Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026R0715

Rialachán (AE) 2026/715 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2026 maidir le dearaí an Aontais Eorpaigh (códú) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

PE/48/2025/REV/1

IO L, 2026/715, 30.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/715/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/715/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/715

30.3.2026

RIALACHÁN (AE) 2026/715 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Márta 2026

maidir le dearaí an Aontais Eorpaigh

(códú)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 118, an chéad mhír, de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle (2) a leasú go substaintiúil roinnt uaireanta (3). Ar mhaithe le soiléireacht agus le réasúntacht, ba cheart an Rialachán sin a chódú.

(2)

Le Rialachán (CE) Uimh. 6/2002, cruthaíodh córas cosanta dearaidh a bhaineann go sonrach leis an gComhphobal Eorpach, an tAontas Eorpach anois, ar córas é ina ndearnadh foráil ó shin i leith maidir le cosaint dearaí ar leibhéal an Aontais i gcomhthreo leis an gcosaint dearaí atá ar fáil ar an leibhéal náisiúnta sna Ballstáit i gcomhréir lena ndlíthe náisiúnta maidir le cosaint dearaidh, arna gcomhchuibhiú de bhun Threoir 98/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(3)

Le cosaint do dhearadh tionsclaíoch, ní hamháin go gcuirtear chun cinn an rannchuidiú a dhéanann dearthóirí aonair le barr feabhais an Aontais a bhaint amach sa réimse, ach, chomh maith leis sin, spreagtar nuálaíocht agus forbairt táirgí nua agus infheistíocht i dtáirgeadh na dtáirgí sin.

(4)

Dá bhrí sin, tá córas cosanta dearaidh inrochtana arna chur in oiriúint do riachtanais an mhargaidh inmheánaigh fíor-riachtanach le haghaidh thionscadail an Aontais.

(5)

Ó bunaíodh córas na ndearaí Comhphobail, córas deartha an Aontais Eorpaigh (‘dearadh AE’) anois léirítear leis an taithí gur ghlac dearthóirí aonair agus gnóthais ó laistigh den Aontas agus ó thríú tíortha leis an gcóras agus is córas é atá ina chomhlánú rathúil inmharthana nó ina rogha mhalartach rathúil inmharthana ar an gcosaint dearaí ar leibhéal náisiúnta na mBallstát.

(6)

Mar sin féin, tá gá le córais náisiúnta cosanta dearaidh i gcónaí le haghaidh na ndearthóirí aonair agus na ngnóthas sin nach mian leo a ndearaí a chosaint ar leibhéal an Aontais, nó nach féidir leo cosaint ar fud an Aontais a fháil, cé nach bhfuil aon bhacainn orthu cosaint a fháil ar an leibhéal náisiúnta. Ba cheart é a fhágáil faoi gach duine a bhfuil cosaint dearaidh á lorg aige nó aici a chinneadh an cineál cosanta atá á lorg aige nó aici, bíodh gur cheart dearaidh náisiúnta i mBallstát amháin nó níos mó a bheadh ann, nó ceart dearaidh AE amháin a bheadh ann, nó an dá rud a bheadh ann.

(7)

Ba cheart dlíthe agus cleachtais náisiúnta maidir le dearadh a bheith i gcomhréir leis an gcóras dearaí AE a mhéid is iomchuí, chun coinníollacha comhionanna a leagan síos, a mhéid is féidir, chun dearaí a chlárú agus a chosaint ar fud an Aontais. Ba cheart é sin a chomhlánú le hiarrachtaí ó Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (‘an Oifig’), ó lároifigí maoine tionsclaíche na mBallstát agus ó Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil chun cóineasú cleachtas agus uirlisí a chur chun cinn i réimse na ndearaí faoin gcreat comhair a leagtar síos i Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(8)

Mar chomhlánú ar riar an chórais dearaí AE, tá sé bunriachtanach go gcuirfeadh an Oifig an córas sin chun cinn ar bhealach leordhóthanach d’fhonn feasacht a mhúscailt agus tuiscint a fheabhsú ar an bhféidearthacht cosaint dearaidh a fháil agus a úsáid ar leibhéal an Aontais agus ar an luach agus ar na tairbhí a bhaineann leis sin.

(9)

Ó bunaíodh córas na ndearaí Comhphobail, tá dearaí nua nach gcorpraítear i dtáirgí fisiciúla tar éis teacht chun cinn mar thoradh ar mhéadú na teicneolaíochta faisnéise. Leis an sainmhíniú ar tháirgí atá incháilithe don chosaint dearaidh, ba cheart a chumhdach go soiléir na táirgí sin a chorpraítear i réad fisiciúil, nó a léirshamhlaítear i ngrafaic, nó ar léir iad ó leagan amach spásúil ítimí lena bhfuil sé beartaithe timpeallacht inmheánach nó seachtrach a chruthú. Sa chomhthéacs sin, ba cheart a aithint gur féidir le beochan gnéithe táirge, amhail ghluaiseacht nó aistriú gnéithe táirge, cur le cuma na ndearaí, go háirithe dearaí nach gcorpraítear i réad fisiciúil.

(10)

Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, is iomchuí a fhoráil go dtugtar cosaint don sealbhóir cirt, trí dhearadh AE a chlárú, maidir leis na gnéithe dearaidh sin de tháirge, ina iomláine nó i bpáirt, a léirítear go hinfheicthe in iarratas ar chlárú dearaidh AE den sórt sin agus a chuirtear ar fáil don phobal trí fhoilsiú.

(11)

Seachas a bheith léirithe go infheicthe in iarratas ar chlárú dearaidh AE, ní gá do ghnéithe dearaidh de tháirge a bheith infheicthe ag aon am faoi leith nó in aon chás úsáide faoi leith chun tairbhe a bhaint as cosaint dearaidh. Ba cheart feidhm a bheith ag eisceacht ón bprionsabal sin maidir le cosaint dearaidh comhpháirteanna táirge chasta nach mór leanúint de bheith infheicthe le linn ghnáthúsáid an táirge sin.

(12)

An measúnú maidir le cé acu atá nó nach bhfuil gné shainiúil ag baint le dearadh, ba cheart é a bheith bunaithe ar cé acu atá nó nach bhfuil difríocht shoiléir idir an bhraistint fhoriomlán a mhúsclaítear in úsáideoir eolach a bhreathnaíonn ar an dearadh agus an bhraistint fhoriomlán a mhúsclaítear in úsáideoir den sórt sin leis an gcorpas dearaidh atá ann cheana, agus cineál an táirge ar a gcuirtear an dearadh i bhfeidhm nó ina n-ionchorpraítear é, agus go háirithe an earnáil tionsclaíochta lena mbaineann sé agus an méid saoirse atá ag an dearthóir agus an dearadh á fhorbairt aige nó aici, á gcur san áireamh.

(13)

Níor cheart cur isteach ar nuálaíocht theicneolaíoch trí chosaint dearaidh a dheonú do ghnéithe atá faoi réir ag feidhmiú teicniúil agus aige sin amháin. Tuigtear nach gciallaíonn sé sin gur gá mianach aeistéitiúil a bheith ag dearadh. Ar an gcaoi chéanna, níor cheart cur isteach ar idir-inoibritheacht cineálacha éagsúla táirgí trí chosaint a leathnú go dtí dearadh feisteas meicniúil. Dá bhrí sin, níor cheart na gnéithe sin de dhearadh a eisiatar ón gcosaint ar na cúiseanna sin a chur san áireamh chun measúnú a dhéanamh ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann gnéithe eile den dearadh na ceanglais maidir le cosaint.

(14)

Mar sin féin, d’fhéadfadh na feistis mheicniúla de tháirgí modúlacha a bheith ina ngné thábhachtach de shaintréithe nuálacha táirgí modúlacha agus d’fhéadfaidís a bheith ina mórshócmhainn mhargaíochta agus, dá bhrí sin, ba cheart iad a bheith incháilithe don chosaint.

(15)

Sa mhéid is féidir, ba cheart do dhearadh AE freastal ar riachtanais gach earnála tionsclaíochta san Aontas.

(16)

Táirgeann roinnt de na hearnálacha sin líon mór dearaí le haghaidh táirgí a mbíonn saol margaidh gearr acu i gcás ina bhfuil cosaint gan ualach na bhfoirmiúlachtaí riaracháin ina buntáiste agus ina bhfuil níos lú tábhacht ag baint le fad na cosanta. Os a choinne sin, tá earnálacha tionsclaíochta ann a chuireann luach ar na buntáistí a bhaineann le clárú toisc go soláthraíonn sé níos mó deimhneacha dlíthiúla agus a dteastaíonn uathu deis a bheith ann cosaint a dhéanamh ar feadh téarma níos faide a chomhfhreagraíonn do shaol margaidh intuartha a dtáirgí.

(17)

Éilítear, dá bharr sin, dhá chineál cosanta, ar dhearadh neamhchláraithe gearrthéarmach é ceann amháin díobh agus ar dhearadh cláraithe ar feadh tréimhse níos faide é an ceann eile.

(18)

Le dearadh cláraithe AE, is gá clár a choinneáil ar bun ina gclárófar na hiarratais sin go léir a chomhlíonann na coinníollacha foirmiúla agus a bhfuil dáta comhdaithe tugtha dóibh (‘an Clár dearaí AE’). I bprionsabal, níor cheart an córas clárúcháin sin a bheith bunaithe ar scrúdú substainteach i dtaca le comhlíonadh na gceanglas cosanta roimh chlárú, agus ar an gcaoi sin choimeádfaí an clárú agus na hualaí nós imeachta eile ar iarratasóirí chomh híseal agus is féidir.

(19)

Níor cheart seasamh le dearadh AE mura bhfuil an dearadh nua, agus mura bhfuil gné shainiúil aige freisin i gcomparáid le dearaí eile.

(20)

Chomh maith leis sin, is gá cead a thabhairt don dearthóir nó do chomharba i dteideal an dearthóra na táirgí ina gcorpraítear an dearadh a thástáil sa mhargadh sula ndéanfar cinneadh an inmhianaithe an chosaint a eascraíonn as dearadh AE cláraithe. Chuige sin, is gá foráil a dhéanamh, maidir le nochtadh an dearaidh ag an dearthóir nó ag comharba i dteideal an dearthóra, nó nochtadh mí-úsáideach le linn tréimhse 12 mhí roimh dháta comhdaithe an iarratais ar dhearadh AE cláraithe, nár cheart do nochtadh den sórt sin dochar a dhéanamh agus measúnú á dhéanamh ar úrnuacht nó gné shainiúil an dearaidh i dtrácht.

(21)

I bhfianaise na húsáide méadaithí atá á baint as teicneolaíochtaí priontála 3T i réimsí éagsúla tionscal, lena n-áirítear le cabhair na hintleachta saorga, agus i bhfianaise na ndúshlán a eascraíonn as sin do shealbhóirí cirt dearaidh maidir le cosc éifeachtach a chur ar chóipeáil neamhdhlisteanach a ndearaí cosanta, is iomchuí a fhoráil gur ionann cruthú, íoslódáil, cóipeáil agus cur ar fáil aon mheáin nó bogearraí lena ndéantar an dearadh a taifeadadh chun táirge a sháraíonn an dearadh cosanta a atáirgeadh agus úsáid an dearaidh ar cheart í a bheith faoi réir údarú an tsealbhóra cirt.

(22)

Chun cosaint dearaidh a áirithiú agus góchumadh a chomhrac go héifeachtach, agus i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais faoi chreat na hEagraíochta Trádála Domhanda (EDT), go háirithe Airteagal V den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil (CGTT) maidir le saoirse idirthurais, agus, a mhéid a bhaineann le cógais chineálacha, Dearbhú Doha maidir le Comhaontú TRIPS agus Sláinte Phoiblí, arna ghlacadh ag Comhdháil Aireachta EDT an 14 Samhain 2001, ba cheart sealbhóir dearaidh AE chláraithe a bheith i dteideal cosc a chur ar thríú páirtithe, agus iad i mbun trádála, táirgí a thabhairt ó thríú tíortha isteach san Aontas, gan iad a scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta ansin, i gcás, gan údarú ón sealbhóir cirt a fháil, ina n-ionchorpraítear dearadh sna táirgí sin atá comhionann nó atá comhionann go bunúsach leis an dearadh AE cláraithe nó i gcás ina gcuirtear dearadh i bhfeidhm ar na táirgí sin atá comhionann nó atá comhionann go bunúsach leis an dearadh AE cláraithe.

(23)

Chuige sin, ba cheart é a bheith incheadaithe do shealbhóirí dearaí AE cláraithe cosc a chur ar theacht isteach táirgí sáraitheacha agus cosc a chur ar tháirgí den sórt sin a chur i ngach cás custaim, lena n-áirítear nuair nach bhfuil sé beartaithe táirgí den sórt sin a chur ar mhargadh an Aontais. Agus rialuithe custaim á ndéanamh, ba cheart do na húdaráis chustaim leas a bhaint as na cumhachtaí agus as na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 608/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), arna iarraidh sin do na shealbhóirí cirt freisin. Go háirithe, ba cheart do na húdaráis chustaim na rialuithe ábhartha a dhéanamh ar bhonn critéir anailíse riosca.

(24)

Chun réiteach a dhéanamh idir an gá atá ann forfheidhmiú éifeachtach ceart dearaidh a áirithiú agus an gá atá ann gan cur isteach ar shaorshreabhadh trádála i dtáirgí dlisteanacha, ba cheart teidlíocht shealbhóir an dearaidh AE chláraithe a dhul i léig i gcás, le linn imeachtaí arna dtionscnamh os comhair na cúirte um dhearaí an Aontais Eorpaigh (‘an chúirt um dhearaí AE’) atá inniúil chun cinneadh substainteach a dhéanamh i dtaobh cé acu a sáraíodh nó nár sáraíodh an dearadh AE, ina bhfuil an dearbhóir nó sealbhóir na dtáirgí in ann a chruthú nach bhfuil sealbhóir an dearaidh AE chláraithe i dteideal toirmeasc a chur ar na táirgí a chur ar an margadh i dtír an chinn scríbe.

(25)

Tá cineál eisiach an chirt a thugtar leis an dearadh AE cláraithe i gcomhréir leis an mian atá ann níos mó deimhneachta dlíthiúla a thabhairt dó. Is iomchuí, áfach, nár cheart a bheith sa dearadh AE neamhchláraithe ach an ceart cosc a chur ar chóipeáil. Dá bhrí sin, ní fhéadfadh an chosaint a leathnú go táirgí dearaidh ar toradh iad ar dhearadh ar tháinig an dara dearthóir air go neamhspleách. Ba cheart réim a bheith ag an gceart sin freisin maidir le trádáil i dtáirgí ina gcorpraítear dearaí sáraitheacha.

(26)

Táthar le forfheidhmiú na gceart sin a fhágáil faoi dhlíthe náisiúnta. Is gá, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh maidir le roinnt smachtbhannaí aonfhoirmeacha bunúsacha i ngach Ballstát. Leis na smachtbhannaí sin, ba cheart a bheith in ann stop a chur leis na gníomhaíochtaí sáraitheacha, gan beann ar an dlínse faoina n-iarrtar forfheidhmiú.

(27)

Ba cheart na cearta eisiacha a thugtar le dearadh AE cláraithe a bheith faoi réir tacar iomchuí teorainneacha. Cé is moite de ghníomhaíochtaí arna ndéanamh go príobháideach agus chun críoch neamhthráchtála agus de ghníomhaíochtaí arna ndéanamh chun críoch turgnaimh, ba cheart a áireamh ar na húsáidí ceadaithe gníomhaíochtaí atáirgthe chun rud a lua nó gníomhaíochtaí teagaisc, úsáid thagartha i gcomhthéacs na fógraíochta comparáidí, agus úsáid chun críoch barúla, critice nó scigaithrise, ar choinníoll go bhfuil na gníomhaíochtaí sin comhoiriúnach le cleachtais chóirthrádála agus nach ndéanann siad dochar míchuí do ghnáthshaothrú an dearaidh. Maidir leis an úsáid a bhaineann tríú páirtithe as dearadh AE cláraithe chun críoch léirithe ealaíonta, ba cheart a mheas go bhfuil an úsáid sin cothrom fad atá sí i gcomhréir le cleachtais mhacánta in ábhair thionsclaíocha agus thráchtála. Thairis sin, ba cheart na rialacha maidir le dearaí AE a chur i bhfeidhm ar bhealach lena n-áirithítear urraim iomlán do chearta agus saoirsí bunúsacha, go háirithe an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.

(28)

Comhchuibhíodh le Treoir (AE) 2024/2823 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) dlíthe na mBallstát a mhéid a bhaineann le húsáid dearaí cosanta ionas gur féidir táirge casta a dheisiú chun cuma bhunaidh an táirge sin a athbhunú, i gcás ina gcuirtear an dearadh i bhfeidhm ar tháirge nó ina n-ionchorpraítear an dearadh i dtáirge, ar táirge é atá mar chomhpháirt de tháirge casta a bhfuil dearadh cosanta na comhpháirte ag brath ar an gcuma atá air. Dá réir sin, measadh gur cheart an clásal deisiúcháin idirthréimhseach a leagadh síos roimhe seo i Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 a bheith ina fhoráil bhuan. Toisc gurb é éifeacht bheartaithe an chlásail deisiúcháin sin gan cearta dearaidh AE chláraithe agus neamhchláraithe a dhéanamh in-fhorfheidhmithe i gcás ina n-úsáidtear dearadh na comhpháirte de tháirge coimpléascach chun an táirge casta a dheisiú chun cuma bhunaidh an táirge sin a athbhunú, ba cheart an clásal deisiúcháin a bheith i measc na gcosaintí maidir le sárú ar chearta dearaidh AE faoin Rialachán seo. Thairis sin, ar mhaithe le comhleanúnachas leis an gclásal deisiúcháin a leagtar síos i dTreoir (AE) 2024/2823, agus chun a áirithiú nach bhfuil raon feidhme cosanta an dearaidh srianta ach amháin chun cosc a chur ar shealbhóirí cirt dearaidh monaplachtaí táirgí a fháil i ndáiríre, is gá feidhmiú an chlásail deisiúcháin a leagtar síos sa Rialachán seo a theorannú go sainráite do chomhpháirteanna de tháirge casta a bhfuil an dearadh cosanta ag brath ar an gcuma atá air. Ina theannta sin, chun a áirithiú nach gcuirfí tomhaltóirí amú agus go mbeadh sé ar chumas na dtomhaltóirí cinneadh feasach a dhéanamh idir táirgí iomaíocha is féidir a úsáid le haghaidh an deisiúcháin, ba cheart a fhoráil go sainráite, maidir le monaróir nó díoltóir comhpháirte nár chuir tomhaltóirí ar an eolas go cuí faoi thionscnamh thráchtála an táirge agus faoi chéannacht mhonaróra an táirge atá le húsáid chun an táirge casta a dheisiú, nach féidir leo an clásal deisiúcháin a agairt. Ba cheart an fhaisnéis mhionsonraithe sin a sholáthar trí thásc soiléir agus infheicthe ar an táirge nó, i gcás nach féidir é sin a dhéanamh, ar a phacáistíocht nó i ndoiciméad a ghabhann leis an táirge, agus ba cheart ar a laghad an trádmharc faoina ndéantar an táirge a mhargú agus ainm an mhonaróra a áireamh inti.

(29)

D’fhonn éifeachtacht léirscaoileadh an mhargaidh iardhíola páirteanna spártha atáthar á lorg leis an Rialachán seo a chaomhnú agus i gcomhréir le cásdlí (8) Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, chun a bheith in ann tairbhe a bhaint as an díolúine ó chosaint an dearaidh a bhaineann leis an gclásal deisiúcháin, tá dualgas na dícheallachta ar monaróir nó díoltóir comhpháirte de tháirge casta chun a áirithiú, trí mhodhanna iomchuí, go háirithe modhanna conarthacha, nach bhfuil sé beartaithe ag úsáideoirí iartheachtacha na comhpháirteanna atá i gceist a úsáid chun críoch eile seachas chun críoch deisiúcháin chun cuma bhunaidh an táirge chasta a athbhunú. Níor cheart leis sin, áfach, a cheangal ar mhonaróir ná díoltóir comhpháirte de tháirge casta a ráthú, go hoibiachtúil agus i ngach imthoisc, gur chun críoch deisiúcháin, agus chun na gcríoch sin amháin, chun cuma bhunaidh an táirge chasta a athbhunú a úsáideann úsáideoirí deiridh, i ndáiríre, ar deireadh, na comhpháirteanna a dhéanann siad nó a dhíolann siad.

(30)

Aon tríú daoine atá in ann a shuíomh gur thosaigh siad ag baint úsáid, de mheon macánta, laistigh den Aontas, as dearadh a áirítear faoi raon feidhme cosanta dearaidh AE chláraithe, fiú chun críoch tráchtála, nó go ndearna siad ullmhúcháin dháiríre éifeachtacha chuige sin, féadfaidh siad a bheith i dteideal an dearadh sin a shaothrú ar bhonn teoranta.

(31)

Chun margú na dtáirgí atá faoi chosaint dearaidh a éascú, go háirithe ag fiontair bheaga agus mheánmhéide (‘FBManna’) agus dearthóirí aonair, agus chun feasacht ar chórais clárúcháin dearaidh atá ann ar leibhéil an Aontais agus ar leibhéal náisiúnta araon

Image 1

a mhéadú, ba cheart fógra a nglactar go coitianta leis ina bhfuil an tsiombail a bheith ar fáil lena úsáid ag sealbhóirí cirt dearaidh agus daoine eile ach toiliú a fháil uathu.

(32)

Is bunchuspóir an Rialacháin seo é go mbeadh an costas is ísle agus an líon deacrachtaí is lú d’iarratasóirí i gceist leis an nós imeachta chun dearadh cláraithe AE a fháil, ionas go mbeadh sé ar fáil go héasca do FBManna agus do dhearthóirí aonair.

(33)

Níor cheart a bheith in ann iarratas ar dhearadh AE cláraithe a chomhdú ach amháin ag an Oifig. Chun soláthar faisnéise agus treorach riaracháin a éascú d’iarratasóirí maidir leis an nós imeachta chun dearaí AE a chlárú, is iomchuí go gcomhoibreodh an Oifig agus lároifigí maoine tionsclaíche na mBallstát agus Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil lena chéile chuige sin faoin gcreat comhair a leagtar síos i Rialachán (AE) 2017/1001.

(34)

Tá sé ríthábhachtach na modhanna iomchuí a sholáthar chun léiriú soiléir agus beacht a thabhairt ar gach dearadh, rud atá inoiriúnaithe do dhul chun cinn teicniúil maidir le léirshamhlú na ndearaí agus do riachtanais thionscal an Aontais. Chun a áirithiú gur féidir an léiriú grafach céanna a úsáid le haghaidh iarratais ar dhearaí i mBallstát amháin nó níos mó agus le haghaidh iarratais ar dhearaí AE cláraithe, ba cheart a cheangal ar an Oifig, ar lároifigí maoine tionsclaíche na mBallstát agus ar Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil oibriú i gcomhar lena chéile chun caighdeáin choiteanna a bhunú maidir leis na ceanglais fhoirmiúla nach mór don léiriú a chomhlíonadh.

(35)

Na hearnálacha tionscail sin a tháirgeann líon mór dearaí a d’fhéadfadh a bheith gearrshaolach thar thréimhsí gearra ama agus nach bhféadfaí ach cuid acu a thráchtálú ar deireadh, beidh buntáiste acu maidir le húsáid an dearaidh AE neamhchláraithe. Ina theannta sin, is gá do na hearnálacha sin leas níos éasca a bhaint as an dearadh AE cláraithe. Dá bhrí sin, shásófaí an gá sin trí rogha a bheith ann roinnt dearaí a chur le chéile in aon iarratas iolrach amháin. Mar sin féin, féadfar na dearaí atá in iarratas iolrach a láimhseáil go neamhspleách ar a chéile chun cearta a fhorfheidhmiú nó chun críoch ceadúnaithe, ceart in rem, tobhaigh forghníomhaithe, imeachtaí dócmhainneachta, tabhartha suas, athnuachana, sannta, foilsithe curtha siar nó dearbhaithe neamhbhailíochta.

(36)

Ar mhaithe le héifeachtúlacht níos fearr, is iomchuí chomh maith comhdú na n-iarratas iolrach ar dhearaí AE cláraithe a éascú trí chead a thabhairt d’iarratasóirí dearaí a chur le chéile in aon iarratas amháin gan bheith faoi réir an choinníll, maidir leis na táirgí a mbeartaítear an dearadh a ionchorprú iontu nó a mbeartaítear é a chur i bhfeidhm orthu, go mbainfidh siad leis an aicme chéanna d’Aicmiú Locarno arna bhunú le Comhaontú Locarno lena mBunaítear Aicmiú Idirnáisiúnta i gcomhair Dearaí Tionscail, arna shíniú in Locarno an 8 Deireadh Fómhair 1968. Mar sin féin, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le huasteorainn chun mí-úsáid a d’fhéadfadh a bheith ann i ndáil le comhdú iarratas iolrach a sheachaint.

(37)

I roinnt cásanna, d’fhéadfadh rath oibríochta tráchtála a bhaineann leis an dearadh a scriosadh nó a chur i mbaol mar thoradh ar ghnáthfhoilsiú tar éis dearadh AE a chlárú. Sna cásanna sin, bheadh an deis chun an foilsiú a chur siar ar feadh tréimhse réasúnach ina réiteach.

(38)

Le nós imeachta trína ndéantar iarratais a bhaineann le bailíocht dearaidh AE chláraithe a éisteacht in aon áit amháin, bheadh coigilteas costas agus ama ann i gcomparáid le nósanna imeachta ina bhfuil baint ag cúirteanna náisiúnta éagsúla.

(39)

Dá bhrí sin, is gá coimircí a sholáthar lena n-áirítear ceart achomhairc chuig Bord Achomhairc, agus ar deireadh chuig an gCúirt Bhreithiúnais. Le nós imeachta den sórt sin, chuideofaí le léirmhíniú aonfhoirmeach a fhorbairt ar na ceanglais lena rialaítear bailíocht dearaí AE.

(40)

Ar chúiseanna éifeachtúlachta agus chun imeachtaí a chuíchóiriú, ba cheart na modhanna chun fógra a thabhairt agus chun cumarsáid a dhéanamh a bheith de chineál leictreonach amháin. Mar sin féin, tá sé tábhachtach go gcuirfeadh an Oifig treoir theicniúil iomchuí agus cúnamh teicniúil iomchuí ar fáil, ar líne agus as líne araon, chun úsáid modhanna leictreonacha a éascú agus chun deighilt dhigiteach a chosc.

(41)

Tá sé fíor-riachtanach gur féidir na cearta a thugtar le dearadh AE a fhorfheidhmiú ar bhealach éifeachtúil ar fud chríoch an Aontais.

(42)

Ba cheart don chóras dlíthíochta ‘siopadóireacht dlínse’ a sheachaint a mhéid is féidir. Is gá, dá bhrí sin, rialacha soiléire maidir le dlínse idirnáisiúnta a bhunú.

(43)

Ní choisceann an Rialachán seo dlíthe maoine tionsclaíche nó dlíthe ábhartha eile de chuid na mBallstát a chur i bhfeidhm maidir le dearaí atá faoi chosaint ag dearaí AE, amhail na dlíthe sin a bhaineann le cosaint dearaidh arna fáil trí chlárú nó na dlíthe sin a bhaineann le dearaí neamhchláraithe, trádmharcanna, paitinní agus cuspaí áisiúlachta, iomaíocht éagórach nó dliteanas sibhialta.

(44)

I bhfianaise an dul chun cinn maidir le comhchuibhiú dhlí an chóipchirt san Aontas, is iomchuí a leagan síos sa Rialachán seo prionsabal carntha na cosanta faoin Rialachán seo agus faoi dhlí an chóipchirt trí ligean do dhearaí atá faoi chosaint ag cearta dearaidh AE a bheith faoi chosaint mar shaothair chóipchirt, ar choinníoll go gcomhlíontar ceanglais dhlí an chóipchirt.

(45)

I bhfianaise fhíorthábhacht mhéideanna na dtáillí is iníoctha leis an Oifig ar mhaithe le feidhmiú an chórais cosanta dearaí AE agus i bhfianaise an ghaoil chomhlántaigh atá aige a mhéid a bhaineann le córais dearaí náisiúnta, is iomchuí méideanna na dtáillí sin a shocrú díreach sa Rialachán seo in iarscríbhinn. Ba cheart méideanna na dtáillí a shocrú ar leibhéal lena n-áirithítear go bhfuil an t-ioncam a ghnóthaíonn siad leordhóthanach i bprionsabal chun go gcomhardófar buiséad na hOifige agus go bhfuil cómhaireachtáil agus comhlántacht idir an córas dearaí AE agus na córais dearaí náisiúnta, agus, inter alia, méid an mhargaidh a chumhdaítear leis an dearadh AE agus riachtanais FBManna á gcur san áireamh.

(46)

Chun a áirithiú go ndéanfaidh an Oifig scrúdú éifeachtach, éifeachtúil agus gasta ar iarratais ar dhearaí AE, agus go ndeánfaidh sí iad a chlárú go héifeachtach, go héifeachtúil agus go gasta, trí úsáid a bhaint as nósanna imeachta atá trédhearcach, cuimsitheach, cothrom agus cothromasach, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na mionsonraí a shonrú maidir leis an nós imeachta chun iarratas a leasú.

(47)

Chun a áirithiú gur féidir dearadh AE cláraithe a dhearbhú a bheith neamhbhailí ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil trí bhíthin nós imeachta trédhearcach, cuimsitheach, cothrom agus cothromasach, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le Airteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na himeachtaí a shonrú lena ndearbhaítear go bhfuil dearadh AE cláraithe neamhbhailí.

(48)

Ionas gur féidir leis na Boird Achomhairc athbhreithniú éifeachtach, éifeachtúil agus iomlán a dhéanamh ar na cinntí ón Oifig trí bhíthin nós imeachta trédhearcach, cuimsitheach, cothrom agus cothromasach, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na mionsonraí a shonrú maidir le himeachtaí achomhairc i gcás ina n-éilítear le himeachtaí a bhaineann le dearaí AE maoluithe ar na forálacha a leagtar síos i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 73 de Rialachán (AE) 2017/1001.

(49)

Chun feidhmiú rianúil, éifeachtach agus éifeachtúil an chórais dearaí AE a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na ceanglais a shonrú maidir le mionsonraí na n-imeachtaí ó bhéal agus maidir leis na socruithe mionsonraithe chun fianaise a thógáil, maidir leis na socruithe mionsonraithe a bhaineann le fógra a thabhairt, maidir leis na modhanna cumarsáide agus na foirmeacha atá le húsáid ag na páirtithe sna himeachtaí, maidir leis na rialacha lena rialaítear ríomh agus fad na dteorainneacha ama, maidir leis na nósanna imeachta chun cinneadh a chúlghairm nó chun iontráil sa Chlár dearaí AE a chealú, maidir leis na socruithe mionsonraithe chun imeachtaí a atosú, agus maidir leis na mionsonraí i ndáil le hionadaíocht os comhair na hOifige.

(50)

Chun eagrúchán éifeachtach agus éifeachtúil na mBord Achomhairc a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na mionsonraí a shonrú maidir le heagrúchán na mBord Achomhairc i gcás ina n-éilítear le himeachtaí a bhaineann le dearaí AE maoluithe ar na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 168 de Rialachán (AE) 2017/1001.

(51)

Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (9). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(52)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun na mionsonraí a shonrú a bhaineann le hiarratais, iarrataí, deimhnithe, éilimh, rialacháin, fógraí agus aon doiciméad eile faoi na ceanglais nós imeachta ábhartha a bhunaítear leis an Rialachán seo, agus chun na huasrátaí a shocrú i leith na gcostas bunriachtanach a bhaineann leis na himeachtaí agus a thabhaítear go hiarbhír, chun na mionsonraí a shonrú a bhaineann le foilseacháin san Fheasachán maidir le Dearaí an Aontais Eorpaigh agus in Iris Oifigiúil na hOifige, chun na socruithe mionsonraithe a shonrú maidir le malartú faisnéise idir an Oifig agus údaráis náisiúnta, chun na socruithe mionsonraithe a shonrú maidir le haistriúcháin doiciméid tacaíochta in imeachtaí i scríbhinn, agus chun cineálacha beachta na gcinntí atá le déanamh ag ball aonair de na Rannáin Neamhbhailíochta a shonrú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).

(53)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr chineál féinrialaitheach an chórais dearaí AE, córas atá neamhspleách ó chórais náisiúnta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Dearadh AE

1.   Gairtear ‘dearadh de chuid an Aontais Eorpaigh’ (‘dearadh AE’) anseo feasta ar dhearadh a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo.

2.   Beidh dearadh faoi chosaint:

(a)

ag ‘dearadh AE neamhchláraithe’, má chuirtear ar fáil don phobal é ar an modh dá bhforáiltear sa Rialachán seo;

(b)

ag ‘dearadh AE cláraithe’, má chláraítear é ar an modh dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

3.   Beidh cáilíocht aonadach ag dearadh AE. Beidh an éifeacht chéanna aige ar fud an Aontais. Ní dhéanfar é a chlárú, a aistriú ná a thabhairt suas, ní bheidh sé ina ábhar do chinneadh lena ndearbhaítear go bhfuil sé neamhbhailí, ná ní chuirfear toirmeasc ar a úsáid, ach amháin i leith an Aontais ar fad. Beidh feidhm ag an bprionsabal sin agus ag na hiarmhairtí a thagann as mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo.

Airteagal 2

Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh

Déanfaidh Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (‘an Oifig’), a bunaíodh le Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, na cúraimí a thugtar ar iontaoibh di leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Inniúlacht chun gníomhú

Chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, measfar gur daoine dlítheanacha cuideachtaí nó gnóthais agus comhlachtaí daoine dlítheanacha eile más rud é, faoi théarmaí an dlí lena rialaítear iad, go bhfuil an inniúlacht acu faoina n-ainm féin cearta agus oibleagáidí de gach cineál a bheith acu, conarthaí a dhéanamh nó gníomhartha dlí eile a chur i gcrích, agus agra a dhéanamh agus a bheith inagartha.

TEIDEAL II

AN DLÍ A BHAINEANN LE DEARAÍ

Roinn 1

Ceanglais le haghaidh cosanta

Airteagal 4

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘dearadh’ an chuma atá ar tháirge ina iomláine nó ar chuid de tháirge agus atá mar thoradh ar ghnéithe an táirge féin agus/nó a mhaisiúcháin, go háirithe línte, imlínte, dathanna, cruth, uigeacht agus/nó ábhair an táirge féin agus/nó a mhaisiúcháin, lena n-áirítear gluaiseacht nó aistriú na ngnéithe sin nó aon chineál beochana eile i leith na ngnéithe sin;

(2)

ciallaíonn ‘táirge’ aon ítim thionsclaíoch nó lámhcheirde seachas ríomhchlár, gan beann ar cé acu a chorpraítear nó nach gcorpraítear i bhfoirm fisiciúil é nó a léirítear nó nach léirítear é i bhfoirm neamh-fhisiciúil, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(a)

pacáistiú, tacair earraí, socruithe spásúla na n-ítimí a bheartaítear chun timpeallacht inmheánach nó timpeallacht sheachtrach a chruthú, agus páirteanna a bheartaítear lena gcóimeáil ina dtáirge casta;

(b)

saothair ghrafacha nó siombailí grafacha, lógónna, patrúin dromchla, cló-aghaidheanna clóghrafacha, agus comhéadain úsáideora ghrafacha;

(3)

ciallaíonn ‘táirge casta’ táirge atá comhdhéanta de chomhpháirteanna éagsúla is féidir a ionadú, rud a fhágann gur féidir an táirge a dhíchóimeáil agus a athchóimeáil.

Airteagal 5

Ceanglais le haghaidh cosanta

1.   Beidh dearadh faoi chosaint ag dearadh AE, más dearadh nua é agus má tá gné shainiúil aige.

2.   Dearadh a chuirtear i bhfeidhm ar tháirge nó a ionchorpraítear i dtáirge atá mar chomhpháirt de tháirge casta, ní mheasfar an dearadh sin a bheith nua agus gné shainiúil a bheith ag baint leis ach amháin:

(a)

má tá an chomhpháirt, tar éis í a ionchorprú sa táirge casta, fós le feiceáil le linn gnáthúsáid an táirge chasta sin; agus

(b)

a mhéid a chomhlíonann na gnéithe infheicthe sin den chomhpháirt iontu féin na ceanglais ó thaobh úrnuachta agus gné shainiúil de.

3.   Ciallóidh ‘gnáthúsáid’ de réir bhrí mhír (2), pointe (a), an úsáid a bhaineann an t-úsáideoir deiridh aisti, gan cothabháil, seirbhísiú ná obair dheisiúcháin a chur san áireamh.

Airteagal 6

Úrnuacht

1.   Measfar dearadh a bheith nua más rud é nach bhfuil aon dearadh comhionann curtha ar fáil don phobal:

(a)

i gcás dearadh AE neamhchláraithe, roimh an dáta a cuireadh an dearadh a bhfuil cosaint á héileamh ina leith ar fáil don phobal den chéad uair;

(b)

i gcás dearadh AE cláraithe, roimh dháta comhdaithe an iarratais ar chlárú an dearaidh a bhfuil cosaint á héileamh ina leith, nó, má tá tosaíocht á héileamh, roimh an dáta tosaíochta.

2.   Measfar dearaí a bheith comhionann le chéile más rud é nach bhfuil na gnéithe atá acu éagsúil lena chéile ach ó thaobh mionsonraí neamhábhartha de.

Airteagal 7

Gné shainiúil

1.   Measfar gné shainiúil a bheith ag dearadh má tá an bhraistint fhoriomlán a mhúsclaítear san úsáideoir eolasach éagsúil leis an mbraistint fhoriomlán a mhúsclaítear in úsáideoir den sórt sin le haon dearadh atá curtha ar fáil don phobal:

(a)

i gcás dearadh AE neamhchláraithe, roimh an dáta a cuireadh an dearadh a bhfuil cosaint á héileamh ina leith ar fáil don phobal den chéad uair;

(b)

i gcás dearadh AE cláraithe, roimh dháta comhdaithe an iarratais ar chlárú, nó, má tá tosaíocht á héileamh, roimh an dáta tosaíochta.

2.   Agus measúnú á dhéanamh ar ghné shainiúil, cuirfear san áireamh méid na saoirse a bhí ag an dearthóir agus an dearadh á dhearadh aige nó aici.

Airteagal 8

Nochtadh

1.   Chun Airteagail 6 agus 7 a chur i bhfeidhm, measfar dearadh a bheith curtha ar fáil don phobal más rud é gur foilsíodh é tar éis a chláraithe nó ar bhealach eile, nó más rud é gur cuireadh ar taispeáint é, gur úsáideadh sa trádáil é nó gur nochtadh ar bhealach eile é, roimh an dáta dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (a), agus Airteagal 7(1), pointe (a), nó in Airteagal 6(1), pointe (b), agus Airteagal 7(1) pointe (b), de réir an cháis, ach amháin i gcás nach bhféadfadh lucht speisialtóireachta na hearnála lena mbaineann, atá ag oibriú laistigh den Aontas, teacht le réasún chun bheith ar eolas faoi na himeachtaí sin i ngnáthchúrsa gnó. Mar sin féin, ní mheasfar an dearadh a bheith curtha ar fáil don phobal más é an t-aon chúis lena bheith ar fáil gur nochtadh é do thríú duine faoi choinníollacha rúndachta sainráite nó intuigthe.

2.   Ní chuirfear nochtadh san áireamh chun Airteagail 6 agus 7 a chur i bhfeidhm más rud é go bhfuil an dearadh a nochtadh, atá comhionann leis an dearadh a bhfuil cosaint faoi dhearadh AE cláraithe á héileamh ina leith nó nach bhfuil éagsúil leis an mbraistint fhoriomlán a mhúsclaítear le dearadh den sórt sin, curtha ar fáil don phobal:

(a)

ag an dearthóir, ag comharba i dteideal an dearthóra, nó ag tríú duine mar thoradh ar fhaisnéis a sholáthair nó gníomh a rinne an dearthóir nó comharba i dteideal an dearthóra; agus

(b)

le linn na tréimhse 12 mhí roimh dháta comhdaithe an iarratais nó, má tá tosaíocht á héileamh, roimh an dáta tosaíochta.

3.   Beidh feidhm ag mír 2 freisin más rud é gur cuireadh an dearadh ar fáil don phobal mar iarmhairt ar mhí-úsáid i ndáil leis an dearthóir nó le comharba i dteideal an dearthóra.

Airteagal 9

Dearaí atá faoi réir ag a bhfeidhm theicniúil agus dearaí idirnaisc

1.   Ní bheidh dearadh AE ar marthain san gnéithe de chuma táirge atá faoi réir ag a fheidhm teicniúil agus aige sin amháin.

2.   Ní bheidh dearadh AE ar marthain sna gnéithe de chuma táirge is gá a atáirgeadh go cruinn ó thaobh déanaimh agus toisí de ionas gur féidir an táirge ina n-ionchorpraítear an dearadh, nó ar a gcuirtear i bhfeidhm é, a cheangal go meicniúil le táirge eile, nó a chur isteach i dtáirge eile, nó timpeall air, nó ina choinne, ionas go bhféadfaidh ceachtar den dá tháirge a fheidhm féin a dhéanamh.

3.   D’ainneoin mhír 2 den Airteagal seo, beidh dearadh AE, faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 6 agus in Airteagal 7, ar marthain i ndearadh a bhfuil sé de chuspóir aige ligean do tháirgí so-chómhalartaithe a bheith cóimeáilte nó ceangailte le chéile ar bhealaí iomadúla laistigh de chóras modúlach.

Airteagal 10

Dearaí atá contrártha don bheartas poiblí nó leis an moráltacht

Ní bheidh dearadh AE ar marthain i ndearadh atá contrártha don bheartas poiblí nó do phrionsabail na moráltachta a bhfuil glacadh leo go forleathan.

Roinn 2

Raon feidhme agus téarma na cosanta

Airteagal 11

Raon feidhme na cosanta

1.   Cumhdófar le raon feidhme na cosanta a thugtar le dearadh AE aon dearadh nach músclaíonn braistint fhoriomlán éagsúil san úsáideoir eolach.

2.   Agus measúnú á dhéanamh ar raon feidhme na cosanta, cuirfear san áireamh méid na saoirse a bhí ag an dearthóir agus a chuid nó a cuid dearaí á ndearadh aige nó aici.

Airteagal 12

Tús cosanta do dhearadh AE neamhchláraithe agus téarma na cosanta sin

1.   Dearadh a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Roinn 1, beidh sé faoi chosaint ag dearadh AE neamhchláraithe ar feadh tréimhse 3 bliana ón dáta a cuireadh an dearadh ar fáil don phobal laistigh den Aontas den chéad uair.

2.   Chun críocha mhír 1, measfar dearadh a bheith curtha ar fáil don phobal laistigh den Aontas más rud é gur foilsíodh é, gur cuireadh ar taispeáint é, gur úsáideadh sa trádáil é nó gur nochtadh ar bhealach eile é sa chaoi is go bhféadfadh lucht speisialtóireachta na hearnála lena mbaineann, atá ag oibriú laistigh den Aontas, teacht le réasún chun bheith ar an eolas faoi na himeachtaí sin. Mar sin féin, ní mheasfar an dearadh a bheith curtha ar fáil don phobal más é an t-aon chúis lena bheith ar fáil gur nochtadh é do thríú duine faoi choinníollacha rúndachta sainráite nó intuigthe.

Airteagal 13

Tús cosanta do dhearadh AE cláraithe agus téarma na cosanta sin

1.   Cuirfear tús le cosaint do dhearadh AE cláraithe a luaithe a chláróidh an Oifig é.

2.   Déanfar dearadh AE cláraithe a chlárú ar feadh tréimhse 5 bliana arna ríomh ó dháta comhdaithe an iarratais ar chlárú. Féadfaidh an sealbhóir cirt an clárú a athnuachan, i gcomhréir le hAirteagal 66, ar feadh tréimhse amháin nó níos mó de 5 bliana an ceann, suas le téarma cosanta iomlán 25 bliana ó dháta comhdaithe an iarratais ar chlárú.

Roinn 3

Ceart ar an dearadh AE

Airteagal 14

Ceart ar an dearadh AE

1.   Dílseoidh an ceart ar an dearadh AE don dearthóir nó do chomharba i dteideal an dearthóra.

2.   Más beirt nó níos mó a d’fhorbair dearadh go comhpháirteach, dílseoidh an ceart ar an dearadh AE dóibh go comhpháirteach.

3.   Mar sin féin, i gcás ina bhforbraíonn fostaí an dearadh i gcomhlíonadh dhualgais an fhostaí nó ag leanúint na dtreoracha a thug fostóir an fhostaí, dílseoidh an ceart ar an dearadh AE don fhostóir, mura gcomhaontaítear a mhalairt nó mura sonraítear a mhalairt faoin dlí náisiúnta.

Airteagal 15

Éilimh maidir le teidlíocht ar dhearadh AE

1.   Má dhéanann duine dearadh AE neamhchláraithe a nochtadh nó a éileamh, ar duine é nó í nach bhfuil ina theideal faoi Airteagal 14, nó má dhéantar iarratas ar dhearadh AE cláraithe nó má chláraítear é in ainm duine den sórt sin, féadfaidh an duine atá ina theideal faoin Airteagal sin, gan dochar d’aon leigheas eile a d’fhéadfadh a bheith mar rogha don duine sin, aitheantas mar shealbhóir dlisteanach an dearaidh AE a éileamh os comhair chúirt inniúil nó údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann.

2.   I gcás ina bhfuil duine i dteideal dearadh AE go comhpháirteach, féadfaidh an duine sin, i gcomhréir le mír 1, aitheantas mar shealbhóir comhpháirteach a éileamh.

3.   Beidh imeachtaí faoi mhír 1 nó 2 faoi urchosc 3 bliana tar éis an dáta a foilsíodh dearadh AE cláraithe nó tar éis an dáta a nochtadh dearadh AE neamhchláraithe. Ní bheidh feidhm ag an bhforáil seo más rud é go raibh an duine nach bhfuil i dteideal an dearaidh AE ag gníomhú de mheon mímhacánta tráth a rinneadh iarratas ar an dearadh sin, tráth a nochtadh é nó tráth a fuarthas é.

4.   Féadfaidh an duine atá i dteideal dearaidh AE faoi Airteagal 14 iarraidh ar athrú úinéireachta a chur faoi bhráid na hOifige, de bhun mhír 1 den Airteagal seo, mar aon le cinneadh críochnaitheach ó chúirt inniúil nó údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann maidir leis an teidlíocht ar an dearadh AE.

5.   I gcás dearadh AE cláraithe, déanfar na heilimintí seo a leanas a iontráil sa Chlár dearaí AE dá dtagraítear in Airteagal 104 (‘an Clár’):

(a)

nóta lena léirítear gur tionscnaíodh imeachtaí faoi mhír 1 den Airteagal seo os comhair chúirt inniúil nó údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann;

(b)

dáta agus sonraí chinneadh críochnaitheach chúirt inniúil nó údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann maidir leis an teidlíocht ar an dearadh AE nó foirceannadh eile na n-imeachtaí;

(c)

aon athrú ar úinéireacht an dearaidh AE chláraithe mar thoradh ar chinneadh críochnaitheach chúirt inniúil nó údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann maidir leis an teidlíocht ar an dearadh AE.

Airteagal 16

Na héifeachtaí atá ag cinneadh críochnaitheach ar theidlíocht ar dhearadh AE cláraithe

1.   I gcás ina dtarlaíonn athrú iomlán ar úinéireacht dearaidh AE chláraithe de thoradh imeachtaí faoi Airteagal 15(1), rachaidh na ceadúnais agus na cearta eile i léig nuair a dhéanfar ainm shealbhóir nua an dearaidh AE chláraithe a iontráil sa Chlár.

2.   Más rud é, sula gcláraítear tionscnamh na n-imeachtaí faoi Airteagal 15(1), gur shaothraigh sealbhóir nó ceadúnaí an dearaidh AE chláraithe an dearadh laistigh den Aontas nó má thug siad faoi ullmhúcháin dháiríre éifeachtacha chuige sin, féadfaidh an sealbhóir sin nó an ceadúnaí sin leanúint den saothrú sin ar choinníoll go n-iarrann siad, laistigh de thréimhse 3 mhí ón dáta a iontráladh ainm an tsealbhóra nua sa Chlár, ceadúnas neamheisiach ar an sealbhóir nua ar iontráladh a ainm nó a hainm sa Chlár. Deonófar an ceadúnas ar feadh tréimhse réasúnach agus faoi théarmaí réasúnacha.

3.   Ní bheidh feidhm ag mír 2 más ag gníomhú de mheon mímhacánta a bhí sealbhóir an dearaidh AE chláraithe tráth a thosaigh an sealbhóir sin nó an ceadúnaí sin ar shaothrú an dearaidh nó ar ullmhúcháin chuige sin.

Airteagal 17

Toimhde i bhfabhar shealbhóir cláraithe an dearaidh

An duine arbh ina ainm nó ina hainm a chláraítear an dearadh AE nó, roimh chlárú, an duine arbh ina ainm nó ina hainm a chomhdaítear an t-iarratas, measfar an duine sin a bheith i dteideal i gcás aon imeachtaí os comhair na hOifige agus in aon imeachtaí eile.

Airteagal 18

An ceart atá ag an dearthóir é nó í féin a bheith luaite

Beidh sé de cheart ag an dearthóir, ar an mbealach céanna leis an iarrthóir ar dhearadh AE cláraithe nó le sealbhóir dearaidh AE chláraithe, a bheith luaite mar dhearthóir os comhair na hOifige agus sa Chlár. Más de thoradh obair foirne a rinneadh an dearadh, féadfar an fhoireann a lua in áit ainm gach dearthóra aonair a lua faoi seach. Áireofar ar an gceart sin an ceart chun athrú ar ainm an dearthóra nó na foirne a iontráil sa Chlár.

Roinn 4

Éifeachtaí dearaidh AE

Airteagal 19

Cuspóir na cosanta

Tabharfar cosaint do na gnéithe sin de chuma dearaidh AE chláraithe a léirítear go hinfheicthe san iarratas ar chlárú.

Airteagal 20

Na cearta a thugtar le dearadh AE

1.   Le dearadh AE cláraithe, tabharfar an ceart eisiach dá shealbhóir leis an dearadh a úsáid agus le cosc a chur ar aon tríú páirtí nach bhfuair toiliú ón sealbhóir é a úsáid.

2.   Féadfar an méid seo a leanas, go háirithe, a thoirmeasc faoi mhír 1:

(a)

táirge ina n-ionchorpraítear an dearadh nó ar a gcuirtear an dearadh i bhfeidhm a dhéanamh, a thairiscint, a chur ar an margadh nó a úsáid;

(b)

táirge dá dtagraítear i bpointe (a) a allmhairiú nó a onnmhairiú;

(c)

táirge dá dtagraítear i bpointe (a) a stocáil chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b);

(d)

aon mheán nó bogearra a dhéanann taifead ar an dearadh a chruthú, a íoslódáil, a chóipeáil agus a roinnt nó a dháileadh ar dhaoine eile chun gur féidir táirge dá dtagraítear i bpointe (a) a dhéanamh.

3.   Beidh sealbhóir dearaidh AE chláraithe i dteideal cosc a chur ar gach tríú páirtí táirgí a thabhairt isteach san Aontas, le linn trádála, ó thríú tíortha, ar táirgí iad nach scaoiltear le haghaidh saorchúrsaíocht san Aontas, i gcás ina n-ionchorpraítear an dearadh ar bhealach comhionann sna táirgí sin nó ina gcuirtear an dearadh i bhfeidhm ar bhealach comhionann orthu, nó i gcás nach féidir an dearadh a idirdhealú ina bhunghnéithe ó na táirgí sin, agus i gcás nach bhfuil údarú ón sealbhóir tugtha.

Rachaidh an ceart dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo i léig, más rud é, le linn imeachtaí chun a chinneadh cé acu a sáraíodh an dearadh AE nó nár sáraíodh, arna dtionscnamh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 608/2013, go soláthraíonn an dearbhóir nó sealbhóir na dtáirgí fianaise nach bhfuil sealbhóir an dearaidh AE chláraithe i dteideal toirmeasc a chur ar na táirgí sin a chur ar an margadh i dtír an chinn scríbe.

4.   Ní bheidh sealbhóir dearaidh AE neamhchláraithe i dteideal gníomhaíochtaí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a chosc ach amháin más í an úsáid atá á conspóid is toradh ar an dearadh cosanta a chóipeáil.

An úsáid atá á conspóid dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ní mheasfar í a bheith mar thoradh ar chóipeáil an dearaidh AE neamhchláraithe más rud é go bhfuil sí mar thoradh ar obair neamhspleách cruthaitheachta de chuid dearthóra arbh inmheasta go réasúnta ina leith nach raibh eolas aige nó aici ar an dearadh a chuir an sealbhóir ar fáil don phobal.

5.   Beidh feidhm ag mír 4 den Airteagal seo freisin maidir le dearadh AE cláraithe atá faoi réir chur siar a fhoilsithe fad nár cuireadh na hiontrálacha ábhartha sa Chlár agus an comhad ar fáil don phobal i gcomhréir le hAirteagal 62(4).

Airteagal 21

Teorannú na gceart a thugtar le dearadh AE

1.   Na cearta a thugtar le dearadh AE, ní dhéanfar iad a fheidhmiú i leith an mhéid seo a leanas:

(a)

gníomhaíochtaí a dhéantar go príobháideach agus chun críoch neamhthráchtála;

(b)

gníomhaíochtaí a dhéantar chun críoch turgnaimh;

(c)

gníomhaíochtaí atáirgthe chun rud a lua nó chun críoch teagaisc;

(d)

gníomhaíochtaí a dhéantar chun táirge a shainaithint nó chun tagairt a dhéanamh do tháirge mar tháirge de chuid shealbhóir cirt an dearaidh;

(e)

gníomhaíochtaí a dhéantar chun críoch barúla, critice nó scigaithrise;

(f)

an trealamh ar longa agus aerárthaí atá cláraithe i dtríú tír agus a théann siad isteach go sealadach i gcríoch an Aontais;

(g)

páirteanna spártha agus gabhálais a allmhairiú isteach san Aontas chun longa agus aerárthaí dá dtagraítear i bpointe (f) a dheisiú;

(h)

deisiúcháin a dhéanamh ar longa agus aerárthaí dá dtagraítear i bpointe (f).

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1, pointí (c), (d) agus (e), ach amháin i gcás ina bhfuil na gníomhaíochtaí comhoiriúnach le cleachtais chóirthrádála agus nach ndéanann siad dochar míchuí do ghnáthshaothrú an dearaidh, agus, sa chás dá dtagraítear i bpointe (c), ina luaitear foinse an táirge ina n-ionchorpraítear an dearadh nó ar a gcuirtear i bhfeidhm an dearadh.

Airteagal 22

Clásal deisiúcháin

1.   Ní thabharfar cosaint do dhearadh AE atá mar chomhpháirt de tháirge casta a bhfuil dearadh na comhpháirte ag brath ar an gcuma atá air, agus a úsáidtear de réir bhrí Airteagal 20(1) chun an táirge casta a dheisiú chun cuma bhunaidh an táirge chasta a athbhunú, agus chun na críche sin amháin.

2.   Monaróir nó díoltóir comhpháirte de tháirge casta nár chuir tomhaltóirí ar an eolas go cuí, trí thásc soiléir agus infheicthe ar an táirge nó ar bhealach iomchuí eile, faoi thionscnamh tráchtála an táirge, agus faoi chéannacht mhonaróir an táirge, atá le húsáid chun an táirge casta a dheisiú, ionas gur féidir leo rogha eolasach a dhéanamh idir táirgí iomaíocha is féidir a úsáid le haghaidh an deisiúcháin, ní dhéanfaidh monaróir nó díoltóir den sórt sin mír 1 a agairt.

3.   Ní cheanglófar ar mhonaróir ná díoltóir comhpháirte de tháirge casta a ráthú go n-úsáidfidh na húsáideoirí deiridh na comhpháirteanna a dhéanann siad nó a dhíolann siad ar deireadh chun críche deisiúcháin, agus chun na críche sin amháin, chun cuma bhunaidh an táirge chasta a athbhunú.

Airteagal 23

Ídiú na gceart

Ní bheidh réim ag na cearta a thugtar le dearadh AE maidir le gníomhaíochtaí a bhaineann le táirge ina n-ionchorpraítear dearadh a áirítear faoi raon feidhme cosanta an dearaidh AE, nó ar a gcuirtear i bhfeidhm é, nuair atá an táirge sin curtha ar an margadh sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) ag sealbhóir an dearaidh AE nó le toiliú ón sealbhóir.

Airteagal 24

Cearta réamhúsáide i leith dearadh AE cláraithe

1.   Tríú daoine ar féidir leo a chruthú gur thosaigh siad ag baint úsáid, de mheon macánta, laistigh den Aontas, as dearadh a áirítear faoi raon feidhme cosanta dearaidh AE chláraithe, ar dearadh é nár cóipeáladh ón dearadh AE cláraithe sin, nó go ndearna siad ullmhúcháin dháiríre éifeachtacha chuige sin, roimh dháta comhdaithe an iarratais, nó, má éilítear tosaíocht, roimh dháta na tosaíochta, beidh ceart réamhúsáide ag tríú daoine den sórt sin.

2.   Leis an gceart réamhúsáide, beidh an tríú duine i dteideal an dearadh a shaothrú chun na gcríoch ar chucu a thosaigh an tríú duine ag baint úsáid as, nó ar chucu a ndearna an tríú duine ullmhúcháin dháiríre éifeachtacha, roimh dháta comhdaithe nó tosaíochta an dearadh AE chláraithe.

3.   Ní bheidh réim ag an gceart réamhúsáide maidir le ceadúnas a dheonú do dhuine eile chun an dearadh a shaothrú.

4.   Ní féidir an ceart réamhúsáide a aistriú ach amháin, i gcás inar gnólacht an tríú duine, i dteannta na coda den ghnó a ndearnadh an ghníomhaíocht nó na hullmhúcháin lena linn.

Airteagal 25

Úsáid rialtais

Aon fhoráil i ndlí Ballstáit lena gceadaítear don rialtas úsáid a bhaint as dearaí náisiúnta nó lena gceadaítear iad a úsáid thar a cheann, féadfar an fhoráil sin a chur i bhfeidhm maidir le dearaí AE, ach ní fhéadfar í a chur i bhfeidhm maidir leo ach a mhéid is gá an úsáid sin i ngeall ar fhíor-riachtanais chosanta nó slándála.

Roinn 5

Neamhbhailíocht

Airteagal 26

Dearbhú neamhbhailíochta

1.   Dearbhófar go bhfuil dearadh AE cláraithe neamhbhailí ar iarratas chuig an Oifig i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i dTeidil VI agus VII nó dearbhóidh cúirt um dhearaí AE go bhfuil dearadh AE cláraithe neamhbhailí ar bhonn frithéilimh le linn imeachtaí um shárú.

2.   Féadfar dearadh AE a dhearbhú a bheith neamhbhailí fiú tar éis don dearadh AE dul i léig nó a bheith tugtha suas, má léiríonn an t-iarratasóir leas dlisteanach i gcinneadh a fháil ar na tuillteanais.

3.   Dearbhóidh cúirt um dhearaí AE go bhfuil dearadh AE neamhchláraithe neamhbhailí ar iarratas chuig cúirt den sórt sin nó ar bhonn frithéilimh le linn imeachtaí um shárú.

Airteagal 27

Forais neamhbhailíochta

1.   Ní fhéadfar dearadh AE a dhearbhú a bheith neamhbhailí ach sna cásanna seo a leanas:

(a)

ní chomhfhreagraíonn an dearadh AE don sainmhíniú a leagtar síos in Airteagal 4, pointe (1);

(b)

ní chomhlíonann an dearadh AE na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 5 go 10;

(c)

de bhua cinneadh ón gcúirt inniúil nó ón údarás inniúil, níl an sealbhóir cirt i dteideal an dearaidh AE faoi Airteagal 14;

(d)

tá an dearadh AE ag teacht salach ar dhearadh a bhí ann cheana arna chur ar fáil don phobal roimh dháta comhdaithe an iarratais nó ina dhiaidh sin, nó, má éilítear tosaíocht, roimh dháta tosaíochta an dearaidh AE nó ina dhiaidh sin, agus atá cosanta ó dháta roimh dháta comhdaithe an iarratais, nó, má éilítear tosaíocht, roimh dháta tosaíochta an dearaidh AE:

(i)

ag dearadh AE cláraithe, nó ag iarratas ar dhearadh den sórt sin faoi réir a chláraithe,

(ii)

ag ceart cláraithe dearaidh de chuid Ballstáit, nó ag iarratas ar cheart den sórt sin faoi réir a chláraithe; nó

(iii)

ag ceart dearaidh atá cláraithe faoi Ionstraim na Ginéive de Chomhaontú na Háige i dtaca le Clárú Idirnáisiúnta Dearaí Tionscail, arna glacadh sa Ghinéiv an 2 Iúil 1999 (‘Ionstraim na Ginéive’) (11), a bhfuil éifeacht aige san Aontas, nó ag iarratas ar cheart den sórt sin faoi réir a chláraithe;

(e)

úsáidtear sainchomhartha i ndearadh ina dhiaidh sin, agus le dlí an Aontais nó dlí an Bhallstáit lena rialaítear an comhartha sin, tugtar an ceart do shealbhóir cirt an chomhartha úsáid den sórt sin a thoirmeasc;

(f)

is ionann an dearadh agus úsáid neamhúdaraithe saothair atá faoi chosaint ag dlí an chóipchirt i mBallstát;

(g)

is ionann an dearadh agus úsáid mhíchuí aon cheann de na hítimí a liostaítear in Airteagal 6ter de Coinbhinsiún Pháras chun Maoin Tionscail a Chosaint (‘Coinbhinsiún Pháras’), nó úsáid mhíchuí suaitheantas, feathal nó scéithíní seachas iad siúd a chumhdaítear leis an Airteagal sin agus a bhfuil leas ar leith ag an bpobal i mBallstát iontu, agus níor tugadh toiliú ó na húdaráis inniúla i leith an chláraithe.

2.   Féadfaidh na páirtithe seo a leanas na forais neamhbhailíochta dá bhforáiltear i mír 1, pointí (a) agus (b), a agairt:

(a)

aon duine nádúrtha nó dlítheanach; nó

(b)

aon ghrúpa nó comhlacht a chuirtear ar bun chun ionadaíocht a dhéanamh ar leasanna monaróirí, táirgeoirí, soláthraithe seirbhísí, trádálaithe nó tomhaltóirí, má tá an inniúlacht ag an ngrúpa sin nó ag an gcomhlacht sin agra a dhéanamh agus a bheith inagartha faoina ainm féin faoin dlí lena rialaítear é.

3.   Ní fhéadfaidh ach an duine atá i dteideal an dearaidh AE faoi Airteagal 14, agus an duine sin amháin, an foras neamhbhailíochta dá bhforáiltear i mír 1, pointe (c), den Airteagal seo a agairt.

4.   Ní fhéadfaidh ach na páirtithe seo a leanas, agus na páirtithe sin amháin, na forais neamhbhailíochta dá bhforáiltear i mír 1, pointí (d), (e) agus (f), a agairt:

(a)

an t-iarratasóir ar an gceart níos túisce nó sealbhóir an chirt níos túisce;

(b)

na daoine atá i dteideal leas a bhaint as an gceart faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí an Bhallstáit lena mbaineann; nó

(c)

ceadúnaí atá údaraithe ag sealbhóir an chirt níos túisce.

5.   Ní fhéadfaidh ach an duine nó an t-eintiteas lena mbaineann an úsáid mhíchuí, agus iad siúd amháin, an foras neamhbhailíochta dá bhforáiltear i mír 1, pointe (g), a agairt.

6.   De mhaolú ar mhíreanna 4 agus 5, féadfaidh Ballstáit a fhoráil gur féidir leis an údarás iomchuí sa Bhallstát i dtrácht na forais dá bhforáiltear i mír 1, pointí (d) agus (g), a agairt ar a thionscnamh féin.

7.   Ní dhearbhófar dearadh AE cláraithe a bheith neamhbhailí i gcás inar thoiligh an t-iarratasóir ar cheann de na cearta dá dtagraítear i mír 1, pointí (d), (e) agus (f), nó sealbhóir ceann amháin de na cearta sin go sainráite do chlárú an dearaidh AE sular cuireadh an t-iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta nó an frithéileamh isteach.

8.   I gcás ina ndearna an t-iarratasóir ar cheann de na cearta dá dtagraítear i mír 1, pointí (d), (e) agus (f), nó sealbhóir ceann de na cearta sin iarratas roimhe seo ar dhearbhú go bhfuil dearadh AE neamhbhailí nó i gcás ina ndearna siad frithéileamh le linn imeachtaí um shárú, ní dhéanfaidh siad iarratas nua ar dhearbhú neamhbhailíochta a chur isteach ná frithéileamh nua a thaisceadh ar bhonn aon cheann de na cearta eile dá dtagraítear sna pointí sin a d’fhéadfadh a agairt mar thaca leis an gcéad iarratas nó leis an gcéad fhrithéileamh.

Airteagal 28

Iarmhairtí neamhbhailíochta

1.   Dearadh AE a dhearbhaítear a bheith neamhbhailí, measfar nach raibh na héifeachtaí dá bhforáiltear sa Rialachán seo ag an dearadh AE sin ón tús.

2.   Faoi réir na bhforálacha náisiúnta a bhaineann le héilimh ar chúiteamh as damáiste a tharla de dheasca faillí nó meon mímhacánta ar thaobh shealbhóir an dearaidh AE, nó a bhaineann le saibhriú éagórach, ní dhéanfaidh éifeacht chúlghabhálach neamhbhailíocht an dearaidh AE difear do na nithe seo a leanas:

(a)

aon chinneadh maidir le sárú a bhfuil údarás mar chinneadh críochnaitheach faighte aige agus a forfheidhmíodh roimh an gcinneadh neamhbhailíochta;

(b)

aon chonradh a rinneadh roimh an gcinneadh neamhbhailíochta, sa mhéid gur comhlíonadh é roimh an gcinneadh; mar sin féin, féadfar a éileamh, ar fhorais an chothromais, go n-aisíocfar suimeanna a íocadh faoin gconradh ábhartha a mhéid a bhfuil údar leis de bharr na n-imthosca.

Roinn 6

Fógra faoi chlárú

Airteagal 29

Siombail chlárúcháin

Féadfaidh sealbhóir dearaidh AE chláraithe an pobal a chur ar an eolas go bhfuil an dearadh cláraithe tríd an litir D i gciorcal

a léiriú ar an táirge ina n-ionchorpraítear an dearadh nó ar a gcuirtear i bhfeidhm é. Féadfar uimhir chlárúcháin an dearaidh nó hipearnasc chuig iontráil an dearaidh sa Chlár a bheith ag gabháil leis an bhfógra dearaidh sin.

TEIDEAL III

DEARAÍ AE MAR RÉADA MAOINE

Airteagal 30

Déileáil le dearaí AE mar chearta dearaidh náisiúnta

1.   Mura bhforáiltear a mhalairt in Airteagail 31, 33, 34, 35 agus 36, maidir le dearadh AE mar réad maoine, déileálfar leis ina iomláine, agus do limistéar iomlán an Aontais, mar cheart dearaidh náisiúnta de chuid an Bhallstáit inar fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a)

tá suíomh nó sainchónaí an tsealbhóra ann ar an dáta ábhartha; nó

(b)

i gcás nach bhfuil feidhm le pointe (a), tá bunaíocht ag an sealbhóir ann ar an dáta ábhartha.

2.   I gcás dearadh AE cláraithe, beidh feidhm ag mír 1 de réir na n-iontrálacha sa Chlár.

3.   I gcás sealbhóirí comhpháirteacha, má comhlíonann dhá cheann nó níos mó acu an coinníoll a leagtar síos i mír 1, déanfar an Ballstát dá dtagraítear sa mhír sin a chinneadh:

(a)

i gcás dearadh AE neamhchláraithe, faoi threoir an tsealbhóra chomhpháirtigh ábhartha a ainmníonn siad de thoil a chéile;

(b)

i gcás dearadh AE cláraithe, faoi threoir an chéad cheann de na sealbhóirí comhpháirteacha ábhartha san ord ina bhfuil siad luaite sa chlár.

4.   I gcás nach bhfuil feidhm ag míreanna 1, 2 agus 3, is é a bheidh sa Bhallstát dá dtagraítear i mír 1 an Ballstát ina bhfuil suíomh na hOifige suite.

Airteagal 31

Dearadh AE cláraithe a aistriú

1.   Déanfar sannadh dearaidh AE chláraithe i scríbhinn agus síneoidh na páirtithe sa chonradh é, ach amháin má dhéantar é mar thoradh ar bhreithiúnas.

Beidh sannadh dearaidh AE chláraithe nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar síos sa chéad fhomhír ar neamhní.

2.   Arna iarraidh sin do cheann de na páirtithe, déanfar aistriú dearaidh AE chláraithe a iontráil sa Chlár agus a fhoilsiú.

3.   Beidh eolas lena sainaithnítear an dearadh AE cláraithe, an sealbhóir nua agus, i gcás inarb infheidhme, ionadaí an tsealbhóra nua in iarratas ar chlárú aistrithe sa Chlár. Beidh doiciméid lena mbunaítear an t-aistriú go cuí i gcomhréir le mír 1 ann freisin.

4.   I gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha maidir le clárú aistrithe, mar a leagtar síos i mír 1 den Airteagal l seo nó sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 32, tabharfaidh an Oifig fógra don iarratasóir faoi na heasnaimh. Mura ndéantar na heasnaimh a leigheas laistigh den teorainn ama a shonraíonn an Oifig, diúltóidh an Oifig don iarratas ar chlárú an aistrithe.

5.   Féadfar aon iarratas amháin ar chlárú aistrithe a chur isteach i dtaca le dhá dhearadh AE chláraithe nó níos mó, ar choinníoll gurb ionann an sealbhóir cláraithe agus an comharba i dteideal le haghaidh gach ceann de na dearaí AE cláraithe sin.

6.   Fad nach bhfuil an t-aistriú iontráilte sa Chlár, ní fhéadfaidh an comharba i dteideal na cearta a eascraíonn as clárú an dearaidh AE chláraithe a agairt.

7.   I gcás ina bhfuil teorainneacha ama le comhlíonadh i bplé leis an Oifig, féadfaidh an comharba i dteideal na ráitis chomhfhreagracha a thabhairt don Oifig a luaithe a bheidh an t-iarratas ar chlárú an aistrithe faighte ag an Oifig.

8.   Gach doiciméad lena n-éilítear fógra a thabhairt do shealbhóir an dearaidh AE chláraithe i gcomhréir le hAirteagal 85, is chuig an duine atá cláraithe mar shealbhóir sa Chlár a dhíreofar iad.

Airteagal 32

Cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt maidir le haistriú

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonraítear na nithe seo a leanas:

(a)

na mionsonraí atá le bheith san iarraidh ar aistriú a chlárú dá dtagraítear in Airteagal 31(3);

(b)

an cineál doiciméadachta is gá chun aistriú dá dtagraítear in Airteagal 31(3) a bhunú, agus aird á tabhairt ar na comhaontuithe arna dtabhairt ag an sealbhóir cláraithe agus an comharba i dteideal.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 159(2).

Airteagal 33

Cearta in rem ar dhearadh AE cláraithe

1.   Féadfar dearadh AE cláraithe a thabhairt mar urrús nó féadfaidh sé a bheith ina ábhar do chearta in rem.

2.   Arna iarraidh sin do cheann de na páirtithe, déanfar na cearta dá dtagraítear i mír 1 a iontráil sa Chlár agus a fhoilsiú.

Airteagal 34

Tobhach forghníomhaithe

1.   Féadfar forghníomhú a thobhach ar dhearadh AE cláraithe.

2.   Maidir leis an nós imeachta um thobhach forghníomhaithe i ndáil le dearadh AE cláraithe, beidh dlínse eisiach ag cúirteanna agus údaráis an Bhallstáit arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 30.

3.   Arna iarraidh sin do cheann de na páirtithe, déanfar an tobhach forghníomhaithe a iontráil sa Chlár agus a fhoilsiú.

Airteagal 35

Imeachtaí dócmhainneachta

1.   Ní fhéadfaidh baint a bheith ag dearadh AE le himeachtaí dócmhainneachta nach imeachtaí iad a osclaítear sa Bhallstát ar laistigh dá chríoch atá lárionad príomhleasa an fhéichiúnaí.

2.   Maidir le gnóthais árachais mar a shainmhínítear in Airteagal 13, pointe (1), de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) agus institiúidí creidmheasa mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), is é a bheidh sa lárionad príomhleasa dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo an Ballstát inar údaraíodh an gnóthas nó an institiúid.

3.   I gcás seilbh chomhpháirteach dearaidh AE, beidh feidhm ag mír 1 maidir le sciar an tsealbhóra chomhpháirtigh.

4.   I gcás ina bhfuil baint ag dearadh AE le himeachtaí dócmhainneachta, arna iarraidh sin don údarás inniúil náisiúnta, déanfar iontráil faoin méid sin sa Chlár agus foilseofar é.

Airteagal 36

Ceadúnú

1.   Féadfar dearadh AE a cheadúnú maidir leis an Aontas ina iomláine nó maidir le cuid den Aontas. Féadfaidh ceadúnas a bheith de chineál eisiach nó neamheisiach.

2.   Féadfaidh an sealbhóir na cearta a thugtar leis an dearadh AE a agairt i gcoinne ceadúnaí a sháraíonn aon fhoráil sa chonradh ceadúnúcháin i ndáil leis an méid seo a leanas:

(a)

fad an cheadúnais;

(b)

an fhoirm ina bhféadfar an dearadh a úsáid;

(c)

raon na dtáirgí ar deonaíodh an ceadúnas ina leith;

(d)

cáilíocht na dtáirgí a mhonaraíonn an ceadúnaí faoin gceadúnas.

3.   Mura luaitear a mhalairt sa chonradh ceadúnúcháin, ní fhéadfaidh an ceadúnaí imeachtaí mar gheall ar shárú ar dhearadh AE a thionscnamh ach amháin má thoilíonn sealbhóir an dearaidh AE sin leis sin. Féadfaidh sealbhóir ceadúnais eisiach na himeachtaí sin a thionscnamh, áfach, más rud é nár thionscain sealbhóir an dearaidh AE imeachtaí um shárú, tar éis fógra foirmiúil a fháil, laistigh de thréimhse iomchuí.

4.   Beidh ceadúnaí i dteideal, chun cúiteamh a fháil as damáiste a fulaingíodh, idirghabháil a dhéanamh in imeachtaí um shárú arna dtionscnamh ag sealbhóir an dearaidh AE.

Airteagal 37

Nós imeachta maidir le ceadúnais agus cearta eile a iontráil sa Chlár

1.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 31(3), ag na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 32 agus ag Airteagal 31(5) maidir le ceart in rem a chlárú nó ceart in rem a aistriú dá dtagraítear in Airteagal 33, le tobhach forghníomhaithe dá dtagraítear in Airteagal 34, leis an mbaint le himeachtaí dócmhainneachta dá dtagraítear in Airteagal 35, agus le ceadúnas a chlárú nó ceadúnas a aistriú dá dtagraítear in Airteagal 36. Ní bheidh feidhm ag an gceanglas a bhaineann le doiciméid lena mbunaítear go cuí an t-aistriú a leagtar síos in Airteagal 31(3), áfach, i gcás ina ndéanann sealbhóir an dearaidh AE an iarraidh.

2.   Measfar nach mbeidh an t-iarratas ar chlárú na gceart dá dtagraítear i mír 1 comhdaithe go dtí go n-íocfar an táille riachtanach.

3.   Féadfar a bheith san iarratas ar cheadúnas a chlárú iarraidh ar cheadúnas den sórt sin a thaifeadadh sa Chlár mar cheann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:

(a)

ceadúnas eisiach;

(b)

focheadúnas i gcás ina ndeonaíonn ceadúnaí a bhfuil a cheadúnas nó a ceadúnas taifeadta sa Chlár focheadúnas den sórt sin;

(c)

ceadúnas atá teoranta do raon sonrach táirgí;

(d)

ceadúnas atá teoranta do chuid den Aontas;

(e)

ceadúnas sealadach.

I gcás ina ndéantar iarraidh chun an ceadúnas a thaifeadadh mar cheadúnas dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (c), (d), nó (e), léireofar leis an iarratas ar chlárú an raon sonrach táirge, an chuid sin den Aontas nó an tréimhse a bhfuil an ceadúnas deonaithe ina leith.

4.   I gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha maidir le ceadúnais agus cearta eile a chlárú a leagtar síos sa Rialachán seo, tabharfaidh an Oifig fógra don iarratasóir faoin easnamh. Mura ndéantar an t-easnamh a leigheas laistigh den teorainn ama a shonraíonn an Oifig, diúltóidh an Oifig don iarratas ar chlárú.

Airteagal 38

Éifeachtaí i leith tríú páirtithe

1.   Ní bheidh éifeacht ag gníomhartha dlí dá dtagraítear in Airteagail 31, 33 agus 36 a bhaineann le dearadh AE i leith tríú páirtithe sna Ballstáit uile go dtí go ndéanfar iad a iontráil sa Chlár. Mar sin féin, beidh éifeacht ag gníomh den sórt sin, sula ndéanfar é a iontráil mar sin, i leith na dtríú páirtithe sin a bhfuil cearta sa dearadh AE cláraithe faighte acu tar éis dháta an ghnímh sin ach a raibh eolas acu faoin ngníomh ar an dáta a fuarthas na cearta.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le duine a fhaigheann an dearadh AE cláraithe nó ceart a bhaineann leis an dearadh AE cláraithe tríd an ngnóthas ina iomláine a aistriú nó trí bhíthin aon chomharbais uilíoch eile.

3.   Beidh éifeachtaí na ngníomhartha dlí dá dtagraítear in Airteagal 34 i leith tríú páirtithe faoi rialú ag dlí an Bhallstáit arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 30.

4.   Beidh éifeachtaí imeachtaí féimheachta nó imeachtaí comhchosúla i leith tríú páirtithe faoi rialú ag dlí an Bhallstáit ina ndéantar imeachtaí den sórt sin a thionscnamh ar dtús de réir bhrí an dlí náisiúnta nó na gcoinbhinsiún is infheidhme sa réimse sin.

Airteagal 39

Nós imeachta maidir le cláruithe ceadúnas agus cearta eile a chur ar ceal nó a mhodhnú

1.   Déanfar clárú arna dhéanamh faoi Airteagal 37(1) a chur ar ceal nó a mhodhnú ar iarratas ó cheann amháin de na páirtithe lena mbaineann.

2.   Beidh cláruimhir an dearaidh AE chláraithe lena mbaineann, nó, i gcás clárú iolrach, uimhir gach dearaidh, agus sonraí an chirt a n-iarrtar cealú nó modhnú an chláraithe ina leith san iarratas ar chlárú a chur ar ceal nó a mhodhnú.

3.   In éineacht leis an iarratas ar chlárú a chur ar ceal nó a mhodhnú, beidh doiciméid lena léirítear nach bhfuil an ceart cláraithe ann a thuilleadh nó go dtoilíonn an ceadúnaí nó an sealbhóir cirt eile leis an gclárú a chealú nó a mhodhnú.

4.   I gcás nach gcomhlíontar na ceanglais maidir le clárú a chealú nó a mhodhnú, tabharfaidh an Oifig fógra faoi na heasnaimh don iarratasóir. Mura ndéantar na heasnaimh a leigheas laistigh den teorainn ama a shonraíonn an Oifig, diúltóidh an Oifig don iarratas ar chlárú a chealú nó a mhodhnú.

Airteagal 40

Iarratas ar dhearadh AE cláraithe mar réad maoine

Beidh feidhm ag Airteagail 30 go 39 maidir le hiarratais ar dhearaí AE cláraithe. I gcás ina bhfuil éifeacht ceann de na forálacha sin coinníollach ar iontráil sa Chlár, déanfar an fhoirmiúlacht sin tráth a iontráiltear an dearadh AE cláraithe sa Chlár.

TEIDEAL IV

IARRATAS AR DHEARADH AE CLÁRAITHE

Roinn 1

Iarratais a chomhdú agus na coinníollacha lena rialaítear iad

Airteagal 41

Iarratais a chomhdú

1.   Déanfar iarratas ar dhearadh AE cláraithe a chomhdú ag an Oifig.

2.   Déanfaidh an Oifig fáltas a eisiúint don iarratasóir gan mhoill ina n-áireofar, ar a laghad, uimhir an chomhaid, léiriú an dearaidh, tuairisc ar an dearadh nó sainaithint eile an dearaidh, cineál agus líon na ndoiciméad agus an dáta a bhfuarthas iad. I gcás iarratas iolrach, sonrófar san fháltas arna eisiúint ag an Oifig an chéad dearadh agus líon na ndearaí a comhdaíodh.

Airteagal 42

Coinníollacha nach mór do na hiarratais a chomhlíonadh

1.   Is é a bheidh in iarratas ar dhearadh AE cláraithe:

(a)

iarraidh ar chlárú;

(b)

faisnéis lena sainaithnítear an t-iarratasóir;

(c)

léiriú an dearaidh atá soiléir go leor agus lenar féidir an t-ábhar a n-iarrtar cosaint ina leith a dhéanamh amach.

2.   Beidh tásc na dtáirgí a mbeartaítear an dearadh a ionchorprú iontu nó a mbeartaítear é a chur i bhfeidhm orthu san iarratas freisin.

3.   Sa bhreis air sin, féadfar na nithe seo a leanas a bheith san iarratas:

(a)

tuairisc lena mínítear an léiriú;

(b)

iarraidh ar fhoilsiú an chláraithe a chur siar i gcomhréir le hAirteagal 62;

(c)

faisnéis lena sainaithnítear an t-ionadaí má rinne an t-iarratasóir ceann a cheapadh;

(d)

aicmiú na dtáirgí a mbeartaítear an dearadh a ionchorprú iontu nó a mbeartaítear é a chur i bhfeidhm orthu de réir na haicme agus na fo-aicme d’Aicmiú Locarno arna bhunú le Comhaontú Locarno lena mBunaítear Aicmiú Idirnáisiúnta i gcomhair Dearaí Tionscail, arna shíniú in Locarno an 8 Deireadh Fómhair 1968, arna leasú agus mar atá i bhfeidhm ar dháta comhdaithe an iarratais;

(e)

lua an dearthóra nó na foirne dearthóirí nó ráiteas faoi fhreagracht an iarratasóra go bhfuil an ceart a bheith luaite tarscaoilte ag an dearthóir nó ag an bhfoireann dearthóirí.

4.   Beidh an t-iarratas faoi réir an táille iarratais a íoc. I gcás ina gcomhdaítear iarraidh ar fhoilsiú a chur siar dá dtagraítear i mír 3, pointe (b), beidh sí faoi réir táille bhreise as foilsiú a chur siar.

5.   I dteannta na gceanglas dá dtagraítear i míreanna 1 go 4, comhlíonfaidh iarratas ar dhearadh AE cláraithe na ceanglais fhoirmiúla a leagtar síos sa Rialachán seo agus sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh dá bhun. A mhéid a bhaineann na ceanglais sin leis an léiriú dearaidh dá dtagraítear i mír 1, pointe (c), agus leis na modhanna maidir le léiriú, cinnfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an bealach chun amhairc éagsúla a uimhriú i gcás léiriú trí amhairc shocra, formáidí agus méid comhaid leictreonaigh chomh maith le haon sonraíocht theicniúil ábhartha eile. Má dhéantar foráil sna ceanglais sin maidir le sainaithint ábhair nach n-iarrtar aon chosaint ina leith trí bhíthin cineálacha áirithe séanta físiúla nó maidir le cineálacha áirithe sonracha amharc a chomhdú, féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chinneadh go gceadaítear cineálacha breise séanta físiúla agus cineálacha sonracha amharc.

6.   Ní dhéanfaidh an fhaisnéis atá sna heilimintí dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3, pointí (a) agus (d), difear do raon feidhme cosanta an dearaidh as féin.

Airteagal 43

Cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt maidir leis an iarratas

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonraítear na mionsonraí atá le bheith san iarratas ar dhearadh AE cláraithe. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 159(2).

Airteagal 44

Iarratais iolracha

1.   Féadfar uasmhéid de 50 dearadh a chur le chéile in aon iarratas iolrach amháin ar dhearadh AE cláraithe. Uimhreoidh an Oifig gach dearadh atá in iarratas iolrach i gcomhréir le córas atá le cinneadh ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

2.   I dteannta na dtáillí dá dtagraítear in Airteagal 42(4), beidh an t-iarratas iolrach faoi réir táille iarratais a íoc i leith gach dearaidh breise a áirítear san iarratas iolrach agus, i gcás ina bhfuil iarraidh ar fhoilsiú a chur siar san iarratas, beidh sé faoi réir táille a íoc as foilsiú a chur siar i leith gach dearaidh a áirítear san iarratas iolrach a n-iarrtar cur siar ina leith.

3.   Comhlíonfaidh an t-iarratas iolrach na ceanglais fhoirmiúla a leagtar síos sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 45.

4.   Féadfar gach ceann de na dearaí atá san iarratas iolrach nó i gclárú bunaithe ar iarratas den sórt sin a láimhseáil ar leithligh ó na dearaí eile. Ar leithligh ó na dearaí eile, féadfar dearadh den sórt sin a fhorfheidhmiú, a cheadúnú, a thabhairt suas, a athnuachan, a shannadh, nó a dhearbhú a bheith neamhbhailí nó féadfaidh sé a bheith ina ábhar do cheart in rem, do thobhach forghníomhaithe, d’imeachtaí dócmhainneachta nó d’fhoilsiú curtha siar.

Airteagal 45

Cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt maidir le hiarratais iolracha

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonraítear na mionsonraí atá le bheith san iarratas iolrach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 159(2).

Airteagal 46

Dáta comhdaithe

Is é a bheidh i ndáta comhdaithe iarratais ar dhearadh AE cláraithe an dáta a dhéanann an t-iarratasóir na doiciméid ina bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 42(1) a chomhdú leis an Oifig, faoi réir na táillí iarratais dá dtagraítear in Airteagal 42(4) agus Airteagal 44(2) a íoc laistigh de 1 mhí ó na doiciméid sin a chomhdú.

Airteagal 47

Coibhéis idir comhdú an Aontais agus comhdú náisiúnta

Sna Ballstáit, beidh iarratas ar dhearadh AE cláraithe a bhfuil dáta comhdaithe tugtha dó coibhéiseach le gnáthchomhdú náisiúnta, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, an tosaíocht arna héileamh i leith an iarratais ar dhearadh AE.

Airteagal 48

Aicmiú agus tásca táirge

1.   Táirgí a mbeartaítear an dearadh a ionchorprú iontu nó a mbeartaítear é a chur i bhfeidhm orthu, déanfar iad a aicmiú i gcomhréir le hAicmiú Locarno, arna leasú agus mar atá i bhfeidhm ar dháta comhdaithe an iarratais.

2.   Leis an tásc táirge, dá dtagraítear in Airteagal 42(2), déanfar cineál na dtáirgí a shainaithint go soiléir agus go beacht agus beifear in ann gach táirge a aicmiú in aon aicme agus aon fho-aicme amháin d’Aicmiú Locarno, trí úsáid a bhaint, más féidir, as an mbunachar sonraí chomhchuibhithe de thásca táirgí a chuireann an Oifig ar fáil. Beidh an tásc táirge ag teacht le léiriú an dearaidh.

3.   Déanfar na táirgí a ghrúpáil de réir na n-aicmí d’Aicmiú Locarno, agus cuirfear uimhir na haicme lena mbaineann an grúpa táirgí sin roimh gach grúpa agus cuirfear i láthair iad in ord na n-aicmí agus na bhfo-aicmí faoin aicmiú sin.

4.   Nuair a úsáideann an t-iarratasóir tásca táirge nach bhfuil sa bhunachar sonraí dá dtagraítear i mír 2, nó nach bhfuil ag teacht le léiriú an dearaidh, féadfaidh an Oifig tásca táirge ón mbunachar sonraí a mholadh. I gcás nach dtugann an t-iarratasóir freagra laistigh den teorainn ama a shonraíonn an Oifig, féadfaidh sí dul ar aghaidh leis an scrúdú bunaithe ar na tásca táirge atá molta.

Roinn 2

Tosaíocht

Airteagal 49

An ceart tosaíochta

1.   Maidir le duine a bhfuil iarratas ar cheart dearaidh nó ar chuspa áisiúlachta comhdaithe go cuí aige nó aici in aon Stát is páirtí i gCoinbhinsiún Pháras, nó sa Chomhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, nó le haghaidh aon Stát den sórt sin, nó maidir le comharba an duine i dteideal, beidh ceart tosaíochta ag an duine sin nó ag an gcomharba i dteideal sin, ar feadh tréimhse 6 mhí ón dáta a comhdaíodh an chéad iarratas, chun iarratas ar dhearadh AE cláraithe a chomhdú i ndáil leis an dearadh nó cuspa áisiúlachta céanna.

2.   Gach comhdú atá leordhóthanach, faoi dhlí náisiúnta an Stáit ina ndearnadh é nó faoi chomhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha, chun an dáta ar ar comhdaíodh an t-iarratas a bhunú, beag beann ar an toradh a d’fhéadfadh a bheith ar an iarratas, aithneofar é mar chomhdú as a dtagann ceart tosaíochta.

3.   Maidir le hiarratas ina dhiaidh sin ar dhearadh a bhí ina ábhar do chéad iarratas roimhe sin, agus a chomhdaítear sa Stát céanna, nó i ndáil leis, measfar gurb é an chéad iarratas chun tosaíocht a chinneadh, ar choinníoll go bhfuil an t-iarratas roimhe sin, ar dháta comhdaithe an iarratais ina dhiaidh sin, tarraingthe siar, tugtha suas nó diúltaithe gan a bheith curtha ar fáil lena iniúchadh ag an bpobal agus gan aon cheart a bheith ag teacht as agus ar choinníoll nach raibh sé ina bhonn le ceart tosaíochta a éileamh. Ina dhiaidh sin, ní bheidh an t-iarratas roimhe sin ina bhonn le ceart tosaíochta a éileamh.

4.   Más rud é go ndearnadh an chéad chomhdú i Stát nach páirtí é i gCoinbhinsiún Pháras ná sa Chomhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Trádála Domhanda, ní bheidh feidhm ag míreanna 1 go 3 ach amháin a mhéid a dheonaíonn an Stát sin, de réir torthaí foilsithe, ar bhonn an chéad chomhdaithe a dhéantar ag an Oifig agus faoi réir coinníollacha atá coibhéiseach leo sin a leagtar síos sa Rialachán seo, ceart tosaíochta a bhfuil an éifeacht choibhéiseach aige. Iarrfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar an gCoimisiún, i gcás inar gá, féachaint ar a fhiosrú cé acu a thugann an Stát sin cóireáil chómhalartach den sórt sin nó nach dtugann. Má chinneann an Coimisiún go dtugtar cóireáil chómhalartach, foilseoidh sé teachtaireacht chuige sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

5.   Beidh feidhm ag an gceart tosaíochta dá dtagraítear i mír 4 ón dáta a fhoilsítear an teachtaireacht in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh lena gcinntear go dtugtar cóireáil chómhalartach, mura sonraítear sa teachtaireacht dáta níos luaithe óna mbeidh feidhm aige. Scoirfidh sé d’fheidhm a bheith aige ón dáta a fhoilsítear teachtaireacht ón gCoimisiún in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ina luaitear nach dtugtar cóireáil chómhalartach a thuilleadh, mura sonraítear sa teachtaireacht dáta níos luaithe óna mbeidh feidhm aige.

6.   Foilseofar teachtaireachtaí dá dtagraítear i míreanna 4 agus 5 in Iris Oifigiúil na hOifige freisin.

Airteagal 50

Tosaíocht a éileamh

1.   Iarratasóir ar dhearadh AE cláraithe ar mian leis nó léi tairbhiú de thosaíocht iarratais roimhe sin, comhdóidh an t-iarratasóir sin dearbhú tosaíochta in éineacht leis an iarratas nó laistigh de 2 mhí ón dáta comhdaithe. Áireofar i ndearbhú tosaíochta den sórt sin dáta agus tír an iarratais roimhe sin. Déanfar uimhir chomhaid an iarratais roimhe sin agus an doiciméadacht atá mar thaca leis an éileamh tosaíochta a chomhdú laistigh de 3 mhí ó dháta comhdaithe an dearbhaithe tosaíochta.

2.   Féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chinneadh go bhféadfaidh níos lú a bheith sa doiciméadacht atá le soláthar ag an iarratasóir mar thaca leis an éileamh tosaíochta ná mar a cheanglaítear faoi na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 51, faoi réir chomhlíonadh phrionsabal na córa comhionainne d’iarratasóirí agus ar choinníoll go bhfuil an fhaisnéis is gá ar fáil don Oifig ó fhoinsí eile.

Airteagal 51

Cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt maidir le héileamh tosaíochta

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonraítear an cineál doiciméadachta atá le comhdú chun tosaíocht iarratais roimhe sin a éileamh i gcomhréir le hAirteagal 50(1). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 159(2).

Airteagal 52

Éifeacht an chirt tosaíochta

Beidh d’éifeacht ag an gceart tosaíochta go n-áireofar an dáta tosaíochta mar dháta comhdaithe an iarratais ar dhearadh AE cláraithe chun críocha Airteagail 6, 7, 8 agus 24, Airteagal 27(1), pointí (d), (e) agus (f), agus Airteagal 62(1).

Airteagal 53

Tosaíocht taispeántais

1.   Má nochtaigh iarratasóir ar dhearadh AE cláraithe táirgí ina n-ionchorpraítear an dearadh, nó ar a gcuirtear i bhfeidhm é, ag taispeántas idirnáisiúnta oifigiúil nó atá aitheanta go hoifigiúil a thagann faoi raon feidhme an Choinbhinsiúin maidir le taispeántais idirnáisiúnta, arna shíniú i bPáras an 22 Samhain 1928 agus arna athbhreithniú go deireanach an 30 Samhain 1972, féadfaidh an t-iarratasóir, má chomhdaítear an t-iarratas laistigh de thréimhse 6 mhí ón dáta a nochtadh táirgí den sórt sin den chéad uair, ceart tosaíochta a éileamh ón dáta sin.

2.   Comhdóidh iarratasóir ar mian leis nó léi tosaíocht a éileamh de bhun mhír 1 dearbhú tosaíochta in éineacht leis an iarratas nó laistigh de 2 mhí ón dáta comhdaithe. Comhdóidh an t-iarratasóir, laistigh de 3 mhí ón dearbhú tosaíochta, fianaise gur nochtadh na táirgí ina n-ionchorpraítear an dearadh, nó ar a gcuirtear i bhfeidhm é, de réir bhrí mhír 1.

3.   Le tosaíocht taispeántais a dheonaítear i mBallstát nó i dtríú tír, ní dhéanfar tréimhse na tosaíochta a leagtar síos in Airteagal 49 a fhadú.

Airteagal 54

Cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonraítear an cineál fianaise atá le comhdú chun tosaíocht taispeántais a éileamh i gcomhréir le hAirteagal 53(2) agus mionsonraí na fianaise sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 159(2).

TEIDEAL V

NÓS IMEACHTA CLÁRÚCHÁIN, ATHNUACHAN AGUS ATHRÚ

Airteagal 55

Scrúdú i dtaca le ceanglais fhoirmiúla maidir le comhdú

1.   Déanfaidh an Oifig scrúdú i dtaobh an gcomhlíonann an t-iarratas ar dhearadh AE cláraithe na ceanglais chun dáta comhdaithe a thabhairt a leagtar síos in Airteagal 46.

2.   Déanfaidh an Oifig scrúdú i dtaobh:

(a)

cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an t-iarratas ar dhearadh AE cláraithe na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 42(2), (3) agus (5) agus, i gcás iarratas iolrach, in Airteagal 44(1) agus (3);

(b)

i gcás inarb ábhartha, cé acu a íocadh nó nár íocadh an táille bhreise as foilsiú a chur siar de bhun Airteagal 42(4) laistigh den tréimhse fhorordaithe;

(c)

i gcás inarb ábhartha, cé acu a íocadh nó nár íocadh an táille bhreise as foilsiú a chur siar i leith gach dearaidh a áirítear in iarratas iolrach de bhun Airteagal 44(2) laistigh den tréimhse fhorordaithe.

3.   I gcás nach gcomhlíonann an t-iarratas ar dhearadh AE cláraithe na ceanglais dá dtagraítear i mír 1 nó 2, iarrfaidh an Oifig ar an iarratasóir na heasnaimh nó an mhainneachtain íocaíochta a leigheas laistigh de 2 mhí ón bhfógra faoin iarraidh sin.

4.   Mura gcomhlíonann an t-iarratasóir an iarraidh ón Oifig dá dtagraítear i mír 3 chun na ceanglais dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh, ní láimhseálfar an t-iarratas mar iarratas ar dhearadh AE cláraithe. Má chomhlíonann an t-iarratasóir an iarraidh sin maidir leis na ceanglais sin, tabharfaidh an Oifig mar dháta comhdaithe an iarratais an dáta ar ar leigheasadh na heasnaimh nó an mhainneachtain íocaíochta.

5.   Mura gcomhlíonann an t-iarratasóir an iarraidh ón Oifig dá dtagraítear i mír 3 chun na ceanglais dá dtagraítear i mír 2, pointí (a) agus (b), a chomhlíonadh, diúltóidh an Oifig don iarratas.

6.   Mura gcomhlíonann an t-iarratasóir an iarraidh ón Oifig dá dtagraítear i mír 3 chun na ceanglais dá dtagraítear i mír 2, pointe (c), a chomhlíonadh, diúltófar don iarratas i ndáil leis na dearaí breise mura bhfuil sé soiléir cé hiad na dearaí a bheartaítear a chumhdach leis an méid a íocadh. In éagmais critéir eile chun a chinneadh cé na dearaí a bheartaítear a chumhdach, déanfaidh an Oifig na dearaí sin a láimhseáil san ord uimhreach leantach ina bhfuil siad san iarratas iolrach. Diúltófar don iarratas i ndáil leis na dearaí sin nár íocadh an táille bhreise as foilsiú a chur siar nó nár íocadh go hiomlán í.

7.   Mura ndéantar na ceanglais a bhaineann le héileamh tosaíochta a chomhlíonadh, caillfear an ceart tosaíochta don iarratas.

Airteagal 56

Forais neamh-inchláraitheachta

1.   Má chinneann an Oifig, agus an scrúdú á dhéanamh aici de bhun Airteagal 55 den Rialachán seo, nach gcomhfhreagraíonn an dearadh a n-iarrtar cosaint ina leith don sainmhíniú a leagtar síos in Airteagal 4, pointe (1), den Rialachán seo, go bhfuil sé contrártha don bheartas poiblí nó do phrionsabail na moráltachta a bhfuil glacadh leo nó, toisc nár thoiligh na húdaráis inniúla leis an gclárú, gurb ionann é agus úsáid mhíchuí aon cheann de na hítimí a liostaítear in Airteagal 6ter de Choinbhinsiún Pháras, nó úsáid mhíchuí suaitheantas, feathal agus scéithíní seachas iad siúd a chumhdaítear le hAirteagal 6ter den Choinbhinsiún sin agus a bhfuil leas ar leith ag an bpobal i mBallstát iontu, tabharfaidh sí fógra don iarratasóir nach bhfuil an dearadh inchláraithe, agus sonróidh sí an foras neamh-inchláraitheachta.

2.   San fhógra dá dtagraítear i mír 1, sonróidh an Oifig tréimhse ar lena linn a fhéadfaidh an t-iarratasóir barúlacha a thíolacadh, an t-iarratas nó na hamhairc atá á gconspóid a tharraingt siar nó léiriú leasaithe den dearadh a thíolacadh nach bhfuil éagsúil leis an léiriú mar a comhdaíodh ar dtús ach amháin ó thaobh mionsonraí neamhábhartha de.

3.   I gcás nach n-éiríonn leis an iarratasóir na forais neamh-inchláraitheachta a shárú, diúltóidh an Oifig don iarratas. Mura mbaineann na forais sin ach le cuid de na dearaí atá in iarratas iolrach, ní dhiúltóidh an Oifig don iarratas ach a mhéid a bhaineann leis na dearaí sin.

Airteagal 57

An t-iarratas a tharraingt siar agus a leasú

1.   Féadfaidh an t-iarratasóir, tráth ar bith, iarratas ar dhearadh AE a tharraingt nó, i gcás iarratas iolrach, roinnt de na dearaí atá san iarratas a tharraingt siar.

2.   Féadfaidh an t-iarratasóir leasú a dhéanamh, tráth ar bith, ar léiriú an dearaidh AE a ndearnadh iarratas ina leith a mhéid a bhaineann le mionsonraí neamhábhartha.

Airteagal 58

Tarmligean cumhachta maidir le leasú a dhéanamh ar an iarratas

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 160 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na mionsonraí a shonrú maidir leis an nós imeachta chun leasú a dhéanamh ar an iarratas dá dtagraítear in Airteagal 57(2).

Airteagal 59

Clárú

1.   Má comhlíonadh na ceanglais le haghaidh iarratas ar dhearadh AE cláraithe, agus a mhéid nár diúltaíodh don iarratas de bhun Airteagal 56, déanfaidh an Oifig an dearadh atá san iarratas agus na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 104(2) a iontráil sa Chlár.

2.   Má tá iarraidh ar fhoilsiú a chur siar de bhun Airteagal 62 san iarratas, déanfar nóta lena léirítear an iarraidh sin agus dáta éaga na tréimhse cur siar a iontráil sa Chlár freisin.

3.   Beidh dáta comhdaithe an iarratais dá dtagraítear in Airteagal 46 ar an gclárú.

4.   Ní dhéanfar na táillí is iníoctha de bhun Airteagal 42(4) agus Airteagal 44(2) a aisíoc fiú mura gcláraítear an dearadh a ndearnadh iarratas ina leith.

Airteagal 60

Foilsiú

Tráth a dhéantar an clárú, foilseoidh an Oifig an dearadh AE cláraithe san Fheasachán maidir le Dearaí an Aontais Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagal 107(1), pointe (a).

Airteagal 61

Cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt maidir le foilsiú

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos na mionsonraí atá le bheith san fhoilsiú dá dtagraítear in Airteagal 60. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 159(2).

Airteagal 62

Foilsiú a chur siar

1.   Féadfaidh an t-iarratasóir ar dhearadh AE cláraithe a iarraidh, agus an t-iarratas á chomhdú, go ndéanfar foilsiú an dearaidh AE chláraithe a chur siar ar feadh tréimhse suas go dtí 30 mí ó dháta comhdaithe an iarratais nó, má éilítear tosaíocht, ón dáta tosaíochta.

2.   Ar iarraidh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a fháil, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 59, clárófar an dearadh AE cláraithe, ach ní bheidh léiriú an dearaidh ná aon chomhad a bhaineann leis an iarratas, faoi réir Airteagal 109(2), ar fáil lena n-iniúchadh ag an bpobal.

3.   Déanfaidh an Oifig nóta lena léirítear go bhfuarthas iarraidh dá dtagraítear i mír 1 a fhoilsiú san Fheasachán maidir le Dearaí an Aontais Eorpaigh. In éineacht leis an nóta, beidh faisnéis lena sainaithnítear an sealbhóir cirt i dtaca leis an dearadh cláraithe, ainm an ionadaí, más ann dó, dáta comhdaithe an iarratais agus dáta cláraithe an dearaidh, agus uimhir chomhaid an iarratais. Ní fhoilseofar léiriú an dearaidh nó aon sonraí lena sainaithnítear an chuma atá air.

4.   Tráth dhul in éag na tréimhse cur siar, nó ar aon dáta eile níos luaithe a iarrann an sealbhóir cirt, déanfaidh an Oifig na hiontrálacha go léir sa Chlár agus an comhad a bhaineann leis an iarratas a chur ar fáil lena n-iniúchadh ag an bpobal, agus foilseoidh sí an dearadh AE cláraithe san Fheasachán maidir le Dearaí an Aontais Eorpaigh.

5.   Féadfaidh an sealbhóir cirt bac a chur ar fhoilsiú an dearaidh AE dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo trí iarraidh a thíolacadh, ar a dhéanaí 3 mhí roimh dhul in éag na tréimhse cur siar, ar an dearadh AE a thabhairt suas i gcomhréir le hAirteagal 71. Iarrataí ar an tabhairt suas a iontráil sa Chlár nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 71 agus sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 72, nó a thíolactar tar éis na teorann ama 3 mhí dá dtagraítear sa mhír seo, diúltófar dóibh.

6.   I gcás ina ndéantar clárú ar bhonn iarratas iolrach de bhun Airteagal 44, déanfaidh an sealbhóir, in éineacht leis an iarraidh ar fhoilsiú luath dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo nó leis an iarraidh ar thabhairt suas dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, a léiriú go soiléir cé na dearaí atá san iarratas sin atá le foilsiú níos luaithe nó le tabhairt suas agus cé na dearaí a leanfar dá bhfoilsiú a chur siar.

7.   Mura gcomhlíonann an sealbhóir an ceanglas a leagtar síos i mír 6, iarrfaidh an Oifig ar an sealbhóir an t-easnamh a leigheas laistigh de theorainn ama shonraithe nach rachaidh in éag i gcás ar bith tar éis na tréimhse cur siar 30 mí.

8.   Mura leigheastar an t-easnamh dá dtagraítear i mír 7 laistigh den teorainn ama shonraithe, measfar nár comhdaíodh an iarraidh ar fhoilsiú luath nó gur diúltaíodh don iarraidh ar thabhairt suas.

9.   Má dhéantar imeachtaí a thionscnamh ar bhonn dearadh AE cláraithe le linn thréimhse cur siar an fhoilsithe, beidh sé sin faoi réir an choinníll go ndearnadh an fhaisnéis atá sa Chlár agus sa chomhad a bhaineann leis an iarratas a chur in iúl don duine ar ina choinne nó ina coinne a tionscnaíodh an chaingean.

Airteagal 63

Foilsiú tar éis na tréimhse cur siar

Déanfaidh an Oifig na nithe seo a leanas ar dhul in éag na tréimhse cur siar dá dtagraítear in Airteagal 62 nó, i gcás iarraidh ar fhoilsiú luath, a luaithe is féidir sin go teicniúil:

(a)

an dearadh AE cláraithe a fhoilsiú san Fheasachán maidir le Dearaí an Aontais Eorpaigh, in éineacht na sonraí a cheanglaítear faoi na rialacha a ghlactar de bhun Airteagal 61, chomh maith le nóta lena léirítear go raibh iarraidh ar fhoilsiú a chur siar de bhun Airteagal 62 san iarratas;

(b)

aon chomhad a bhaineann leis an dearadh a chur ar fáil lena iniúchadh ag an bpobal;

(c)

na hiontrálacha uile sa Chlár a chur ar fáil lena n-iniúchadh ag an bpobal, lena n-áirítear aon iontrálacha a coinníodh siar ó iniúchadh de bhun Airteagal 109(5).

Airteagal 64

Deimhnithe clárúcháin

Tar éis fhoilsiú an dearaidh AE chláraithe, eiseoidh an Oifig deimhniú clárúcháin don sealbhóir. Soláthróidh an Oifig cóipeanna deimhnithe nó neamhdheimhnithe den deimhniú, arna iarraidh sin. Eiseofar na deimhnithe agus na cóipeanna trí mhodhanna leictreonacha.

Airteagal 65

Cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonraítear na mionsonraí atá le bheith sa deimhniú clárúcháin dá dtagraítear in Airteagal 64 agus foirm an deimhnithe sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 159(2).

Airteagal 66

Athnuachan

1.   Déanfar athnuachan ar chlárú an dearaidh AE arna iarraidh sin do shealbhóir cirt an dearaidh AE chláraithe nó d’aon duine eile atá údaraithe go sainráite ag an sealbhóir cirt chun an athnuachan a iarraidh, ar choinníoll gur íocadh na táillí athnuachana.

2.   Cuirfidh an Oifig sealbhóir cirt an dearaidh AE chláraithe agus aon duine a bhfuil ceart cláraithe aige nó aici i leith an dearaidh AE ar an eolas faoi dhul in éag an chláraithe 6 mhí ar a laghad roimh dháta an dul in éag sin. I gcás nach dtugtar eolas den sórt sin, ní chuirfear aon dliteanas ar an Oifig agus ní dhéanfar difear do dhul in éag an chláraithe.

3.   Déanfar an iarraidh ar athnuachan a thíolacadh laistigh de thréimhse 6 mhí roimh dhul in éag an chláraithe. Íocfar an táille athnuachana laistigh den tréimhse sin freisin.

Ina éagmais sin, féadfar an iarraidh a thíolacadh agus an táille a íoc laistigh de thréimhse bhreise 6 mhí tar éis dhul in éag an chláraithe, ar choinníoll go n-íocfar táille bhreise as íocaíocht dhéanach na táille athnuachana nó as tíolacadh déanach na hiarrata ar athnuachan laistigh den tréimhse bhreise sin.

4.   Áireofar na nithe seo a leanas san iarraidh ar athnuachan dá dtagraítear i mír 1:

(a)

ainm an duine a iarrann an athnuachan;

(b)

cláruimhir an dearaidh AE atá le hathnuachan;

(c)

i gcás clárú ar bhonn iarratas iolrach, léiriú ar na dearaí a n-iarrtar athnuachan ina leith.

Má íoctar na táillí athnuachana, measfar gur iarraidh ar athnuachan atá san íocaíocht ar choinníoll go bhfuil gach tásc riachtanach inti chun cuspóir na híocaíochta a shuíomh.

5.   I gcás clárú ar bhonn iarratas iolrach de bhun Airteagal 44, i gcás nach leor na táillí a íoctar chun na dearaí uile a n-iarrtar athnuachan ina leith a chumhdach, déanfar an clárú a athnuachan i ndáil leis na dearaí sin a bhfuil sé beartaithe go soiléir iad a chumhdach leis an méid a íocadh. In éagmais critéir eile chun a chinneadh cé na dearaí a bheartaítear a chumhdach, déanfaidh an Oifig na dearaí a láimhseáil san ord uimhreach leantach ina bhfuil siad san iarratas iolrach.

6.   Gabhfaidh éifeacht le hathnuachan ón lá tar éis an dáta a théann an clárú atá ann cheana in éag. Iontrálfar an athnuachan sa Chlár.

7.   I gcás ina gcomhdaítear an iarraidh ar athnuachan laistigh de na tréimhsí dá bhforáiltear i mír 3, ach nach gcomhlíontar na coinníollacha eile don athnuachan dá bhforáiltear san Airteagal seo, cuirfidh an Oifig an t-iarratasóir ar an eolas faoi na heasnaimh a aimsíodh.

8.   I gcás nach dtíolactar iarraidh ar athnuachan nó i gcás ina dtíolactar é tar éis don tréimhse dá bhforáiltear i mír 3 dul in éag, nó i gcás nach n-íoctar na táillí nó nach n-íoctar iad go dtí tar éis don tréimhse i dtrácht dul in éag, nó i gcás nach ndéantar na heasnaimh dá dtagraítear i mír 7 a leigheas laistigh den tréimhse sin, cinnfidh an Oifig go bhfuil an clárú imithe in éag agus tabharfaidh sí fógra dá réir sin do shealbhóir an dearaidh AE sin. I gcás ina bhfuil an cinneadh tagtha chun bheith críochnaitheach, cealóidh an Oifig an dearadh ón gClár. Gabhfaidh éifeacht leis an gcealú ón lá tar éis an dáta a chuaigh an clárú atá ann cheana in éag. I gcás inar íocadh na táillí athnuachana ach nach ndéantar an clárú a athnuachan, aisíocfar na táillí sin.

9.   Féadfar iarraidh aonair ar athnuachan a thíolacadh maidir le dhá dhearadh nó níos mó ar choinníoll gurb é nó í an sealbhóir nó an t-ionadaí céanna atá ann i gcás gach dearaidh a chumhdaítear leis an iarraidh. Íocfar an táille athnuachana riachtanach i ndáil le gach dearadh a n-iarrtar athnuachan ina leith.

Airteagal 67

Athrú

1.   Ní dhéanfar léiriú an dearaidh AE chláraithe a athrú sa Chlár le linn na tréimhse clárúcháin ná ar é a athnuachan ach amháin a mhéid a bhaineann le mionsonraí neamhábhartha.

2.   Áireofar an leagan athraithe de léiriú an dearaidh AE chláraithe in iarraidh a dhéanann an sealbhóir ar athrú.

3.   Measfar nach mbeidh iarraidh ar athrú comhdaithe go dtí go n-íocfar an táille riachtanach. Murar íocadh an táille nó murar íocadh go hiomlán í, cuirfidh an Oifig an sealbhóir ar an eolas dá réir sin. Féadfar iarraidh aonair a dhéanamh maidir le hathrú ar an eilimint chéanna in dhá chlárú nó níos mó, ar choinníoll gurb é nó í an sealbhóir céanna atá ann i gcás gach dearaidh. Íocfar an táille riachtanach i ndáil le gach clárú atá le hathrú. Mura gcomhlíontar na ceanglais le haghaidh athrú an chláraithe a leagtar síos san Airteagal seo agus sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 68, cuirfidh an Oifig an t-easnamh in iúl don sealbhóir. Mura ndéantar an t-easnamh a leigheas laistigh den teorainn ama a shonraíonn an Oifig, diúltóidh an Oifig don iarraidh ar athrú.

4.   I gclárú an athraithe a fhoilsítear, beidh léiriú den dearadh AE cláraithe mar a athraíodh é.

Airteagal 68

Cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt maidir le hathrú

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonraítear na mionsonraí atá le bheith san iarraidh ar athrú dá dtagraítear in Airteagal 67(2). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 159(2).

Airteagal 69

Athrú ar ainm nó ar sheoladh

1.   Cuirfidh sealbhóir dearaidh AE chláraithe an Oifig ar an eolas faoi athrú ar ainm nó seoladh an tsealbhóra nach de thoradh aistriú nó athrú úinéireachta an dearaidh AE chláraithe é.

2.   Féadfar iarraidh aonair a dhéanamh ar athrú ar ainm nó ar sheoladh i leith dhá chlárú nó níos mó de chuid an tsealbhóra chéanna.

3.   Mura gcomhlíontar na ceanglais maidir le hathrú ar ainm nó ar sheoladh a leagtar síos san Airteagal seo agus sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 70, cuirfidh an Oifig an t-easnamh in iúl do shealbhóir an dearaidh AE chláraithe. Mura ndéantar an t-easnamh a leigheas laistigh den teorainn ama a shonraíonn an Oifig, diúltóidh an Oifig don iarraidh.

4.   Beidh feidhm ag míreanna 1, 2 agus 3 freisin maidir le hathrú ar ainm nó seoladh an ionadaí chláraithe.

5.   Déanfaidh an Oifig na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 104(3), pointí (a) agus (b), a iontráil sa Chlár.

6.   Beidh feidhm ag míreanna 1 go 4 maidir le hiarratais ar dhearaí AE cláraithe. Déanfar an t-athrú a iontráil sna comhaid a choimeádann an Oifig maidir leis an iarratas ar dhearadh AE.

Airteagal 70

Cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt maidir le hathrú ar ainm nó ar sheoladh

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonraítear na mionsonraí atá le bheith in iarraidh ar athrú ar ainm nó ar sheoladh de bhun Airteagal 69(1). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 159(2).

TEIDEAL VI

TABHAIRT SUAS AGUS NEAMHBHAILÍOCHT AN DEARAIDH AE CLÁRAITHE

Airteagal 71

Tabhairt suas

1.   Déanfaidh an sealbhóir cirt tabhairt suas dearaidh AE chláraithe a dhearbhú i scríbhinn leis an Oifig. Ní bheidh éifeacht aige go dtí go n-iontráiltear sa Chlár é.

2.   Má thugtar suas dearadh AE atá faoi réir chur siar a fhoilsithe, measfar nach raibh na héifeachtaí dá dtagraítear sa Rialachán seo ag an dearadh AE sin ón tús.

3.   Ní dhéanfar tabhairt suas a chlárú ach amháin le comhaontú ón sealbhóir cirt arna iontráil sa Chlár. Má tá ceadúnas cláraithe, ní iontrálfar tabhairt suas sa Chlár ach amháin má chruthaíonn sealbhóir an dearaidh AE chláraithe gur cuireadh an ceadúnaí ar an eolas go bhfuil sé de rún ag an sealbhóir an tabhairt suas a dhéanamh. Déanfar iontráil maidir leis an tabhairt suas ar dhul in éag na tréimhse 3 mhí tar éis an dáta a shásaíonn an sealbhóir an Oifig gur cuireadh an ceadúnaí ar an eolas faoin rún tabhairt suas a dhéanamh, nó roimh dhul in éag na tréimhse sin, a luaithe a chruthóidh an sealbhóir go bhfuil toiliú tugtha ag an gceadúnaí chuige sin.

4.   Má tionscnaíodh imeachtaí de bhun Airteagal 15 a bhaineann leis an teidlíocht ar dhearadh AE cláraithe os comhair na cúirte inniúla nó an údaráis inniúil, ní iontrálfaidh an Oifig an tabhairt suas sa Chlár gan comhaontú ón éilitheoir.

5.   Mura gcomhlíontar na ceanglais lena rialaítear tabhairt suas a leagtar síos san Airteagal seo agus sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 72, cuirfidh an Oifig na heasnaimh in iúl don sealbhóir cirt a dhearbhaíonn an tabhairt suas. Mura ndéantar na heasnaimh a leigheas laistigh den teorainn ama a shonraíonn an Oifig, ní iontrálfaidh an Oifig an tabhairt suas sa Chlár.

Airteagal 72

Cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt maidir le tabhairt suas

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonraítear na nithe seo a leanas:

(a)

na mionsonraí atá le bheith i ndearbhú i ndáil le tabhairt suas de bhun Airteagal 71(1);

(b)

an cineál doiciméadachta is gá chun comhaontú tríú páirtí de bhun Airteagal 71(3) agus comhaontú éilitheora de bhun Airteagal 71(4) a bhunú.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 159(2).

Airteagal 73

Iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta

1.   Faoi réir Airteagal 27(2) go (5), féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach, chomh maith le húdarás poiblí a bhfuil sé de chumhacht aige é a dhéanamh, iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta dearaidh AE chláraithe a chur faoi bhráid na hOifige.

2.   Déanfar an t-iarratas a chomhdú trí bhíthin ráiteas réasúnaithe i scríbhinn. Ní mheasfar é a bheith comhdaithe go dtí go n-íocfar an táille as dearbhú neamhbhailíochta.

3.   Ní bheidh iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta inghlactha má tá an Oifig nó cúirt um dhearaí AE dá dtagraítear in Airteagal 119 tar éis iarratas a bhaineann leis an ábhar céanna agus leis an gcúis chéanna caingne, agus lena mbaineann na páirtithe céanna, a bhreithniú ar a thuillteanais agus má tá an cinneadh ón Oifig nó ón gcúirt um dhearaí AE maidir leis an iarratas sin tagtha chun bheith críochnaitheach.

Airteagal 74

An t-iarratas a scrúdú

1.   Má chinneann an Oifig go bhfuil an t-iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta inghlactha, déanfaidh an Oifig scrúdú cé acu an ndéantar dochar leis na forais neamhbhailíochta dá dtagraítear in Airteagal 27 don dearadh AE cláraithe.

2.   Agus scrúdú á dhéanamh aici ar iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta, iarrfaidh an Oifig ar na páirtithe, a mhinice is gá, barúlacha a chomhdú, laistigh de thréimhse atá le socrú ag an Oifig, maidir le teachtaireachtaí ó na páirtithe eile nó teachtaireachtaí arna n-eisiúint ag an Oifig féin.

3.   Má iarrann sealbhóir an dearaidh AE chláraithe amhlaidh, déanfaidh iarratasóir ar dhearbhú neamhbhailíochta ina n-agraítear trádmharc níos túisce de chuid an Aontais nó trádmharc náisiúnta níos túisce mar shainchomhartha de réir bhrí Airteagal 27(1), pointe (e), den Rialachán seo, cruthúnas a thabhairt maidir le fíorúsáid an mhairc sin i gcomhréir le hAirteagal 64(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2017/1001 agus leis na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 75 den Rialachán seo.

4.   Déanfar taifead ar an gcinneadh ón Oifig maidir leis an iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta a iontráil sa Chlár a luaithe atá an cinneadh sin tagtha chun bheith críochnaitheach.

5.   Féadfaidh an Oifig iarraidh ar na páirtithe réiteach cairdiúil a dhéanamh.

Airteagal 75

Tarmligean cumhachta maidir le dearbhú neamhbhailíochta

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 160 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na mionsonraí a shonrú maidir leis na himeachtaí maidir le dearbhú neamhbhailíochta dearaidh AE dá dtagraítear in Airteagail 73 agus 74, lena n-áirítear an fhéidearthacht scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta mar ábhar tosaíochta i gcás nach gcuireann sealbhóir an dearaidh AE chláraithe i gcoinne na bhforas neamhbhailíochta nó in aghaidh an fhaoisimh a iarrtar.

Airteagal 76

Rannpháirtíocht sna himeachtaí i gcoinne an tsáraitheora líomhnaithe

1.   I gcás ina gcomhdaítear iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta dearaidh AE chláraithe, agus fad nach bhfuil cinneadh críochnaitheach déanta ag an Oifig, féadfar aon tríú páirtí a chruthaíonn gur tionscnaíodh imeachtaí mar gheall ar shárú ar an dearadh céanna ina gcoinne a uamadh mar pháirtí sna himeachtaí neamhbhailíochta ar iarraidh arna tíolacadh laistigh de 3 mhí ón dáta a tionscnaíodh na himeachtaí um shárú.

Beidh feidhm ag an méid sin i leith aon tríú páirtithe a chruthaíonn gur iarr sealbhóir cirt an dearaidh AE orthu deireadh a chur le sárú líomhnaithe ar an dearadh agus gur thionscain siad imeachtaí le haghaidh rialú cúirte lena ndearbhaítear nach bhfuil an dearadh AE á shárú acu.

2.   An t-iarratas ar bheith uamtha mar pháirtí, comhdófar trí bhíthin ráiteas réasúnaithe i scríbhinn é. Ní mheasfar é a bheith comhdaithe go dtí go n-íocfar an táille neamhbhailíochta dá dtagraítear in Airteagal 73(2). Ina dhiaidh sin, is mar iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta a dhéileálfar leis an iarraidh, faoi réir aon eisceachtaí a leagtar síos sa rialachán cur chun feidhme.

TEIDEAL VII

ACHOMHAIRC

Airteagal 77

Cinntí atá faoi réir achomhairc

1.   Féadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh na gcinntí ón Oifig dá dtagraítear in Airteagal 141, pointí (a), (b) agus (c).

2.   Beidh feidhm ag Airteagail 66 go 72 de Rialachán (AE) 2017/1001 maidir le hachomhairc a ndéileálann na Boird Achomhairc leo faoin Rialachán seo, mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo.

Airteagal 78

Tarmligean cumhachta maidir le himeachtaí achomhairc

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun an Rialachán seo a fhorlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 160 tríd an méid seo a leanas a shonrú:

(a)

inneachar foirmiúil an fhógra achomhairc dá dtagraítear in Airteagal 68 de Rialachán (AE) 2017/1001 agus an nós imeachta chun an t-achomharc a chomhdú agus a scrúdú;

(b)

inneachar foirmiúil agus foirm chinntí an Bhoird Achomhairc dá dtagraítear in Airteagal 71 de Rialachán (AE) 2017/1001;

(c)

aisíocaíocht na táille achomhairc dá dtagraítear in Airteagal 68 de Rialachán (AE) 2017/1001.

TEIDEAL VIII

NÓS IMEACHTA OS COMHAIR NA hOIFIGE

Roinn 1

Forálacha ginearálta

Airteagal 79

Cinntí agus teachtaireachtaí ón Oifig

1.   Luafar i gcinntí ón Oifig na cúiseanna ar a bhfuil siad bunaithe. Ní bheidh siad bunaithe ach ar chúiseanna nó fianaise a raibh deis ag na páirtithe lena mbaineann a gcuid tráchtanna ina leith a chur i láthair. I gcás ina dtionóltar imeachtaí ó bhéal os comhair na hOifige, féadfar an cinneadh a thabhairt ó bhéal. Ina dhiaidh sin, tabharfar fógra i scríbhinn faoin gcinneadh do na páirtithe.

2.   Léireofar roinn nó rannóg na hOifige in aon chinneadh, aon chumarsáid nó aon fhógra ón Oifig mar aon le hainm an oifigigh nó ainmneacha na n-oifigeach atá freagrach. Síneoidh an t-oifigeach sin nó na hoifigigh sin iad, nó, in ionad síniú, beidh séala clóite nó stampáilte na hOifige orthu. Féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chinneadh gur féidir úsáid a bhaint as modhanna eile chun roinn nó rannóg na hOifige agus ainm an oifigigh nó na n-oifigeach atá freagrach a shainaithint nó gur féidir úsáid a bhaint as aitheantas seachas séala i gcás ina dtarchuirtear cinntí, teachtaireachtaí nó fógraí trí aon mhodh teicniúil cumarsáide.

3.   Cinntí ón Oifig atá faoi réir achomhairc, beidh teachtaireacht i scríbhinn ag gabháil leo lena léirítear go bhfuil aon fhógra achomhairc le comhdú i scríbhinn ag an Oifig laistigh de 2 mhí ón dáta a thugtar fógra faoin gcinneadh i dtrácht. Le haon teachtaireacht den sórt sin, díreofar aird na bpáirtithe freisin ar na forálacha a leagtar síos in Airteagail 66, 67, 68, 71 agus 72 de Rialachán (AE) 2017/1001, a bhfuil feidhm acu freisin maidir le hachomhairc faoin Rialachán seo de bhun Airteagal 77(2) den Rialachán seo. Ní phléadálfaidh na páirtithe nár chuir an Oifig in iúl go raibh imeachtaí achomhairc ar fáil.

Airteagal 80

Scrúdú ag an Oifig ar na fíorais as a stuaim féin

1.   Scrúdóidh an Oifig, as a stuaim féin, na fíorais in imeachtaí os a comhair. In imeachtaí a bhaineann le dearbhú neamhbhailíochta, áfach, ní bheidh an Oifig in ann scrúdú a dhéanamh ach ar na forais, ar na fíorais, ar an bhfianaise agus ar na hargóintí a thugann na páirtithe agus ar an bhfaoiseamh a iarrtar.

2.   Féadfaidh an Oifig neamhaird a thabhairt ar fhíorais nó ar fhianaise nach bhfuil curtha faoina bráid in am trátha ag na páirtithe lena mbaineann.

Airteagal 81

Imeachtaí ó bhéal

1.   Má mheasann an Oifig go mbeadh imeachtaí ó bhéal áisiúil, eagrófar iad ar thionscnamh na hOifige nó arna iarraidh sin d’aon pháirtí sna himeachtaí.

2.   Imeachtaí ó bhéal os comhair na scrúdaitheoirí agus na roinne atá i bhfeighil an Chláir, ní bheidh siad oscailte don phobal.

3.   Imeachtaí ó bhéal, lena n-áirítear tabhairt an chinnidh a thabhairt, os comhair na Rannán Neamhbhailíochta agus na mBord Achomhairc, beidh siad oscailte don phobal, ach amháin má chinneann an roinn a bhfuil na himeachtaí os a comhair a mhalairt i gcásanna ina bhféadfadh míbhuntáistí tromchúiseacha nach bhfuil údar leo a bheith ann dá ligfí an pobal isteach iontu, go háirithe míbhuntáistí do pháirtí sna himeachtaí.

Airteagal 82

Tarmligean cumhachta maidir le himeachtaí ó bhéal

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 160 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na socruithe mionsonraithe a leagan amach maidir le himeachtaí ó bhéal dá dtagraítear in Airteagal 81, lena n-áirítear na socruithe mionsonraithe maidir le teangacha a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 137.

Airteagal 83

Fianaise a ghlacadh

1.   In aon imeachtaí os comhair na hOifige, beidh na modhanna seo a leanas i measc na modhanna chun fianaise a thabhairt nó a fháil:

(a)

éisteacht a thabhairt do na páirtithe;

(b)

iarrataí ar fhaisnéis;

(c)

doiciméid agus ítimí fianaise a thíolacadh;

(d)

éisteacht a thabhairt d’fhinnéithe;

(e)

tuairimí saineolaithe;

(f)

ráitis i scríbhinn, faoi mhionn nó faoi dhearbhasc nó a bhfuil éifeacht chomhchosúil acu faoi dhlí an Stáit ina ndéantar an ráiteas a tharraingt suas.

2.   Féadfaidh an roinn ábhartha den Oifig duine dá baill a choimisiúnú chun scrúdú a dhéanamh ar an bhfianaise a thugtar ar aird.

3.   Má mheasann an Oifig go bhfuil sé riachtanach go ndéanfaidh páirtí, finné nó saineolaí fianaise a thabhairt ó bhéal, eiseoidh sí toghairm don duine lena mbaineann teacht os a comhair. 1 mhí amháin ar a laghad a bheidh sa tréimhse fógra arna soláthar i dtoghairm den sórt sin, ach amháin i gcás ina gcomhaontaíonn an páirtí, an finné nó an saineolaí le tréimhse níos giorra.

4.   Cuirfear na páirtithe ar an eolas faoin éisteacht d’fhinné nó do shaineolaí os comhair na hOifige. Beidh an ceart acu a bheith i láthair agus ceisteanna a chur ar an bhfinné nó ar an saineolaí.

5.   Cinnfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin méideanna na gcostas atá le híoc, lena n-áirítear réamhíocaíochtaí, a mhéid a bhaineann leis na costais a bhaineann le fianaise a ghlacadh.

Airteagal 84

Tarmligean cumhachta maidir le fianaise a ghlacadh

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 160 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na socruithe mionsonraithe a leagan amach maidir le fianaise a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 83.

Airteagal 85

Fógra a thabhairt

1.   Déanfaidh an Oifig, as a stuaim féin, fógra a thabhairt dóibh siúd lena mbaineann faoi chinntí agus toghairmeacha agus faoi aon fhógra nó aon teachtaireacht eile as a ríomhtar teorainn ama, nó a bhfuiltear le fógra a thabhairt dóibh siúd lena mbaineann ina leith i gcomhréir le forálacha eile de chuid an Rialacháin seo nó de chuid gníomhartha arna nglacadh dá bhun, nó ar ordaigh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin fógra a thabhairt ina leith.

2.   Is trí mhodhanna leictreonacha a thabharfar fógra. Cinnfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na mionsonraí maidir le modhanna leictreonacha.

3.   I gcás nárbh fhéidir leis an Oifig fógra a thabhairt, is mar fhógra poiblí a thabharfar fógra. Cinnfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an chaoi atá an fógra poiblí le tabhairt agus socróidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tús na tréimhse 1 mhí, agus ar dhul in éag na tréimhse sin, measfar go mbeidh fógra tugtha faoin doiciméad.

Airteagal 86

Tarmligean cumhachta maidir le fógra a thabhairt

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 160 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na socruithe mionsonraithe a leagan amach maidir le fógra a thabhairt dá dtagraítear in Airteagal 85.

Airteagal 87

Fógra a thabhairt faoi chaillteanas ceart

I gcás ina bhfionnann an Oifig go gcailltear aon chearta de dheasca an Rialacháin seo nó de dheasca gníomhartha arna nglacadh dá bhun, gan aon chinneadh a bheith déanta, déanfaidh sí an fhionnachtain sin a chur in iúl do na daoine lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 85. Féadfaidh na daoine lena mbaineann a iarraidh go ndéanfaí cinneadh maidir leis an ábhar laistigh de 2 mhí tar éis fógra a bheith tugtha faoin teachtaireacht, má mheasann siad go bhfuil fionnachtain na hOifige mícheart. Ní ghlacfaidh an Oifig cinneadh den sórt sin ach amháin i gcás nach n-aontaíonn sí leis na daoine a iarrann é. Murab amhlaidh sin, déanfaidh an Oifig a cinneadh a leasú agus cuirfidh sí na daoine a iarrann an cinneadh ar an eolas faoi.

Airteagal 88

Teachtaireachtaí chuig an Oifig

Is trí mhodhanna leictreonacha a dhíreofar teachtaireachtaí chuig an Oifig. Cinnfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na modhanna leictreonacha atá le húsáid agus an bealach agus na dálaí teicniúla ina bhfuil na modhanna leictreonacha sin le húsáid.

Airteagal 89

Tarmligean cumhachta maidir le teachtaireachtaí chuig an Oifig

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 160 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na rialacha a shonrú maidir le teachtaireachtaí a dhírítear chuig an Oifig dá dtagraítear in Airteagal 88 agus na foirmeacha le haghaidh na dteachtaireachtaí sin atá le cur ar fáil ag an Oifig.

Airteagal 90

Teorainneacha ama

1.   Is i dtéarmaí blianta, míonna, seachtainí nó laethanta iomlána a leagfar síos teorainneacha ama. Tosófar an ríomh an lá tar éis an lae ar tharla an t-imeacht ábhartha. Ní bheidh fad na dteorainneacha ama níos lú ná 1 mhí ná ní bheidh sé níos mó ná 6 mhí, mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo nó in aon ghníomh arna ghlacadh dá bhun.

2.   Cinnfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, roimh thosach gach bliana féilire, na laethanta nach mbeidh an Oifig ar oscailt chun doiciméid a fháil.

3.   Cinnfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin fad thréimhse an bhriste i gcás briseadh iarbhír ar nasc na hOifige le modhanna leictreonacha cumarsáide údaraithe.

4.   Más rud é, de dhroim tarlú eisceachtúil, amhail tubaiste nádúrtha nó stailc, go mbristear nó go gcuirtear isteach ar chumarsáid chuí ó na páirtithe sna himeachtaí chuig an Oifig nó vice versa, féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chinneadh, maidir leis na páirtithe uile sna himeachtaí a bhfuil cónaí orthu nó a bhfuil a n-oifig chláraithe sa limistéar geografach sin dá ndéanann an tarlú eisceachtúil difear, nó a bhfuil ionadaí ceaptha acu agus áit ghnó ag an ionadaí sa limistéar sin, go ndéanfar gach teorainn ama a rachadh in éag, murach sin, an dáta a thosaíonn tarlú den sórt sin nó ina dhiaidh sin a fhadú go dtí dáta áirithe. Agus an dáta sin á chinneadh, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin measúnú ar cathain a thiocfaidh deireadh leis an tarlú eisceachtúil. Má dhéanann an tarlú difear do shuíomh na hOifige, sonrófar sa chinneadh sin ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin go bhfuil feidhm ag an gcinneadh maidir le gach páirtí sna himeachtaí.

Airteagal 91

Tarmligean cumhachta maidir le ríomh agus fad teorainneacha ama

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 160 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na mionsonraí a shonrú maidir le ríomh agus fad na dteorainneacha ama dá dtagraítear in Airteagal 90.

Airteagal 92

Earráidí agus dearmaid fhollasacha a cheartú

1.   Ceartóidh an Oifig, as a stuaim féin nó arna iarraidh sin do pháirtí, aon earráidí teanga nó tras-scríofa agus dearmaid fhollasacha ina cinntí, aon earráidí i gclárú dearaidh AE nó aon earráidí i bhfoilsiú an chláraithe.

2.   I gcás ina n-iarrann an sealbhóir go gceartófaí earráidí i gclárú dearaidh AE nó i bhfoilsiú an chláraithe, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 69.

3.   Foilseoidh an Oifig ceartúcháin a dhéantar ar earráidí i gclárú dearaidh AE agus i bhfoilsiú an chláraithe.

Airteagal 93

Iontrálacha sa Chlár a chealú agus cinntí a chúlghairm

1.   I gcás ina bhfuil iontráil sa Chlár déanta ag an Oifig nó i gcás ina bhfuil cinneadh déanta aici ina bhfuil earráid fhollasach is inchurtha i leith na hOifige, áiritheoidh sí go gcealófar an iontráil nó go gcúlghairfear an cinneadh. I gcás nach bhfuil ach páirtí amháin sna himeachtaí agus go ndéanann an iontráil nó an ghníomhaíocht difear do chearta an pháirtí sin, cinnfear cealú nó cúlghairm fiú mura raibh an earráid soiléir don pháirtí.

2.   Déanfaidh an roinn a rinne an iontráil nó a rinne an cinneadh cealú nó cúlghairm dá dtagraítear i mír 1 a chinneadh as a stuaim féin nó arna iarraidh sin do cheann de na páirtithe sna himeachtaí. Déanfar an iontráil sa Chlár a chealú nó an cinneadh a chúlghairm laistigh de 1 bhliain ón dáta a rinneadh an iontráil sa Chlár nó a rinneadh an cinneadh, tar éis dul i gcomhairle leis na páirtithe sna himeachtaí agus le haon sealbhóir ceart maidir leis an dearadh AE i dtrácht a iontráiltear sa Chlár. Coimeádfaidh an Oifig taifead d’aon chealú nó cúlghairm den sórt sin.

3.   Ní dochar an tAirteagal seo do cheart na bpáirtithe achomharc a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagail 77 agus 78 nó don fhéidearthacht earráidí agus dearmaid fhollasacha a cheartú i gcomhréir le hAirteagal 92. I gcás ina bhfuil achomharc déanta i gcoinne cinneadh ón Oifig ina bhfuil earráid, beidh na himeachtaí achomhairc gan chuspóir tráth a dhéanfaidh an Oifig a cinneadh a chúlghairm de bhun mhír 1 den Airteagal seo. Sa chás deireanach sin, aisíocfar an táille achomhairc leis an achomharcóir.

Airteagal 94

Tarmligean cumhachta maidir le hiontrálacha sa Chlár a chealú agus cinntí a chúlghairm

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 160 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an nós imeachta a leagan amach maidir le hiontráil sa Chlár a chealú nó cinneadh a chúlghairm dá dtagraítear in Airteagal 93.

Airteagal 95

Restitutio in integrum

1.   An t-iarratasóir ar dhearadh AE cláraithe, sealbhóir dearaidh AE chláraithe nó aon pháirtí eile in imeachtaí os comhair na hOifige nach raibh in ann, d’ainneoin an cúram cuí a bhí de dhíth i ngeall ar na himthosca a bheith déanta, teorainn ama a chomhlíonadh i leith na hOifige, déanfar a gcearta a athbhunú, ar iarratas, más rud é go bhfuil sé mar iarmhairt dhíreach ag an neamhchomhlíonadh i dtrácht, de bhua fhorálacha an Rialacháin seo, go gcaillfear aon cheart nó aon mhodh sásaimh.

2.   Déanfaidh an t-iarratasóir an t-iarratas a chomhdú i scríbhinn laistigh de 2 mhí ón tráth a bhaintear an chúis nár comhlíonadh an teorainn ama. Déanfar an ghníomhaíocht nár cuireadh i gcrích a thabhairt i gcrích laistigh den tréimhse sin. Ní bheidh an t-iarratas inghlactha ach amháin laistigh den bhliain go díreach tar éis dhul in éag na teorann ama nár comhlíonadh. I gcás nach dtíolactar an iarraidh ar athnuachan an chláraithe nó nach n-íoctar táille athnuachana, ní bhainfear den tréimhse 1 bhliain an tréimhse bhreise 6 mhí tar éis dhul in éag an chláraithe dá bhforáiltear in Airteagal 66(3).

3.   San iarratas, luafar na forais ar a bhfuil sé bunaithe agus leagfar amach na fíorais ar a bhfuil sé ag brath. Ní mheasfar é a bheith comhdaithe go dtí go n-íocfar an táille as athbhunú na gceart. Má dheonaítear restitutio in integrum, aisíocfar an táille.

4.   Is í an roinn atá inniúil ar chinneadh a dhéanamh maidir leis an ngníomhaíocht nár cuireadh i gcrích a dhéanfaidh cinneadh faoin iarratas.

5.   Mura gcomhlíontar na teorainneacha ama a leagtar síos i mír 2 den Airteagal seo agus in Airteagal 96, ní eascróidh as sin athbhunú na gceart dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

6.   I gcás ina n-athbhunaítear cearta an iarratasóra ar dhearadh AE cláraithe nó cearta sealbhóra dearaidh AE chláraithe, ní fhéadfaidh siad a gcearta a agairt i leith tríú páirtí, ar páirtí é a chuir earraí ar an margadh, de mheon macánta, le linn na tréimhse idir caillteanas na gceart san iarratas ar an dearadh AE cláraithe nó i gclárú an dearaidh sin agus foilsiú na tagartha d’athbhunú na gceart sin, arb earraí iad ina n-ionchorpraítear dearadh a áirítear faoi raon feidhme cosanta an dearaidh AE chláraithe nó ar a gcuirtear i bhfeidhm é.

7.   Féadfaidh tríú páirtithe a fhéadfaidh leas a bhaint as forálacha mhír 6, féadfaidh siad imeachtaí tríú páirtí a thabhairt i gcoinne an chinnidh lena ndéantar cearta an iarratasóra ar dhearadh AE cláraithe nó shealbhóir an dearaidh AE chláraithe a athbhunú laistigh de thréimhse 2 mhí ón dáta a fhoilsítear an tagairt d’athbhunú na gceart sin.

8.   Ní chuirfidh aon ní san Airteagal seo teorainn le ceart Ballstáit restitutio in integrum a dheonú i leith na dteorainneacha ama dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus atá le comhlíonadh i leith údaráis an Stáit sin.

Airteagal 96

Leanúint leis na himeachtaí

1.   An t-iarratasóir ar dhearadh AE cláraithe, sealbhóir dearaidh AE chláraithe nó aon pháirtí eile in imeachtaí os comhair na hOifige nár chomhlíon teorainn ama i leith na hOifige, féadfaidh siad, arna iarraidh sin dóibh, leanúint leis na himeachtaí a fháil, ar choinníoll go mbeidh an ghníomhaíocht nár cuireadh i gcrích tugtha i gcrích tráth a dhéantar an iarraidh. Ní bheidh an iarraidh ar leanúint leis na himeachtaí inghlactha ach amháin má thíolactar í laistigh de 2 mhí ó dhul in éag na teorann ama nár comhlíonadh. Measfar nach mbeidh an iarraidh comhdaithe go dtí go mbeidh an táille as leanúint leis na himeachtaí íoctha.

2.   Ní dheonófar leanúint leis na himeachtaí i gcás nach gcomhlíontar na teorainneacha ama a leagtar síos in:

(a)

Airteagal 46, Airteagal 49(1), Airteagal 53(1), Airteagal 55(3), Airteagal 66(3) agus Airteagal 95(2) den Rialachán seo;

(b)

Airteagal 68 agus Airteagal 72(5) de Rialachán (AE) 2017/1001 i gcomhar le hAirteagal 77(2) den Rialachán seo;

(c)

mír 1 den Airteagal seo.

3.   Is í an roinn atá inniúil ar chinneadh a dhéanamh maidir leis an ngníomhaíocht nár cuireadh i gcrích a dhéanfaidh cinneadh maidir leis an iarraidh ar leanúint leis na himeachtaí.

4.   Má ghlacann an Oifig leis an iarraidh ar leanúint leis na himeachtaí, measfar nár tharla na hiarmhairtí ar mhainneachtain an teorainn ama a chomhlíonadh. I gcás ina ndearnadh cinneadh sa tréimhse idir dul in éag na teorann ama sin agus an iarraidh ar leanúint leis na himeachtaí, déanfaidh an roinn atá inniúil ar chinneadh a dhéanamh maidir leis an ngníomhaíocht nár cuireadh i gcrích athbhreithniú ar an gcinneadh agus, i gcás inar leor tabhairt i gcrích na gníomhaíochta sin nár cuireadh i gcrích, déanfaidh sí cinneadh difriúil. Má chinneann an Oifig, tar éis an athbhreithnithe, nach gá an cinneadh bunaidh a athrú, dearbhóidh sí an cinneadh sin i scríbhinn.

5.   Má dhiúltaíonn an Oifig don iarraidh ar leanúint leis na himeachtaí, aisíocfar an táille.

Airteagal 97

Briseadh imeachtaí

1.   Brisfear na himeachtaí atá os comhair na hOifige:

(a)

i gcás bhás nó éagumas dlíthiúil an iarratasóra ar dhearadh AE cláraithe nó an tsealbhóra dearaidh AE chláraithe, nó i gcás bhás nó éagumas dlíthiúil an duine a údaraítear de réir an dlí náisiúnta chun gníomhú thar ceann an iarratasóra nó an tsealbhóra.

(b)

i gcás ina gcuirtear cosc ar an iarratasóir ar dhearadh AE cláraithe nó ar shealbhóir dearaidh AE chláraithe, ar chúiseanna dlíthiúla de dhroim caingean in aghaidh mhaoin an iarratasóra nó an tsealbhóra, leanúint leis na himeachtaí os comhair na hOifige;

(c)

i gcás bhás nó éagumas dlíthiúil ionadaí iarratasóra ar dhearadh AE cláraithe nó ionadaí sealbhóra dearaidh AE chláraithe, nó i gcás ina gcuirtear cosc ar an ionadaí sin, ar chúiseanna dlíthiúla de dhroim caingean in aghaidh mhaoin an ionadaí, leanúint leis na himeachtaí os comhair na hOifige.

Sa mhéid nach ndéanfaidh an bás nó an t-éagumas dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), den mhír seo difear d’údarú ionadaí a cheaptar i gcomhréir le hAirteagal 116, ní bhrisfear na himeachtaí ach amháin arna iarraidh sin don ionadaí sin.

2.   Féadfar imeachtaí os comhair na hOifige a atosú a luaithe a shuífear céannacht an duine arna údarú chun leanúint leo nó a luaithe a bheidh gach iarracht réasúnach déanta ag an Oifig chun céannacht an duine sin a shuíomh.

Airteagal 98

Tarmligean cumhachta maidir le hatosú imeachtaí

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 160 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na socruithe mionsonraithe a leagan amach maidir le hatosú imeachtaí os comhair na hOifige dá dtagraítear in Airteagal 97(2).

Airteagal 99

Tagairt do phrionsabail ghinearálta

In éagmais forálacha nós imeachta sa Rialachán seo nó i ngníomhartha arna nglacadh dá bhun, cuirfidh an Oifig san áireamh prionsabail an dlí nós imeachta a aithnítear go ginearálta sna Ballstáit.

Airteagal 100

Oibleagáidí airgeadais a fhoirceannadh

1.   Rachaidh cearta na hOifige ar íocaíocht táille i léig tar éis 4 bliana ó dheireadh na bliana féilire ina raibh an táille dlite.

2.   Rachaidh cearta i gcoinne na hOifige ar aisíocaíocht táillí nó suimeanna airgid a íocadh de bhreis ar tháille i léig tar éis 4 bliana ó dheireadh na bliana féilire inar tháinig an ceart chun cinn.

3.   Brisfear na tréimhsí a leagtar síos i míreanna 1 agus 2, sa chás a chumhdaítear le mír 1, le hiarraidh ar an táille a íoc agus, sa chás a chumhdaítear le mír 2, le héileamh réasúnaithe i scríbhinn. Má bhristear an tréimhse, tosóidh sí arís láithreach agus tiocfaidh deireadh léi ar a dhéanaí 6 bliana tar éis dheireadh na bliana a thosaigh sí ar dtús, ach amháin más rud é gur cuireadh tús, idir an dá linn, le himeachtaí breithiúnacha chun an ceart a fhorfheidhmiú. Sa chás sin, tiocfaidh deireadh leis an tréimhse ar a luaithe 1 bhliain tar éis údarás mar chinneadh críochnaitheach a bheith faighte ag an mbreithiúnas.

Roinn 2

Costais

Airteagal 101

Aisíocaíocht costas

1.   An páirtí a chaill in imeachtaí le haghaidh dearbhú neamhbhailíochta dearaidh AE chláraithe nó in imeachtaí achomhairc, iompróidh an páirtí sin na táillí a d’íoc an páirtí eile as an iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta agus as achomharc. An páirtí a chaill in imeachtaí den sórt sin, iompróidh an páirtí sin freisin na costais uile arna dtabhú ag an bpáirtí eile, ar costais iad atá bunriachtanach do na himeachtaí, lena n-áirítear taisteal agus cothú agus luach saothair d’ionadaí dá dtagraítear in Airteagal 116(1), laistigh de na huasrátaí a leagtar síos le haghaidh gach catagóire costais sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 102.

2.   I gcás ina n-éiríonn le gach páirtí ar chuntair áirithe agus ina dteipeann orthu ar chuntair eile, nó i gcás inar gá ar chúiseanna cothromais, cinnfidh an Rannán Neamhbhailíochta nó an Bord Achomhairc cionroinnt eile a dhéanamh ar na costais atá éagsúil ón gceann a leagtar síos i mír 1.

3.   Páirtí a fhoirceannann na himeachtaí tríd an iarratas ar an dearadh AE, an t-iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta nó an t-achomharc a tharraingt siar, trí gan athnuachan a dhéanamh ar chlárú an dearaidh AE nó tríd an dearadh AE cláraithe a thabhairt suas, iompróidh an páirtí sin na táillí agus na costais arna dtabhú ag an bpáirtí eile mar a leagtar síos i míreanna 1 agus 2.

4.   I gcás nach dtéann cás ar aghaidh chun breithiúnais, is faoi rogha an Rannáin Neamhbhailíochta nó an Bhoird Achomhairc a bheidh na costais.

5.   I gcás ina dtugann na páirtithe réiteach ar chostais i gcrích os comhair an Rannáin Neamhbhailíochta nó an Bhoird Achomhairc, ar réiteach é atá éagsúil leis an réiteach dá bhforáiltear i míreanna 1 go 4, tabharfaidh an comhlacht lena mbaineann an comhaontú sin ar aird.

6.   Socróidh an Rannán Neamhbhailíochta nó an Bord Achomhairc as a stuaim féin méid na gcostas atá le híoc de bhun mhíreanna 1 go 5 den Airteagal seo i gcás ina bhfuil na costais atá le híoc teoranta do na táillí a íoctar leis an Oifig agus do na costais ionadaíochta. I ngach cás eile, is í clárlann an Bhoird Achomhairc nó an Rannáin Neamhbhailíochta a shocróidh, arna iarraidh sin, méid na gcostas atá le híoc. Ní bheidh an iarraidh inghlactha ach amháin ar feadh tréimhse 2 mhí tar éis an dáta a thagann an cinneadh a ndearnadh iarratas ina leith chun na costais a shocrú chun bheith críochnaitheach, agus beidh bille agus fianaise tacaíochta ag gabháil léi. Maidir leis na costais ionadaíochta de réir bhrí Airteagal 116(1), is leor dearbhú ón ionadaí gur tabhaíodh na costais. Maidir le costais eile, is leor a sochreidteacht a shuí.

I gcás ina socraítear méid na gcostas de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo, dámhfar costais ionadaíochta ar an leibhéal a leagtar síos sa ghníomh cur chun feidhme a ghlactar de bhun Airteagal 102 agus gan beann ar cé acu a tabhaíodh nó nár tabhaíodh na costais go hiarbhír.

7.   Cinntí maidir le costais a shocrú arna nglacadh i gcomhréir le mír 6, luafar iontu na cúiseanna ar a bhfuil siad bunaithe agus féadfaidh an Rannán Neamhbhailíochta nó an Bord Achomhairc athbhreithniú a dhéanamh orthu tar éis iarraidh a chomhdaítear laistigh de 1 mhí ón dáta a thugtar fógra faoin gcinneadh. Ní mheasfar í a bheith comhdaithe go dtí go n-íocfar an táille as athbhreithniú a dhéanamh ar mhéid na gcostas. Déanfaidh an Rannán Neamhbhailíochta nó an Bord Achomhairc, de réir mar a bheidh, cinneadh maidir leis an iarraidh chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh maidir le costais a shocrú gan imeachtaí ó bhéal.

Airteagal 102

Cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt maidir le huasrátaí do chostais

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonraítear na huasrátaí do chostais atá bunriachtanach ó thaobh na n-imeachtaí de agus a thabhaíonn an páirtí a n-éiríonn leis nó léi dá dtagraítear in Airteagal 101(1) iarbhír. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 159(2).

Agus na huasrátaí á sonrú aige maidir le taisteal agus le costais chothaithe, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an t-achar idir áit chónaithe nó áit ghnó an pháirtí, an ionadaí, an fhinné nó an tsaineolaí agus an áit ina dtionóltar na himeachtaí ó bhéal, an chéim sa nós imeachta ag ar tabhaíodh na costais agus, a mhéid a bhaineann leis na costais ionadaíochta de réir bhrí Airteagal 116(1), an gá lena áirithiú nach féidir leis an bpáirtí eile mí-úsáid a bhaint as an oibleagáid atá ann na costais a iompar ar chúiseanna oirbheartaíochta. Ina theannta sin, déanfar na costais chothaithe a ríomh i gcomhréir le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais, a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (14). Ní iompróidh an páirtí a chailleann in imeachtaí ach costais aon pháirtí amháin sna himeachtaí agus, i gcás inarb infheidhme, aon ionadaí amháin.

Airteagal 103

Cinntí lena socraítear méid na gcostas a fhorfheidhmiú

1.   Is in-fhorfheidhmithe a bheidh aon chinneadh críochnaitheach de chuid na hOifige lena socraítear méid na gcostas.

2.   Beidh forfheidhmiú faoi rialú ag na rialacha nós imeachta sibhialta atá i bhfeidhm sa Bhallstát ina ndéantar ar a chríoch é. Ainmneoidh gach Ballstát údarás aonair a bheidh freagrach as barántúlacht an chinnidh dá dtagraítear i mír 1 a fhíorú agus cuirfidh sé a chuid sonraí teagmhála in iúl don Oifig, don Chúirt Bhreithiúnais agus don Choimisiún. Déanfaidh an t-údarás sin an t-ordú maidir le forfheidhmiú a chur i gceangal leis an gcinneadh, gan aon fhoirmiúlacht eile a bheith ann seachas fíorú bharántúlacht an chinnidh.

3.   Nuair a bheidh na foirmiúlachtaí dá dtagraítear i mír 2 curtha i gcrích, ar iarratas ón bpáirtí lena mbaineann, féadfaidh an páirtí sin dul i gceann an fhorfheidhmithe i gcomhréir leis an dlí náisiúnta tríd an ábhar a thabhairt go díreach os comhair an údaráis inniúil.

4.   Ní fhéadfar an forfheidhmiú a fhionraí ach amháin trí bhreith ón gCúirt Bhreithiúnais. Beidh dlínse ag cúirteanna an Bhallstáit lena mbaineann, áfach, i dtaca le gearáin á rá go bhfuil an forfheidhmiú á chur i gcrích ar dhóigh neamhrialta.

Roinn 3

An pobal agus údaráis oifigiúla na mBallstát a chur ar an eolas

Airteagal 104

Clár dearaí AE

1.   Coimeádfaidh an Oifig Clár de dhearaí AE cláraithe, agus coimeádfaidh sí cothrom le dáta é.

2.   Beidh na hiontrálacha seo a leanas a bhaineann le cláruithe dearaí AE sa Chlár:

(a)

dáta comhdaithe agus cláraithe an iarratais de bhun Airteagal 59(3);

(b)

uimhir chomhaid an iarratais agus uimhir chomhaid gach dearaidh aonair a áirítear in iarratas iolrach;

(c)

dáta foilsithe an chláraithe;

(d)

ainm, cathair agus tír an iarratasóra;

(e)

ainm agus seoladh gnó an ionadaí, seachas ionadaí dá dtagraítear in Airteagal 115(3), an chéad fhomhír;

(f)

léiriú an dearaidh;

(g)

ainmneacha na dtáirgí, agus uimhreacha na n-aicmí agus na bhfo-aicmí d’Aicmiú Locarno rompu;

(h)

sonraí maidir le héilimh ar thosaíocht de bhun Airteagal 50;

(i)

sonraí maidir le héilimh ar thosaíocht taispeántais de bhun Airteagal 53;

(j)

lua an dearthóra nó na foirne dearthóirí de bhun Airteagal 18 nó ráiteas go bhfuil an ceart a bheith luaite tarscaoilte ag an dearthóir nó ag an bhfoireann dearthóirí;

(k)

an teanga ina ndearnadh an t-iarratas a chomhdú agus an dara teanga atá tugtha le fios ag an iarratasóir san iarratas, de bhun Airteagal 137(3);

(l)

dáta cláraithe an dearaidh sa Chlár agus an chláruimhir de bhun Airteagal 59(1);

(m)

nóta lena léirítear aon iarraidh ar fhoilsiú a chur siar de bhun Airteagal 62(3), lena sonraítear dáta éaga na tréimhse cur siar;

(n)

nóta lena léirítear gur comhdaíodh tuairisc de bhun Airteagal 42(3), pointe (a).

3.   Beidh na hiontrálacha seo a leanas sa Chlár freisin, agus dáta a dtaifeadta ag gabháil le gach ceann díobh:

(a)

athruithe ar ainm nó ar chathair agus tír an iarratasóra de bhun Airteagal 69;

(b)

athruithe ar ainm nó seoladh gnó an ionadaí, seachas ionadaí dá dtagraítear in Airteagal 115(3), an chéad fhomhír;

(c)

i gcás ina gceaptar ionadaí nua, ainm agus seoladh gnó an ionadaí sin;

(d)

athruithe ar ainm an dearthóra nó na foirne dearthóirí de bhun Airteagal 18;

(e)

ceartúcháin ar earráidí agus dearmaid fhollasacha de bhun Airteagal 92;

(f)

athruithe ar an dearadh de bhun Airteagal 67;

(g)

nóta lena léirítear gur tionscnaíodh na himeachtaí teidlíochta os comhair na cúirte inniúla nó an údaráis inniúil de bhun Airteagal 15(5), pointe (a);

(h)

dáta agus sonraí chinneadh críochnaitheach na cúirte inniúla nó an údaráis inniúil nó foirceannadh eile imeachtaí de bhun Airteagal 15(5), pointe (b);

(i)

athrú úinéireachta de bhun Airteagal 15(5), pointe (c);

(j)

aistriú de bhun Airteagal 31;

(k)

ceart in rem a chruthú nó a aistriú de bhun Airteagal 33, agus cineál an chirt in rem;

(l)

tobhach forghníomhaithe de bhun Airteagal 34 agus imeachtaí dócmhainneachta de bhun Airteagal 35;

(m)

deonú nó aistriú ceadúnais de bhun Airteagal 16(2) nó Airteagal 36 agus, i gcás inarb infheidhme, an cineál ceadúnais dá dtagraítear in Airteagal 37(3);

(n)

athnuachan an chláraithe de bhun Airteagal 66 agus an dáta a ghabhfaidh éifeacht leis an athnuachan sin;

(o)

an cinneadh maidir le dul in éag an chláraithe de bhun Airteagal 66(8);

(p)

dearbhú an tsealbhóra i ndáil le tabhairt suas de bhun Airteagal 71(1);

(q)

dáta tíolactha agus sonraí iarratais ar dhearbhú neamhbhailíochta de bhun Airteagal 73, dáta tíolactha agus sonraí frithéilimh i leith dearbhú neamhbhailíochta de bhun Airteagal 123(5) nó dáta tíolactha agus sonraí achomhairc arna dhéanamh de bhun Airteagal 77;

(r)

dáta agus sonraí an chinnidh chríochnaithigh maidir leis an iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta de bhun Airteagal 74, dáta agus sonraí an chinnidh chríochnaithigh maidir le frithéileamh i leith dearbhú neamhbhailíochta de bhun Airteagal 125(3), dáta agus sonraí an chinnidh chríochnaithigh maidir le hachomharc de bhun Airteagal 77, nó dáta agus sonraí aon fhoirceannta eile imeachtaí de bhun na nAirteagal sin;

(s)

cealú na hiontrála a bhaineann leis an ionadaí arna thaifeadadh de bhun mhír 2, pointe (e);

(t)

na hítimí dá dtagraítear i mír 3, pointí (l), (m) agus (n), a mhodhnú nó a chealú ón gClár;

(u)

cinneadh a chúlghairm nó iontráil sa Chlár a chealú de bhun Airteagal 93, i gcás ina mbaineann an chúlghairm le cinneadh a foilsíodh nó i gcás ina mbaineann an cealú le hiontráil a foilsíodh.

4.   Féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chinneadh go bhfuil ítimí seachas na hítimí sin dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 le hiontráil sa Chlár.

5.   Féadfar an Clár a choinneáil ar bun i bhfoirm leictreonach. Déanfaidh an Oifig na hítimí dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3, lena n-áirítear aon sonraí pearsanta, a bhailiú, a eagrú, a phoibliú agus a stóráil chun na gcríoch a leagtar síos i mír 8. Déanfaidh an Oifig an Clár a choimeád ar bhealach ina mbeidh an pobal in ann teacht air go réidh ar mhaithe lena iniúchadh.

6.   Tabharfar fógra do shealbhóir dearaidh AE chláraithe faoi aon athrú sa Chlár.

7.   I gcás nach bhfuil rochtain ar an gClár srianta de bhun Airteagal 109(5), soláthróidh an Oifig, trí mhodhanna leictreonacha, sleachta deimhnithe nó neamhdheimhnithe as an gClár arna iarraidh sin.

8.   Déanfar na sonraí a bhaineann leis na hiontrálacha dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3, lena n-áirítear aon sonraí pearsanta, a phróiseáil chun na gcríoch seo a leanas:

(a)

na hiarratais, na cláruithe, nó an dá rud, a thuairiscítear sa Rialachán seo agus i ngníomhartha arna nglacadh dá bhun a riar;

(b)

clár poiblí a choinneáil ar bun le gur féidir leis na húdaráis phoiblí agus na hoibreoirí eacnamaíocha iniúchadh a dhéanamh air agus le go mbeidh sé mar eolas dóibh, ionas gur féidir leo na cearta a thugtar dóibh leis an Rialachán seo a fheidhmiú agus ionas gur féidir iad a chur ar an eolas faoi réamhchearta ar le tríú páirtithe iad a bheith ann;

(c)

tuarascálacha agus staidreamh a chur ar fáil lena gcuirtear ar chumas na hOifige a cuid oibríochtaí a bharrfheabhsú agus feabhas a chur ar fheidhmiú an chórais chun dearaí AE a chlárú.

9.   Na sonraí uile, lena n-áirítear sonraí pearsanta, a bhaineann leis na hiontrálacha dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo, measfar gur chun leas an phobail iad agus féadfaidh aon tríú páirtí rochtain a fháil orthu seachas a mhéid a fhoráiltear a mhalairt le hAirteagal 62(2). Coimeádfar na hiontrálacha sa Chlár ar feadh tréimhse éiginnte.

Airteagal 105

Bunachar sonraí

1.   I dteannta na hoibleagáide Clár a choimeád mar a leagtar síos in Airteagal 104, déanfaidh an Oifig na sonraí uile a sholáthraíonn sealbhóirí nó aon pháirtí eile sna himeachtaí de bhun an Rialacháin seo nó de bhun gníomhartha arna n glacadh dá bhun a bhailiú agus a stóráil i mbunachar sonraí leictreonach.

2.   Féadfar a áireamh sa bhunachar sonraí leictreonach sonraí pearsanta, de bhreis ar na sonraí sin a áirítear sa Chlár de bhun Airteagal 104, a mhéid a cheanglaítear na sonraí sin leis an Rialachán seo nó le gníomhartha arna nglacadh dá bhun. Déanfar sonraí pearsanta a bhailiú, a stóráil agus a phróiseáil chun na gcríoch seo a leanas:

(a)

na hiarratais, na cláruithe, nó an dá rud, a thuairiscítear sa Rialachán seo agus i ngníomhartha arna nglacadh dá bhun a riar;

(b)

rochtain a fháil ar an bhfaisnéis is gá chun na himeachtaí ábhartha a láimhseáil ar bhealach níos fusa agus níos éifeachtúla;

(c)

teagmháil a dhéanamh leis na hiarratasóirí agus leis na páirtithe eile sna himeachtaí;

(d)

tuarascálacha agus staidreamh a chur ar fáil lena gcuirtear ar chumas na hOifige a cuid oibríochtaí a bharrfheabhsú agus feidhmiú an chórais a fheabhsú.

3.   Cinnfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na coinníollacha maidir le rochtain ar an mbunachar sonraí agus maidir leis an dóigh a bhféadfar an t-inneachar, cé is moite de na sonraí pearsanta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo ach lena n-áirítear na sonraí sin a liostaítear in Airteagal 104, a chur ar fáil.

4.   Beidh rochtain ar na sonraí pearsanta dá dtagraítear i mír 2 srianta agus ní dhéanfar na sonraí sin a chur ar fáil go poiblí ach amháin le toiliú sainráite ón bpáirtí lena mbaineann.

5.   Coimeádfar na sonraí uile ar feadh tréimhse éiginnte. Féadfaidh an páirtí lena mbaineann a iarraidh go mbainfí aon sonraí pearsanta den bhunachar sonraí, áfach, tar éis 18 mí ó dhul in éag an dearaidh AE chláraithe nó ó chlabhsúr an nós imeachta inter partes ábhartha. Beidh sé de cheart ag an bpáirtí lena mbaineann go gceartófar sonraí míchruinne nó míchearta tráth ar bith.

Airteagal 106

Rochtain ar líne ar chinntí

1.   Déanfar cinntí ón Oifig maidir le dearaí AE cláraithe a chur ar fáil ar líne mar fhaisnéis don phobal i gcoitinne agus ionas gur féidir an pobal i gcoitinne iad a cheadú. Féadfaidh aon pháirtí sna himeachtaí ar glacadh an cinneadh dá mbarr a iarraidh go mbainfí aon sonraí pearsanta a áirítear sa chinneadh.

2.   Féadfaidh an Oifig breithiúnais na gcúirteanna náisiúnta agus chúirteanna an Aontais a sholáthar ar líne, ar breithiúnais iad a bhaineann lena cúraimí, chun feasacht an phobail a mhúscailt faoi ábhair maidir le maoin intleachtúil agus cóineasú cleachtas a chur chun cinn. Urramóidh an Oifig coinníollacha an fhoilsithe tosaigh i ndáil le sonraí pearsanta.

Airteagal 107

Foilseacháin thréimhsiúla

1.   Seo a leanas a fhoilseoidh an Oifig go tréimhsiúil:

(a)

Feasachán maidir le Dearaí an Aontais Eorpaigh ina mbeidh foilseacháin de na hiontrálacha a dhéantar sa Chlár, chomh maith le sonraí eile maidir le cláruithe dearaí AE a gceanglaítear a bhfoilsiú leis an Rialachán seo nó le gníomhartha arna nglacadh dá bhun;

(b)

Iris Oifigiúil de chuid na hOifige ina mbeidh fógraí agus faisnéis de chineál ginearálta a eisíonn an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, chomh maith le haon fhaisnéis eile atá ábhartha don Rialachán seo nó dá chur chun feidhme.

Féadfar na foilseacháin dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (a) agus (b), a dhéanamh trí mhodhanna leictreonacha.

2.   Is ar bhealach agus ar mhinicíocht a chinnfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a fhoilseofar an Feasachán maidir le Dearaí an Aontais Eorpaigh.

3.   Foilseofar Iris Oifigiúil na hOifige i dteangacha na hOifige. Féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chinneadh, áfach, go bhfuil ítimí áirithe le foilsiú in Iris Oifigiúil na hOifige i dteangacha oifigiúla uile an Aontais.

Airteagal 108

Cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt maidir le foilseacháin thréimhsiúla

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonraítear na nithe seo a leanas:

(a)

an dáta atá le meas mar an dáta foilsithe san Fheasachán maidir le Dearaí an Aontais Eorpaigh;

(b)

an bealach a ndéanfar na hiontrálacha maidir le clárú dearaidh a fhoilsiú, ar iontrálacha iad nach bhfuil athruithe iontu le hais fhoilsiú an iarratais;

(c)

na bealaí a bhféadfar eagráin d’Iris Oifigiúil na hOifige a chur ar fáil don phobal.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 159(2).

Airteagal 109

Iniúchadh na gcomhad

1.   Na comhaid a bhaineann le hiarratais ar dhearadh AE cláraithe nach bhfuil foilsithe fós nó na comhaid a bhaineann le dearaí AE cláraithe atá faoi réir chur siar a bhfoilsithe i gcomhréir le hAirteagal 62 nó a thugtar suas, toisc iad a bheith faoi réir cur siar den sórt, roimh dhul in éag na tréimhse sin nó ar dhul in éag na tréimhse sin, ní chuirfear na comhaid sin ar fáil lena n-iniúchadh gan toiliú ón iarratasóir ar an dearadh AE cláraithe ná ó shealbhóir cirt an dearaidh sin.

2.   Aon duine lenar féidir leas dlisteanach a chruthú, féadfaidh an duine sin comhad a iniúchadh gan toiliú ón iarratasóir ar dhearadh AE cláraithe ná ó shealbhóir an dearaidh sin sula bhfoilseofar é nó tar éis thabhairt suas an dearaidh sin sa chás dá bhforáiltear i mír 1.

Beidh feidhm aige sin go háirithe más rud é go gcruthaíonn an duine leasmhar go ndearna an t-iarratasóir ar dhearadh AE cláraithe nó sealbhóir an dearaidh sin bearta d’fhonn an ceart faoin dearadh AE cláraithe a agairt i gcoinne an duine leasmhair.

3.   Tar éis an dearadh AE cláraithe a fhoilsiú, féadfar an comhad a iniúchadh ar iarratas.

4.   I gcás ina ndéantar iniúchadh ar na comhaid de bhun mhír 2 nó 3, beidh na codanna seo a leanas den chomhad eisiata ón iniúchadh:

(a)

doiciméid a bhaineann le heisiamh nó le hagóid de bhun Airteagal 169 de Rialachán (AE) 2017/1001;

(b)

dréachtchinntí agus dréacht-tuairimí, agus gach doiciméad inmheánach eile a úsáidtear chun na cinntí agus tuairimí a ullmhú;

(c)

codanna den chomhad ar léirigh an páirtí lena mbaineann spéis ar leith iad a choinneáil faoi rún sula ndearnadh an iarraidh go ndéanfaí iniúchadh ar na comhaid, ach amháin má thugann leasanna sáraitheacha dlisteanacha an pháirtí atá ag féachaint le hiniúchadh a dhéanamh ar chodanna den chomhad údar le hiniúchadh a dhéanamh ar na codanna sin den chomhad.

5.   I gcás ina bhfuil an clárú faoi réir chur siar a fhoilsithe de bhun Airteagal 62(1), beidh rochtain ar an gClár ag daoine eile seachas sealbhóir an dearaidh AE chláraithe teoranta d’ainm an tsealbhóra, ainm aon ionadaí, an dáta comhdaithe agus an dáta cláraithe, uimhir chomhaid an iarratais agus an nóta lena léirítear go bhfuil an foilsiú curtha siar. Sna cásanna sin, ní bheidh sna sleachta deimhnithe nó neamhdheimhnithe as an gClár ach ainm an tsealbhóra, ainm aon ionadaí, an dáta comhdaithe agus an dáta cláraithe, uimhir chomhaid an iarratais agus an nóta lena léirítear go bhfuil an foilsiú curtha siar, ach amháin i gcás ina bhfuil iarraidh ar shleachta déanta ag an sealbhóir nó ag ionadaí an tsealbhóra.

Airteagal 110

Nósanna imeachta maidir leis na comhaid a iniúchadh

1.   Is trí mhodhanna teicniúla stórála na gcomhad a dhéanfar iniúchadh ar na comhaid de dhearaí AE cláraithe arna iarraidh de bhun Airteagal 109(3). Ar líne a dhéanfar an t-iniúchadh sin. Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cinneadh faoi mhodh an iniúchta.

2.   I gcás ina mbaineann an iarraidh go ndéanfaí iniúchadh ar na comhaid le hiarratas ar dhearadh AE cláraithe nó ar dhearadh AE cláraithe atá faoi réir chur siar a fhoilsithe i gcomhréir le hAirteagal 62 nó, toisc é a bheith faoi réir cur siar den sórt sin, a tugadh suas roimh dháta éaga na tréimhse sin nó ar dháta éaga na tréimhse sin, beidh an fhianaise seo leanas san iarraidh:

(a)

gur thoiligh iarratasóir nó sealbhóir an dearaidh AE leis an iniúchadh; nó

(b)

gur léirigh an duine a iarrann an t-iniúchadh leas dlisteanach in iniúchadh an chomhaid.

3.   Arna iarraidh sin, déanfar iniúchadh ar na comhaid trí bhíthin cóipeanna leictreonacha de na doiciméid chomhaid. Chomh maith leis sin, arna iarraidh sin, eiseoidh an Oifig cóipeanna deimhnithe nó neamhdheimhnithe den iarratas ar dhearadh AE cláraithe trí mhodhanna leictreonacha.

Airteagal 111

An fhaisnéis atá sna comhaid a chur in iúl

Faoi réir na srianta dá bhforáiltear in Airteagal 109, féadfaidh an Oifig, arna iarraidh sin, faisnéis a chur in iúl ó aon chomhad d’aon nós imeachta a bhaineann le hiarratas ar dhearadh AE nó le dearadh AE cláraithe.

Airteagal 112

Comhaid a choimeád

1.   Coimeádfaidh an Oifig na comhaid d’aon nós imeachta a bhaineann le hiarratais ar dhearaí AE agus le dearaí AE cláraithe. Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cinneadh faoin bhfoirm ina bhfuil na comhaid sin le coimeád inti.

2.   I gcás ina gcoimeádtar na comhaid i bhformáid leictreonach, coimeádfar na comhaid leictreonacha, nó na cóipeanna cúltaca díobh, ar feadh tréimhse éiginnte. Déanfar na doiciméid bhunaidh a chomhdaíonn na páirtithe sna himeachtaí, agus atá mar bhonn do na comhaid leictreonacha sin, a dhiúscairt i ndiaidh tréimhse tar éis don Oifig iad a ghlacadh, agus cinnfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an tréimhse sin.

3.   I gcás ina gcoimeádtar, agus a mhéid a choimeádtar, comhaid nó codanna de na comhaid i bhfoirm nach foirm leictreonach í, coimeádfar doiciméid nó ítimí fianaise ar cuid de na comhaid sin iad ar feadh 5 bliana ar a laghad ó dheireadh na bliana:

(a)

ina ndiúltaítear don iarratas nó ina dtarraingítear siar é;

(b)

ina dtéann clárú an dearaidh AE in éag go cinntitheach;

(c)

ina ndéantar tabhairt suas an dearaidh AE chláraithe a iontráil sa Chlár de bhun Airteagal 71;

(d)

ina mbaintear an dearadh AE cláraithe go cinntitheach den Chlár.

Airteagal 113

Comhar riaracháin

1.   Mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo ná sa dlí náisiúnta, tabharfaidh an Oifig agus cúirteanna nó údaráis na mBallstát cúnamh dá chéile, arna iarraidh sin, trí fhaisnéis a chur in iúl nó trí chomhaid a chur ar fáil lena n-iniúchadh. I gcás ina gcuireann an Oifig comhaid ar fáil lena n-iniúchadh ag cúirteanna, oifigí ionchúisitheoirí poiblí nó lároifigí maoine tionsclaíche, ní bheidh an t-iniúchadh faoi réir na srianta a leagtar síos in Airteagal 109.

2.   Ní ghearrfaidh an Oifig táillí as faisnéis a chur in iúl nó as comhaid a chur ar fáil lena n-iniúchadh.

Airteagal 114

Cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt maidir le comhar riaracháin

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonraítear na socruithe mionsonraithe maidir le malartú faisnéise idir an Oifig agus údaráis na mBallstát agus maidir le comhaid a chur ar fáil lena n-iniúchadh dá dtagraítear in Airteagal 113, á chur san áireamh na srianta a bhfuil iniúchadh na gcomhad a bhaineann le hiarratais ar dhearaí AE nó le cláruithe dearaí AE faoina réir, de bhun Airteagal 109, nuair a chuirtear ar fáil do thríú páirtithe iad. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 159(2).

Roinn 4

Ionadaíocht

Airteagal 115

Prionsabail ghinearálta na hionadaíochta

1.   Faoi réir mhír 2, ní chuirfear iallach ar aon duine ionadaíocht a bheith aige nó aici os comhair na hOifige.

2.   Gan dochar do mhír 3, an dara fomhír, den Airteagal seo, maidir le daoine nádúrtha nó dlítheanacha nach bhfuil sainchónaí orthu in LEE, nach bhfuil a bpríomháit ghnó in LEE nó nach bhfuil fíorbhunaíocht tionscail nó tráchtála éifeachtach acu in LEE, déanfar ionadaíocht orthu os comhair na hOifige i gcomhréir le hAirteagal 116(1) sna himeachtaí go léir dá bhforáiltear leis an Rialachán seo, cé is moite d’iarratas ar dhearadh AE cláraithe a chomhdú.

3.   Féadfaidh fostaí ionadaíocht a dhéanamh os comhair na hOifige ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhfuil sainchónaí orthu in LEE, a bhfuil a bpríomháit ghnó in LEE nó a bhfuil fíorbhunaíocht tionscail nó tráchtála éifeachtach acu in LEE.

Maidir le fostaí de chuid duine dlítheanach a bhfuil feidhm ag an mír seo maidir leis nó léi, féadfaidh an fostaí sin ionadaíocht a dhéanamh freisin ar dhaoine dlítheanacha eile a bhfuil naisc eacnamaíocha acu leis an gcéad duine dlítheanach, fiú mura bhfuil sainchónaí ar na daoine dlítheanacha eile sin in LEE, mura bhfuil a bpríomháit ghnó in LEE nó mura bhfuil fíorbhunaíocht tionscail nó tráchtála éifeachtach acu in LEE.

Déanfaidh fostaithe a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine de réir bhrí na míre seo, arna iarraidh sin don Oifig nó, i gcás inarb iomchuí, don pháirtí sna himeachtaí, údarú sínithe a sholáthar don Oifig lena gcur isteach sna comhaid.

4.   I gcás ina bhfuil níos mó ná iarratasóir amháin nó níos mó ná tríú páirtí amháin ag gníomhú i gcomhpháirt, ceapfar ionadaí coiteann.

Airteagal 116

Ionadaíocht ghairmiúil

1.   Ní fhéadfaidh ach na daoine seo a leanas ionadaíocht a dhéanamh ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha in imeachtaí os comhair na hOifige faoin Rialachán seo:

(a)

cleachtóir dlí atá cáilithe i gceann de na Stáit is páirtithe i gComhaontú LEE agus a bhfuil a áit ghnó nó a háit ghnó laistigh de LEE, a mhéid a bhfuil an cleachtóir dlí i dteideal, laistigh den Stát sin, gníomhú mar ionadaí in ábhair maoine tionsclaíche;

(b)

ionadaithe gairmiúla a bhfuil a n-ainmneacha ar an liosta d’ionadaithe gairmiúla dá dtagraítear in Airteagal 120(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2017/1001;

(c)

ionadaithe gairmiúla a bhfuil a n-ainmneacha ar an liosta speisialta d’ionadaithe gairmiúla maidir le hábhair dhearaidh dá dtagraítear i mír 4.

2.   Na hionadaithe gairmiúla dá dtagraítear i mír 1, pointe (c), ní bheidh siad i dteideal ionadaíocht a dhéanamh ar thríú daoine ach amháin in imeachtaí maidir le hábhair dhearaidh os comhair na hOifige.

3.   Déanfaidh ionadaithe, ag gníomhú dóibh os comhair na hOifige, arna iarraidh sin don Oifig nó, i gcás inarb iomchuí, don pháirtí eile sna himeachtaí, údarú sínithe a sholáthar don Oifig lena chur isteach sna comhaid.

4.   Déanfaidh an Oifig liosta speisialta d’ionadaithe gairmiúla maidir le hábhair dhearaidh a bhunú agus a choinneáil ar bun. Féadfar aon duine nádúrtha a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas a iontráil ar an liosta sin:

(a)

is náisiúnach de cheann amháin de na Stáit is páirtithe i gComhaontú LEE an duine sin;

(b)

tá áit ghnó nó fostaíochta an duine sin in LEE;

(c)

tá an duine sin i dteideal ionadaíocht a dhéanamh ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha in ábhair dhearaidh os comhair Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil nó os comhair na lároifige maoine tionsclaíche de chuid Stáit is páirtithe in LEE.

I gcás nach bhfuil an teidlíocht dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (c), coinníollach ar an gceanglas cáilíochtaí speisialta gairmiúla a bheith ag an duine, maidir le duine a dhéanann iarratas lena bheith iontráilte ar an liosta agus a ghníomhaíonn in ábhair dhearaidh os comhair Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil nó os comhair lároifig maoine tionsclaíche, beidh an duine sin ag gníomhú amhlaidh ar bhonn rialta le 5 bliana anuas ar a laghad.

Mar sin féin, daoine a bhfuil cáilíochtaí gairmiúla acu chun ionadaíocht a dhéanamh ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha in ábhair dhearaidh os comhair Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil nó os comhair lároifig maoine tionsclaíche, ar cáilíochtaí iad a shainaithnítear go hoifigiúil i gcomhréir leis na rialacháin a leagtar síos ag an Stát lena mbaineann, ní chuirfear de cheangal orthu a bheith tar éis an ghairm a fheidhmiú.

5.   Déanfar duine a iontráil ar an liosta arna iarraidh sin, agus deimhniú arna sholáthar ag Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil nó ag lároifig maoine tionsclaíche an Bhallstáit lena mbaineann ag gabháil leis an iarraidh, ar deimhniú é lena léirítear go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i mír 4. Foilseofar na hiontrálacha ar liosta na n-ionadaithe gairmiúla maidir le hábhair dhearaidh in Iris Oifigiúil na hOifige.

6.   Féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin díolúine a dheonú ó aon cheann de na ceanglais seo a leanas:

(a)

an ceanglas a leagtar síos i mír 4, an chéad fhomhír, pointe (a), i gcás gairmithe ardcháilithe, ar choinníoll go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos i mír 4, an chéad fhomhír, pointí (b) agus (c);

(b)

an ceanglas a leagtar síos i mír 4, an dara fomhír, má thugann an duine a dhéanann iarratas lena bheith iontráilte ar an liosta cruthúnas gur bhain an duine sin amach an cháilíocht riachtanach ar bhealach eile.

7.   Féadfar duine a bhaint de liosta na n-ionadaithe gairmiúla maidir le hábhair dhearaidh arna iarraidh sin don duine sin nó nuair nach bhfuil an cumas ag an duine sin gníomhú mar ionadaí gairmiúil a thuilleadh. Foilseofar na leasuithe a dhéantar ar liosta na n-ionadaithe gairmiúla maidir le hábhair dhearaidh in Iris Oifigiúil na hOifige.

8.   Déanfar ionadaithe ag gníomhú dóibh os comhair na hOifige a iontráil sa bhunachar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 105 agus gheobhaidh siad uimhir aitheantais. Féadfaidh an Oifig a chur de cheangal ar an ionadaí cineál fíor agus éifeachtach a mbunaíochta nó a bhfostaíochta ag aon cheann de na seoltaí a sainaithníodh a chruthú. Féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na ceanglais fhoirmiúla a chinneadh chun uimhir aitheantais a fháil, go háirithe le haghaidh comhlachais ionadaithe, agus le haghaidh iontrálacha na n-ionadaithe sa bhunachar sonraí.

Airteagal 117

Tarmligean cumhachta maidir le hionadaíocht ghairmiúil

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun an Rialachán seo a fhorlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 160 tríd an méid seo a leanas a shonrú:

(a)

na coinníollacha agus an nós imeachta maidir le hionadaí choitinn dá dtagraítear in Airteagal 115(4) a cheapadh;

(b)

na coinníollacha faoina bhfuil fostaithe dá dtagraítear in Airteagal 115(3) agus ionadaithe gairmiúla dá dtagraítear in Airteagal 116(1) le húdarú sínithe a chomhdú leis an Oifig chun tabhairt faoin ionadaíocht, agus ábhar an údaraithe sin;

(c)

na himthosca faoinar féidir duine a bhaint de liosta na n-ionadaithe gairmiúla maidir le hábhair dhearaidh dá dtagraítear in Airteagal 116(7).

TEIDEAL IX

DLÍNSE AGUS NÓS IMEACHTA I gCAINGNE DLÍ A BHAINEANN LE DEARAÍ AE

Roinn 1

Dlínse agus forfheidhmiú

Airteagal 118

Cur i bhfeidhm rialacha an Aontais maidir le dlínse agus le haithint agus forfheidhmiú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála

1.   Mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo, beidh feidhm ag rialacha an Aontais maidir le dlínse agus le haithint agus forfheidhmiú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála i leith imeachtaí a bhaineann le dearaí AE agus iarratais ar dhearaí AE cláraithe, agus i leith imeachtaí a bhaineann le caingne comhuaineacha agus caingne i ndiaidh a chéile ar bhonn dearaí AE agus dearaí náisiúnta.

2.   I gcás imeachtaí i ndáil leis na caingne agus éilimh dá dtagraítear in Airteagal 120 den Rialachán seo:

(a)

ní bheidh feidhm ag Airteagail 4 agus 6, Airteagal 7, pointí (1), (2), (3) agus (5), ná Airteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15);

(b)

beidh feidhm ag Airteagail 25 agus 26 de Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 faoi réir na dteorainneacha dá bhforáiltear in Airteagal 121(4) den Rialachán seo;

(c)

maidir le forálacha Chaibidil II de Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012, ar forálacha iad atá infheidhme maidir le daoine a bhfuil sainchónaí orthu i mBallstát, beidh feidhm acu freisin maidir le daoine nach bhfuil sainchónaí orthu in aon Bhallstát ach a bhfuil bunaíocht acu laistigh de Bhallstát.

3.   Áireofar le tagairtí sa Rialachán seo do Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012, i gcás inarb iomchuí, Comhaontú an 19 Deireadh Fómhair 2005 idir an Comhphobal Eorpach agus Ríocht na Danmhairge maidir le dlínse agus maidir le haithint agus forfheidhmiú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála (16).

Roinn 2

Díospóidí a bhaineann le sárú ar dhearaí AE agus le bailíocht na ndearaí sin

Airteagal 119

Cúirt um dhearaí AE

1.   Ainmneoidh na Ballstáit ina gcríocha an líon is teoranta is féidir de chúirteanna agus binsí náisiúnta céadchéime agus dara céime (‘cúirteanna um dhearaí AE’), a dhéanfaidh na feidhmeanna arna sannadh dóibh faoin Rialachán seo.

2.   Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra gan mhoill don Choimisiún faoi aon athrú a dhéantar ar líon, ainm nó dlínse críochach na gcúirteanna um dhearaí AE atá ar liosta na gcúirteanna um dhearaí AE a chuir Ballstát in iúl don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 80(2) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002.

3.   Tabharfaidh an Coimisiún fógra do na Ballstáit faoin bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 2 agus foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh í.

Airteagal 120

Dlínse maidir le sárú agus bailíocht

Beidh dlínse eisiach ag na cúirteanna um dhearaí AE maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

caingne um shárú agus, má cheadaítear dóibh faoin dlí náisiúnta, caingne i leith sáruithe arna mbagairt ar dhearaí AE;

(b)

caingne i gcomhair dearbhú ar neamhshárú ar dhearaí AE, ach iad a bheith ceadaithe faoin dlí náisiúnta;

(c)

caingne i gcomhair dearbhú neamhbhailíochta dearaidh AE neamhchláraithe;

(d)

frithéilimh ar dhearbhú neamhbhailíochta dearaidh AE a dhéantar i ndáil le caingne faoi phointe (a).

Airteagal 121

Dlínse idirnáisiúnta

1.   Faoi réir fhorálacha an Rialacháin seo agus faoi réir aon fhoráil de Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 is infheidhme de bhua Airteagal 118 den Rialachán seo, déanfar imeachtaí i leith na gcaingne agus na n-éileamh dá dtagraítear in Airteagal 120 den Rialachán seo a thionscnamh i gcúirteanna an Bhallstáit ina bhfuil sainchónaí ar an gcosantóir nó, mura bhfuil sainchónaí ar an gcosantóir in aon cheann de na Ballstáit, in aon Bhallstát ina bhfuil bunaíocht ag an gcosantóir.

2.   Mura bhfuil sainchónaí ná bunaíocht ag an gcosantóir in aon cheann de na Ballstáit, déanfar imeachtaí den sórt sin a thionscnamh i gcúirteanna an Bhallstáit ina bhfuil sainchónaí ar an ngearánaí nó, mura bhfuil sainchónaí ar an ngearánaí in aon cheann de na Ballstáit, in aon Bhallstát ina bhfuil bunaíocht ag an ngearánaí.

3.   Mura bhfuil an sainchónaí sin ná an bhunaíocht sin ag an gcosantóir ná ag an ngearánaí, déanfar imeachtaí den sórt sin a thionscnamh i gcúirteanna an Bhallstáit ina bhfuil suíomh ag an Oifig.

4.   De mhaolú ar mhíreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo:

(a)

beidh feidhm ag Airteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 má chomhaontaíonn na páirtithe go bhfuil dlínse le bheith ag cúirt eile um dhearaí AE;

(b)

beidh feidhm ag Airteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 má thaifeadann an cosantóir láithreas os comhair cúirt eile um dhearaí AE.

5.   Féadfar imeachtaí i leith na gcaingne agus na n-éileamh dá dtagraítear in Airteagal 120, pointí (a) agus (d), a thionscnamh freisin i gcúirteanna na mBallstát sin ina ndearnadh an ghníomhaíocht sáraithe nó inar bagraíodh an ghníomhaíocht sáraithe a dhéanamh.

Airteagal 122

Méid an dlínse maidir le sárú

1.   Cúirt um dhearaí AE a bhfuil a dlínse bunaithe ar Airteagal 121(1), (2), (3) nó (4), beidh dlínse aici maidir le gníomhaíochtaí sáraithe arna ndéanamh nó arna mbagairt laistigh de chríoch aon Bhallstát.

2.   Cúirt um dhearaí AE a bhfuil a dlínse bunaithe ar Airteagal 121(5), ní bheidh dlínse aici ach maidir le gníomhaíochtaí sáraithe arna ndéanamh nó arna mbagairt laistigh de chríoch an Bhallstáit ina bhfuil an chúirt sin.

Airteagal 123

Caingean nó frithéileamh ar dhearbhú neamhbhailíochta dearaidh AE

1.   Ní fhéadfar caingean nó frithéileamh ar dhearbhú neamhbhailíochta dearaidh AE a bheith bunaithe ach ar na forais neamhbhailíochta dá dtagraítear in Airteagal 27.

2.   Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 27(2), (3), (4) agus (5), is é nó í an duine ag a bhfuil teidlíocht faoi na forálacha sin, agus an duine sin amháin, a fhéadfaidh an chaingean nó an frithéileamh a thabhairt.

3.   Má thugtar an frithéileamh i gcaingean dlí nach bhfuil sealbhóir cirt an dearaidh AE ina pháirtí nó ina páirtí inti cheana féin, cuirfear an méid sin ar an eolas don sealbhóir cirt agus féadfaidh an sealbhóir cirt a uamadh mar pháirtí sa chaingean i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos faoi dhlí an Bhallstáit ina bhfuil an chúirt.

4.   Ní fhéadfar bailíocht dearaidh AE a chur faoi shaincheist i gcaingean le haghaidh dearbhú ar neamhshárú.

5.   Maidir leis an gcúirt um dhearaí AE lenar comhdaíodh frithéileamh ar dhearbhú neamhbhailíochta dearaidh AE chláraithe, ní rachaidh an chúirt sin ar aghaidh le scrúdú ar an bhfrithéileamh go dtí gurb amhlaidh gur chuir an páirtí leasmhar nó an chúirt an Oifig ar an eolas faoin dáta ar ar comhdaíodh an frithéileamh. Déanfaidh an Oifig an fhaisnéis sin a thaifeadadh sa Chlár i gcomhréir le hAirteagal 104(3), pointe (q). Más rud é gur comhdaíodh iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta an dearaidh AE chláraithe leis an Oifig sular comhdaíodh an frithéileamh, cuirfidh an Oifig an chúirt ar an eolas faoi sin agus cuirfidh sí bac ar na himeachtaí i gcomhréir le hAirteagal 130(1) go dtí go ndéanfar cinneadh críochnaitheach den chinneadh faoin iarratas nó go ndéanfar an t-iarratas a tharraingt siar.

6.   An chúirt um dhearaí AE a éisteann frithéileamh ar dhearbhú neamhbhailíochta dearaidh AE chláraithe, ar iarratas ó shealbhóir cirt an dearaidh AE chláraithe agus tar éis na páirtithe eile a éisteacht, féadfaidh an chúirt sin bac a chur ar na himeachtaí agus iarraidh ar an gcosantóir iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta a chur faoi bhráid na hOifige laistigh de theorainn ama a chinnfidh an chúirt. Mura ndéantar an t-iarratas laistigh den teorainn ama, leanfar leis na himeachtaí agus measfar an frithéileamh a bheith tarraingthe siar. Beidh feidhm ag Airteagal 130(3).

Airteagal 124

Toimhde na bailíochta – cosaint i ndáil leis na tuillteanais

1.   In imeachtaí i leith caingean um shárú nó caingean um shárú arna bhagairt ar dhearadh AE cláraithe, caithfidh an chúirt um dhearaí AE leis an dearadh AE mar dhearadh bailí. Ní fhéadfar agóid a dhéanamh i gcoinne bailíochta ach le frithéileamh ar dhearbhú neamhbhailíochta. Mar sin féin, maidir le pléadáil a bhaineann le neamhbhailíocht dearaidh AE, ar pléadáil í a chuirtear isteach ar bhealach eile seachas trí bhíthin frithéilimh, beidh an phléadáil sin inghlactha sa mhéid a mhaíonn an cosantóir go bhféadfaí a dhearbhú go bhfuil an dearadh AE neamhbhailí de bharr ceart dearaidh náisiúnta níos túisce, de réir bhrí Airteagal 27(1), pointe (d), ar leis an cosantóir é.

2.   In imeachtaí i leith caingean um shárú nó caingean um shárú arna bhagairt ar dhearadh AE neamhchláraithe, caithfidh an chúirt um dhearaí AE leis an dearadh AE mar dhearadh bailí más rud é go dtugann an sealbhóir cirt cruthúnas go bhfuil na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 12 comhlíonta agus go léiríonn an sealbhóir cirt an ghné shainiúil a bhaineann lena ndearadh AE. Mar sin féin, féadfaidh an cosantóir cur i gcoinne a bhailíochta trí bhíthin pléadála nó le frithéileamh ar dhearbhú neamhbhailíochta.

Airteagal 125

Breithiúnais ar neamhbhailíocht

1.   I gcás inar cuireadh an dearadh AE faoi shaincheist, in imeachtaí os comhair cúirt um dhearaí AE, trí bhíthin frithéileamh ar dhearbhú neamhbhailíochta:

(a)

dearbhóidh an chúirt go bhfuil an dearadh AE neamhbhailí más rud é go gcinntear go ndéanann aon cheann de na forais dá dtagraítear in Airteagal 27 dochar do choinneáil ar bun an dearaidh AE;

(b)

diúltóidh an chúirt don fhrithéileamh más rud é go gcinntear nach ndéanann aon cheann de na forais dá dtagraítear in Airteagal 27 dochar do choinneáil ar bun an dearaidh AE.

2.   Diúltóidh cúirt um dhearaí AE do fhrithéileamh ar dhearbhú neamhbhailíochta dearaidh AE chláraithe má tá cinneadh atá déanta ag an Oifig a bhaineann leis an ábhar céanna agus leis an gcúis caingne chéanna agus lena mbaineann na páirtithe céanna tagtha chun bheith críochnaitheach cheana féin.

3.   I gcás ina bhfuil breithiúnas tugtha ag cúirt um dhearaí AE, atá tagtha chun bheith críochnaitheach, faoi fhrithéileamh ar dhearbhú neamhbhailíochta dearaidh AE chláraithe, seolfaidh an chúirt nó aon pháirtí eile sna himeachtaí náisiúnta cóip den bhreithiúnas chuig an Oifig gan mhoill. Féadfaidh an Oifig nó aon pháirtí leasmhar eile faisnéis a iarraidh faoi bhreithiúnas den sórt sin. Déanfaidh an Oifig an breithiúnas a iontráil sa Chlár i gcomhréir le hAirteagal 104(3), pointe (r).

Airteagal 126

Éifeachtaí breithiúnais ar neamhbhailíocht

Nuair a thagann breithiúnas ó chúirt um dhearaí AE lena ndearbhaítear dearadh AE a bheith neamhbhailí chun bheith críochnaitheach, beidh na héifeachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 28 i ngach Ballstát ag an mbreithiúnas sin.

Airteagal 127

An dlí is infheidhme

1.   Cuirfidh na cúirteanna um dhearaí AE forálacha an Rialacháin seo i bhfeidhm.

2.   Cuirfidh cúirt um dhearaí AE an dlí náisiúnta is infheidhme i bhfeidhm maidir le gach ábhar dearaidh nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo.

3.   Mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo, déanfaidh cúirt um dhearaí AE na rialacha nós imeachta lena rialaítear an cineál céanna caingne a bhaineann le ceart dearaidh náisiúnta sa Bhallstát ina bhfuil an chúirt sin a chur i bhfeidhm.

Airteagal 128

Smachtbhannaí i gcaingne um shárú

1.   I gcás ina gcinneann cúirt um dhearaí AE go ndearna an cosantóir sárú ar dhearadh AE, nó gur bhagair an cosantóir sárú a dhéanamh air, eiseoidh sí ordú, ach amháin má tá cúiseanna speisialta ann gan sin a dhéanamh, lena gcuirtear toirmeasc ar an gcosantóir leanúint ar aghaidh leis na gníomhaíochtaí a sháraigh nó a sháródh an dearadh AE. Déanfaidh sí na bearta sin freisin i gcomhréir lena dlí náisiúnta ar aidhm leo a áirithiú go gcomhlíontar an toirmeasc sin.

2.   Chomh maith leis sin, féadfaidh an chúirt um dhearaí AE bearta nó orduithe atá ar fáil faoin dlí is infheidhme agus a mheasann sí a bheith iomchuí in imthosca an cháis a chur i bhfeidhm.

Airteagal 129

Bearta sealadacha, lena n-áirítear bearta cosanta

1.   Féadfar iarratas a dhéanamh chun na gcúirteanna i mBallstát, lena n-áirítear cúirteanna um dhearaí AE, ar na bearta sealadacha sin, lena n-áirítear bearta cosanta, i leith dearadh AE a d’fhéadfadh a bheith ar fáil faoi dhlí an Stáit sin i leith cearta dearaidh náisiúnta, fiú más rud é, faoin Rialachán seo, go bhfuil dlínse ag cúirt um dhearaí AE de chuid Ballstát eile i dtaca le substaint an ábhair.

2.   In imeachtaí a bhaineann le bearta sealadacha, lena n-áirítear bearta cosanta, is inghlactha a bheidh pléadáil arna cur isteach ag an cosantóir ar bhealach eile seachas trí bhíthin frithéileamh a bhaineann le neamhbhailíocht dearadh AE. Beidh feidhm mutatis mutandis, mar sin féin, ag Airteagal 124(2).

3.   Beidh dlínse ag cúirt um dhearaí AE a bhfuil a dlínse bunaithe ar Airteagal 121(1), (2), (3) nó (4) den Rialachán seo chun bearta sealadacha, lena n-áirítear bearta cosanta, a dheonú atá infheidhme, faoi réir aon nós imeachta maidir le haithint agus forfheidhmiú de bhun Chaibidil III de Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012, i gcríoch aon Bhallstáit. Ní bheidh dlínse den sórt sin ag aon chúirt eile.

Airteagal 130

Rialacha sonracha maidir le caingne gaolmhara

1.   Déanfaidh cúirt um dhearaí AE atá ag éisteacht caingean dá dtagraítear in Airteagal 120 nach caingean le haghaidh dearbhú neamhbhailíochta í, ach amháin má tá forais speisialta ann le leanúint leis an éisteacht, as a stuaim féin tar éis na páirtithe a éisteacht, nó arna iarraidh sin do cheann de na páirtithe agus tar éis na páirtithe eile a éisteacht, bac a chur ar na himeachtaí i gcás ina bhfuil bailíocht an dearaidh AE faoi shaincheist cheana os comhair cúirt eile um dhearaí AE i ngeall ar fhrithéileamh nó, i gcás dearadh AE cláraithe, i gcás ina bhfuil iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta comhdaithe ag an Oifig cheana.

2.   Déanfaidh an Oifig, agus iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta an dearaidh AE chláraithe á éisteacht aici, ach amháin má tá forais speisialta ann le leanúint leis an éisteacht, as a stuaim féin tar éis na páirtithe a éisteacht, nó arna iarraidh sin do cheann de na páirtithe agus tar éis na páirtithe eile a éisteacht, bac a chur ar na himeachtaí i gcás ina bhfuil bailíocht an dearaidh AE chláraithe faoi shaincheist cheana i ngeall ar fhrithéileamh os comhair cúirt um dhearaí AE. Má iarrann ceann de na páirtithe sna himeachtaí os comhair na cúirte um dhearaí AE é, áfach, féadfaidh an chúirt, tar éis na páirtithe eile sna himeachtaí sin a éisteacht, bac a chur ar na himeachtaí. Sa chás sin, leanfaidh an Oifig leis na himeachtaí atá ar feitheamh os a comhair.

3.   I gcás ina gcuireann an chúirt um dhearaí AE bac ar na himeachtaí, féadfaidh sí bearta sealadacha, lena n-áirítear bearta cosanta, a ordú ar feadh thréimhse an bhaic.

Airteagal 131

Dlínse cúirteanna dara céime um dhearaí AE – achomharc breise

1.   Féadfar achomharc a dhéanamh chuig cúirt dara céime um dhearaí AE in aghaidh bhreithiúnais na gcúirteanna céadchéime um dhearaí AE i ndáil le himeachtaí a eascraíonn as na caingne agus na héilimh dá dtagraítear in Airteagal 120.

2.   Cinnfear na coinníollacha faoinar féidir achomharc a thaisceadh le cúirt dara céime um dhearaí AE faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil an chúirt sin suite.

3.   Beidh na rialacha náisiúnta a bhaineann le hachomharc breise infheidhme i ndáil le breithiúnais na gcúirteanna dara céime um dhearaí AE.

Roinn 3

Díospóidí eile a bhaineann le dearaí AE

Airteagal 132

Forálacha forlíontacha maidir le dlínse na gcúirteanna náisiúnta nach cúirteanna um dhearaí AE iad

1.   Laistigh den Bhallstát sin a bhfuil dlínse ag a chúirteanna de bhun Airteagal 118(1), na cúirteanna sin a mbeadh dlínse ratione loci agus ratione materiae acu i gcás caingne a bhaineann le ceart dearaidh náisiúnta sa Bhallstát sin, beidh dlínse acu i leith caingne a bhaineann le dearaí AE nach iad na caingne dá dtagraítear in Airteagal 120 iad.

2.   Caingne a bhaineann le dearadh AE, seachas na caingne sin dá dtagraítear in Airteagal 120, nach bhfuil dlínse ag aon chúirt maidir leo de bhun Airteagal 118(1) agus de bhun mhír 1 den Airteagal seo, féadfar iad a éisteacht os comhair chúirteanna an Bhallstáit ina bhfuil suíomh na hOifige.

Airteagal 133

Oibleagáid na cúirte náisiúnta

Cúirt náisiúnta atá ag déileáil le caingean a bhaineann le dearadh AE, nach caingean de na caingne dá dtagraítear in Airteagal 120 í, caithfidh sí leis an dearadh mar dhearadh bailí. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 124(2) agus ag Airteagal 129(2).

TEIDEAL X

ÉIFEACHTAÍ AR DHLÍTHE NA mBALLSTÁT

Airteagal 134

Caingne comhthreomhara ar bhonn dearaí AE agus cearta dearaidh náisiúnta

1.   I gcás ina ndéantar caingne um shárú nó caingne um shárú arna bhagairt a bhaineann leis an gcúis chaingne chéanna agus atá idir na páirtithe céanna a thabhairt os comhair cúirteanna Ballstát éagsúil, caingean amháin a thugtar os comhair cúirt amháin ar bhonn dearadh AE agus caingean eile a thugtar os comhair na cúirte eile ar bhonn ceart dearaidh náisiúnta lena dtugtar cosaint chomhuaineach, diúltóidh an chúirt nach í an chúirt ar tugadh an chaingean os a comhair ar dtús don dlínse as a stuaim féin i bhfabhar dhlínse na cúirte eile. An chúirt a gceanglófaí uirthi dlínse a dhiúltú, féadfaidh sí ba a chur ar a cuid imeachtaí más rud é go gcuirtear i gcoinne dhlínse na cúirte eile.

2.   Diúltóidh an chúirt um dhearaí AE a éisteann caingean um shárú nó caingean um shárú arna bhagairt ar bhonn dearadh AE don chaingean más rud é go bhfuil breithiúnas críochnaitheach ar na tuillteanais tugtha ar an gcúis chaingne chéanna agus idir na páirtithe céanna ar bhonn ceart dearaidh lena dtugtar cosaint chomhuaineach.

3.   Déanfaidh an chúirt a éistfidh caingean ar shárú nó caingean ar shárú arna bhagairt ar bhonn ceart dearaidh náisiúnta, déanfaidh an chúirt an chaingean a dhiúltú más rud é go bhfuil breithiúnas críochnaitheach maidir leis na tuillteanais tugtha ar an gcúis chaingne chéanna agus idir na páirtithe céanna ar bhonn dearadh AE lena dtugtar cosaint chomhuaineach.

4.   Ní bheidh feidhm ag míreanna 1, 2 ná 3 maidir le bearta sealadacha, lena n-áirítear bearta cosanta.

Airteagal 135

An gaol le foirmeacha cosanta eile faoin dlí náisiúnta

1.   Ní dochar forálacha an Rialacháin seo d’aon fhoráil de dhlí an Aontais nó de dhlí na mBallstát lena mbaineann maidir le dearaí neamhchláraithe, trádmharcanna nó sainchomharthaí eile, paitinní agus cuspaí áisiúlachta, cló-aghaidheanna, dliteanas sibhialta agus iomaíocht éagórach.

2.   Beidh dearadh atá faoi chosaint mar dhearadh AE incháilithe freisin le bheith faoi chosaint ag cóipcheart ón dáta a cruthaíodh nó a socraíodh an dearadh i bhfoirm ar bith, ar choinníoll go gcomhlíontar ceanglais dhlí an chóipchirt.

TEIDEAL XI

FORÁLACHA FORLÍONTACHA A BHAINEANN LEIS AN OIFIG

Roinn 1

Forálacha ginearálta

Airteagal 136

Cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2017/1001

Mura bhforáiltear a mhalairt sa Teideal seo, beidh feidhm ag Airteagail 142 go 146, 148 go 158, 162 agus 165 go 177 de Rialachán (AE) 2017/1001 maidir leis an Oifig i dtaca lena cúraimí faoin Rialachán seo.

Airteagal 137

Teanga na n-imeachtaí

1.   Déanfar an t-iarratas ar dhearadh AE a chomhdú i dteanga amháin de theangacha oifigiúla an Aontais.

2.   Déanfaidh an t-iarratasóir an dara teanga a thabhairt le fios, teanga a bheidh ina teanga de chuid na hOifige, a nglacfaidh an t-iarratasóir léi mar theanga a d’fhéadfadh a bheith ina teanga trína ndéanfar na himeachtaí os comhair na hOifige.

Más rud é gur comhdaíodh an t-iarratas i dteanga nach teanga de theangacha na hOifige í, déanfaidh an Oifig socrú chun an t-iarratas a aistriú go dtí an teanga atá tugtha le fios ag an iarratasóir.

3.   I gcás inarb é nó í an t-iarratasóir ar dhearadh AE cláraithe an t-aon pháirtí in imeachtaí os comhair na hOifige, is í an teanga a úsáideadh chun an t-iarratas a chomhdú an teanga a bheidh mar theanga na n-imeachtaí. Más rud é go ndearnadh an t-iarratas i dteanga nach teanga de theangacha na hOifige í, féadfaidh an Oifig teachtaireachtaí i scríbhinn a sheoladh chuig an iarratasóir sa dara teanga atá tugtha le fios ag an iarratasóir san iarratas.

4.   I gcás imeachtaí neamhbhailíochta, is í an teanga a úsáideadh chun an t-iarratas ar dhearadh AE cláraithe a chomhdú an teanga a bheidh mar theanga na n-imeachtaí más teanga de theangacha na hOifige í. Más rud é go ndearnadh an t-iarratas i dteanga nach teanga de theangacha na hOifige í, is í an dara teanga atá tugtha le fios san iarratas a bheidh mar theanga na n-imeachtaí.

Is i dteanga na n-imeachtaí a chomhdófar an t-iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta.

I gcás nach í teanga na n-imeachtaí an teanga a úsáidtear chun an t-iarratas ar dhearadh AE cláraithe a chomhdú, féadfaidh sealbhóir cirt an dearaidh AE barúlacha a chomhdú i dteanga an chomhdaithe. Déanfaidh an Oifig socrú na barúlacha sin a aistriú go teanga na n-imeachtaí.

Leis an rialachán cur chun feidhme, féadfar foráil a dhéanamh nach bhféadfar na costais aistriúcháin atá le seasamh ag an Oifig, faoi réir maolú arna dheonú ag an Oifig i gcás ina bhfuil údar leis de bharr a chasta atá an cás, dul thar an méid a shocraítear le haghaidh gach catagóire imeachtaí ar bhonn mheánmhéid na ráiteas cáis a fhaigheann an Oifig. Féadfar caiteachas os cionn an mhéid sin a leithdháileadh ar an bpáirtí a chailleann in imeachtaí i gcomhréir le hAirteagal 101.

5.   Gan dochar do mhír 4:

(a)

féadfar aon iarratas nó dearbhú a bhaineann le hiarratas ar dhearadh AE cláraithe a chomhdú sa teanga a úsáideadh chun an t-iarratas ar dhearadh AE cláraithe a chomhdú nó sa dara teanga a thug an t-iarratasóir le fios san iarratas sin;

(b)

féadfar aon iarratas nó dearbhú a bhaineann le hiarratas ar dhearadh AE cláraithe seachas iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta de bhun Airteagal 73 nó dearbhú i ndáil le tabhairt suas de bhun Airteagal 71 a chomhdú i gceann de theangacha na hOifige.

Nuair a úsáidtear aon cheann de na foirmeacha arna soláthar ag an Oifig dá dtagraítear in Airteagal 89, áfach, féadfar foirmeacha den sórt sin a úsáid in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais, ar choinníoll go gcomhlánaítear an fhoirm i gceann de theangacha na hOifige, a mhéid a bhaineann le heilimintí téacsúla.

6.   Féadfaidh páirtithe in imeachtaí neamhbhailíochta a chomhaontú gur teanga oifigiúil eile de chuid an Aontais a bheidh mar theanga na n-imeachtaí.

7.   Gan dochar do mhíreanna 3 agus 6 agus mura bhforáiltear a mhalairt, féadfaidh páirtí aon cheann de theangacha na hOifige a úsáid sna himeachtaí i scríbhinn os comhair na hOifige. I gcás nach ionann an teanga roghnaithe agus teanga na n-imeachtaí, cuirfidh an páirtí aistriúchán sa teanga sin ar fáil laistigh de 1 mhí ón dháta a tíolacadh an doiciméad bunaidh. I gcás inarb é nó í an t-iarratasóir ar dhearadh AE cláraithe an t-aon pháirtí in imeachtaí os comhair na hOifige agus nach ionann an teanga a úsáideadh chun an t-iarratas ar an dearadh AE cláraithe a chomhdú agus ceann de theangacha oifigiúla na hOifige, féadfar an t-aistriúchán a chomhdú freisin sa dara teanga a thug an t-iarratasóir le fios san iarratas.

8.   Cinnfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an bealach ina bhfuil aistriúcháin le deimhniú.

Airteagal 138

Cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt maidir le riachtanais agus caighdeáin an aistriúcháin

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonraítear na nithe seo a leanas:

(a)

a mhéid is féidir na doiciméid tacaíochta atá le húsáid in imeachtaí i scríbhinn os comhair na hOifige a chomhdú in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais, agus an gá le haistriúchán a sholáthar;

(b)

caighdeáin riachtanacha na n-aistriúchán atá le comhdú leis an Oifig.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 159(2).

Airteagal 139

Foilsiú agus iontrálacha sa Chlár

1.   An fhaisnéis go léir a fhorordaítear í a fhoilsiú leis an Rialachán seo nó le gníomh arna ghlacadh dá bhun, déanfar í a fhoilsiú i dteangacha oifigiúla uile an Aontais.

2.   Déanfar gach iontráil sa Chlár i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais.

3.   I gcás amhrais, is é an téacs i dteanga na hOifige inar comhdaíodh an t-iarratas ar an dearadh AE cláraithe a bheidh barántúil. Más rud é gur comhdaíodh an t-iarratas i dteanga oifigiúil de chuid an Aontais nach ceann de theangacha na hOifige í, is é an téacs sa dara teanga a thug an t-iarratasóir le fhios a bheidh barántúil.

Airteagal 140

Cumhachtaí forlíontacha an Stiúrthóra Feidhmiúcháin

I dteannta na gcumhachtaí a thugtar don Stiúrthóir Feidhmiúcháin faoi Airteagal 157(4), pointe (o), de Rialachán (AE) 2017/1001, feidhmeoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cumhachtaí a thugtar faoi Airteagal 42(5), Airteagal 44(1), Airteagal 49(5), Airteagal 50(2), Airteagal 79(2), Airteagal 83(5), Airteagail 85, 88 agus 90, Airteagal 104(4), Airteagal 105(3), Airteagal 107, Airteagal 110(1), Airteagail 112 agus 116, Airteagal 137(8), Airteagal 148, Airteagal 149(1) agus Airteagail 150 agus 151 den Rialachán seo i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos sa Rialachán seo agus sna gníomhartha arna nglacadh dá bhun.

Roinn 2

Nósanna imeachta

Airteagal 141

Inniúlacht

Chun cinntí a dhéanamh i ndáil leis na nósanna imeachta a leagtar síos sa Rialachán seo, is iad seo a leanas a bheidh inniúil:

(a)

scrúdaitheoirí;

(b)

an roinn atá i bhfeighil an Chláir;

(c)

Rannáin Neamhbhailíochta;

(d)

Boird Achomhairc.

Airteagal 142

Scrúdaitheoirí

Beidh na scrúdaitheoirí freagrach as cinntí a dhéanamh thar ceann na hOifige i ndáil le hiarratas ar dhearadh AE cláraithe.

Airteagal 143

An roinn atá i bhfeighil an Chláir

1.   I dteannta na gcumhachtaí a thugtar di le Rialachán (AE) 2017/1001, beidh an roinn atá i bhfeighil ar Chláir freagrach as cinntí a dhéanamh maidir le hiontrálacha sa Chlár faoin Rialachán seo agus cinntí eile a cheanglaítear leis an Rialachán seo nach dtagann faoi inniúlacht na scrúdaitheoirí nó Rannáin Neamhbhailíochta.

2.   Beidh an roinn atá i bhfeighil an Chláir freagrach freisin as liosta na n-ionadaithe gairmiúla maidir le hábhair dhearaidh a choinneáil ar bun.

Airteagal 144

Rannáin Neamhbhailíochta

1.   Beidh Rannán Neamhbhailíochta freagrach as cinntí a dhéanamh i ndáil le hiarratais ar dhearbhuithe neamhbhailíochta ar dhearaí AE cláraithe.

2.   Triúr comhaltaí a bheidh i Rannán Neamhbhailíochta. Beidh cáilíocht dlí ag comhalta amháin ar a laghad.

3.   Is comhalta aonair den Rannán Neamhbhailíochta a dhéanfaidh cinntí a bhaineann le costais nó le nósanna imeachta.

Airteagal 145

Cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt maidir le cinntí arna ndéanamh ag comhalta aonair

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonraítear na cineálacha beachta cinntí atá le déanamh ag comhalta aonair dá dtagraítear in Airteagal 144(3). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 159(2).

Airteagal 146

Boird Achomhairc

I dteannta na gcumhachtaí a thugtar dóibh le hAirteagal 165 de Rialachán (AE) 2017/1001, beidh na Boird Achomhairc freagrach as cinneadh a dhéanamh maidir le hachomhairc i gcoinne cinntí ón Oifig dá dtagraítear in Airteagal 141, pointí (a), (b) agus (c), den Rialachán seo, i dtaca leis na nósanna imeachta a leagtar síos sa Rialachán seo.

Airteagal 147

Tarmligean cumhachta maidir leis na Boird Achomhairc

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 160 den Rialachán seo chun é a fhorlíonadh trí na mionsonraí a bhaineann le heagrúchán na mBord Achomhairc in imeachtaí a bhaineann le dearaí faoin Rialachán seo a shonrú i gcás ina n-éilíonn imeachtaí den sórt sin go bhfuil an Bord Achomhairc le heagrú ar bhealach éagsúil ón méid a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 168 de Rialachán (AE) 2017/1001.

Roinn 3

Táillí agus íocaíocht na dtáillí

Airteagal 148

Táillí agus muirir agus dáta dlite

1.   Leagfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin síos an méid atá le muirearú as aon seirbhísí arna soláthar ag an Oifig seachas na cinn a leagtar amach in Iarscríbhinn I, chomh maith leis an méid atá le muirearú as foilseacháin arna n-eisiúint ag an Oifig. Socrófar méideanna na muirear in euro agus foilseofar iad in Iris Oifigiúil na hOifige. Ní sháróidh méid gach muirir an méid atá riachtanach chun costais na seirbhíse sonraí a thugann an Oifig a chumhdach.

2.   Beidh na táillí agus na muirir nach leagtar síos an dáta dlite a bhaineann leo sa Rialachán seo le híoc an dáta a bhfaightear an iarraidh ar an tseirbhís a dtabhaítear an táille nó an muirear ina leith.

Le toiliú ón gCoiste um an mBuiséad, féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chinneadh cé na seirbhísí dá dtagraítear sa chéad fhomhír nach bhfuil le bheith ag brath ar réamhíocaíocht na dtáillí comhfhreagracha nó na muirear comhfhreagrach.

Airteagal 149

Táillí agus muirir a íoc

1.   Déanfar táillí agus muirir atá dlite don Oifig a íoc trí na modhanna íocaíochta a chinneann an Stiúrthóir Feidhmiúcháin le toiliú ón gCoiste um an mBuiséad.

Maidir leis na modhanna íocaíochta arna gcinneadh de bhun na chéad fomhíre, foilseofar iad in Iris Oifigiúil na hOifige. Déanfar gach íocaíocht in euro.

2.   Íocaíochtaí a dhéantar trí mhodhanna íocaíochta seachas na cinn dá dtagraítear i mír 1, measfar nach ndearnadh iad a íoc agus aisíocfar an méid a íocadh.

3.   Beidh an fhaisnéis is gá sna híocaíochtaí chun gur féidir leis an Oifig cuspóir na híocaíochta a shuíomh láithreach.

4.   Más rud é nach féidir cuspóir na híocaíochta dá dtagraítear i mír 2 a shuíomh láithreach, éileoidh an Oifig ar an duine a dhéanann na íocaíocht fógra i scríbhinn a thabhairt di maidir leis an gcuspóir sin laistigh de thréimhse áirithe. Mura gcomhlíonfaidh an duine an iarraidh laistigh den tréimhse sin, measfar nach ndearnadh an íocaíocht agus aisíocfar an méid a íocadh.

Airteagal 150

Dáta measta íocaíochta

Socróidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an dáta a mheastar íocaíochtaí a bheith déanta.

Airteagal 151

Íocaíochtaí neamhleora agus íocaíochtaí iomarcacha a aisíoc

1.   Ní mheasfar teorainn ama le haghaidh íocaíochta a bheith comhlíonta ach amháin má tá méid iomlán na táille nó an mhuirir íoctha in am trátha. Más rud é nach n-íoctar an táille nó an muirear go hiomlán, déanfar an méid a íocadh a aisíoc tar éis don tréimhse le haghaidh íocaíochta dul in éag.

2.   Tabharfaidh an Oifig, áfach, a mhéid is féidir laistigh den tréimhse atá fágtha roimh dheireadh na tréimhse le haghaidh íocaíochta, an deis don duine a dhéanann an íocaíocht an méid gan íoc a íoc.

3.   Le toiliú ón gCoiste um an mBuiséad, féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin caingean le haghaidh aisghabháil fhorfheidhmithe aon suime atá dlite a tharscaoileadh i gcás inar suim íosta í atá le haisghabháil nó i gcás ina bhfuil an aisghabháil sin ró-éiginnte.

4.   I gcás ina n-íoctar suim iomarcach chun táille nó muirear a chumhdach, aisíocfar an tsuim iomarcach.

TEIDEAL XII

CLÁRÚ IDIRNÁISIÚNTA DEARAÍ

Roinn 1

Forálacha ginearálta

Airteagal 152

Forálacha a chur i bhfeidhm

1.   Mura bhforáiltear a mhalairt sa Teideal seo, beidh feidhm mutatis mutandis ag an Rialachán seo agus ag aon rialacháin lena gcuirtear an Rialachán seo chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 159 maidir le cláruithe dearaí tionsclaíocha sa Chlár Idirnáisiúnta arna choinneáil ar bun ag Biúró Idirnáisiúnta na hEagraíochta Domhanda um Maoin Intleachtúil (‘clárú idirnáisiúnta’ agus ‘an Biúró Idirnáisiúnta’, faoi seach) lena n-ainmnítear an tAontas, faoi Ionstraim na Ginéive.

2.   Beidh an éifeacht chéanna ag aon taifeadadh a dhéantar ar chlárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas sa Chlár Idirnáisiúnta agus a bheadh ag an taifeadadh sin amhail gur sa Chlár a rinneadh é, agus beidh an éifeacht chéanna ag clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas a fhoilsítear i bhFeasachán an Bhiúró Idirnáisiúnta agus a bheadh aige amhail gur san Fheasachán maidir le Dearaí an Aontais Eorpaigh a foilsíodh é.

Roinn 2

Cláruithe idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas

Airteagal 153

Nós imeachta chun an t-iarratas idirnáisiúnta a chomhdú

Déanfar iarratais idirnáisiúnta de bhun Airteagal 4(1) d’Ionstraim na Ginéive a chomhdú go díreach ag an mBiúró Idirnáisiúnta.

Airteagal 154

Táillí ainmniúcháin

Cuirfear táille ainmniúcháin aonair in ionad na dtáillí ainmniúcháin forordaithe dá dtagraítear in Airteagal 7(1) d’Ionstraim na Ginéive.

Airteagal 155

Éifeachtaí cláruithe idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas

1.   Beidh an éifeacht chéanna ag clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an Aontas, ó dháta a chláraithe dá dtagraítear in Airteagal 10(2) d’Ionstraim na Ginéive, agus atá ag iarratas ar dhearadh AE cláraithe.

2.   Más rud é nach dtugtar fógra faoi aon diúltú nó más rud é go dtarraingítear siar aon diúltú den sórt sin, beidh an éifeacht chéanna ag clárú idirnáisiúnta dearaidh lena n-ainmnítear an tAontas, ón dáta dá dtagraítear i mír 1, agus atá ag clárú dearaidh mar dhearadh AE cláraithe.

3.   Soláthróidh an Oifig faisnéis maidir le cláruithe idirnáisiúnta dá dtagraítear i mír 2 i bhfoirm nasc leictreonach chuig an mbunachar sonraí inchuardaithe de chláruithe idirnáisiúnta dearaí arna choinneáil ar bun ag an mBiúró Idirnáisiúnta.

Airteagal 156

Scrúdú a dhéanamh ar na forais le diúltú

1.   I gcás ina bhfionnann an Oifig, le linn di scrúdú a dhéanamh ar chlárú idirnáisiúnta, nach gcomhfhreagraíonn an dearadh a n-iarrtar cosaint ina leith don sainmhíniú a leagtar síos in Airteagal 4, pointe (1), den Rialachán seo, nó go bhfuil an dearadh contrártha don bheartas poiblí nó do phrionsabail na moráltachta a bhfuil glacadh leo, nó gurb ionann an dearadh agus úsáid mhíchuí aon cheann de na hítimí a liostaítear in Airteagal 6ter de Choinbhinsiún Pháras, nó úsáid mhíchuí suaitheantas, feathal agus scéithíní seachas iad siúd a chumhdaítear le hAirteagal 6ter den Choinbhinsiún sin agus a bhfuil leas ar leith ag an bpobal i mBallstát iontu, seolfaidh sí fógra faoi dhiúltú chuig an mBiúró Idirnáisiúnta tráth nach déanaí ná 6 mhí ó dháta foilsithe an chláraithe idirnáisiúnta, ina sonraítear na forais le diúltú de bhun Airteagal 12(2) d’Ionstraim na Ginéive.

2.   I gcás inar ann d’oibleagáid go ndéanfaí ionadaíocht ar shealbhóir an chláraithe idirnáisiúnta os comhair na hOifige de bhun Airteagal 115(2), beidh tagairt san fhógra dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo don oibleagáid atá ar an sealbhóir ionadaí a cheapadh dá dtagraítear in Airteagal 116(1).

3.   Sonróidh an Oifig teorainn ama faoina bhféadfaidh sealbhóir an chláraithe idirnáisiúnta an clárú idirnáisiúnta a thréigean i leith an Aontais, an clárú idirnáisiúnta a theorannú i leith an Aontais do cheann amháin nó do chuid de na dearaí tionsclaíocha nó barúlacha a thíolacadh, agus faoina ndéanfaidh an sealbhóir, i gcás inarb iomchuí, ionadaí a cheapadh. Cuirfear tús leis an tréimhse an lá ar a n-eisíonn an Oifig an fógra faoi dhiúltú.

4.   Mura gceapann an sealbhóir ionadaí laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 3, diúltóidh an Oifig d’éifeachtaí an chláraithe idirnáisiúnta.

5.   I gcás ina dtíolacann an sealbhóir barúlacha a shásaíonn an Oifig laistigh den tréimhse shonraithe, tarraingeoidh an Oifig an diúltú siar agus tabharfaidh sí fógra don Bhiúró Idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 12(4) d’Ionstraim na Ginéive. I gcás nach dtíolacann an sealbhóir barúlacha a shásaíonn an Oifig laistigh den tréimhse shonraithe, de bhun Airteagal 12(2) d’Ionstraim na Ginéive, dearbhóidh an Oifig an cinneadh lena ndiúltaítear cosaint don chlárú idirnáisiúnta. Beidh an cinneadh sin faoi réir achomharc i gcomhréir le hAirteagail 66 go 72 de Rialachán (AE) 2017/1001 i gcomhar le hAirteagal 77(2) den Rialachán seo.

6.   I gcás ina ndéanann an sealbhóir an clárú idirnáisiúnta a thréigean nó an clárú idirnáisiúnta a theorannú do cheann amháin nó do chuid de na dearaí tionsclaíocha i leith an Aontais, cuirfidh an sealbhóir an Biúró Idirnáisiúnta ar an eolas trí bíthin an nós imeachta taifeadta i gcomhréir le hAirteagal 16(1), pointí (iv) agus (v), d’Ionstraim na Ginéive.

Airteagal 157

Éifeachtaí an chláraithe idirnáisiúnta a neamhbhailíochtú

1.   Féadfar a dhearbhú gur neamhbhailí iad, go páirteach nó go hiomlán, éifeachtaí an chláraithe idirnáisiúnta san Aontas i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i dTeidil VI agus VII nó féadfaidh cúirt um dhearaí AE sin a dhearbhú ar bhonn frithéileamh in imeachtaí um shárú.

2.   I gcás ina bhfuil an neamhbhailíocht ar an eolas ag an Oifig, tabharfaidh sí fógra don Bhiúró Idirnáisiúnta faoin neamhbhailíocht sin.

Airteagal 158

Athnuachaintí

Déanfar an clárú idirnáisiúnta a athnuachan go díreach ag an mBiúró Idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 17 d’Ionstraim na Ginéive.

TEIDEAL XIII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 159

Nós Imeachta Coiste

1.   Déanfaidh an Coiste maidir le Rialacha Cur Chun Feidhme, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2017/1001, cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 160

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 58, 75, 78, 82, 84, 86, 89, 91, 94, 98, 117 agus 147 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón 8 Nollaig 2024.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 58, 75, 78, 82, 84, 86, 89, 91, 94, 98, 117 agus 147 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 58, 75, 78, 82, 84, 86, 89, 91, 94, 98, 117 nó 147 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 161

Forálacha a bhaineann le méadú an Aontais

1.   Amhail ó dháta aontachais na Bulgáire, Phoblacht na Seice, na hEastóine, na Cróite, na Cipire, na Laitvia, na Liotuáine, na hUngáire, Mhálta, na Polainne, na Rómáine, na Slóivéine agus na Slóvaice (‘Ballstát nua’ nó ‘Ballstáit nua’), leathnófar dearadh AE a cláraíodh nó a ndearnadh iarratas air de bhun an Rialacháin seo roimh a ndáta aontachais faoi seach chuig críoch na mBallstát sin chun go mbeidh an éifeacht chéanna aige ar fud an Aontais.

2.   Ní fhéadfar diúltú don iarratas ar dhearadh AE cláraithe ar bhonn aon cheann de na forais neamh-inchláraitheachta a liostaítear in Airteagal 56(1), más rud é gur tháinig na forais sin chun bheith infheidhme de bharr aontachas Ballstáit nua agus dá bharr sin amháin.

3.   Ní fhéadfar dearadh AE dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhearbhú a bheith neamhbhailí de bhun Airteagal 27(1) más rud é gur tháinig na forais neamhbhailíochta chun bheith infheidhme de bharr aontachas Ballstáit nua agus dá bharr sin amháin.

4.   Féadfaidh an t-iarratasóir ar cheart níos túisce nó sealbhóir an chirt níos túisce i mBallstát nua cur i gcoinne úsáid dearaidh AE a thagann faoi Airteagal 27(1), pointí (d), (e) nó (f), laistigh den chríoch ina gcosnaítear an ceart níos túisce. Chun críche na forála seo, ciallaíonn ‘ceart níos túisce’ ceart a fuarthas nó a ndearnadh iarratas ina leith de mheon macánta roimh an aontachas.

5.   Beidh feidhm freisin ag míreanna 1, 3 agus 4 maidir le dearaí AE neamhchláraithe.

Airteagal 162

Meastóireacht

1.   Faoin 1 Eanáir 2030, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chur chun feidhme an Rialacháin seo.

2.   Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil mheastóireachta mar aon lena chonclúidí a dtiocfar orthu ar bhonn na tuarascála sin ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an mBord Bainistíochta. Cuirfear torthaí na meastóireachta ar fáil don phobal.

Airteagal 163

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 6/2002.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 164

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 1 Iúil 2026

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 11 Márta 2026.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. RAOUNA


(1)  Seasamh Pharlaimint na hEorpa an 10 Feabhra 2026 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 26 Feabhra 2026.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle an 12 Nollaig 2001 maidir le dearaí an Aontais Eorpaigh (IO L 3, 5.1.2002, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2002/6/oj). Is é teideal bunaidh an rialacháin ‘Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 an 12 Nollaig 2001 maidir le dearaí Comhphobail’. Leasaíodh é le Rialachán (AE) 2024/2822 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2024 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle maidir le dearaí Comhphobail agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2246/2002 ón gCoimisiún (IO L, 2024/2822, 18.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2822/oj).

(3)  Féach Iarscríbhinn II.

(4)  Treoir 98/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 1998 maidir le cosaint dhlíthiúil dearaí (IO L 289, 28.10.1998, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1998/71/oj).

(5)  Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh (IO L 154, 16.6.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/1001/oj).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 608/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir leis an bhforghníomhú a dhéanann údaráis chustaim ar chearta maoine intleachtúla agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1383/2003 ón gComhairle (IO L 181, 29.6.2013, lch. 15, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/608/oj).

(7)  Treoir (AE) 2024/2823 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2024 maidir le cosaint dhlíthiúil dearaí (IO L, 2024/2823, 18.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/2823/oj).

(8)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 20 Nollaig 2017, Acacia Srl v Pneusgarda Srl agus Audi AG agus Acacia Srl agus Rolando D’AmatoDr. Ing. h.c.F. Porsche AG, Cásanna Uamtha C-397/16 agus C-435/16, ECLI:EU:C:2017:992.

(9)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2016/512/oj.

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/182/oj).

(11)  Cinneadh 2006/954/CE ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 lena bhformheastar aontachas an Chomhphobail Eorpaigh le hIonstraim na Ginéive de Chomhaontú na Háige i dtaca le clárú idirnáisiúnta dearaí tionscail, arna glacadh sa Ghinéiv an 2 Iúil 1999 (IO L 386, 29.12.2006, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2006/954/oj).

(12)  Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le dul i mbun ghnó an Árachais agus an Athárachais, agus gabháil don ghnó sin (Sócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/138/oj).

(13)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/575/oj).

(14)  Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle an 29 Feabhra 1968 lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach agus lena dtionscnaítear bearta speisialta is infheidhme ar bhonn sealadach maidir le hoifigigh an Choimisiúin (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1968/259(1)/oj).

(15)  Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO L 351, 20.12.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/1215/oj).

(16)   IO L 299, 16.11.2005, lch. 62.


IARSCRÍBHINN I

Méideanna na dtáillí dá dtagraítear in Airteagal 148(1)

Is iad seo a leanas na táillí atá le híoc leis an Oifig faoin Rialachán seo (in EUR):

1.

Táille iarratais dá dtagraítear in Airteagal 42(4):

EUR 350.

2.

Táille ainmniúcháin aonair as clárú idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 154:

EUR 62 in aghaidh an dearaidh.

3.

Táille as foilsiú a chur siar dá dtagraítear in Airteagal 42(4):

EUR 40.

4.

Táille iarratais bhreise i leith gach dearaidh bhreise a áirítear in iarratas iolrach dá dtagraítear in Airteagal 44(2):

EUR 125.

5.

Táille bhreise as foilsiú a chur siar i leith gach dearaidh bhreise a áirítear in iarratas iolrach atá faoi réir foilsiú a chur siar dá dtagraítear in Airteagal 44(2):

EUR 20.

6.

Táille athnuachana dá dtagraítear in Airteagal 66(1), (3) agus (9):

(a)

don chéad tréimhse athnuachana: EUR 150 in aghaidh an dearaidh;

(b)

don dara tréimhse athnuachana: EUR 250 in aghaidh an dearaidh;

(c)

don tríú tréimhse athnuachana: EUR 400 in aghaidh an dearaidh;

(d)

don cheathrú tréimhse athnuachana: EUR 700 in aghaidh an dearaidh.

7.

Táille athnuachana aonair as clárú idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 154:

(a)

don chéad tréimhse athnuachana: EUR 62 in aghaidh an dearaidh;

(b)

don dara tréimhse athnuachana: EUR 62 in aghaidh an dearaidh;

(c)

don tríú tréimhse athnuachana: EUR 62 in aghaidh an dearaidh;

(d)

don cheathrú tréimhse athnuachana: EUR 62 in aghaidh an dearaidh.

8.

Táille as íocaíocht dhéanach na táille athnuachana dá dtagraítear in Airteagal 66(3):

25 % den táille athnuachana.

9.

Táille as an iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta dá dtagraítear in Airteagal 73(2):

EUR 320.

10.

Táille as leanúint leis na himeachtaí dá dtagraítear in Airteagal 96(1):

EUR 400.

11.

Táille as restitutio in integrum dá dtagraítear in Airteagal 95(3):

EUR 200.

12.

Táille as ceadúnas nó ceart eile a chlárú i leith dearadh AE cláraithe dá dtagraítear in Airteagal 37(1) agus (2), nó as ceadúnas nó ceart eile a chlárú i leith iarratas ar dhearadh AE dá dtagraítear in Airteagal 37(1) agus (2) agus in Airteagal 40

(a)

chun ceadúnas a dheonú: EUR 200 in aghaidh an dearaidh;

(b)

chun ceadúnas a aistriú: EUR 200 in aghaidh an dearaidh;

(c)

chun ceart in rem a chruthú: EUR 200 in aghaidh an dearaidh;

(d)

chun ceart in rem a aistriú: EUR 200 in aghaidh an dearaidh;

(e)

le haghaidh tobhach forghníomhaithe: EUR 200 in aghaidh an dearaidh;

Beidh an táille suas go huasmhéid EUR 1 000 ar a mhéad i gcás ina dtíolactar iarrataí iolracha san iarratas céanna ar chlárú ceadúnais nó cirt eile nó ag an am céanna.

13.

Táille as athrú ar dhearadh AE cláraithe dá dtagraítear in Airteagal 67(3):

EUR 200.

14.

Táille as athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh maidir leis na costais nós imeachta atá le haisíoc dá dtagraítear in Airteagal 101(7)

EUR 100.

15.

Táille achomhairc dá dtagraítear in Airteagal 68(1) de Rialachán (AE) 2017/1001, a mbeidh feidhm aici freisin maidir le hachomhairc faoin Rialachán seo de bhun Airteagal 77(2)

EUR 720.


IARSCRÍBHINN II

An Rialachán aisghairthe agus liosta de na leasuithe comhleanúnacha a rinneadh air

Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle (IO L 3, 5.1.2002, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2002/6/oj)

 

Ionstraim Aontachais 2003, Iarscríbhinn II, pointe 4(C)(III)

 

Ionstraim Aontachais 2005, Iarscríbhinn III, pointe 1(III)

 

Rialachán (CE) Uimh. 1891/2006 ón gComhairle (IO L 386, 29.12.2006, lch. 14, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2006/1891/oj)

Airteagal 2 amháin

Ionstraim Aontachais 2012, Iarscríbhinn III, pointe 2(III)

 

Rialachán (AE) 2024/2822 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2024/2822, 18.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2822/oj)

 


IARSCRÍBHINN III

Tábla Comhghaoil

Rialachán (CE) Uimh. 6/2002

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 2a

Airteagal 3

Airteagal 3

Airteagal 4

Airteagal 4

Airteagal 5

Airteagal 5

Airteagal 6

Airteagal 6

Airteagal 7

Airteagal 7

Airteagal 8

Airteagal 8

Airteagal 9

Airteagal 9

Airteagal 10

Airteagal 10

Airteagal 11

Airteagal 11

Airteagal 12

Airteagal 12

Airteagal 13

Airteagail 14 go 18

Airteagail 14 go 18

Airteagal 18a

Airteagal 19

Airteagal 19

Airteagal 20

Airteagal 20

Airteagal 21

Airteagal 20a

Airteagal 22

Airteagal 21

Airteagal 23

Airteagal 22

Airteagal 24

Airteagal 23

Airteagal 25

Airteagal 24

Airteagal 26

Airteagal 25

Airteagal 27

Airteagal 26

Airteagal 28

Airteagal 26a

Airteagal 29

Airteagal 27

Airteagal 30

Airteagal 28

Airteagal 31

Airteagal 28a

Airteagal 32

Airteagal 29

Airteagal 33

Airteagal 30

Airteagal 34

Airteagal 31

Airteagal 35

Airteagal 32

Airteagal 36

Airteagal 32a

Airteagal 37

Airteagal 33

Airteagal 38

Airteagal 33a

Airteagal 39

Airteagal 34

Airteagal 40

Airteagal 35

Airteagal 41

Airteagal 36

Airteagal 42

Airteagal 36a

Airteagal 43

Airteagal 37

Airteagal 44

Airteagal 37a

Airteagal 45

Airteagal 38

Airteagal 46

Airteagal 39

Airteagal 47

Airteagal 40

Airteagal 48

Airteagal 41

Airteagal 49

Airteagal 42

Airteagal 50

Airteagal 42a

Airteagal 51

Airteagal 43

Airteagal 52

Airteagal 44

Airteagal 53

Airteagal 44a

Airteagal 54

Airteagal 45

Airteagal 55

Airteagal 47

Airteagal 56

Airteagal 47a

Airteagal 57

Airteagal 47b

Airteagal 58

Airteagal 48

Airteagal 59

Airteagal 49

Airteagal 60

Airteagal 49a

Airteagal 61

Airteagal 50

Airteagal 62

Airteagal 50a

Airteagal 63

Airteagal 50b

Airteagal 64

Airteagal 50c

Airteagal 65

Airteagal 50d

Airteagal 66

Airteagal 50e

Airteagal 67

Airteagal 50f

Airteagal 68

Airteagal 50g

Airteagal 69

Airteagal 50h

Airteagal 70

Airteagal 51

Airteagal 71

Airteagal 51a

Airteagal 72

Airteagal 52

Airteagal 73

Airteagal 53

Airteagal 74

Airteagal 53a

Airteagal 75

Airteagal 54

Airteagal 76

Airteagal 55

Airteagal 77

Airteagal 55a

Airteagal 78

Airteagal 62

Airteagal 79

Airteagal 63

Airteagal 80

Airteagal 64

Airteagal 81

Airteagal 64a

Airteagal 82

Airteagal 65

Airteagal 83

Airteagal 65a

Airteagal 84

Airteagal 66

Airteagal 85

Airteagal 66a

Airteagal 86

Airteagal 66b

Airteagal 87

Airteagal 66c

Airteagal 88

Airteagal 66d

Airteagal 89

Airteagal 66e

Airteagal 90

Airteagal 66f

Airteagal 91

Airteagal 66g

Airteagal 92

Airteagal 66h

Airteagal 93

Airteagal 66i

Airteagal 94

Airteagal 67

Airteagal 95

Airteagal 67a

Airteagal 96

Airteagal 67b

Airteagal 97

Airteagal 67c

Airteagal 98

Airteagal 68

Airteagal 99

Airteagal 69

Airteagal 100

Airteagal 70

Airteagal 101

Airteagal 70a

Airteagal 102

Airteagal 71

Airteagal 103

Airteagal 72

Airteagal 104

Airteagal 72a

Airteagal 105

Airteagal 72b

Airteagal 106

Airteagal 73

Airteagal 107

Airteagal 73a

Airteagal 108

Airteagal 74

Airteagal 109

Airteagal 74a

Airteagal 110

Airteagal 74b

Airteagal 111

Airteagal 74c

Airteagal 112

Airteagal 75

Airteagal 113

Airteagal 75a

Airteagal 114

Airteagal 77

Airteagal 115

Airteagal 78

Airteagal 116

Airteagal 78a

Airteagal 117

Airteagal 79

Airteagal 118

Airteagal 80(1)

Airteagal 119(1)

Airteagal 80(2)

Airteagal 80(3)

Airteagal 119(2)

Airteagal 80(4)

Airteagal 119(3)

Airteagal 81

Airteagal 120

Airteagal 82

Airteagal 121

Airteagal 83

Airteagal 122

Airteagal 84

Airteagal 123

Airteagal 85

Airteagal 124

Airteagal 86

Airteagal 125

Airteagal 87

Airteagal 126

Airteagal 88

Airteagal 127

Airteagal 89

Airteagal 128

Airteagal 90

Airteagal 129

Airteagal 91

Airteagal 130

Airteagal 92

Airteagal 131

Airteagal 93

Airteagal 132

Airteagal 94

Airteagal 133

Airteagal 95

Airteagal 134

Airteagal 96

Airteagal 135

Airteagal 97

Airteagal 136

Airteagail 98(1) go (4)

Airteagail 137(1) go (4)

Airteagal 98(4a)

Airteagal 137(5)

Airteagal 98(5)

Airteagal 137(6)

Airteagal 98(6)

Airteagal 137(7)

Airteagal 98(7)

Airteagal 137(8)

Airteagal 98a

Airteagal 138

Airteagal 99

Airteagal 139

Airteagal 100

Airteagal 140

Airteagal 102

Airteagal 141

Airteagal 103

Airteagal 142

Airteagal 104

Airteagal 143

Airteagal 105

Airteagal 144

Airteagal 105a

Airteagal 145

Airteagal 106

Airteagal 146

Airteagal -106a

Airteagal 147

Airteagal -106aa

Airteagal 148

Airteagal -106ab

Airteagal 149

Airteagal -106ac

Airteagal 150

Airteagal -106ad

Airteagal 151

Airteagal 106a

Airteagal 152

Airteagal 106b

Airteagal 153

Airteagal 106c

Airteagal 154

Airteagal 106d

Airteagal 155

Airteagal 106e

Airteagal 156

Airteagal 106f

Airteagal 157

Airteagal 106g

Airteagal 158

Airteagal 109

Airteagal 159

Airteagal 109a

Airteagal 160

Airteagal 110a

Airteagal 161

Airteagal 110b

Airteagal 162

Airteagal 163

Airteagal 111(1)

Airteagal 164

Airteagail 111(2) agus (3)

Iarscríbhinn

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn III


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/715/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top