Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026R0741

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/741 ón gCoimisiún an 30 Márta 2026 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2127 a mhéid a bhaineann le hathruithe riaracháin ar an údarú Aontais le haghaidh na fine táirgí bithicídeacha Ecolab UA BPF 1-Propanol

C/2026/2027

IO L, 2026/741, 31.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/741/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/741/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/741

31.3.2026

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/741 ÓN gCOIMISIÚN

an 30 Márta 2026

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2127 a mhéid a bhaineann le hathruithe riaracháin ar an údarú Aontais le haghaidh na fine táirgí bithicídeacha ‘Ecolab UA BPF 1-Propanol’

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 50(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 4 Samhain 2022, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2127 ón gCoimisiún (2) rinneadh údarú Aontais a bhfuil an uimhir údaraithe EU-0028430-0000 aige a dheonú do Ecolab Deutschland GmbH maidir leis an bhfine táirgí bithicídeacha ‘Ecolab UA BPF 1-Propanol’ a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid. Soláthraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin an achoimre ar shaintréithe an táirge le haghaidh na fine táirgí bithicídeacha sin.

(2)

An 26 Márta 2025 chuir Ecolab Deutschland GmbH fógra faoi bhráid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (‘an Ghníomhaireacht’), i gcomhréir le hAirteagal 11(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 354/2013 ón gCoimisiún (3), maidir le hathruithe riaracháin ar an údarú Aontais le haghaidh na fine táirgí bithicídeacha ‘Ecolab UA BPF 1-Propanol’, dá dtagraítear i dTeideal 1 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin. Rinneadh taifead den fhógra faoi chás-uimhir BC-EM105048-46 sa Chlár do Tháirgí Bithicídeacha (‘Clár’). Na hathruithe atá beartaithe ar an údarú sin agus ar tugadh fógra fúthu, baineann siad le hainmneacha trádála a chur leis agus le hathruithe ar sheoladh mhonaróir an táirge bhithicídigh.

(3)

An 16 Aibreán 2025, i gcomhréir le hAirteagal 11(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 354/2013, chuir an Ghníomhaireacht tuairim (4) faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis na hathruithe riaracháin ar tugadh fógra fúthu ar an údarú Aontais le haghaidh na fine bithicídeacha ‘Ecolab UA BPF 1-Propanol’, in éineacht le hachoimre athbhreithnithe ar shaintréithe an táirge bhithicídigh i dteangacha oifigiúla uile an Aontais. Sa tuairim uaithi, is é conclúid na Gníomhaireachta gur athruithe riaracháin iad na hathruithe atá beartaithe dá dtagraítear in Airteagal 50(3), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 agus a shonraítear i dTeideal 1, Ranna 1 agus 2, den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 354/2013, agus go gcomhlíonfar coinníollacha Airteagal 19 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 528/2012 go fóill tar éis na hathruithe sin a chur chun feidhme.

(4)

Aontaíonn an Coimisiún leis an tuairim ón nGníomhaireacht agus dá bhrí sin, measann sé gurb iomchuí an t-údarú Aontais le haghaidh na fine táirgí bithicídeacha ‘Ecolab UA BPF 1-Propanol’ a leasú chun na hathruithe riaracháin a d'iarr Ecolab Deutschland GmbH a thabhairt isteach.

(5)

Ach amháin i gcás na leasuithe a bhaineann leis na hathruithe riaracháin atá beartaithe, fágtar gan athrú gach faisnéis eile atá san achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh ‘Ecolab UA BPF 1-Propanol’, mar a leagtar amach í san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2127.

(6)

Chun an tsoiléireacht a fheabhsú agus chun go mbeidh rochtain níos éasca ag úsáideoirí agus páirtithe leasmhara ar an leagan comhdhlúite den achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh atá le foilsiú ag an nGníomhaireacht, ba cheart Iarscríbhinn iomlán nua a chur in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2127. I ngeall ar athrú ar an bhformáid a úsáidtear chun an achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh a ghiniúint sa Chlár i mí Feabhra 2024, ba cheart roinnt mionathruithe eagarthóireachta agus mionathruithe ar an leagan amach a bheith san achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh san Iarscríbhinn sin freisin.

(7)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2127 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2127.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Márta 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 167, 27.6.2012, lch.1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/528/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2127 ón gCoimisiún an 4 Samhain 2022 lena ndeonaítear údarú Aontais le haghaidh na fine táirgí bithicídeacha ‘Ecolab UA BPF 1-Propanol’ i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 285, 7.11.2022, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/2127/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 354/2013 ón gCoimisiún an 18 Aibreán 2013 maidir le hathruithe táirgí bithicídeacha arna n-údarú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 109, 19.4.2013, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/354/oj).

(4)  Tuairim UAD-C-1816957-17-00/F an 16 Aibreán 2025 ón nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán maidir le hathruithe riaracháin ar an údarú Aontais le haghaidh na fine bithicídeacha ‘Ecolab UA BPF 1-Propanol’, BPC and ECHA opinions - ECHA.


IARSCRÍBHINN

Achoimre ar shaintréithe an táirge le haghaidh tacar táirgí bithicídeacha

Ecolab UA BPF 1-Propanol

Cineál nó cineálacha táirge

PT01: Sláinteachas an duine

Uimhir an údaraithe EU-0028430-0000

Uimhir sócmhainne R4BP EU-0028430-0000

CUID I

AN CHÉAD LEIBHÉAL FAISNÉISE

Caibidil 1.   FAISNÉIS RIARACHÁIN

1.1.   Ainm an tacair

Ainm

Ecolab UA BPF 1-Propanol

1.2.   Cineál nó cineálacha táirge

Cineál nó cineálacha táirge

PT01: Sláinteachas an duine

1.3.   Sealbhóir an údaraithe

Ainm agus seoladh shealbhóir an údaraithe

Ainm

Ecolab Deutschland GmbH

Seoladh

Ecolab Allee 1 40789 Monheim am Rhein An Ghearmáin

Uimhir an údaraithe

 

EU-0028430-0000

Uimhir sócmhainne R4BP

 

EU-0028430-0000

Dáta an údaraithe

 

27 November 2022

Dáta éaga an údaraithe

 

31 October 2032

1.4.   Monaróir/monaróirí an táirge

Ainm an mhonaróra

Ecolab Europe GmbH

Seoladh an mhonaróra

Hofwiesenstrasse 349 8050 Zürich An Eilvéis

Suíomh na láithreán monaraíochta

Ecolab Europe GmbH site 1 Hofwiesenstrasse 349 8050 Zürich An Eilvéis

Ecolab Europe GmbH site 2 AFP GmbH, Otto-Brenner-Straße 16 21337 Lüneburg An Ghearmáin

Ecolab Europe GmbH site 3 Acideka S.A., Edificio Feria. Capuchinos de Basurto 6. 4a planta 48013 Bilbao An Spáinn

Ecolab Europe GmbH site 4 Adiego, Adiego Ctra De Valencia KM 5, 900 50410 Cuarte de Huerva Zaragoza An Spáinn

Ecolab Europe GmbH site 5 Allied Products, Allied Hygiene Unit 11, Belvedere Industrial Estate, Fishers Way, Belvedere, Kent DA17 6BS Belvedere Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann

Ecolab Europe GmbH site 6 Arkema GmbH, Morschheimer Strasse 19 D-67292 Krichheimbolanden An Ghearmáin

Ecolab Europe GmbH site 7 Azelis Denmark, Lundtoftegårdsvej 95 2800 Kgs Lyngby An Danmhairg

Ecolab Europe GmbH site 8 Belinka-Ljublijana, Belinka Zasavska Cesta 95 1001 Ljubljana An tSlóivéin

Ecolab Europe GmbH site 9 Radio street 24 Bld 1 105005 Moscó Cónaidhm na Rúise

Ecolab Europe GmbH site 10 Bio Productions Ltd inc Starpro, 72 Victoria Road Victoria Industrial Estate, West Sussex RH15 9LH Burgess Hill Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann

Ecolab Europe GmbH site 11 Bioxal SA, Route des Varennes - Secteur A BP 30072 71103 Cedex An Fhrainc

Ecolab Europe GmbH site 12 Bores Srl, Via Pioppa 179 44030 Pontegradella (FE) An Iodáil

Ecolab Europe GmbH site 13 Brenntag Ardennes, Route de Tournes, CD n 2 08090 Cliron An Fhrainc

Ecolab Europe GmbH site 14 Brenntag CEE - Guntramsdorf, Blending Bahnstr 13 A 2353 Guntramsdorf An Ostair

Ecolab Europe GmbH site 15 Brenntag GmbH, Humboldtring 15 45472 Muehlheim An Ghearmáin

Ecolab Europe GmbH site 16 Brenntag Kaiserslautern, Merkurstr. 47 67663 Kaiserslautern An Ghearmáin

Ecolab Europe GmbH site 17 Brenntag Nordic - Haslev, Høsten Teglværksvej 47 4690 Haslev An Danmhairg

Ecolab Europe GmbH site 18 Brenntag Nordic - Vejle, Strandgade 35 7100 Vejle An Danmhairg

Ecolab Europe GmbH site 19 Brenntag Normandy, 12 Sente des Jumelles BP 11 76710 Montville An Fhrainc

Ecolab Europe GmbH site 20 Brenntag PL-Zgierz, ul. Kwasowa 5 95-100 Zgierz An Pholainn

Ecolab Europe GmbH site 21 Brenntag Quimica, Calle Gutemberg no 22, Poligono Industrial El Lomo 28906 Getafe Madrid An Spáinn

Ecolab Europe GmbH site 22 Brenntag Schweizerhall, Elsaesserstr. 231 CH-4056 Basel Schweiz An Eilvéis

Ecolab Europe GmbH site 23 Brenntag SRL, Str. Gării nr 1 077040 Chiaina, Ilfov An Rómáin

Ecolab Europe GmbH site 24 Budich International GmbH, Dieselstrasse 10 32120 Hiddenhausen An Ghearmáin

Ecolab Europe GmbH site 25 Caldic Deutschland Chemie B.V, Karlshof 10 D 40231 Düsseldorf An Ghearmáin

Ecolab Europe GmbH site 26 The Carbon Group, P43 R772, County Cork Rinn an Scidígh Éire

Ecolab Europe GmbH site 27 Colep Bad Schmiedeberg, Kemberger Str. 3 06905 Bad Schmiedeberg An Ghearmáin

Ecolab Europe GmbH site 28 Comercial Farmaceutica Castel LANA S.A., “Cofarcas” Condado de Trevino 46 P.I Villalonquejar 09080 Burgos An Spáinn

Ecolab Europe GmbH site 29 Comercial Godo, França 13 08700 Igaulada Barcelona An Spáinn

Ecolab Europe GmbH site 30 Courtois Sarl, ZA Sous Le Beer, Route de Pacy 27730 Bueil An Fhrainc

Ecolab Europe GmbH site 31 DAN-MOR (Dr Wipe) Natural products and Chemicals Ltd, Or Akiva Industrial Zone, Hailian street 29 30600 Akiva Iosrael

Ecolab Europe GmbH site 32 Denteck BV, Heliumstraat 8 2718 SL Zoetermeer An Ísiltír

Ecolab Europe GmbH site 33 Donauchem Kft (Hungary), Bányalég utca 37-43 H-1225 Budapest An Ungáir

Ecolab Europe GmbH site 34 Detergents Burguera S.L, Joan Ballester 50 07630 Campos (Illes Baleares) An Spáinn

Ecolab Europe GmbH site 35 Champion Technologies Ltd., Minto Avenue, Altens Industrial Estate AB12 3JZ Aberdeen Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann

Ecolab Europe GmbH site 36 ECL Biebesheim, Justus-von-Liebig-Straße 11 64584 Biebesheim am Rhein An Ghearmáin

Ecolab Europe GmbH site 37 ECL Chalons, Avenue Du General Patton 51000 Châlons-en-Champagne An Fhrainc

Ecolab Europe GmbH site 38 ECL Cisterna, Nalco italiana Manufacturing Srl. Via Ninfina II 04012 Cisterna di Latina An Iodáil

Ecolab Europe GmbH site 39 Champion Technologies Ltd. Fawley, Fawley Cadland Road Hythe, Hampshire SO45 3NP Southampton Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann

Ecolab Europe GmbH site 40 Ecolab Leeds, Lotherton Way, Garforth LS25 2JY Leeds Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann

Ecolab Europe GmbH site 41 ECL Mandra, 25TH KM Old National Road of Athens To Thiva 19600 Mandra An Ghréig

Ecolab Europe GmbH site 42 ECL Maribor, Vajngerlova Ulica 4 2000 Maribor An tSlóivéin

Ecolab Europe GmbH site 43 ECL Microtek B.V., Gesinkkampstraat 19 7051 HR Varsseveld An Ísiltír

Ecolab Europe GmbH site 44 ECL Microtek Mosta, Sorbonne Centre F20 Mosta Technopark Mst 3000 Mosta Málta

Ecolab Europe GmbH site 45 ECL Microtek Zutphen, Hekkehorst 24 7027 BN Zutphen An Ísiltír

Ecolab Europe GmbH site 46 Ecolab Ltd (IE) and Ecolab Manufacturing IE Ltd (IE), Forest Park, Zone C Mullingar Ind. Estate N91 Co. Westmeath An Muileann gCearr Éire

Ecolab Europe GmbH site 47 ECL Niewegein, Brugwal 11A 3432 NZ Nieuwegein An Ísiltír

Ecolab Europe GmbH site 48 ECL Rovigo Esoform, Esoform SRL Laboratorio Chimico Farmaceutico Viale del Lavoro 10 45100 Rovigo An Iodáil

Ecolab Europe GmbH site 49 ECL Rozzano, Via A. Grandi 20089 Milano An Iodáil

Ecolab Europe GmbH site 50 ECL Tessenderlo, Havenlaan 4, Ravenshout 4 210 B-3980 Tessenderlo An Bheilg

Ecolab Europe GmbH site 51 ECL Weavergate/Ecolab Ltd (UK)/Ecolab Manufacturing UK Ltd (UK), Winnington Avenue CW8 3AA Northwich Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann

Ecolab Europe GmbH site 52 Ecolab LTD Baglan/Swindon, Plot 7a Baglan Energy Park, Baglan SA11 2HZ Port Talbot Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann

Ecolab Europe GmbH site 53 Ferdinand Eiermacher GmbH & Co. KG, Westring 24 48356 Nordwalde An Ghearmáin

Ecolab Europe GmbH site 54 F.E.L.T., B.P 64 10 Rue du Vertuquet 59531 Neuville En Ferrain An Fhrainc

Ecolab Europe GmbH site 55 Gallows Green Services Ltd., Cod Beck Mill Industrial Estate Dalton Lane YO7 3HR Thirsk Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann

Ecolab Europe GmbH site 56 Gerdisa German Rodriguez Drogas IND., Gerdisa Poligono Industrial Miralcampo C.Pintura n.-4, parc.37 19200 Azuqueca de Henares Guadalajara An Spáinn

Ecolab Europe GmbH site 57 Girasol Natural Products BV, De Veldoven 12-14 3342 GR Hendrik-Ido-Ambacht An Ísiltír

Ecolab Europe GmbH site 58 Henkel Engels, 48 Pr. Stroitelei 413116 Saratov Cónaidhm na Rúise

Ecolab Europe GmbH site 59 IMECO GmbH & Co. KG, Boschstraße 5 D-63768 Hösbach An Ghearmáin

Ecolab Europe GmbH site 60 Innovate GmbH, Am Hohen Stein 11 06618 Naumburg An Ghearmáin

Ecolab Europe GmbH site 61 Interfill LCC-Tosno, 187000 Moskovskoye shosse 1 187000 Leningradskaya oblast Cónaidhm na Rúise

Ecolab Europe GmbH site 62 Jodel, Jodel Zona Industrial 2050 2050 Aveiras de Cima An Phortaingéil

Ecolab Europe GmbH site 63 Kleimann GmbH, Am Trieb 13 72820 Sonnenbühl An Ghearmáin

Ecolab Europe GmbH site 64 Kompak Nederland BV 433651 Bavel 0031-161 Bavel An Ísiltír

Ecolab Europe GmbH site 65 La Antigua Lavandera S.L., Ctra. Antigua Sevilla-Alcalá Km.1,5 (SE-410 Apartado de Correos 58 41500 Alcala De Guadaira Sevilla An Spáinn

Ecolab Europe GmbH site 66 Laboratoires Anios, Pavé du moulin 59260 Lille-Hellemmes An Fhrainc

Ecolab Europe GmbH site 67 Laboratoires Anios, 3330 Rue de Lille 59262 Sainghin-en-Mélantois An Fhrainc

Ecolab Europe GmbH site 68 Laboratoires Prodene Klint, Site de Mitry-Mory 2, Rue Denis Papin ZI Mitry-Compans 77290 Mitry Mory An Fhrainc

Ecolab Europe GmbH site 69 Lichtenheldt GmbH, Lichtenheldt Industriestrasse 7-9 23812 Wahlstedt An Ghearmáin

Ecolab Europe GmbH site 70 Lonza GmbH, Morianstr.32 42103 Wuppertal An Ghearmáin

Ecolab Europe GmbH site 71 Multifill BV, Constructieweg 25-A 3641 SB Mijdrecht An Ísiltír

Ecolab Europe GmbH site 72 NALCO Finland Manufacturing Oy (Tesjoki), Kivikummuntie 1 07955 Tesjoki An Fhionlainn

Ecolab Europe GmbH site 73 NALCO Celra, Celra C/ Tramuntana s/n Poligona Industrial 17460 Celrà An Spáinn

Ecolab Europe GmbH site 74 NOPA Nordisk Parfumerivare, Hvedevej 2-22 DK-8900 Randers An Danmhairg

Ecolab Europe GmbH site 75 Nuova Farmec Srl, Via Flemming 7 37026 Settimo di Pescantina (VR) Verona An Iodáil

Ecolab Europe GmbH site 76 Pal International Ltd, Sandhurst Street LE17 4JA Leicester Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann

Ecolab Europe GmbH site 77 Planol GmbH, Maybachstr 17 63456 Hanau An Ghearmáin

Ecolab Europe GmbH site 78 Plum A/S, Frederik Plums Vej 2 DK 5610 Assens An Danmhairg

Ecolab Europe GmbH site 79 Productos La Corberana S.L., Ctra Corbera Polinyá, s/no 4 46612 Valencia An Spáinn

Ecolab Europe GmbH site 80 The Proton Group Ltd, Ripley Drive, Normanton Industrial Estate WF6 1QT Wakefield Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann

Ecolab Europe GmbH site 81 Quimicas Morales S.L., Misiones, 11 Urb. El Sebadal 05005 Las Palmas de Gran Canaria An Spáinn

Ecolab Europe GmbH site 82 RNM Productos Quimicos, Lda Rua da Fabrica 123, Segade 4765-080 Carreira Vila Nova de Famalicao An Phortaingéil

Ecolab Europe GmbH site 83 RP Adam Ltd (Arpal Group), North Riverside Business Park, Riverside Road, TD7 5DU Selkirk Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann

Ecolab Europe GmbH site 84 Roquette & Barentz, Roquette Freres, Route De La Gorgue F-62136 Lestrem An Fhrainc

Ecolab Europe GmbH site 85 Rutpen Ltd, Membury Airfield, Lambourn RG16 7TJ Membury Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann

Ecolab Europe GmbH site 86 Simagec, Z.I. de Rousset / Peynier, 54 Avenue de la Plaine, 13790 Rousset An Fhrainc

Ecolab Europe GmbH site 87 Solimix, Montseny 17-19 Pol. Ind. Sant Pere, Molanta 08799 Olerdola Barcelona An Spáinn

Ecolab Europe GmbH site 88 Staub & Co - Silbermann GmbH, Industriestraße 3 D-86456 Gablingen An Ghearmáin

Ecolab Europe GmbH site 89 Stockmeier Chemie, Eilenburg GmbH & Co. Kg, Gustav-Adolf-Ring 5 04838 Ellenburg An Ghearmáin

Ecolab Europe GmbH site 90 Synerlogic BV (IN2FOOD), L.J. Costerstraat 5 6827 Arnhem An Ísiltír

Ecolab Europe GmbH site 91 Techtex (Technical Textile Services Ltd), Units 7 & 8, Rhodes Business Park Silburn Way, Middleton M24 4NE Manchester Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann

Ecolab Europe GmbH site 92 Univar Ltd, Argyle House, Epsom Avenue SK9 3RN Wilmslow Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann

Ecolab Europe GmbH site 93 Univar SPA, Via Caldera 21 20-153 Milano An Iodáil

Ecolab Europe GmbH site 94 Van Dam Bodegraven B.V, Postbus 48 NL 2410 AA Bodegraven An Ísiltír

Ecolab Europe GmbH site 95 McBride, Calle Ramón Esteve, 0 S/N (Pol L’Illa), 08650 Botjosa (la) Barcelona An Spáinn

Ecolab Europe GmbH site 96 Extruplast, Avenue de la Repentie 1700 La Rochelle An Fhrainc

Ecolab Europe GmbH site 97 Brenntag Hungary Kft, Bányalég u. 45 1225 Budapest An Ungáir

Ecolab Europe GmbH site 98 DR. Becher GmbH, Vor den Specken 3, 30926 Seelze An Ghearmáin

Ecolab Europe GmbH site 99 Danlind AS, Lægaardvej 90 - 94 DK-7500 Holstebro An Danmhairg

Ecolab Europe GmbH site 100 Farmak Moravia a.s, Na Vlčinci 16, 779 00 Oloumoc An tSeicia

Ecolab Europe GmbH site 101 Hydrachem LTD, Gillmans Industrial Estate, Natts Lane RH14 9EZ Billingshurst Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann

Ecolab Europe GmbH site 102 Julius Hoesch GmbH, Birkesdorfer Str. 5 52353 Düren An Ghearmáin

Ecolab Europe GmbH site 103 Medentech LTD, Whitemill Industrial Estate Wexford Wexford Éire

Ecolab Europe GmbH site 104 MKS GmbH & CO KG, Am Ockenheimer Graben 43 55411 Bingen am Rhein An Ghearmáin

Ecolab Europe GmbH site 105 PDI, Aber Park, Aber Road CH6 5EX Flint Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann

Ecolab Europe GmbH site 106 Peenwhite LTD, Midpoint 18 Business Park, Aston Way, CW10 0HS Middlewich Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann

Ecolab Europe GmbH site 107 Jago Pro Sp.z.o.o., Szczakowska 35 43-600 Jaworzno An Pholainn

Ecolab Europe GmbH site 108 Wesso AG, Martin-Luther-Str.10 91217 Hersbruck An Ghearmáin

Ecolab Europe GmbH site 109 CID Lines NV, Waterpoorstraat 2 8900 Ieper An Bheilg

1.5.   Monaróir/monaróirí na substainte gníomhaí nó na substaintí gníomhacha

Substaint ghníomhach

Própán-1-ól

Ainm an mhonaróra

BASF SE

Seoladh an mhonaróra

Carl-Bosch-Str. 38 67056 Ludwigshafen An Ghearmáin

Suíomh na láithreán monaraíochta

BASF SE site 1 Carl-Bosch-Str. 38 67056 Ludwigshafen An Ghearmáin


Substaint ghníomhach

Própán-1-ól

Ainm an mhonaróra

OQ Corporation

Seoladh an mhonaróra

2001 FM 3057 TX 77414 Bay City Na Stáit Aontaithe

Suíomh na láithreán monaraíochta

OQ Corporation site 1 2001 FM 3057 TX 77414 Bay City Na Stáit Aontaithe

Caibidil 2.   COMHDHÉANAMH AGUS FOIRMLIÚ AN TACAIR TÁIRGÍ

2.1.   Faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil faoi chomhdhéanamh an tacair

Gnáthainm

Ainm IUPAC

Feidhm

Uimhir CAS

Uimhir CE

Cion (%)

Própán-1-ól

 

Active substance

71-23-8

200-746-9

70,35 - 75,38 % (w/w)

2.2.   Cineál/cineálacha foirmlithe

Cineál nó cineálacha foirmlithe

AL Aon leacht eile

CUID II

AN DARA LEIBHÉAL FAISNÉISE MEITEA-SPC(ANNA)

Caibidil 1.   MEITEA-SPC 1 FAISNÉIS RIARACHÁIN

1.1.   MEITEA-SPC 1 aitheantóir

Aitheantóir

Meta SPC: meta SPC 1

1.2.   Iarmhír na huimhreach údaraithe

Uimhir

1-1

1.3.   Cineál nó cineálacha táirge

Cineál nó cineálacha táirge

PT01: Sláinteachas an duine

Caibidil 2.   COMHDHÉANAMH META SPC 1

2.1.   Faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil faoi chomhdhéanamh meitea-SPC 1

Gnáthainm

Ainm IUPAC

Feidhm

Uimhir CAS

Uimhir CE

Cion (%)

Própán-1-ól

 

Active substance

71-23-8

200-746-9

70,35 - 75,38 % (w/w)

2.2.   Cineál/cineálacha foirmlithe meitea-SPC 1

Cineál nó cineálacha foirmlithe

AL Aon leacht eile

Caibidil 3.   RÁITIS GHUAISE AGUS RÉAMHCHÚRAIM MEITEA-SPC 1

Ráitis ghuaise

H226: Leacht inadhainte agus gal inadhainte.

H318: Ina chúis le damáiste tromchúiseach don tsúil.

H336: D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le codlatacht nó le meadhrán.

EUH066: D’fhéadfadh tirimeacht craicinn nó scoilteadh craicinn a bheith mar thoradh ar ilnochtadh.

Ráitis réamhchúraim

P210: Coimeád ó theas, dromchlaí te, splancacha, lasair gan chosaint agus foinsí eile adhainte. Ná caitear tobac.

P280: Caith aghaidhchosaint.

P280: Caith súilchosaint.

P305+P351+P338: I gCÁS TEAGMHÁIL LEIS NA SÚILE: Sruthlaítear go faichilleach le huisce ar feadh roinnt nóiméad. Bain amach lionsaí tadhaill, má tá siad á gcaitheamh agus más féidir iad a bhaint amach go héasca. Lean leis an sruthlú.

P310: Cuir glao láithreach ar IONAD NIMHE nó ar dhoctúir.

P261: Seachain gala a análú.

P312: Cuir glao ar POISONCENTRE/dochtúir má bhraitheann tú tinn.

Caibidil 4.   ÚSÁID/ÚSÁIDÍ ÚDARAITHE MEITEA-SPC

4.1.   Tuairisc úsáide

Tábla 1

Díghalrú láimh

An cineál táirge

PT01: Sláinteachas an duine

I gcás inarb ábhartha, tuairisc bheacht ar an úsáid údaraithe

Díghalrán lámh sláinteach

Spriocorgánach (nó spriocorgánaigh) (lena n-áirítear céim na forbartha)

Ainm eolaíoch: Baictéir

Gnáthainm: Baictéir

Céim na forbartha: níl aon sonraí ar fáil

Ainm eolaíoch: Baictéir eitinne

Gnáthainm: Baictéir eitinne

Céim na forbartha: níl aon sonraí ar fáil

Ainm eolaíoch: Giostaí

Gnáthainm: Giostaí

Céim na forbartha: níl aon sonraí ar fáil

Ainm eolaíoch: Víris imchlúdaithe

Gnáthainm: Víris imchlúdaithe

Céim na forbartha: níl aon sonraí ar fáil

Ainm eolaíoch: Víris (gníomhaíocht vírisicídeach speictrim theoranta)

Gnáthainm: Víris (gníomhaíocht vírisicídeach speictrim theoranta)

Céim na forbartha: níl aon sonraí ar fáil

Réimse (nó réimsí) úsáide

úsáid laistigh

Istigh Díghalrú láimh Limistéir próiseála bia (tionscal, limistéir cistine institiúideacha agus ospidéil (gan teagmháil le hothair))Díghalrán sláinteach lámh, ar lámha is léir go bhfuil siad glan

Modh (nó modhanna) úsáide

Airí modha: Caidéal láimhe nó uathoibríoch

Tuairisc mhionsonraithe ar an airí:

Láimhe (luamhán uillinn nó gan tadhall) Uathoibríoch (le caidéal)

Ráta (nó rátaí) agus minicíocht feidhmithe

Ráta úsáide: 3 mL Réidh le húsáid

Airí uainithe:

10 n-uaire in aghaidh an lae

Catagóir (nó catagóirí) úsáideoirí

tionsclaíoch

gairmiúil

Méideanna paca agus ábhar pacáistíochta

Buidéal 100-20 000 mL HDPE, jerry canna.

4.1.1.   Treoracha úsáidsonracha úsáide

Féach tomhais ginearálta (5.1)

4.1.2.   Bearta úsáidsonracha maolaithe riosca

Féach tomhais ginearálta (5.2)

4.1.3.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint

Féach tomhais ginearálta (5.3)

4.1.4.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, na treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte

Féach tomhais ginearálta (5.4)

4.1.5.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála

Féach tomhais ginearálta (5.5)

Caibidil 5.   TREORACHA GINEARÁLTA ÚSÁIDE MAIDIR LE MEITEA-SPC 1

5.1.   Treoracha úsáide

Úsáid 1 – Díghalrú láimh

Díghalrú láimhe do limistéir próiseála bia:

Cuir 3 mL táirge ar lámha glan tirim ar feadh:

30 soicind baictéir/giostaí/ baictéir eitinne /víris imchlúdaithe

60 soicind víris (gníomhaíocht vírisicídeach speictrim theoranta)

Coinnigh lámha fliuch le linn ama teagmhála ina iomláine

5.2.   Bearta maolaithe riosca

Seachain teagmháil le súile.

Má theastaíonn athlíonadh, ba chóir cosaint láimhe agus súl a chaitheamh.

I gcás craicinn tirim, úsáid lóis chúram craicinn oiriúnach.

5.3.   Sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint

MÁ IONANÁLAÍTEAR: Tabhair amach faoin aer agus coimeád socair i suíomh atá compordach d’análú. Cuir glao ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir.

MÁ SHLOGTAR: Sruthlaítear an béal.

Má tá comhartha sóirt ann: Cuir glao ar 112/otharcharr chun cúnamh leighis a fháil.

Mura bhfuil comharthaí sóirt ann: Cuir glao ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir.

Faisnéis do phearsanra Sláinte/dochtúir: Cuir tús le bearta tacaíochta beatha más gá, agus ina dhiaidh sin cuir glao ar IONAD NIMHE.

I gCÁS TEAGMHÁLA LEIS AN gCRAICEANN: Má tharlaíonn greannú, nigh le huisce agus faigh cúram liachta. I gcás nochta craicinn trí thimpiste: nigh le huisce.

I GCÁS TEAGMHÁLA LEIS NA SÚILE: Sruthlaigh láithreach le huisce ar feadh roinnt nóiméad. Tóg amach na tadhall-lionsaí, más ann dóibh agus más furasta é sin a dhéanamh. Lean ag sruthlú ar feadh 15 nóiméad ar a laghad. Cuir glao ar 112/otharcharr chun cúnamh leighis a fháil.

Réamhchúraim comhshaoil: ná ceadaigh teagmháil le ithir, uisce dromchla nó talaimh.

5.4.   Treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte

Táirge agus iarmhar táirge: Ba chóir gan cheadú don táirge dul isteach i ndraenacha, cúrsaí uisce nó ithear. Nuair is féidir, is fearr athchúrsáil ná diúscairt nó dó. Mura bhfuil athchúrsáil indéanta, diúscair é i gcomhréir le rialacháin áitiúla. Diúscair dramhaíl i ngléasra diúscartha dramhaíl faofa

Pacáistiú: Ba chóir coimeádáin fholmha a thógáil go dtí suíomh oiriúnach um láimhseáil dramhaíl i gcomhair athchúrsála nó diúscartha. Diúscair pacáistiú amháin má bhíonn sé go hiomlán folamh agus dúnta. Ná athúsáid coimeádáin fholmha. Diúscair i gcomhréir le rialacháin áitiúla, stáit agus cónaidhme.

5.5.   Coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála

Coinnigh amach ó fhoinsí teasa agus adhainte. Coinnigh in áit fuar, dea-aeraithe. Coinnigh amach ó oibreáin ocsaídithe. Coimeád as aimsiú leanaí. Coimeád an coimeádán dúnta go docht. Stóráil i gcoimeádáin oiriúnacha, le lipéad. Stóráil idir 0 °C agus 25 °C.

Seilfré: 4 bhliana

Caibidil 6.   FAISNÉIS EILE

Caibidil 7.   AN TRÍÚ LEIBHÉAL FAISNÉISE: TÁIRGÍ AONAIR I MEITEA-SPC 1

7.1.   Trádainm (nó trádainmneacha), uimhir údaraithe agus comhdhéanamh sonrach gach táirge aonair

Trádainm/trádainmneacha

Skinman Sensitive

Réimse margaidh: AE

P3-Manodes LI

Réimse margaidh: AE

Epicare DES

Réimse margaidh: AE

Manodes LI

Réimse margaidh: AE

Keystone Hand Des

Réimse margaidh: AE

Sysco Hand Des

Réimse margaidh: AE

Uimhir an údaraithe

 

EU-0028430-0001 1-1

Gnáthainm

Ainm IUPAC

Feidhm

Uimhir CAS

Uimhir CE

Cion (%)

Própán-1-ól

 

Active substance

71-23-8

200-746-9

70,35 % (w/w)


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/741/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top