Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026R1696

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1696 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2026 lena ndéantar formheas na substainte gníomhaí aigéad peileargónach a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún

C/2026/4793

IO L, 2026/1696, 15.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1696/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force., Date of effect: 04/08/2026

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1696/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1696

15.7.2026

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1696 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Iúil 2026

lena ndéantar formheas na substainte gníomhaí aigéad peileargónach a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 20(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 2008/127/CE ón gCoimisiún (2), cuimsíodh aigéad peileargónach mar shubstaint ghníomhach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (3).

(2)

Maidir leis na substaintí gníomhacha a áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE, meastar iad a bheith formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus liostaítear iad i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (4).

(3)

Formheas na substainte gníomhaí aigéad peileargónach, mar a leagtar amach i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, rachaidh sé in éag an 1 Nollaig 2026.

(4)

Cuireadh iarratas faoi bhráid na Gréige, an Ballstát is rapóirtéir, agus faoi bhráid na hOstaire, an Ballstát is comhrapóirtéir, chun formheas na substainte gníomhaí aigéad peileargónach a athnuachan, i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (5) agus laistigh den tréimhse ama dá bhforáiltear san Airteagal sin.

(5)

Chuir na hiarratasóirí na sainchomhaid fhorlíontacha faoi bhráid an Bhallstáit is rapóirtéir, an Bhallstáit is comhrapóirtéir, an Choimisiúin agus an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’). Mheas an Ballstát is rapóirtéir an t-iarratas a bheith inghlactha.

(6)

D’ullmhaigh an Ballstát is rapóirtéir dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan i gcomhairle leis an mBallstát is comhrapóirtéir agus chuir sé faoi bhráid an Údaráis agus an Choimisiúin í an 5 Bealtaine 2020. Ina dhréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan, mhol an Ballstát is rapóirtéir go ndéanfaí an formheas ar aigéad peileargónach a athnuachan.

(7)

Chuir an tÚdarás an sainchomhad achomair forlíontach ar fáil don phobal. Sheol an tÚdarás an dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan chuig na hiarratasóirí agus na Ballstáit freisin chun barúlacha a fháil uathu agus sheol sé comhairliúchán poiblí ina leith. Chuir an tÚdarás na barúlacha a fuarthas ar aghaidh chuig an gCoimisiún.

(8)

Chuir an tÚdarás an chonclúid uaidh (6) in iúl don Choimisiún an 29 Iúil 2021 agus an chonclúid nuashonraithe uaidh (7) an 16 Aibreán 2025, ar dá réir, agus na critéir formheasa a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 á gcur san áireamh, is féidir coinne a bheith leis go gcomhlíonfaidh táirgí cosanta plandaí ina bhfuil aigéad peileargónach na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Shainaithin an tÚdarás rioscaí i ndáil le screamhuisce, orgánaigh uisceacha, artrapóid nach spriocartrapóid iad lena n-áirítear beacha agus orgánaigh ithreach i gcás roinnt úsáidí ionadaíocha a ndearnadh meastóireacht orthu ach ní i gcás gach úsáide ionadaíche, ach níor shainaithin sé aon phríomhréimse imní.

(9)

Chuir an Coimisiún tuarascáil athnuachana agus dréacht den Rialachán seo faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha an 13 Deireadh Fómhair 2022 agus an 25 Eanáir 2023, faoi seach.

(10)

D’iarr an Coimisiún ar na hiarratasóirí a mbarúlacha a chur isteach maidir le conclúid an Údaráis agus, i gcomhréir le hAirteagal 14(1), an tríú fomhír, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012, maidir leis an tuarascáil athnuachana. Chuir na hiarratasóirí a mbarúlacha isteach, barúlacha a scrúdaíodh go cúramach agus a cuireadh san áireamh.

(11)

Maidir le húsáid ionadaíoch amháin nó níos mó a bhaintear as táirge cosanta plandaí amháin ar a laghad ina bhfuil an tsubstaint ghníomhach aigéad peileargónach, suíodh gur comhlíonadh na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(12)

Cé go bhfuil an measúnú riosca maidir le formheas na substainte gníomhaí aigéad peileargónach a athnuachan bunaithe ar líon teoranta úsáidí ionadaíocha, níl srian ar na húsáidí lena bhféadfar táirgí cosanta plandaí a bhfuil aigéad peileargónach iontu a údarú mar gheall air sin.

(13)

Dá bhrí sin, is iomchuí formheas aigéid pheileargónaigh a athnuachan.

(14)

I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 i gcomhar le hAirteagal 6 de agus i bhfianaise an eolais eolaíoch agus theicniúil reatha agus thoradh an mheasúnaithe riosca, is gá a cheangal ar na Ballstáit, agus táirgí cosanta plandaí ina bhfuil aigéad peileargónach á n-údarú acu, aird ar leith a thabhairt ar chosaint screamhuisce, orgánach uisceach, artrapóid nach spriocartrapóid iad, lena n-áirítear beacha agus orgánaigh ithreach, lena n-áirítear trí bhearta maolaithe a fhorchur más iomchuí, agus na dálaí agrai-éiceolaíocha áitiúla agus na módúlachtaí maidir le húsáid na dtáirgí cosanta plandaí á gcur san áireamh.

(15)

Liostaíodh aigéad peileargónach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 san iontráil chéanna le roinnt aigéad sailleach eile. Tar éis athnuachan an fhormheasa ar aigéad peileargónach, ba cheart an iontráil sin a mhodhnú chun aigéad peileargónach a bhaint, ar cheart é a liostú faoi iontráil shonrach.

(16)

Ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir.

(17)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2221 ón gCoimisiún (8) cuireadh síneadh le dáta éaga aigéid peileargónaigh go dtí an 1 Nollaig 2026 chun go bhféadfaí an próiseas athnuachana a chur i gcrích sula rachadh tréimhse formheasa na substainte gníomhaí sin in éag. Ós rud é go ndearnadh cinneadh maidir leis an athnuachan roimh dhul in éag na tréimhse formheasa sin ar cuireadh síneadh léi, áfach, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo tráth is luaithe ná an dáta sin.

(18)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairimón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Formheas na substainte gníomhaí a athnuachan

Déantar formheas na substainte gníomhaí aigéad peileargónach, mar a shonraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, a athnuachan, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm agus dáta cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Deireadh Fómhair 2026.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Iúil 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 309, 24.11.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1107/oj.

(2)  Treoir 2008/127/CE ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2008 lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle chun roinnt substaintí gníomhacha a chuimsiú (IO L 344, 20.12.2008, lch. 89, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/127/oj.

(3)  Treoir 91/414/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1991 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 230, 19.8.1991, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1991/414/oj).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an liosta de shubstaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1, ELI: https://data.europa.eu/eli/reg/2011/540/oj).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2012 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 252, 19.9.2012, lch. 26, ELI: https://data.europa.eu/eli/reg/2012/844/oj).

(6)  EFSA (An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia), 2021. Athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí ar an tsubstaint ghníomhach aigéad peileargónach (aigéad naonánóch); EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(8):6813, https://doi.org/10.2903/j.efsa.2021.6813.

(7)  EFSA (An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia), 2025. Athbhreithniú piaraí nuashonraithe ar an measúnú riosca lotnaidicídí ar an tsubstaint ghníomhach aigéad peileargónach (aigéad naonánóch); EFSA Journal [Iris EFSA] 2025;23(6):9408, https://doi.org/10.2903/j.efsa.2025.9408.

(8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2221 ón gCoimisiún an 6 Meán Fómhair 2024 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha aicéacuinicil, sileacáit alúmanaim, eimimeictin, aigéid shailleacha C7 go C20, peindémheatailin, olaí plandaí / ola ráibe agus tríchlóipir (IO L, 2024/2221, 9.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2221/oj).


IARSCRÍBHINN I

Gnáthainm,

Uimhreacha Aitheantais

Ainm IUPAC

Íonacht (1)

Dáta formheasa

Dul in éag an fhormheasa

Forálacha sonracha

Aigéad peileargónach

Uimh. CAS: 112-05-0

Uimh. CIPAC 888 Sa tuarascáil athnuachana soláthraítear mionsonraí breise maidir le haitheantas agus sonraíocht na substainte gníomhaí.

Aigéad naonánóch

≥ 889 g/kg

Cáilíocht an ghráid bia de réir shonraíocht E570 Aigéid shailleacha i Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún (2):

Iarmhar ar adhaint Nach mó ná 0,1 %

Ábhar neamh-inghallúnaithe Nach mó ná 1,5 %

Cion uisce Nach mó ná 0,2 % (modh Karl Fischer)

Arsanaic Nach mó ná 3 mg/kg

Luaidhe Nach mó ná 1 mg/kg

Mearcair Nach mó ná 1 mg/kg

Is ábhar imní ó thaobh na tocsaineolaíochta iad na heisíontais seo a leanas agus níor cheart iad a bheith níos mó na leibhéil seo a leanas san ábhar teicniúil:

Aigéad Heacsánóch

Aigéad Heaptánóch

Aigéad Ochtánóch

Teorainn: Suim na dtrí eisíontas < 50 g/kg

1 Deireadh Fómhair 2026

30 Meán Fómhair 2041

Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála athnuachana ar aigéad peileargónach, agus go háirithe Foscríbhinní I agus II a ghabhann léi.

Sa mheasúnú foriomlán seo, tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar na nithe seo a leanas:

cosaint screamhuisce, nuair a úsáidtear an tsubstaint i réigiúin ina dtarlaíonn uiscígh leochaileacha faoi ithreacha atá alcaileach den chuid is mó;

cosaint orgánach uisceach, cosaint artrapód nach spriocartrapóid iad, lena n-áirítear beacha agus orgánaigh ithreach.

Cuimseofar bearta maolaithe riosca sna coinníollacha úsáide i gcás inarb iomchuí.

(1)  Sa tuarascáil athnuachana soláthraítear mionsonraí breise maidir le haitheantas agus sonraíocht na substainte gníomhaí.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún an 9 Márta 2012 lena leagtar síos sonraíochtaí le haghaidh breiseáin bhia a liostaítear in Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 83, 22.3.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/231/oj).


IARSCRÍBHINN II

Leasaítear mar a leanas an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 540/2011 ón gCoimisiún:

(1)

i gcuid A, cuirtear an iontráil seo a leanas in ionad iontráil 230 maidir le haigéid shailleacha C7 go C20:

Uimh.

Gnáthainm,

Uimhreacha Aitheantais

Ainm IUPAC

Íonacht (1)

Dáta formheasa

Dul in éag an fhormheasa

Forálacha sonracha

‘230

Aigéid shailleacha C7 go C20

Uimh. CAS 67701-09-1 (Aigéid shailleacha C7-C18 agus salainn photaisiam neamhsháithithe C18)

124-07-2 (Aigéad Capraileach)

334-48-5 (Aigéad Caprach)

Uimh. CIPAC: gan aon uimhir sannta

Aigéad Capraileach, Aigéad Caprach (ISO i ngach cás)

Aigéad Ochtánóch, Aigéad Deacánóch (IUPAC i ngach cás)

≥ 838 g/kg aigéid shailleacha

1 Meán Fómhair 2009

1 Nollaig 2026

CUID A

Ní fhéadfar ach úsáidí mar fheithidicíd, acairicíd, agus luibhicíd agus rialaitheoir fáis plandaí a údarú.

CUID B

Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála maidir le hathbhreithniú i ndáil le haigéid shailleacha (SANCO/2610/2008), agus go háirithe Foscríbhinní I agus II di, arna dtabhairt chun críche sa Bhuanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe.

Cuimseofar ar na coinníollacha úsáide, i gcás inarb iomchuí, bearta maolaithe riosca.

(1)  Sa tuarascáil athnuachana soláthraítear mionsonraí breise maidir le haitheantas agus sonraíocht na substainte gníomhaí.’

(2)

i gCuid B, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas:

Uimh.

Gnáthainm,

Uimhreacha Aitheantais

Ainm IUPAC

Íonacht (2)

Dáta formheasa

Dul in éag an fhormheasa

Forálacha sonracha

‘181

Aigéad peileargónach

Uimh. CAS: 112-05-0

Uimh. CIPAC 888

Aigéad naonánóch

≥ 889 g/kg

Cáilíocht an ghráid bia de réir shonraíocht E570 Aigéid shailleacha i Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún (3)

Iarmhar ar adhaint: Nach mó ná 0,1 %

Ábhar neamh-inghallúnaithe: Nach mó ná 1,5 %

Cion uisce: Nach mó ná 0,2 % (modh Karl Fischer)

Arsanaic Nach mó ná 3 mg/kg

Luaidhe Nach mó ná 1 mg/kg

Mearcair Nach mó ná 1 mg/kg

Is ábhar imní ó thaobh na tocsaineolaíochta iad na heisíontais seo a leanas agus níor cheart iad a bheith níos mó na leibhéil seo a leanas san ábhar teicniúil:

Aigéad Heacsánóch

Aigéad Heaptánóch

Aigéad Ochtánóch

Teorainn: Suim na dtrí eisíontas < 50 g/kg

1 Deireadh Fómhair 2026

30 Meán Fómhair 2041

Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála athnuachana ar aigéad peileargónach, agus go háirithe Foscríbhinní I agus II a ghabhann léi.

Sa mheasúnú foriomlán seo, tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar na nithe seo a leanas:

cosaint screamhuisce, nuair a úsáidtear an tsubstaint i réigiúin ina dtarlaíonn uiscígh leochaileacha faoi ithreacha atá alcaileach den chuid is mó;

cosaint orgánach uisceach, cosaint artrapód nach spriocartrapóid iad, lena n-áirítear beacha agus orgánaigh ithreach.

Cuimseofar bearta maolaithe riosca sna coinníollacha úsáide i gcás inarb iomchuí.

(2)  Sa tuarascáil athnuachana soláthraítear mionsonraí breise maidir le haitheantas agus sonraíocht na substainte gníomhaí.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún an 9 Márta 2012 lena leagtar síos sonraíochtaí le haghaidh breiseáin bhia a liostaítear in Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 83, 22.3.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/231/oj).’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1696/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top