Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026R0870

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/870 ón gCoimisiún an 21 Aibreán 2026 lena ndéantar formheas na substainte gníomhaí ola phairifín (CAS 8042-47-5) a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún

C/2026/2504

IO L, 2026/870, 22.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/870/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/870/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/870

22.4.2026

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/870 ÓN gCOIMISIÚN

an 21 Aibreán 2026

lena ndéantar formheas na substainte gníomhaí ola phairifín (CAS 8042-47-5) a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 20(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 2009/117/CE ón gComhairle (2) cuimsíodh ola phairifín (CAS 8042-47-5) mar shubstaint ghníomhach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (3).

(2)

Maidir leis na substaintí gníomhacha a áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE, meastar iad a bheith formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus liostaítear iad i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (4).

(3)

Formheas na substainte gníomhaí ola phairifín (CAS 8042-47-5), mar a leagtar amach i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, rachaidh sé in éag an 30 Samhain 2026.

(4)

Cuireadh iarratas faoi bhráid na Gréige, an Ballstát is rapóirtéir, agus faoi bhráid na Fraince, an Ballstát is comhrapóirtéir, ar fhormheas na substainte gníomhaí ola phairifín (CAS 8042-47-5) a athnuachan, i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (5) agus laistigh den tréimhse ama dá bhforáiltear san Airteagal sin.

(5)

Chuir an t-iarratasóir an sainchomhad forlíontach is gá faoi bhráid an Bhallstáit is rapóirtéir, an Bhallstáit is comhrapóirtéir, an Choimisiúin agus an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012. Chinn an Ballstát is rapóirtéir an t-iarratas a bheith inghlactha.

(6)

D’ullmhaigh an Ballstát is rapóirtéir dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan i gcomhairle leis an mBallstát is comhrapóirtéir agus chuir sé faoi bhráid an Údaráis agus an Choimisiúin í an 1 Feabhra 2021. Ina dhréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan, mhol an Ballstát is rapóirtéir go ndéanfaí formheas ola pairifín (CAS 8042-47-5) a athnuachan.

(7)

Chuir an tÚdarás an sainchomhad achomair forlíontach ar fáil don phobal. Scaip an tÚdarás an dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan ar an iarratasóir agus ar na Ballstáit freisin chun barúlacha a fháil uathu agus sheol sé comhairliúchán poiblí ina leith. Chuir an tÚdarás na barúlacha a fuarthas ar aghaidh chuig an gCoimisiún.

(8)

An 1 Iúil 2024 chuir an tÚdarás an chonclúid uaidh in iúl don Choimisiún. Cuireadh leagan cothrom le dáta den chonclúid sin in iúl an 17 Meitheamh 2025 (6). Agus na critéir formheasa a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 á gcur san áireamh, léirigh an tÚdarás gur féidir coinne a bheith leis go gcomhlíonfaidh táirgí cosanta plandaí ina bhfuil ola phairifín (CAS 8042-47-5) na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(9)

Chuir an Coimisiún tuarascáil athnuachana faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha an 1 Deireadh Fómhair 2025, agus chuir sé dréacht den Rialachán seo faoina bhráid an 20 Eanáir 2026.

(10)

D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir a bharúlacha a chur isteach maidir leis an gconclúid ón Údarás agus, i gcomhréir le hAirteagal 14(1), an tríú fomhír, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012, maidir leis an tuarascáil athnuachana. Chuir an t-iarratasóir a bharúlacha isteach, rinneadh scrúdú cúramach orthu agus cuireadh san áireamh iad.

(11)

Maidir le húsáid ionadaíoch amháin nó níos mó a bhaintear as táirge cosanta plandaí amháin ar a laghad ina bhfuil an tsubstaint ghníomhach ola phairifín (CAS 8042-47-5), tá sé suite go gcomhlíontar na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(12)

Tá an measúnú riosca maidir le formheas na substainte gníomhaí ola phairifín (CAS 8042-47-5) a athnuachan bunaithe ar líon teoranta úsáidí ionadaíocha, ach mar sin féin níl srian ar na húsáidí lena bhféadfar táirgí cosanta plandaí a bhfuil ola phairifín (CAS 8042-47-5) iontu a údarú. Dá bhrí sin, is iomchuí gan srian maidir lena húsáid mar fheithidicíd agus mar acairicíd a choinneáil ar bun.

(13)

I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 i gcomhar le hAirteagal 6 de agus i bhfianaise an eolais eolaíoch agus theicniúil reatha agus i bhfianaise thoradh an mheasúnaithe riosca, is gá, mar sin féin, foráil a dhéanamh maidir le coinníollacha áirithe. Is iomchuí, go háirithe, tuilleadh faisnéise deimhniúcháin a cheangal maidir le cion na hidreacarbón il-timthriallach aramatach (HIAnna) eisíontais, chun aghaidh a thabhairt ar na forbairtí teicniúla nua maidir leis an teorainn le haghaidh HIAnna sa Pharmacopoeia Eorpach agus chun muinín a mhéadú sa chonclúid go bhfuil an nochtadh féideartha ó HIA íseal agus nach bhfuil aon chomhartha ann go bhfuil imní ar thomhaltóirí.

(14)

Ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir.

(15)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 787/2025 ón gCoimisiún (7) cuireadh síneadh le tréimhse formheasa ola pairifín (CAS 8042-47-5) go dtí an 30 Samhain 2026 chun go bhféadfaí an próiseas athnuachana a chur i gcrích sula rachadh tréimhse formheasa na substainte gníomhaí sin in éag. Ós rud é go ndearnadh cinneadh maidir leis an athnuachan roimh dhul in éag na tréimhse formheasa sin ar cuireadh síneadh léi, áfach, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo tráth is luaithe ná an dáta sin.

(16)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Formheas na substainte gníomhaí a athnuachan

Déantar formheas na substainte gníomhaí ola phairifín (CAS 8042-47-5), mar a shonraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, a athnuachan faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm agus dáta cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2026.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Aibreán 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 309, 24.11.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1107/oj.

(2)  Treoir 2009/117/CE ón gComhairle an 25 Meitheamh 2009 lena leasaítear Treoir 91/414/CEE chun ola phairifín Uimh. CAS 8042-47-5 a chuimsiú mar shubstaint ghníomhach (IO L 237, 9.9.2009, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/117/oj).

(3)  Treoir 91/414/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1991 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 230, 19.8.1991, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1991/414/oj).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an liosta de shubstaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2011/540/oj).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2012 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 252, 19.9.2012, lch. 26, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2012/844/oj).

(6)  ‘Conclúid maidir leis an athbhreithniú piaraí lotnaidicídí ar an measúnú riosca lotnaidicídí ar an tsubstaint ghníomhach ola phairifín (CAS 8042-47-5; fad slabhra C17–C31)’, EFSA Journal [Iris EFSA] 2024;22:e8913. le fáil ar líne: https://doi.org/10.2903/j.efsa.2024.8913.

(7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/787 ón gCoimisiún an 24 Aibreán 2025 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha 1,4-démheitiolnaftailéin, aimídeasulfúrón, beantazón, bicsifein, clómasón, feanocsapróp-P, fluidhé-ocsainil, fluocsastróibin, flutolainil, flocsaipiorocsad, aigéad gibrilineach, gibriliní, halaicsifein-meitil meiceapróp-P, ola phairifín, peintiaipiorad, pirimeafos-meitil, própamacarb, próipiosaimíd, próitiaconasól, riomsulfúrón, seadacsán agus sulfocsaflór (IO L, 2025/787, 25.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/787/oj).


IARSCRÍBHINN I

Gnáthainm, Uimhreacha Aitheantais

Ainm IUPAC

Íonacht (1)

Dáta formheasa

Dul in éag an fhormheasa

Forálacha sonracha

Ola phairifín (Neamh-ISO)

Pairifín, ‘Paraffinum perliquidum’ leachtach éadrom (Pharmacopoeia Eorpach, EurPharm)

Uimh. CAS: 8042-47-5

Uimh. CIPAC: 898

Ola mhianrach bhán (peitriliam) (Neamh-IUPAC)

1 000  g/kg

Ní sháróidh na hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha (HIAnna) 0,3 mg/kg san ábhar teicniúil i gcomhréir leis an Pharmacopoeia Eorpach.

An 1 Iúil 2026

An 30 Meitheamh 2041

Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála athnuachana maidir le hola phairifín (CAS 8042-47-5), agus go háirithe Foscríbhinní I agus II a ghabhann léi.

Sa mheasúnú foriomlán seo, tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar na nithe seo a leanas:

an measúnú riosca do thomhaltóirí, go háirithe chun a áirithiú go gcomhlíonfar na huasleibhéil a shocraítear i ndlí an Aontais le haghaidh hidreacarbóin aramatacha ola mianraí (MOAH);

cosaint orgánach uisceach, cosaint artrapód nach spriocartrapóid iad sa limistéar easpháirce, agus cosaint beach.

Cuimseofar bearta maolaithe riosca sna coinníollacha úsáide i gcás inarb iomchuí.

Cuirfidh an t-iarratasóir isteach faisnéis deimhniúcháin chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(1)

comhlíonadh ola pairifín de ghrád teicniúil le huasleibhéal HIA (HIA4- beinsi(a)piréin, beans(a)antraicéin, beinsea(b)fluaraintéin agus criséin agus HIA8) a léiriú sa tsonraíocht theicniúil (0,3 mg/kg), le modhanna anailíseacha bailíochtaithe maidir leis na HIAnna sin a chinneadh san ola phairifín theicniúil agus sna foirmlithe le haghaidh na n-úsáidí ionadaíocha mar a mhol an t-iarratasóir;

(2)

an measúnú riosca do thomhaltóirí a chur i gcrích, ina ndéanfar meastachán ar nochtadh d’iarmhair HIA trí úsáid a bhaint as cur chuige bunaithe ar an ráta leata agus ar an ráta toraidh le haghaidh na n-úsáidí ionadaíocha mar a mhol an t-iarratasóir. Déanfar an measúnú riosca sin bunaithe ar an nochtadh measta sin.

Cuirfidh an t-iarratasóir an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí 1 agus 2 faoi bhráid an Choimisiúin, na mBallstát agus an Údaráis faoin 12 Bealtaine 2027.

(1)  Sa tuarascáil athnuachana soláthraítear mionsonraí breise maidir le haitheantas agus sonraíocht na substainte gníomhaí.


IARSCRÍBHINN II

Leasaítear mar a leanas an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011:

(1)

i gCuid A, scriostar iontráil 295 maidir le hola phairifín (CAS 8042-47-5);

(2)

i gCuid B, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas:

Uimh.

Gnáthainm, Uimhreacha Aitheantais

Ainm IUPAC

Íonacht (1)

Dáta formheasa

Dul in éag an fhormheasa

Forálacha sonracha

‘180

Ola phairifín (Neamh-ISO)

Pairifín, ‘Paraffinum perliquidum’ leachtach éadrom (Pharmacopoeia Eorpach, EurPharm)

Uimh. CAS: 8042-47-5

Uimh. CIPAC: 898

Ola mhianrach bhán (peitriliam) (Neamh-IUPAC)

1 000  g/kg

Ní sháróidh na hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha (HIAnna) 0,3 mg/kg san ábhar teicniúil i gcomhréir leis an Pharmacopoeia Eorpach.

An 1 Iúil 2026

An 30 Meitheamh 2041

Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála athnuachana maidir le hola phairifín (CAS 8042-47-5), agus go háirithe Foscríbhinní I agus II a ghabhann léi.

Sa mheasúnú foriomlán seo, tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar na nithe seo a leanas:

an measúnú riosca do thomhaltóirí, go háirithe chun a áirithiú go gcomhlíonfar na huasleibhéil a shocraítear i ndlí an Aontais le haghaidh hidreacarbóin aramatacha ola mianraí (MOAH);

cosaint orgánach uisceach, cosaint artrapód nach spriocartrapóid iad sa limistéar easpháirce, agus cosaint beach.

Cuimseofar bearta maolaithe riosca sna coinníollacha úsáide i gcás inarb iomchuí.

Cuirfidh an t-iarratasóir isteach faisnéis deimhniúcháin chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(1)

comhlíonadh ola pairifín de ghrád teicniúil le huasleibhéal HIA (HIA4- beinsi(a)piréin, beans(a)antraicéin, beinsea(b)fluaraintéin agus criséin agus HIA8) a léiriú sa tsonraíocht theicniúil (0,3 mg/kg), le modhanna anailíseacha bailíochtaithe maidir leis na HIAnna sin a chinneadh san ola phairifín theicniúil agus sna foirmlithe le haghaidh na n-úsáidí ionadaíocha mar a mhol an t-iarratasóir;

(2)

an measúnú riosca do thomhaltóirí a chur i gcrích, ina ndéanfar meastachán ar nochtadh d’iarmhair HIA trí úsáid a bhaint as cur chuige bunaithe ar an ráta leata agus ar an ráta toraidh le haghaidh na n-úsáidí ionadaíocha mar a mhol an t-iarratasóir. Déanfar an measúnú riosca sin bunaithe ar an nochtadh measta sin.

Cuirfidh an t-iarratasóir an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí 1 agus 2 faoi bhráid an Choimisiúin, na mBallstát agus an Údaráis faoin 12 Bealtaine 2027.’

(1)  Sa tuarascáil athnuachana soláthraítear mionsonraí breise maidir le haitheantas agus sonraíocht na substainte gníomhaí.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/870/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top