Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026R1332

Rialachán (AE) 2026/1332 ón gComhairle an 12 Meitheamh 2026 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/44 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia

ST/8305/2026/INIT

IO L, 2026/1332, 15.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/1332/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/1332/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1332

15.6.2026

RIALACHÁN (AE) 2026/1332 ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Meitheamh 2026

lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/44 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2026/1334 ón gComhairle an 15 Meitheamh 2026 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2015/1333 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia (1),

Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2016/44 ón gComhairle (2), tugtar éifeacht do bhearta dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2015/1333 ón gComhairle (3) a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia.

(2)

An 14 Aibreán 2026, ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (CSNA) Rún 2819 (2026), lenar tugadh isteach leasú ar chritéar liostaithe dóibh siúd atá faoi réir bearta sriantacha. Modhnaítear leis freisin raon feidhme na mbeart arna bhforchur ar Údarás Infheistíochta na Libia.

(3)

Tagann na leasuithe sin faoi raon feidhme an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus, dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais chun iad a chur chun feidhme, go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm é go haonfhoirmeach i ngach Ballstát.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2016/44 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) 2016/44 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Áireofar in Iarscríbhinn II na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na heintitis agus na comhlachtaí arna n-ainmniú ag an gComhairle Slándála nó ag an gCoiste Smachtbhannaí i gcomhréir le mír 22 de Rún 1970 (2011) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, mír 19, mír 22 nó mír 23 de Rún 1973 (2011) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, mír 4 de Rún 2174 (2014) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, mír 11 de Rún 2213 (2015) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, mír 11 de Rún 2362 (2017) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, mír 11 de Rún 2441 (2018) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, mír 18 de Rún 2769 (2025) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe nó mír 19 de Rún 2819 (2026) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.’

;

(2)

in Airteagal 11a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Tar éis don Bhallstát lena mbaineann fógra a thabhairt don Choiste Smachtbhannaí agus ar choinníoll gur fhormheas an Coiste Smachtbhannaí úsáid cúlchistí airgid reoite dá dtagraítear i mír 14 de Rún 2769 (2025) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, lena n-áirítear comhairliúchán le Rialtas na Libia, agus i mír 14 de Rún 2819 (2026) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, agus i gcomhréir leis na míreanna sin, údaróidh údaráis inniúla an Bhallstáit sin úsáid na gcúlchistí airgid reoite ar leis an eintiteas a liostaítear faoi iontráil uimhir 1 in Iarscríbhinn VI iad, lena n-infheistiú sna nithe seo a leanas go heisiach:

(a)

taiscí téarma ísealriosca le hinstitiúid airgeadais iomchuí arna roghnú ag an eintiteas a liostaítear faoi iontráil uimhir 1 in Iarscríbhinn VI agus atá lonnaithe sa Bhallstát ina bhfuil na cistí reoite, i gcás cúlchistí airgid reoite dá dtagraítear i “moladh 7.1” dá dtagraítear i Rún 2769 (2025) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe; nó

(b)

ionstraimí ioncaim sheasta, i gcás cúltaiscí airgid reoite dá dtagraítear i “moladh 7.2” dá dtagraítear i Rún 2769 (2025) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe;

i gcomhréir le formheas ón gCoiste Smachtbhannaí.’

;

(3)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 11b

1.   Tar éis don Bhallstát lena mbaineann fógra a thabhairt don Choiste Smachtbhannaí agus ar choinníoll gur fhormheas an Coiste Smachtbhannaí go n-aistreofaí cistí reoite nó acmhainní eacnamaíocha reoite, agus i gcomhréir le mír 15 de Rún 2819 (2026) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, údaróidh údaráis inniúla an Bhallstáit sin go n-aistreofaí cistí reoite nó acmhainní eacnamaíocha áirithe reoite ar leis an eintiteas a liostaítear faoi iontráil uimhir 1 in Iarscríbhinn VI iad, laistigh den dlínse chéanna, idir an banc coimeádta, nó an institiúid airgeadais atá ag gníomhú mar choimeádaí domhanda (nó aon fho-choimeádaí a ghníomhaíonn thar a gceann), agus banc coimeádta eile nó institiúid airgeadais eile (nó aon fho-choimeádaí a ghníomhaíonn thar a gceann), chun ról an choimeádaí dhomhanda a aistriú chuig an mbanc coimeádta nó institiúid airgeadais sin, ar choinníoll:

(a)

le linn an aistrithe agus ar an aistriú a thabhairt i gcrích, go gcaithfear leis na sócmhainní mar shócmhainní reoite agus go mbeidh siad faoi réir na mbeart arna bhforchur leis an Rialachán seo;

(b)

go ndéanfar an t-aistriú a fhorghníomhú ar bhealach a choinneoidh foirm agus luach na gcistí nó na n-acmhainní eacnamaíocha a bheidh á n-aistriú.

2.   An fógra dá dtagraítear i mír 1 ón mBallstát lena mbaineann chuig an gCoiste Smachtbhannaí, áireofar ann méid agus cineál na gcistí reoite nó na n-acmhainní eacnamaíocha reoite atá le haistriú, mar aon le céannacht na mbanc coimeádta reatha agus beartaithe, nó na n-institiúidí airgeadais atá ag gníomhú i gcáil coimeádaí.

3.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhír 1, laistigh de 2 sheachtain ón údarú.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 12 Meitheamh 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. KERAVNOS


(1)   IO L, 2026/1334, 15.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1334/oj.

(2)  Rialachán (AE) 2016/44 ón gComhairle an 18 Eanáir 2016 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 204/2011 (IO L 12, 19.1.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/44/oj).

(3)  Cinneadh (CBES) 2015/1333 ón gComhairle an 31 Iúil 2015 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2011/137/CBES (IO L 206, 1.8.2015, lch. 34, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2015/1333/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/1332/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top