Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026R0497

Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/497 ón gCoimisiún an 4 Márta 2026 lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/2053 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bainistiú tuinníní gorma san Atlantach thoir agus sa Mheánmhuir

C/2026/1313

IO L, 2026/497, 13.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/497/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/497/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/497

13.5.2026

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2026/497 ÓN gCOIMISIÚN

an 4 Márta 2026

lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/2053 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bainistiú tuinníní gorma san Atlantach thoir agus sa Mheánmhuir

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/2053 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 lena mbunaítear plean bainistíochta ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach thoir agus sa Mheánmhuir, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1936/2001, (AE) 2017/2107 agus (AE) 2019/833 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2016/1627 (1), agus go háirithe Airteagal 66, mír 1, pointí (a) go (c) agus (k), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is páirtí sa Choimisiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú na dTuinníní Atlantacha (ICCAT) é an tAontas, tar éis dó Coinbhinsiún ICCAT a fhormheas de bhun Chinneadh 86/238/CEE ón gComhairle (2).

(2)

Glacann ICCAT bearta chun caomhnú fadtéarmach agus úsáid inbhuanaithe fhadtéarmach na n-acmhainní iascaigh i limistéar Choinbhinsiúin ICCAT a áirithiú agus chun na héiceachórais mhuirí ina bhfuil na hacmhainní sin a chosaint. D’fhéadfadh bearta mar sin a bheith ina gceangal ar an Aontas.

(3)

Ó rinneadh an leasú deireanach ar Rialachán (AE) 2023/2053 (3), ghlac ICCAT, ag a chruinniú bliantúil in 2025, Moladh 25-04 i ndáil le bainistiú tuinníní gorma san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir (4). Tá forálacha i Moladh ICCAT 25-04 maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar mhéid an chuóta bhliantúil tuinníní gorma nár úsáideadh, ar cuóta é is féidir a thabhairt anonn ó bhliain amháin go dtí an chéad bhliain eile, ar an séasúr peas-saighneoireachta agus ar na nósanna imeachta um fhaisnéis a chur in iúl i gcás sáruithe faoi chuimsiú na Scéime maidir le Comhchigireacht. Ba cheart na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.

(4)

Thairis sin, is gá roinnt leasuithe a dhéanamh ar Rialachán (AE) 2023/2053 chun iomlán na n-íoschaighdeán maidir le nósanna imeachta fístaifeadta in Iarscríbhinn X a thabhairt cothrom le dáta.

(5)

Ós rud é go bhfuil tionchar díreach ag na forálacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo ar phleanáil an tséasúir iascaireachta le haghaidh soithí de chuid an Aontais agus ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha gaolmhara, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm a luaithe is féidir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) 2023/2053 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2;

‘2.   Féadfaidh Ballstát a iarraidh go n-aistreofar uaschéatadán 20 % dá chuóta bliantúil ó bhliain amháin go dtí an chéad bhliain eile. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an iarraidh sin san áireamh ina phleananna bliantúla iascaireachta agus bainistíochta acmhainneachta atá le cuimsiú i bplean iascaireachta agus bainistíochta acmhainneachta an Aontais chun go bhformhuineoidh ICCAT í.’

;

(2)

Leasaítear Airteagal 17 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Ceadófar peas-saighneoireacht ar thuinníní gorma san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir ón 19 Bealtaine go dtí an 1 Iúil gach bliain.’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4a:

‘4a.   De mhaolú ar mhír 1, is ón 26 Bealtaine go dtí an 31 Lúnasa a bheidh an séasúr peas-saighneoireachta sa Mhuir Chantabrach (limistéir iascaireachta ICES 27.8.b agus 27.8.c) chun críoch feirmeoireachta.’

;

(c)

cuirtear an mhír 4b seo a leanas isteach:

‘4b.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh an Spáinn a iarraidh, ina plean iascaireachta bliantúil le haghaidh 2026, dá dtagraítear in Airteagal 11, go gceadófaí do shoithí peas-saighne, a bhfuil baint acu leis an treoirthionscadal chun feirmeoireacht a dhéanamh ar thuinníní gorma sna hOileáin Chanáracha, iascaireacht a dhéanamh ar thuinníní gorma ón 15 Márta go dtí an 30 Bealtaine i limistéar FAO 34’.’

;

(3)

in Airteagal 26, mír 1, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas i ndiaidh phointe (b) den chéad fhomhír:

‘I gcás an liosta soithí i bpointe (b), féadfaidh an tréimhse chun na liostaí soithí a chur isteach a bheith níos lú ná 1 mhí amháin i gcás inar athruithe ar an módúlacht is cúis leis an liosta sin a chur isteach.’;

(4)

Leasaítear Iarscríbhinní VIII, IX, X, XII agus XVb i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Márta 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 238, 27.9.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2053/oj.

(2)  Cinneadh 86/238/CEE ón gComhairle an 9 Meitheamh 1986 maidir le haontachas an Chomhphobail leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh, arna leasú leis an bPrótacal atá i gceangal le hIonstraim Chríochnaitheach Chomhdháil Lánchumhachtaigh na Stát is Páirtithe sa Choinbhinsiún a síníodh i bPáras an 10 Iúil 1984 (IO L 162 ,18.6.1986, lch. 33, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/1986/238/oj).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/837 ón gCoimisiún an 7 Feabhra 2025 lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/2053 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bainistiú tuinníní gorma san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir (IO L, 2025/837, 2.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/837/oj).

(4)  Moladh 25-04 ó ICCAT lena n-ionadaítear Moladh 24-05 lena mbunaítear plean bainistíochta ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir, https://iccat.int/Documents/Recs/compendiopdf-e/2025-04-e.pdf.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear na hIarscríbhinní VIII, IX, X, XII agus XVb a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2053 mar a leanas:

(1)

In Iarscríbhinn VIII, Roinn I, mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

an fhaisnéis sna dearbhuithe próiseála agus/nó saothraithe a rinne máistir an tsoithigh próiseála, nó ionadaí an mháistir, nó oibreoir an ghaiste, a fhíorú agus, i gcás inarb iomchuí, a shíniú.’

(2)

In Iarscríbhinn VIII, Roinn II, foroinn C, mír f, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (iii):

‘(iii)

sa dá chás, an t-ordú scaoilte arna eisiúint ag údarás inniúil an Bhallstáit nó an CPC lena mbaineann a fhíorú agus, i gcás inarb iomchuí, an fhaisnéis sa dearbhú scaoilte a rinne an deontóir nó an t-oibreoir feirme a shíniú;’

(3)

In Iarscríbhinn VIII, Roinn II, foroinn C, mír g, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (ii):

‘(ii)

an fhaisnéis sna dearbhuithe próiseála agus saothraithe a rinne máistir an tsoithigh próiseála, nó a ionadaí, nó an t-oibreoir feirme, a fhíorú agus, i gcás inarb iomchuí, a shíniú;’

(4)

In Iarscríbhinn IX, cuirtear an mhír seo a leanas le pointe 12:

‘Tar éis do Rúnaíocht ICCAT tuarascálacha cigireachta a fháil ina léirítear sáruithe dealraitheacha, cuirfidh sí an fhaisnéis sin ar fáil ar shuíomh gréasáin ICCAT ar bhealach slán agus beidh rochtain theoranta uirthi. Foilseofar freisin aon fhaisnéis ina dhiaidh sin maidir le gníomhaíochtaí leantacha a dhéanfaidh an CPC brataí de réir mar a bheidh sí ar fáil don Rúnaíocht. Cuirfear an fhaisnéis i láthair i gcomhréir leis an tábla san Fhoscríbhinn a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.’

(5)

In Iarscríbhinn IX, cuirtear isteach an fhoscríbhinn seo a leanas:

Iarscríbhinn

Faisnéis atá le soláthar maidir leis na gníomhaíochtaí a rinneadh mar fhreagairt ar thorthaí na gcigireachtaí arna ndéanamh faoin Scéim maidir le Comhchigireacht Idirnáisiúnta

Uimhir na tuarascála cigireachta

Páirtí cigireachta CPC

Soitheach iascaireachta CPC

Dáta na cigireachta

An cineál soithigh/trealaimh iascaireachta

Torthaí na cigireachta (1)

Sárú deimhnithe ag CPC brataí: Deimhnithe/Neamhdheimhnithe

An obair leantach ar staid na himeartha (2)

Bearta a rinneadh (3)

Nótaí (4)

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

(1)  Tuairisc ar na torthaí agus léiriú ar na forálacha dlí lena mbaineann.

(2)  Faoi imscrúdú, faoi achomharc, dúnta, etc.

(3)  Bearta breithiúnacha nó riaracháin a rinneadh, amhail an soitheach a athródú, gabhálacha nó trealamh iascaireachta a urghabháil, údarú a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, fíneálacha, etc.

(4)  Saorthéacs ina bhfuil aon mhionsonraí is mian leis an CPC brataí a sholáthar. I gcás nach ndearnadh aon ghníomhaíocht, míniú mionsonraithe ar na cúiseanna nach ndearnadh aon ghníomhaíocht.

(6)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn X:

IARSCRÍBHINN X

ÍOSCHAIGHDEÁIN MAIDIR LE NÓSANNA IMEACHTA FÍSTAIFEADTA IS INFHEIDHME MAIDIR LE hOIBRÍOCHTAÍ AISTRITHE, OIBRÍOCHTAÍ CUR I gCAIGHEAN AGUS OIBRÍOCHTAÍ SCAOILTE

1.   

Beidh feidhm ag na nósanna imeachta seo a leanas maidir leis na fístaifeadtaí uile d’oibríochtaí aistrithe, oibríochtaí cur i gcaighean agus oibríochtaí scaoilte dá dtagraítear sa Rialachán seo:

(a)

Ag tús nó ag deireadh gach físeáin, taispeánfar uimhir údaraithe aistrithe nó cur i gcaighean ICCAT nó ordú scaoilte ICCAT, sin agus an uimhir ar na caighin (mar a léirítear sa dearbhú aistrithe);

(b)

Beidh am agus dáta an fhíseáin ar thaispeáint leanúnach feadh gach fístaifeadta;

(c)

Beidh an fístaifeadadh leanúnach gan aon stopadh ná gearradh agus cumhdóidh sé an oibríocht aistrithe, an oibríocht cur i gcaighean nó an oibríocht scaoilte ar fad;

(d)

Roimh thús na hoibríochta aistrithe, na hoibríochta cur i gcaighean nó na hoibríochta scaoilte, beidh oscailt agus dúnadh an lín nó an dorais le feiceáil ar an bhfístaifeadadh, agus, i gcás oibríochtaí aistrithe agus cur i gcaighean, léireofar ann an bhfuil tuinníní gorma sna caighin ghlactha agus deontóra cheana féin;

(e)

Beidh an fístaifeadadh ar cháilíocht leormhaith chun an líon tuinníní gorma agus, i gcás inarb iomchuí, an meáchan tuinníní gorma sin a bheidh á n-aistriú, á gcur i gcaighean nó á scaoileadh a chinneadh;

(f)

Coimeádfar cóip den fhístaifeadadh ar bord an tsoithigh deontóra nó, i gcás inarb iomchuí, coimeádfaidh an t-oibreoir feirme nó oibreoir an ghaiste é feadh na tréimhse iomláine a mbeidh údarú acu oibriú;

(g)

An gléas ríomhstórála ar a bhfuil an fístaifeadadh bunaidh, déanfar é a sholáthar láithreach do bhreathnóir réigiúnach agus/nó náisiúnta ICCAT tar éis dheireadh na hoibríochta aistrithe, na hoibríochta cur i gcaighean agus/nó na hoibríochta scaoilte. Déanfaidh breathnóir réigiúnach agus/nó breathnóir náisiúnta ICCAT é a thúsú láithreach chun aon ionramháil ina dhiaidh sin a sheachaint.

2.   

Bunóidh gach Ballstát brataí, gach Ballstát gaiste agus gach Ballstát feirme lena mbaineann na bearta is gá chun aon athsholáthar, eagarthóireacht nó ionramháil ar na fístaifeadtaí bunaidh a sheachaint.

Cáilíocht neamhleor an fhístaifeadta

3.

Mura bhfuil cáilíocht an fhístaifeadta sách ard chun líon agus, i gcás inarb iomchuí, an meáchan tuinníní gorma atá á n-aistriú, á gcur i gcaighean nó á scaoileadh a chinneadh, déanfar an oibríocht arís go dtí go mbeidh cáilíocht an fhíseáin leormhaith, agus na nósanna imeachta thíos á leanúint:

(a)

i gcás aistrithe, déanfar an oibríocht aistrithe lena mbaineann arís i gcomhréir le hAirteagal 43a (aistrithe deonacha agus rialaithe).

I gcás na n-aistrithe sin inar de thionscnamh gaiste na héisc, d’fhéadfaí na tuinníní gorma a aistríodh cheana ón ngaiste chuig an gcaighean glactha a chur ar ais chuig an ngaiste agus an t-aistriú deonach a chur ar ceal faoi mhaoirseacht bhreathnóir réigiúnach ICCAT;

(b)

i gcás oibríocht cur i gcaighean, déanfar an oibríocht cur i gcaighean lena mbaineann arís i gcomhréir le pointí 2 agus 3 d’Airteagal 49.

Le linn na hoibríochta nua cur i gcaighean, ní mór na tuinníní gorma uile a aistriú ó chaighean na feirme glactha chuig caighean feirme eile agus ní mór an dara caighean a bheith folamh;

(c)

i gcás scaoilte, déanfar leithscaradh na n-iasc atá le scaoileadh arís i gcomhréir leis an bPrótacal scaoilte atá leagtha amach in Iarscríbhinn XII.

(7)

In Iarscríbhinn XII, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

‘7.

Fíoróidh breathnóir réigiúnach ICCAT an fhaisnéis sa dearbhú scaoilte agus, i gcás inarb iomchuí, síneoidh sé é. Cuirfidh an t-oibreoir deontóra nó an t-oibreoir feirme an dearbhú scaoilte faoi bhráid a údarás laistigh de 48 n-uair an chloig ón tráth a dhéanfar an oibríocht scaoilte lena tharchur chuig Rúnaíocht ICCAT.;’

(8)

In Iarscríbhinn XVb, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tábla:

Teimpléad le haghaidh dearbhú próiseála agus dearbhú saothraithe

Próiseáil/Saothrú (déan ceann amháin a chiorclú)

Dáta an tsaothraithe(l/m/b): / /

Feirm/Gaiste (déan ceann amháin a chiorclú)

Uimhir/Uimhreacha an chaighin/na gcaighean:

An líon iasc aonair a shaothraítear:

Beomheáchan ina chileagraim de thuinníní gorma a shaothraítear:

Meáchan próiseáilte ina chileagraim de thuinníní gorma a shaothraítear:

uimhir/uimhreacha r-DGTG a bhaineann le tuinníní gorma a shaothraítear:

Mionsonraí na soithí cúnta a bhfuil baint acu leis an oibríocht:

Ainm:

Bratach:

Cláruimhir ICCAT:

Ceann scríbe tuinníní saothraithe (onnmhairiú, margadh áitiúil, nó eile) (déan an ceann scríbe a chiorclú)

I gcás eile, sonraigh, le do thoil, an méid seo a leanas:

Fíorú agus, i gcás inarb iomchuí, síniú bhreathnóir réigiúnach ICCAT nó bhreathnóir CPC ICCAT, de réir mar is iomchuí:

Ainm an bhreathnóra:

Uimh. ICCAT:

Síniú:’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/497/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top