This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026R1146
Commission Implementing Regulation (EU) 2026/1146 of 28 May 2026 concerning the renewal of the authorisation of the preparations of Lactiplantibacillus plantarum DSM 18112, Lactiplantibacillus plantarum DSM 18113, Lactiplantibacillus plantarum DSM 18114, Lactiplantibacillus plantarum ATCC 55943, Lactiplantibacillus plantarum ATCC 55944, Lentilactobacillus buchneri ATCC PTA-2494 and Lentilactobacillus buchneri ATCC PTA-6138 as feed additives for all animal species, amending Implementing Regulation (EU) No 1065/2012 and repealing Implementing Regulation (EU) No 1113/2013
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1146 ón gCoimisiún an 28 Bealtaine 2026 maidir le hathnuachan údarú na n-ullmhóidí arb é atá iontu Lactiplantibacillus plantarum DSM 18112, Lactiplantibacillus plantarum DSM 18113, Lactiplantibacillus plantarum DSM 18114, Lactiplantibacillus plantarum ATCC 55943, Lactiplantibacillus plantarum ATCC 55944, Lentilactobacillus buchneri ATCC PTA-2494 agus Lentilactobacillus buchneri ATCC PTA-6138 mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch, lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1065/2012 agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1113/2013
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1146 ón gCoimisiún an 28 Bealtaine 2026 maidir le hathnuachan údarú na n-ullmhóidí arb é atá iontu Lactiplantibacillus plantarum DSM 18112, Lactiplantibacillus plantarum DSM 18113, Lactiplantibacillus plantarum DSM 18114, Lactiplantibacillus plantarum ATCC 55943, Lactiplantibacillus plantarum ATCC 55944, Lentilactobacillus buchneri ATCC PTA-2494 agus Lentilactobacillus buchneri ATCC PTA-6138 mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch, lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1065/2012 agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1113/2013
C/2026/3442
IO L, 2026/1146, 29.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1146/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1146 |
29.5.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1146 ÓN gCOIMISIÚN
an 28 Bealtaine 2026
maidir le hathnuachan údarú na n-ullmhóidí arb é atá iontu Lactiplantibacillus plantarum DSM 18112, Lactiplantibacillus plantarum DSM 18113, Lactiplantibacillus plantarum DSM 18114, Lactiplantibacillus plantarum ATCC 55943, Lactiplantibacillus plantarum ATCC 55944, Lentilactobacillus buchneri ATCC PTA-2494 agus Lentilactobacillus buchneri ATCC PTA-6138 mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch, lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1065/2012 agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1113/2013
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis na forais agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú agus a athnuachan. |
|
(2) |
Na hullmhóidí arb é atá iontu Lactiplantibacillus plantarum DSM 18112, Lactiplantibacillus plantarum DSM 18113, Lactiplantibacillus plantarum DSM 18114, Lactiplantibacillus plantarum ATCC 55943, Lactiplantibacillus plantarum ATCC 55944 (a sainaithníodh go tacsanomaíoch roimhe seo mar Lactobacillus plantarum DSM 18112, Lactobacillus plantarum DSM 18113, Lactobacillus plantarum DSM 18114, Lactobacillus plantarum ATCC 55943, Lactobacillus plantarum ATCC 55944), údaraíodh iad ar feadh tréimhse 10 mbliana mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1065/2012 ón gCoimsiún (2). |
|
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1113/2013 ón gCoimisiún (3) údaraíodh na hullmhóidí arb é atá iontu Lentilactobacillus buchneri ATCC PTA-2494 (a sainaithníodh roimhe seo mar Lactobacillus buchneri LN 4637/ATCC PTA-2494) agus Lentilactobacillus buchneri ATCC PTA-6138 (a sainaithníodh roimhe seo mar Lactobacillus buchneri LN 40177/ATCC PTA-6138) ar feadh tréimhse 10 mbliana mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch. |
|
(4) |
I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh seacht n-iarratas isteach chun údarú na n-ullmhóidí arb é atá iontu Lactiplantibacillus plantarum DSM 18112, Lactiplantibacillus plantarum DSM 18113, Lactiplantibacillus plantarum DSM 18114, Lactiplantibacillus plantarum ATCC 55943, Lactiplantibacillus plantarum ATCC 55944, Lentilactobacillus buchneri ATCC PTA-2494 agus Lentilactobacillus buchneri ATCC PTA-6138 mar bhreiseáin bheathaithe a athnuachan le haghaidh gach speicis ainmhíoch, iarratais inar iarradh go n-aicmeofaí na breiseáin sin i gcatagóir na mbreiseán ‘breiseáin theicneolaíocha’ agus san fheidhmghrúpa ‘breiseáin sadhlais’. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 14(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis na hiarratais sin. |
|
(5) |
Tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ar an gconclúid sna tuairimí uaidh an 15 Aibreán 2024 (4) , (5) agus an 17 Aibreán 2024 (6) , (7) , (8) , (9) , (10) go bhfuil na hullmhóidí arb é atá iontu Lactiplantibacillus plantarum DSM 18112, Lactiplantibacillus plantarum DSM 18113, Lactiplantibacillus plantarum DSM 18114, Lactiplantibacillus plantarum ATCC 55943, Lactiplantibacillus plantarum ATCC 55944, Lentilactobacillus buchneri ATCC PTA-2494 agus Lentilactobacillus buchneri ATCC PTA-6138 fós sábháilte do gach speiceas ainmhíoch, do thomhaltóirí agus don chomhshaol faoi na coinníollacha úsáide atá údaraithe faoi láthair. Tháinig sé ar an gconclúid freisin gur cheart a mheas gur íogróirí craicinn agus riospráide iad na breiseáin agus go bhfuil riosca ag gabháil le haon teagmháil dheirmeach nó riospráide. In éagmais sonraí, ní raibh an tÚdarás in ann teacht ar chonclúid maidir lena n-acmhainneacht a bheith ina ngreannaitheoirí súl. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin nach gá measúnú a dhéanamh ar éifeachtúlacht na mbreiseán ós rud é nach n-áirítear sna hiarratais ar athnuachan an údaraithe moladh maidir le coinníollacha an údaraithe bunaidh a leasú nó a fhorlíonadh, ar moladh é a mbeadh tionchar aige ar éifeachtúlacht na mbreiseán. Mar gheall ar an easpa sonraí maidir le héilliú miocróbach agus eisíontais, ní raibh an tÚdarás in ann teacht ar chonclúid maidir le saintréithiú iomlán na n-ullmhóidí arb é atá iontu Lactiplantibacillus plantarum DSM 18112, Lactiplantibacillus plantarum DSM 18113, Lactiplantibacillus plantarum DSM 18114, Lactiplantibacillus plantarum ATCC 55943, Lactiplantibacillus plantarum ATCC 55944, Lentilactobacillus buchneri ATCC PTA-2494 agus Lentilactobacillus buchneri ATCC PTA-6138. Sa tuairim uaidh ina dhiaidh sin an 24 Meitheamh 2025 (11), thuairiscigh an tÚdarás gur sholáthair an t-iarratasóir sonraí nua agus tháinig sé ar an gconclúid gur saintréith de chuid na mbreiseán iad an t-éilliú miocróbach (seachas i gcás Enterobacteriaceae) agus an íonacht cheimiceach, agus nár sainaithníodh aon ábhar imní maidir le sábháilteacht. |
|
(6) |
Na conclúidí agus na moltaí ar ar thángthas sa mheasúnú ar an modh anailíse ar na hullmhóidí arb é atá iontu Lactiplantibacillus plantarum DSM 18112, Lactiplantibacillus plantarum DSM 18113, Lactiplantibacillus plantarum DSM 18114, Lactiplantibacillus plantarum ATCC 55943, Lactiplantibacillus plantarum ATCC 55944, Lentilactobacillus buchneri ATCC PTA-2494 agus Lentilactobacillus buchneri ATCC PTA-6138 mar bhreiseáin bheathaithe i gcomhthéacs an údaraithe roimhe seo, mheas an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 go bhfuil siad bailí agus infheidhme maidir leis an iarratas atá ann faoi láthair. I gcomhréir le hAirteagal 5(4), pointe (c), de Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 ón gCoimisiún (12), níl gá le tuarascáil mheastóireachta ón tSaotharlann Tagartha dá bhrí sin. |
|
(7) |
I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún go gcomhlíonann na hullmhóidí arb é atá iontu Lactiplantibacillus plantarum DSM 18112, Lactiplantibacillus plantarum DSM 18113, Lactiplantibacillus plantarum DSM 18114, Lactiplantibacillus plantarum ATCC 55943, Lactiplantibacillus plantarum ATCC 55944, Lentilactobacillus buchneri ATCC PTA-2494 agus Lentilactobacillus buchneri ATCC PTA-6138 na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart údarú na mbreiseán sin a athnuachan. Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte úsáideoirí an bhreiseáin a chosc. Ba cheart na bearta cosanta sin a bheith gan dochar do cheanglais eile sábháilteachta oibrithe faoi dhlí an Aontais. |
|
(8) |
Mar thoradh ar athnuachan údarú na n-ullmhóidí arb é atá iontu Lactiplantibacillus plantarum DSM 18112, Lactiplantibacillus plantarum DSM 18113, Lactiplantibacillus plantarum DSM 18114, Lactiplantibacillus plantarum ATCC 55943, Lactiplantibacillus plantarum ATCC 55944, Lentilactobacillus buchneri ATCC PTA-2494 agus Lentilactobacillus buchneri ATCC PTA-6138 mar bhreiseáin bheathaithe, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1065/2012 a leasú agus ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1113/2013 a aisghairm. |
|
(9) |
Ós rud é nach bhfuil gá leis na modhnuithe ar na coinníollacha maidir le húdarú na n-ullmhóidí arb é atá iontu Lactiplantibacillus plantarum DSM 18112, Lactiplantibacillus plantarum DSM 18113, Lactiplantibacillus plantarum DSM 18114, Lactiplantibacillus plantarum ATCC 55943, Lactiplantibacillus plantarum ATCC 55944, Lentilactobacillus buchneri ATCC PTA-2494 agus Lentilactobacillus buchneri ATCC PTA-6138 a chur i bhfeidhm láithreach ar chúiseanna sábháilteachta, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse do na páirtithe leasmhara chun iad féin a ullmhú chun na ceanglais nua a eascraíonn as athnuachan an údaraithe a chomhlíonadh. |
|
(10) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Athnuachan an údaraithe
Maidir le húdarú na n-ullmhóidí a shonraítear san Iarscríbhinn, ar ullmhóidí iad a bhaineann le catagóir na mbreiseán ‘breiseáin theicneolaíocha’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘breiseáin sadhlais’, déantar é a athnuachan faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1065/2012
Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 1065/2012 mar a leanas:
|
(1) |
Sa teideal, scriostar na huimhreacha sealbhaithe ‘DSM 18112, DSM 18113, DSM 18114, ATCC 55943 agus ATCC 55944’. |
|
(2) |
San Iarscríbhinn, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach:
|
Airteagal 3
Aisghairm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1113/2013
Aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 1113/2013.
Airteagal 4
Bearta idirthréimhseacha
Na hullmhóidí arb é atá iontu Lactiplantibacillus plantarum DSM 18112, Lactiplantibacillus plantarum DSM 18113, Lactiplantibacillus plantarum DSM 18114, Lactiplantibacillus plantarum ATCC 55943, Lactiplantibacillus plantarum ATCC 55944, Lentilactobacillus buchneri ATCC PTA-2494 agus Lentilactobacillus buchneri ATCC PTA-6138 agus an bheatha a bhfuil siad inti, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 18 Meitheamh 2027 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 18 Meitheamh 2026, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic lena mbaineann ídithe.
Airteagal 5
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Bealtaine 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1065/2012 ón gCoimisiún an 13 Samhain 2012 maidir leis na hullmhóidí arb é atá iontu Lactobacillus plantarum (DSM 23375, CNCM I-3235, DSM 19457, DSM 16565, DSM 16568, LMG 21295, CNCM MA 18/5U, NCIMB 30094, VTT E-78076, ATCC PTSA-6139, DSM 18112, DSM 18113, DSM 18114, ATCC 55943 agus ATCC 55944) a údarú mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (IO L 314, 14.11.2012, lch. 15, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2012/1065/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1113/2013 ón gCoimisiún an 7 Samhain 2013 maidir le hullmhóidí arb é atá iontu Lactobacillus plantarum NCIMB 40027, Lactobacillus buchneri DSM 22501, Lactobacillus buchneri NCIMB 40788/CNCM I-4323, Lactobacillus buchneri LN 40177/ATCC PTA-6138, agus Lactobacillus buchneri LN 4637/ATCC PTA-2494 a údarú mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (IO L 298, 8.11.2013, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/1113/oj).
(4) EFSA Journal [Iris EFSA], 22(5), e8767. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2024.8767.
(5) EFSA Journal [Iris EFSA], 22(5), e8768. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2024.8768.
(6) EFSA Journal [Iris EFSA], 22(5), e8782. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2024.8782.
(7) EFSA Journal [Iris EFSA], 22(5), e8783. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2024.8783.
(8) EFSA Journal [Iris EFSA], 22(5), e8784. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2024.8784.
(9) EFSA Journal [Iris EFSA], 22(5), e8786. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2024.8786.
(10) EFSA Journal [Iris EFSA], 22(5), e8787. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2024.8787.
(11) EFSA Journal [Iris EFSA], 23(7), e9591. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2025.9591.
(12) Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 ón gCoimisiún an 4 Márta 2005 maidir le rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhm a mhéid a bhaineann le dualgais agus cúraimí Shaotharlann Tagartha an Chomhphobail maidir le hiarratais ar údaruithe breiseán beathaithe (IO L 59, 5.3.2005, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2005/378/oj).
IARSCRÍBHINN
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Ainm an bhreiseáin |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhíoch |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údarúcháin |
||||||||||||
|
ADC/kg d’ábhar úr |
||||||||||||||||||||
|
Catagóir: breiseáin theicneolaíocha. Feidhmghrúpa: breiseáin sadhlais |
||||||||||||||||||||
|
1k20726 |
Lactiplantibacillus plantarum DSM 18112 |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Ullmhóid arb é atá inti Lactiplantibacillus plantarum DSM 18112 ina bhfuil íosmhéid 1 × 1010 CFU/g de bhreiseán Foirm sholadachSaintréithriú na substainte gníomhaí Cealla inmharthana Lactiplantibacillus plantarum DSM 18112 Modh anailíse (1) Áireamh Levilactobacillus brevis DSM 18112 sa bhreiseán beathaithe:
Sainaithint Lactiplantibacillus plantarum DSM 18112:
|
Gach speiceas ainmhíoch |
- |
- |
- |
|
an 18 Meitheamh 2036 |
||||||||||||
|
(1) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ar shuíomh na Saotharlainne Tagartha ag an seoladh seo a leanas: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga. (2) Foráiste atá éasca a shadhlasú: > 3 % carbaihiodráití intuaslagtha in ábhar úr i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 429/2008 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2008 maidir le rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le hiarratais a ullmhú agus leis an méid atá le cur i láthair sna hiarratais agus a mhéid a bhaineann le measúnú a dhéanamh ar bhreiseáin bheathaithe agus na breiseáin sin a údarú (IO L 133, 22.5.2008, lch. 1, http://data.europa.eu/eli/reg/2008/429/oj). |
||||||||||||||||||||
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Ainm an bhreiseáin |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhíoch |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údarúcháin |
||||||||||||
|
ADC/kg d’ábhar úr |
||||||||||||||||||||
|
Catagóir: breiseáin theicneolaíocha. Feidhmghrúpa: breiseáin sadhlais |
||||||||||||||||||||
|
1k20727 |
Lactiplantibacillus plantarum DSM 18113 |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Ullmhóid arb é atá inti Lactiplantibacillus plantarum DSM 18113 ina bhfuil íosmhéid 1 × 1010 ADC/g de bhreiseán Foirm sholadach Saintréithriú na substainte gníomhaí Cealla inmharthana Lactiplantibacillus plantarum DSM 18113 Modh anailíse (3) Áireamh Levilactobacillus brevis DSM 18113 sa bhreiseán beathaithe:
Sainaithint Lactiplantibacillus plantarum DSM 18113:
|
Gach speiceas ainmhíoch |
- |
- |
- |
|
an 18 Meitheamh 2036 |
||||||||||||
|
(3) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ar shuíomh na Saotharlainne Tagartha ag an seoladh seo a leanas: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga. (4) Foráiste atá éasca a shadhlasú: > 3 % carbaihiodráití intuaslagtha in ábhar úr i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 429/2008 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2008 maidir le rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le hiarratais a ullmhú agus leis an méid atá le cur i láthair sna hiarratais agus a mhéid a bhaineann le measúnú a dhéanamh ar bhreiseáin bheathaithe agus na breiseáin sin a údarú (IO L 133, 22.5.2008, lch. 1, http://data.europa.eu/eli/reg/2008/429/oj). |
||||||||||||||||||||
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Ainm an bhreiseáin |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhíoch |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údarúcháin |
||||||||||||
|
ADC/kg d’ábhar úr |
||||||||||||||||||||
|
Catagóir: breiseáin theicneolaíocha. Feidhmghrúpa: breiseáin sadhlais |
||||||||||||||||||||
|
1k20728 |
Lactiplantibacillus plantarum DSM 18114 |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Ullmhóid arb é atá inti Lactiplantibacillus plantarum DSM 18114 ina bhfuil íosmhéid 1 × 1010 ADC/g de bhreiseán Foirm sholadach Saintréithriú na substainte gníomhaí Cealla inmharthana Lactiplantibacillus plantarum DSM 18114 Modh anailíse (5) Áireamh Levilactobacillus brevis DSM 18114 sa bhreiseán beathaithe:
Sainaithint Lactiplantibacillus plantarum DSM 18114:
|
Gach speiceas ainmhíoch |
- |
- |
- |
|
an 18 Meitheamh 2036 |
||||||||||||
|
(5) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ar shuíomh na Saotharlainne Tagartha ag an seoladh seo a leanas: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga. (6) Foráiste atá éasca a shadhlasú: > 3 % carbaihiodráití intuaslagtha in ábhar úr i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 429/2008 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2008 maidir le rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le hiarratais a ullmhú agus leis an méid atá le cur i láthair sna hiarratais agus a mhéid a bhaineann le measúnú a dhéanamh ar bhreiseáin bheathaithe agus na breiseáin sin a údarú (IO L 133, 22.5.2008, lch. 1, http://data.europa.eu/eli/reg/2008/429/oj). |
||||||||||||||||||||
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Ainm an bhreiseáin |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhíoch |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údarúcháin |
||||||||||||
|
ADC/kg d’ábhar úr |
||||||||||||||||||||
|
Catagóir: breiseáin theicneolaíocha. Feidhmghrúpa: breiseáin sadhlais |
||||||||||||||||||||
|
1k20729 |
Lactiplantibacillus plantarum ATCC 55943 |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Ullmhóid arb é atá inti Lactiplantibacillus plantarum DSM 55943 ina bhfuil íosmhéid 1 × 1010 ADC/g de bhreiseán Foirm sholadach Saintréithriú na substainte gníomhaí Cealla inmharthana Lactiplantibacillus plantarum ATCC 55943 Modh anailíse (7) Áireamh Levilactobacillus brevis ATCC 55943 sa bhreiseán beathaithe:
Sainaithint Lactiplantibacillus plantarum ATCC 55943:
|
Gach speiceas ainmhíoch |
- |
- |
- |
|
an 18 Meitheamh 2036 |
||||||||||||
|
(7) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ar shuíomh na Saotharlainne Tagartha ag an seoladh seo a leanas: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga. (8) Foráiste atá éasca a shadhlasú: > 3 % carbaihiodráití intuaslagtha in ábhar úr i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 429/2008 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2008 maidir le rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le hiarratais a ullmhú agus leis an méid atá le cur i láthair sna hiarratais agus a mhéid a bhaineann le measúnú a dhéanamh ar bhreiseáin bheathaithe agus na breiseáin sin a údarú (IO L 133, 22.5.2008, lch. 1, http://data.europa.eu/eli/reg/2008/429/oj). |
||||||||||||||||||||
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Ainm an bhreiseáin |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhíoch |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údarúcháin |
||||||||||||
|
ADC/kg d’ábhar úr |
||||||||||||||||||||
|
Catagóir: breiseáin theicneolaíocha. Feidhmghrúpa: breiseáin sadhlais |
||||||||||||||||||||
|
1k20730 |
Lactiplantibacillus plantarum ATCC 55944 |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Ullmhóid arb é atá inti Lactiplantibacillus plantarum DSM 55944 ina bhfuil íosmhéid 1 × 1010 ADC/g de bhreiseán Foirm sholadach Saintréithriú na substainte gníomhaí Cealla inmharthana Lactiplantibacillus plantarum ATCC 55944 Modh anailíse (9) Áireamh Lactiplantibacillus plantarum ATCC 55944 sa bhreiseán beathaithe:
Sainaithint Lactiplantibacillus plantarum ATCC 55944:
|
Gach speiceas ainmhíoch |
- |
- |
- |
|
an 18 Meitheamh 2036 |
||||||||||||
|
(9) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ar shuíomh na Saotharlainne Tagartha ag an seoladh seo a leanas: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga. (10) Foráiste atá éasca a shadhlasú: > 3 % carbaihiodráití intuaslagtha in ábhar úr i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 429/2008 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2008 maidir le rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le hiarratais a ullmhú agus leis an méid atá le cur i láthair sna hiarratais agus a mhéid a bhaineann le measúnú a dhéanamh ar bhreiseáin bheathaithe agus na breiseáin sin a údarú (IO L 133, 22.5.2008, lch. 1, http://data.europa.eu/eli/reg/2008/429/oj). |
||||||||||||||||||||
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Ainm an bhreiseáin |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhíoch |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údarúcháin |
||||||||||||
|
ADC/kg d’ábhar úr |
||||||||||||||||||||
|
Catagóir: breiseáin theicneolaíocha. Feidhmghrúpa: breiseáin sadhlais |
||||||||||||||||||||
|
1k20741 |
Lentilactobacillus buchneri ATCC PTA-2494 |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Ullmhóid arb é atá inti Lentilactobacillus buchneri ATCC PTA-2494 ina bhfuil íosmhéid 1 × 1010CADC/g de bhreiseán Foirm sholadach Saintréithriú na substainte gníomhaí Cealla inmharthana Lentilactobacillus buchneri ATCC PTA-2494 Modh anailíse (11) Áireamh Lactiplantibacillus buchneri ATCC PTA-2494 sa bhreiseán beathaithe:
Sainaithint Lentilactobacillus buchneri ATCC PTA-2494:
|
Gach speiceas ainmhíoch |
- |
- |
- |
|
an 18 Meitheamh 2036 |
||||||||||||
|
(11) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ar shuíomh na Saotharlainne Tagartha ag an seoladh seo a leanas: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga. (12) Foráiste atá éasca a shadhlasú: > 3 % carbaihiodráití intuaslagtha in ábhar úr i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 429/2008 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2008 maidir le rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le hiarratais a ullmhú agus leis an méid atá le cur i láthair sna hiarratais agus a mhéid a bhaineann le measúnú a dhéanamh ar bhreiseáin bheathaithe agus na breiseáin sin a údarú (IO L 133, 22.5.2008, lch. 1, http://data.europa.eu/eli/reg/2008/429/oj). |
||||||||||||||||||||
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Ainm an bhreiseáin |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhíoch |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údarúcháin |
||||||||||||
|
ADC/kg d’ábhar úr |
||||||||||||||||||||
|
Catagóir: breiseáin theicneolaíocha. Feidhmghrúpa: breiseáin sadhlais |
||||||||||||||||||||
|
1k20740 |
Lentilactobacillus buchneri ATCC PTA-6138 |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Ullmhóid arb é atá inti Lentilactobacillus buchneri ATCC PTA-6138 ina bhfuil íosmhéid 1 × 1010ADC/g de bhreiseán Foirm sholadach Saintréithriú na substainte gníomhaí Cealla inmharthana Lentilactobacillus buchneri ATCC PTA-6138 Modh anailíse (13) Áireamh Lactiplantibacillus buchneri ATCC PTA-6138 sa bhreiseán beathaithe:
Sainaithint Lentilactobacillus buchneri ATCC PTA-6138:
|
Gach speiceas ainmhíoch |
- |
- |
- |
|
an 18 Meitheamh 2036 |
||||||||||||
|
(13) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ar shuíomh na Saotharlainne Tagartha ag an seoladh seo a leanas: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga (14) Foráiste atá éasca a shadhlasú: > 3 % carbaihiodráití intuaslagtha in ábhar úr i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 429/2008 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2008 maidir le rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le hiarratais a ullmhú agus leis an méid atá le cur i láthair sna hiarratais agus a mhéid a bhaineann le measúnú a dhéanamh ar bhreiseáin bheathaithe agus na breiseáin sin a údarú (IO L 133, 22.5.2008, lch. 1, http://data.europa.eu/eli/reg/2008/429/oj). |
||||||||||||||||||||
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1146/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)