This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026R1739
Regulation (EU) 2026/1739 of the European Parliament and of the Council of 8 July 2026 amending Regulations (EU) No 1308/2013, (EU) 2021/2115 and (EU) 2021/2116 as regards the strengthening of the position of farmers in the food supply chain
Rialachán (AE) 2026/1739 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Iúil 2026 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2021/2115 agus (AE) 2021/2116 a mhéid a bhaineann le seasamh na bhfeirmeoirí a neartú i slabhra an tsoláthair bia
Rialachán (AE) 2026/1739 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Iúil 2026 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2021/2115 agus (AE) 2021/2116 a mhéid a bhaineann le seasamh na bhfeirmeoirí a neartú i slabhra an tsoláthair bia
PE/21/2026/REV/1
IO L, 2026/1739, 29.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/1739/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force., Date of effect: 18/08/2026
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1739 |
29.7.2026 |
RIALACHÁN (AE) 2026/1739 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 8 Iúil 2026
lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2021/2115 agus (AE) 2021/2116 a mhéid a bhaineann le seasamh na bhfeirmeoirí a neartú i slabhra an tsoláthair bia
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 42, an chéad mhír, agus Airteagal 43(2), de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tá réimse dúshlán roimh earnáil na talmhaíochta, go háirithe roimh fheirmeoirí, a áirithíonn slándáil bia. Mar thoradh ar phaindéim COVID-19, ar éagobhsaíocht mhéadaitheach sa trádáil dhomhanda, ar theagmhais adhaimsire atá ag dul i méid agus ar chogadh foghach leanúnach na Rúise ar an Úcráin, tá méadú nach bhfacthas riamh roimhe tagtha ar chostais ionchuir talmhaíochta a bhaineann le fuinneamh agus tá tréimhse fhada boilscithe ard ann, rud a dhéanann difear do chostais feirmeoirí agus do phraghsanna bia. An tráth céanna, leanann feirmeoirí de bheith ag tabhairt faoi iarrachtaí chun a dtáirgeadh a dhéanamh níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Agus iad ag iarraidh dul i ngleic le costas maireachtála méadaithe, is minice a bhíonn táirgí bia nach bhfuil chomh costasach céanna á gceannach ag custaiméirí freisin. Leis na tosca sin, díchobhsaíodh a thuilleadh an chaoi a ndáiltear an breisluach feadh shlabhra an tsoláthair bia agus méadaíodh an leibhéal éiginnteachta ina n-oibríonn feirmeoirí, go háirithe iad siúd a bhíonn ag feirmeoireacht feirmeacha beaga agus meánmhéide, rud a spreagann agóidí agus mímhuinín. Is iomchuí, dá bhrí sin, bearta a ghlacadh chun dul i ngleic leis na dúshláin sin chun cothroime agus muinín na ngníomhaithe i slabhra an tsoláthair bia a athbhunú, chun seasamh na bhfeirmeoirí a neartú agus chun feabhas a chur ar a gcumhacht mhargála, lena n-áirítear trí eagraíochtaí táirgeoirí agus comharchumainn mar chruthaitheoirí breisluacha, chomh maith le hioncam feirmeoirí a chosaint agus muinín daoine óga i ngairm na feirmeoireachta a mhéadú. |
|
(2) |
Agus caighdeáin mhargaíochta á bhforbairt a bhaineann leis an tásc maidir leis an áit ina ndéantar an fheirmeoireacht agus/nó maidir leis an áit tionscnaimh, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar chomhthéacs sonrach gach táirge agus earnála. Ba cheart na tásca sin a chinneadh i bhfianaise an ghá atá le hionchais trédhearcachta a chomhlíonadh ar bhealach níos fearr, lena n-áirítear trí lipéadú tíre tionscnaimh i gcomhréir le rialacha an mhargaidh inmheánaigh, a n-ábharthacht do thomhaltóirí agus struchtúr an tslabhra soláthair, agus na himpleachtaí praiticiúla d’oibreoirí agus an gá le castacht nach bhfuil riachtanach a sheachaint á gcur san áireamh. |
|
(3) |
Rinne oibreoirí éagsúla laistigh de shlabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia, atá gníomhach ag céimeanna éagsúla den táirgeadh, den phróiseáil, den mhargaíocht, den dáileadh agus den mhiondíol, scéimeanna agus lipéid a fhorbairt chun módúlachtaí tráchtála a chur chun cinn lena n-áirithítear leithdháileadh cothrom breisluacha d’fheirmeoirí agus cruthú agus coinneáil ar bun slabhraí gearra soláthair. Is gá íoscheanglais a bhunú maidir le húsáid téarmaí roghnacha a thugann tuairisc ar na módúlachtaí tráchtála sin chun trédhearcacht agus iontaofacht úsáid na dtéarmaí sin a mhéadú i slabhra an tsoláthair bia, rud lena gcomhlánaítear na rialacha atá ann cheana maidir le lipéadú bia, go háirithe na rialacha i Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). |
|
(4) |
Ar mhaithe le muinín agus cothroime mhéadaithe feadh shlabhra an tsoláthair bia, níor cheart na téarmaí ‘cothrom’, ‘cothromasach’ nó téarmaí ag a bhfuil cialla coibhéiseacha leis na téarmaí sin a úsáid ach amháin chun módúlachtaí tráchtála a ainmniú lena n-áirithítear cobhsaíocht agus trédhearcacht sa chaidreamh tráchtála idir feirmeoirí agus ceannaitheoirí agus sa phraghsáil a mheasann feirmeoirí rannpháirteacha a bheith cothromasach agus brabúsacha, agus lena dtacaítear agus lena rannchuidítear le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, lena n-áirítear ar bhealach atá comhsheasmhach le hIarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2024/1760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). |
|
(5) |
Níor cheart an téarma ‘slabhra gearr soláthair’ a úsáid ach amháin chun módúlachtaí tráchtála a ainmniú i gcás ina bhfuil nasc díreach idir feirmeoirí agus tomhaltóirí lenar féidir malartú díreach faisnéise a dhéanamh faoin bpróiseas táirgthe agus faoin táirge, lena n-áirítear malartú trí chianchumarsáid agus/nó trí idirghabhálaí sa slabhra soláthair, agus is féidir le tomhaltóirí gabháltais na bhfeirmeoirí rannpháirteacha inar táirgeadh an t-amhábhar a shainaithint go héasca. De rogha air sin, d’fhéadfaí an téarma sin a úsáid freisin i gcás ina bhfuil dlúthnasc idir feirmeoirí agus tomhaltóirí i ngaireacht gheografach dá chéile, lena n-áirítear i gcomhthéacsanna trasteorann. Ba cheart gaireacht gheografach a thuiscint, inter alia, mar achar gearr nó am taistil gearr, lena gcuirtear sainiúlachtaí geografacha agus déimeagrafacha na mBallstát san áireamh. Tríd an téarma ‘slabhra gearr soláthair’ a úsáid ar an mbealach sin, spreagfar tomhaltóirí chun praghsanna a íoc lena dtabharfar luach saothair cothrom d’fheirmeoirí as an méid a tháirgeann siad, lena neartófar ceantair thuaithe agus lena rannchuideofar le forbairt agus athbheochan na gceantar sin agus lena bhfeabhsófar trédhearcacht maidir le tionscnamh agus modhanna táirgthe na dtáirgí. Ba cheart feidhm a bheith aige maidir le táirgí a tháirgtear sa mhargadh aonair nó a chuirtear ar an margadh inmheánach. |
|
(6) |
Chun léiriú níos fearr a thabhairt ar dhálaí an mhargaidh, ionchais athraitheacha tomhaltóirí agus dul chun cinn i gcaighdeáin mhargaíochta agus i gcaighdeáin idirnáisiúnta ábhartha araon, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) a leasú trí théarmaí roghnacha breise a chuir leis atá coibhéiseach leis an téarma ‘cothrom’ nó ‘cothromasach’ agus trí choinníollacha a shonrú maidir le húsáid na dtéarmaí roghnacha lena n-ainmnítear módúlachtaí tráchtála a bhaineann le leithdháileadh cothrom breisluacha d’fheirmeoirí agus le cruthú agus cothabháil slabhraí gearra soláthair, agus aon chaighdeáin idirnáisiúnta ábhartha agus scéimeanna cáilíochta gaolmhara á gcur san áireamh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (7). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
|
(7) |
Cé go bhféadfaidh na Ballstáit dlí náisiúnta a choinneáil nó a thabhairt isteach lena leagtar amach ceanglais fhorlíontacha maidir le húsáid téarmaí roghnacha do mhódúlachtaí tráchtála, níor cheart leis an dlí sin bac ná teorainn ná constaic a chur le húsáid na dtéarmaí sin i gcás táirgí a tháirgtear go dleathach nó a mhargaítear go dleathach i mBallstát eile. |
|
(8) |
Tá ról ríthábhachtach ag úsáid conarthaí i scríbhinn maidir le cuntasacht oibreoirí, músclaítear feasacht maidir leis an tábhacht a bhaineann le comharthaí margaidh, cabhraítear leis an soláthar a oiriúnú don éileamh, feabhsaítear tarchur praghsanna laistigh den slabhra soláthair, feabhsaítear trédhearcacht agus cuirtear cosc ar chleachtais éagóracha trádála agus tugtar aghaidh orthu. Ba cheart, dá bhrí sin, na rialacha maidir le caidreamh conarthach in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne a leathnú chun táirgí seachas bainne amh a chumhdach, agus ailíniú leis na rialacha maidir le caidreamh conarthach is infheidhme i ndáil le hearnálacha talmhaíochta eile á n-áirithiú an tráth céanna. Mar sin féin, ba cheart don Rialachán seo cead a thabhairt do na Ballstáit oibreoirí a dhíolmhú ón oibleagáid táscairí, innéacsanna nó modhanna ríofa an phraghais deiridh nó clásal um athbhreithniú a áireamh ina gconarthaí i scríbhinn, tar éis dul i gcomhairle le hionadaithe ábhartha feirmeoirí nó eagraíochtaí idirchraoibhe ábhartha, ar choinníoll gur féidir éifeachtaí na hintuarthachta, na trédhearcachta agus an tarchurtha praghsanna a bhaint amach ar bhealaí eile nó nach mbeadh an oibleagáid na gnéithe sin a áireamh iomchuí ná comhréireach ar chúiseanna eile a bhfuil údar cuí leo. |
|
(9) |
Chun forbairtí sa mhargadh a léiriú agus iomaíocht éifeachtach sa mhargadh déiríochta a choinneáil an tráth céanna, is iomchuí na teorainneacha cainníochtúla is infheidhme maidir le toirt an bhainne amh atá cumhdaithe ag comhchaibidlí conarthacha ag eagraíochtaí aitheanta táirgeoirí a mhéadú, arna sloinneadh mar chéatadán de tháirgeacht iomlán an Aontais agus de na méideanna iomlána a tháirgtear agus a sheachadtar i mBallstát. |
|
(10) |
Chun solúbthacht a mhéadú do na Ballstáit agus chun simpliú a dhéanamh ar an nós imeachta maidir le haitheantas a thabhairt d’eagraíochtaí táirgeoirí, agus ar an gcaoi sin costais idirbheart a laghdú agus éifeachtúlacht a fheabhsú, ba cheart go gceadófaí, leis na rialacha is infheidhme, aitheantas a thabhairt d’eagraíochtaí táirgeoirí i ndiaidh iarraidh aonair ar aitheantas lena gcumhdófaí roinnt earnálacha nó táirgí, seachas iarraidh aonair le haghaidh gach earnála sonraí mar a cheanglaítear faoi láthair, ar choinníoll go gcomhlíonann an eagraíocht táirgeoirí na coinníollacha is infheidhme maidir le gach earnáil shonrach a bhfuil aitheantas á lorg aici ina leith. Thairis sin, tá táirgeoirí táirgí orgánacha in ann leas a bhaint as an bhféidearthacht atá ann cheana maidir le heagraíochtaí táirgeoirí a bhunú agus aitheantas a thabhairt dóibh chun feabhas a chur ar a gcomhar. Leis na critéir maidir le haitheantas a thabhairt d’eagraíochtaí táirgeoirí agus dá reachtanna, ba cheart a cheangal freisin go mbunófaí eagraíochtaí táirgeoirí ar thionscnamh feirmeoirí a tháirgeann táirgí talmhaíochta de bhunús na hithreach, gan beann ar cé acu is ithir nó meáin fáis eile a úsáidtear sna modhanna táirgthe, mar shampla i dtithe gloine, nó feirmeoireacht stoic, agus go rialófaí iad i gcomhréir le rialacha lena gcuirtear ar chumas na gcomhaltaí feirmeoirí sin grinnscrúdú daonlathach a dhéanamh ar a n-eagraíocht agus ar a gcinntí. Ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit a chinneadh freisin gur féidir ní hamháin grinnscrúdú daonlathach den sórt sin a dhéanamh go díreach ag feirmeoirí, ach ag a gcomhlachais, lena n-áirítear comhlachais i bhfoirm comharchumann, ar choinníoll go bhfuil na comhlachais sin á rialú ag feirmeoirí. Níor cheart go gcuirfeadh sé sin cosc ar tháirgeoirí eile nach feirmeoirí iad a tháirgeann táirgí talmhaíochta de bhunús na hithreach nó na feirmeoireachta stoic, amhail próiseálaithe céadchéime nó neamhtháirgeoirí, dul isteach in eagraíochtaí táirgeoirí. |
|
(11) |
Chun tuilleadh forbartha inbhuanaithe a chur chun cinn, ar croíphrionsabal na gConarthaí é agus ar cuspóir tosaíochta é le haghaidh bheartais an Aontais, agus chun trédhearcacht, cobhsaíocht agus cothroime a áirithiú sa chaidreamh tráchtála idir feirmeoirí agus ceannaitheoirí ar fud an tslabhra soláthair, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann aitheantas a thabhairt d’eagraíochtaí táirgeoirí a shaothraíonn aidhmeanna sonracha trí théarmaí roghnacha a úsáid le haghaidh modúlachtaí tráchtála, amhail ‘cothrom’ nó ‘cothromasach’, nó téarmaí ag a bhfuil cialla coibhéiseacha leis na téarmaí sin, agus an téarma ‘slabhra gearr soláthair’. |
|
(12) |
Chun caighdeán cóir maireachtála a áirithiú d’fheirmeoirí, chun feabhas a chur ar a seasamh margála i leith próiseálaithe agus gníomhaithe eile sa slabhra soláthair, agus chun foráil a dhéanamh maidir le dáileadh níos cothroime breisluacha feadh an tslabhra soláthair, maidir leis an bhféidearthacht téarmaí conartha a chaibidil thar ceann a gcomhaltaí, i ndáil le cuid dá dtáirgeadh nó a dtáirgeadh go léir, ba cheart an fhéidearthacht sin a leathnú chuig eagraíochtaí neamhaitheanta táirgeoirí, lena n-áirítear comharchumainn nó foirmeacha dlíthiúla coibhéiseacha eile a aithnítear leis an dlí náisiúnta, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na critéir aitheantais a leagtar síos ar leibhéal an Aontais agus go nglacann siad páirt sna gníomhaíochtaí a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, lena n-áirítear an soláthar a chomhchruinniú agus táirgí a gcomhaltaí a chur ar an margadh. Chun cóir chomhionann do chomhaltaí eagraíochtaí aitheanta agus neamhaitheanta táirgeoirí a áirithiú, ba cheart an fhéidearthacht sin a bheith faoi réir teorainneacha iomchuí. Go háirithe, níor cheart í a leathnú ach chuig eagraíochtaí neamhaitheanta a bhfuil iarratas ar aitheantas curtha faoi bhráid Ballstáit acu, laistigh de 4 mhí tar éis an t-iarratas sin a thaisceadh, nó, mura ndéanfaidh an Ballstát sin cinneadh laistigh den tréimhse sin, laistigh de 5 bliana ón dáta a cuireadh a n-iarratas isteach, mura rud é go ndiúltaíonn an Ballstát aitheantas idir an dá linn. |
|
(13) |
Chun seasamh caibidlíochta eagraíochtaí táirgeoirí aitheanta a neartú agus chun forbairt inmharthana an táirgthe talmhaíochta a áirithiú, ba cheart cead a bheith ag comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí aitheanta téarmaí conartha a chaibidil thar ceann a gcomhaltaí, lena n-áirítear maidir le praghas, i ndáil leis na táirgí a tháirgeann cuid dá gcomhaltaí nó a gcomhaltaí uile fiú mura bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch á feidhmiú acu féin i ndáiríre ar choinníoll go bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch á feidhmiú i ndáiríre ag a gcomhaltaí. Ba cheart an fhéidearthacht sin a cheadú, faoi réir coimirce nach bhfuil na heagraíochtaí ar comhaltaí iad de na comhlachais sin ina gcomhaltaí freisin de chomhlachas eile eagraíochtaí táirgeoirí agus nach bhfuil méid na dtáirgí a chumhdaítear le gníomhaíochtaí na gcomhlachas sin níos mó ná 36 % de tháirgeadh náisiúnta iomlán an táirge sin de chuid an Bhallstáit lena mbaineann. Thairis sin, chun iomaíocht éifeachtach sa mhargadh a choinneáil ar bun, níor cheart cead a bheith ag comhlachais aitheanta d’eagraíochtaí táirgeoirí téarmaí conartha a chaibidil ach oiread i gcás ina bhfuil eagraíochtaí neamhaitheanta táirgeoirí ar áireamh sna comhlachais sin. |
|
(14) |
Le reachtanna na n-eagraíochtaí táirgeoirí, ceanglaítear ar a gcomhaltaí ballraíocht a theorannú d’eagraíocht táirgeoirí amháin i gcás aon táirge ar leith chun cobhsaíocht a chruthú don eagraíocht táirgeoirí, chun iompar faille comhaltaí a chosc trí theorainn a chur lena bhféidearthacht a gcainníochtaí a chur gan srian le heagraíochtaí táirgeoirí éagsúla, agus chun comhleanúnachas a choinneáil maidir le hionadaíocht a gcomhaltaí. An tráth céanna, ba cheart do tháirgeoir a bheith in ann bheith ina chomhalta d’eagraíochtaí táirgeoirí éagsúla más táirge difriúil de chuid an ghabháltais é an táirge lena mbaineann. Is iomchuí, dá bhrí sin, a shoiléiriú gur féidir ballraíochtaí iomadúla a bheith ann i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, ar choinníoll go bhfuil na táirgí éagsúil go leor, ag féachaint, inter alia, dá saintréithe sonracha nó do na húsáidí deiridh difreáilte atá beartaithe. |
|
(15) |
Chun cosc a chur ar cheannaitheoirí an bonn a bhaint de sheasamh margála eagraíochtaí táirgeoirí, ba cheart coimircí iomchuí a bhunú le haghaidh teagmhálacha idir ceannaitheoirí agus comhaltaí na n-eagraíochtaí táirgeoirí sin. Cé go bhféadfaidh ceannaitheoirí teagmháil a dhéanamh le comhaltaí d’eagraíochtaí táirgeoirí, níor cheart go mbainfeadh teagmháil leis na comhaltaí sin an bonn de chuspóirí na n-eagraíochtaí táirgeoirí, ná de chomhchruinniú an tsoláthair agus de chur na dtáirgí ar an margadh, go háirithe, i gcás ina n-úsáidtear teagmháil dhíreach den sórt sin le comhaltaí d’eagraíochtaí táirgeoirí chun dul timpeall ar chomhstraitéis na n-eagraíochtaí táirgeoirí. |
|
(16) |
Chun seasamh na bhfeirmeoirí déiríochta a threisiú, go háirithe trína n-eagraíochtaí táirgeoirí a neartú, is iomchuí na rialacha maidir le reachtanna na n-eagraíochtaí táirgeoirí a ailíniú agus cur i bhfeidhm na rialacha sin a leathnú chuig eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil na déiríochta, agus ar an gcaoi sin feidhmiú daonlathach agus trédhearcacht a fheabhsú. |
|
(17) |
Tá ról tábhachtach ag eagraíochtaí idirchraoibhe maidir le hidirphlé a éascú idir gníomhaithe sa slabhra soláthair, agus maidir le dea-chleachtais, trédhearcacht margaidh, cobhsaíocht agus cothroime sa chaidreamh tráchtála idir feirmeoirí agus ceannaitheoirí a chur chun cinn ar fud an tslabhra soláthair. Is iomchuí, dá bhrí sin, tionscnaimh a chur chun cinn chun téarmaí roghnacha le haghaidh módúlachtaí tráchtála, amhail na téarmaí ‘cothrom’, ‘cothromasach’ nó téarmaí ag a bhfuil cialla coibhéiseacha leis na téarmaí sin, agus an téarma ‘slabhra gearr soláthair’ a áireamh ar liosta na gcuspóirí is féidir le heagraíocht idirchraoibhe aitheanta a shaothrú. |
|
(18) |
Ceanglaíonn Ballstáit áirithe go gcumhdófar gach seachadadh táirgí talmhaíochta ar a gcríoch le conarthaí i scríbhinn idir na páirtithe ábhartha. I gcás nach mbainfidh Ballstát úsáid as an bhféidearthacht sin, féadfaidh feirmeoirí, eagraíochtaí táirgeoirí nó comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí a iarraidh conarthaí i scríbhinn a úsáid. Mar sin féin, i ngeall ar a seasamh margála níos laige agus an eagla go ndéanfadh ceannaitheoirí frithbheart tráchtála, d’fhéadfadh sé a bheith deacair d’fheirmeoirí agus dá gcomhlachas iarraidh den sórt sin a dhéanamh. Chun muinín, trédhearcacht agus éifeachtúlacht a mhéadú laistigh den slabhra soláthair, ba cheart d’fheirmeoirí a oibríonn ag tús shlabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia agus a gcomhlachais, eagraíochtaí táirgeoirí agus comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí tairbhiú de chonarthaí i scríbhinn. Dá bhrí sin, ba cheart conarthaí i scríbhinn a cheangal nuair is feirmeoirí a bhfuil na táirgí sin de bhunús na hithreach táirgthe acu iad na feirmeoirí a sheachadann na táirgí talmhaíochta, gan beann ar cé acu is ithir nó meáin fáis eile a úsáidtear ina modhanna táirgthe, mar shampla, i dtithe gloine, nó cé acu is feirmeoireacht stoic ar a ngabháltais a bheith á n-úsáid mar mhodhanna táirgthe, agus nuair a phróiseálann siad na táirgí talmhaíochta príomhúla sin. Agus táirgí den sórt sin á seachadadh ag comhlachais feirmeoirí, eagraíochtaí táirgeoirí nó comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí a phróiseálann nó a mhargaíonn na táirgí sin d’fheirmeoirí ba cheart an seachadadh sin a chumhdach freisin le conradh i scríbhinn. |
|
(19) |
Chun comharthaí an mhargaidh a chur san áireamh ar bhealach níos fearr agus chun tarchur praghsanna a fheabhsú, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann a cheangal go n-úsáidfí conarthaí i scríbhinn i gcás sheachadadh na dtáirgí talmhaíochta, lena n-áirítear seachadtaí ag oibreoirí eile i slabhra an tsoláthair bia nó chucu, agus a cheangal ar cheannaitheoirí úsáid a bhaint as tairiscintí i scríbhinn le haghaidh conarthaí maidir le táirgí talmhaíochta a sheachadadh. |
|
(20) |
Ar mhaithe le simplíocht agus le laghdú ar chostais idirbheart, ba cheart a áireamh sa Rialachán seo maoluithe áirithe ar an gceanglas conarthaí i scríbhinn nó tairiscintí i scríbhinn ar chonarthaí a úsáid, agus ba cheart a cheadú do na Ballstáit seachadtaí áirithe a dhíolmhú ón gceanglas conarthaí i scríbhinn nó tairiscintí i scríbhinn ar chonarthaí a úsáid. Ba cheart d’fheirmeoirí agus a gcomhlachas, áfach, an ceart a choimeád conradh i scríbhinn nó tairiscint i scríbhinn ar chonradh a iarraidh i gcás nach ann d’aon oibleagáid den sórt sin. Chun ról na n-eagraíochtaí táirgeoirí agus na gcomharchumann a chaomhnú maidir le cineálacha cur chuige comhchoiteanna a chur chun cinn agus breisluach a uasmhéadú dá gcomhaltaí, agus ar an gcaoi sin seasamh na bhfeirmeoirí sa slabhra soláthair a neartú, níor cheart conradh i scríbhinn a cheangal i gcás seachadtaí a dhéanann comhaltaí chuig a n-eagraíocht táirgeoir nó chuig a gcomharchumann, ar choinníoll go bhforáiltear le reachtanna na heagraíochta táirgeoirí nó an chomharchumainn lena mbaineann do rialacha trédhearcacha intuartha maidir le tarchur praghsanna, agus an tionchar ar luach saothair feirmeoirí á chur san áireamh. |
|
(21) |
Chun an deis a thabhairt do na Ballstáit cleachtais náisiúnta nó réigiúnacha a chur san áireamh, ba cheart leis an Rialachán seo a cheadú do na Ballstáit táirgí atá faoi réir luaineachtaí séasúracha soláthair nó éilimh nó faoi réir meatachta agus táirgí atá faoi réir cleachtais shonracha thraidisiúnta nó ghnásúla díola a dhíolmhú ón gceanglas úsáid a bhaint as conarthaí i scríbhinn nó as tairiscintí i scríbhinn ar chonarthaí. Ina theannta sin, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit táirgí áirithe seachas bainne agus táirgí bainne a dhíolmhú ón oibleagáid a bheith faoi réir conarthaí i scríbhinn, tar éis dul i gcomhairle le hionadaithe ábhartha feirmeoirí nó le heagraíochtaí idirchraoibhe ábhartha, ar choinníoll go mbaintear amach éifeachtaí na hintuarthachta, na trédhearcachta agus an tarchurtha praghsanna ar bhealaí eile i gcás na dtáirgí lena mbaineann nó ar choinníoll nach mbeadh an oibleagáid maidir leis na táirgí sin a bheith faoi réir conarthaí i scríbhinn nó tairiscintí i scríbhinn ar chonarthaí iomchuí ná comhréireach le haghaidh na dtáirgí sin ar chúiseanna eile a bhfuil údar cuí leo. Ba cheart a áireamh freisin leis an bhféidearthacht sin táirgí áirithe a dhíolmhú ón oibleagáid a bheith faoi réir conarthaí i scríbhinn an fhéidearthacht táirgí áirithe a dhíolmhú ó eilimintí éigeantacha áirithe de na conarthaí i scríbhinn sin. Chun feirmeoirí a chosaint, ba cheart na cásanna inar féidir díolúintí den sórt sin a dheonú a shonrú go soiléir. |
|
(22) |
An ceanglas conarthaí i scríbhinn a úsáid maidir le táirgí talmhaíochta a sheachadadh agus na bunchoinníollacha lena n-úsáid, ba cheart iad a leagan síos ar leibhéal an Aontais, agus a áirithiú an tráth céanna nach gcuirfear srian ar cheart na bpáirtithe gnéithe uile a gconarthaí a chaibidil thar a bhfuil fíor-riachtanach. Mar sin féin, níor cheart cosc a chur ar na Ballstáit bearta a ghlacadh chun cleachtais éagóracha trádála a chomhrac i slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia a mbíonn tionchar diúltach acu ar chaighdeáin mhaireachtála an phobail talmhaíochta, ar choinníoll go bhfuil na bearta sin iomchuí agus comhréireach chun a áirithiú go mbainfear amach an cuspóir atá á shaothrú agus ar choinníoll go bhfuil siad comhoiriúnach le Treoir (AE) 2019/633 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), lena n-áirítear Airteagal 9 di. |
|
(23) |
D’fhonn páirtithe a spreagadh chun teacht ar réiteach cairdiúil i gcás díospóidí maidir le tabhairt i gcrích conartha i scríbhinn nó athbhreithniú ar chonradh i scríbhinn, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil sásra idirghabhála nó sásraí inchomparáide ar fáil do na páirtithe. Féadfar sásraí atá ann cheana a áireamh ar na sásraí sin nó féadfar sásraí nua a bhunú chun na críche sin. Féadfar a áireamh orthu sin, inter alia, eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht d’fheirmeoirí, eagraíochtaí idirchraoibhe, seirbhísí idirghabhála príobháidí creidiúnaithe nó comhlachtaí neamhspleácha eile um réiteach díospóidí. Ba cheart na sásraí sin a bheith neamhchlaonta agus ba cheart rochtain a bheith ag na páirtithe conarthacha orthu ar bhonn deonach. Ba cheart do na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas faoi na sásraí atá ar bun ina gcríoch. |
|
(24) |
Chun feidhmiú sásraí um tharchur praghsanna a éascú, i gcás ina ríomhtar an praghas deiridh is iníoctha as seachadadh táirgí talmhaíochta trí fhachtóirí éagsúla a leagtar amach sa chonradh a chur le chéile, ba cheart a áireamh ar na fachtóirí sin táscairí oibiachtúla, innéacsanna nó modhanna ríofa is furasta do na páirtithe a thuiscint. Ionas nach gcuirfear iallach ar fheirmeoirí díol go córasach faoi bhun a gcostas táirgthe, ba cheart táscairí, innéacsanna agus modhanna ríofa an phraghais deiridh a bheith ina léiriú ar athruithe ar dhálaí an mhargaidh agus ar ghnéithe ábhartha de chostais táirgthe na dtáirgí talmhaíochta arna seachadadh, a mbíonn tionchar acu ar luach saothair feirmeoirí. |
|
(25) |
I bhfianaise staid leochaileach caibidlíochta na bhfeirmeoirí agus a n-eagraíochtaí, cásanna le déanaí ina raibh luaineacht shuntasach i gcostais ionchuir talmhaíochta agus i bpraghsanna margaidh, agus an ghá atá le tarchur níos éifeachtúla praghsanna sa slabhra soláthair, ba cheart clásal um athbhreithniú a áireamh i gconarthaí san earnáil déiríochta ar faide ná 6 mhí a fhad, agus i gconarthaí ar faide ná 12 mhí a fhad in earnálacha talmhaíochta eile, ar clásal é a fhéadfaidh na feirmeoirí nó a n-eagraíochtaí a ghníomhachtú, mar shampla i gcás imthosca gan choinne, amhail teagmhais adhaimsire, ráigeanna de ghalair ainmhithe, teannas geopholaitiúil, nó aon chúis eile. Leis an gclásal, ba cheart cead a thabhairt d’fheirmeoirí athbhreithniú ar ghnéithe an chonartha a iarraidh tráth ar bith tar éis an chéad 6 nó 12 mhí sin, de réir mar is ábhartha, agus cead a thabhairt dóibh deireadh a chur leis an gconradh i gcás nach dtiocfar ar chomhaontú. Ba cheart nár dhochar an méid sin do cheart na bpáirtithe féidearthachtaí eile a chaibidil maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an gconradh. |
|
(26) |
Chun trédhearcacht chonarthach a fheabhsú agus chun rannchuidiú le cleachtais trádála níos cothroime, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a cheangal go gclárófaí conarthaí i scríbhinn maidir le táirgí talmhaíochta a sheachadadh. |
|
(27) |
Maidir le tionscnaimh áirithe chomhair ingearacha agus chothrománacha a bhaineann le táirgí talmhaíochta agus bia, arb é is aidhm dóibh ceanglais atá níos déine ná na ceanglais éigeantacha a chur i bhfeidhm, d’fhéadfadh éifeachtaí dearfacha a bheith acu ar chuspóir an chomhbheartais talmhaíochta chun caighdeán cóir maireachtála a áirithiú don phobal talmhaíochta agus ar chuspóir fhorbairt inbhuanaithe an Aontais a áirithiú. Dá bhrí sin, i gcásanna sonracha, níor cheart na tionscnaimh sin a bheith faoi réir chur i bhfeidhm Airteagal 101(1) CFAE. |
|
(28) |
I dtréimhsí míchothromaíochta tromchúisí sa mhargadh, d’fhéadfadh catagóirí sonracha gníomhaíochta comhchoitinne ag oibreoirí príobháideacha rannchuidiú leis na hearnálacha lena mbaineann a chobhsú. D’fhéadfadh tarraingt siar ón margadh nó dáileadh saor in aisce a dtáirgí, lena n-áirítear ar eagraíochtaí carthanais, mar shampla, a bheith i gceist le gníomhaíocht chomhchoiteann den sórt sin. D’fhonn a áirithiú go mbeidh na hacmhainní is gá ag oibreoirí príobháideacha chun na gníomhaíochtaí sin a chur chun feidhme, ba cheart an Coimisiún a bheith in ann acmhainní de chuid an Aontais ón gcúlchiste talmhaíochta a chur ar fáil chun tacú leis na gníomhaíochtaí sin. Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann acmhainní náisiúnta breise a leithdháileadh freisin gan mhoill. |
|
(29) |
Sa Teachtaireacht uaidh an 19 Feabhra 2025 dar teideal ‘Fís le haghaidh na Talmhaíochta agus an Bhia’, meabhraíonn an Coimisiún gur cuid riachtanach d’earnáil talmhaíochta, d’iomaíochas agus do chomhtháthú an Aontais é an beostoc. Tá córais inbhuanaithe beostoic ríthábhachtach do gheilleagar an Aontais, d’inmharthanacht na limistéar tuaithe agus do chaomhnú an chomhshaoil agus na dtírdhreach tuaithe. Tá earnáil beostoic an Aontais thar a bheith leochaileach i leith turraingí éagsúla agus iomaíocht dhomhanda, agus ceanglaítear uirthi ardchaighdeáin táirgthe a chomhlíonadh nach dtugann an margadh luach saothair dóibh i gcónaí. Sa chomhthéacs sin, is gá, ar mhaithe le táirgeoirí an Aontais agus tomhaltóirí araon, aitheantas a thabhairt do chomhdhéanamh nádúrtha feola agus táirgí feola. Is minic a bhíonn tábhacht chultúrtha agus stairiúil ag baint le téarmaí a bhaineann le feoil. Is iomchuí, dá bhrí sin, téarmaí a bhaineann le feoil a chosaint chun trédhearcacht sa mhargadh inmheánach a fheabhsú a mhéid a bhaineann le comhdhéanamh bia agus a ábhar cothaitheach, agus chun a áirithiú gur féidir le tomhaltóirí roghanna eolasacha a dhéanamh. Tá tábhacht ar leith ag baint le soiléireacht den sórt sin do thomhaltóirí atá ag lorg cion cothaitheach sonrach a bhaineann go traidisiúnta le táirgí feola. Dá bhrí sin, chun críocha Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus faoi chuimsiú a raon feidhme, ba cheart gurb é is ciall do ‘feoil’ na codanna inite d’ainmhithe. |
|
(30) |
Ina theannta sin, a mhéid a bhaineann le táirgí talmhaíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le CFAE chomh maith le táirgí bia nach liostaítear san Iarscríbhinn sin, ba cheart téarmaí áirithe a fhorchoimeád do tháirgí a dhíorthaítear ó fheoil, gan dochar do phróisis theicneolaíocha a úsáidtear sa táirgeadh nach bhfuil sé d’aidhm acu feoil nó aon chomhábhar feola a ionadú go hiomlán nó go páirteach, nó do tháirgí a bhfuil ainm orthu, ina n-úsáidtear na téarmaí sin i gcomhar le focal nó focail chun an speiceas ainmhithe as a dtagann táirge talmhaíochta a ainmniú, gan dochar d’úsáid na dtéarmaí sin do tháirgí iascaigh agus dobharshaothraithe mar a shainmhínítear i ngníomhartha reachtacha an Aontais maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe. Chun a chur san áireamh gurb ann do tháirgí áirithe nach ndíorthaítear ó fheoil, a bhfuil a gcineál beacht soiléir mar gheall ar úsáid bhunaithe fhadtéarmach agus nach gcuireann aon mhearbhall ar an tomhaltóir, ba cheart cumhachtú don Choimisiún a chur le hAirteagal 78(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 chun liosta ainmneacha a tharraingt suas, a gceadófaí a úsáid leo féin nó i gcomhar le focail eile, agus lena gcuirtear san áireamh an chaoi a n-úsáidtear na téarmaí i dteangacha éagsúla. |
|
(31) |
Ionas go mbeidh saothraithe biatais siúcra in ann tairbhe a bhaint as soiléireacht chonarthach fheabhsaithe agus chun creat conarthach comhchuibhithe a áirithiú agus sainiúlacht earnáil an bhiatais siúcra á cur san áireamh an tráth céanna, ba cheart na téarmaí ceannaigh i gconarthaí maidir le seachadadh biatais siúcra a ailíniú leis na coinníollacha maidir le conarthaí i scríbhinn a úsáid in earnálacha talmhaíochta eile. |
|
(32) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a leasú dá réir sin. |
|
(33) |
Chun seasamh na bhfeirmeoirí i slabhra an tsoláthair bia a neartú, ba cheart forálacha áirithe de Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) a leasú a mhéid a bhaineann leis na cineálacha idirghabhála atá ann in earnálacha áirithe. Is é is aidhm do na leasuithe sin dreasacht a thabhairt d’fheirmeoirí a bheith ina gcomhaltaí d’eagraíochtaí táirgeoirí nó de chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí a aithnítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 nó leanúint de bheith ina gcomhaltaí d’eagraíochtaí táirgeoirí nó de chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí a aithnítear faoin Rialachán sin, i bhfianaise an róil dhearfaigh atá ag eagraíochtaí táirgeoirí agus comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí maidir le cumhacht mhargála táirgeoirí a neartú. Thairis sin, chun tacaíocht níos éifeachtúla agus níos spriocdhírithe a áirithiú d’eagraíochtaí táirgeoirí trí phleananna straitéiseacha arna dtarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Phleananna Straitéiseacha CBT), ba cheart foráil a dhéanamh, maidir leis an bhféidearthacht an cúnamh airgeadais ón Aontas do chláir oibríochtúla in earnálacha áirithe a mhéadú. |
|
(34) |
I mBallstáit áirithe, tá luach na táirgeachta torthaí agus glasraí arna mhargú ag eagraíochtaí táirgeoirí i gcomparáid le luach iomlán na táirgeachta torthaí agus glasraí fós i bhfad faoi bhun mheán an Aontais. I measc na ndreasachtaí airgeadais atá ar fáil, is féidir leis na Ballstáit cúnamh airgeadais náisiúnta a thabhairt cheana féin faoi Airteagal 53 de Rialachán (AE) 2021/2115 d’eagraíochtaí táirgeoirí atá lonnaithe i réigiúin áirithe ina bhfuil an leibhéal eagrúcháin go mór faoi bhun mheán an Aontais. D’fhonn an t-iomaíochas a fheabhsú, seasaimh na bhfeirmeoirí sa slabhra luacha a neartú agus eagraíochtaí táirgeoirí nua a chur ar bun, ba cheart dreasacht airgeadais a dheonú d’eagraíochtaí táirgeoirí sna Ballstáit ina bhfuil leibhéal eagrúcháin na dtáirgeoirí faoi bhun 10 % ar feadh 3 bliana as a chéile roimh chur chun feidhme an chláir oibríochtúil ábhartha, arb é a bheidh sa dreasacht sin méadú 10 % ar an gcúnamh airgeadais ón Aontas. |
|
(35) |
D’fhonn athnuachan ó ghlúin go glúin in earnáil na feirmeoireachta a éascú agus d’fhonn táirgeoirí nua a spreagadh chun dul isteach in eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí agus in earnálacha eile dá dtagraítear in Airteagal 42, pointe (f), de Rialachán (AE) 2021/2115, ba cheart dreasacht a dheonú d’fheirmeoirí óga agus d’fheirmeoirí nua a théann isteach in eagraíocht táirgeoirí a aithnítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. Go háirithe, ba cheart é a bheith indéanta cúnamh airgeadais ón Aontas a mhéadú faoi 20 pointe céatadáin le haghaidh caiteachas a bhaineann le hinfheistíochtaí a dhéantar ar áitreabh feirmeoirí óga nó ar áitreabh feirmeoirí nua a théann isteach in eagraíocht aitheanta táirgeoirí den chéad uair. |
|
(36) |
I bhfianaise atarlú teagmhas díobhálach aeráide, tubaistí nádúrtha, galar plandaí agus inmhíolú lotnaidí le blianta beaga anuas, is léir go bhfuil sé úsáideach d’eagraíochtaí táirgeoirí agus do chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí a bheith in ann cistí, lena n-áirítear cúnamh airgeadais ón Aontas laistigh den chiste oibríochtúil, a atreorú chuig idirghabhálacha a bhfuil gá leo chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí na dteagmhas sin. Is gá, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht an cúnamh airgeadais ón Aontas a leagtar síos in Airteagal 52(1), Airteagal 62, Airteagal 65(1) agus Airteagal 68 de Rialachán (AE) 2021/2115 a mhéadú ó 50 % go 70 % den chaiteachas iarbhír arna thabhú, faoi réir coinníollacha áirithe. |
|
(37) |
Chun tacú le bunú cineálacha idirghabhála sna hearnálacha eile dá dtagraítear in Airteagal 42, pointe (f), de Rialachán (AE) 2021/2115, ba cheart a cheadú do na Ballstáit, ón 1 Eanáir 2025 ar aghaidh, solúbthacht bhreise a bheith acu chun na cistí a leithdháileadh ar na hearnálacha sin. Dá bhrí sin, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann suas le 6 % dá leithdháiltí a úsáid le haghaidh íocaíochtaí díreacha, tar éis dóibh measúnú a dhéanamh ar na hiarmhairtí ar leibhéal na tacaíochta ioncaim. |
|
(38) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2021/2115 a leasú dá réir sin. |
|
(39) |
D’fhonn a áirithiú gur féidir acmhainní de chuid an Aontais ón gcúlchiste talmhaíochta a chur ar fáil do na Ballstáit chun tacú le gníomhaíochtaí comhchoiteanna ó oibreoirí príobháideacha i dtréimhsí ina bhfuil míchothromaíocht thromchúiseach sa mhargadh, ba cheart an fhéidearthacht úsáid a bhaint as an gcúlchiste talmhaíochta a leathnú chun tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí comhchoiteanna i gcás ina gcinneann an Coimisiún nach bhfuil feidhm ag rialacha iomaíochta maidir leis na gníomhaíochtaí sin. |
|
(40) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) a leasú dá réir sin. |
|
(41) |
Chun an t-am is gá a thabhairt do na hoibreoirí margaidh chun oiriúnú a dhéanamh agus chun go mbeidh an Coimisiún in ann measúnú a dhéanamh ar scéimeanna agus cleachtais náisiúnta atá ann cheana, ba cheart cur i bhfeidhm na rialacha a bhaineann le forchoimeád na dtéarmaí roghnacha ‘cothrom’ agus ‘cothromasach’ agus téarmaí ag a bhfuil cialla coibhéiseacha leis na téarmaí sin, agus an téarma ‘slabhraí gearra soláthair’ a chur siar go dtí 2 bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ar an gcaoi chéanna, chun gur féidir le hoibreoirí a gcaidreamh conarthach a oiriúnú do na rialacha nua maidir le conarthaí i scríbhinn agus chun gur féidir le heagraíochtaí táirgeoirí in earnáil an bhainne a reachtanna a choigeartú, ba cheart cur i bhfeidhm na rialacha sin a chur siar go dtí 2 bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Thairis sin, chun go mbeidh oibreoirí margaidh in ann a straitéisí margaíochta a oiriúnú agus a choigeartú, ba cheart cur i bhfeidhm na sainmhínithe agus na n-ainmniúchán forchoimeádta le haghaidh feola agus táirgí feola a chur siar 3 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Mar sin féin, maidir le táirgí a táirgeadh nó a allmhairíodh i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an dáta a dtiocfaidh na rialacha nua i bhfeidhm, ba cheart a cheadú go leanfar dá margú go ceann uastréimhse 6 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo nó go dtí dáta ídithe na stoic, cibé acu is túisce, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 75(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (j):
; |
|
(2) |
leasaítear Airteagal 78 mar a leanas:
|
|
(3) |
i gCuid II, Teideal II, Caibidil I, Roinn 1, cuirtear an fhoroinn seo a leanas isteach:
Airteagal 88a Téarmaí roghnacha le haghaidh módúlachtaí tráchtála 1. Féadfar an téarma “cothrom” nó “cothromasach” nó téarmaí ag a bhfuil cialla coibhéiseacha leis na téarmaí sin a úsáid, leo féin nó in éineacht le téarmaí eile, ar lipéid táirge de chuid na n-earnálacha a liostaítear in Airteagal 1(2) a chuirtear ar an margadh, i gcur i láthair an táirge sin, ar ábhar fógraíochta an táirge sin nó ar dhoiciméid tráchtála an táirge sin, ar choinníoll go n-úsáidtear na téarmaí sin chun ceannaitheoirí a chur ar an eolas faoi mhódúlachtaí atá ann cheana maidir le heagrú an táirgthe, an dáilte nó an chur ar an margadh, a bhfuil sé d’aidhm acu an méid seo a leanas ar a laghad a áirithiú:
Chun críche phointe (b) den chéad fhomhír, féadfar sonraí ábhartha atá ar fáil maidir le costais táirgthe a chur san áireamh sa phraghas. 2. Féadfar an téarma “slabhra gearr soláthair” a úsáid leis féin nó in éineacht le téarmaí eile, ar lipéid táirge de chuid na n-earnálacha a liostaítear in Airteagal 1(2) a chuirtear ar an margadh, i gcur i láthair an táirge sin, ar ábhar fógraíochta an táirge sin nó ar dhoiciméid tráchtála an táirge sin, ar choinníoll gur féidir leis na tomhaltóirí gabháltais na bhfeirmeoirí rannpháirteacha inar táirgeadh an t-amhábhar a shainaithint go héasca, go n-úsáidtear an téarma chun ceannaitheoirí a chur ar an eolas faoi mhódúlachtaí atá ann cheana maidir le heagrú an táirgthe, an dáilte nó an chur ar an margadh, agus go n-áirithítear an méid seo a leanas leo:
3. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 chun an Rialachán seo a leasú trí théarmaí a chur le mír 1 den Airteagal seo atá coibhéiseach leis an téarma “cothrom” nó “cothromasach”, nuair a úsáidtear na téarmaí coibhéiseacha sin ar an margadh chun ceannaitheoirí a chur ar an eolas faoi na módúlachtaí tráchtála dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí rialacha breise a leagan síos nó trí choinníollacha a shonrú chun míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm, agus aon chaighdeán idirnáisiúnta ábhartha agus aon scéimeanna gaolmhara deimhnithe cáilíochta á gcur san áireamh. 4. Féadfaidh na Ballstáit rialacha náisiúnta a ghlacadh nó a choinneáil ar bun lena leagtar síos coinníollacha sa bhreis ar na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, pointí (a), (b) agus (c), agus i mír 2, pointí (a) agus (b), maidir le húsáid na dtéarmaí dá dtagraítear sna míreanna sin. Ní chuirfidh na rialacha sin toirmeasc, srian ná bac ar úsáid na dtéarmaí dá dtagraítear sna míreanna sin i gcás táirgí a tháirgtear nó a mhargaítear go dleathach i mBallstát eile faoi na téarmaí dá dtagraítear sna míreanna sin. 5. Beidh an tAirteagal seo gan dochar do na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011.’ |
|
(4) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 148: ‘Airteagal 148 Caidreamh conarthach in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne 1. Seachadtaí bainne agus táirgí bainne san Aontas a dhéanann feirmeoirí, lena n-áirítear comhlachais feirmeoirí, nó eagraíocht táirgeoirí nó comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí, chuig próiseálaithe, bailitheoirí, dáileoirí nó miondíoltóirí, cumhdófar é le conradh i scríbhinn idir na páirtithe sin. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid dá dtagraítear sa chéad fhomhír ach amháin maidir leis an méid seo a leanas:
Comhlíonfar, le conradh i scríbhinn den sórt sin, na coinníollacha a leagtar síos i míreanna 4 agus 8. Tar éis dul i gcomhairle le hionadaithe ábhartha feirmeoirí nó leis na heagraíochtaí idirchraoibhe a aithnítear i gcomhréir le hAirteagal 163(1), féadfaidh na Ballstáit a chinneadh nach mbeidh sé éigeantach táscairí, innéacsanna nó modhanna ríofa an phraghais deiridh dá dtagraítear i mír 4, pointe (c)(i), an dara fleasc, den Airteagal seo a áireamh agus nach gcumhdófar an seachadadh leis na ceanglais i mír 4, pointe (c)(iii), maidir le clásal um athbhreithniú más féidir éifeachtaí na hintuarthachta, na trédhearcachta agus an tarchurtha praghsanna a bhaint amach ar shlí eile i gcás an bhainne nó na dtáirgí bainne lena mbaineann, nó nach mbeadh an oibleagáid gnéithe de mhír 4, pointe (c) (i), an dara fleasc, den Airteagal seo agus mír 4, pointe (c)(iii), den Airteagal seo, maidir le clásal um athbhreithniú a áireamh iomchuí ná comhréireach le haghaidh na dtáirgí sin ar chúiseanna eile a bhfuil údar cuí leo. Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn “bailitheoir” gnóthas a iompraíonn bainne amh ó fheirmeoir nó ó bhailitheoir eile chuig próiseálaí bainne amh nó chuig bailitheoir eile, i gcás ina n-aistrítear úinéireacht an bhainne amh i ngach cás. 2. Féadfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas a chinneadh freisin:
Maidir le tairiscintí i scríbhinn ar chonarthaí dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann a chinneadh gurb iad céad-cheannaitheoirí an bhainne agus na dtáirgí bainne nó an feirmeoir, lena n-áirítear comhlachas feirmeoirí, nó eagraíocht táirgeoirí nó comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí, a dhéanfaidh tairiscint den sórt sin. Comhlíonfar, le conarthaí dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo, nó le tairiscintí ar chonradh dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo, na coinníollacha a leagtar síos i míreanna 4 agus 8. 3. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sásra idirghabhála nó sásraí inchomparáide, lena n-áirítear sásraí atá ann cheana, ar fáil do na páirtithe conarthacha. Beidh rochtain ar bhonn deonach ag na páirtithe conarthacha ar na sásraí sin agus beidh siad neamhchlaonta chun cásanna a chumhdach nach bhfuil aon chonradh ann atá inghlactha go frithpháirteach dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 nó, i gcás ina bhfuil conradh dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 ann, chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gconradh sin. Féadfar ionadaithe ó eagraíochtaí feirmeoirí a áireamh ar na sásraí sin Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi na sásraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo atá ar fáil ina gcríoch. 4. Maidir leis an gconradh nó an tairiscint ar chonradh dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2:
5. De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, ní éileofar conradh i scríbhinn ná tairiscint i scríbhinn ar chonradh sna cásanna seo a leanas:
6. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh nach n-éileofar conradh i scríbhinn ná tairiscint i scríbhinn ar chonradh i gceann amháin nó níos mó de na cásanna seo a leanas:
7. Más rud é, de bhun mhír 5, pointe (b), nó mhír 6, nach gceanglaítear conradh i scríbhinn ná tairiscint i scríbhinn ar chonradh, féadfaidh feirmeoir, lena n-áirítear comhlachas feirmeoirí, nó eagraíocht táirgeoirí, nó comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí a cheangal go mbeidh seachadadh bainne nó táirgí bainne chuig próiseálaí, dáileoir, miondíoltóir nó bailitheoir faoi réir conradh i scríbhinn idir na páirtithe nó tairiscint i scríbhinn ar chonradh. Comhlíonfar, le conradh den chineál sin nó le tairiscint den chineál sin ar chonradh, na coinníollacha a leagtar síos i míreanna 4 agus 8, an chéad fhomhír. 8. I dtaca le gnéithe uile na gconarthaí maidir le seachadadh bainne nó táirgí bainne a chuirtear i gcrích idir feirmeoirí, lena n-áirítear comhlachais feirmeoirí, nó eagraíochtaí táirgeoirí nó comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí agus bailitheoirí, próiseálaithe, dáileoirí nó miondíoltóirí, lena n-áirítear na gnéithe agus a gcomhpháirteanna dá dtagraítear i mír 4, pointe (c), déanfar iad a chaibidil go neamhshrianta idir na páirtithe. Féadfaidh na Ballstáit ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas a bhunú:
9. Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar cheannaitheoir bainne nó táirgí bainne na conarthaí i scríbhinn dá dtagraítear i mír 1 a chlárú i gcás an bhainne nó na dtáirgí bainne a sheachadfaidh an feirmeoir, lena n-áirítear comhlachas feirmeoirí, nó eagraíocht táirgeoirí nó comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí chuig bailitheoir, próiseálaí, dáileoir nó miondíoltóir ina gcríoch. 10. Déanfaidh na Ballstáit a bhaineann úsáid as na roghanna dá dtagraítear i míreanna 1, 2, 6, 8 agus 9 fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcaoi ina gcuirtear na roghanna sin i bhfeidhm. 11. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na bearta is gá maidir le cur i bhfeidhm comhionann mhíreanna 4 agus 5 den Airteagal seo agus bearta a bhaineann leis na fógraí a bheidh le tabhairt ag na Ballstáit i gcomhréir le mír 10 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).’ |
|
(5) |
in Airteagal 149(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):
; |
|
(6) |
leasaítear Airteagal 152 mar a leanas:
|
|
(7) |
leasaítear Airteagal 153 mar a leanas:
|
|
(8) |
in Airteagal 157(1), pointe (c), cuirtear an pointe seo a leanas leis:
; |
|
(9) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 168: ‘Airteagal 168 Caidreamh conarthach 1. Seachadtaí táirgí talmhaíochta ó earnáil a liostaítear in Airteagal 1(2) san Aontas seachas bainne agus táirgí bainne agus siúcra, a dhéanann feirmeoirí, lena n-áirítear comhlachais feirmeoirí, nó eagraíochtaí táirgeoirí nó comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí, chuig próiseálaithe, dáileoirí nó miondíoltóirí, cumhdófar é le conradh i scríbhinn idir na páirtithe ábhartha. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid dá dtagraítear sa chéad fhomhír ach amháin maidir leis an méid seo a leanas:
Comhlíonfar, le conradh i scríbhinn den sórt sin, na coinníollacha a leagtar síos i míreanna 4 agus 8. 2. Féadfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas a chinneadh freisin:
Maidir le tairiscintí i scríbhinn ar chonradh dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann a chinneadh gurb iad céad-cheannaitheoirí táirgí talmhaíochta nó an feirmeoir, lena n-áirítear comhlachas feirmeoirí, nó eagraíocht táirgeoirí nó comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí, a dhéanfaidh tairiscint den sórt sin. Comhlíonfar, le conarthaí dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo nó le tairiscintí ar chonradh dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo, na coinníollacha a leagtar síos i míreanna 4 agus 8. 3. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh idirghabháil nó sásraí inchomparáide, lena n-áirítear sásraí atá ann cheana, ar fáil do na páirtithe conarthacha. Beidh rochtain ar bhonn deonach ag na páirtithe conarthacha ar shásraí den sórt sin agus beidh siad neamhchlaonta chun cásanna a chumhdach nach bhfuil aon chonradh ann atá inghlactha go frithpháirteach dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 nó, i gcás ina bhfuil conradh dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 ann, chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gconradh sin. Féadfar ionadaithe ó eagraíochtaí feirmeoirí a áireamh ar na sásraí sin. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi na sásraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo atá ar fáil ina gcríoch. 4. Maidir leis an gconradh nó an tairiscint ar chonradh dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2:
5. De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, ní éileofar conradh i scríbhinn ná tairiscint i scríbhinn ar chonradh sna cásanna seo a leanas:
6. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh nach n-éileofar conradh i scríbhinn ná tairiscint i scríbhinn ar chonradh i gceann amháin nó níos mó de na cásanna seo a leanas:
7. Más rud é, de bhun mhír 5, pointe (b), nó mhír 6, nach n-éileofar conradh i scríbhinn ná tairiscint i scríbhinn ar chonradh, féadfaidh feirmeoir, lena n-áirítear comhlachas feirmeoirí, nó eagraíocht táirgeoirí nó comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí a cheangal go mbeidh aon táirge talmhaíochta a sheachadfar chuig próiseálaí, dáileoir nó miondíoltóir faoi réir conradh i scríbhinn idir na páirtithe nó faoi réir tairiscint i scríbhinn ar chonradh. Comhlíonfar, le conradh den sórt sin nó le tairiscint den sórt sin ar chonradh, na coinníollacha a leagtar síos i míreanna 4 agus 8, an chéad fhomhír. 8. I dtaca le gnéithe uile na gconarthaí maidir le táirgí talmhaíochta a sheachadadh a chuirtear i gcrích idir feirmeoirí, lena n-áirítear comhlachais feirmeoirí, nó eagraíochtaí táirgeoirí nó comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí, agus próiseálaithe, dáileoirí nó miondíoltóirí, lena n-áirítear na gnéithe agus a gcomhpháirteanna dá dtagraítear i mír 4, pointe (c), déanfar iad a chaibidil go neamhshrianta idir na páirtithe. Féadfaidh na Ballstáit ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas a bhunú:
Féadfaidh feirmeoirí, lena n-áirítear comhlachais feirmeoirí, nó eagraíochtaí táirgeoirí nó comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí an fad íosta atá leagtha síos ag na Ballstáit de bhun an dara fomhír a dhiúltú i scríbhinn. 9. Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar cheannaitheoir táirgí talmhaíochta na conarthaí i scríbhinn dá dtagraítear i mír 1 a chlárú i gcás na dtáirgí talmhaíochta lena mbaineann a sheachadfaidh an feirmeoir, lena n-airítear comhlachas feirmeoirí, nó eagraíocht táirgeoirí nó comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí chuig próiseálaí, dáileoir nó miondíoltóir ina gcríoch. 10. Déanfaidh na Ballstáit a bhaineann úsáid as na roghanna dá dtagraítear i míreanna 2, 6, 8 agus 9 fógra a thabhairt don Choimisiún faoin gcaoi a gcuirtear na roghanna sin i bhfeidhm. 11. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na bearta is gá maidir le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach mhíreanna 4 agus 5 den Airteagal seo agus bearta a bhaineann leis na fógraí a bheidh le tabhairt ag na Ballstáit i gcomhréir le mír 10 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).’ |
|
(10) |
leasaítear Airteagal 210a mar a leanas:
|
|
(11) |
in Airteagal 222, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: ‘1. Le linn tréimhsí ina mbíonn míchothromaíocht thromchúiseach sna margaí, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh a mbeidh sé d’éifeacht acu nach mbeidh feidhm ag Airteagal 101(1) CFAE maidir le comhaontuithe agus cinntí feirmeoirí, comhlachais feirmeoirí nó comhlachais de na comhlachais sin, nó eagraíochtaí aitheanta táirgeoirí, comhlachais eagraíochtaí aitheanta táirgeoirí agus eagraíochtaí aitheanta idirchraoibhe in aon cheann de na hearnálacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo, ar choinníoll nach mbainfear, leis na comhaontuithe agus na cinntí sin, an bonn d’fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, go mbeidh d’aidhm dhocht acu an earnáil lena mbaineann a chobhsú agus go dtiocfaidh siad faoi cheann amháin nó níos mó ná ceann amháin de na catagóirí seo a leanas:
I gcás ina nglacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo, féadfaidh sé a chinneadh tacaíocht ón Aontas as an gcúlchiste talmhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2021/2116 a chur ar fáil do na Ballstáit lena mbaineann. Leis an tacaíocht airgeadais sin soláthrófar na hacmhainní is gá chun go gcuirfidh na hoibreoirí lena mbaineann na comhaontuithe agus na cinntí sin chun feidhme gan mhoill. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar raon feidhme an mhaolaithe sa chéad fhomhír den mhír seo, agus, faoi réir mhír 3, an tréimhse a mbeidh feidhm ag an maolú ina leith, chomh maith le, i gcás inarb infheidhme, méid an chúlchiste talmhaíochta arna leithdháileadh ar an mBallstát lena mbaineann faoin dara fomhír den mhír seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).’ |
|
(12) |
in Airteagal 222a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: ‘2. Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh cad iad na hearnálacha talmhaíochta astu siúd a liostaítear in Airteagal 1(2) a mbunófar faireachlanna margaidh an Aontais dóibh. Féadfaidh an Coimisiún idirdhealú sonrach a dhéanamh idir táirgeadh orgánach agus táirgeadh neamhorgánach sna faireachlanna sin.’ |
|
(13) |
in Iarscríbhinn VII cuirtear isteach an Chuid seo a leanas: ‘CUID Ia Ainmniúcháin feola agus táirgí feola
(*2) Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (IO L 327, 11.12.2015, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/2283/oj).’;" |
|
(14) |
leasaítear Iarscríbhinn X mar a leanas:
|
Airteagal 2
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2021/2115
Leasaítear Rialachán (AE) 2021/2115 mar a leanas:
|
(1) |
Leasaítear Airteagal 52 mar a leanas:
|
|
(2) |
in Airteagal 62, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘4. Déanfar an teorainn 50 % dá bhforáiltear i mír 2 a mhéadú go 70 % den chaiteachas iarbhír a thabhaítear i mbliain áirithe le haghaidh cláir oibríochtúla a chuirfidh eagraíochtaí táirgeoirí nó comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí chun feidhme agus a mbeidh tionchar ag teagmhais dhíobhálacha aeráide, tubaistí nádúrtha, galair plandaí nó inmhíolú lotnaidí, a bheidh le sainaithint ag na Ballstáit orthu sa bhliain sin, ar choinníoll nach ndeonófar an méadú ach amháin nuair a sháróidh na caillteanais tairseach 30 % ar a laghad de mheántáirgeacht bhliantúil na heagraíochta táirgeoirí nó an chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí sna 3 bliana roimhe sin, nó meán 3 bliana bunaithe ar an tréimhse 5 bliana roimhe sin, gan an iontráil is airde ná an iontráil is ísle a áireamh.’ |
|
(3) |
in Airteagal 65(1), cuirtear an pointe seo a leanas leis:
; |
|
(4) |
in Airteagal 68, cuirtear isteach an mhír seo a leanas: ‘2a. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 52(3), pointí (a) go (d), (f), (g) agus (h) agus Airteagal 52(5a) agus (7).’ |
|
(5) |
in Airteagal 88, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7: ‘7. Ó 1 Eanáir 2025, féadfaidh na Ballstáit na cinntí uathu dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo a athbhreithniú mar chuid d’iarraidh ar a bPlean Straitéiseach CBT a leasú arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 119 agus féadfaidh siad a chinneadh suas le 6 % dá leithdháiltí a úsáid le haghaidh íocaíochtaí díreacha arna leagan amach in Iarscríbhinn V, i gcás inarb ábhartha, tar éis na leithdháiltí le haghaidh cadáis a asbhaint arna leagan amach in Iarscríbhinn VIII, le haghaidh cineálacha idirghabhála in earnálacha eile dá dtagraítear i dTeideal III, Caibidil III, Roinn 7. An méid a chomhfhreagraíonn do chéatadán leithdháiltí na mBallstát le haghaidh íocaíochtaí díreacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo agus a úsáidtear le haghaidh cineálacha idirghabhála in earnálacha eile le linn bliain áirithe airgeadais, measfar gur leithdháiltí na mBallstát iad in aghaidh na bliana airgeadais le haghaidh cineálacha idirghabhála in earnálacha eile.’. |
Airteagal 3
Leasú ar Rialachán (AE) 2021/2116
In Airteagal 16(1), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2021/2116, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
|
‘(b) |
bearta eisceachtúla faoi Airteagail 219, 220, 221 agus 222 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.’. |
Airteagal 4
Bearta idirthréimhseacha
Táirgí nach bhfuil i gcomhréir leis na hainmniúcháin a shainmhínítear faoi chuid Ia d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, agus a táirgeadh san Aontas nó a allmhairíodh chuig an Aontas roimh dháta chur i bhfeidhm na rialacha ainmniúcháin sin, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh go dtí go mbeidh na stoic ídithe nó go dtí an 19 Lúnasa 2032, cibé acu is túisce.
Airteagal 5
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag Airteagal 1, pointí (3), (4), (7)(d), (9) agus (14) ón 19 Lúnasa 2028.
Beidh feidhm ag Airteagal 1, pointe (13), ón 19 Lúnasa 2029.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 8 Iúil 2026.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
T. BYRNE
(1) IO C, C/2025/2969, 16.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2969/oj.
(2) IO C, C/2025/3479, 16.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3479/oj.
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Meitheamh 2026 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 29 Meitheamh 2026.
(4) Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1924/2006 agus (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2002/67/CE agus 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (IO L 304, 22.11.2011, lch. 18, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/1169/oj).
(5) Treoir (AE) 2024/1760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le dícheall cuí i dtaca le hinbhuanaitheacht chorparáideach agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 agus Rialachán (AE) 2023/2859 (IO L, 2024/1760, 5.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1760/oj).
(6) Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghaitear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72. (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1308/oj).
(7) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2016/512/oj.
(8) Treoir (AE) 2019/633 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cleachtais éagóracha trádála sa chaidreamh gnólacht le gnólacht i slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia (IO L 111, 25.4.2019, lch. 59, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/633/oj).
(9) Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2115/oj).
(10) Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 187, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2116/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/1739/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)