This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026R0872
Commission Delegated Regulation (EU) 2026/872 of 21 April 2026 supplementing Regulation (EU) 2024/3005 of the European Parliament and of the Council with regard to regulatory technical standards specifying the measures and safeguards to be implemented by ESG rating providers to separate their ESG rating activities from their other activities
Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/872 ón gCoimisiún an 21 Aibreán 2026 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2024/3005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na bearta agus na coimircí atá le cur chun feidhme ag soláthraithe rátálacha ESG chun a ngníomhaíochtaí rátála ESG a dheighilt óna ngníomhaíochtaí eile
Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/872 ón gCoimisiún an 21 Aibreán 2026 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2024/3005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na bearta agus na coimircí atá le cur chun feidhme ag soláthraithe rátálacha ESG chun a ngníomhaíochtaí rátála ESG a dheighilt óna ngníomhaíochtaí eile
C/2026/2495
IO L, 2026/872, 28.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/872/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/872 |
28.7.2026 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2026/872 ÓN gCOIMISIÚN
an 21 Aibreán 2026
lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2024/3005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na bearta agus na coimircí atá le cur chun feidhme ag soláthraithe rátálacha ESG chun a ngníomhaíochtaí rátála ESG a dheighilt óna ngníomhaíochtaí eile
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/3005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2024 maidir le trédhearcacht agus sláine gníomhaíochtaí rátála Comhshaoil, Sóisialta agus Rialachais (ESG), agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2019/2088 agus (AE) 2023/2859 (1), agus go háirithe Airteagal 16(5), an tríú fomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Chun nach gcruthófar coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh teacht chun cinn i gcás ina raibh fostaithe an tsoláthraí rátálacha ESG a bhfuil baint dhíreach acu le próiseas measúnaithe míreanna rátáilte le bheith rannpháirteach in aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 16(1), pointí (c), (d), nó (f), de Rialachán (AE) 2024/3005, ba cheart do sholáthraithe rátálacha Comhshaoil, Sóisialta agus Rialachais (ESG) a áirithiú go bhfuil róil agus freagrachtaí atá sainithe go soiléir ag an bhfoireann chriticiúil sin agus go sanntar í do struchtúir ar leith laistigh den soláthraí rátálacha ESG. Chun sreabhadh neamhbheartaithe faisnéise íogaire laistigh de struchtúir nó réimsí gnó agus gníomhaíochtaí éagsúla a chosc, ba cheart do na soláthraithe rátálacha ESG sin bearta deighilte fisiceacha a chur i bhfeidhm freisin, lena n-áirítear spásanna oibre tiomnaithe a shannadh d’anailísithe rátála, i gcás na foirne sin, chun iad a dheighilt go fisiceach ó fhostaithe an tsoláthraí rátálacha ESG a bhfuil baint acu le haon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 16(1), de Rialachán (AE) 2024/3005. |
|
(2) |
Ar an gcúis chéanna, na soláthraithe rátálacha ESG sin atá ag gabháil cheana féin do sheirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta, do ghníomhaíochtaí institiúidí creidmheasa nó do ghníomhaíochtaí árachais nó athárachais, nó na soláthraithe rátálacha ESG sin a bhfuil sé beartaithe acu gabháil do na seirbhísí agus gníomhaíochtaí sin, ba cheart bearta breise a bheith i bhfeidhm acu i bhfoirm rialuithe slándála faisnéise agus rialuithe a bhaineann le líonraí, beartais agus nósanna imeachta inmheánacha, oiliúint, bearta conarthacha agus seiceálacha faireacháin ar chomhlíonadh, lena n-áirítear athbhreithniú a dhéanamh ar chumarsáid fostaithe a bhfuil baint acu leis an bpróiseas measúnaithe ar mhír rátáilte. |
|
(3) |
Chun coinbhleachtaí leasa iarbhír nó féideartha a shainaithint, ba cheart coimircí breise a bheith i bhfeidhm ag soláthraí rátálacha ESG a bhfuil sé beartaithe aige tagarmharcanna a sholáthar tríd an eintiteas dlítheanach céanna, ar coimircí iad a bhaineann le luach saothair agus socruithe cúitimh fostaithe nó daoine eile a bhfuil baint dhíreach acu leis an bpróiseas measúnaithe, le rátálacha ESG a tháirgeadh agus a thairiscint, agus le socruithe réamhchonarthacha. |
|
(4) |
Ós rud é go bhforlíontar Rialachán (AE) 2024/3005 leis an Rialachán seo, a bhfuil feidhm aige ón 2 Iúil 2026, is iomchuí dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar go dtí an dáta sin. |
|
(5) |
Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) faoi bhráid an Choimisiúin. |
|
(6) |
Reáchtáil ESMA comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, agus rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí gaolmhara féideartha agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Bearta agus coimircí atá le déanamh ag soláthraithe rátálacha ESG a sholáthraíonn aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 16(1) de Rialachán (AE) 2024/3005, nó a bhfuil sé beartaithe acu aon cheann de na gníomhaíochtaí sin a sholáthar
Soláthraithe rátálacha Comhshaoil, Sóisialta agus Rialachais (ESG) a sholáthraíonn aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 16(1) de Rialachán (AE) 2024/3005, nó a bhfuil sé beartaithe acu aon cheann de na gníomhaíochtaí sin a sholáthar, déanfaidh siad an méid seo a leanas:
|
(a) |
nósanna imeachta cinnteoireachta agus struchtúir eagraíochtúla a bheith i bhfeidhm acu, le línte tuairiscithe sonracha agus leithdháileadh sonrach feidhmeanna agus freagrachtaí, lena n-áirithítear nach bhfuil baint ag fostaithe a bhfuil baint dhíreach acu le próiseas measúnaithe míre rátáilte le haon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 16(1) de Rialachán (AE) 2024/3005; |
|
(b) |
bearta deighilte fisicí a chur chun feidhme le haghaidh fostaithe agus daoine eile a bhfuil baint dhíreach acu leis an bpróiseas measúnaithe ar mhír rátáilte agus le haghaidh baill foirne a sholáthraíonn aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 16(1) de Rialachán (AE) 2024/3005 ar bhealach lena gcosnaítear neamhspleáchas agus neamhchlaontacht fostaithe agus daoine eile a bhfuil baint dhíreach acu leis an bpróiseas measúnaithe ar mhír rátáilte; |
|
(c) |
a áirithiú go gcuirfidh fostaithe agus daoine eile a bhfuil baint dhíreach acu le próiseas measúnaithe míre rátáilte féindearbhú isteach uair amháin gach 12 mhí ina luaitear nach bhfuil baint acu le haon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 16(1) de Rialachán (AE) 2024/3005 a sholáthar. |
Airteagal 2
Bearta agus coimircí i ndáil leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 16(1), pointí (d) agus (f), de Rialachán (AE) 2024/3005
1. Agus iad rannpháirteach sna gníomhaíochtaí a liostaítear in Airteagal 16(1), pointí (d) nó (f), de Rialachán (AE) 2024/3005, cuirfidh soláthraithe rátálacha ESG na bearta agus na coimircí seo a leanas chun feidhme:
|
(a) |
rialuithe digiteacha lena bhforáiltear do rochtain rólbhunaithe; |
|
(b) |
rialuithe faisnéise lena gcumasaítear modhanna marcála uisce agus leibhéil aicmithe sonraí; |
|
(c) |
beartais agus nósanna imeachta chun faisnéis rúnda a bhainistiú; |
|
(d) |
oiliúint thráthrialta d’fhostaithe maidir leis an tábhacht a bhaineann le bacainní faisnéise; |
|
(e) |
oibleagáidí conarthacha lena gceanglaítear ar fhostaithe beartais inmheánacha a chomhlíonadh ar feadh a bhfostaíochta; |
|
(f) |
gníomhaíochtaí faireacháin ar chomhlíonadh chun coinbhleachtaí leasa a shainaithint. |
2. Déanfaidh soláthraithe rátálacha ESG dá dtagraítear i mír 1 measúnú uair amháin gach 24 mhí ar a laghad maidir le cé acu atá nó nach bhfuil na bearta agus na coimircí a chuirtear chun feidhme de bhun mhír 1 leormhaith chun críocha Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2024/3005. I gcás ina gcinnfear leis an measúnú sin nach bhfuil na bearta agus na coimircí leormhaith, déanfaidh an comhlacht bainistíochta formhaoirseacht ar chur chun feidhme gníomhaíochtaí ceartaitheacha.
Airteagal 3
Bearta sonracha breise atá le déanamh ag soláthraithe rátálacha ESG a sholáthraíonn gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 16(3), pointe (c), de Rialachán (AE) 2024/3005, nó a bhfuil sé beartaithe acu iad a sholáthar
Maidir le soláthraithe rátálacha ESG atá údaraithe ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí i gcomhréir le hAirteagal 16(3) de Rialachán (AE) 2024/3005 chun tagarmharcanna a sholáthar, déanfaidh siad, sa bhreis ar na bearta agus na coimircí a leagtar síos in Airteagal 2, gach ceann díobh seo a leanas a chur chun feidhme:
|
(a) |
bearta chun a áirithiú nach ndéanfaidh coinbhleachtaí iarbhír nó féideartha leasa a eascraíonn as rannpháirtíocht an tsoláthraí rátálacha ESG i ngníomhaíocht sholáthar na dtagarmharcanna difear do na socruithe cúitimh agus meastóireachta feidhmíochta is infheidhme maidir le fostaithe agus daoine eile a bhfuil baint dhíreach acu le próiseas measúnaithe míre rátáilte; |
|
(b) |
socruithe chun a áirithiú nach mbeidh táirgeadh agus tairiscint rátálacha ESG ag brath ar úsáid mheicníoch a bhaint as comhpháirteanna nó aschur tagarmhairc arb é an soláthraí rátálacha ESG an riarthóir ina leith; |
|
(c) |
measúnú doiciméadaithe ar aon choinbhleacht iarbhír nó fhéideartha leasa sula ndéanfaidh an soláthraí rátálacha ESG conradh chun seirbhísí a sholáthar le haghaidh aon cheann díobh seo a leanas:
|
Airteagal 4
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 2 Iúil 2026.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Aibreán 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L, 2024/3005, 12.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/3005/oj.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1095/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/872/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)