Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026R1791

Rialachán (AE) 2026/1791 ón gCoimisiún an 23 Iúil 2026 lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán (AE) 2017/1151 a mhéid a bhaineann le nósanna imeachta cineálcheadaithe astaíochtaí le haghaidh feithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála le haghaidh dátaí deiridh feithiclí Euro 6 agus ceanglais theicniúla shonracha áirithe

C/2026/5045

IO L, 2026/1791, 24.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/1791/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/1791/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1791

24.7.2026

RIALACHÁN (AE) 2026/1791 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Iúil 2026

lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán (AE) 2017/1151 a mhéid a bhaineann le nósanna imeachta cineálcheadaithe astaíochtaí le haghaidh feithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála le haghaidh dátaí deiridh feithiclí Euro 6 agus ceanglais theicniúla shonracha áirithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) (1), agus go sonrach Airteagail 5(3) agus 14(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 rialaítear cineálcheadú mótarfheithiclí maidir lena n-astaíochtaí. Na forálacha teicniúla sonracha is gá chun an Rialachán sin a chur chun feidhme, leagtar amach i Rialachán (AE) 2017/1151 ón gCoimisiún (2) iad.

(2)

Tar éis theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/1257 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), agus chun cur chun feidhme a éascú agus cleachtais choiteanna agus chomhchuibhithe a áirithiú ar leibhéal na n-údarás náisiúnta a mhéid a bhaineann le feithiclí nua a chlárú, ba cheart dátaí deiridh clárúcháin fheithiclí Euro 6 a léiriú i Rialachán (AE) 2017/1151.

(3)

Ar an gcaoi chéanna, is gá modheolaíocht an Nós Imeachta Tástála Comhchuibhithe Domhanda d’Fheithiclí Saothair Éadroim a leagtar síos i Rialachán (AE) 2017/1151 a ailíniú le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe (4)maidir le feithiclí a ritheann ar hidrigin, go háirithe maidir le hastaíochtaí CO2 a thomhas.

(4)

Chun comhsheasmhacht agus ailíniú le caighdeáin chomhchuibhithe dhomhanda a áirithiú, is gá na forálacha reatha a leasú i gcomhréir le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe. Go sonrach, chun tástáil a dhéanamh ar chomhréireacht na feithicle maidir le hastaíochtaí galaithe agus diagnóisic ar bord, ba cheart forlámhas a bheith ag an tagairt do Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe le haghaidh na tástála astaíochtaí galaithe (tástáil Chineál 4) agus na gcóras diagnóisice ar bord, agus ba cheart na ceanglais maidir le comhréireacht táirgeachta a leagtar amach i bpointe 4.6 agus 4.7 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1151 a scriosadh. Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní I agus IIIA a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1151 a leasú dá réir.

(5)

Chun comhsheasmhacht agus ailíniú le caighdeáin chomhchuibhithe dhomhanda a áirithiú, is gá na forálacha reatha a leasú i gcomhréir le Rialachán Uimh. 168 ó na Náisiúin Aontaithe (5). Ba cheart Foscríbhinn 1 d’Iarscríbhinn IIIA a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1151 a athbhreithniú chun a áirithiú go gcloíonn tagairtí do ‘chóras iniompartha chun astaíochtaí a thomhas’ leis na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn 4 a ghabhann le Rialachán Uimh. 168 ó na Náisiúin Aontaithe. Ina theannta sin, ba cheart Foscríbhinn 7 a thabhairt cothrom le dáta chun ríomhanna ceartaithe féithithe a léiriú de réir mhír 5.0 d’Iarscríbhinn 7 a ghabhann le Rialachán Uimh. 168 ó na Náisiúin Aontaithe agus an mhodha ríofa ina n-úsáidtear sreabhadh aermhaise agus cóimheas idir aer agus breosla de réir mhír 7.3 d’Iarscríbhinn 7 a ghabhann le Rialachán Uimh. 168 ó na Náisiúin Aontaithe.

(6)

Chun infheidhmeacht thomhas cumhachta gléasraí cumhachta leictreacha a shoiléiriú, is iomchuí a leagan síos gur cheart an ghlanchumhacht innill agus an t-uasmhéid 30 nóiméad cumhachta araon a chinneadh nuair atá na gléasraí cumhachta leictreacha sin comhdhéanta de rialaitheoirí agus mótair, a úsáidtear mar an t-aon mhodh tiomána ar feadh cuid den am (feithiclí hibrideacha).

(7)

Chun soiléireacht a sholáthar agus chun ailíniú le Rialacháin Uimh. 154 agus Uimh. 168 ó na Náisiúin Aontaithe, is gá roinnt earráidí a braitheadh i bhfoirm tagairtí coiteanna míchearta a cheartú agus a áirithiú go ndéantar Airteagal 2 chomh maith le hIarscríbhinní I agus IIIA a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1151 a ailíniú leis na Rialacháin sin ó na Náisiúin Aontaithe.

(8)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2017/1151 a leasú agus a cheartú dá réir.

(9)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste Theicniúil – Mótarfheithiclí,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2017/1151

Leasaítear Iarscríbhinní I, IIIA agus XX a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1151 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2017/1151

Ceartaítear Iarscríbhinní I agus IIIA a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 2017/1151 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Iúil 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 171, 29.6.2007, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2007/715/oj.

(2)  Rialachán (AE) 2017/1151 ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2017 lena bhforlíontar Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí, lena leasaítear Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún agus Rialachán (AE) Uimh. 1230/2012 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún (IO L 175, 7.7.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/1151/oj).

(3)  Rialachán (AE) 2024/1257 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Aibreán 2024 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí agus inneall agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, i ndáil lena n-astaíochtaí agus marthanacht ceallraí (Euro 7) lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (AE) Uimh. 582/2011 ón gCoimisiún, Rialachán (AE) 2017/1151 ón gCoimisiún, Rialachán (AE) 2017/2400 ón gCoimisiún agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1362 ón gCoimisiún (IO L 2024/1257, 8.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1257/oj).

(4)  Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe – Forálacha aonfhoirmeacha maidir le feithiclí saothair éadroim a cheadú i dtaca le hastaíochtaí critéar, astaíochtaí dé-ocsaíd charbóin agus ídiú breosla agus/nó i dtaca le hídiú fuinnimh leictrigh agus raon leictreach a thomhas (WLTP), [2022/2124] (IO L 290, 10.11.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2124/oj) sraith leasuithe 02.

(5)  Rialachán Uimh. 168 ó na Náisiúin Aontaithe – Forálacha aonfhoirmeacha maidir le ceadú feithiclí paisinéirí agus tráchtála saothair éadroim i dtaca le hastaíochtaí fíorthiomána [2024/211] (IO L, 2024/211, 12.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/211/oj).


IARSCRÍBHINN I

Leasaítear Iarscríbhinní I, IIIA agus XX a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1151 mar a leanas:

(1)

leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a)

i bpointe 2.4.1, Fíor I.2.4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh ‘Astaíochtaí CO2, ídiú breosla, ídiú fuinnimh leictrigh agus raon leictreach’:

‘Astaíochtaí CO2, ídiú breosla, ídiú fuinnimh leictrigh agus raon leictreach

Tá (9)

(an dá bhreosla)

(an dá bhreosla)

Is ea (peitreal),

Is ea (9) (hidrigin)

(an dá bhreosla)

Tá (10)’;

(b)

i bhFíor I.2.4, i liosta na nótaí tábla, cuirtear na nótaí tábla (9) agus (10) seo a leanas leis:

‘(9)

Ní chinnfear ach ídiú breosla nuair a bheidh an fheithicil ag rith ar hidrigin.

(10)

Ní gá astaíochtaí CO2 a thomhas.’;

(c)

scriostar pointí 4.6 agus pointe 4.7;

(d)

Leasaítear Foscríbhinn 6, Tábla 1, mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na n-iontrálacha EB, EC, AX, AY agus AZ:

‘EB

Euro 6e -bis

Euro 6-2

M1, N1

PI, CI

1.1.2025

1.1.2026

28.11.2027

ED

Euro 6e-bis

Euro 6-2

M1, N1 SVM (3)

PI, CI

1.1.2025

1.1.2026

31.12.2027

EB

Euro 6e-bis

Euro 6-2

M2, N2

PI, CI

1.1.2025

1.1.2026

31.12.2027

EC

Euro 6e-bis-FCM

Euro 6-2

M1, N1

PI, CI

 

 

28.11.2027

EC

Euro 6e-bis-FCM

Euro 6-2

M2, N2

PI, CI

1.1.2027

1.1.2028

28.5.2029

EE

Euro 6e-bis-FCM

 

M1, N1 SVM (3)

PI, CI

1.1.2027

1.1.2028

30.6.2030

EE

Euro 6e-bis-FCM

 

M2, N2 SVM (4)

PI, CI

1.1.2027

1.1.2028

30.6.2031

AX

n/bh

n/bh

M1, N1

Ceallra lánleictreach

 

 

28.11.2027

AX

n/bh

n/bh

M2, N2

Ceallra lánleictreach

 

 

28.5.2029

AS

n/bh

n/bh

M1, N1 SVM (3)

Ceallra lánleictreach

 

 

30.6.2030

AS

n/bh

n/bh

M2, N2 SVM (4)

Ceallra lánleictreach

 

 

30.6.2031

AY

n/bh

n/bh

M1, N1

Breosla-chill

 

 

28.11.2027

AY

n/bh

n/bh

M2, N2

Breosla-chill

 

 

28.5.2029

AT

n/bh

n/bh

M1, N1 SVM (3)

Breosla-chill

 

 

30.6.2030

AT

n/bh

n/bh

M2, N2 SVM (4)

Breosla-chill

 

 

30.6.2031

AZ

n/bh

n/bh

Feithiclí M1 agus N1 a úsáideann deimhnithe i gcomhréir le pointe 2.1.1 d’Iarscríbhinn I

PI, CI

 

 

30.6.2030

AZ

n/bh

n/bh

Feithiclí M2 agus N2 a úsáideann deimhnithe i gcomhréir le pointe 2.1.1 d’Iarscríbhinn I

PI, CI

 

 

30.6.2031’;

(ii)

i liosta na nótaí tábla, cuirtear na nótaí tábla (3) agus (4) seo a leanas leis:

‘(3)

Feithiclí de chatagóirí M1 agus N1 arna monarú ag monaróirí ísealtáirgeachta mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (48), de Rialachán (AE) 2024/1257 nó ag monaróirí ultrai-ísealtáirgeachta mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (49), de Rialachán (AE) 2024/1257.

(4)

Feithiclí de chatagóirí M2 agus N2 arna monarú ag monaróirí ísealtáirgeachta mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (48), de Rialachán (AE) 2024/1257 nó ag monaróirí ultrai-ísealtáirgeachta mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (49), de Rialachán (AE) 2024/1257.’;

(e)

i bhFoscríbhinn 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhleisce faoi ‘Lena ndeimhnítear’:

‘—

Tá na cineálacha feithiclí a liostaítear i gceangal leis an Deimhniú seo i gcomhréir le forálacha mhír 7. d’Fhoscríbhinn 1 a ghabhann le hIarscríbhinn C5 a ghabhann le Rialachán Uimh. 154 (*1) ó na Náisiúin Aontaithe a bhaineann le feidhmíocht le linn úsáide an chórais chóras diagnóisice ar bord faoi na dálaí tiomána uile a mbeadh coinne réasúnta leo.

(*1)  Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe – Forálacha aonfhoirmeacha maidir le ceadú feithiclí paisinéirí agus tráchtála saothair éadroim i dtaca le hastaíochtaí critéar, astaíochtaí dé-ocsaíd charbóin agus ídiú breosla agus/nó i dtaca le hídiú fuinnimh leictrigh agus raon leictreach a thomhas, [2022/2124] (IO L 290, 10.11.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2124/oj) sraith leasuithe 02.’;"

()  Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe – Forálacha aonfhoirmeacha maidir le ceadú feithiclí paisinéirí agus tráchtála saothair éadroim i dtaca le hastaíochtaí critéar, astaíochtaí dé-ocsaíd charbóin agus ídiú breosla agus/nó i dtaca le hídiú fuinnimh leictrigh agus raon leictreach a thomhas, [2022/2124] (IO L 290, 10.11.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2124/oj) sraith leasuithe 02.’;

(2)

Leasaítear Iarscríbhinn IIIA mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre i bpointe 3.3:

‘Ní éileofar tástálacha an chórais iniompartha chun astaíochtaí a thomhas do gach ‘cineál feithicle maidir le hastaíochtaí’. Féadfaidh an monaróir feithicle roinnt cineálacha astaíochta feithicle a chur le chéile chun ‘aicme tástála an chórais iniompartha chun astaíochtaí a thomhas’ a dhéanamh i gcomhréir le ceanglais mhír 3.3.1., a bhailíochtófar i gcomhréir le ceanglais mhír 3.4.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Fhoscríbhinn 1:

(3) ‘Foscríbhinn 1

I gcás ina ndéantar tagairt do ‘Chóras iniompartha chun astaíochtaí a thomhas’ nó ‘PEMS’, beidh feidhm ag na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn 4 a ghabhann le Rialachán Uimh. 168 (*2) ó na Náisiúin Aontaithe.;’

(*2)  Rialachán Uimh. 168 ó na Náisiúin Aontaithe – Forálacha aonfhoirmeacha maidir le ceadú feithiclí paisinéirí agus tráchtála saothair éadroim i dtaca le hastaíochtaí fíorthiomána [2024/211] (IO L, 2024/211, 12.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/211/oj)"

()  Rialachán Uimh. 168 ó na Náisiúin Aontaithe – Forálacha aonfhoirmeacha maidir le ceadú feithiclí paisinéirí agus tráchtála saothair éadroim i dtaca le hastaíochtaí fíorthiomána [2024/211] (IO L, 2024/211, 12.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/211/oj)

(c)

leasaítear Foscríbhinn 7 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 5.1:

‘5.1.

Ceartú féithithe

Déanfar an ceartú féithithe a ríomh i gcomhréir le mír 5.0 d’Iarscríbhinn 7 a ghabhann le Rialachán Uimh. 168 ó na Náisiúin Aontaithe.’

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 7.3:

‘7.3.

Modh ríofa ag baint úsáid as sreabhadh aermhaise agus cóimheas idir aer agus breosla

Féadfar an ráta ollsreafa mheandraigh a ríomh i gcomhréir le mír 7.3 d’Iarscríbhinn 7 a ghabhann le Rialachán Uimh. 168 ó na Náisiúin Aontaithe.’;

(iii)

i bpointe 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na míre tosaigh:

‘Cinnfear na hastaíochtaí maise meandracha [g/s] trí thiúchan mheandarach an truailleáin atá á bhreithniú [ppm] a iolrú le ráta meandrach ollsreafa an sceite [kg/s], agus an dá luach ceartaithe agus ailínithe le haghaidh an aga trasfhoirmithe, agus an luach u comhfhreagrach i dTábla A7/1. Má dhéantar an tomhas ar bhonn tirim, cuirfear an ceartúchán tirim-fliuch i gcomhréir le mír 5.2. i bhfeidhm maidir leis na tiúchain comhábhair mheandracha sula ndéanfar aon ríomh eile. Más ann dóibh, cuirfear luachanna astaíochtaí meandracha diúltacha san áireamh i ngach meastóireacht sonraí ina dhiaidh sin. Cuirfear luachanna paraiméadair san áireamh i ríomh astaíochtaí meandracha [g/s] arna thuairisciú ag an anailíseoir, ag ionstraim tomhais sreafa, ag braiteoir nó ag an gcóras stiúrtha innill. Úsáidfear an chothromóid seo a leanas:’;

(3)

in Iarscríbhinn XX, cuirtear an méid a leanas in ionad phointe 1:

‘1. RÉAMHRÁ

Leagtar amach san Iarscríbhinn seo na ceanglais maidir leis an méid seo a leanas a thomhas;

(a)

glanchumhacht innill;

(b)

glanchumhacht agus uasmhéid 30 nóiméad cumhachta gléasraí cumhachta leictreacha.

I gcás gléasraí cumhachta leictreacha atá comhdhéanta de rialaitheoirí agus mótair a úsáidtear mar an t-aon mhodh tiomána ar feadh cuid den am, beidh feidhm freisin ag na ceanglais maidir le glanchumhacht a thomhas agus ag uaschumhacht 30 nóiméad na ngléasraí cumhachta leictreacha sa bhreis ar na ceanglais maidir le glanchumhacht innill a thomhas.’.


(*1)  Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe – Forálacha aonfhoirmeacha maidir le ceadú feithiclí paisinéirí agus tráchtála saothair éadroim i dtaca le hastaíochtaí critéar, astaíochtaí dé-ocsaíd charbóin agus ídiú breosla agus/nó i dtaca le hídiú fuinnimh leictrigh agus raon leictreach a thomhas, [2022/2124] (IO L 290, 10.11.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2124/oj) sraith leasuithe 02.’;

(*2)  Rialachán Uimh. 168 ó na Náisiúin Aontaithe – Forálacha aonfhoirmeacha maidir le ceadú feithiclí paisinéirí agus tráchtála saothair éadroim i dtaca le hastaíochtaí fíorthiomána [2024/211] (IO L, 2024/211, 12.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/211/oj)


IARSCRÍBHINN II

Ceartaítear Iarscríbhinní I agus IIIA a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1151 mar a leanas:

(1)

in Iarscríbhinn I, pointe 3.5.2.2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na cothromóide:

‘(E) = | (V2-V1) | /V1’;

(2)

ceartaítear Iarscríbhinn IIIA, Foscríbhinn 9 mar a leanas:

(a)

i bpointe 3.1.2., cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú cothromóid:

Formula
‘;

(b)

i bpointe 3.1.3.1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheathrú mír:

‘Beidh líon na dtacar sonraí a bhfuil luachanna luasghéaraithe ai > 0,1 m/s2 acu níos mó ná nó cothrom le 100 i ngach aicme luais.’;

(c)

i bpointe 4.1.1., cuirtear ‘31 635’ in ionad ‘31 365’;


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/1791/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top