Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026R0795

Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/795 ón gCoimisiún an 27 Márta 2026 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 a mhéid a bhaineann le hionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24) agus ionfhabhtú le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh agus lena dtugtar isteach maolú ar ghluaiseachtaí each-ainmhithe cláraithe

C/2026/901

IO L, 2026/795, 7.8.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/795/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/795/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/795

7.8.2026

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2026/795 ÓN gCOIMISIÚN

an 27 Márta 2026

lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 a mhéid a bhaineann le hionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24) agus ionfhabhtú le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh agus lena dtugtar isteach maolú ar ghluaiseachtaí each-ainmhithe cláraithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 131(1), pointe (c) agus pointe (d), Airteagal 132(2), Airteagal 137(2), Airteagal 140, Airteagal 144(1), pointe (a)(iv), agus Airteagal 156(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos le Rialachán (AE) 2016/429 rialacha maidir le cosc agus rialú galar ainmhithe, ar galair iad atá in-tarchurtha go hainmhithe nó go daoine. Go háirithe, i gCaibidlí 3 agus 4 de Theideal I de Chuid IV den Rialachán sin, leagtar síos na ceanglais sláinte ainmhithe maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád agus ainmhithe fiáine laistigh den Aontas faoi seach.

(2)

Ina theannta sin, in Airteagal 4, pointe (18), de Rialachán (AE) 2016/429 sainmhínítear ‘galair liostaithe’, agus foráiltear le hAirteagal 5 den Rialachán sin go mbeidh feidhm ag rialacha sonracha ó thaobh galair de maidir le galair liostaithe a chosc agus a rialú, lena n-áirítear ionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24), agus ionfhabhtú le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh.

(3)

Thairis sin, le hAirteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2016/429 leagtar síos rialacha maidir le galair a chosc agus a rialú, rialacha atá le cur i bhfeidhm maidir le catagóirí éagsúla galar liostaithe. De bhun Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) 2016/429, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (2) déantar gach galar liostaithe a chatagóiriú mar ghalar chatagóir A, B, C, D nó E, atá faoi réir na rialacha sonracha comhfhreagracha ó thaobh galair de dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (a) go (e) de Rialachán (AE) 2016/429. Rinneadh ionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24) a chatagóiriú mar ghalar C+D+E go dtí le déanaí agus déantar ionfhabhtú le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh a chatagóiriú mar ghalar chatagóir D+E, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882. Dá bhrí sin, bhí na galair sin faoi réir na rialacha sonracha ó thaobh galair de dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (c), (d) agus (e) nó (d) agus (e), faoi seach, de Rialachán (AE) 2016/429.

(4)

Glacadh Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 ón gCoimisiún (3) faoi chuimsiú Rialachán (AE) 2016/429, agus forlíontar leis na rialacha maidir le cosc agus rialú na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2016/429 a mhéid a bhaineann le gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád agus ainmhithe fiáine, lena n-áirítear crúbacha, atá soghabhálach i leith ionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24) agus ionfhabhtú le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh laistigh den Aontas.

(5)

Liostaíodh ionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24) go dtí le déanaí mar ghalar chatagóir C+D+E san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 agus ba é ceann de na bearta sonracha ó thaobh galair de chun é a chosc agus a rialú clár díothaithe roghnach a bhunú, i gcomhréir le hAirteagal 31(2) de Rialachán (AE) 2016/429. Na rialacha maidir le cláir dhíothaithe roghnacha le haghaidh ionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24), leagtar síos iad i Roinn 4 de Chaibidil 2 de Chuid II agus i gCuid II d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 ón gCoimisiún (4). Ina theannta sin, le hAirteagal 43 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 leagtar síos freisin rialacha maidir le gluaiseachtaí ainmhithe isteach i mBallstáit nó i gcriosanna díobh a chumhdaítear le cláir dhíothaithe maidir le hionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24). Dá bhrí sin, is iad na ceanglais a bhaineann le hionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24) le haghaidh gluaiseachtaí laistigh den Aontas i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688, trí chrostagairtí, na ceanglais sin a leagtar síos in Airteagal 43 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 maidir le gluaiseachtaí ainmhithe ar theacht isteach dóibh i mBallstát nó i gcrios de a chumhdaítear le clár díothaithe.

(6)

Leasaíodh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 le déanaí le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/169 ón gCoimisiún (5), a bhfuil feidhm aige ón 1 Samhain 2026. Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/169, rinneadh ionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24) a athchatagóiriú mar ghalar chatagóir D+E. Leis an athchatagóiriú sin, is gá leasú a dhéanamh ar na rialacha maidir le hionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24) a mhéid a bhaineann le cláir dhíothaithe roghnacha, lena n-áirítear na ceanglais maidir le gluaiseachtaí ainmhithe ar theacht isteach dóibh i mBallstát nó i gcrios de a chumhdaítear le clár díothaithe maidir leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24), a leagtar síos in Airteagal 43 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689. Beidh feidhm ag na leasuithe sin ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 ón 1 Samhain 2026. Dá bhrí sin, na ceanglais a bhaineann le hionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24) maidir le gluaiseachtaí laistigh den Aontas a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688, is gá iad a leasú ón dáta sin freisin.

(7)

Dá réir sin, ba cheart na rialacha a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 a leasú leis an Rialachán seo maidir le gluaiseachtaí na speiceas liostaithe Antilocapridae, Bovidae, Camelidae, Cervidae, Giraffidae, Moschidae, agus Tragulidae laistigh den Aontas a mhéid a bhaineann le hionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24) trí na crostagairtí atá ann faoi láthair do Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 agus na rialacha a leagtar síos ann faoi láthair ina leith a ionadú.

(8)

Ó thaobh na heipidéimeolaíochta de, is dhá ghalar an-chomhchosúil iad ionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24) agus ionfhabhtú le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh, agus bíonn tionchar acu ar na speicis liostaithe chéanna. Dá bhrí sin, is iomchuí na ceanglais sláinte ainmhithe maidir le gluaiseachtaí speiceas liostaithe laistigh den Aontas i gcás an dá ghalar a ailíniú. Thairis sin, leis an taithí a fuarthas le blianta beaga anuas maidir le hionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24) agus ionfhabhtú le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh a rialú, léiríodh gur gá roinnt ceanglais sláinte ainmhithe a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 a shimpliú agus coigeartuithe áirithe a dhéanamh orthu.

(9)

A mhéid a bhaineann le hionfhabhtú le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh, leagtar síos bearta maolaithe riosca forlíontacha d’oibreoirí seamlas a bhaineann le hoibríochtaí iompair in Airteagal 9(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 faoi láthair, agus tá siad infheidhme maidir le líon an-teoranta cásanna. A mhéid a bhaineann le hionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24), leagtar síos bearta maolaithe riosca forlíontacha d’oibreoirí seamlas a bhaineann le hoibríochtaí iompair in Airteagal 9(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688, agus tá siad infheidhme maidir le raon teoranta ach níos leithne cásanna. Mar sin féin, tá leibhéal íseal éifeachtachta ag an dá fhoráil sin chun leathadh na ngalar sin a chosc sa staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair agus i bhfianaise leathadh veicteoir-iompartha an dá ghalar. I ngeall ar a leibhéal íseal éifeachtachta, is ualach breise ar oibreoirí iad bearta maolaithe riosca forlíontacha den sórt sin, agus níl luach suntasach coiscthe riosca i gceist leo. Ar an gcúis sin agus ar mhaithe le rialacha an Aontais a ailíniú, ba cheart na bearta maolaithe riosca forlíontacha sin le haghaidh oibreoirí seamlas a scriosadh ó Airteagal 9(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688.

(10)

Ar mhaithe le simpliú rialacha an Aontais, ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 a leasú leis an Rialachán seo tríd an bhféidearthacht a bhaint d’údarás inniúil an Bhallstáit cinn scríbe glacadh le gluaiseacht ainmhithe nach bhfuil faoi réir aon cheanglas sláinte ainmhithe a bhaineann le hionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24) a leagtar síos faoi láthair in Airteagal 13, agus in Airteagal 17, pointe (b), Airteagal 24, pointe (b), Airteagal 27, pointe (b), agus Airteagal 30, pointe (b), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688, nó nach bhfuil faoi réir aon cheanglas sláinte ainmhithe a bhaineann le hionfhabhtú le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh a leagtar síos faoi láthair i bpointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 10(1), Airteagal 15(1), Airteagal 23(1), Airteagal 26(1) agus Airteagal 29(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688, ós rud é gur annamh a d’úsáid na Ballstáit an dá fhéidearthacht sin.

(11)

Ar bhonn na taithí a fuarthas maidir le cur i bhfeidhm na rialacha atá ann faoi láthair, taithí a fuarthas ó roinnt eagraíochtaí páirtithe leasmhara agus ó údaráis inniúla na mBallstát, leis an Rialachán seo ba cheart deireadh a chur leis an maolú atá ann cheana maidir le gluaiseachtaí ainmhithe ar coimeád a bhfuil sé beartaithe iad a mharú go Ballstáit eile, ar maolú é nach mór do na hainmhithe teacht ó bhunaíocht nár tuairiscíodh gurbh ann d’ionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24) inti le linn an 30 lá deireanach roimh an dáta imeachta a leagtar síos faoi láthair in Airteagail 14, pointe (e), Airteagal 18, pointe (e), Airteagal 25, pointe (c), Airteagal 28, pointe (c) agus Airteagal 31, pointe (c) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688. Tugtar aghaidh go leordhóthanach ar an riosca a bhaineann le gluaiseacht ainmhithe ó bhunaíochtaí inar tuairiscíodh an galar sa 30 lá roimhe sin leis na forálacha a leagtar síos in Airteagal 126(1), pointe (a) de Rialachán (AE) 2016/429, chun cosc a chur ar ghluaiseacht ainmhithe a bhfuil siomptóim ghalair orthu, agus leis na hoibleagáidí atá ann cheana a leagtar síos in Airteagal 9 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 d’oibreoir an tseamlais chun na hainmhithe sin a mharú laistigh de 24 uair an chloig tar éis dóibh teacht isteach.

(12)

Thairis sin, ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 a leasú leis an Rialachán seo trí na ceanglais sláinte ainmhithe fhorlíontacha atá ann cheana maidir le hionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24), a leagtar síos faoi láthair in Airteagail 32 agus 33 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688, agus maidir le hionfhabhtú le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh le haghaidh oibríochtaí iompair, a leagtar síos faoi láthair sa tríú fomhír d’Airteagal 10(1), Airteagal 15(1), Airteagal 23(1), Airteagal 26(1) agus Airteagal 29(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 a bhaint toisc go bhfuil sé an-deacair iad a chur i bhfeidhm agus go bhfuil éifeachtacht theoranta acu chun leathadh na ngalar sin a chosc sa staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair agus i bhfianaise leathadh veicteoir-iompartha an dá ghalar.

(13)

A mhéid a bhaineann le hionfhabhtú le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh, níl aon cheanglas leagtha síos faoi láthair i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 a bhaineann leis an ngalar sin maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád ó bhunaíochtaí teoranta isteach i mbunaíochtaí teoranta i mBallstát eile. A mhéid a bhaineann le hionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24), tá ceanglais ann maidir leis an ngalar sin le haghaidh an chineáil gluaiseachta sin a leagtar síos faoi láthair in Airteagal 64 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688. Mar sin féin, tugtar aghaidh go leordhóthanach ar an riosca a bhaineann leis an gcineál gluaiseachta sin leis an oibleagáid atá ann cheana, a leagtar síos in Airteagal 64(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688, nach n-aistreoidh an t-oibreoir ainmhithe talún ar coimeád ó bhunaíocht theoranta go bunaíocht theoranta i mBallstát eile ach amháin mura bhfuil riosca mór ag baint leis na hainmhithe sin maidir le leathadh galar a liostaítear iad ina leith, ar bhonn thorthaí an chláir faireachais lena gcumhdaítear na hainmhithe sin. Dá bhrí sin, ar mhaithe le simpliú agus ailíniú rialacha an Aontais, ba cheart na ceanglais a bhaineann le hionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24) a scriosadh ó Airteagal 64 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688.

(14)

A mhéid a bhaineann le hionfhabhtú le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh, níl aon riail speisialta leagtha síos faoi láthair i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 maidir le gluaiseachtaí sorcais taistil agus seónna ainmhithe chuig Ballstáit eile. A mhéid a bhaineann le hionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24), tá ceanglais ann maidir leis an ngalar sin le haghaidh gluaiseachtaí den chineál sin a leagtar síos faoi láthair in Airteagal 65 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688. I bhfianaise na staide eipidéimeolaíche atá ann faoi láthair, tá éifeachtacht theoranta ag na rialacha speisialta atá ann faoi láthair chun leathadh ionfhabhtaithe leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24) a chosc. Dá bhrí sin, ar mhaithe le simpliú agus ailíniú, ba cheart na rialacha speisialta sin a bhaineann le hionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24) a scriosadh ó Airteagal 65 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688.

(15)

Maidir le gluaiseacht ainmhithe talún fiáine chuig Ballstáit eile, ní dhéantar foráil sna rialacha atá ann cheana a leagtar síos in Airteagal 101 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 maidir le bearta maolaithe riosca a bhaineann le hionfhabhtú le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh seachas éagmais an ghalair laistigh de gha 150 km le linn an 2 bhliain dheireanacha roimh an dáta imeachta. Maidir le hionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24), déantar foráil i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 maidir le bearta maolaithe riosca breise. Ar mhaithe le hailíniú, ba cheart Airteagal 101 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 a leasú leis an Rialachán seo chun foráil a dhéanamh maidir le bearta maolaithe riosca breise a bhaineann le hionfhabhtú le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh i gcomhréir leis na bearta sin dá bhforáiltear maidir le hionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24).

(16)

Le hAirteagal 144(1), pointe (a)(iv), de Rialachán (AE) 2016/429 tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh a bhaineann leis na maoluithe ar na ceanglais maidir le sláinte ainmhithe a dheimhniú dá bhforáiltear in Airteagal 143(1) den Rialachán sin, maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád nach bhfuil riosca mór ag baint leo maidir le leathadh galar liostaithe, i gcás ina bhfuil ceann scríbe na n-ainmhithe talún sin atá ar coimeád sa Bhallstát céanna lena n-áit tionscnaimh ach go dtéann siad trí Bhallstát eile chun a gceann scríbe a bhaint amach.

(17)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688, déantar forlíonadh ar Rialachán (AE) 2016/429 agus leagtar síos ceanglais sláinte ainmhithe maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún laistigh den Aontas, lena n-áirítear each-ainmhithe. Agus na rialacha a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 á gcur i bhfeidhm, tá tugtha faoi deara ag roinnt Ballstát go bhfuil oibreoirí áirithe ag aistriú a n-each-ainmhithe cláraithe ó bhunaíocht amháin go bunaíocht eile, agus iad araon lonnaithe i gcríoch an Bhallstáit chéanna, ach ag dul trí Bhallstáit eile, toisc gur cosúil go bhfuil na bealaí sin níos oiriúnaí ó thaobh lóistíochta de. Maidir le gluaiseachtaí each-ainmhithe cláraithe a chomhlíonann na ceanglais ghinearálta a leagtar síos in Airteagal 124 de Rialachán (AE) 2016/429, agus na bearta coisctheacha galar maidir le hiompar a leagtar síos in Airteagal 125 de, ní bhaineann riosca mór leo maidir le leathadh galar liostaithe, ar choinníoll, le linn an trasnaithe, go ndéanfar na heach-ainmhithe cláraithe a scaradh go fisiceach ó each-ainmhithe an Bhallstáit trasnaithe. Dá bhrí sin, ba cheart gluaiseachtaí each-ainmhithe cláraithe den sórt sin a cheadú gan deimhniú sláinte ainmhithe má tá doiciméad féindearbhúcháin arna eisiúint ag oibreoirí ag gabháil leo agus ba cheart airteagal nua a chur isteach i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 ina bhfuil forálacha maidir le gluaiseachtaí den sórt sin.

(18)

Ós rud é go bhfuil feidhm ón 1 Samhain 2026 ar aghaidh ag na leasuithe arna ndéanamh ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/169 a mhéid a bhaineann le catagóiriú nua an ionfhabhtaithe leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24), ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón dáta sin ar aghaidh freisin.

(19)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 3, scriostar pointí (18) agus (19);

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

‘Airteagal 9

Bearta maolaithe riosca forlíontacha d’oibreoirí seamlas

Áiritheoidh oibreoirí seamlas go marófar ainmhithe de speicis liostaithe i dtaca le hionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24) nó ionfhabhtú le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh laistigh de 24 uair an chloig ar a dhéanaí ón am a shroichfidh siad an seamlas nuair a thiocfaidh siad ó Bhallstát eile agus:

(a)

nach gcomhlíonann siad tacar amháin ceanglas ar a laghad maidir le hionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24) ná ionfhabhtú le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh, a leagtar amach i bpointe 1 nó i bpointe 2 de Chuid 1 d’Iarscríbhinn IX; nó

(b)

nach gcomhlíonann siad tacar amháin ceanglas ar a laghad maidir le hionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24) nó ionfhabhtú le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh, a leagtar amach i bpointe 3 de Chuid 1 d’Iarscríbhinn IX, a bhí faoi réir údarú ó údarás inniúil Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 13(2), 17(2), 24(2), 27(2), nó 30(2).’

;

(3)

leasaítear Airteagal 10(1) mar a leanas:

(a)

cuirtear pointe (f) in ionad an mhéid seo a leanas:

‘(f)

go gcomhlíonann na hainmhithe tacar amháin ceanglas ar a laghad maidir le hionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24) nó ionfhabhtú le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh, a leagtar amach i bpointe 1 nó i bpointe 2 de Chuid 1 d’Iarscríbhinn IX, ach amháin nuair a aistrítear na hainmhithe i gcomhréir leis na maoluithe maidir le gluaiseachtaí bó-ainmhithe ar coimeád go Ballstáit eile nó criosanna díobh dá bhforáiltear in Airteagal 13;’;

(b)

scriostar pointí (i) agus (j);

(c)

scriostar an dara, an tríú agus an ceathrú fomhír;

(4)

in Airteagal 11, cuirtear an mhír 4 seo a leanas in ionad mhíreanna 4 agus 5:

‘4.   Ní bheidh feidhm ag míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo maidir le bó-ainmhithe ar coimeád a bhfuil sé beartaithe iad a mharú dá dtagraítear in Airteagal 14.’

;

(5)

in Airteagal 12, cuirtear an mhír 4 seo a leanas in ionad mhíreanna 4 agus 5:

‘4.   Ní bheidh feidhm ag míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo maidir le bó-ainmhithe ar coimeád a bhfuil sé beartaithe iad a mharú i mBallstát eile dá dtagraítear in Airteagal 14.’

;

(6)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13:

‘Airteagal 13

Maoluithe maidir le gluaiseachtaí bó-ainmhithe ar coimeád go Ballstáit eile a mhéid a bhaineann le hionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí (1-24) agus ionfhabhtú le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh

1.   De mhaolú ar an gceanglas maidir le gluaiseachtaí bó-ainmhithe ar coimeád go Ballstáit eile a leagtar síos in Airteagal 10(1), pointe (f), féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh gluaiseacht bó-ainmhithe ar coimeád a údarú má chomhlíonann na hainmhithe tacar amháin ceanglas ar a laghad maidir le hionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (séiritíopa 1-24) nó le hionfhabhtú le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh, a leagtar amach i bpointe 3 de Chuid 1 d’Iarscríbhinn IX.

2.   ‘Ní fhéadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh na cineálacha gluaiseachtaí a údarú i gcomhréir le mír 1 ach amháin más rud é gur chuir údarás inniúil an Bhallstáit cinn scríbe an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi údarú gluaiseachtaí den chineál sin, gan beann ar an mBallstát tionscnaimh nó an limistéar de.’

;

(7)

in Airteagal 14, scriostar pointe (e);

(8)

leasaítear Airteagal 15(1) mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

‘(e)

go gcomhlíonann na hainmhithe tacar amháin ceanglas ar a laghad maidir le hionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24) nó ionfhabhtú le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh, a leagtar amach i bpointe 1 nó 2 de Chuid 1 d’Iarscríbhinn IX, ach amháin nuair a aistrítear na hainmhithe i gcomhréir leis na maoluithe maidir le gluaiseachtaí ainmhithe den chineál caorach nó gabhair ar coimeád go Ballstáit eile nó criosanna díobh dá bhforáiltear in Airteagal 17;’;

(b)

scriostar pointí (h) agus (i);

(c)

scriostar an dara, an tríú agus an ceathrú fomhír;

9.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17:

‘Airteagal 17

Maoluithe maidir le gluaiseachtaí ainmhithe den chineál caorach nó den chineál gabhair ar coimeád go Ballstáit eile a mhéid a bhaineann le hionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24) agus ionfhabhtú le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh

1.   De mhaolú ar an gceanglas maidir le gluaiseachtaí ainmhithe den chineál caorach nó den chineál gabhair ar coimeád go Ballstáit eile a leagtar síos in Airteagal 15(1), pointe (e), féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh gluaiseacht ainmhithe den chineál caorach nó den chineáil gabhair ar coimeád a údarú má chomhlíonann na hainmhithe tacar amháin ceanglas ar a laghad maidir le hionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (séiritíopa 1-24) nó le hionfhabhtú le galar fuilreatha eipeasótach, a leagtar amach i bpointe 3 de Chuid 1 d’Iarscríbhinn IX.

2.   ‘Ní fhéadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh na cineálacha gluaiseachtaí a údarú i gcomhréir le mír 1 ach amháin más rud é gur chuir údarás inniúil an Bhallstáit cinn scríbe an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi údarú gluaiseachtaí den chineál sin, gan beann ar an mBallstát tionscnaimh nó an limistéar de.’

;

(10)

in Airteagal 18, scriostar pointe (e);

(11)

leasaítear Airteagal 23(1) mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

‘(g)

go gcomhlíonann na hainmhithe tacar amháin ceanglas ar a laghad maidir le hionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24) nó ionfhabhtú le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh, a leagtar amach i bpointe 1 nó i bpointe 2 de Chuid 1 d’Iarscríbhinn IX, ach amháin nuair a aistrítear na hainmhithe i gcomhréir leis na maoluithe maidir le gluaiseachtaí ainmhithe den chineál camaill ar coimeád go Ballstáit eile nó criosanna díobh dá bhforáiltear in Airteagal 24;’;

(b)

scriostar pointí (j) agus (k);

(c)

scriostar an dara, an tríú agus an ceathrú fomhír;

(12)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 24:

‘Airteagal 24

Maoluithe maidir le gluaiseachtaí ainmhithe den chineál camaill ar coimeád go Ballstáit eile a mhéid a bhaineann le hionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí (1-24) agus ionfhabhtú le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh

1.   De mhaolú ar an gceanglas maidir le gluaiseacht ainmhithe den chineál camaill ar coimeád go Ballstáit eile a leagtar síos in Airteagal 23(1), pointe (g), féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh gluaiseacht ainmhithe den chineál camaill ar coimeád a údarú má chomhlíonann na hainmhithe tacar amháin ceanglas ar a laghad maidir le hionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (séiritíopa 1-24) nó le hionfhabhtú le galar fuilreatha eipeasótach, a leagtar amach i bpointe 3 de Chuid 1 d’Iarscríbhinn IX.

2.   ‘Ní fhéadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh na cineálacha gluaiseachtaí a údarú i gcomhréir le mír 1 ach amháin más rud é gur chuir údarás inniúil an Bhallstáit cinn scríbe an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi údarú gluaiseachtaí den chineál sin, gan beann ar an mBallstát tionscnaimh nó an limistéar de.’

;

(13)

in Airteagal 25, scriostar pointe (c);

(14)

leasaítear Airteagal 26(1) mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

‘(g)

go gcomhlíonann na hainmhithe tacar amháin ceanglas ar a laghad maidir le hionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24) nó ionfhabhtú le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh, a leagtar amach i bpointe 1 nó 2 de Chuid 1 d’Iarscríbhinn IX, ach amháin nuair a aistrítear na hainmhithe i gcomhréir leis na maoluithe maidir le gluaiseachtaí ainmhithe den chineál fia ar coimeád go Ballstáit eile nó criosanna díobh dá bhforáiltear in Airteagal 27;’;

(b)

scriostar pointí (j) agus (k);

(c)

scriostar an dara, an tríú agus an ceathrú fomhír;

(15)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 27:

‘Airteagal 27

Maoluithe maidir le gluaiseachtaí ainmhithe den chineál fia ar coimeád go Ballstáit eile a mhéid a bhaineann le hionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí (1-24) agus ionfhabhtú le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh

1.   De mhaolú ar an gceanglas maidir le gluaiseacht ainmhithe den chineál fia ar coimeád go Ballstáit eile a leagtar síos in Airteagal 26(1), pointe (g), féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh gluaiseacht ainmhithe den chineál fia ar coimeád a údarú má chomhlíonann na hainmhithe tacar amháin ceanglas ar a laghad maidir le hionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (séiritíopa 1-24) nó le hionfhabhtú le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh, a leagtar amach i bpointe 3 de Chuid 1 d’Iarscríbhinn IX.

2.   ‘Ní fhéadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh na cineálacha gluaiseachtaí a údarú i gcomhréir le mír 1 ach amháin más rud é gur chuir údarás inniúil an Bhallstáit cinn scríbe an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi údarú gluaiseachtaí den chineál sin, gan beann ar an mBallstát tionscnaimh nó an limistéar de.’

;

(16)

in Airteagal 28, scriostar pointe (c);

(17)

leasaítear Airteagal 29(1) mar a leanas:

(a)

cuirtear pointe (f) in ionad an mhéid seo a leanas:

‘(f)

go gcomhlíonann na hainmhithe tacar amháin ceanglas ar a laghad maidir le hionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24) nó ionfhabhtú le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh, a leagtar amach i bpointe 1 nó i bpointe 2 de Chuid 1 d’Iarscríbhinn IX, ach amháin nuair a aistrítear na hainmhithe i gcomhréir leis na maoluithe maidir le gluaiseachtaí ainmhithe crúbacha ar coimeád go Ballstáit eile nó criosanna díobh dá bhforáiltear in Airteagal 30;’;

(b)

scriostar pointí (i) agus (j);

(c)

scriostar an dara, an tríú agus an ceathrú fomhír;

(18)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 30:

‘Airteagal 30

Maoluithe maidir le gluaiseachtaí ainmhithe crúbacha eile ar coimeád go Ballstáit eile a mhéid a bhaineann le hionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí (1-24) agus ionfhabhtú le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh

1.   De mhaolú ar an gceanglas maidir le gluaiseacht ainmhithe crúbacha eile ar coimeád go Ballstáit eile a leagtar síos in Airteagal 29(1), pointe (f), féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh gluaiseacht ainmhithe crúbacha eile ar coimeád a údarú má chomhlíonann na hainmhithe tacar amháin ceanglas ar a laghad maidir le hionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (séiritíopa 1-24) nó le hionfhabhtú le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh, a leagtar amach i bpointe 3 de Chuid 1 d’Iarscríbhinn IX.

2.   ‘Ní fhéadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh na cineálacha gluaiseachtaí a údarú i gcomhréir le mír 1 ach amháin más rud é gur chuir údarás inniúil an Bhallstáit cinn scríbe an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi údarú gluaiseachtaí den chineál sin, gan beann ar an mBallstát tionscnaimh nó an limistéar de.’

;

(19)

in Airteagal 31, scriostar pointe (c);

(20)

scriostar Airteagail 32 agus 33;

(21)

in Airteagal 64, scriostar míreanna 2 agus 3;

(22)

in Airteagal 65, scriostar míreanna 2 agus 3;

(23)

cuirtear an tAirteagal 69a seo a leanas isteach tar éis Airteagal 69:

‘Airteagal 69a

Maolú maidir le gluaiseachtaí each-ainmhithe cláraithe a théann trí Bhallstáit eile chun a gceann scríbe a bhaint amach sa Bhallstát tionscnaimh

1.   De mhaolú ar an oibleagáid atá ar oibreoirí a áirithiú go ngabhann deimhniú sláinte ainmhithe le hainmhithe nuair a aistrítear iad chuig Ballstát eile a leagtar síos in Airteagal 143(1) de Rialachán (AE) 2016/429, féadfaidh oibreoirí each-ainmhithe cláraithe a aistriú i gcás ina bhfuil a gceann scríbe sa Bhallstát céanna lena n-áit tionscnaimh ach go dtéann siad trí Bhallstáit eile chun a gceann scríbe a bhaint amach ar choinníoll go ngabhann doiciméad féindearbhúcháin arna eisiúint ag an oibreoir leo le linn na gluaiseachta lena léirítear an méid seo a leanas:

(a)

go gcomhlíonann na heach-ainmhithe cláraithe ar a laghad na ceanglais ghinearálta maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád a leagtar síos in Airteagal 124 de Rialachán (AE) 2016/429;

(b)

nach léiríonn na heach-ainmhithe cláraithe aon siomptóm galair ar lá na gluaiseachta;

(c)

gur áirithigh an t-oibreoir go gcomhlíonann na coinníollacha iompair ar a laghad na bearta coisctheacha galar maidir le hiompar a leagtar síos in Airteagal 125 de Rialachán (AE) 2016/429, agus na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 4 agus 5 agus Airteagal 6(2) den Rialachán seo;

(d)

go ndearna an t-oibreoir na bearta is gá chun a áirithiú go gcoinsíneofar na heach-ainmhithe cláraithe go díreach chuig a gceann scríbe gan teagmháil le heach-ainmhithe eile le linn dóibh a bheith sa Bhallstát trasnaithe;

(e)

go dtagann na heach-ainmhithe cláraithe chuig an mbunaíocht cinn scríbe laistigh de 12 uair an chloig ó am an tseolta;

(f)

nach ionann an bhunaíocht seolta agus an bhunaíocht cinn scríbe;

(g)

nach mór an fhaisnéis seo a leanas maidir leis an ngluaiseacht a chuimsiú sa doiciméad féindearbhúcháin:

(i)

seoladh agus cláruimhir bhunaíocht an tseolta;

(ii)

seoladh agus cláruimhir na bunaíochta cinn scríbe;

(iii)

dáta na gluaiseachta;

(iv)

speicis na n-each-ainmhithe cláraithe arna n-aistriú;

(v)

cóid uathúla na n-each-ainmhithe cláraithe arna n-aistriú;

(vi)

an modh iompair, lena n-áirítear a uimhirphláta, agus an t-iompróir, lena n-áirítear an t-ainm agus an chláruimhir;

(h)

caithfidh an t-oibreoir a bheith ar an eolas go bhfuil údarú an Bhallstáit trasnaithe dá dtagraítear i mír 2 infheidhme agus go maireann sé ar feadh thréimhse na gluaiseachta.

2.   Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit trasnaithe in iúl don Choimisiún, do na Ballstáit eile agus don phobal go bhfuil na gluaiseachtaí sin údaraithe.’

;

(24)

leasaítear Airteagal 101 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 4 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c)(iv):

‘(iv)

ionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24) nó ionfhabhtú le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh laistigh de gha 150 km in ainmhithe talún de speicis liostaithe i gcás na ngalar sin le linn na tréimhse 2 bhliain roimh an dáta imeachta.’;

(ii)

scriostar pointe (d);

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.   De mhaolú ar phointe (c)(iv) de mhír 4, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh gluaiseacht ainmhithe talún fiáine a údarú ar ainmhithe iad a bhaineann le finte Antilocapridae, Bovidae, Camelidae, Cervidae, Giraffidae, MoschidaeTragulidae, má chomhlíonann na hainmhithe ceann amháin ar a laghad de na ceanglais maidir le hionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24) nó le hionfhabhtú le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh, a leagtar amach i bpointe 4 de Chuid 1 d’Iarscríbhinn IX.’

;

(c)

cuirtear an mhír 6 seo a leanas leis:

‘6.   Ní dhéanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh cineálacha gluaiseachtaí ainmhithe talún fiáine go Ballstáit eile a údarú ach amháin i gcomhréir le ceann amháin de na tacar ceanglas a leagtar amach i bpointí 4(b), 4(c) nó 4(d) de Chuid 1 d’Iarscríbhinn IX, má chuir údarás inniúil an Bhallstáit cinn scríbe an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi údarú na gcineálacha sin gluaiseachtaí gan beann ar an mBallstát tionscnaimh nó limistéar de.’

;

(25)

Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn IX.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Samhain 2026.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Márta 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe coiscthe agus rialaithe galar a chur i bhfeidhm maidir le catagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a bhfuil riosca nach beag ag gabháil leo maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/1882/oj).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le ceanglais sláinte ainmhithe maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún agus uibheacha goir laistigh den Aontas (IO L 174, 3.6.2020, lch. 140, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/688/oj).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le faireachas, cláir dhíothaithe, agus stádas saor ó ghalair i gcás galair áirithe atá liostaithe agus galair áirithe atá ag teacht chun cinn (IO L 174, 3.6.2020, lch. 211, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/689/oj).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/169 ón gCoimisiún an 26 Eanáir 2026 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 a mhéid a bhaineann le haicmiú ionfhabhtaithe leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24) mar ghalar liostaithe (IO L, 2026/169, 27.1.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/169/oj).


IARSCRÍBHINN

IARSCRÍBHINN IX

BEARTA MAOLAITHE RIOSCA MAIDIR LE hIONFHABHTÚ LEIS AN VÍREAS GORMTHEANGA (SÉIRITÍOPAÍ 1-24) NÓ IONFHABHTÚ LE VÍREAS AN GHALAIR FUILREATHA EIPEASÓTAIGH I gCÁS GLUAISEACHTAÍ AINMHITHE AR COIMEÁD AGUS AINMHITHE FIÁINE DE SPEICIS LIOSTAITHE CHUIG BALLSTÁIT EILE I gCÁS NA nGALAR SIN

(Dá dtagraítear in Airteagail 9, 10, 13, 15, 17, 23, 24, 26, 27, 29, 30 agus 101)

CUID 1

Gluaiseacht ainmhithe

1.

Na hainmhithe ar coimeád:

(a)

coimeádadh iad ar feadh an 60 lá deireanach ar a laghad roimh an dáta imeachta, nó ó rugadh iad, má tá siad níos óige ná 60 lá d’aois, i mbunaíochtaí, laistigh d’achar de gha 150 km ar a laghad nár tuairiscíodh gurbh ann d’ionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24) ann, ná ionfhabhtú le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh, de réir mar is ábhartha, sa speiceas liostaithe i gcás na ngalar sin le linn an 2 bhliain dheireanacha roimh an dáta imeachta; agus

(b)

nár vacsaíníodh iad le vacsaín bheo in aghaidh ionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24) ná le hionfhabhtú le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh le linn an 60 lá deireanach roimh dháta na gluaiseachta.

2.

Coimeádadh na hainmhithe ar coimeád i mbunaíochtaí, laistigh de limistéar dar ga 150 km ar a laghad inar tuairiscíodh ionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24) nó ionfhabhtú le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh, de réir mar is ábhartha, sna speicis liostaithe do na galair sin le linn an 2 bhliain dheireanacha roimh an dáta imeachta, agus comhlíontar ceann amháin ar a laghad de na ceanglais seo a leanas:

(a)

coimeádadh iad i limistéar atá saor ó veicteoirí go séasúrach i gcomhréir leis na ceanglais maidir le limistéir atá saor ó veicteoirí go séasúrach a leagtar síos i gCuid 2:

(i)

ar feadh 60 lá ar a laghad roimh an dáta imeachta nó ó rugadh iad, má tá siad níos óige ná 60 lá d’aois; nó

(ii)

ar feadh 28 lá ar a laghad roimh an dáta imeachta agus rinneadh tástáil shéireolaíoch orthu, tástáil a raibh torthaí diúltacha uirthi, arna déanamh ar shamplaí a bailíodh 28 lá ar a laghad i ndiaidh dháta iontrála an ainmhí isteach sa limistéar atá saor go séasúrach ó veicteoirí; nó

(iii)

ar feadh 14 lá ar a laghad roimh an dáta imeachta agus rinneadh tástáil PCR orthu, tástáil a raibh torthaí diúltacha uirthi, arna déanamh ar shamplaí a bailíodh 14 lá ar a laghad i ndiaidh dháta iontrála an ainmhí isteach sa limistéar atá saor go séasúrach ó veicteoirí.

(b)

cosnaíodh iad ar ionsaithe ó veicteoirí agus ar ionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24) nó ar ionfhabhtú le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh i mbunaíocht atá cosanta ar veicteoirí agus a chomhlíonann na ceanglais maidir le bunaíocht atá cosanta ar veicteoirí a leagtar síos i gCuid 3:

(i)

ar feadh 60 lá ar a laghad roimh an dáta imeachta nó ó rugadh iad, má tá siad níos óige ná 60 lá d’aois; nó

(ii)

ar feadh 28 lá ar a laghad roimh an dáta imeachta agus rinneadh tástáil shéireolaíoch orthu, tástáil a raibh torthaí diúltacha uirthi, arna déanamh ar shamplaí a bailíodh 28 lá ar a laghad i ndiaidh dháta tosaigh na tréimhse cosanta ar ionsaithe ó veicteoirí; nó

(iii)

ar feadh 14 lá ar a laghad roimh an dáta imeachta agus rinneadh tástáil PCR orthu, tástáil a raibh torthaí diúltacha uirthi, arna déanamh ar shamplaí a bailíodh 14 lá ar a laghad i ndiaidh dháta tosaigh na tréimhse cosanta ar ionsaithe ó veicteoirí.

(c)

vacsaíníodh iad in aghaidh gach séiritíopa ionfhabhtaithe leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24) nó le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh, de réir mar is ábhartha, a tuairiscíodh le linn an 2 bhliain dheireanacha roimh an dáta imeachta sa limistéar sin agus tá siad laistigh den tréimhse imdhíonachta, idir tús na himdhíonachta agus deireadh na himdhíonachta, a leagtar síos i sonraíochtaí na vacsaíne, agus comhlíontar ceann amháin ar a laghad de na ceanglais seo a leanas:

(i)

vacsaíníodh iad 60 lá ar a laghad roimh an dáta imeachta; nó

(ii)

vacsaíníodh iad le vacsaín dhíghníomhaithe agus cuireadh faoi thástáil PCR iad, agus fuarthas torthaí diúltacha ó shamplaí a bailíodh 14 lá ar a laghad tar éis thús na himdhíonachta a shocraítear i sonraíochtaí na vacsaíne.

3.

Coimeádadh na hainmhithe ar coimeád i mbunaíochtaí, laistigh de limistéar dar ga 150 km ar a laghad inar tuairiscíodh ionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24) nó ionfhabhtú le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh, de réir mar is ábhartha, sna speicis liostaithe do na galair sin le linn an 2 bhliain dheireanacha roimh an dáta imeachta, agus comhlíontar ceann amháin ar a laghad de na ceanglais seo a leanas:

(a)

vacsaíníodh iad in aghaidh gach séiritíopa ionfhabhtaithe leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24) nó le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh, de réir mar is ábhartha, a tuairiscíodh le linn an 2 bhliain dheireanacha roimh an dáta imeachta sa limistéar sin;

(b)

comhlíonann siad bearta sonracha maolaithe riosca a éilíonn údarás inniúil an Bhallstáit cinn scríbe;

(c)

ní chomhlíonann na hainmhithe aon cheann de na ceanglais dá bhforáiltear i bpointe (c) de mhír 2 nó i bpointí (a) nó (b) den mhír seo ach amháin maidir leis na séiritíopaí ionfhabhtaithe leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24) nó le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh, de réir mar is ábhartha, a tuairiscíodh le linn an 2 bhliain dheireanacha roimh an dáta imeachta sa limistéar tionscnaimh agus ní sa limistéar cinn scríbe le linn na tréimhse sin.

4.

Tagann na hainmhithe fiáine ó ghnáthóg laistigh de limistéar dar ga 150 km ar a laghad inar tuairiscíodh gurbh ann d’ionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24) nó d’ionfhabhtú le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh, de réir mar is ábhartha, sna speicis liostaithe do na galair sin le linn an 2 bhliain dheireanacha roimh an dáta imeachta agus inar comhlíonadh ceann amháin ar a laghad de na ceanglais seo a leanas:

(a)

tagann siad ó limistéar atá saor ó veicteoirí go séasúrach i gcomhréir leis na ceanglais maidir le limistéir atá saor ó veicteoirí go séasúrach a leagtar síos i gCuid 2 ar feadh 60 lá ar a laghad roimh an dáta imeachta;

(b)

vacsaíníodh iad in aghaidh gach séiritíopa ionfhabhtaithe leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24) nó ionfhabhtú le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh, de réir mar is ábhartha, a tuairiscíodh le linn an 2 bhliain dheireanacha roimh an dáta imeachta sa limistéar sin;

(c)

comhlíonann na hainmhithe na bearta sonracha maolaithe riosca a éilíonn údarás inniúil an Bhallstáit cinn scríbe;

(d)

ní chomhlíonann na hainmhithe aon cheann de na ceanglais dá bhforáiltear i bpointí (b) nó (c) den mhír seo ach amháin maidir leis na séiritíopaí ionfhabhtaithe leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24) nó ionfhabhtaithe le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh, de réir mar is ábhartha, a tuairiscíodh le 2 bhliain anuas roimh an dáta imeachta sa limistéar tionscnaimh seachas sa limistéar cinn scríbe le linn na tréimhse sin.

CUID 2

Limistéir atá saor ó veicteoirí go séasúrach

1.

I gcás gluaiseachtaí ainmhithe de speicis liostaithe maidir le hionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24) nó ionfhabhtú le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh go Ballstáit eile, féadfar limistéir atá saor ó veicteoirí go séasúrach a bhunú más rud é gur léirigh an t-údarás inniúil tús agus deireadh na tréimhse saor ó veicteoirí bunaithe ar fhaireachas feithideolaíochta.

2.

Má rinneadh an tréimhse saor ó veicteoirí ar feadh tréimhse 3 bliana as a chéile a léiriú go rathúil, féadfaidh critéir bhreise amhail teocht teacht in ionad faireachas feithideolaíochta chun bunús a thabhairt le tús agus deireadh na tréimhse saor ó veicteoirí ar bhonn fianaise eolaíoch.

3.

Déanfar aitheantas limistéar atá saor ó veicteoirí go séasúrach a tharraingt siar láithreach bonn i gcás ina bhfuil fianaise ann go bhfuil deireadh tagtha leis an tréimhse saor ó veicteoirí nó gur cuireadh an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24) nó víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh i gcúrsaíocht den chéad uair.

CUID 3

Bunaíocht atá cosanta ar veicteoirí

Déanfaidh bunaíochtaí atá cosanta ar veicteoirí na ceanglais seo a leanas arna n-aithint agus arna bhfíorú ag an údarás inniúil a chomhlíonadh ag minicíocht iomchuí:

(a)

tá bacainní fisiciúla iomchuí ag a pointí iontrála agus imeachta;

(b)

déanfar oscailtí a scagadh in aghaidh veicteoirí le mogall a bhfuil tomhas cuí aige agus a mhaothfar go rialta le feithidicíd fhormheasta de réir threoracha na monaróirí;

(c)

déanfar faireachas agus rialú veicteora laistigh den bhunaíocht atá cosanta ar veicteoirí agus timpeall uirthi;

(d)

déanfar bearta chun láithreacha pórúcháin veicteoirí a theorannú, nó chun iad a dhíothú, i gcóngar na bunaíochta atá cosanta ar veicteoirí; agus

(e)

beidh nósanna imeachta oibríochta caighdeánacha i bhfeidhm, lena n-áirítear tuairiscí ar chórais chúltaca agus aláraim, chun an bhunaíocht atá cosanta ar veicteoirí a oibriú agus chun ainmhithe a iompar go dtí an áit lódála.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/795/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top