Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026R1700

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1700 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2026 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1831 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1144/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta um sholáthar faisnéise agus bearta cur chun cinn a bhaineann le táirgí talmhaíochta a chuirtear chun feidhme sa mhargadh inmheánach agus i dtríú tíortha, a mhéid a bhaineann le conarthaí a thabhairt i gcrích, réamhíocaíochtaí, agus oibleagáidí maidir le fógra a thabhairt

C/2026/4800

IO L, 2026/1700, 15.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1700/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1700/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1700

15.7.2026

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1700 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Iúil 2026

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1831 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1144/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta um sholáthar faisnéise agus bearta cur chun cinn a bhaineann le táirgí talmhaíochta a chuirtear chun feidhme sa mhargadh inmheánach agus i dtríú tíortha, a mhéid a bhaineann le conarthaí a thabhairt i gcrích, réamhíocaíochtaí, agus oibleagáidí maidir le fógra a thabhairt

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1144/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le bearta um sholáthar faisnéise agus bearta cur chun cinn a bhaineann le táirgí talmhaíochta a chuirtear chun feidhme sa mhargadh inmheánach agus i dtríú tíortha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 3/2008 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 14(1), an dara fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘Eoraip níos simplí agus níos tapúla’ (2), iarrtar bearta simpliúcháin arb é is aidhm dóibh an t-ualach rialála agus na costais ghaolmhara a laghdú do dhaoine, do ghnólachtaí, do pháirtithe leasmhara agus do riaracháin phoiblí san Aontas agus rialacha a dhéanamh níos soiléire, níos éasca a thuiscint agus níos tapúla a chur chun feidhme.

(2)

Ar bhonn na taithí a fuarthas le linn cláir shimplí a chur chun feidhme agus ar bhonn malartuithe leis na Ballstáit agus le tairbhithe cistiú ón Aontas, sainaithníodh Airteagail 10, 13 agus 21 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1831 (3) ón gCoimisiún lena leasú chun ualaí riaracháin a laghdú agus cur chun feidhme na gclár sin a éascú.

(3)

Ar bhonn na taithí a fuarthas ó glacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1831, an sprioc-am a fhorchuirtear ar na Ballstáit conarthaí a thabhairt i gcrích chun cláir a chur chun feidhme in éineacht leis na heagraíochtaí tairisceana roghnaithe, d’fhéadfadh sé nach leor é chun an nós imeachta maidir le roghnú na gcomhlachtaí cur chun feidhme dá bhforáiltear in Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/1829 ón gCoimisiún (4) a chur i gcrích. Dá bhrí sin, is gá síneadh a chur leis an sprioc-am sin chun ligean do thairbhithe comhlachtaí a roghnú i gceart a bheidh freagrach as cláir shimplí a chur chun feidhme agus chun laghdú a dhéanamh ar an ngá atá le hiarraidh ar an gCoimisiún síniú conarthaí a údarú tar éis don sprioc-am dul in éag.

(4)

Chun cur chun feidhme na gclár le haghaidh tairbhithe cistiú ón Aontas a éascú, ba cheart uasráta an réamh-mhaoinithe trí réamhíocaíochtaí a mhéadú chun a áirithiú go gcumhdófar go leordhóthanach riachtanais maoinithe tosaigh, go háirithe le haghaidh tairbhithe a bhfuil acmhainn airgeadais theoranta acu, agus solúbthacht á coinneáil ag an am céanna maidir le cé acu a bhaintear nó nach mbaintear úsáid as na réamhíocaíochtaí sin agus a mhéid a bhaintear úsáid astu.

(5)

Chun an t-ualach riaracháin ar na Ballstáit a laghdú, ba cheart na hoibleagáidí maidir le fógra a thabhairt don Choimisiún i dtaca le cláir shimplí a laghdú agus ba cheart idirdhealú a dhéanamh, ar thaobh amháin, idir sonraí a bhaineann le forghníomhú airgeadais agus torthaí seiceálacha riaracháin agus seiceálacha ar an láthair agus, ar an taobh eile, sonraí a bhaineann le tionchar na gclár a ndéantar measúnú orthu. Na hoibleagáidí maidir le fógra a thabhairt a bhaineann le tionchar na gclár a ndéantar measúnú orthu, ba cheart iad a laghdú agus, ag an am céanna, fógra leordhóthanach a thabhairt don Choimisiún chun cláir a bhainistiú, agus ar an gcaoi sin an t-ualach riaracháin ar na Ballstáit a laghdú.

(6)

Mar sin féin, chun mearbhall a sheachaint mar gheall ar chur i bhfeidhm comhthreomhar rialacha éagsúla, níor cheart feidhm a bheith ag leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1831 maidir le cláir leanúnacha.

(7)

Ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1831 a leasú dá réir sin.

(8)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1831

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1831 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Déanfaidh na Ballstáit conarthaí a thabhairt i gcrích chun cláir a chur chun feidhme in éineacht leis na heagraíochtaí tairisceana roghnaithe tar éis seiceálacha a dhéanamh ar nós imeachta roghnúcháin na gcomhlachtaí cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 1144/2014 chun a áirithiú gur roghnaíodh na comhlachtaí cur chun feidhme de bhun an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/1829. Déanfaidh na Ballstáit na conarthaí sin a thabhairt i gcrích laistigh de 180 lá féilire tar éis fógra a thabhairt faoin ngníomh ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) Uimh.1144/2014. Tar éis an sprioc-ama sin, ní fhéadfar aon chonradh a thabhairt i gcrích gan údarú a fháil roimh ré ón gCoimisiún tar éis iarraidh chuí-réasúnaithe ón mBallstát a thíolacadh.’

;

(2)

in Airteagal 13, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Ní sháróidh réamhíocaíocht 30 % d’uasmhéid ranníocaíocht airgeadais an Aontais, dá dtagraítear in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1144/2014.’

;

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 21:

‘Airteagal 21

Fógraí a thabhairt don Choimisiún maidir le cláir shimplí

1.   Maidir leis na híocaíochtaí ar fad a dhéantar le haghaidh cláir shimplí, faoin 15 Iúil gach bliain, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi shonraí a chumhdaíonn an bhliain féilire roimhe sin agus a bhaineann leis an bhforghníomhú airgeadais agus le torthaí na seiceálacha riaracháin agus na seiceálacha ar an láthair a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagail 19 agus 20.

2.   Maidir le híocaíochtaí an iarmhéid a dhéantar le haghaidh cláir shimplí, faoin 15 Iúil den bhliain tar éis dheireadh chur chun feidhme an chláir, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún freisin faoi shonraí a chumhdaíonn fad iomlán an chláir agus a bhaineann le tionchar na gclár a ndéantar measúnú orthu agus úsáid á baint as an gcóras táscairí feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 22.

3.   Tabharfar na fógraí sin go leictreonach trí úsáid a bhaint as na sonraíochtaí teicniúla chun sonraí a chuirfidh an Coimisiún ar fáil a tharchur.’

.

Airteagal 2

Foráil idirthréimhseach

Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le conarthaí chun cláir shimplí dá dtagraítear in Airteagal 10(3) a chur chun feidhme arna dtabhairt i gcrích roimh an 1 Nollaig 2026.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Iúil 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 317, 4.11.2014, lch. 56, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/1144/oj.

(2)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Eoraip níos simplí agus níos tapúla: Teachtaireacht maidir le cur chun feidhme agus simpliú, COM/2025/47 final, 11.2.2025.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1831 ón gCoimisiún an 7 Deireadh Fómhair 2015 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1144/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta um sholáthar faisnéise agus bearta cur chun cinn a bhaineann le táirgí talmhaíochta (IOL 266, 13.10.2015, lch. 14, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2015/1831/oj).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/1829 ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1144/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta um sholáthar faisnéise agus bearta cur chun cinn a bhaineann le táirgí talmhaíochta a chuirtear chun feidhme sa mhargadh inmheánach agus i dtríú tíortha (IO L 266, 13.10.2015, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2015/1829/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1700/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top