This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026R1150
Commission Implementing Regulation (EU) 2026/1150 of 28 May 2026 concerning the renewal of the authorisation of neohesperidine dihydrochalcone as a feed additive for piglets, pigs for fattening, calves, sheep, food-producing finfish, ornamental finfish and dogs and repealing Implementing Regulation (EU) 2015/264
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1150 ón gCoimisiún an 28 Bealtaine 2026 maidir le húdarú déhidreacailceon neoiheispiridine mar bhreiseán beathaithe a athnuachan le haghaidh banbh, muca lena ramhrú, laonna, caorach, bia-éisc eite, éisc eite ornáideacha agus madraí agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/264
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1150 ón gCoimisiún an 28 Bealtaine 2026 maidir le húdarú déhidreacailceon neoiheispiridine mar bhreiseán beathaithe a athnuachan le haghaidh banbh, muca lena ramhrú, laonna, caorach, bia-éisc eite, éisc eite ornáideacha agus madraí agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/264
C/2026/3363
IO L, 2026/1150, 29.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1150/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1150 |
29.5.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1150 ÓN gCOIMISIÚN
an 28 Bealtaine 2026
maidir le húdarú déhidreacailceon neoiheispiridine mar bhreiseán beathaithe a athnuachan le haghaidh banbh, muca lena ramhrú, laonna, caorach, bia-éisc eite, éisc eite ornáideacha agus madraí agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/264
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis na forais agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú agus a athnuachan. |
|
(2) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/264 ón gCoimisiún (2), údaraíodh déhidreacailceon neoiheispiridine ar feadh 10 mbliana mar bhreiseán beathaithe le haghaidh banbh, muca lena ramhrú, laonna, caorach, éasc agus madraí. |
|
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh dhá iarratas isteach chun údarú déhidreacailceon neoiheispiridine a athnuachan le haghaidh banbh, muca lena ramhrú, laonna, caorach, bia-éisc eite, éisc eite ornáideacha agus madraí, iarratas inar iarradh go n-aicmeofaí an breiseán sin sa chatagóir breiseán ‘breiseáin chéadfacha’ agus san fheidhmghrúpa ‘comhdhúile blaistithe’. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 14(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis na hiarratais sin. |
|
(4) |
Tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ar an gconclúid sna tuairimí uaidh an 19 Márta 2025 (3) agus an 16 Meán Fómhair 2025 (4) gur sholáthair na hiarratasóirí fianaise go bhfuil déhidreacailceon neoiheispiridine fós sábháilte do na spriocspeicis, agus do thomhaltóirí agus don chomhshaol faoi na coinníollacha úsáide a údaraítear faoi láthair. Luaigh an tÚdarás freisin nach greannaitheoir craicinn ná súl é déhidreacailceon neoiheispiridine agus nach íogróir deirmeach é, ach gur dócha go dtarlóidh nochtadh trí ionanálú. Luaigh an tÚdarás nach n-áirítear san iarratas ar athnuachan an údaraithe togra maidir le coinníollacha an údaraithe bunaidh a leasú ná a fhorlíonadh, ar togra é a mbeadh tionchar aige ar éifeachtúlacht an bhreiseáin. Dá bhrí sin, tháinig sé ar an gconclúid freisin nach gá measúnú a dhéanamh ar éifeachtúlacht an bhreiseáin i gcomhthéacs na hathnuachana ar an údarú. Mheas an tÚdarás nach bhfuil gá le ceanglais shonracha maidir le faireachán iarmhargaidh. |
|
(5) |
Maidir leis na conclúidí agus na moltaí ar ar thángthas le linn an mheasúnaithe a rinneadh i ndáil leis an modh a úsáidtear chun anailís a dhéanamh ar dhéhidreacailceon neoiheispiridine mar bhreiseán beathaithe i gcomhthéacs an údaraithe roimhe seo, ba é meas na Saotharlainne Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 go bhfuil na conclúidí agus na moltaí sin bailí agus infheidhme maidir leis an iarratas atá ann faoi láthair. Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 5(4), pointe (c), de Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 ón gCoimisiún (5), níl gá le tuarascálacha meastóireachta ón tSaotharlann Tagartha. |
|
(6) |
I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún go gcomhlíonann déhidreacailceon neoiheispiridine na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart údarú an bhreiseáin sin a athnuachan. Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte úsáideoirí an bhreiseáin a chosc. Ba cheart na bearta cosanta sin a bheith gan dochar do cheanglais eile sábháilteachta oibrithe faoi dhlí an Aontais. |
|
(7) |
Mar thoradh ar údarú déhidreacailceon neoiheispiridine a athnuachan, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/264 a aisghairm. |
|
(8) |
Ós rud é gur modhnaíodh coinníollacha lipéadaithe áirithe a bhaineann leis na dálaí stórála agus leis an gcobhsaíocht agus, ina theannta sin, an tagairt do speicis áirithe ainmhithe, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse do na páirtithe leasmhara chun iad féin a ullmhú chun na ceanglais nua a eascraíonn as athnuachan an údaraithe a chomhlíonadh. |
|
(9) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Athnuachan an údaraithe
Maidir le húdarú na substainte a shonraítear san Iarscríbhinn, ar substaint í a bhaineann le catagóir na mbreiseán ‘breiseáin chéadfacha’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘comhdhúile blaistithe’, déantar é a athnuachan faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Aisghairm
Aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/264.
Airteagal 3
Bearta idirthréimhseacha
1. An breiseán beathaithe déhidreacailceon neoiheispiridine, mar a údaraítear é le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/264, agus réamh-mheascáin a bhfuil an breiseán sin iontu atá beartaithe lena n-úsáid le haghaidh banbh, muca lena ramhrú, laonna, caorach, bia-éisc eite, éisc eite ornáideacha agus madraí, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 18 Nollaig 2026 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 18 Meitheamh 2026, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic lena mbaineann ídithe.
2. Beatha chumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil an breiseán beathaithe dá dtagraítear i mír 1 iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 18 Meitheamh 2027 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 18 Meitheamh 2026, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic lena mbaineann ídithe i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh bia-ainmhithe.
3. Beatha chumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil an breiseán beathaithe dá dtagraítear i mír 1 iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 18 Meitheamh 2028 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 18 Meitheamh 2026, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic lena mbaineann ídithe i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh ainmhithe nach bia-ainmhithe iad.
Airteagal 4
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Bealtaine 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/264 ón gCoimisiún an 18 Feabhra 2015 maidir le húdarú déhidreacailceon neoiheispiridine mar bhreiseán beathaithe le haghaidh caorach, éasc, madraí, laonna agus catagóirí áirithe muc (IO L 45, 19.2.2015, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/264/oj).
(3) EFSA Journal [Iris EFSA] 2025;23:e9358, https://doi.org/10.2903/j.efsa.2025.9358.
(4) EFSA Journal [Iris EFSA] 2025;23:e9681, https://doi.org/10.2903/j.efsa.2025.9681.
(5) Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 ón gCoimisiún an 4 Márta 2005 maidir le rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le dualgais agus cúraimí Shaotharlann Tagartha an Chomhphobail maidir le hiarratais ar údaruithe breiseán beathaithe (IO L 59, 5.3.2005, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2005/378/oj).
IARSCRÍBHINN
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Ainm an bhreiseáin |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhíoch |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údarúcháin |
||||||||||||
|
mg de shubstaint ghníomhach/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
||||||||||||||||||||
|
Catagóir: Breiseáin chéadfacha. Feidhmghrúpa: Comhdhúile blaistithe |
||||||||||||||||||||
|
2b959 |
Déhidreacailceon neoiheispiridine |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Déhidreacailceon neoiheispiridine Foirm sholadach Eatánól ≤ 5 000 mg/kg Saintréithriú na substainte gníomhaí Déhidreacailceon neoiheispiridine C28H36O15 Uimh. CAS: 20702-77-6 Íonacht: íosmhéid 96 % (ar bhonn triomaithe) Arna tháirgeadh trí shintéis cheimiceach:
Modh anailíse (1) Maidir le déhidreacailceon neoiheispiridine sa bhreiseán beathaithe a chinneadh:
Maidir le déhidreacailceon neoiheispiridine i réamh-mheascáin agus i mbeatha chumaisc a chinneadh:
|
Bainbh |
— |
— |
35 |
|
an 18 Meitheamh 2036 |
||||||||||||
|
Muca lena ramhrú |
— |
— |
35 |
|||||||||||||||||
|
Laonna |
— |
— |
35 |
|||||||||||||||||
|
Caoirigh |
— |
— |
35 |
|||||||||||||||||
|
Bia-éisc eite |
— |
— |
35 |
|||||||||||||||||
|
Éisc eite ornáideacha |
— |
— |
35 |
|||||||||||||||||
|
Madraí |
— |
— |
35 |
|||||||||||||||||
|
(1) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ar shuíomh na Saotharlainne Tagartha ag an seoladh seo a leanas: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga. |
||||||||||||||||||||
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1150/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)