i gceist leis, rud nach féidir a bhaint amach le támhachán agónaí alfa-2 (déataimidín, roimifidín agus xiolaisín) nó aicéaprómaisín

Flumaiséinila

Oibreán aisiompaithe infhéitheach a chruthaíonn éifeacht beinsidhé-asaipín le linn téarnamh ó theicnící Ainéistéise Infhéithí Iomláine (TIVA)

Níor sainaithníodh aon roghanna malartacha

Is freasaitheach é a chuireann bac iomaíoch ar an suíomh ceangailte beinsidhé-asaipín ag an ngabhdóir aigéid gáma-aimíneabútaraigh

Nalocsóna

Éifeachtaí ópóideacha a aisiompú le linn éigeandálaí

Níor sainaithníodh aon roghanna malartacha

Níl aon rogha mhalartach ann

Própafólb

Ionduchtú ainéistéise i searraigh tríd an modh tabhartha infhéitheach

Iseaflurán

Feabhsaítear an chobhsaíocht chardashoithíoch agus cáilíocht an téarnaimh i searraigh i gcomparáid le hainéistéise ionanálaithe

XIII.   Substaintí le haghaidh neamhoird shistéimeacha

Substaint ghníomhach (1)

Tásca

Roghanna malartacha a sainaithníodh

Míniú ar an úsáid / buntáistí sonracha

Allapúirionólb

Gortú atréleata isicéime a chóireáil i searraigh nuabheirthe

Vitimín E

Tá modh gníomhaíochta éagsúil i gceist lena gcuirtear cosc ar fhoirmiú speiceas ocsaigine imoibríche (ROS) i gcomparáid le vitimín E

Daltapairinb

Antaithéachtach

Heipirin

Laghdaíonn sé méid na móilíní, rud a laghdaíonn gníomhaíocht na gcoscairí troimbine, ach os a choinne sin, ardaíonn sé gníomhaíocht na gcoscairí factóra Xa (FXa) i gcomparáid le heipirin neamhchodánaithe

Dobútaimínb

Fotheannas a rialú agus ainéistéise ghinearálta in úsáid

Eifidrín

Is é an cógas céadlíne é chun fotheannas a rialú in eachainmhithe fásta atá faoi ainéistéise ghinearálta

Dopaimína

Le húsáid mar chuid den phrótacal cóireála le haghaidh géarghortú duánach/cliseadh duánach amháin

Níor sainaithníodh aon roghanna malartacha

Tá sé léirithe go spreagann dáileoga ísle soitheachleathadh duánach, méadú ar imshruthú na fola sna duáin, agus méadú ar tháirgeadh fuail gan éifeachtaí sistéamacha cardashoithíocha i gcapaill shláintiúla chomhfhiosacha

Eifidrínb

Fotheannas a rialú agus ainéistéise ghinearálta in úsáid

Dobútaimín

Úsáidtear í chun fotheannas a rialú in eachainmhithe fásta atá faoi ainéistéise ghinearálta i gcásanna ina bhfuil dobútaimín neamhéifeachtach. Tá modh gníomhaíochta éagsúil aici i gcomparáid le dobúitaimín, le héifeacht níos dírí aici ar an gcrapthacht chairdiach

Polasucsainéit gheilitínb

Aghaidh a thabhairt ar hipeavailéime fhadtéarmach a eascraíonn as riochtaí amhail e.g. albaimin íseal

Criostalóidigh

Is móilíní iad collóidigh atá níos mó ná criostalóidigh, agus dá bhrí sin fanann siad níos faide sa spás ionsoithíoch, rud atá ina bhuntáiste chun hipeavailéime a cheartú mar gheall ar e.g. hiopalbaiminéime

Glicipioróláitb

Bradacairde a chóireáil agus a chosc

Atraipín

Éifeacht lárnach íosta; tá sí oiriúnach do chapaill chomhfhiosacha, sula n-úsáidtear ainéistéise agus tar éis ainéistéise a úsáid

Noraidréanailín / noireipineifrínb

Luath-thurraing sheipteach a chóireáil

Tacú leis an bhfeidhm chardashoithíoch i searraigh a bhfuil tinneas tromchúiseach orthu

Dobútaimín, dopaimín

I gcás searrach atá i mbaol (tinn) is iondúil gurb é an t-aon caiteacólaimín amháin é atá éifeachtach chun fotheannas a rialú

Vasaipreisinb

Cliseadh imshruthaithe a chóireáil i searraigh agus i gcapaill fhásta

Eipineifrín, dopaimín, dobútaimín

Rogha mhalartach i gcásanna ina bhfuil teiripí caighdeánacha caiteacólaimín amhail dopaimín, dobútaimín, eipineifrín neamhéifeachtach nó ina bhfuil gá le neartaitheacht chun teannas soithíoch a athbhunú nuair a bhíonn turraing shoitheachleata fhulangach i gceist

XIV.   Substaintí le haghaidh siadaí

Substaint ghníomhach (1)

Tásca

Roghanna malartacha a sainaithníodh

Míniú ar an úsáid / buntáistí sonracha

Imiocuimeoda

Sarcóidí a chóireáil

Níor sainaithníodh aon roghanna malartacha

Léiríonn an taighde is déanaí gur dócha go n-eascraíonn sarcóidí eachaí as idirghníomhaíocht chasta, lena n-áirítear mífheidhmiú chóras imdhíonachta an óstaigh

XV.   Nithe ilghnéitheacha

Substaint ghníomhach (1)

Tásca

Roghanna malartacha a sainaithníodh

Míniú ar an úsáid / buntáistí sonracha

Ceitirisínb

Riochtaí a chóireáil i gcásanna ina meastar go bhfuil gá le hantaihistaimín

Clóirfeanaimín

Is roghanna malartacha iad agónaithe inbhéartaigh na ngabhdóirí histaimín-1 (H1) dara glúin a mbíonn níos lú fo-iarmhairtí (támhaíoch) acu ar lárchóras na néaróg

Doimpeiriodónb

Agalaicse / diosgalaicse a chóireáil i láracha

Suilpiríd

Féadfaidh sí tál prólachtaine a spreagadh i gcásanna ina bhfuil cosc dopaimíneirgeach i gceist

Suilpirídb

Agalaicse / diosgalaicse a chóireáil i láracha

Doimpeiriodón

Féadfaidh sí tál prólachtaine a spreagadh i gcásanna ina bhfuil cosc dopaimíneirgeach i gceist


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1810/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top