This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026R0362
Commission Implementing Regulation (EU) 2026/362 of 17 February 2026 making imports of benzyl alcohol originating in the People’s Republic of China subject to registration with a view to allowing the levy of anti-dumping duties on the imports subject to registration
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/362 ón gCoimisiún an 17 Feabhra 2026 lena gcuirtear allmhairí alcól beinsile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne faoi réir a gcláraithe chun tobhach dleachtanna frithdhumpála a cheadú ar na hallmhairí atá faoi réir a gcláraithe
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/362 ón gCoimisiún an 17 Feabhra 2026 lena gcuirtear allmhairí alcól beinsile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne faoi réir a gcláraithe chun tobhach dleachtanna frithdhumpála a cheadú ar na hallmhairí atá faoi réir a gcláraithe
C/2026/1001
IO L, 2026/362, 18.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/362/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/362 |
18.2.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/362 ÓN gCOIMISIÚN
an 17 Feabhra 2026
lena gcuirtear allmhairí alcól beinsile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne faoi réir a gcláraithe chun tobhach dleachtanna frithdhumpála a cheadú ar na hallmhairí atá faoi réir a gcláraithe
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (‘an bun-Rialachán’), agus go háirithe Airteagal 14(5) de,
Tar éis na Ballstáit a chur ar an eolas,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 19 Nollaig 2025, d’fhógair an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’), trí fhógra a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2), gur tionscnaíodh imeacht frithdhumpála maidir le hallmhairí alcól beinsile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne isteach san Aontas. |
|
(2) |
Tionscnaíodh an imeacht seo tar éis do LANXESS Deutschland GmbH LANXESS Chemical B.V. Vynova Advanced Organics Maastricht B.V. gearán a chur isteach an 10 Samhain 2025 a bhfuil níos mó ná 25 % de tháirgeacht iomlán alcóil beinsile an Aontais acu go comhpháirteach. |
1. AN TÁIRGE ATÁ FAOI RÉIR A CHLÁRAITHE
|
(3) |
Is é an táirge atá faoi réir an chláruithe seo (‘an táirge lena mbaineann’) alcól beinsile (ar a dtugtar feinilmeatánól, beinséinmeatánól, feiniolcarbanól agus hiodrocsatolúéin freisin), alcól aramatach, a thagann de ghnáth faoi uimhir Sheirbhís na gCoimrithe Ceimiceacha (CAS) 100-51-6 agus faoi Uimhir an Aontais Chustaim agus Staidrimh (CUS) 0011660-9 agus ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne é. |
|
(4) |
Aicmítear an táirge lena mbaineann faoi láthair faoi chód AC 2906 21 00 . Is ar mhaithe le faisnéis amháin a thugtar an cód AC agus gan dochar d’aon athrú a dhéanfaí ar an aicmiú taraife ina dhiaidh sin. |
2. CLÁRÚ
|
(5) |
Faoi Airteagal 14(5) Rialachán (AE) 2016/1036 den bhun-Rialachán, féadfar allmhairí an táirge lena mbaineann a chur faoi réir a gcláraithe. |
|
(6) |
Is é is cuspóir don chlárú a áirithiú gur féidir dleachtanna frithdhumpála, más ann dóibh, a thobhach go cúlghabhálach ar na hallmhairí atá faoi réir a gcláraithe i gcomhréir leis na forálacha dlí is infheidhme má chomhlíontar na coinníollacha is gá. |
|
(7) |
Chinn an Coimisiún, ar a thionscnamh féin, allmhairí an táirge lena mbaineann a chur faoi réir a gcláraithe faoi Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán. Na coinníollacha le haghaidh bhailiú cúlghabhálach na ndleachtanna, más ann dóibh, déanfar measúnú orthu sa rialachán lena bhforchuirfear dleachtanna cinntitheacha. |
|
(8) |
Aon dliteanas a bheadh ann amach anseo, is as torthaí an imscrúdaithe frithdhumpála a thiocfadh sé. |
|
(9) |
De réir na ríomhanna arna soláthar sa ghearán inar iarradh imscrúdú frithdhumpála a thionscnamh, meastar corrlach dumpála 79 % agus leibhéal díothaithe díobhála idir 25 % agus 55 % a bheith ann le haghaidh an táirge lena mbaineann sa tréimhse ón 1 Iúil 2024 go dtí an 30 Meitheamh 2025. De ghnáth, dhéanfaí méid an dliteanais a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a shocrú ar an leibhéal is ísle idir leibhéal na dumpála agus leibhéal na díobhála, de réir Airteagal 9(4) den bhun-Rialachán. |
|
(10) |
Má thagann an Coimisiún ar fhianaise le linn an imscrúdaithe gur ann do shaobhadh ar amhábhair de bhun Airteagal 7(2a) den bhun-Rialachán, dhéanfaí an méid dliteanais a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a shocrú ar leibhéal an chorrlaigh dumpála mar a fhoráiltear in Airteagal 7(2b) den bhun-Rialachán má chinntear nár leor dleacht faoi bhun an chorrlaigh dumpála chun deireadh a chur leis an díobháil a bhain do thionscal an Aontais. |
|
(11) |
Mar sin féin, ag an gcéim seo ní féidir leis an gCoimisiún an méid dliteanais a d’fhéadfaí a bheith ann amach anseo a mheas. Dá bhrí sin, is ar mhaithe le faisnéis amháin atá na méideanna a luaitear sa ghearán agus ní féidir aon choinne a bheith leis an leibhéal iarbhír dliteanais a shuífear mar thoradh ar an imscrúdú a bheith bunaithe orthu. |
3. PRÓISEÁIL SONRAÍ PEARSANTA
|
(12) |
Aon sonraí pearsanta a bhaileofar i gcomhthéacs an chlárúcháin seo, déanfar iad a láimhseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Ordaítear leis seo do na húdaráis chustaim, faoi Airteagal 14(5) de Rialachán (AE) 2016/1036, na céimeanna iomchuí a ghlacadh chun allmhairí alcól beinsile isteach san Aontas a chlárú, (ar a dtugtar feinilmeatánól, beinséinmeatánól, feiniolcarbanól agus hiodrocsatolúéin freisin), alcól aramatach, a thagann de ghnáth faoi uimhir Sheirbhís na gCoimrithe Ceimiceacha (CAS) 100-51-6 agus faoi Uimhir an Aontais Chustaim agus Staidrimh (CUS) 0011660-9, agus a aicmítear faoi chóid AC 2906 21 00 faoi láthair agus ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne é.
2. Rachaidh an clárúchán in éag 9 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Feabhra 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 30.6.2016, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1036/oj.
(2) IO C, C/2025/6741, 19.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6741/oj.
(3) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/362/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)